This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02023R2122-20231018
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2122 of 17 October 2023 amending Implementing Regulation (EU) 2018/2066 as regards updating the monitoring and reporting of greenhouse gas emissions pursuant to Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2122 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2122 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2122/2023-10-18
02023R2122 — GA — 18.10.2023 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2122 ÓN gCOIMISIÚN an ►C1 17 Deireadh Fómhair 2023 ◄ lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 18.10.2023, lch. 1) |
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L , 19.10.2023, lch. 1 ((AE) 2023/21222023/2122) |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2122 ÓN gCOIMISIÚN
an ►C1 17 Deireadh Fómhair 2023 ◄
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachán agus an tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt cothrom le dáta de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 mar a leanas:
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:
‘Airteagal 2
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a shonraítear i ndáil leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, le sonraí gníomhaíochta ó shuiteálacha do-aistrithe, le gníomhaíochtaí eitlíochta agus leis na méideanna breosla arna scaoileadh ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.
Beidh feidhm aige maidir le hastaíochtaí, sonraí gníomhaíochta agus na méideanna breosla arna scaoileadh a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2021.’;
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
scriostar pointe (3);
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):
ciallaíonn ‘fachtóirí ríomha’ glanluach calrach, fachtóir astaíochta, fachtóir astaíochta tosaigh, fachtóir ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin, codán bithmhaise nó fachtóir coinbhéartúcháin aonaid;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):
ciallaíonn ‘leibhéal’ ceanglas socraithe a úsáidtear chun sonraí gníomhaíochta, fachtóirí ríomha, astaíocht bhliantúil agus meánastaíocht bhliantúil in aghaidh na huaire, an méid breosla arna scaoileadh agus fachtóir raoin a chinneadh;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):
ciallaíonn ‘riosca bunúsach’ soghabháltacht paraiméadair sa tuarascáil astaíochtaí bhliantúil i leith míráiteas a d’fhéadfadh a bheith ina míráitis ábhartha, go haonarach nó nuair a chomhiomlánaítear le míráitis eile iad, sula gcuirfear éifeacht aon ghníomhaíochta rialaithe gaolmhaire san áireamh;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:
ciallaíonn ‘riosca rialaithe’ soghabháltacht paraiméadair sa tuarascáil astaíochtaí bhliantúil i leith míráitis a d’fhéadfadh a bheith ina míráitis ábhartha, go haonarach nó nuair a chomhiomlánaítear le míráitis eile iad, agus nach mbíonn á gcosc nó á mbrath agus á gceartú ar bhonn tráthúil leis an gcóras rialaithe;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):
ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ bliain féilire nach mór faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí lena linn;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13):
ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ meánráta astaíochta gás ceaptha teasa i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse nó sreabhadh breosla lena dtoimhdítear ocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na n-imoibriúchán ceimiceach eile uile;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):
ciallaíonn ‘coimeádach’ go sainítear tacar toimhdí chun a áirithiú nach dtarlaíonn aon ghannmheastachán ar astaíochtaí bliantúla;’;
cuirtear an pointe (21ca) seo a leanas isteach:
ciallaíonn ‘dramhaíl chathrach’ dramhaíl chathrach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2b), de Threoir 2008/98/CE;’;
cuirtear an pointe (23a) seo a leanas isteach:
ciallaíonn ‘breosla eitlíochta incháilithe’ cineálacha breosla atá incháilithe don tacaíocht faoi Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE;’;
cuirtear an pointe (34a) seo a leanas isteach:
ciallaíonn ‘breosla eitlíochta measctha’ breosla ina bhfuil idir bhreosla eitlíochta incháilithe agus bhreosla iontaise;’;
cuirtear an pointe (38a) seo a leanas isteach:
ciallaíonn ‘codán incháilithe’ cóimheas an bhreosla eitlíochta incháilithe atá cumaiscthe sa bhreosla iontaise;’;
scriostar pointe (48);
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (59):
ciallaíonn ‘seachshonraí’ luachanna bliantúla atá cuí-réasúnaithe go heimpíreach nó a dhíorthaítear ó fhoinsí a nglactar leo agus a úsáideann oibreoir nó eintiteas rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2003/87/CE chun na sonraí gníomhaíochta, na méideanna breosla arna scaoileadh nó na fachtóirí ríomha a ionadú chun tuairisciú iomlán a áirithiú nuair nach indéanta na sonraí gníomhaíochta, na méideanna breosla arna scaoileadh nó na fachtóirí ríomha uile a cheanglaítear a ghiniúint sa mhodheolaíocht faireacháin is infheidhme;’;
cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
‘ciallaíonn ‘sreabh breosla’ breosla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (af), de Threoir 2003/87/CE, arna scaoileadh chun ídithe trí mheáin fhisiceacha shonracha, amhail píblínte, trucailí, iarnróid, longa nó stáisiúin breosla, agus as a n-eascraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa ábhartha de thoradh thomhailt an bhreosla sin ag catagóirí tomhaltóirí in earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE;
ciallaíonn ‘sreabh breosla náisiúnta’ comhiomlánú, in aghaidh an chineáil bhreosla, sreabha breosla na n-eintiteas rialáilte uile i gcríoch Bhallstáit;
ciallaíonn ‘fachtóir raoin’ an fachtóir idir nialas agus aon a úsáidtear chun an cion de shreabh breosla a chinneadh arb é an cion sin a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE;
ciallaíonn ‘méid breosla arna scaoileadh’ sonraí ar an méid breosla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (af), de Threoir 2003/87/CE arna scaoileadh chun ídithe agus a shloinntear mar fhuinneamh i dteirigiúil, mais i dtonaí nó toirt i ngnáthmhéadair chiúbacha nó an choibhéis i lítir, i gcás inarb iomchuí, sula gcuirfear fachtóir raoin i bhfeidhm;
ciallaíonn ‘fachtóir coinbhéartúcháin an aonaid’ fachtóir lena ndéantar an t-aonad, ina shloinntear méideanna breosla arna scaoileadh, a choinbhéartú ina méideanna a shloinntear mar fhuinneamh i dteirigiúil, mais i dtonaí nó toirt i ngnáthmhéadair chiúbacha nó an choibhéis i lítir, i gcás inarb iomchuí, lena gcuimsítear na fachtóirí ábhartha uile amhail an dlús, an glanluach calrach nó (le haghaidh gás) an coinbhéartú ó oll-luach calrach go glanluach calrach, de réir mar is infheidhme;
ciallaíonn ‘tomhaltóir deiridh’ chun críoch an Rialacháin seo aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach arb é úsáideoir deiridh an bhreosla é mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (af) de Threoir 2003/87/CE, nach mó a ídiú breosla bliantúil ná 1 tona amháin de CO2;
ciallaíonn ‘arna scaoileadh chun ídithe’ chun críoch an Rialacháin seo an uair a thagann an dleacht mháil ar bhreosla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (af) de Threoir 2003/87/CE, chun bheith inmhuirir i gcomhréir le hAirteagail 6(2) agus (3) de Threoir (AE) 2020/262 ( *1 ) ón gComhairle nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle ( *2 ), ach amháin i gcás ina mbeidh an tsolúbthacht dá ndéantar foráil faoi Airteagal 3 (ae), pointe (iv), de Threoir 2003/87/CE úsáidte ag an mBallstát, agus sa chás sin, ciallaíonn sé an uair arna hainmniú ag an mBallstát mar uair a chruthaítear oibleagáidí faoi Chaibidil IVa den Treoir sin.
in Airteagal 15(4), scriostar pointe (b);
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
Measfaidh an t-údarás inniúil costais a bheith míréasúnta i gcás inar mó an meastachán costais ná an tairbhe. Chuige sin, ríomhfar an tairbhe trí fhachtóir feabhsaithe a iolrú faoi phraghas tagartha EUR 80 in aghaidh an lamháltais agus áireofar le costais tréimhse dímheasa iomchuí bunaithe ar shaolré eacnamaíoch an trealaimh.’
;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
;
Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
cuirtear an mhír 2 a seo a leanas isteach:
Chun críoch na míre seo, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo maidir le codán bithgháis an gháis nádúrtha a úsáidtear mar ionchur.’
;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
Féadfaidh an t-oibreoir a chinneadh gur bithghás é cainníocht áirithe de ghás nádúrtha ón eangach gháis tríd an modheolaíocht a leagtar amach i mír 4 a úsáid.’
;
In Airteagal 43(4), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘I gcás ina mbeidh i gceist leis an modh a mholann an t-oibreoir sampláil a dhéanamh go leanúnach ó shreabh an gháis múcháin agus ina n-ídeoidh an tsuiteáil gás nádúrtha ón eangach, asbhainfidh an t-oibreoir CO2 a eascraíonn as aon bhithghás atá sa ghás nádúrtha, de na hastaíochtaí CO2 tomhaiste iomlána. Cinnfear codán bithmhaise an gháis nádúrtha i gcomhréir le hAirteagail 32 go 35.’;
Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
i mír 2, an chéad fhomhír, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:
‘Chun codán bithmhaise CO2 fréimhíochta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 39, áiritheoidh oibreoir na suiteála aistrithe nach ndéanfar gannmheastachán go córasach leis an modheolaíocht faireacháin roghnaithe ar astaíochtaí iomlána na suiteála aistrithe.’;
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
;
i gCaibidil IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘FAIREACHÁN AR ASTAÍOCHTAÍ ÓN EITLÍOCHT’;
in Airteagal 51, scriostar mír 2;
in Airteagal 52, scriostar mír 2;
Leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Chun tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ( *3 ) ón gCoimisiún, cinnfidh agus tuairisceoidh an t-oibreoir aerárthaí mar ítim meabhráin na hastaíochtaí CO2 a eascraíonn as ídiú bliantúil gach breosla a iolrú faoin bhfachtóir astaíochta tosaigh.
i mír 6, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre:
‘Úsáidfidh na hoibreoirí aerárthaí na fachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe a leagtar amach i dTábla 1 in Iarscríbhinn III mar an fachtóir astaíochta tosaigh.’;
Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
;
i mír 2, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:
‘Ina theannta sin, soláthróidh an t-oibreoir aerárthaí fianaise chun sástacht an údaráis inniúil go sanntar an bithbhreosla don eitilt láithreach tar éis breosla a chur ar bord na heitilte sin.
I gcás ina ndéanfar roinnt eitiltí dá éis sin gan breosla a chur ar bord idir na heitiltí sin, déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí an méid bithbhreosla a dheighilt agus é a shannadh do na heitiltí sin go comhréireach leis na hastaíochtaí ó na heitiltí sin arna ríomh agus an fachtóir astaíochta tosaigh á úsáid.’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
I gcás nach féidir bithbhreosla a shannadh go fisiceach ag aeradróm d’eitilt shonrach, déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí na bithbhreoslaí a shannadh do na heitiltí dá chuid, nach mór lamháltais a thabhairt suas lena n-aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE, go comhréireach leis na hastaíochtaí ó na heitiltí sin a imíonn as an aeradróm sin arna ríomh agus an fachtóir astaíochta tosaigh á úsáid.
Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí an codán bithmhaise a chinneadh trí úsáid a bhaint as taifid cheannacháin bhithbhreosla lena mbaineann cion fuinnimh coibhéiseach, ar choinníoll go soláthraíonn an t-oibreoir aerárthaí fianaise chun sástacht an údaráis inniúil gur seachadadh an bithbhreosla chuig córas breoslaithe an aeradróim imeachta sa tréimhse tuairiscithe, nó 3 mhí roimh thús na tréimhse tuairiscithe sin, nó 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin.’
;
cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:
Chun críoch mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, soláthróidh an t-oibreoir aerárthaí fianaise chun sástacht an údaráis inniúil gurb amhlaidh an méid seo a leanas:
nach mó an méid bithbhreosla iomlán a mhaítear ná úsáid breosla iomláin an oibreora aerárthaí sin le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas lena n-aghaidh de réir Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE, de thionscnamh an aeradróim arb ann a sholáthraítear an bithbhreosla;
nach mó an méid bithbhreosla le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas lena n-aghaidh de réir Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE, ná cainníocht iomlán an bhithbhreosla arna ceannach, ar di sin a n-asbhaintear an chainníocht bhithbhreosla iomlán arna díol le tríú páirtithe;
nach mó codán bithmhaise an bhithbhreosla a shanntar d’eitiltí arna gcomhiomlánú in aghaidh an aeradróim ná an uasteorainn chumaiscthe le haghaidh an bhithbhreosla sin mar a dheimhnítear de réir caighdeán idirnáisiúnta aitheanta;
nach ndéantar aon chomhaireamh dúbailte ar an gcainníocht bhithbhreosla chéanna, go háirithe nach maítear gur úsáideadh an bithbhreosla arna cheannach i dtuarascáil níos luaithe é ná nár úsáid aon duine eile é, nó in aon chóras eile.
