Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022R0996-20231230

Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/996/2023-12-30

02022R0996 — GA — 30.12.2023 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/996 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meitheamh 2022

i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 168 27.6.2022, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/805 ÓN gCOIMISIÚN  an 7 Márta 2024

  L 805

1

8.3.2024




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/996 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meitheamh 2022

i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

RÉAMHRÁ

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha cur chun feidhme lena áirithiú go ndéanfar é a fhíorú ar bhealach éifeachtúil comhchuibhithe agus go ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha na nithe seo a leanas:

(a) 

comhlíonfaidh siad na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b) 

soláthróidh siad sonraí cruinne maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 25(2) agus Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c) 

na critéir a chomhlíonadh maidir le deimhniú bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC, critéir a bhunaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn ‘scéim dheonach’ eagraíocht a dheimhníonn go gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha critéir agus rialacha, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807;

(2) 

ciallaíonn ‘scéim dheonach aitheanta’ scéim dheonach a aithnítear de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001;

(3) 

ciallaíonn ‘scéim náisiúnta aitheanta’ scéim náisiúnta a aithnítear de bhun Airteagal 30(6) de Threoir (AE) 2018/2001;

(4) 

ciallaíonn ‘deimhniú’ ráiteas comhréireachta ó chomhlacht deimhniúcháin faoi chuimsiú scéim dheonach, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch ceanglais Threoir (AE) 2018/2001;

(5) 

ciallaíonn ‘deimhniú ar fionraí’ deimhniú atá neamhbhailí ar bhonn sealadach mar gheall ar neamhchomhlíonadh arna shainaithint ag an gcomhlacht deimhniúcháin nó arna iarraidh sin go deonach don oibreoir eacnamaíoch;

(6) 

ciallaíonn ‘deimhniú aistarraingthe’ deimhniú a chuir an comhlacht deimhniúcháin nó an scéim dheonach ar ceal go buan;

(7) 

ciallaíonn ‘deimhniú foirceannta’ deimhniú a cuireadh ar ceal go deonach le linn dó a bheith fós bailí;

(8) 

ciallaíonn ‘deimhniú a chuaigh in éag’ deimhniú nach bhfuil bailí a thuilleadh;

(9) 

ciallaíonn ‘airíonna inbhuanaitheachta agus airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa’ an tacar faisnéise lena dtugtar tuairisc ar choinsíneacht d’amhábhar nó de bhreosla a theastaíonn chun a léiriú go bhfuil an choinsíneacht sin i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta agus leis na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise nó leis na ceanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa is infheidhme le haghaidh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte;

(10) 

ciallaíonn ‘meascadh amhábhair chun tuilleadh próiseála a dhéanamh’ meascadh fisiceach amhábhair chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise a tháirgeadh agus chuige sin amháin;

(11) 

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ táirgeoir amhábhair, bailitheoir dramhaíola agus iarmhar, oibreoir suiteálacha a phróiseálann breoslaí deiridh nó táirgí idirmheánacha as amhábhar, oibreoir suiteálacha a tháirgeann fuinneamh (leictreachas, téamh nó fuarú) nó oibreoir ar bith eile, lena n-áirítear saoráidí stórála nó trádálaithe a bhfuil seilbh fhisiceach acu ar amhábhar nó ar bhreoslaí, ar choinníoll go bpróiseálann siad faisnéis faoi airíonna inbhuanaitheachta agus airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na n-amhábhar nó na mbreoslaí sin;

(12) 

ciallaíonn ‘an chéad phointe bailiúcháin’ saoráid stórála nó phróiseála arna bainistiú go díreach ag oibreoir eacnamaíoch nó ag contrapháirtí eile faoi chomhaontú conarthach ar saoráid í a fhoinsíonn amhábhar go díreach ó tháirgeoirí bithmhaise talmhaíochta, bithmhaise foraoise, dramhaíola agus iarmhar nó, i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, ón ngléasra a tháirgeann breoslaí den sórt sin;

(13) 

ciallaíonn ‘iniúchadh deimhniúcháin’ iniúchadh tosaigh roimh rannpháirtiú i scéim, arb é is aidhm dó deimhniú a eisiúint faoi scéim dheonach;

(14) 

ciallaíonn ‘comhlacht deimhniúcháin’ comhlacht neamhspleách creidiúnaithe nó aitheanta um measúnú comhréireachta a thugann comhaontú le scéim dheonach chun críche chun seirbhísí deimhniúcháin a sholáthar le haghaidh amhábhair nó breoslaí trí iniúchtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha agus trí dheimhnithe a eisiúint thar ceann na scéimeanna deonacha trí úsáid a bhaint as córas deimhniúcháin na scéime deonaí;

(15) 

ciallaíonn ‘neamhchomhlíonadh’ neamhchomhlíontacht oibreora eacnamaíoch nó comhlachta deimhniúcháin leis na rialacha agus na nósanna imeachta, arna mbunú leis an scéim dheonach, a bhfuil siad ina gcomhaltaí di nó faoina n-oibríonn siad;

(16) 

ciallaíonn ‘iniúchadh faireachais’ aon iniúchadh leantach ar dheimhnithe arna n-eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin faoi chuimsiú scéim dheonach tar éis deimhniúcháin agus roimh iniúchadh athdheimhniúcháin, a d’fhéadfaí a dhéanamh go ráithiúil, go leathbhliantúil nó go bliantúil;

(17) 

ciallaíonn ‘iniúchadh athdheimhniúcháin’ iniúchadh arb é is aidhm dó deimhniú a athnuachan arna eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin faoi chuimsiú scéim dheonach;

(18) 

ciallaíonn ‘bonneagar idirnasctha’ córas bonneagar, lena n-áirítear píblínte, críochfoirt GNL agus saoráidí stórála, lena n-iompraítear gáis, arb é atá iontu go príomha meatán agus lena n-áirítear bithghás agus gás ó bhithmhais, go háirithe bithmheatán, nó cineálacha eile gáis is féidir a instealladh go teicniúil agus go sábháilte isteach i gcóras na píblíne gáis nádúrtha, i gcórais hidrigine chomh maith le gréasáin píblínte agus i mbonneagair tarchurtha nó dáileacháin le haghaidh breoslaí leachtacha agus ar féidir a iompar go teicniúil agus go sábháilte tríothu;

(19) 

ciallaíonn ‘córas hidrigine’ córas bonneagair, lena n-áirítear gréasáin hidrigine, stóráil hidrigine agus críochfoirt hidrigine, ina bhfuil hidrigin d’ardghrád íonachta;

(20) 

ciallaíonn ‘réamhtheachtaithe dlíthiúla’ oibreoir eacnamaíoch ar cuireadh ceann nua ina ionad go dlíthiúil, ach nach ndearnadh aon athrú substainteach nó nach ndearnadh ach athruithe dromchlacha maidir lena úinéireacht, lena chomhdhéanamh bainistíochta, lena mhodhanna oibre nó lena raon feidhme gníomhaíochta.

(21) 

ciallaíonn ‘grúpa táirgí’ amhábhar, bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise neamhghásacha a bhfuil saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha comhchosúla acu agus luachanna comhchosúla téimh nó breoslaí bithmhaise gásacha, agus GNL a bhfuil saintréithe ceimiceacha comhchosúla acu agus iad ar fad faoi réir na rialacha céanna a leagtar amach in Airteagail 7, 26 agus 27 de Threoir (AE) 2018/2001 chun rannchuidiú bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chinneadh maidir leis na spriocanna le haghaidh fuinneamh inathnuaite a bhaint amach;

(22) 

ciallaíonn ‘suíomh’ suíomh geografach, saoráidí lóistíochta, bonneagair tharchurtha nó dháileacháin lena mbaineann teorainneacha beachta ar féidir táirgí a mheascadh laistigh díobh;

(23) 

ciallaíonn ‘cruthúnas ar inbhuanaitheacht’ dearbhú ó oibreoir eacnamaíoch, arna dhéanamh ar bhonn deimhniú arna eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin faoi chuimsiú scéim dheonach lena ndeimhnítear comhlíontacht cainníocht shonrach bunábhair nó breoslaí leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 25(2) agus in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001;

(24) 

ciallaíonn ‘amhábhar’ substaintí nár próiseáladh ina mbreoslaí go fóill, lena n-áirítear táirgí idirmheánacha;

(25) 

ciallaíonn ‘breoslaí’ breoslaí atá réidh le soláthar lena dtomhailt, lena n-áirítear bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte.

(26) 

ciallaíonn ‘tástáil tarraingteachta airgeadais’ ríomh an Ghlanluacha Reatha atá ag infheistíocht, bunaithe ar bhearta breisíochta i gcomhthéacs deimhniú bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC;

(27) 

ciallaíonn ‘tástáil bacainní neamhairgeadais’ measúnú ar na bacainní eile a d’fhéadfadh a bheith ann agus a mheastar go gcuirfidís cosc ar oibreoir eacnamaíoch bearta breisíochta a chur chun feidhme i gcomhthéacs deimhniú bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC;

(28) 

ciallaíonn ‘bunachar sonraí an Aontais’ an bunachar sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 28, pointe 2, de Threoir (AE) 2018/2001;

(29) 

tá an chiall le ‘féarthalamh’ a shanntar dó in Airteagal 1, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2014 ón gCoimisiún ( 1 ).

CAIBIDIL II

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE RIALÚ, NÓSANNA IMEACHTA UM GHEARÁIN AGUS TRÉDHEARCACHT NA SCÉIMEANNA DEONACHA AGUS MAIDIR LE FAIREACHÁN INMHEÁNACH A DHÉANAMH ORTHU

Airteagal 3

Struchtúr rialachais na scéime deonaí

1.  
Bunófar le scéimeanna deonacha struchtúr rialachais chun a áirithiú go mbeidh an inniúlacht dhlíthiúil agus theicniúil, an neamhchlaontacht dhlíthiúil agus theicniúil agus an neamhspleáchas dlíthiúil agus teicniúil is gá ag an scéim chun a cuid dualgas a chomhlíonadh. Bunófar coiste teicniúil nó córas coibhéiseach tacaíochta ó shaineolaithe teicniúla, ag brath ar raon feidhme na scéime deonaí, ar coiste nó córas é lena ligfear do shaineolaithe seachtracha neamhspleácha comhairle a thabhairt maidir le saincheisteanna teicniúla i gcásanna sonracha.
2.  
Áireofar a mhéid is féidir i struchtúr rialachais agus i gcinnteoireacht scéimeanna deonacha raon leathan ionadaithe ó ghrúpaí páirtithe leasmhara ábhartha éagsúla amhail comhlachais feirmeoirí nó foraoiseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, pobail dhúchasacha agus áitiúla a bhféadfadh an scéim difear a dhéanamh dóibh, lucht acadúil, agus táirgeoirí breosla. Ní bheidh ceannasacht ag aon pháirtí leasmhar aonair ná aon ghrúpa páirtithe leasmhara sa phróiseas cinnteoireachta. Ní ghlacfar cinntí ach amháin nuair a thagtar ar chóram ina bhfuil tromlach na bpáirtithe leasmhara.
3.  
Cuirfidh scéimeanna deonacha rialacha agus nósanna imeachta ar bun chun coinbhleachtaí leasa sa chinnteoireacht a sheachaint. Mar chaighdeán íosta, déanfaidh siad córas seiceálacha agus ceartúchán a fhorfheidhmiú chun a áirithiú nach bhféadfaidh aon pháirtí leasmhar aonair, a bhfuil leas dílsithe aige i dtoradh cinnidh, tionchar cinntitheach a imirt ar an gcinneadh áirithe sin.
4.  
Bunóidh comhlachtaí deimhniúcháin rialacha agus nósanna imeachta sláine chun a neamhspleáchas iomlán ar na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa scéim a áirithiú. Ceanglófar le scéimeanna deonacha go mbeidh na comhlachtaí deimhniúcháin a fheidhmíonn thar ceann na scéime creidiúnaithe do chaighdeán 17065 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO).
5.  
Beidh sé mar aidhm ag córas rialachais an chomhlachta deimhniúcháin neamhspleáchas bhreithiúnas na n-iniúchóir a áirithiú ar an leibhéal is airde is féidir trí phrionsabail maidir le huainíocht na n-iniúchóirí nó dea-chleachtais eile atá sa réimse cheana a chur i bhfeidhm.
6.  
Déanfar daoine a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith acu a eisiamh ón gcinnteoireacht sa scéim dheonach agus sa chomhlacht deimhniúcháin araon. Leis na scéimeanna deonacha cuirfear nósanna imeachta iomchuí agus rian iniúchóireachta i bhfeidhm chun cásanna den sórt sin a shainaithint agus a dhoiciméadú, agus déanfar athbhreithniú orthu go rialta mar chuid dá gcórais faireacháin inmheánaigh.