Chun críoch phointí (a) go (c) den chéad fhomhír, aon bhreosla a bheidh fágtha in umair tar éis eitilte agus sula gcuirfear breosla ar bord, measfar gur breosla iontaise 100 % atá ann.
Chun a léiriú go gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí úsáid a bhaint as na sonraí a thaifeadtar i mbunachar sonraí an Aontais a cuireadh ar bun i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir (AE) 2018/2001.’
;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
Chun críoch na míre seo, beidh feidhm ag Airteagal 38(5) maidir le dóchán bithbhreosla a dhéanann oibreoirí aerárthaí.
Déanfar fachtóir astaíochta gach breosla measctha a ríomh agus a thuairisciú mar an fachtóir astaíochta tosaigh arna iolrú faoi chodán iontaise an bhreosla.’
;
cuirtear an tAirteagal 54a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 54a
Forálacha sonracha maidir le breoslaí eitlíochta incháilithe
Ina theannta sin, soláthróidh an t-oibreoir aerárthaí fianaise chun sástacht an údaráis inniúil go sanntar an breosla eitlíochta incháilithe don eitilt láithreach tar éis breosla a chur ar bord na heitilte sin.
I gcás ina ndéanfar roinnt eitiltí dá éis sin gan breosla a chur ar bord idir na heitiltí sin, déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí an méid bithbhreosla eitlíochta incháilithe a dheighilt agus é a shannadh do na heitiltí sin go comhréireach leis na hastaíochtaí ó na heitiltí sin arna ríomh agus an fachtóir astaíochta tosaigh á úsáid.
Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí an codán incháilithe a chinneadh trí úsáid a bhaint as taifid cheannacháin an bhreosla eitlíochta incháilithe den chion fuinnimh coibhéiseach, ar choinníoll go soláthraíonn an t-oibreoir aerárthaí fianaise chun sástacht an údaráis inniúil gur seachadadh an breosla eitlíochta incháilithe chuig córas breoslaithe an aeradróim imeachta sa tréimhse tuairiscithe nó 3 mhí roimh thús na tréimhse tuairiscithe sin, nó 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin.
Chun críoch mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, soláthróidh an t-oibreoir aerárthaí fianaise chun sástacht an údaráis inniúil gurb amhlaidh an méid seo a leanas:
nach mó an méid breosla eitlíochta incháilithe iomlán a mhaítear ná úsáid bhreosla iomlán an oibreora aerárthaí sin le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas lena n-aghaidh de réir Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE, de thionscnamh an aeradróim arb ann a sholáthraítear an breosla eitlíochta incháilithe;
nach mó an méid breosla eitlíochta incháilithe le haghaidh eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas lena n-aghaidh de réir Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE, ná cainníocht iomlán an bhreosla eitlíochta incháilithe arna ceannach, ar di sin a n-asbhaintear an chainníocht bhreosla eitlíochta incháilithe iomlán arna díol le tríú páirtithe;
nach mó codán incháilithe an bhreosla eitlíochta incháilithe a shanntar d’eitiltí arna gcomhiomlánú in aghaidh an phéire aeradróm ná an uasteorainn chumaiscthe le haghaidh an bhreosla eitlíochta incháilithe sin mar a dheimhnítear de réir caighdeán idirnáisiúnta aitheanta, má tá feidhm ag teorainn den sórt sin;
nach ndéantar aon chomhaireamh dúbailte ar an gcainníocht bhreosla eitlíochta incháilithe chéanna, go háirithe nach maítear gur úsáideadh an breosla eitlíochta incháilithe arna cheannach i dtuarascáil níos luaithe é ná ag aon duine eile, ná i gcóras eile.
Chun críoch phointí (a) go (c) den chéad fhomhír, aon bhreosla a bheidh fágtha in umair tar éis eitilte agus sula gcuirfear breosla ar bord, measfar gur breosla iontaise 100 % atá ann.
Chun a léiriú go gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo agus i gcás inarb infheidhme, féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí úsáid a bhaint as na sonraí a thaifeadtar i mbunachar sonraí an Aontais a cuireadh ar bun i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir (AE) 2018/2001.
in Airteagal 55(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
;
Scriostar Airteagal 57;
Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
i mír 1, scriostar an dara fomhír;
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):
gach céim sa sreabhadh sonraí ó shonraí príomhúla chuig astaíochtaí bliantúla a léireoidh an seicheamh agus an idirghníomhaíocht idir gníomhaíochtaí an tsreafa sonraí, lena n-áirítear foirmlí ábhartha agus céimeanna comhiomlánaithe ábhartha sonraí a chuirtear i bhfeidhm;
na céimeanna próiseála ábhartha a bhaineann le gach gníomhaíocht shonrach sa sreabhadh sonraí, lena n-áirítear na foirmlí agus na sonraí a úsáidtear chun na hastaíochtaí a chinneadh;’;
Leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
;
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
;
in Airteagal 64(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear aon sonraí dá ndéantar difear a cheartú sa tuarascáil astaíochta de réir mar is iomchuí.’;
Leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:
i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Fágfaidh na sonraí faireacháin doiciméadaithe agus cartlannaithe go mbeifear in ann na tuarascálacha astaíochtaí bliantúla a fhíorú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Sonraí a thuairiscíonn an t-oibreoir nó an t-oibreoir aerárthaí agus atá i gcóras tuairiscithe agus bainistithe sonraí leictreonach arna bhunú ag an údarás inniúil, féadfar a mheas go mbeidh na sonraí sin á gcoinneáil ag an oibreoir nó ag an oibreoir aerárthaí, más féidir leo rochtain a fháil ar na sonraí sin.’;
i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Déanfaidh an t-oibreoir nó an t-oibreoir aerárthaí, arna iarraidh sin, na doiciméid sin a chur ar fáil don údarás inniúil agus don fhíoraitheoir a bheidh ag fíorú na tuarascála astaíochtaí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.’;
Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
scriostar mír 2;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
;
cuirtear an mhír seo a leanas leis:
I gcás ina mbeidh na hastaíochtaí fíoraithe ceartaithe ag an Údarás Inniúil tar éis an 30 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin gceartúchán sin don Choimisiún gan moill mhíchuí.’
;
in Airteagal 69(1), leasaítear pointí (a) go (c) mar a leanas:
i gcás suiteáil i gcatagóir A, faoin 30 Meitheamh gach 5 bliana;
i gcás suiteáil i gcatagóir B, faoin 30 Meitheamh gach 3 bliana;
i gcás suiteáil i gcatagóir C, faoin 30 Meitheamh gach 2 bhliain.’;
Leasaítear Airteagal 72 mar a leanas:
i mír 1, scriostar an dara fomhír;
scriostar mír 3;
in Airteagal 74(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
cuirtear na Caibidlí VIIa agus VIIb isteach:
‘CAIBIDIL VIIa
FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR ASTAÍOCHTAÍ Ó EINTITIS RIALÁILTE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 75a
Prionsabail ghinearálta
Beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus 10 den Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. Chun na críche sin:
tuigfear aon tagairt d’oibreoir agus d’oibreoir aerárthaí mar thagairt don eintiteas rialáilte;
ní bheidh aon tagairt d’astaíochtaí próisis infheidhme;
tuigfear aon tagairt shreabha bunaidh mar thagairt do shreabha breosla;
ní bheidh aon tagairt d’fhoinse astaíochtaí infheidhme;
tuigfear aon tagairt do ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE mar thagairt do ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III den Treoir sin;
tuigfear aon tagairt d’Airteagal 24 de Threoir 2003/87/CE mar thagairt d’Airteagal 30j den Treoir sin atá ann;
tuigfear aon tagairt do shonraí gníomhaíochta mar thagairt do na méideanna breosla scaoilte arna scaoileadh;
tuigfear aon tagairt d’fhachtóirí ríomha mar thagairt d’fhachtóirí ríomha agus d’fhachtóir raon feidhme.
Airteagal 75b
Pleananna faireacháin
Beidh feidhm ag Airteagal 11, Airteagal 12(2), Airteagail 13 agus 14, Airteagal 15(1) agus (2), agus Airteagal 16. Chun na críche sin:
aon tagairt d’oibreoir nó d’oibreoir aerárthaí, tuigfear iad mar thagairt don eintiteas rialáilte atá ann;
aon tagairt do ghníomhaíocht eitlíochta, tuigfear é mar thagairt do ghníomhaíocht an eintitis rialáilte atá ann.
Is éard a bheidh sa phlean faireacháin doiciméadacht mhionsonrach, iomlán agus thrédhearcach ar mhodheolaíocht faireacháin eintitis rialáilte shonraigh agus beidh na heilimintí a leagtar síos in Iarscríbhinn I ar a laghad ann.
In éineacht leis an bplean faireacháin, tíolacfaidh an t-eintiteas rialáilte na torthaí ó mheasúnú riosca lena soláthrófar fianaise go bhfuil na gníomhaíochtaí rialaithe agus na nósanna imeachta a bheartaítear le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe ar cóimhéid leis na rioscaí agus leis na rioscaí rialaithe bunúsacha a shainaithnítear.
I gcomhréir le hAirteagal 15, ar mhodhnuithe nach beag ar phlean faireacháin eintitis rialáilte, áirítear:
athruithe ar chatagóir an eintitis rialáilte i gcás inar gá de thoradh na n-athruithe sin athrú a dhéanamh ar an modheolaíocht faireacháin nó i gcás ina n-eascróidh athrú astu ar an leibhéal ábharthachta is infheidhme de bhun Airteagal 23 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/2067;
d’ainneoin Airteagal 75n, athruithe maidir le cé acu a mheastar nó nach meastar gur ‘eintiteas rialáilte ag a bhfuil astaíochtaí ísle’ é an t-eintiteas rialáilte;
athrú ar an leibhéal a chuirtear i bhfeidhm;
sreabha breosla nua a thabhairt isteach;
athrú i gcatagóiriú na sreabh breosla – idir sreabha breosla móra nó de-minimis i gcás ina bhfágann an t-athrú sin gur gá athrú a dhéanamh ar an modheolaíocht faireacháin;
athrú ar an luach réamhshocraithe le haghaidh fachtóir ríomha, i gcás ina mbeidh an luach le leagan síos sa phlean faireacháin;
athrú ar an luach réamhshocraithe le haghaidh an fhachtóra raoin;
modhanna nua a thabhairt isteach nó athruithe ar mhodhanna atá ann faoi láthair agus a bhaineann leis an tsampláil, anailís nó calabrú, i gcás ina mbeidh tionchar díreach aige sin ar chruinneas na sonraí astaíochtaí.
Airteagal 75c
Indéantacht theicniúil
I gcás ina maífidh eintiteas rialáilte nach bhfuil modheolaíocht faireacháin shonrach indéanta go teicniúil, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an indéantacht theicniúil, agus réasúnú an eintitis rialáilte á chur san áireamh. Beidh an réasúnú sin bunaithe ar acmhainní teicniúla a bheith ag an eintiteas rialáilte lena mbeifear in ann riachtanais chórais nó cheanglais atá beartaithe a chomhlíonadh, ar córas nó ceanglas é is féidir a chur chun feidhme sa tréimhse a cheanglaítear chun críocha an Rialacháin seo. Áireofar ar na hacmhainní teicniúla sin na teicnící agus an teicneolaíocht is gá a bheith ar fáil.
Chun an faireachán agus an tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí stairiúla le haghaidh na bliana 2024 i gcomhréir le hAirteagal 30f (4) de Threoir 2003/87/CE, féadfaidh na Ballstáit eintitis rialáilte a dhíolmhú ó réasúnú a thabhairt le maíomh nach bhfuil modheolaíocht faireacháin shonrach indéanta go teicniúil.
Airteagal 75d
Costais mhíréasúnta
Measfaidh an t-údarás inniúil costais a bheith míréasúnta i gcás inar mó an meastachán costais ná an tairbhe. Chuige sin, ríomhfar an tairbhe trí fhachtóir feabhsaithe a iolrú faoi phraghas tagartha EUR 60 in aghaidh an lamháltais. Áireofar leis na costais tréimhse dímheasa iomchuí bunaithe ar shaolré eacnamaíoch an trealaimh.
Chun an faireachán agus an tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí stairiúla le haghaidh na bliana 2024 i gcomhréir le hAirteagal 30f(4) de Threoir 2003/87/CE, féadfaidh na Ballstáit eintitis rialáilte a dhíolmhú ó réasúnú a thabhairt le maíomh go dtabhófaí costais mhíréasúnta le modheolaíocht faireacháin shonrach.
In éagmais na sonraí sin ar na meánastaíochtaí bliantúla arbh é an tsreabh breosla i gcaitheamh na 3 bliana is déanaí ba chúis leo, soláthróidh an t-eintiteas rialáilte meastachán coimeádach ar na meánastaíochtaí bliantúla, gan CO2 a eascraíonn as bithmhais san áireamh. I gcás uirlisí tomhais faoin rialú dlíthiúil méadreolaíoch náisiúnta, féadfar an éiginnteacht a bhaintear amach faoi láthair a ionadú leis an uasearráid incheadaithe i mbun seirbhíse a cheadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha.
Chun críoch na míre seo, beidh feidhm ag Airteagal 38(5), ar choinníoll go mbeidh ar fáil don eintiteas rialáilte an fhaisnéis ábhartha faoi na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise a úsáidtear le haghaidh dócháin.
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chineál míréasúnta na gcostas maidir le rogha na leibhéal chun fachtóir raoin an eintitis rialáilte a chinneadh agus maidir leis na bearta lena méadaítear cáilíocht sonraí na n-astaíochtaí tuairiscithe ach gan tionchar díreach acu ar chruinneas na sonraí i dtaca le méideanna breosla arna scaoileadh, úsáidfidh an t-údarás inniúil fachtóir feabhsaithe 1 % de mheánastaíochtaí bliantúla na sreabh breosla féin sna trí thréimhse tuairiscithe is déanaí. Ar na bearta lena méadaítear cáilíocht na n-astaíochtaí tuairiscithe ach gan tionchar díreach acu ar chruinneas na sonraí maidir le méideanna breosla arna scaoileadh, féadfar na bearta seo a leanas a áireamh:
ag aistriú ó luachanna réamhshocraithe chuig anailísí chun fachtóirí ríomha a chinneadh;
méadú ar an líon anailísí in aghaidh na sreibhe bunaidh;
i gcás nach dtagann an cúram tomhais sonrach faoi rialú dlíthiúil méadreolaíoch náisiúnta, uirlisí tomhais a ionadú le huirlisí a chomhlíonann ceanglais ábhartha rialú dlíthiúil méadreolaíoch an Bhallstáit i bhfeidhmeanna comhchosúla, nó le huirlisí tomhais a chomhlíonann rialacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 ) nó Threoir 2014/32/AE;
eatraimh chalabrúcháin agus chothabhála na n-uirlisí tomhais a ghiorrú;
feabhsuithe ar ghníomhaíochtaí sreafa sonraí agus ar ghníomhaíochtaí rialaithe lena laghdaítear an riosca bunúsach nó an riosca rialaithe go suntasach;
eintitis rialáilte ag aistriú chuig bearta lena sainaithneofar an fachtóir raoin ar bhealach níos cruinne.
Airteagal 75e
Eintitis rialáilte agus sreabha breosla a chatagóiriú
Déanfaidh an t-eintiteas rialáilte é féin a aicmiú i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
eintiteas i gcatagóir A, i gcás inarb amhlaidh ó 2027 go 2030 go bhfuil na meánastaíochtaí bliantúla fíoraithe sa 2 bhliain roimh an tréimhse tuairiscithe cothrom le nó níos lú ná 50 000 tona CO2(e), gan CO2 a eascraíonn as bithmhais a áireamh;
eintiteas i gcatagóir B, i gcás inarb amhlaidh ó 2027 go 2030 go bhfuil na meánastaíochtaí bliantúla fíoraithe sa 2 bhliain roimh an tréimhse tuairiscithe níos mó ná 50 000 tona CO2(e), gan CO2 a eascraíonn as bithmhais a áireamh.
Ó 2031 ar aghaidh, eintitis i gcatagóirí A agus B dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, cinnfear iad ar bhonn na meánastaíochtaí bliantúla fíoraithe sa tréimhse trádála díreach roimh an tréimhse trádála atá ann cheana.
De mhaolú ar Airteagal 14(2), féadfaidh an t-údarás inniúil ceadú don eintiteas rialáilte gan an plean faireacháin a mhodhnú i gcás, ar bhonn astaíochtaí fíoraithe, ina sárófar an tairseach maidir le haicmiú an eintitis rialáilte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ach ina léireoidh an t-eintiteas rialáilte chun sástacht an údaráis inniúil nár sáraíodh an tairseach sin cheana féin laistigh de na cúig thréimhse thuairiscithe roimhe agus nach sárófar arís í i dtréimhsí tuairiscithe dá n-éis.
Déanfaidh an t-eintiteas rialáilte gach sreabh breosla a aicmiú i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
sreabha breosla de minimis, i gcás inar lú ná 1 000 tona CO2 iontaise in aghaidh na bliana i gcomhpháirt iad na sreabha breosla a roghnaíonn an t-eintiteas rialáilte;
sreabha breosla móra, i gcás nach mbeidh na sreabha breosla laistigh den chatagóir dá dtagraítear i bpointe (a).
De mhaolú ar Airteagal 14(2), féadfaidh an t-údarás inniúil ceadú don eintiteas rialáilte gan an plean faireacháin a mhodhnú i gcás, ar bhonn astaíochtaí fíoraithe, ina sárófar an tairseach maidir le sreabh breosla a aicmiú mar shreabh breosla de minimis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ach ina léireoidh an t-eintiteas rialáilte chun sástacht an údaráis inniúil nár sáraíodh an tairseach sin cheana féin laistigh de na cúig thréimhse thuairiscithe roimhe agus nach sárófar arís í i dtréimhsí tuairiscithe dá n-éis.
Airteagal 75f
Modheolaíocht faireacháin
Déanfaidh gach eintiteas rialáilte na hastaíochtaí CO2 bliantúla ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a chinneadh trí, le haghaidh gach sreabh breosla, an méid breosla arna scaoileadh a iolrú faoin bhfachtóir coinbhéartúcháin aonaid comhfhreagrach, faoin bhfachtóir raoin comhfhreagrach agus faoin bhfachtóir astaíochta comhfhreagrach.
Sloinnfear an fachtóir astaíochta mar thonaí CO2 in aghaidh an teireagúil (t CO2/TJ) i gcomhréir le húsáid an fhachtóra coinbhéartúcháin aonaid.
Féadfar an t-údarás inniúil úsáid na bhfachtóirí astaíochta a cheadú i gcás breoslaí a shloinntear mar tCO2/t nó tCO2/Nm3. Sna cásanna sin, cinnfidh an t-eintiteas rialáilte na hastaíochtaí tríd an méid breosla arna scaoileadh, arna shloinneadh mar thonaí nó mar ghnáthmhéadair chiúbacha, a iolrú faoin bhfachtóir raoin comhfhreagrach agus faoin bhfachtóir astaíochta comhfhreagrach.
Airteagal 75g
Athruithe sealadacha ar an modheolaíocht faireacháin
Déanfaidh an t-eintiteas rialáilte na bearta uile is gá chun go mbeifear in ann atosú go pras ar an bplean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil a chur i bhfeidhm.
Tabharfaidh an t-eintiteas rialáilte lena mbaineann fógra don údarás inniúil faoin athrú sealadach dá dtagraítear i mír 1 ar an modheolaíocht faireacháin gan moill mhíchuí don údarás inniúil, ar fógra é ina sonrófar an méid seo a leanas:
na cúiseanna le himeacht ón bplean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil;
mionsonraí na modheolaíochta faireacháin eatramhaí atá á húsáid ag an eintiteas rialáilte chun na hastaíochtaí a chinneadh go dtí go n-athbhunófar na dálaí chun an plean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil a chur i bhfeidhm;
na bearta atá á ndéanamh ag an eintiteas rialáilte chun na dálaí a athbhunú chun an plean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil a chur i bhfeidhm;
an pointe ama lena bhfuil coinne go n-atosófar ar an bplean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil a chur i bhfeidhm.
ROINN 2
Modheolaíocht ríomh-bhunaithe
Airteagal 75h
Leibhéil is infheidhme maidir le méideanna breosla arna scaoileadh agus fachtóirí ríomha
Nuair a bheidh na leibhéil ábhartha á sainiú le haghaidh sreabha breosla móra, chun na méideanna breosla arna scaoileadh agus gach fachtóir ríomha a chinneadh, cuirfidh gach eintiteas rialáilte an méid seo a leanas i bhfeidhm:
na leibhéil a liostaítear in Iarscríbhinn V ar a laghad, i gcás eintiteas i gcatagóir A, nó i gcás inar gá fachtóir ríomha le haghaidh sreabh breosla ar breosla tráchtála caighdeánach é;
i gcásanna seachas na cásanna sin dá dtagraítear i bpointe (a), an leibhéal is airde arna shainiú in Iarscríbhinn IIa.
Mar sin féin, i gcás méideanna breosla arna scaoileadh agus fachtóirí ríomha breosla móra, féadfaidh an t-eintiteas rialáilte leibhéal a chur i bhfeidhm a bheidh suas le dhá leibhéal níos ísle ná mar a cheanglaítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, agus leibhéal 1 mar an t-íosleibhéal, i gcás ina léireoidh sé chun sástacht an údaráis inniúil nach bhfuil an leibhéal a cheanglaítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, nó i gcás inarb infheidhme an chéad leibhéal eile is airde, indéanta sreabha go teicniúil nó go dtabhaíonn sé costais mhíréasúnta.
I gcás sreabha breosla dá dtagraítear faoin chéad fhomhír, féadfaidh an t-eintiteas rialáilte méideanna breosla arna scaoileadh a chinneadh bunaithe ar shonraisc nó ar thaifid cheannacháin, ach amháin i gcás ina mbeidh leibhéal sainithe indéanta gan iarracht bhreise.
Airteagal 75i
Leibhéil is infheidhme maidir leis an bhfachtóir raoin
Mar sin féin, féadfaidh an t-eintiteas rialáilte leibhéal a chur i bhfeidhm ar leibhéal amháin níos ísle ná mar a cheanglaítear i gcomhréir leis an chéad fhomhír a bheidh ann, i gcás ina léireoidh sé chun sástacht an údaráis inniúil nach bhfuil an leibhéal a cheanglaítear i gcomhréir leis an chéad fhomhír indéanta ó thaobh a ghnéithe teicniúla, go dtabhaíonn sé costais mhíréasúnta, nó nach bhfuil na modhanna a liostaítear in Airteagal 75l(2), pointí (a) go (d), ar fáil.
Murab infheidhme é an dara fomhír, féadfaidh an t-eintiteas rialáilte leibhéal a chur i bhfeidhm atá dhá leibhéal níos ísle ná mar is gá i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, agus leibhéal 1 mar íosleibhéal, i gcás ina léiríonn sé chun sástacht an údaráis inniúil nach bhfuil an leibhéal is gá i gcomhréir leis an gcéad fhomhír indéanta go teicniúil, go dtabhaítear costais mhíréasúnta leis, nó ar bhonn measúnú simplithe maidir le héiginnteacht, go dtiocfaidh cinneadh níos cruinne ó na modhanna a leagtar amach sna leibhéil níos ísle an úsáidtear an breosla le haghaidh dócháin in earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.
I gcás, le haghaidh sreabh breosla, ina n-úsáideann an t-eintiteas rialáilte níos mó ná modh amháin a liostaítear in Airteagal 75l(2), (3) agus (4), éileofar air a léiriú nach gcomhlíontar coinníollacha na míre seo ach amháin i dtaobh an chion de mhéid an bhreosla arna scaoileadh dá n-iarrtar modh an leibhéil is ísle.
Airteagal 75j
Méideanna breosla arna scaoileadh a chinneadh
Cinnteoidh an t-eintiteas rialáilte na méideanna breosla arna scaoileadh ag sreabh breosla ar cheann de na bealaí seo a leanas:
i gcás ina gcomhfhreagraíonn na heintitis rialáilte agus na sreabha breosla d’eintitis ar a bhfuil oibleagáidí tuairiscithe faoin reachtaíocht náisiúnta agus ag a bhfuil táirgí fuinnimh faoi réir na reachtaíochta náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha 2003/96/CE agus (AE) 2020/262, ar bhonn na modhanna tomhais a úsáidtear chun críocha na ngníomhartha sin nuair a bhunaítear na modhanna sin ar rialú méadreolaíocha náisiúnta;
ar bhonn chomhiomlánú thomhas na gcainníochtaí ag an bpointe a scaoileadh na sreabha breosla chun ídithe;
ar bhonn thomhas leanúnach na gcainníochtaí ag an bpointe a scaoileadh na sreabha breosla chun ídithe.
Mar sin féin, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na heintitis rialáilte, i gcás inarb infheidhme, gan ach an modh amháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a úsáid.
Agus na méideanna breosla arna scaoileadh á gcinneadh i gcomhréir le mír 1, pointe (b) agus (c) den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 28 agus 29, cé is moite d’Airteagal 28(2), an dara fomhír, an dara habairt agus an tríú fomhír. Chun na críche sin, aon tagairt d’oibreoir ná do shuiteáil, tuigfear mar thagairt don eintiteas rialáilte é.