Airteagal 4

Neamhchomhlíonadh oibreoirí eacnamaíocha faoin scéim

1.  
Bunófar le scéimeanna deonacha córas cuimsitheach chun déileáil le neamhchomhlíonadh oibreoirí eacnamaíocha. Mar chaighdeán íosta, beidh aicmiú soiléir neamhchomhlíonta sa chóras sin, bunaithe ar a dhéine atá an neamhchomhlíonadh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 10. Maidir le gach cineál neamhchomhlíonta, beidh sraith thrédhearcach rialacha agus nósanna imeachta ann lena áirithiú go ndéanfar bearta ceartaitheacha agus smachtbhannaí a fhorfheidhmiú go tráthúil, lena n-áirítear fionraíocht, i gcás inarb iomchuí. Cuirfear na nósanna imeachta forfheidhmithe sin i ngníomh gan mhoill, ag brath ar a thromchúisí atá an neamhchomhlíonadh agus ar phráinn na mbeart ceartaitheach.
2.  
Oibreoirí eacnamaíocha a gcuirtear a ndeimhnithe ar fionraí, ní bheidh siad in ann éilimh inbhuanaitheachta a dhéanamh go dtí go gcuirfear deireadh leis an bhfionraíocht. Ní fhéadfaidh oibreoirí a cuireadh ar fionraí a bheith comhpháirteach i scéim dheonach eile le linn na tréimhse sin. I gcás ina ndéanfar rannpháirtíocht oibreora eacnamaíoch, nó a réamhtheachtaithe dlíthiúla, i scéim dheonach a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh trína dheimhniú a tharraingt siar tar éis iniúchadh a dheimhnigh neamhchomhlíonadh criticiúil, féadfaidh scéimeanna deonacha eile rannpháirtíocht an oibreora sin a dhiúltú go ceann 2 bhliain ar a laghad tar éis an rannpháirtíocht a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.
3.  
Oibreoir eacnamaíoch a bhfuarthas amach roimhe sin mar gheall ar neamhchomhlíonadh criticiúil nó mór-neamhchomhlíonadh ina leith, i gcás ina ndéanann sé iarratas ar athdheimhniú cuirfidh an t-iniúchóir an méid sin ar a súile do na scéimeanna deonacha uile ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch rannpháirteach faoi láthair nó ar iarr sé athdheimhniú orthu.

Airteagal 5

Faireachán inmheánach, nós imeachta um ghearáin agus córas bainistíochta doiciméadachta

1.  
Bunófar le scéimeanna deonacha córas faireacháin inmheánaigh chun comhlíontacht oibreoirí eacnamaíocha a fhíorú leis na rialacha agus na nósanna imeachta a chuireann an scéim i bhfeidhm agus chun cáilíocht na hoibre a dhéanann iniúchóirí na gcomhlachtaí deimhniúcháin a áirithiú. Déanfar faireachán inmheánach uair sa bhliain ar a laghad agus léireofar ann cumhdach geografach agus cumhdach amhábhair na scéime deonaí, chomh maith le leibhéal riosca na ngníomhaíochtaí a dhéanann na hoibreoirí eacnamaíocha. Mar chuid den phróiseas faireacháin, ceanglóidh scéimeanna deonacha ar chomhlachtaí deimhniúcháin gach tuarascáil iniúchóra a chur isteach, agus, i gcás inarb infheidhme, ríomhanna ar luachanna iarbhír le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. Cumhdófar leis na gníomhaíochtaí faireacháin sampla randamach rioscabhunaithe de na tuarascálacha iniúchóra sin ó gach comhlacht deimhniúcháin.
2.  
Bunófar le scéimeanna deonacha rialacha agus nósanna imeachta chun obair leantach éifeachtach ar thorthaí an fhaireacháin inmheánaigh a áirithiú agus, i gcás inar gá, chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm. Ar bhonn thorthaí an fhaireacháin inmheánaigh, déanfar bearta ceartaitheacha ar leibhéal an struchtúir rialachais nó leibhéal an phróisis faireacháin inmheánaigh sa scéim dheonach d’fhonn a feidhmiú a fheabhsú amach anseo. Déanfar achoimre ar thorthaí ghníomhaíochtaí faireacháin bliantúla na scéime deonaí sa tuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.
3.  

Bunófar le scéimeanna deonacha nósanna imeachta chun gearáin a thaisceadh in aghaidh oibreoirí eacnamaíocha nó comhlachtaí deimhniúcháin. Beidh rochtain ar an nós imeachta um ghearáin ar shuíomh gréasáin na scéime deonaí agus ceadófar gearáin a sheoladh go leictreonach nó tríd an bpost. Leis an nós imeachta um ghearáin, áiritheofar freisin cosaint na ndaoine a thuairiscíonn sáruithe nó a thaisceann gearánaigh de mheon macánta i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ). Léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar an suíomh gréasáin:

(a) 

an fhaisnéis agus an fhianaise atá le soláthar chun gearán a dhéanamh, chomh maith leis an seoladh poist nó an seoladh ríomhphoist a bhfuil sé le cur chuige;

(b) 

treoraíocht maidir le cé na gearáin a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta;

(c) 

forbhreathnú céim ar chéim ar an gcaoi a láimhseáiltear gearáin, ón gcéad ghearán a fháil go dtí an réiteach, agus an tréimhse ama a ghabhann le gach céim;

(d) 

an próiseas cinnteoireachta le haghaidh gearán agus an próiseas chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí;

(e) 

iarmhairtí na scéime deonaí ina bhfaightear neamhchomhlíonadh de dheasca gearáin.

4.  
Coimeádfaidh scéimeanna deonacha clár de na gearáin go léir, agus soláthróidh siad achoimre ar na gearáin sin don Choimisiún sa tuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta. Arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, soláthróidh siad na doiciméid uile a bhaineann le gearán agus le láimhseáil an ghearáin.
5.  

Bunóidh scéimeanna deonacha agus comhlachtaí deimhniúcháin córas bainistíochta doiciméadachta lena dtabharfar aghaidh ar gach ceann de na gnéithe seo a leanas:

(a) 

doiciméadacht ghinearálta maidir leis an gcóras bainistíochta (e.g. lámhleabhair, beartais, sainiú freagrachtaí);

(b) 

rialú doiciméad agus taifead;

(c) 

athbhreithniú bainistíochta ar an gcóras bainistíochta;

(d) 

iniúchóireacht inmheánach/monatóireacht inmheánach;

(e) 

nósanna imeachta um neamhchomhlíonadh a shainaithint agus a bhainistiú; agus

(f) 

nósanna imeachta um bearta coisctheacha a dhéanamh chun deireadh a chur leis na cúiseanna le neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann.

Coinneofar an doiciméadacht go ceann 5 bliana ar a laghad, nó níos faide má éilíonn an t-údarás náisiúnta ábhartha sin.

Airteagal 6

Foilsiú faisnéise ag scéimeanna deonacha

Cuirfidh scéimeanna deonacha an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go poiblí agus gan bhac ar shuíomh gréasáin:

(a) 

a struchtúr rialachais, ina dtugtar tuairisc ar róil na gcomhlachtaí ábhartha uile, mionsonraí maidir le struchtúr úinéireachta, comhdhéanamh agus taithí an Bhoird Stiúrthóirí, na Rúnaíochta agus an Choiste Theicniúil, nó a choibhéis, mar aon le liosta na gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu nó na rannpháirtithe sa scéim, de réir mar is iomchuí;

(b) 

liosta de na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa scéim, a stádas deimhniúcháin, leis an dáta sonrach a eisíodh, a cuireadh ar fionraí, a tarraingíodh siar nó a foirceannadh a ndeimhniú nó a chuaigh sé in éag, chomh maith leis na deimhnithe nó na tuarascálacha iniúchta achomair arna dtarraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn II. I gcás ina sainaithneofar le hiniúchtaí samplaí de neamhchomhlíonadh criticiúil nó mór-neamhchomhlíonadh, foilseoidh scéimeanna deonacha liosta comhiomlánaithe de na samplaí sin de neamhchomhlíonadh in éineacht le plean gníomhaíochta sonrach agus uainiú lena gceartú mar a comhaontaíodh leis na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann. Féadfar faisnéis shonrach maidir leis na deimhnithe nó na tuarascálacha iniúchta achomair a chur in eagar chun an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta a fholú. Oibreoirí eacnamaíocha a ndéanfar a ndeimhnithe a tharraingt siar nó a fhoirceannadh nó a dtéann a ndeimhnithe in éag, déanfar iad a liostú ar an suíomh gréasáin go ceann 24 mhí ar a laghad tar éis an dáta a tharraingeofar siar nó a fhoirceannfar iad nó a rachaidh siad in éag. Cuirfear athruithe ar stádas deimhniúcháin na n-oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don phobal gan mhoill;

(c) 

an leagan is déanaí dá ndoiciméadacht scéime agus na treoirlínte le haghaidh iniúchtaí. Áireofar sna doiciméid dáta agus uimhir leagain agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfar achoimre ar aon athrú a rinneadh i gcomparáid leis an leagan den doiciméad a bhí ann roimhe sin;

(d) 

sonraí teagmhála na scéime, lena n-áirítear uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus seoladh comhfhreagrais;

(e) 

liosta de na comhlachtaí deimhniúcháin a dhéanann iniúchóireacht neamhspleách faoin scéim, agus léireofar ann i gcás gach comhlachta deimhniúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 30(9), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001, cé an t-údarás poiblí náisiúnta nó an t-eintiteas a chreidiúnaigh nó a d’aithin é agus cé an t-eintiteas nó an t-údarás poiblí náisiúnta de chuid an Bhallstáit a dhéanann maoirsiú air. Maidir le comhlachtaí deimhniúcháin nach bhfuil i dteideal iniúchadh neamhspleách a dhéanamh faoin scéim a thuilleadh, liostófar iad go ceann 12 mhí ar a laghad tar éis an iniúchta dheireanaigh le táscaire chuige sin;

(f) 

torthaí ghníomhaíochtaí faireacháin bliantúla na scéime deonaí mar a shonraítear iad sa tuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta.