Féadfaidh an t-eintiteas rialáilte an measúnú éiginnteachta a shimpliú trína thoimhdiú go measfar gurb é an t-uaslíon earráidí incheadaithe a shonraítear don ionstraim tomhais i mbun seirbhíse an éiginnteacht le linn na tréimhse tuairiscithe iomláine mar a éilítear leis na sainithe leibhéil in Iarscríbhinn IIa.
Airteagal 75k
Tosca ríomha a chinneadh
Beidh feidhm ag Airteagal 30, Airteagal 31(1), (2) agus (3) agus Airteagail 32, 33, 34, agus 35. Chun na críche sin:
tuigfear aon tagairt d’oibreoir mar thagairt don eintiteas rialáilte;
aon tagairt do shonraí gníomhaíochta, tuigfear é mar thagairt do na méideanna breosla arna scaoileadh;
tuigfear aon tagairt do bhreoslaí nó d’ábhair mar thagairt do bhreoslaí mar a shainítear in Airteagal 3(af) de Threoir 2003/87/CE;
tuigfear aon tagairt d’Iarscríbhinn II mar thagairt d’Iarscríbhinn IIa.
Féadfaidh an t-údarás inniúil éileamh ar an eintiteas rialáilte an fachtóir coinbhéartúcháin aonaid agus an fachtóir astaíochta a chinneadh le haghaidh breoslaí mar a shainítear in Airteagal 3(af) de Threoir 2003/87/CE agus úsáid á baint as na leibhéil chéanna agus is gá le haghaidh breoslaí tráchtála caighdeánacha ar choinníoll go léiríonn aon cheann de na paraiméadair seo a leanas, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, eatramh muiníne 95 % sna cásanna seo a leanas:
faoi bhun 2 % le haghaidh glanluach calrach;
faoi bhun 2 % le haghaidh an fhachtóra astaíochta, i gcás ina sloinntear méideanna an bhreosla arna scaoileadh mar luach fuinnimh.
Sula gcuirfear an maolú seo i bhfeidhm, cuirfidh an t-údarás inniúil achoimre faoi bhráid an Choimisiúin lena formheas ar an modh agus na foinsí sonraí a úsáidtear lena chinneadh an gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha sin le 3 bliana anuas, agus chun a áirithiú go mbeidh na luachanna a úsáidtear i gcomhréir leis na meánluachanna a úsáideann oibreoirí ar an leibhéal comhfhreagrach náisiúnta nó réigiúnach. Féadfaidh an t-údarás inniúil fianaise den sórt sin a bhailiú nó a iarraidh. Uair amháin gach 3 bliana ar a laghad déanfaidh sé athbhreithniú ar na luachanna a úsáidtear agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún má tá aon athrú nach beag ann, agus meán na luachanna a úsáideann na hoibreoirí ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach á chur san áireamh.
Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar ábharthacht na forála seo agus na gcoinníollacha a leagtar amach sa mhír seo i bhfianaise na bhforbairtí ar an margadh breoslaí agus sa phróiseas caighdeánaithe Eorpach.
Airteagal 75l
An fachtóir raoin a chinneadh
I gcás nach n-úsáidtear méideanna breosla arna scaoileadh de shreabh breosla ach amháin le haghaidh dócháin in earnálacha a chumhdaítear le Caibidlí II agus III de Threoir 2003/87/CE, cé is moite de shuiteálacha a eisiatar faoi Airteagal 27a den Treoir sin, socrófar an fachtóir raoin ag nialas, ar choinníoll go léiríonn an t-eintiteas rialáilte gur seachnaíodh an comhaireamh dúbailte dá dtagraítear in Airteagal 30f(5) de Threoir 2003/87/CE.
Cinnfidh an t-eintiteas rialáilte fachtóir raoin le haghaidh gach sreabh breosla trí na modhanna dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, nó luach réamhshocraithe i gcomhréir le mír 3, ag brath ar an leibhéal is infheidhme.
Cinnfidh an t-eintiteas rialáilte an fachtóir raoin ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas, i gcomhréir le ceanglais an leibhéil is infheidhme mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa a ghabhann leis an Rialachán seo:
modhanna atá bunaithe ar an idirdhealú fisiceach de shreabha breosla, lena n-áirítear modhanna atá bunaithe ar an idirdhealú maidir le réigiún geografach nó atá bunaithe ar úsáid ionstraimí tomhais ar leithligh;
modhanna atá bunaithe ar airíonna ceimiceacha na mbreoslaí, a fhágann gur féidir le heintitis rialáilte a léiriú nach féidir an breosla ábhartha a úsáid ach amháin le haghaidh dócháin in earnálacha sonracha, de thairbhe cúiseanna dlíthiúla, teicniúla nó eacnamaíocha;
marcóir fioscach a úsáid i gcomhréir le Treoir 95/60/CE ón gComhairle ( *5 );
an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil fhíoraithe a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 68(1);
slabhra de shocruithe conarthacha agus sonraisc inrianaithe (‘líne chúraim’), atá ionadaíoch ar an slabhra soláthair iomlán idir an t-eintiteas rialáilte agus na tomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí deiridh;
marcóirí nó dathanna (ruaimeanna) náisiúnta a úsáid le haghaidh breoslaí, bunaithe ar an reachtaíocht náisiúnta;
modhanna indíreacha lenar féidir idirdhealú cruinn a dhéanamh idir úsáidí deiridh na mbreoslaí an tráth a scaoileadh chun ídithe iad, amhail próifílí tomhailte a bhaineann le hearnáil go sonrach, raonta tipiciúla acmhainneachta de leibhéil ídithe breosla na dtomhaltóirí, agus leibhéil bhrú amhail na cinn sin atá ag breoslaí gásacha, ar choinníoll go bhformheasann an t-údarás inniúil úsáid an mhodha sin. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a chur ar fáil maidir leis na modhanna indíreacha is infheidhme.
De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an t-eintiteas rialáilte luach réamhshocraithe a chur i bhfeidhm atá níos ísle ná 1, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:
chun astaíochtaí a thuairisciú sna blianta tuairiscithe 2024 go 2026 léiríonn an t-eintiteas rialáilte chun sástacht an údaráis inniúil go dtiocfaidh cinneadh níos cruinne astaíochtaí ó luachanna réamhshocraithe níos ísle ná 1 a úsáid, nó
chun astaíochtaí a thuairisciú sna blianta tuairiscithe ó 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, léiríonn an t-eintiteas rialáilte chun sástacht an údaráis inniúil go dtiocfaidh cinneadh níos cruinne astaíochtaí ó luachanna réamhshocraithe níos ísle ná 1 a úsáid, agus go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
is sreabh breosla de minimis í an tsreabh breosla;
an luach réamhshocraithe don tsreabh breosla, ní ísle é ná 0,95 le haghaidh úsáidí breosla in earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ná ní airde é ná 0,05 le haghaidh úsáidí breosla in earnálacha nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin.
Le linn don Choimisiún an luach réamhshocraithe a fhormheas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, measfaidh sé an leibhéal iomchuí comhchuibhithe modheolaíochtaí idir na Ballstáit, an cothrom idir cruinneas, éifeachtúlacht riarthach agus impleachtaí do chur ar aghaidh costais do thomhaltóirí, chomh maith le riosca féideartha de theacht timpeall ar oibleagáidí faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.
Aon luach réamhshocraithe don tsreabh breosla náisiúnta a úsáidtear faoin mír seo, ní bheidh sé níos ísle ná 0,95 le haghaidh úsáidí breosla in earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ná ní bheidh sé níos airde ná 0,05 le haghaidh úsáidí breosla in earnálacha nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin.
Airteagal 75m
Sreabha breoslaí bithmhaise a scaoileadh
Beidh feidhm ag Airteagail 38 agus 39, cé is moite de mhír 2 agus 2a. Chun na críche sin:
tuigfear aon tagairt d’oibreoir mar thagairt don eintiteas rialáilte;
aon tagairt do shonraí gníomhaíochta, tuigfear é mar thagairt do na méideanna breosla arna scaoileadh;
tuigfear aon tagairt do shreabha bunaidh mar thagairt do shreabha breosla;
tuigfear aon tagairt d’Iarscríbhinn II mar thagairt d’Iarscríbhinn IIa;
tuigfear aon tagairt do mhír 39(2) mar thagairt do mhír 3 den Airteagal seo.
I gcás, faoi réir an leibhéil a éilítear, nach mór don eintiteas rialáilte anailísí a dhéanamh leis an gcodán bithmhaise a chinneadh, ach nach indéanta go teicniúil é cur i bhfeidhm na chéad fhomhíre nó go dtabhófaí costais mhíréasúnta leis, cuirfidh an t-eintiteas rialáilte modh meastacháin malartach chun an codán bithmhaise a chinneadh faoi bhráid an údaráis inniúil lena fhormheas.
ROINN 3
Forálacha eile
Airteagal 75n
Eintitis rialáilte ag a bhfuil astaíochtaí ísle
Féadfaidh an t-údarás inniúil a mheas gur eintiteas rialáilte ag a bhfuil astaíochtaí ísle é eintiteas rialáilte i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
idir 2027 agus 2030 bhí an meánlíon fíoraithe d’astaíochtaí bliantúla sa 2 bhliain roimh an tréimhse tuairiscithe, cé is moite de CO2 a eascraíonn as bithmhais, níos lú ná 1 000 tona de CO2 in aghaidh na bliana;
ó 2031 ar aghaidh bhí meánlíon astaíochtaí bliantúla an eintitis rialáilte sin arna dtuairisciú sna tuarascálacha astaíochtaí fíoraithe le linn na tréimhse trádála díreach roimh an tréimhse trádála atá ann cheana, cé is moite de CO2 a eascraíonn as bithmhais, níos lú ná 1 000 tona de CO2 in aghaidh na bliana;
i gcás nach bhfuil an meánlíon astaíochtaí bliantúla dá dtagraítear i bpointe (a) le fáil ná nach bhfuil siad ionadaíoch a thuilleadh chun críoch phointe (a), ach go mbeidh astaíochtaí bliantúla an eintitis rialáilte sin go ceann na chéad 5 bliana, cé is moite de CO2 a eascraíonn as bithmhais, bunaithe ar mhodh meastacháin caomhach, níos lú ná 1 000 tona de CO2(e) in aghaidh na bliana.
Chun críoch na míre seo, beidh feidhm ag Airteagal 38(5).
Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte, gan moill mhíchuí, modhnú nach beag ar an bplean faireacháin de réir bhrí Airteagal 15(3), pointe (b), faoi bhráid an údaráis inniúil lena fhormheas.
Mar sin féin, ceadóidh an t-údarás inniúil don eintiteas rialáilte leanúint ar aghaidh le faireachán simplithe ar choinníoll go léiríonn an t-eintiteas rialáilte chun sástacht an údaráis inniúil nár sáraíodh cheana féin an tairseach dá dtagraítear i mír 2 laistigh de na cúig thréimhse thuairiscithe is déanaí, agus nach sárófar arís í ón tréimhse tuairiscithe dár gcionn ar aghaidh.
Airteagal 75o
Bainistiú agus comhordú sonraí
Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil V. A mhéid a bhaineann leis sin, tuigfear aon tagairt d’oibreoirí/don oibreoir mar thagairt don eintiteas rialáilte.
Airteagal 75p
Tuarascálacha astaíochtaí bliantúla
In 2025, cuirfidh an t-eintiteas rialáilte tuarascáil astaíochtaí faoi bhráid an údaráis inniúil faoin 30 Aibreán lena gcumhdaítear na hastaíochtaí bliantúla in 2024. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sa tuarascáil sin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.
Mar sin féin, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar eintitis rialáilte na tuarascálacha astaíochtaí bliantúla dá dtagraítear sa mhír seo a thíolacadh faoin 30 Aibreán, ar choinníoll go gcuirtear an tuarascáil isteach ar a luaithe 1 mhí amháin tar éis na sprioc-ama a leagtar amach in Airteagal 68(1).
Airteagal 75q
Tuairisciú ar fheabhsuithe ar an modheolaíocht faireacháin
Cuirfidh eintitis rialáilte tuarascáil faoi bhráid an údaráis inniúil lena formheas ina bhfaighfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 nó 3, i gcás inarb iomchuí, faoi na sprioc-amanna seo a leanas:
i gcás eintiteas i gcatagóir A, faoin 31 Iúil gach 5 bliana;
i gcás eintiteas i gcatagóir B, faoin 31 Iúil gach 3 bliana;
i gcás aon eintitis rialáilte atá ag úsáid an fhachtóra raoin réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 75l(3) agus (4), faoin 31 Iúil 2026.
Mar sin féin, féadfaidh an t-údarás inniúil dáta malartach a shocrú do thíolacadh na tuarascála, dáta nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair den bhliain chéanna, agus féadfaidh síneadh leis an sprioc-am is infheidhme de bhun an dara fomhír a fhormheas, in éineacht leis an bplean faireacháin nó an tuarascáil feabhsaithe, má chuireann an t-eintiteas rialáilte fianaise ar fáil chun sástacht an údaráis inniúil ar thíolacadh plean faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 75b nó ar fhógra a thabhairt faoi nuashonruithe i gcomhréir leis an Airteagal sin, nó ar thíolacadh tuarascála feabhsaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, go bhfuil na fáthanna le costais mhíréasúnta nó le bearta feabhsaithe gan a bheith indéanta go teicniúil fós bailí go ceann tréimhse ama níos faide. Cuirfear san áireamh leis an síneadh an líon blianta a gcuireann an t-eintiteas rialáilte fianaise ar fáil ina leith. Ní sháróidh an tréimhse ama iomlán idir tuarascálacha ar fheabhsuithe 4 bliana i gcás eintiteas rialáilte i gcatagóir B nó 5 bliana i gcás eintiteas rialáilte i gcatagóir A.
Mar sin féin, i gcás ina n-aimsítear fianaise go bhfuil na bearta is gá chun na leibhéil sin a bhaint amach tar éis éirí indéanta go teicniúil, agus nach dtabhaítear costais mhíréasúnta leo a thuilleadh, tabharfaidh an t-eintiteas rialáilte fógra don údarás inniúil faoi mhodhnuithe iomchuí ar an bplean faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 75b, agus tíolacfaidh sé tograí maidir leis na bearta gaolmhara a chur chun feidhme agus n-uainiú.
Mar sin féin, i gcás ina n-aimsítear fianaise le haghaidh na sreabh breosla sin go bhfuil sé tar éis éirí indéanta go teicniúil, agus nach dtabhaítear costais mhíréasúnta leis a thuilleadh aon mhodh eile dá dtagraítear in Airteagal 75l(2) a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an t-eintiteas rialáilte fógra don údarás inniúil faoi mhodhnuithe iomchuí ar an bplean faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 75b, agus tíolacfaidh sé tograí chun na bearta gaolmhara a chur chun feidhme agus dá n-uainiú.
Féadfaidh an t-údarás inniúil dáta malartach a shocrú leis an tuarascáil dá dtagraítear sa mhír seo a chur isteach, ach faoi thráth nach déanaí ná 30 Meán Fómhair den bhliain chéanna. I gcás inarb infheidhme, féadfar tuarascáil den sórt sin a chomhcheangal leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
I gcás nach dtiocfadh feabhsuithe ar an modheolaíocht faireacháin ó na feabhsuithe atá molta, cuirfidh an t-eintiteas rialáilte réasúnú ar fáil faoin bhfáth arb amhlaidh atá. I gcás ina dtabhófaí costais mhíréasúnta leis na feabhsaithe atá molta, cuirfidh an t-eintiteas rialáilte fianaise ar fáil de chineál míréasúnta na gcostas.
Airteagal 75r
Cinneadh na n-astaíochtaí ag an údarás inniúil
Déanfaidh an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí eintitis rialáilte, agus impleachtaí do chur ar aghaidh costais chuig tomhaltóirí á gcur san áireamh, in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
níor thíolaic an t-eintiteas rialáilte aon tuarascáil astaíochtaí bhliantúil fhíoraithe faoin sprioc-am a éilítear de bhun Airteagal 75p;
níl an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil fhíoraithe dá dtagraítear in Airteagal 75p i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ní dhearnadh tuarascáil astaíochtaí bhliantúil ó eintiteas rialáilte a fhíorú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
Airteagal 75s
Rochtain ar fhaisnéis agus slánú sonraí
Beidh feidhm ag Airteagal 71 agus Airteagal 72(1) agus (2). A mhéid a bhaineann leis sin, tuigfear aon tagairt d’oibreoirí agus d’oibreoirí aerárthaí mar thagairt do na heintitis rialáilte.
Airteagal 75t
Comhsheasmhacht le tuairisciú eile a áirithiú
Chun críoch tuairiscithe ar astaíochtaí ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:
déanfar na hearnálacha ina scaoiltear na breoslaí mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (af), de Threoir 2003/87/CE chun ídithe, agus ina ndóitear iad a lipéadú leis na cóid CRF;
déanfar na breoslaí mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (af), de Threoir 2003/87/CE a lipéadú leis na cóid AC i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha 2003/96/CE agus 2009/30/CE, i gcás inarb ábhartha;
chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an tuairisciú chun críoch cánach de bhun reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha 2003/96/CE agus (AE) 2020/262, úsáidfidh an t-eintiteas rialáilte, i gcás inarb ábhartha, uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíocha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ( *6 ), an uimhir mháil de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ( *7 ) nó an uimhir náisiúnta chlárúcháin agus aitheantais mháil a eisíonn an t-údarás inniúil de bhun reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2003/96/CE, le linn dóibh a sonraí teagmhála a thuairisciú sa phlean faireacháin agus sa tuarascáil astaíochtaí.
Airteagal 75u
Ceanglais teicneolaíochta faisnéise
Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VII. A mhéid a bhaineann leis sin, tuigfear aon tagairt d’oibreoir agus d’oibreoir aerárthaí mar thagairt don eintiteas rialáilte.
CAIBIDIL VIIb
FORÁLACHA COTHROMÁNACHA A BHAINEANN LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR ASTAÍOCHTAÍ Ó EINTITIS RIALÁILTE
Airteagal 75v
Comhaireamh dúbailte a sheachaint trí fhaireachán agus thuairisciú
Airteagal 75w
An chalaois a chosc agus an oibleagáid chun dul i gcomhar
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
Leasaítear Roinn 1 mar seo a leanas:
i mír (1), pointe (f), cuirtear an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe ‘ISO 14001:2015’ in ionad na tagartha don chaighdeán comhchuibhithe ‘ISO 14001:2004’;
i mír (7), pointe (d), cuirtear an méid seo a leanas
‘Rialachán (AE) 2019/1122 ( *8 ) in ionad na tagartha do ‘Rialachán (AE) Uimh. 1193/2011’
cuirtear an mhír (10) seo a leanas leis:
‘(10) I gcás inarb infheidhme, faoin 31 Nollaig 2026, tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun faisnéis a thíolacadh mar a thugtar tuairisc air in Airteagal 75v(2).’;
Leasaítear Roinn 2 mar seo a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘ÁBHAR ÍOSTA NA bPLEANANNA FAIREACHÁIN LE hAGHAIDH NA hEITLÍOCHTA’;
i mír 1, pointe (i), cuirtear an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe ‘ISO 14001:2015’ in ionad na tagartha don chaighdeán comhchuibhithe ‘ISO 14001:2004’;
i mír (1), cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh an bhfuil bithbhreosla i gcomhréir le hAirteagal 38(5);
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun cainníochtaí bithbhreosla a chinneadh agus chun a áirithiú nach dtarlaíonn aon chomhaireamh dúbailte i gcomhréir le hAirteagal 54;
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an breosla eitlíochta incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 54a(2);
i gcás inarb infheidhme tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun cainníochtaí incháilithe de bhreosla eitlíochta a chinneadh agus chun a áirithiú nach bhfuil aon chomhaireamh dúbailte ann i gcomhréir le hAirteagal 54a.’;
i mír (2), scriostar pointí (f) agus (g);
Scriostar Roinn 3;
cuirtear an Roinn seo a leanas isteach:
‘4. INNEACHAR ÍOSTA NA bPLEANANNA FAIREACHÁIN LE hAGHAIDH EINTITIS RIALÁILTE
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad le fáil sa phlean faireacháin le haghaidh eintitis rialáilte:
faisnéis ghinearálta faoin eintiteas rialáilte:
sainaitheantas an eintitis rialáilte, sonraí teagmhála lena n-áirítear seoladh, agus i gcás inarb ábhartha uimhir chlárúcháin agus aitheantais an oibreora eacnamaíoch de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, an uimhir mháil de bhun Rialachán (AE) 389/2012 nó an uimhir chlárúcháin agus aitheantais mháil náisiúnta arna heisiúint ag an údarás ábhartha de bhun na reachtaíochta náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2003/96/CE, a úsáidtear don tuairisciú chun críoch cánach de bhun na reachtaíochta náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha 2003/96/CE agus (AE) 2020/262;
tuairisc ar an eintiteas rialáilte, ina bhfaightear liosta sreabha breosla ar a bhfuil faireachán le déanamh, na modhanna trína scaoiltear sreabha breosla chun ídithe, úsáid (nó úsáidí) deiridh na sreibhe breosla arna scaoileadh chun ídithe lena n-áirítear an cód CRF, ar an leibhéal comhiomlánaithe atá le fáil, agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
beidh an tuairisc leormhaith chun a léiriú nach bhfuil bearnaí sonraí ann ná nach ndéantar comhaireamh dúbailte ar na hastaíochtaí;
léaráid shimplí den fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b), an chéad fhomhír, ina dtugtar tuairisc ar an eintiteas rialáilte, na sreabha breosla, na modhanna trína scaoiltear na breoslaí mar a shainítear in Airteagal 3(af) de Threoir 2003/87/CE chun ídithe, d’ionstraimí tomhais agus d’aon pháirt eile den eintiteas rialáilte atá ábhartha don mhodheolaíocht faireacháin lena n-áirítear gníomhaíochta sreafa sonraí agus gníomhaíochtaí rialaithe;
i gcás ina gcomhfhreagraíonn na heintitis rialáilte agus na sreabha breosla a chumhdaítear d’eintitis ar a bhfuil oibleagáidí tuairiscithe faoin reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2003/96/CE nó 2009/30/CE agus do bhreoslaí atá faoi réir na reachtaíochta náisiúnta sin, léaráid shimplí ar na modhanna tomhais a úsáidtear chun críocha na ngníomhartha sin;
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar aon imeacht ón bplean faireacháin ó thús agus deireadh na bliana faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 75j(2);
tuairisc ar an nós imeachta chun sannadh freagrachtaí faireacháin agus tuairiscithe a bhainistiú laistigh den eintiteas rialáilte, agus chun inniúlachtaí an phearsanra atá freagrach a bhainistiú;
tuairisc ar an nós imeachta le haghaidh meastóireacht thráthrialta ar oiriúnacht an phlean faireacháin, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas ar a laghad:
liosta na sreabh breosla a sheiceáil, iomláine a áirithiú agus go mbeidh gach athrú ábhartha ar chineál agus feidhmiú an eintiteas rialáilte curtha san áireamh sa phlean faireacháin;
measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na tairseacha éiginnteachta le haghaidh méideanna breosla arna scaoileadh agus paraiméadair eile, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na leibhéal a chuirtear i bhfeidhm ar gach sreabh breosla;
measúnú a dhéanamh ar bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh le feabhas a chur ar an modheolaíocht faireacháin a chuirtear i bhfeidhm, go háirithe an modh chun an fachtóir raoin a chinneadh;
tuairisc ar nósanna imeachta scríofa na ngníomhaíochtaí sreafa sonraí de bhun Airteagal 58, lena n-áirítear léaráid i gcás inarb iomchuí ar mhaithe le soiléiriú a thabhairt;
tuairisc ar na nósanna imeachta scríofa le haghaidh na ngníomhaíochtaí rialaithe a bhunaítear de bhun Airteagal 59;
i gcás inarb infheidhme, faisnéis agus naisc ábhartha idir gníomhaíocht an eintitis rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus tuairisciú chun críoch cánach de bhun reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha 2003/96/CE agus (AE) 2020/262;
uimhir leagain an phlean faireacháin agus an dáta ónarb infheidhme an leagan sin den phlean faireacháin;
catagóir an eintitis rialáilte;
tuairisc mhionsonraithe ar na modheolaíochtaí ríomh-bhunaithe, arb é an méid seo a leanas atá iontu:
i gcás gach sreabh breosla a bhfuil faireachán le déanamh air, tuairisc mhionsonraithe ar an modheolaíocht ríomh-bhunaithe a chuirtear i bhfeidhm, lena n-áirítear liosta de shonraí ionchuir agus d’fhoirmlí ríomha a úsáidtear, na modhanna chun an fachtóir raoin a chinneadh, liosta de na leibhéil a chuirtear i bhfeidhm ar mhéideanna breosla arna scaoileadh, gach fachtóir ríomha ábhartha, an fachtóir raoin agus, ar an leibhéal comhiomlánaithe atá aitheanta, na cóid CRF agus úsáid(í) deiridh na sreibhe breosla arna scaoileadh chun ídithe;
i gcás ina bhfuil an t-eintiteas rialáilte ag beartú úsáid a bhaint as simpliú le haghaidh na sreabh breosla de minimis, catagóiriú ar na sreabha breosla ina sreabh breosla móra agus de minimis;
tuairisc ar na córais tomhais a úsáidtear, agus ar a raon tomhais, éiginnteacht agus suíomh na n-ionstraimí tomhais atá le húsáid le haghaidh gach ceann de na sreabha breosla ar a bhfuil faireachán le déanamh;
i gcás inarb infheidhme, na luachanna réamhshocraithe a úsáidtear le haghaidh fachtóirí ríomha lena dtugtar le fios foinse an fhachtóra, nó na foinse ábhartha, óna n-aisghabhfar an fachtóir réamhshocraithe go tréimhsiúil, le haghaidh gach ceann de na sreabha breosla;
i gcás inarb infheidhme, liosta de na modhanna anailíse atá le húsáid chun na fachtóirí ríomha ábhartha uile a chinneadh le haghaidh gach ceann de na sreabha breosla, agus tuairisc ar na nósanna imeachta scríofa do na hanailísí sin;
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an nós imeachta lena mínítear an plean samplála do shampláil na mbreoslaí a bhfuil anailís le déanamh orthu, agus an nós imeachta a úsáidtear chun oiriúnacht an phlean samplála a athbhreithniú;
i gcás inarb infheidhme, liosta saotharlanna atá páirteach i nósanna imeachta anailíseacha ábhartha a chur i gcrích agus, i gcás nach bhfuil an tsaotharlann creidiúnaithe mar a thagraítear dó in Airteagal 34(1) tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais choibhéiseacha i gcomhréir le hAirteagal 34(2) agus (3);
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun a mheasúnú an bhfuil sreabha breoslaí bithmhaise i gcomhréir le hAirteagal 38(5) agus, i gcás inarb ábhartha, le hAirteagal 75m(2);
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun cainníochtaí bithgháis a chinneadh bunaithe ar thaifid cheannaigh i gcomhréir le hAirteagal 39(4);
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an nós imeachta a úsáidtear chun faisnéis a thíolacadh mar a thuairiscítear in Airteagal 75v(3) agus chun faisnéis a fháil de bhun Airteagal 75v(2).’;
in Iarscríbhinn II, Roinn I, leasaítear Tábla 1 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú ró (a bhaineann le ‘breoslaí soladacha’):
|
‘Breoslaí soladacha, gan dramhaíl a áireamh |
An méid breosla [t] |
± 7,5 % |
± 5 % |
± 2,5 % |
± 1,5 %’; |
cuirtear isteach an ró seo a leanas tar éis an tríú ró (‘breoslaí soladacha’):
|
‘Dramhaíl |
An méid breosla [t] |
± 7,5 % |
± 5 % |
± 2,5 % |
± 1,5 %‘: |
cuirtear an Iarscríbhinn IIa seo a leanas isteach:
‘IARSCRÍBHINN IIa
Sainithe ar leibhéil le haghaidh modheolaíochtaí ríomh-bhunaithe i ndáil le heintitis rialáilte
1. SAINIÚ AR LEIBHÉIL LE hAGHAIDH MÉIDEANNA BREOSLA ARNA SCAOILEADH
Beidh feidhm ag na tairseacha éiginnteachta i dTábla 1 maidir le leibhéil atá ábhartha do cheanglais na méideanna breosla arna scaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1), pointe (a), agus Airteagal 29(2), an chéad fhomhír. Déanfar na tairseacha éiginnteachta a léirmhíniú mar éiginnteachtaí uasta is incheadaithe le haghaidh sreabha breosla a chinneadh i gcaitheamh tréimhse tuairiscithe.