Airteagal 7

Athrú scéime ag oibreoirí eacnamaíocha

1.  

Ceanglóidh scéimeanna deonacha ar oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh ina n-iarratais ar dheimhniú:

(a) 

cé acu an bhfuil siad féin nó a réamhtheachtaí dlíthiúil rannpháirteach i scéim dheonach eile faoi láthair nó nach bhfuil nó an raibh siad rannpháirteach i scéim dheonach eile le 5 bliana anuas nó nach raibh;

(b) 

an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear na sonraí maidir le maischothromaíocht agus na tuarascálacha iniúchóra agus, i gcás inarb infheidhme, aon chinneadh chun a ndeimhnithe a chur ar fionraí nó a tharraingt siar le 5 bliana anuas;

(c) 

cibé acu ar tharraing siad siar ó scéim roimh an gcéad iniúchadh faireachais nó nár tharraing.

2.  

Eisiafaidh scéimeanna deonacha oibreoirí eacnamaíocha ón scéim sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ní nochtann siad an fhaisnéis i mír 1, pointí (a) agus (b);

(b) 

theip orthu nó ar a réamhtheachtaí dlíthiúil san iniúchadh tosaigh faoi scéim eile, mura rud é go ndearnadh an t-iniúchadh tosaigh sin breis agus 3 bliana roimh an iarratas nó más rud é, idir an dá linn, gur scoir an scéim eile dá gníomhaíochtaí deimhniúcháin, rud a chuir cosc ar an oibreoir eacnamaíoch athiarratas a dhéanamh. I gcás ina nglacann scéim dheonach le bonn cirt na n-oibreoirí eacnamaíocha agus ina gcinneann sí a n-iarratas a mheasúnú, déanfar raon feidhme an iniúchta tosaigh a choigeartú chun na saincheisteanna ábhartha uile a chumhdach agus chun díriú go sonrach ar na heasnaimh a sainaithníodh san iniúchadh tosaigh inar theip orthu sa scéim eile;

(c) 

tharraing siad féin nó a réamhtheachtaí dlíthiúil siar ó scéim eile sular tharla an chéad iniúchadh faireachais, ach amháin más féidir leis an oibreoir a chruthú go raibh cúis bhailí aige lena dhéanamh. I gcás ina nglacfaidh scéim dheonach leis an mbonn cirt a thug an t-oibreoir eacnamaíoch, déanfar raon feidhme an iniúchta tosaigh a choigeartú chun saincheisteanna ábhartha uile an iniúchta faireachais a chumhdach.

Airteagal 8

Aitheantas i gcomhair scéimeanna deonacha eile

I gcás ina mbraitheann cuid den slabhra soláthair ar scéimeanna deonacha eile, ní ghlacfaidh siad le fianaise ó scéimeanna deonacha a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001 ach amháin a mhéid a bhaineann le raon feidhme a n-aitheanta.

Airteagal 9

Aitheantas i gcomhair scéimeanna náisiúnta

Ní dhiúltóidh scéimeanna deonacha aitheantas a thabhairt do scéimeanna náisiúnta aitheanta a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar GCT a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001, leis na tairseacha coigiltis GCT a leagtar amach in Airteagal 25(2) den Treoir sin agus leis na critéir chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 a dheimhniú.

CAIBIDIL III

AN PRÓISEAS INIÚCHTA, RAON FEIDHME AN INIÚCHTA, CÁILÍOCHTAÍ NA N-INIÚCHÓIRÍ AGUS MAOIRSEACHT AR INIÚCHADH

Airteagal 10

An próiseas iniúchta agus leibhéil dearbhaithe

1.  
Ceanglófar le scéimeanna deonacha go n-éireoidh le hoibreoirí eacnamaíocha in iniúchadh tosaigh sula dtabharfaidh siad cead dóibh a bheith rannpháirteach sa scéim. Maidir leis an iniúchadh tosaigh ar rannpháirtí nua i scéim nó le hathdheimhniú an rannpháirtí sa scéim atá ann cheana faoi chreat rialála athbhreithnithe, déanfar ar an láthair iad i gcónaí agus tabharfar dearbhú réasúnach leo ar a laghad maidir le héifeachtacht a bpróiseas inmheánach. Ag brath ar phróifíl riosca an oibreora eacnamaíoch, is féidir leibhéal dearbhaithe teoranta a chur i bhfeidhm maidir le fírinneacht a ráiteas. Ar bhonn thorthaí an iniúchta tosaigh, féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin a mheastar go mbaineann riosca íseal leo a bheith faoi réir dearbhaithe iniúchóireachta teoranta ina dhiaidh sin.
2.  

Féadfar le scéimeanna deonacha comhlacht deimhniúcháin a údarú chun comhlíontacht le creataí éagsúla deimhniúcháin a fhíorú le linn an phróisis iniúchóireachta chéanna, fad a dheimhníonn an comhlacht deimhniúcháin go gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 1. Áiritheoidh scéimeanna deonacha a cheadaíonn fad deimhnithe níos faide ná bliain amháin go ndéanfar iniúchadh faireachais bliantúil ar na hoibreoirí eacnamaíocha uile atá rannpháirteach sa scéim. I gcás iniúchtaí grúpa, áfach, féadfaidh an t-iniúchadh bliantúil sampla de chomhaltaí an ghrúpa a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 12. Déanfar minicíocht na n-iniúchtaí faireachais a mhéadú ar bhonn leibhéal an riosca fhoriomláin a bhaineann le próifíl an oibreora eacnamaíoch, leis an slabhra soláthair agus le torthaí iniúchtaí roimhe sin. Beidh an t-athbhreithneoir teicniúil freagrach as torthaí na n-iniúchtaí faireachais a bhailíochtú.

Bunófar le scéimeanna deonacha nósanna imeachta mionsonraithe ina leagfar amach an chaoi a ndéantar iniúchtaí a phleanáil agus a chomhlíonadh agus an chaoi a ndéantar tuarascálacha iniúchóra a tharraingt suas. Áiritheoidh scéimeanna deonacha go ndéanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin iniúchtaí i gcomhréir le ISO 19011 nó a chomhionann. Áiritheoidh scéimeanna deonacha freisin go ndéanfar faisnéis iniúchóireachta a mhalartú go héifeachtúil agus go tráthúil eatarthu chun tacú le hullmhú éifeachtach agus le hiompar éifeachtach an iniúchta. Cuimseofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad san iniúchadh:

(a) 

sainaithint na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an oibreoir eacnamaíoch ar gníomhaíochtaí iad atá ábhartha do chritéir na scéime;

(b) 

sainaithint chórais ábhartha an oibreora eacnamaíoch agus a eagrúchán foriomlán i ndáil le critéir na scéime agus seiceálacha ar chur chun feidhme éifeachtach na gcóras rialaithe ábhartha;

(c) 

anailís ar na rioscaí a bhféadfadh míráiteas ábhartha a bheith mar thoradh orthu, bunaithe ar eolas gairmiúil an iniúchóra agus ar an bhfaisnéis a chuireann an t-oibreoir eacnamaíoch isteach. Cuirfear san áireamh san anailís sin próifíl riosca fhoriomlán na ngníomhaíochtaí, ag brath ar leibhéal riosca an oibreora eacnamaíoch agus an tslabhra soláthair, thar aon rud eile ag na céimeanna réamhtheachtacha agus iartheachtacha láithreach, mar shampla d’oibreoirí eacnamaíocha a láimhseálann ábhar a liostaítear in Iarscríbhinn IX. Cuirfear déine nó raon feidhme an iniúchta, nó an dá rud, in oiriúint do leibhéal an riosca fhoriomláin arna shainaithint, bunaithe freisin ar sheiceálacha inchreidteachta ar chumas táirgthe gléasra agus ar na cainníochtaí dearbhaithe breoslaí táirgthe;

(d) 

plean fíorúcháin a chomhfhreagraíonn don anailís riosca agus do raon feidhme agus do chastacht ghníomhaíochtaí an oibreora eacnamaíoch, agus lena sainítear na modhanna samplála a bheidh le húsáid i ndáil le gníomhaíochtaí an oibreora sin;

(e) 

an plean fíorúcháin a chur chun feidhme trí fhianaise a bhailiú i gcomhréir leis na modhanna samplála arna sainiú, chomh maith leis an bhfianaise ábhartha bhreise uile ar a mbunófar conclúid an fhíoraitheora;

(f) 

iarraidh a dhéantar ar an oibreoir maidir le haon eilimint de rianta iniúchóireachta atá ar iarraidh a sholáthar, míniú ar athruithe, nó athbhreithniú ar éilimh nó ar ríomhanna, sula dtiocfar ar chonclúid fíorúcháin chríochnaitheach;

(g) 

fíorú ar chruinneas na sonraí arna dtaifeadadh ag na hoibreoirí eacnamaíocha nó ag a n-ionadaithe i mbunachar sonraí an Aontais;

3.  
Déanfar neamhchomhlíonadh a shainaithneofar le linn iniúchta a aicmiú mar nithe criticiúla, móra agus beaga i gcomhréir leis an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír.

Measfar gur neamhchomhlíonadh criticiúil é sárú d’aon ghnó ar chaighdeáin na scéime deonaí amhail calaois, neamhchomhlíonadh do-aisiompaithe, nó sárú a chuireann ionracas na scéime deonaí i mbaol. Áireofar na nithe seo a leanas mar neamhchomhlíonadh criticiúil, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a) 

neamhchomhlíontacht le ceanglas sainordaitheach de chuid Threoir (AE) 2018/2001, amhail tiontú talún a sháraíonn Airteagal 29(3), (4) agus (5) den Treoir sin;

(b) 

cruthúnas i dtaobh na hinbhuanaitheachta nó féindearbhuithe a eisiúint go calaoiseach, mar shampla dúbailt d’aon ghnó cruthúnas ar inbhuanaitheacht chun sochar airgeadais a lorg;

(c) 

míráiteas d’aon ghnó ar thuairisc ar amhábhar, luachanna GCT nó sonraí ionchuir a fhalsú chomh maith le dramhaíl nó iarmhair a tháirgeadh d’aon ghnó, mar shampla, próiseas táirgthe a mhodhnú d’aon ghnó chun ábhar iarmhair breise a tháirgeadh, nó éilliú ábhair d’aon ghnó d’fhonn é a aicmiú mar dhramhaíl;

Maidir le mainneachtain ceanglas sainordaitheach de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh, i gcás ina bhféadfadh an neamhchomhlíonadh a bheith in-aisiompaithe, ina bhféadfadh sé a bheith ann arís agus arís eile agus ina bhféadfaí fadhbanna córasacha a nochtadh leis, nó gnéithe córasacha a d’fhéadfadh cliseadh bunúsach sa chóras a bheith mar thoradh orthu, ina n-aonar nó in éineacht le neamhchomhlíonadh eile, measfar gur mór-neamhchomhlíonadh atá ann. Áireofar na nithe seo a leanas mar mhór-neamhchomhlíonadh, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a) 

fadhbanna córasacha le maischothromaíocht nó sonraí maidir le GCT arna dtuairisciú mar shampla, déantar doiciméadacht mhícheart a shainaithint i níos mó ná 10 % de na héilimh a áirítear sa sampla ionadaíoch;

(b) 

oibreoir eacnamaíoch a fhágáil ar lár chun a dhearbhú go raibh sé rannpháirteach i scéimeanna deonacha eile le linn an phróisis deimhniúcháin;

(c) 

mainneachtain faisnéis ábhartha a sholáthar d’iniúchóirí, mar shampla sonraí maidir le maischothromaíocht agus tuarascálacha iniúchóra.