Tábla 1
Leibhéil le haghaidh méideanna breosla arna scaoileadh (an éiginnteacht uasta is incheadaithe le haghaidh gach leibhéil)
|
Cineál sreibhe breosla |
Paraiméadar dá gcuirtear an éiginnteacht i bhfeidhm |
Leibhéal 1 |
Leibhéal 2 |
Leibhéal 3 |
Leibhéal 4 |
Dóchán breoslaí
|
Breoslaí tráchtála caighdeánacha |
Méid breosla [t] nó [Nm3] nó [TJ] |
±7,5 % |
±5 % |
±2,5 % |
±1,5 % |
|
Breoslaí gásacha agus leachtacha eile |
Méid breosla [t] nó [Nm3] nó [TJ] |
±7,5 % |
±5 % |
±2,5 % |
±1,5 % |
|
Breoslaí soladacha |
Méid breosla [t] nó [TJ] |
±7,5 % |
±5 % |
±2,5 % |
±1,5 % |
2. SAINMHÍNIÚ LEIBHÉAL LE hAGHAIDH FACHTÓIRÍ RÍOMHA AGUS AN FHACHTÓRA RAOIN
Déanfar eintitis rialáilte faireachán ar astaíochtaí CO2 ó chineálacha uile breoslaí arna scaoileadh chun ídithe in earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó a áirítear i gcóras an Aontais faoi Airteagal 30j den Treoir sin agus sainmhínithe na leibhéal a leagtar síos sa roinn seo á n-úsáid.
2.1. Leibhéil le haghaidh fachtóirí astaíochta
I gcás ina gcinntear codán bithmhaise le haghaidh breosla measctha, bainfidh na leibhéil a shainítear leis an bhfachtóir astaíochta tosaigh. Le haghaidh breoslaí iontaise, bainfidh na leibhéil leis an bhfachtóir astaíochta.
Leibhéal 1: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte ceann amháin de na nithe seo a leanas i bhfeidhm:
na fachtóirí caighdeánacha a liostaítear i roinn 1 d’Iarscríbhinn VI;
luachanna seasmhacha eile i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (e), i gcás nach bhfuil aon luach infheidhme i roinn 1 d’Iarscríbhinn VI.
Leibhéal 2a: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte fachtóirí astaíochta tírshonracha i bhfeidhm le haghaidh an bhreosla faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointí (b) agus (c).
Leibhéal 2b: Díorthóidh an t-eintiteas rialáilte fachtóirí astaíochta don bhreosla bunaithe ar ghlanluach calrach le haghaidh cineálacha sonracha guail, in éineacht le comhghaolú eimpíreach mar a chinntear uair sa bhliain ar a laghad i gcomhréir le hAirteagail 32 go 35 agus Airteagal 75m.
Áiritheoidh an t-eintiteas rialáilte go sásaítear leis an gcomhghaolú ceanglais dea-chleachtais innealtóireachta agus nach gcuirtear i bhfeidhm é ach maidir le luachanna na hathróige ionadaí a thagann isteach sa raon dá mbunaítear ina leith é.
Leibhéal 3: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte ceann amháin de na nithe seo a leanas i bhfeidhm:
cinneadh an fhachtóra astaíochta i gcomhréir leis na forálacha ábhartha d’Airteagail 32 go 35;
an comhghaolú eimpíreach mar a shonraítear le haghaidh Leibhéal 2b, i gcás ina léiríonn an t-eintiteas rialáilte chun sástacht an údaráis inniúil nach mó éiginnteacht an chomhghaolaithe eimpírigh ná 1/3 an luacha éiginnteachta nach mór don eintiteas rialáilte cloí leis maidir le cinneadh na méideanna breosla den bhreosla ábhartha arna scaoileadh.
2.2. Leibhéil le haghaidh fachtóir coinbhéartúcháin aonaid
Leibhéal 1: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte ceann amháin de na nithe seo a leanas i bhfeidhm:
na fachtóirí caighdeánacha a liostaítear i roinn 1 d’Iarscríbhinn VI;
luachanna seasmhacha eile i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (e), i gcás nach bhfuil aon luach infheidhme i roinn 1 d’Iarscríbhinn VI.
Leibhéal 2a: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte fachtóirí tírshonracha i bhfeidhm le haghaidh an bhreosla faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (b) nó (c).
Leibhéal 2b: Le haghaidh breoslaí a thrádáiltear go tráchtála úsáidfear an fachtóir coinbhéartúcháin aonaid mar a dhíorthaítear ó na taifeadtaí ceannaigh le haghaidh an bhreosla faoi seach ar choinníoll gur díorthaíodh é bunaithe ar chaighdeáin a bhfuil glacadh leo go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta.
Leibhéal 3: Cinnfidh an t-eintiteas rialáilte an fachtóir coinbhéartúcháin aonaid i gcomhréir le hAirteagail 32 go 35.
2.3. Leibhéil le haghaidh codán bithmhaise
Leibhéal 1: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte luach is infheidhme i bhfeidhm arna fhoilsiú ag an údarás inniúil nó ag an gCoimisiún, nó luachanna i gcomhréir le hAirteagal 31(1).
Leibhéal 2: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte modh meastacháin i bhfeidhm arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 75m(3), an dara fomhír.
Leibhéal 3 a: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte anailísí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 75m(3), an chéad fhomhír, agus i gcomhréir le hAirteagail 32 go 35.
I gcás ina nglacann eintiteas rialáilte le codán iontaise 100 % i gcomhréir le hAirteagal 39(1), ní shannfar aon leibhéal le haghaidh an chodáin bhithmhaise.
Leibhéal 3b: Le haghaidh breoslaí de thionscnamh próisis táirgthe ag a bhfuil sreabha ionchuir sainithe agus inrianaithe, d’fhéadfadh an t-eintiteas rialáilte an meastachán a bhunú ar mhaischothromaíocht carbóin iontaise agus bithmhaise a thagann isteach sa phróiseas agus a imíonn uaidh, amhail an córas cothromúcháin maise i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Threoir (AE) 2018/2001.
2.4. Leibhéil le haghaidh an fhachtóra raoin
Leibhéal 1: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte luach réamhshocraithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 75l(3) nó (4).
Leibhéal 2: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte modhanna i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 75l(2), pointí (e) go (g).
Leibhéal 3: Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte modhanna i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 75l(2), pointí (a) go (d).’;
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘ Modheolaíochtaí faireacháin le haghaidh na heitlíochta (Airteagal 53) ’;
i Roinn 2 cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:
‘Tábla 1
Fachtóirí CO2 eitlíochta iontaise (fachtóirí astaíochta tosaigh)
|
Breosla |
Fachtóir astaíochta (breosla t CO2/t) |
|
Gásailín eitlíochta (AvGas) |
3,10 |
|
Gásailín scairdeitleáin (Jet B) |
3,10 |
|
Ceirisín scairdeitleáin (Jet A1 nó Jet A) |
3,16 ’; |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
Leasaítear Roinn 10 mar seo a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír A:
‘A. Raon
Áireoidh an t-oibreoir na foinsí féideartha astaíochtaí CO2 seo a leanas ar a laghad: cailcíniú aolchloiche, dolaimíte nó maignéisíte sna hamhábhair, carbón neamhcarbónáite in amhábhair, gnáthbhreoslaí iontaise le haghaidh áitheanna, breoslaí iontaise-bhunaithe malartach amhábhair malartacha iontaise le haghaidh áitheanna agus, breoslaí bithmhaise le haghaidh áitheanna (dramhaíl bhithmhaise) agus breoslaí eile.
I gcás ina n-úsáidtear aol dóite agus CO2 a eascraíonn as an aolchloch le haghaidh próisis íonúcháin, ionas gurb ionann beagnach an méid CO2 a nasctar arís, ní cheanglófar go gcuirtear dianscaoileadh na gcarbónáití chomh maith leis an bpróiseas íonúcháin san áireamh ar leithligh i bplean faireacháin na suiteála.’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír B:
‘B. Rialacha faireacháin sonracha
Déanfar faireachán ar astaíochtaí ó dhóchán i gcomhréir le roinn 1 den Iarscríbhinn seo. Déanfar faireachán ar astaíochtaí próisis ó charbónáití in amhábhair i gcomhréir le roinn 4 d’Iarscríbhinn II. Cuirfear carbónáití cailciam agus maignéisiam san áireamh i gcónaí. Cuirfear carbónáití eile agus carbón neamhcarbónáite san amhábhar san áireamh, aon uair a bhíonn siad ábhartha le haghaidh ríomh astaíochta.
Le haghaidh na modheolaíochta atá bunaithe ar ionchur, coigeartófar luachanna cion carbónáite le haghaidh chion taise agus chion ganga an ábhair. I gcás táirgeadh maignéise, cuirfear mianraí a bhfuil maignéisiam iontu seachas carbónáití san áireamh, de réir mar is iomchuí.
Seachnófar comhaireamh dúbailte nó easnaimh a leanann as ábhar a thugtar ar ais nó ábhar seach-chonaire. Agus Modh B á chur i bhfeidhm, measfar gur sreabh bhunaidh ar leithligh é deannach áithe aoil i gcás inarb ábhartha.’;
i Roinn 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír B:
‘B. Rialacha faireacháin sonracha
Déanfar faireachán ar astaíochtaí ó dhóchán, lena n-áirítear glanadh gáis múcháin, i gcomhréir le roinn 1 den Iarscríbhinn seo. Déanfar faireachán ar astaíochtaí próisis ó amhábhair neamhcarbónáite, lena n-áirítear cóc, graifít agus deannach guail, i gcomhréir le roinn 4 d’Iarscríbhinn II. Áirítear leis na carbónáití atá le cur san áireamh CaCO3, MgCO3, Na2CO3, NaHCO3, BaCO3, Li2CO3, K2CO3, agus SrCO3. ar a laghad Ní úsáidfear ach Modh A.
De mhaolú ar roinn 4 d’Iarscríbhinn II, beidh feidhm ag na sainmhínithe leibhéil seo a leanas le haghaidh fhachtóir astaíochta na n-amhábhar a bhfuil carbónáit iontu.
Leibhéal 1: Úsáidfear cóimheasa stócaiméadracha mar a liostaítear i roinn 2 d’Iarscríbhinn VI iad. Cinnfear íonacht na n-ábhar ionchuir ábhartha trí bhíthin dea-chleachtas tionscail.
Leibhéal 2: Déanfar cinneadh maidir le méid na gcarbónáití ábhartha i ngach ábhar ionchuir ábhartha i gcomhréir le hAirteagail 32 go 35.
De mhaolú ar roinn 4 d’Iarscríbhinn II le haghaidh an fhachtóra coinbhéartachta, ní bheidh ach leibhéal 1 amháin infheidhme le haghaidh astaíochtaí próisis uile ó amhábhair a bhfuil carbónáit iontu agus ó amhábhair nach bhfuil carbónáit iontu.’;
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘ Íoscheanglais leibhéil le haghaidh modheolaíochtaí ríomh-bhunaithe lena mbaineann suiteálacha chatagóir A dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (a), agus eintitis chatagóir A dá dtagraítear in Airteagal 75e(2), pointe (a), agus fachtóirí ríomha le haghaidh breoslaí tráchtála caighdeánacha a úsáideann suiteálacha chatagóir B agus C dá dtagraítear in Airteagal 19 (2), pointí (b) agus (c), agus eintitis chatagóir B dá dtagraítear in Airteagal 75e(2), pointe (b) ’;
Leasaítear Tábla 1 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú ró (maidir le ‘breoslaí soladacha’):
|
‘Breoslaí soladacha, gan dramhaíl a áireamh |
1 |
2a/2b |
2a/2b |
Ní bhaineann le hábhar |
1 |
Ní bhaineann le hábhar’; |
cuirtear an ró seo a leanas isteach tar éis an tríú ró (maidir le ‘breoslaí soladacha’):
|
‘Dramhaíl |
1 |
2a/2b |
2a/2b |
Ní bhaineann le hábhar |
1 |
Ní bhaineann le hábhar’; |
in Iarscríbhinn V, cuirtear an Tábla 2 seo a leanas leis:
‘Tábla 2
Leibhéil íosta le cur i bhfeidhm le haghaidh modheolaíochtaí ríomh-bhunaithe i gcás eintitis i gcatagóir A agus i gcás fachtóirí ríomha le haghaidh breoslaí tráchtála caighdeánacha le haghaidh eintitis rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 75e(2), pointe (a)
|
An Cineál sreibhe breosla |
An méid breosla arna scaoileadh |
Fachtóir coinbhéartúcháin aonaid |
Fachtóir astaíochta (*1) |
|
Breoslaí tráchtála caighdeánacha |
2 |
2a/2b |
2a/2b |
|
Breoslaí gásacha agus leachtacha eile |
2 |
2a/2b |
2a/2b |
|
Breoslaí soladacha |
1 |
2a/2b |
2a/2b |
|
(*1)
Baineann leibhéil le haghaidh an fhachtóra astaíochta leis an bhfachtóir astaíochta tosaigh. Le haghaidh ábhair mheasctha, cinnfear an codán bithmhaise ar leithligh. Beidh Leibhéal 1 ina leibhéal íosta le cur i bhfeidhm le haghaidh an chodáin bithmhaise i gcás eintitis i gcatagóir A agus i gcás breoslaí tráchtála caighdeánacha le haghaidh na n-eintiteas rialáilte uile i gcomhréir le hAirteagal 75e(2), pointe (a)’; |
|||
in Iarscríbhinn VI, Roinn 1, Tábla 1, cuirtear an ró seo a leanas isteach tar éis an 47ú ró (maidir le ‘Boinn chaite’):
|
‘Dramhaíl chathrach (codán neamh-bhithmhaise) |
91,7 |
Ní bhaineann le hábhar |
IPCC 2006 GL’; |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IX:
‘IARSCRÍBHINN IX
Sonraí agus faisnéis íosta atá le coinneáil i gcomhréir le hAirteagal 67(1)
Coinneoidh oibreoirí, oibreoirí aerárthaí agus eintitis rialáilte na nithe seo a leanas ar a laghad:
1. EILIMINTÍ COITEANNA LE hAGHAIDH SUITEÁLACHA, OIBREOIRÍ AERÁRTHAÍ AGUS EINTITIS RIALÁILTE
An plean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil;
Doiciméid lena dtugtar údar le roghnú na modheolaíochta faireacháin agus na doiciméid lena dtugtar údar le hathruithe ama agus neamh-ama modheolaíochtaí faireacháin agus, i gcás inarb infheidhme, leibhéil arna bhformheas ag an údarás inniúil;
Nuashonruithe ábhartha uile na bpleananna faireacháin faoina dtugtar fógra don údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 15, agus freagraí an údaráis inniúil;
Nósanna imeachta uile i scríbhinn dá dtagraítear sa phlean faireacháin, lena n-áirítear an plean samplála i gcás inarb ábhartha, na nósanna imeachta le haghaidh ghníomhaíochtaí an tsreafa sonraí agus na nósanna imeachta le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe;
Liosta de leaganacha uile an phlean faireacháin a úsáideadh agus na nósanna imeachta gaolmhara uile;
Doiciméadacht na bhfreagrachtaí i ndáil le faireachán agus tuairisciú;
An measúnú riosca a rinne an t-oibreoir, an t-oibreoir aerárthaigh nó an t-eintiteas rialáilte, i gcás inarb infheidhme;
Na tuarascálacha feabhsaithe i gcomhréir le hAirteagal 69;
An tuarascáil astaíochta bhliantúil fhíoraithe;
An tuarascáil fíorúcháin;
Aon fhaisnéis eile a shainítear mar fhaisnéis a cheanglaítear chun an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil a fhíorú.
2. EILIMINTÍ SONRACHA LE hAGHAIDH SUITEÁLACHA FOINSE DÓ-AISTRITHE
An cead astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus aon nuashonrú air;
Aon mheasúnú éiginnteachta, i gcás inarb infheidhme;
Le haghaidh modheolaíochtaí ríomh-bhunaithe a chuirtear i bhfeidhm i suiteálacha:
na sonraí gníomhaíochta a úsáideadh le haghaidh aon ríomh na n-astaíochtaí le haghaidh gach sreabh bhunaidh, catagóirithe de réir phróisis agus cineál breosla nó ábhair;
liosta na luachanna réamhshocraithe uile a úsáideadh mar fhachtóirí ríomha, i gcás inarb infheidhme;
tacar iomlán na dtorthaí samplála agus anailíse chun na fachtóirí ríomha a chinneadh;
doiciméadacht maidir le nósanna imeachta neamhéifeachtacha uile a ceartaíodh agus gníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 64;
aon toradh ó ghléasanna tomhais a chalabrú agus a chothabháil.
Le haghaidh modheolaíochtaí tomhasbhunaithe i suiteálacha, na heilimintí breise seo a leanas:
doiciméadacht lena dtugtar údar le roghnú na modheolaíochta tomhasbhunaithe;
na sonraí a úsáideadh le haghaidh anailís éiginnteachta na n-astaíochtaí ó gach foinse astaíochtaí, catagóirithe de réir phróisis;
na sonraí a úsáideadh le haghaidh ríomhanna comhthacaíochta agus torthaí na ríomhanna;
miontuairisc theicniúil ar an gcóras tomhais leanúnach lena n-áirítear doiciméadacht an fhormheasa ón údarás inniúil;
sonraí loma agus comhiomlánaithe ón gcóras tomhais leanúnach, lena n-áirítear doiciméadacht ar athruithe le himeacht ama, an logleabhar maidir le tástálacha, agaí neamhfhónaimh, calabrúcháin, seirbhísiú agus cothabháil;
doiciméadacht ar aon athrú ar an gcóras tomhais leanúnach;
aon toradh ó ghléasanna tomhais a chalabrú agus a chothabháil;
i gcás inarb infheidhme, an tsamhail chothromaíochta maise nó fuinnimh a úsáideadh chun na sonraí ionadacha a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45(4) agus na toimhdí foluiteacha;
I gcás ina gcuirtear modheolaíocht chúltaca dá dtagraítear in Airteagal 22 i bhfeidhm, na sonraí uile is gá astaíochtaí le haghaidh na bhfoinsí astaíochtaí agus na sreabh bunaidh dá gcuirtear an modheolaíocht sin i bhfeidhm a chinneadh, chomh maith le seachshonraí le haghaidh sonraí gníomhaíochta, fachtóirí ríomha agus paraiméadair eile a thuairisceofaí faoi mhodheolaíocht leibhéil;
Le haghaidh táirgeadh alúmanam príomhúil, na heilimintí breise seo a leanas:
doiciméadacht ar thorthaí ó fheachtais tomhais chun fachtóirí astaíochta a bhaineann go sonrach le suiteáil le haghaidh CF4 agus C2F6 a chinneadh;
doiciméadacht ar thorthaí chinneadh na éifeachtúlachta bailithe le haghaidh astaíochtaí éalaitheacha;
na sonraí ábhartha uile maidir le táirgeadh alúmanam príomhúil, minicíocht agus ré na héifeachta anóidí nó sonraí maidir le róvoltas na héifeachta anóidí;
Le haghaidh gníomhaíochtaí gabhála, iompair agus stórála geolaíche CO2, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí breise seo a leanas:
doiciméadacht ar an méid CO2 a d’insteall suiteálacha, a rinne stóráil gheolaíoch CO2, sa choimpléasc stórála;
sonraí brú agus teochta comhiomlánaithe go hionadaíoch ó líonra iompair;
cóip den chead stórála, lena n-áirítear an plean faireacháin formheasta, de bhun Airteagal 9 de Threoir 2009/31/CE;
na tuarascálacha a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/31/CE;
tuarascálacha maidir le torthaí na n-iniúchtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2009/31/CE;
doiciméadacht ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2009/31/CE.
3. EILIMINTÍ SONRACHA LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ EITLÍOCHTA
Liosta aerárthaí atá faoi úinéireacht, faoi léas nó a ligeadh amach ar léas, agus an fhianaise is gá le haghaidh iomláine an liosta sin; maidir le gach aerárthach an dáta nuair a chuirtear le haerloingeas an oibreora aerárthaigh nó nuair a bhaintear de;
Liosta eitiltí a cumhdaíodh i ngach tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear, le haghaidh gach eitilte, sainitheoir ICAO an dá aeradróm, agus an fhianaise is gá le haghaidh iomláine an liosta sin;
Sonraí ábhartha a úsáideadh chun ídiú breosla agus astaíochtaí a chinneadh;
Doiciméadacht ar an modheolaíocht le haghaidh bearnaí sonraí i gcás inarb infheidhme, an líon eitiltí lenar tarlaíodh bearnaí sonraí, na sonraí a úsáideadh chun na bearnaí sonraí a dhúnadh, na háiteanna inar tharla siad, agus, i gcás inar sháraigh an líon eitiltí ag a raibh bearnaí sonraí 5 % de na heitiltí a tuairiscíodh, cúiseanna leis na bearnaí sonraí chomh maith le doiciméadacht ar ghníomhaíochtaí feabhais a rinneadh.