Maidir le neamhchomhlíonadh a bhfuil tionchar teoranta aige, ar dul i léig aonarach nó ar bhonn sealadach é, nach bhfuil córasach agus nach dtarlaíonn aon mhainneachtain bhunúsach mar thoradh air mura gceartaítear é, measfar gur mion-neamhchomhlíonadh é.

4.  

Is iad seo a leanas na hiarmhairtí ar oibreoirí eacnamaíocha a bheidh ag neamhchomhlíonadh:

(a) 

i gcás neamhchomhlíonadh criticiúil, ní eiseofar deimhniú d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil iarratas ar dheimhniú á dhéanamh acu. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha ath-iarratas a dhéanamh ar dheimhniú tar éis tréimhse ama shocraithe a bheith caite, tréimhse a chinnfidh an scéim dheonach. I gcás neamhchomhlíonadh criticiúil a shainaithneofar le linn iniúchtaí faireachais nó athdheimhniúcháin, nó trí phróiseas inmheánach faireacháin nó gearáin na scéime deonaí, déanfar deimhniú an oibreora eacnamaíoch a tharraingt siar láithreach;

(b) 

i gcás mór-neamhchomhlíonadh, ní eiseofar deimhniú d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil iarratas ar dheimhniú á dhéanamh acu. I gcás mór-neamhchomhlíonadh a shainaithneofar le linn iniúchtaí faireachais nó athdheimhniúcháin, nó trí phróiseas inmheánach faireacháin nó gearáin na scéime deonaí, cuirfear deimhniú an oibreora eacnamaíoch ar fionraí láithreach. I gcás nach soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha leigheas ar aon mhór-neamhchomhlíonadh laistigh de 90 lá ón bhfógra a fháil, tarraingeofar siar an deimhniú;

(c) 

i gcás mion-neamhchomhlíonadh, féadfaidh scéimeanna deonacha an tréimhse ama lena réiteach a shainiú, ar tréimhse í nach faide ná 12 mhí tar éis an fógra a fháil ina leith agus dáta na chéad iniúchta faireachais nó athdheimhniúcháin eile.

5.  

Ní dheimhneoidh scéimeanna deonacha oibreoirí eacnamaíocha ach i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais uile seo a leanas:

(a) 

córas bainistíochta doiciméadachta a bheith acu;

(b) 

córas in-iniúchta a bheith acu chun an fhianaise ar fad a bhaineann leis na héilimh a dhéanann siad nó a mbraitheann siad orthu a chumhdach agus nó chun athbhreithniú a dhéanamh uirthi;

(c) 

an fhianaise uile is gá chun an Rialachán seo agus Treoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh a choimeád go ceann 5 bliana ar a laghad, nó níos faide i gcás ina n-éileoidh an t-údarás náisiúnta ábhartha sin;

(d) 

freagracht a ghlacadh as aon fhaisnéis a ullmhú a bhaineann le hiniúchadh na fianaise sin.

6.  
Áireofar na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn II ar a laghad sna tuarascálacha iniúchóra agus sna tuarascálacha iniúchóra achoimre nó sna deimhnithe arna dtarraingt suas nó arna n-eisiúint ag comhlacht deimhniúcháin faoi chuimsiú scéim dheonach.

Airteagal 11

Inniúlacht iniúchóra

1.  
Déanfar comhlacht deimhniúcháin a dhéanann iniúchtaí thar ceann scéim dheonach a chreidiúnú do ISO 17065, agus do ISO 14065 i gcás ina ndéanann sé iniúchtaí ar luachanna iarbhír GCT.

Déanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú freisin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó tabharfaidh údarás inniúil aitheantas dóibh chun raon feidhme Threoir (AE) 2018/2001 nó raon feidhme sonrach na scéime deonaí a chumhdach. I gcás nach mbaintear úsáid as creidiúnú nó as aitheantas den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do scéimeanna deonacha córas maoirseachta neamhspleách a úsáid a chumhdaíonn raon feidhme Threoir (AE) 2018/2001 nó raon feidhme sonrach na scéime deonaí, le haghaidh chríoch an Bhallstáit sin. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht na gcóras a bhfuil tuairisc orthu sa mhír seo maidir lena n-oiriúnacht chun faireachas leormhaith a áirithiú agus eiseoidh sé treoir más iomchuí.

Roghnóidh agus ceapfaidh an comhlacht deimhniúcháin an fhoireann iniúchóireachta i gcomhréir le ISO 19011, agus an inniúlacht is gá chun cuspóirí an iniúchta a bhaint amach á cur san áireamh.

2.  
Beidh na hinniúlachtaí, an taithí agus na scileanna cineálacha agus sonracha is gá ag an bhfoireann iniúchóireachta chun an t-iniúchadh a dhéanamh, agus raon feidhme an iniúchta á chur san áireamh. I gcás nach mbeidh ach iniúchóir amháin ann, beidh sé d’inniúlacht ag an iniúchóir freisin na dualgais is infheidhme de chuid ceannaire foirne iniúchóireachta a chomhlíonadh maidir leis an iniúchadh sin. Áiritheoidh an comhlacht deimhniúcháin gur athbhreithneoir teicniúil nach cuid den fhoireann iniúchóireachta é a dhéanfaidh an cinneadh deimhniúcháin.
3.  

Maidir le hiniúchóirí:

(a) 

beidh siad neamhspleách ar an ngníomhaíocht atá á hiniúchadh, seachas iniúchtaí a bhaineann le hAirteagal 29(6), pointe (a), agus Airteagal 29(7), pointe (a), de Threoir (AE) 2018/2001, a bhféadfar iniúchóireacht chéad pháirtí nó iniúchóireacht dara páirtí a dhéanamh ina leith go dtí an chéad phointe bailiúcháin;

(b) 

beidh siad saor ó choinbhleacht leasa;

(c) 

beidh na scileanna sonracha is gá acu chun an t-iniúchadh a bhaineann le critéir na scéime a dhéanamh, lena n-áirítear:

(i) 

i gcás na gcritéar maidir le talamhúsáid a leagtar síos in Airteagal 29, pointí (2) go (9) de Threoir (AE) 2018/2001 chomh maith leis an modheolaíocht deimhniúcháin i ndáil le riosca íseal ILUC a leagtar síos i gCaibidil V den rialachán cur chun feidhme seo agus in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis: taithí ar thalmhaíocht, agranamaíocht, éiceolaíocht, eolaíocht nádúrtha, foraoiseacht, foraoiseolaíocht nó réimse gaolmhar, lena n-áirítear scileanna teicniúla sonracha is gá chun comhlíontacht a fhíorú leis na critéir maidir le féarthailte agus foraoisí atá an-bhithéagsúil;

(ii) 

i gcás na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT a leagtar síos in Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 nó nuair a bheidh astaíochtaí GCT breoslaí carbóin athchúrsáilte agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch á gcinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001: taithí 2 bliana ar a laghad ar mheasúnú ar shaolré breosla, agus taithí shonrach ar ríomhanna astaíochtaí GCT a iniúchadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, atá ábhartha maidir le cineál na n-iniúchtaí a bheidh le déanamh ag an iniúchóir aonair. Ag brath ar raon feidhme sonrach an iniúchta, comhlánófar an taithí sin le taithí ar thalmhaíocht, agranamaíocht, éiceolaíocht, foraoiseacht, eolaíocht nádúrtha, foraoiseolaíocht, innealtóireacht, bainistíocht fuinnimh nó réimse gaolmhar. I gcás ina n-áirítear faoi raon feidhme an iniúchta fíorú ar leibhéil an charbóin orgánaigh san ithir, chun an creidmheas coigilte astaíochtaí do charnadh carbóin san ithir a chur i bhfeidhm, beidh gá freisin le heolas teicniúil ar eolaíocht ithreach;

(iii) 

i gcás shlabhra na gcritéar maidir le cumhdach a leagtar síos in Airteagal 30, pointí (1) go (2), de Threoir (AE) 2018/2001: taithí ar chórais mhaischothromaíochta, lóistíocht shlabhra an tsoláthair, leabharchoimeád, inrianaitheacht, agus láimhseáil sonraí nó réimse gaolmhar;

(iv) 

i gcás iniúchadh grúpa: taithí ar iniúchtaí grúpa a dhéanamh.

4.  
Bunófar le scéimeanna deonacha cúrsaí oiliúna d’iniúchóirí, lena gcumhdófar gach gné a bhaineann le raon feidhme na scéime. Áireofar sna cúrsaí scrúdú chun a léiriú go gcomhlíonann na rannpháirtithe na ceanglais oiliúna sa réimse teicniúil nó sna réimsí teicniúla ina bhfuil siad gníomhach. Beidh iniúchóirí rannpháirteach sna cúrsaí oiliúna, sula ndéanfaidh siad iniúchtaí thar ceann na scéime deonaí.
5.  
Rachaidh iniúchóirí i mbun cúrsaí oiliúna athnuachana ar bhonn rialta. Cuirfidh scéimeanna deonacha córas chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar stádas oiliúna iniúchóirí gníomhacha scéime. Cuirfidh scéimeanna deonacha treoir ar fáil freisin do chomhlachtaí deimhniúcháin, de réir mar is gá, maidir le gnéithe atá ábhartha don phróiseas deimhniúcháin. Féadfar nuashonruithe ar an gcreat rialála nó torthaí ábhartha ó phróiseas faireacháin inmheánaigh na scéime deonaí a áireamh sa treoir sin.

Airteagal 12

Iniúchadh grúpa

1.  

Ní fhéadfaidh scéimeanna deonacha iniúchtaí grúpa a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

le haghaidh táirgeoirí amhábhar, go háirithe sealbhóirí beaga, eagraíochtaí táirgeoirí agus comharchumainn chomh maith le bailitheoirí dramhaíola;

(b) 

chun critéir na scéime maidir le talamh a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil na limistéir lena mbaineann i ngaireacht agus go bhfuil saintréithe comhchosúla acu, amhail dálaí aeráide nó ithreach;

(c) 

chun coigilteas GCT a ríomh, i gcás ina bhfuil córais táirgthe chomhchosúla agus cineálacha barr comhchosúla ag na haonaid.