4. EILIMINTÍ SONRACHA LE hAGHAIDH EINTITIS RIALÁILTE
Liosta sreabh breosla i ngach tréimhse tuairiscithe agus an fhianaise is gá le haghaidh iomláine an liosta sin, lena n-áirítear catagóiriú sreabh breosla;
na modhanna trína scaoiltear na breoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (af) de Threoir 2003/87/CE chun ídithe agus i gcás a bhfuil fáil air, cineálacha tomhaltóirí idirmheánacha, i gcás nach mbeadh ualach riaracháin díréireach ann mar gheall air;
an cineál úsáide deiridh, lena n-áirítear cód CRF ábhartha na n-earnálacha deiridh ina n-ídítear an breosla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (af), de Threoir 2003/87/CE, ar leibhéal an chomhiomlánaithe atá le fáil;
sonraí ábhartha a úsáideadh chun na méideanna breosla arna scaoileadh le haghaidh gach sreabh breosla a chinneadh;
liosta luachanna réamhshocraithe a úsáideadh agus fachtóirí ríomha, i gcás inarb infheidhme;
an fachtóir raoin le haghaidh gach sreabh breosla, lena n-áirítear sainaithint gach earnála ídithe deiridh agus sonraí foluiteacha ábhartha uile le haghaidh an aitheantais sin;
na leibhéil is infheidhme lena n-áirítear réasúnuithe le haghaidh imeacht ó na leibhéil is gá;
tacar iomlán na dtorthaí samplála agus anailíse chun na fachtóirí ríomha a chinneadh;
doiciméadacht maidir le nósanna imeachta neamhéifeachtacha uile a ceartaíodh agus gníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 64;
aon toradh ó ghléasanna tomhais a chalabrú agus a chothabháil;
liosta suiteálacha chuig a scaoiltear breosla mar a shainmhínítear in Airteagal 3 (af) de Threoir 2003/87/CE chun ídithe, lena n-áirítear ainmneacha, seoladh agus uimhir cheada agus méideanna breosla arna scaoileadh a soláthraíodh do na suiteálacha sin le haghaidh na tréimhsí tuairiscithe.’;
Leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:
Leasaítear Roinn 1 mar seo a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):
Sonraí lena sainaithnítear an tsuiteáil, mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, agus a huimhir cheada uathúil cé is moite de shuiteálacha le haghaidh dramhaíl chathrach a loscadh;’;
i mír (6), cuirtear an pointe (h) a leanas isteach:
i gcás inar cineál dramhaíola é an tsreabh bhunaidh, na cóid dramhaíola ábhartha de bhun Cinneadh 2014/955/AE ón gCoimisiún ( *9 ).
i mír (9), cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach:
i gcás inarb infheidhme, athróg ionadach le haghaidh luach fuinnimh ó bhreoslaí agus ábhair iontaise agus ó breoslaí agus ábhair bhithmhaise.’;
Leasaítear Roinn 2 mar seo a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (8):
‘(8) Mais an bhreosla (i dtonaí) in aghaidh an chineáil breosla in aghaidh an phéire Stát, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na nithe uile seo a leanas:
Cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na bithbhreoslaí Airteagal 38(5);
Cé acu an breosla eitlíochta incháilithe é an breosla nó nach ea;
Le haghaidh breoslaí eitlíochta incháilithe, an cineál breosla mar a shainmhínítear in Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (9):
‘(9) Astaíochtaí CO2 iomlána i dtonaí CO2 agus an fachtóir astaíochta tosaigh á úsáid chomh maith leis an bhfachtóir astaíochta arna dhí-chomhiomlánú ag an mBallstát imeachta agus ag an mBallstát teachta, lena n-áirítear CO2 ó bhithbhreoslaí nach gcomhlíonann Airteagal 38(5);’;
i mír (12), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
méid na mbithbhreoslaí a úsáideadh le linn na bliana tuairiscithe (i dtonaí) a liostaítear de réir cineál breosla, agus cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na bithbhreoslaí le hAirteagal 38(5);’;
cuirtear isteach an mhír (12a) seo a leanas:
‘(12a) Méid iomlán breoslaí eitlíochta incháilithe a úsáideadh le linn na bliana tuairiscithe (i dtonaí) a liostaítear de réir cineál breosla de réir Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE;’;
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (13):
‘(13) Mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil, áireoidh an t-oibreoir aerárthaigh astaíochtaí bliantúla agus líonta eitiltí bliantúla in aghaidh an phéire aeradróm. Más infheidhme, sonrófar an méid breosla eitlíochta incháilithe (i dtonaí) in aghaidh an phéire aeradróm. Arna iarraidh sin don oibreoir caithfidh an t-údarás inniúil leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis faoi rún.’;
Scriostar Roinn 3;
cuirtear an Roinn 4 seo a leanas isteach:
‘4. TUARASCÁLACHA ASTAÍOCHTA BLIANTÚLA NA n-EINTITEAS RIALÁILTE
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i dtuarascáil astaíochta bhliantúil an eintitis rialáilte:
Sonraí lena sainaithnítear an t-eintiteas rialáilte, mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, agus a uimhir cheada gás ceaptha teasa uathúil;
Ainm agus seoladh fhíoraitheoir na tuarascála;
An bhliain tuairiscithe;
Tagairt don phlean faireacháin formheasta is déanaí agus a uimhir leagain agus an dáta óna bhfuil feidhm aige, chomh maith le tagairt d’aon phlean faireacháin ábhartha eile agus a n-uimhreacha leagain le haghaidh na bliana tuairiscithe;
Athruithe ábhartha in oibríochtaí an eintitis rialáilte agus athruithe chomh maith le himeachtaí sealadacha ón bplean faireacháin a tharla le linn na tréimhse tuairiscithe arna bhformheas ag an údarás inniúil; lena n-áirítear athruithe sealadacha nó buana ar leibhéil, na cúiseanna leis na hathruithe sin, an dáta tosaigh na n-athruithe, agus dátaí tosaigh agus deiridh na n-athruithe sealadacha;
Faisnéis le haghaidh na sreabha breosla uile ina bhfuil ar a laghad:
na hastaíochtaí iomlána a shloinntear mar t CO2, lena n-áirítear CO2 ó shreabha breoslaí bithmhaise nach gcomhlíonann Airteagal 38(5);
na leibhéil a cuireadh i bhfeidhm;
méideanna breosla arna scaoileadh, (a shloinntear mar thonaí, Nm3 nó TJ) agus an fachtóir coinbhéartúcháin aonaid, a shloinntear mar aonaid iomchuí, tuairiscithe ar leithligh, i gcás inarb infheidhme;
fachtóirí astaíochta, a shloinntear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 75f; codán bithmhaise, a shloinntear mar chodáin gan toisí;
i gcás ina mbaineann fachtóirí astaíochta le haghaidh breoslaí le mais nó toirt in ionad fuinnimh, luachanna a chinntear de bhun Airteagal 75h(3) le haghaidh fhachtóir coinbhéartúcháin aonaid na sreabha breosla faoi seach;
an modh trína scaoiltear an breosla chun ídithe;
úsáid nó úsáidí deiridh na sreabha breosla arna scaoileadh chun ídithe lena n-áirítear an cód CRF, ar an leibhéal mionsonraí atá le fáil;
an fachtóir raoin, a shloinntear mar chodán gan toise, suas le trí phointe deachúlach. I gcás ina n-úsáidtear níos mó ná modh amháin chun an fachtóir raoin a chinneadh le haghaidh sreabh breosla, an fhaisnéis maidir le cineál an mhodha, an fachtóir raoin a bhaineann leis, an méid breosla arna scaoileadh agus an cód CRF ar an leibhéal mionsonraí atá le fáil;
i gcás inarb ionann an fachtóir raoin agus nialas de bhun Airteagal 75l(1):
Liosta na n-eintiteas uile a chumhdaítear le Caibidlí II agus III de Threoir 2003/87/CE a shainaithnítear lena n-ainm, a seoladh agus, i gcás inarb infheidhme, a n-uimhir cheada uathúil;
Na méideanna breosla arna scaoileadh a soláthraíodh do gach eintiteas a chumhdaítear le Caibidlí II agus III de Threoir 2003/87/CE le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha, a shloinntear mar t, Nm3, nó TJ, chomh maith leis na hastaíochtaí comhfhreagracha.
Faisnéis atá le tuairisciú mar ítimí meabhráin, ina bhfuil an méid a leanas ar a laghad:
athróg ionadach le haghaidh ghlanluach calrach na sreabha breosla bithmhaise, i gcás inarb ábhartha;
astaíochtaí, méideanna agus luach fuinnimh bithbhreoslaí agus bithleachtanna arna scaoileadh chun ídithe, a shloinntear in t agus TJ, agus faisnéis a léiríonn an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann bithbhreoslaí agus bithleachtanna den sórt sin Airteagal 38(5);
I gcás inar tharla bearnaí sonraí agus dúnadh le sonraí ionadacha iad i gcomhréir le hAirteagal 66(1):
an tsreabh breosla lena mbaineann gach bearna sonraí;
na cúiseanna atá le gach bearna sonraí;
dáta agus am tosaigh agus deiridh gach bearna sonraí;
na hastaíochtaí a ríomhadh bunaithe ar shonraí ionadacha;
i gcás nár áiríodh an modh meastacháin le haghaidh sonraí ionadacha sa phlean faireacháin fós, tuairisc mhionsonraithe ar an modh meastacháin lena n-áirítear fianaise nach mbíonn gannmheastachán ar astaíochtaí le haghaidh na tréimhse faoi seach mar thoradh ar an modheolaíocht a úsáideadh;
Aon athrú eile ar an eintiteas rialáilte le linn na tréimhse tuairiscithe lena mbaineann ábharthacht le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa an eintitis rialáilte sin le linn an bliana tuairiscithe.’;
cuirtear isteach na hIarscríbhinní seo a leanas:
‘IARSCRÍBHINN Xa
TUARASCÁLACHA AR SHOLÁTHRÓIRÍ BREOSLA AGUS ÚSÁID BREOSLA SUITEÁLACHA DO-AISTRITHE AGUS, I gCÁS INARB ÁBHARTHA, OIBREOIRÍ AERÁRTHAÍ AGUS CUIDEACHTAÍ LOINGSEOIREACHTA
In éineacht leis an bhfaisnéis atá sa tuarascáil astaíochta bhliantúil de bhun Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo, tíolacfaidh an t-oibreoir tuarascáil ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach breosla a ceannaíodh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(af) de Threoir 2003/87/CE:
ainm, seoladh agus uimhir cheada uathúil an tsoláthróra breosla atá cláraithe mar eintiteas rialáilte. I gcásanna nach eintiteas rialáilte é an soláthróir breosla, tíolacfaidh na hoibreoirí, i gcás ina bhfuil fáil air, liosta soláthróirí breoslaí uile, ó sholáthróirí breosla suas go dtí an t-eintiteas rialáilte, lena n-áirítear a n-ainm, a seoladh agus a n-uimhir cheada uathúil;
na cineálacha agus na méideanna breoslaí a fuarthas ó gach soláthróir dá dtagraítear i bpointe (a) le linn na tréimhse tuairiscithe ábhartha;
an méid breosla a úsáideadh le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó gach soláthróir breosla le linn na tréimhse tuairiscithe ábhartha.
IARSCRÍBHINN Xb
TUARASCÁLACHA AR BHREOSLAÍ ARNA SCAOILEADH Ó EINTITIS RIALÁILTE
In éineacht leis an bhfaisnéis atá sa tuarascáil astaíochta bhliantúil de bhun Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo, tíolacfaidh an t-eintiteas rialáilte tuarascáil leis an bhfaisnéis seo a leanas le haghaidh gach breosla a ceannaíodh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (af) de Threoir 2003/87/CE:
ainm, seoladh agus uimhir cheada uathúil an oibreora agus, i gcás inarb ábhartha, an oibreora aerárthaigh agus na cuideachta loingseoireachta, chuig a scaoiltear an breosla. I gcásanna ina bhfuil an breosla beartaithe le haghaidh úsáid deiridh in earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, tíolacfaidh an t-eintiteas rialáilte, i gcás ina bhfuil fáil air, liosta na dtomhaltóirí uile breoslaí, ó cheannaitheoir díreach síos go dtí an t-oibreoir, lena n-áirítear a n-ainm, a seoladh agus a n-uimhir cheada uathúil, i gcás nach mbeadh ualach riaracháin díréireach ann mar gheall air;
na cineálacha agus na méideanna breoslaí a díoladh le gach ceannaitheoir dá dtagraítear i bpointe (a) le linn na tréimhse tuairiscithe ábhartha.
an méid breosla a úsáideadh le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE le haghaidh gach ceannaitheora dá dtagraítear i bpointe (a) le linn na tréimhse tuairiscithe ábhartha.’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (24), (25)(a)(iii), (25)(d), (27), (30)(a), (31), (33), (34)(d) agus (35) ón 1 Iúil 2024 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( *1 ) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.)
( *2 ) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).’;
( *3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).’;
( *4 ) Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).
( *5 ) Treoir 95/60/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1995 maidir le marcáil fhioscach olaí gáis agus ceirisín (IO L 291, 6.12.1995, lch. 46).
( *6 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
( *7 ) Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).’;
( *8 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).’;
( *9 ) Cinneadh 2014/955/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/CE a mhéid a bhaineann leis an liosta dramhaíola de bhun Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 370, 30.12.2014, lch. 44).’;