Ainmneoidh oibreoirí eacnamaíocha a áirítear in iniúchadh grúpa bainisteoir grúpa. Féadfaidh na chéad phointí bailiúcháin, eagraíochtaí táirgeoirí nó comharchumainn gníomhú freisin mar bhainisteoirí grúpa, agus ionadaíocht á déanamh thar ceann na n-oibreoirí eacnamaíocha a áirítear san iniúchadh grúpa.

2.  

Féadfaidh iniúchadh grúpa fíorú a dhéanamh i gcás na n-aonad go léir lena mbaineann ar bhonn shampla na n-aonad. Leagfar amach le scéimeanna deonacha treoirlínte maidir le cur chun feidhme cur chuige iniúchta grúpa, lena n-áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

ról bhainisteoir an ghrúpa, lena gcumhdaítear sonraíochtaí don chóras inmheánach bainistíochta agus nósanna imeachta um iniúchadh inmheánach ar an ngrúpa;

(b) 

méid an tsampla a chinneadh;

3.  
Uair sa bhliain ar a laghad déanfar iniúchadh aonair ar shampla ina bhfuil líon comhaltaí sa ghrúpa atá coibhéiseach le fréamh chearnach líon iomlán chomhaltaí an ghrúpa. Déanfar an líon sin a mhéadú i gcás leibhéal níos airde riosca. Bunófar le scéimeanna deonacha critéir chun leibhéal ginearálta an riosca sna réimsí agus iarmhairtí an leibhéil riosca sin don chur chuige iniúchóireachta a chinneadh. Beidh an sampla ionadaíoch ar an ngrúpa ar fad agus cinnfear é agus úsáid á baint as teaglaim de roghnúchán riosca agus randamach. 25 % ar a laghad den sampla a bheidh sa roghnú randamach. Beidh athrú ó bhliain go bliain ar an táirgeoir amhábhair a roghnófar don iniúchadh.
4.  
Déanfar iniúchadh grúpa ar an láthair, ach amháin má mheastar go bhfuil iniúchtaí deisce in ann an leibhéal céanna dearbhaithe a sholáthar agus a sholáthraíonn iniúchadh ar an láthair. Leagfar amach le scéimeanna deonacha an fhianaise is gá chun gur féidir iniúchtaí deisce a dhéanamh. Ní mheasfar gur fianaise leordhóthanach iad féindearbhuithe ó oibreoirí eacnamaíocha. Déanfar iniúchtaí ar bhainisteoir an ghrúpa ar an láthair i gcónaí.
5.  
Neamhchomhlíontacht chriticiúil nó mór-neamhchomhlíontacht comhaltaí aonair den ghrúpa arna sainaithint le linn iniúchta, tabharfar aghaidh uirthi de réir an phróisis a leagtar amach faoi mhír 4 (a) agus (b) d’Airteagal 10, de réir mar is infheidhme. Má aithnítear neamhchomhlíontacht chriticiúil nó mór-neamhchomhlíontacht i sampla iomlán an ghrúpa tosaigh, déanfar iniúchadh freisin ar shampla breise ar an méid céanna de chomhaltaí den ghrúpa. Is é an toradh a bheidh ar neamhchomhlíontacht shistéamach thromlach na gcomhaltaí den ghrúpa tríd an sampla iomlán go gcuirfear ar fionraí nó go dtarraingeofar siar deimhniúchán an ghrúpa iomláin, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 13

Iniúchadh ar dhramhaíl agus ar iarmhair

1.  
Maidir leis na scéimeanna deonacha agus na comhlachtaí deimhniúcháin a oibríonn thar a gceann, cuirfidh siad i bhfeidhm na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 7 maidir le fíorú a dhéanamh ar shlabhra soláthair na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna a dhéantar as dramhaíl agus iarmhair, agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 5 i gcás breoslaí bithmhaise.
2.  
Cumhdófar an slabhra soláthair ina iomláine ag tosú óna thionscnamh, is é sin le rá an t-oibreoir eacnamaíoch as a n-eascraíonn an dramhaíl nó an t-ábhar iarmhair;
3.  
Déanfar iniúchadh aonair ar gach oibreoir eacnamaíoch. Mar sin féin, féadfar cur chuige iniúchta grúpa a dhéanamh ag bunús an tslabhra soláthair, mar shampla bialanna agus táirgeoirí dramhaíola nó iarmhair;
4.  
Léireoidh minicíocht agus déine an nós imeachta iniúchóireachta leibhéal foriomlán an riosca. Saineofar le scéimeanna deonacha rialacha soiléire a bheidh i gcomhréir le leibhéal an riosca shonraigh a bhaineann leis an gcineál iarmhar nó dramhaíola. I gcás bithbhreoslaí agus bithleachtanna, maidir leis na pointí tionscnaimh a soláthraíonn cúig thona nó níos mó de dhramhaíl nó d’iarmhar in aghaidh na míosa a liostaítear i gcodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, beidh siad faoi réir iniúchadh ar an láthair. Féadfar an t-iniúchadh ar an láthair a bhunú ar shampla ina nglacfar cur chuige iniúchta grúpa.
5.  
Ceanglófar ar phointí bailiúcháin liosta de na pointí tionscnaimh uile a shínigh féindearbhú a chur faoi bhráid an iniúchóra roimh an iniúchadh ar an bpointe bailiúcháin. Déanfar méid na dramhaíola a ghintear gach mí nó gach bliain a lua go soiléir ar an bhféindearbhú. Beidh fianaise nó doiciméid do gach seachadadh aonair ar fáil ag an bpointe bailiúcháin agus fíoróidh an t-iniúchóir iad, lena n-áirítear comhaontú maidir le diúscairt dramhaíola, duillíní seachadta agus féindearbhuithe;
6.  
Fíoróidh an t-iniúchóir go bhfuil roinnt pointí tionscnaimh ann atá comhionann le fréamh chearnach na bpointí tionscnaimh uile ar an liosta ar a laghad. Féadfar an fíorú a dhéanamh go cianda, mura bhfuil amhras ann go bhfuil an pointe tionscnaimh ann nó amhras maidir lena chomhlíontacht leis na critéir maidir le hiniúchadh ar an láthair de bhun phointe (4). Seiceálfaidh iniúchóirí seachadtaí ábhair inbhuanaithe chuig faighteoirí iartheachtacha trí fhíorú a dhéanamh ar chóipeanna den dearbhú inbhuanaitheachta arna eisiúint ag an bpointe bailithe d’fhaighteoirí na seachadtaí sin, bunaithe ar shampla randamach rioscabhunaithe;
7.  
Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchadh faireachais éigeantach laistigh de 6 mhí tar éis an chéad deimhniúcháin. Maidir le pointí bailiúcháin agus trádálaithe a dhéileálann le dramhaíl agus le hiarmhair araon agus le hóghábhair amhail olaí glasraí, déanfar iniúchadh faireachais breise 3 mhí tar éis an chéad iniúchta deimhniúcháin, lena gcumhdófar an chéad tréimhse mhaischothromaíochta. I gcás ina bhfuil níos mó ná suíomh stórála amháin ag pointe bailiúcháin, déanfaidh an t-iniúchóir iniúchadh ar mhaischothromaíocht gach suímh stórála.
8.  
Má tá amhras réasúnach ann faoi chineál na dramhaíola dearbhaithe agus na n-iarmhar dearbhaithe, údaraítear don iniúchóir samplaí a thógáil agus iad a chur chuig saotharlann neamhspleách lena n-anailísiú.

Airteagal 14

Iniúchadh ar ríomhanna iarbhír astaíochtaí GCT

1.  
Ceanglóidh scéimeanna deonacha ar oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis ábhartha agus cothrom le dáta uile a chur ar fáil d’iniúchóirí maidir le ríomh na n-astaíochtaí GCT iarbhír, roimh an iniúchadh atá beartaithe. Áireofar san fhaisnéis sin sonraí ionchuir agus aon fhianaise ábhartha eile, faisnéis maidir leis na fachtóirí astaíochta agus coinbhéartachta agus na luachanna caighdeánacha a cuireadh i bhfeidhm agus a bhfoinsí tagartha, ríomhanna astaíochtaí GCT agus fianaise a bhaineann le cur i bhfeidhm creidmheasanna laghdaithe astaíochtaí GCT.
2.  
Déanfaidh an t-iniúchóir na hastaíochtaí a tharlaíonn ag an suíomh a ndéantar iniúchóireacht air a thaifeadadh sa tuarascáil iniúchóra. Chun bithbhreoslaí deiridh a phróiseáil, déanfaidh an t-iniúchóir na hastaíochtaí tar éis an leithdháilte agus an coigilteas a baineadh amach a thaifeadadh. I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir na hastaíochtaí agus luachanna tipiciúla nó i gcás ina bhfuil luachanna iarbhír ríofa na laghduithe ar astaíochtaí thar a bheith mór, tabharfar cúiseanna leis na difríochtaí sa tuarascáil. Bunóidh scéimeanna deonacha nósanna imeachta lena gceanglófar ar chomhlachtaí deimhniúcháin iad a chur ar an eolas láithreach faoi dhifríochtaí den sórt sin.
3.  

Fíoróidh iniúchóirí go bhfuil an meastachán ar laghduithe ar astaíochtaí de bharr CO2 a ghabháil agus a athsholáthar teoranta d’astaíochtaí a seachnaíodh trí ghabháil CO2 ar carbón de thionscnamh bithmhaise an carbón atá ann agus a úsáidtear in ionad CO2 iontaise-dhíorthaithe. Is gá rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo a leanas chun an fíorú sin a dhéanamh:

(a) 

an cuspóir dá n-úsáidtear an CO2 gafa;

(b) 

tionscnamh an CO2 a athsholáthraítear;

(c) 

tionscnamh an CO2 a ghabhtar;

(d) 

faisnéis faoi astaíochtaí atá mar thoradh ar CO2 a ghabháil agus a phróiseáil.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann CO2 gafa a lua maidir leis an CO2 a athsholáthraítear conas a gineadh é roimhe sin agus féadfaidh siad a dhearbhú, i scríbhinn, go seachnaítear astaíochtaí atá comhionann leis an gcainníocht sin mar thoradh ar an athsholáthar. Measfar gur leor an fhianaise sin chun comhlíontacht le ceanglais Threoir (AE) 2018/2001 agus seachaint astaíochtaí a fhíorú.

4.  
Ní fhéadfaidh oibreoirí eacnamaíocha éilimh iarbhír ar luachanna GCT a dhéanamh go dtí go bhfíorófar le hiniúchadh a gcumas ríomhanna luacha iarbhír a dhéanamh.
5.  
Arna iarraidh sin, soláthróidh scéimeanna deonacha rochtain ar ríomhanna iarbhír GCT atá deimhnithe faoina scéim dheonach mar aon leis na tuarascálacha iniúchóra sonracha don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí deimhniúcháin.

Airteagal 15

Iniúchtaí ar chórais mhaischothromaíochta

Áiritheoidh scéimeanna deonacha go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na sonraí maischothromaíochta uile ar fáil d’iniúchóirí roimh an iniúchadh.

Le linn an iniúchta tosaigh, a dhéanfar sula gceadaítear d’oibreoir eacnamaíoch a bheith rannpháirteach i scéim, seiceálfaidh an t-iniúchóir an bhfuil an córas maischothromaíochta ann agus an bhfuil sé ag feidhmiú.

Le linn iniúchtaí bliantúla ina dhiaidh sin, seiceálfaidh an t-iniúchóir na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

liosta de na suíomhanna uile, atá faoi raon feidhme an deimhnithe. Beidh a thaifid mhaischothromaíochta féin ag gach suíomh;

(b) 

liosta de gach ionchur in aghaidh an tsuímh agus an tuairisc ar an ábhar a láimhseáiltear agus mionsonraí gach soláthraí;

(c) 

liosta de gach aschur in aghaidh an tsuímh agus an tuairisc ar an ábhar a láimhseáiltear agus mionsonraí gach custaiméara;

(d) 

fachtóirí tiontaithe a chuirtear i bhfeidhm, go háirithe i gcás suiteálacha a phróiseálann dramhaíl nó iarmhair chun a áirithiú nach modhnaítear an próiseas chun níos mó dramhaíola nó ábhair iarmhair a tháirgeadh;

(e) 

aon neamhréireacht idir córas leabharchoimeádta agus ionchuir, aschuir agus iarmhéideanna;

(f) 

saintréithe inbhuanaitheachta a leithdháileadh;

(g) 

coibhéis na sonraí inbhuanaitheachta agus an stoic fhisicigh ag deireadh na tréimhse maischothromaíochta.

Airteagal 16

Iniúchadh ar fhéarthalamh an-bhithéagsúil nádúrtha agus neamhnádúrtha

1.  
Iniúchóirí a fhíoraíonn cé acu an bhfuil nó nach bhfuil talamh ina fhéarthalamh an-bhithéagsúil dá dtagraítear in Airteagal 29(3), pointe (d), de Threoir (AE) 2018/2001, fíoróidh siad má tá nó má bhí an talamh ina fhéarthalamh an-bhithéagsúil tráth ar bith ó mhí Eanáir 2008. Ina ndoiciméid chórais, cuirfidh scéimeanna deonacha na hoibreoirí eacnamaíocha ar an eolas faoin gcineál fianaise a bhféadfadh a gcomhlachtaí deimhniúcháin glacadh leis chun stádas limistéir stairiúil ó bhí mí Eanáir 2008 ann a chruthú.
2.  
I gcás ina leanann talamh de bheith ina féarthalamh, nó i gcás ina leanfadh sí de bheith ina féarthalamh in éagmais idirghabháil an duine, agus i gcás ina bhfuil sí suite in aon cheann de na raonta geografacha a liostaítear i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2014, measfar gur féarthalamh nádúrtha an-bhithéagsúil í.
3.  
Maidir le talamh atá suite lasmuigh de na limistéir dá dtagraítear i mír 2, measfaidh an t-iniúchóir cé acu an gcoinnítear nó nach gcoinnítear ar bun, nó an gcoinneofaí in éagmais idirghabháil an duine, comhdhéanamh na speiceas nádúrtha agus na saintréithe agus na próisis éiceolaíocha. Sa chás sin, measfar go bhfuil nó go raibh an talamh ina féarthalamh nádúrtha an-bhithéagsúil. I gcás inar tiontaíodh féarthalamh ina talamh arúil cheana féin agus nach féidir saintréithe na talún féin a mheasúnú trí fhaisnéis atá ar fáil ó na húdaráis inniúla náisiúnta nó trí íomhánna satailíte, measfaidh an t-iniúchóir nach raibh an talamh sin ina fhéarthalamh an-bhithéagsúil tráth an tiontaithe.
4.  
I gcás inar scoir an talamh, nó ina scoirfeadh sí in éagmais idirghabháil an duine, de bheith ina féarthalamh, go bhfuil mórán speiceas uirthi agus nár díghrádaíodh í agus i gcás inar shainaithin an t-údarás inniúil ábhartha go bhfuil sí an-bhithéagsúil, measfar gur féarthalamh neamhnádúrtha an-bhithéagsúil í an talamh.
5.  
Aon talamh atá nó a bhí ina féarthalamh neamhnádúrtha an-bhithéagsúil i mí Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin, féadfar í a úsáid chun breoslaí a tháirgeadh ar choinníoll gur gá an t-amhábhar a bhuaint chun stádas na féarthalún mar fhéarthalamh an-bhithéagsúil a chaomhnú agus nach bhfuil an baol ann go dtiocfadh meath bithéagsúlachta ar an bhféarthalamh mar thoradh ar na cleachtais bhainistíochta atá ann faoi láthair.

Beidh ar oibreoirí eacnamaíocha fianaise a sholáthar gur gá an t-amhábhar a bhuaint chun stádas an-bhithéagsúil na féarthalún a chaomhnú agus nach bhfuil an baol ann go dtiocfadh meath bithéagsúlachta ar an bhféarthalamh mar thoradh ar na cleachtais bhainistíochta.

I gcás nach bhfuil oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhianaise dá dtagraítear sa dara fomhír a sholáthar, cuirfidh siad fianaise ar fáil gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha, nó an ghníomhaireacht ainmnithe, cead dóibh an t-amhábhar a bhuaint chun stádas an-bhithéagsúil na féarthalún a chaomhnú.

An speisialtóir cáilithe a dhéanfaidh measúnú teicniúil ar an talamh, beidh sé seachtrach agus neamhspleách ar an ngníomhaíocht atá á hiniúchadh agus saor ó choinbhleacht leasa, agus féadfaidh sé a bheith ina chuid den fhoireann iniúchóireachta. Déanfar an measúnú agus a thoradh a athbhreithniú mar chuid den iniúchadh.

Airteagal 17

Maoirseacht ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún

1.  

Ceanglóidh scéimeanna deonacha ar oibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa scéim agus ar chomhlachtaí deimhniúcháin a dhéanann iniúchtaí faoin scéim comhoibriú leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear rochtain ar áitribh na n-oibreoirí eacnamaíocha a dheonú arna iarraidh sin mar aon leis an bhfaisnéis ar fad is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoi Threoir (AE) 2018/2001 a chur ar fáil don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát. Chun na gcríoch sin, beidh sé de cheangal ar na comhlachtaí deimhniúcháin freisin an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an fhaisnéis a sholáthar is gá do na Ballstáit chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin de bhun Airteagal 30(9) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b) 

an fhaisnéis a sholáthar a theastaíonn ón gCoimisiún chun Airteagal 30(10) de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh;

(c) 

cruinneas na faisnéise a iontráladh i mbunachar sonraí an Aontais nó i mbunachar sonraí náisiúnta ábhartha a fhíorú de bhun Airteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001.

2.  
I gcomhthéacs na maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 30(9) de Threoir (AE) 2018/2001, bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta lena gceadófar do chomhlachtaí deimhniúcháin, gan beann ar a gceannoifig a bheith suite i mBallstát nó i dtríú tír, clárú le haghaidh maoirseachta agus chun an mhaoirseacht a dhéanamh.
3.  
Malartóidh na Ballstáit faisnéis agus roinnfidh siad dea-chleachtais maidir leis an gcaoi ar féidir maoirseacht a dhéanamh ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin i gcomhthéacs creat foirmiúil comhair. I gcás ina ndéanann comhlachtaí deimhniúcháin amhábhair, bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithmhais nó breoslaí eile a dheimhniú i níos mó ná Ballstát amháin, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann creat coiteann chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlachtaí deimhniúcháin den sórt sin, lena n-áirítear Ballstát amháin a cheapadh mar phríomh-mhaoirseoir iniúchóireachta.
4.  
Beidh an príomh-mhaoirseoir iniúchóireachta freagrach, i gcomhar leis na Ballstáit eile lena mbaineann, as faisnéis faoi thoradh na maoirseachta ar na comhlachtaí deimhniúcháin a chomhdhlúthú agus a chomhroinnt.
5.  
Bunóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, creataí comhair le tríú tíortha chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlachtaí deimhniúcháin a dhéanann iniúchóireacht ar a gcríocha, i gcás inarb ábhartha, d’fhonn an leibhéal céanna sreafa faisnéise agus cur i bhfeidhm caighdeán maoirseachta iniúchóireachta a áirithiú maidir le comhlachtaí deimhniúcháin a fheidhmíonn i dtríú tíortha.
6.  
I gcás ina mbeidh amhras réasúnach ar Bhallstát faoi chumas comhlachta shonraigh deimhniúcháin, atá suite san Aontas nó i dtríú tír, a chuid oibre iniúchóireachta a dhéanamh, roinnfidh sé an fhaisnéis sin leis na Ballstáit eile, leis an gCoimisiún agus leis an scéim dheonach faoina n-oibríonn an comhlacht deimhniúcháin. Déanfaidh an scéim dheonach lena mbaineann imscrúdú láithreach ar an gcás. Nuair a bheidh a himscrúdú críochnaithe, cuirfidh an scéim dheonach na Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh an imscrúdaithe agus faoi aon ghníomh ceartaitheach a rinneadh.
7.  
Déanfar oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí deimhniúcháin faoi seach a bhfuil ag teip orthu nó nach bhfuil toilteanach na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh a eisiamh óna bheith rannpháirteach in iniúchtaí agus ó iniúchtaí a dhéanamh faoi scéimeanna deonacha. Déanfaidh scéimeanna deonacha tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001. Leanfaidh struchtúr agus inneachar na dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001 na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní bheidh faisnéis rúnda sa phríomhthuarascáil agus foilseofar í ina hiomláine. Cuirfear sonraí ar fáil ar leithligh i bhformáid atá le cinneadh ag an gCoimisiún.
8.  

Tabharfaidh scéimeanna deonacha fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le gach athrú substaintiúil ar ábhar na scéime a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don bhonn le haitheantas a thabhairt don scéim. D’fhéadfadh aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna hathruithe sin:

(a) 

athruithe ar na critéir inbhuanaitheachta éigeantacha a chumhdaítear leis an scéim;

(b) 

leathnú ar raon feidhme na scéime thar a bhfuil tuairiscithe sa Ghníomh Cur Chun Feidhme, agus aitheantas á thabhairt don scéim;

(c) 

leathnú ar raon feidhme an bhunábhair nó na mbithbhreoslaí dá dtagraítear sna bundoiciméid scéime i gcás ina bhfuil difríochtaí i bpróifíl riosca an bhunábhair breise, mar shampla, agus dramhaíl nó iarmhair á gcur san áireamh, nó i gcás ina gcuirtear nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm;

(d) 

athruithe ar na rialacha maidir le maischothromaíocht;

(e) 

athruithe ar nósanna imeachta iniúchóireachta nó ar na ceanglais ar iniúchóirí;

(f) 

athruithe ar an modheolaíocht maidir le GCT a ríomh nó í a leathnú;

(g) 

aon athrú eile a d’fhéadfaí a mheas a bheadh tionchar aige ar an mbonn le haitheantas a thabhairt don scéim.

CAIBIDIL IV

RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME AN CHÓRAIS MAISCHOTHROMAÍOCHTA, BUNACHAR SONRAÍ AN AONTAIS AGUS BUNÚ ASTAÍOCHTAÍ GCT AGUS CODÁN BITHEOLAÍOCH BREOSLAÍ

Airteagal 18

Inrianaitheacht agus bunachar sonraí an Aontais

1.  
Na saintréithe inbhuanaitheachta agus na saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT agus faisnéis eile lena dtugtar tuairisc ar amhábhair nó breosla, atá ag teastáil chun críocha Threoir (AE) 2018/2001, mar aon le sonraí idirbhirt, déanfar iad a dhoiciméadú go críochnúil agus cuirfear ar aghaidh iad ó oibreoir eacnamaíoch go hoibreoir eacnamaíoch tríd an slabhra soláthair. Áireofar san fhaisnéis sin sonraí a bheidh le tarchur tríd an slabhra soláthair ina iomláine chomh maith le sonraí atá sonrach don idirbheart aonair, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn I.
2.  
Áireofar an fhaisnéis a bheidh le tarchur tríd an slabhra soláthair sa doiciméadacht a ghabhann le loingsiú fisiceach amhábhair nó breoslaí. Áireofar í freisin i mbunachar sonraí an Aontais a luaithe a thosaíonn sé sin ag feidhmiú, i gcás breoslaí iompair leachtacha agus gásacha atá incháilithe lena n-áireamh don uimhreoir dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2018/2001, nó a chuirtear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 29(1), pointí (a), (b) agus (c), an chéad fhomhír, den Treoir sin.
3.  
Chun coinsíneachtaí breoslaí leachtacha nó gásacha i mbonneagar idirnasctha a rianú agus faoi réir an chórais chéanna maischothromaíochta, déanfar na saintréithe inbhuanaitheachta agus na saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT agus an fhaisnéis eile mar a thuairiscítear i mír 1 a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais ag an gcéad phointe iontrála agus déanfar iad a chlárú mar ídithe ag pointe an tomhaltais deiridh. Má dhéantar breoslaí gásacha a tharraingt siar as bonneagar idirnasctha agus má dhéantar iad a chlaochlú a thuilleadh ina mbreoslaí gásacha nó leachtacha, meastar gurb é pointe an tomhaltais deiridh pointe tomhaltais deiridh na mbreoslaí gásacha nó leachtacha. I gcás den sórt sin, maidir le gach céim idirmheánach ó tharraingt siar na mbreoslaí gásacha as an mbonneagar idirnasctha go dtí go gcaithfear pointe tomhaltais deiridh na mbreoslaí gásacha nó leachtacha deiridh, ní mór í a chlárú i mBunachar Sonraí an Aontais.

Airteagal 19

Cur chun feidhme an chórais maischothromaíochta

1.  
Le scéimeanna deonacha, ceanglófar ar na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa scéim úsáid a bhaint as córas maischothromaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Threoir (AE) 2018/2001 lena gceadaítear amhábhar nó breoslaí atá éagsúil maidir lena saintréithe inbhuanaitheachta agus a saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT a mheascadh.
2.  

Cuirfidh scéimeanna deonacha na rialacha seo a leanas i bhfeidhm i gcur chun feidhme an chórais maischothromaíochta:

(a) 

ní mheasfar amhábhar nó breoslaí a bheith ina gcuid de mheascán ach amháin má mheasctar iad i gcoimeádán, ag saoráid próiseála nó lóistíochta, nó ag bonneagar tarchurtha agus dáileacháin nó suíomh tarchurtha agus dáileacháin;

(b) 

ní mheasfar amhábhair éagsúla a bheith ina gcuid de mheascán mura mbaineann siad leis an ngrúpa táirgí céanna, ach amháin i gcás ina measctar an t-amhábhar chun críche próiseála breise;

(c) 

ní mheasfar amhábhair nó breoslaí a bheith ina gcuid de mheascán mura ndéantar iad a mheascadh go fisiceach ach amháin má tá siad comhionann go fisiceach nó má bhaineann siad leis an ngrúpa táirgí céanna. I gcás ina bhfuil na hamhábhair nó na breoslaí comhionann go fisiceach nó go mbaineann siad leis an ngrúpa táirgí céanna, ní mór iad a stóráil sa bhonneagar idirnasctha céanna, sa tsaoráid próiseála nó lóistíochta chéanna, sa bhonneagar tarchurtha agus dáileacháin céanna nó sa suíomh tarchurtha agus dáileacháin céanna;

(d) 

ní mheasfar breoslaí a thugtar isteach i saoráid lóistíochta nó bonneagar tarchurtha nó dáileacháin amhail an eangach gháis nó líonra píblínte le haghaidh breoslaí leachtacha, a stóráiltear i saoráidí GNL ná a stóráiltear i saoráidí stórála eile ach amháin mar chuid de mheascán de bhun phointe (c) i gcás ina bhfuil an bonneagar sin idirnasctha;

(e) 

beidh sé de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha maischothromaíochtaí ar leith a choinneáil le haghaidh amhábhar agus breoslaí nach féidir a mheas mar chuid de mheascán. Ní cheadófar aistriú faisnéise idir maischothromaíochtaí éagsúla faoi shaintréithe inbhuanaitheachta nó saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT ná faoi mhéideanna. De bhun fhomhíreanna (a) go (c), meastar gur cuid de mheascán iad amhábhair laistigh de shaoráidí táirgthe bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise. An ceanglas maidir le maischothromaíochtaí ar leithligh a choinneáil, dá bhrí sin, ní bheidh feidhm aige maidir leis na saoráidí sin agus is féidir maischothromaíocht aonair a choinneáil;

(f) 

áireofar sa chóras maischothromaíochta faisnéis faoi inbhuanaitheacht agus faoi shaintréithe astaíochtaí GCT agus cainníochtaí astaíochtaí GCT an amhábhair agus na mbreoslaí, lena n-áirítear faisnéis faoi chainníochtaí an amhábhair agus na mbreoslaí nár cinneadh saintréithe inbhuanaitheachta ná GCT ina leith;

(g) 

i gcás ina seachadtar coinsíneacht d’amhábhar nó de bhreosla chuig oibreoir eacnamaíoch nach bhfuil rannpháirteach i scéim dheonach ná i scéim náisiúnta, léireofar an seachadadh sa mhaischothromaíocht trí chainníocht choibhéiseach amhábhair nó breosla a tharraingt siar. Freagróidh an cineál breosla atá le cur in áirithe do nádúr fisiceach an amhábhair nó an bhreosla arna sheachadadh;

(h) 

i gcás ina n-úsáidtear coinsíneacht bhreosla chun oibleagáid a chuireann Ballstát ar sholáthróir breosla a chomhlíonadh, measfar í a bheith tarraingthe siar ó mheascán na maischothromaíochta;

(i) 

i gcás ina ndéantar bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise a chumasc le breoslaí iontaise, freagróidh an fhaisnéis faoi saintréithe inbhuanaitheachta agus faoi na saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT a shanntar don chumasc don sciar fisiceach de na bithbhreoslaí, na bithleachtanna nó na breoslaí bithmhaise atá sa chumasc. I gcás bithbhreoslaí agus bithleachtanna, féadfaidh na Ballstáit a thuilleadh seiceála a dhéanamh ar fhírinneacht na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 23;

(j) 

na saintréithe inbhuanaitheachta agus na saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT atá ag coinsíneacht d’amhábhar nó de bhreosla, measfar gur tacar atá iontu. I gcás ina dtarraingítear coinsíneachtaí as meascán, féadfar aon cheann de na sraitheanna saintréithe inbhuanaitheachta a shannadh dóibh ar choinníoll nach roinntear tacair na saintréithe inbhuanaitheachta agus na saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT agus go mbaintear an mhaischothromaíocht amach le linn na tréimhse iomchuí;

(k) 

i gcás inarb ábhartha ar chúiseanna trédhearcachta, áireofar sa chóras maischothromaíochta faisnéis maidir lenar cuireadh tacaíocht ar fáil chun an breosla nó an breosla réamhtheachtach a tháirgeadh nó nár cuireadh, agus i gcás inar cuireadh, cén cineál tacaíochta;

(l) 

is é 12 mhí a bheidh sa tréimhse iomchuí chun an mhaischothromaíocht a bhaint amach i gcás táirgeoirí bithmhaise talmhaíochta agus bithmhaise foraoise agus i gcás na gcéad phointí bailiúcháin nach bhfoinsíonn ach bithmhais talmhaíochta agus bithmhais foraoise, agus 3 mhí i gcás gach oibreora eacnamaíoch eile. Déanfar tús agus deireadh na tréimhse a ailíniú leis an mbliain féilire nó, i gcás inarb infheidhme, le ceithre ráithe na bliana féilire. Mar mhalairt ar an mbliain féilire, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha an bhliain eacnamaíoch a úsáideann siad chun críocha an leabharchoimeádta nó túsphointe eile leis an tréimhse mhaischothromaíochta a úsáid freisin, ar choinníoll go léirítear an rogha go soiléir agus go gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach í. Ag deireadh na tréimhse maischothromaíochta, ba cheart na sonraí inbhuanaitheachta a thabharfar ar aghaidh a bheith coibhéiseach leis an stoc fisiceach sa choimeádán, sa tsaoráid próiseála nó sa tsaoráid lóistíochta, sa bhonneagar tarchurtha agus dáileacháin nó sa suíomh tarchurtha agus dáileacháin;

(m) 

sonrófar i scéimeanna deonacha an tacar íosta saintréithe inbhuanaitheachta agus saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ar gá a chur síos an slabhra soláthair chomh maith le faisnéis eile is gá chun na coinsíneachtaí a rianú. I gcás breoslaí leachtacha nó gásacha a thabharfar isteach i mbonneagar idirnasctha agus atá faoi réir an chórais maischothromaíochta chéanna, sannfar na saintréithe inbhuanaitheachta sonracha agus na saintréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT sonracha do na coinsíneachtaí a thagann isteach sa bhonneagar idirnasctha agus a théann amach as. Áiritheoidh na scéimeanna deonacha freisin go ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis ábhartha uile a iontráil i gceart i mbunachar sonraí an Aontais.

Airteagal 20

Astaíochtaí GCT ó bhithbhreoslaí, ó bhreoslaí bithmhaise agus ó bhithleachtanna a chinneadh

1.  
Cuirfidh scéimeanna deonacha de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha an mhodheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 31 de Threoir (AE) 2018/2001 a chur i bhfeidhm agus astaíochtaí GCT ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise á gcinneadh acu.
2.  

Chun na hastaíochtaí GCT ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, beidh feidhm ag na rialacha sonracha seo a leanas:

(a) 

agus na hastaíochtaí GCT ó ionchuir á gcur san áireamh, i gcás ina n-úsáidtear luachanna caighdeánacha na bhfachtóirí astaíochtaí, cuirfear na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm;

(b) 

agus na hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú an amhábhair á gcinneadh, cuirfear an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII i bhfeidhm;

(c) 

agus an laghdú ar astaíochtaí ó charnadh carbóin san ithir á gcinneadh trí bhainistíocht fheabhsaithe talmhaíochta (esca), cuirfear an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V i bhfeidhm.

3.  
Féadfaidh Ballstáit AE luachanna nuashonraithe a thíolacadh d’fhachtóirí astaíochtaí a meascán náisiúnta leictreachais a bheidh le breithniú ag an gCoimisiún chun na fachtóirí astaíochta sonracha in Iarscríbhinn IX a thabhairt cothrom le dáta. Tar éis dó na luachanna nuashonraithe sin a mheasúnú, féadfaidh an Coimisiún glacadh leo nó, de rogha air sin, bonn cirt a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann maidir leis na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh. Cuirfear figiúirí nuashonraithe lenar glacadh ar fáil sa roinn a bhaineann le scéimeanna deonacha agus deimhniú ar shuíomh gréasáin EUROPA an Choimisiúin.
4.  
Ní fhéadfar laghdú ar astaíochtaí ó ghabháil agus stóráil CO2 (Eccs) a chur san áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise bhailí ann gur gabhadh CO2 go héifeachtach agus gur stóráladh go sábháilte é i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin ( 3 ). I gcás ina stóráiltear an CO2 go geolaíoch, fíoróidh scéimeanna deonacha an fhianaise a sholáthraítear ar shláine an tsuímh stórála agus méid an CO2 a stóráiltear. I gcás ina ndéanfaidh tríú páirtí an t-iompar nó an stóráil gheolaíoch, féadfar cruthúnas stórála a sholáthar trí na conarthaí ábhartha leis an tríú páirtí sin agus trí shonraisc an tríú páirtí sin.

Airteagal 21

Rialacha sonracha maidir le dramhaíl agus iarmhair

1.  
Ní chuirfidh scéimeanna deonacha na rialacha agus na díolúintí sonracha le haghaidh dramhaíola agus iarmhar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 i bhfeidhm ach amháin má thagann an t-amhábhar sin faoi raon feidhme na sainmhínithe sonracha in Airteagal 2 den Treoir sin.
2.  
Is ag an bpointe sa slabhra soláthair ina dtionscnaíonn an t-ábhar a chinnfear an mar dhramhaíl nó mar iarmhar a mheasfar amhábhar. Ní mheasfar gur dramhaíl nó iarmhar iad amhábhair i gcás ina ndearnadh iad nó an próiseas chun iad a tháirgeadh a mhodhnú d’aon ghnó chun na hábhair sin a dhearbhú mar dhramhaíl nó mar iarmhair.
3.  
Ní mheasfar gur dramhaíl nó iarmhair iad an dramhaíl agus na hiarmhair a liostaítear in Iarscríbhinn IV i gcás inar modhnaíodh d’aon ghnó iad chun iad a dhearbhú mar dhramhaíl nó mar iarmhar.
4.  
Soláthróidh scéimeanna deonacha treoracha agus tacaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le conas a dhéanann siad a mheas má tá amhábhair le meas mar dhramhaíl agus iarmhair. Coimeádfaidh oibreoirí eacnamaíocha an bhunfhianaise le haghaidh a measúnuithe agus cuirfidh siad faoi bhráid iniúchóirí í. Bunófar le scéimeanna deonacha rialacha sonracha maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar fhianaise den sórt sin.
5.  
Chun ceanglais Airteagal 29(2) de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh, fíoróidh scéimeanna deonacha nach mbeidh tionchar diúltach ar cháilíocht na hithreach ná ar stoc carbóin na hithreach ag saothrú dramhaíola talmhaíochta ná iarmhar talmhaíochta. Áiritheofar leis an bhfíorú sin go gcuirfear tacar ábhartha de chleachtais riachtanacha bainistíochta nó faireacháin ithreach i bhfeidhm ar an talamh chun ceapadh carbóin ithreach agus cáilíocht na hithreach a chur chun cinn, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.
6.  
D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na cleachtais dá dtagraítear i mír 5 a chur i bhfeidhm, agus go ndéanfaí faireachán orthu ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na n-oibreoirí eacnamaíocha. Ar an leibhéal náisiúnta, fíoróidh scéimeanna deonacha go n-éilíonn an tír thionscnaimh, más Ballstát nó tríú tír í, go gcuirfear cleachtais riachtanacha bainistíochta ithreach i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag buaint iarmhair den sórt sin ar cháilíocht agus ar charbón na hithreach, agus go bhfuil sásraí i bhfeidhm acu chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcleachtas sin agus chun iad a fhorfheidhmiú. Ar leibhéal na n-oibreoirí eacnamaíocha, fíoróidh scéimeanna deonacha go gcuirtear na cleachtais bhainistíochta sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go ndéantar faireachán orthu ar leibhéal na ngabháltas feirme a sholáthraíonn an bhithmhais. I gcás ina n-úsáidfear iniúchadh grúpa, fíoróidh na scéimeanna deonacha go bhfuil na cleachtais sin á gcur i bhfeidhm ag na hoibreoirí eacnamaíocha uile a chumhdaítear leis an iniúchadh grúpa.

Airteagal 22

Rialacha sonracha maidir le breoslaí carbóin athchúrsáilte agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

Cuirfidh scéimeanna deonacha de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa scéim an mhodheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001 a chur i bhfeidhm agus astaíochtaí GCT ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte agus ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch á gcinneadh acu.

Airteagal 23

Rialacha sonracha maidir le comhphróiseáil

1.  
Ceanglófar le scéimeanna deonacha ar oibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa scéim an mhodheolaíocht a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001 a chur i bhfeidhm agus iad ag cinneadh sciar an bhithbhreosla, agus sciar an bhithgháis le haghaidh iompair, a eascraíonn as bithmhais a bheith á próiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann.
2.  
Ceanglófar ar oibreoirí eacnamaíocha doiciméadú iomlán a dhéanamh ar mhéideanna agus ar chineálacha na bithmhaise a thagann isteach sa phróiseas chomh maith leis na méideanna bithbhreosla agus bithgháis a tháirgtear ón mbithmhais sin. Réasúnófar éilimh le fianaise, lena n-áirítear torthaí na dtástálacha rialaithe.
3.  
Cinnfear an mhinicíocht chun na tástálacha rialaithe dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh trí chastacht agus inathraitheacht phríomhpharaiméadair na comhphróiseála a chur san áireamh, ar bhealach lena n-áiritheofar go léireoidh sciar na mbithbhreoslaí agus an bhithgháis a éilítear a sciar féin de na bithbhreoslaí agus den bhithghás a éilítear, tráth ar bith.
4.  
Agus iniúchtaí á ndéanamh, cuirfear béim ar leith ar fhíorú a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht idir méideanna na bithmhaise a thagann isteach sa phróiseas agus méideanna an bhithbhreosla agus an bhithgháis a thaifeadtar mar bhithbhreosla agus bithghás a tháirgtear ón mbithmhais. Chun na críche sin, déanfar an fhianaise a chuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha ar fáil a fhíorú go críochnúil agus déanfar sochreidteacht na n-éileamh a sheiceáil agus a chur i gcomparáid le caighdeáin an tionscail. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh, tabharfar aird ar leith ar an modh tástála a chuireann an t-oibreoir eacnamaíoch i bhfeidhm, ar chóras na rialuithe breise a chuirtear i bhfeidhm, agus ar an modh ríofa a úsáidtear chun torthaí na dtástálacha uile a ionchorprú i ríomh an sciar deiridh de bhithbhreoslaí agus de bhithghás. Aon difríocht a shainaithnítear sa mhodh tástála nó aon mhíchruinneas agus torthaí tástálacha den sórt sin á n-ionchorprú ag an oibreoir eacnamaíoch sa ríomh deiridh, caithfidh iniúchóirí leis mar mhór-neamhchomhlíontacht.

CAIBIDIL V

RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE COMHLÍONTACHT LEIS NA CEANGLAIS MAIDIR LE DEIMHNIÚ LENA NGABHANN RIOSCA ÍSEAL ILUC

Airteagal 24

Ceanglais shonracha maidir le deimhniú i ndáil le riosca íseal ILUC

1.  
Cuirfidh scéimeanna deonacha de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha atá ag iarraidh deimhniú i ndáil le riosca íseal ILUC a fháil iarratas a chur isteach chuig comhlacht deimhniúcháin a bhfuil an inniúlacht aige deimhniú den sórt sin a sheachadadh. Ar ghlacadh leis an iarratas, cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch plean bainistíochta isteach ina mbeidh an fhaisnéis íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. I gcás ina gcuirtear níos mó ná beart breisíochta amháin i bhfeidhm, déanfar na bearta breisíochta go léir a dhoiciméadú sa phlean bainistíochta.
2.  
Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchadh bonnlíne ar an láthair chun ábhar an phlean bainistíochta a fhíorú, agus chun bonnlíne na táirgeachta dinimiciúla a bhunú agus a dhoiciméadú.
3.  
Mar chuid den iniúchadh bonnlíne, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin a mheas an bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú ar an táirgeacht i gcomhréir le hAirteagal 2(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 agus comhlíontacht leis na critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 mar thoradh ar na bearta breisíochta.
4.  
Na hiniúchóirí a dhéanann an t-iniúchadh bonnlíne thar ceann an chomhlachta deimhniúcháin, léireoidh siad sa tuarascáil iniúchóra bonnlíne aon saincheist inbhuanaitheachta a eascraíonn as cur chun feidhme na mbeart breisíochta a d’fhéadfadh a bheith ina sárú ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta nó réigiúnach nó nach gcomhlíonann coinníollacha sonracha áitiúla. Cuirfear aon saincheist inbhuanaitheachta san áireamh sna hiniúchtaí bliantúla.
5.  
Eiseoidh scéimeanna deonacha deimhnithe maidir le riosca íseal ILUC i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an inneachar íosta a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn VIII, agus foilseoidh siad liosta de na deimhnithe sin ar a suíomh gréasáin.
6.  
I gcás iarratas lena n-áirítear bearta breisíochta a bheidh le cur i bhfeidhm tar éis an deimhniúcháin, beidh an t-iniúchadh bonnlíne, torthaí na tástála breisíochta, agus an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil bailí go ceann 10 mbliana. I gcás barra ilbhliantúla, féadfaidh oibreoir eacnamaíoch a roghnú moill suas le 2 bhliain a chur ar thús na tréimhse bailíochta 10 mbliana i gcás bearta breisíochta oibríochtúla nó suas le 5 bliana i gcás athchuir.
7.  
I gcás inar cuireadh na bearta breisíochta i bhfeidhm cheana féin roimh dheimhniúchán, beidh an t-iniúchadh bonnlíne, torthaí na tástála breisíochta, agus an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil bailí go ceann 10 mbliana ón mbliain tosaigh ina gcuirtear an beart breisíochta chun feidhme. I gcás den sórt sin, féadfar glacadh leis an mbonnlíne i gcás bearta breisíochta arna nglacadh tráth nach mó ná 10 mbliana roimhe sin, fad is atá sonraí leordhóthanacha agus fianaise dhoiciméadach ar fáil lena soláthraítear an leibhéal céanna ráthaíochtaí i gcás ina ndearnadh an t-iniúchadh bonnlíne sular cuireadh na bearta breisíochta chun feidhme.
8.  
Ní bheidh ach bithmhais bhreise a táirgeadh tar éis dheonú an deimhnithe i ndáil le riosca íseal ILUC incháilithe do dhearbhú maidir le riosca íseal ILUC. Beidh méid iarbhír na bithmhaise breise bliantúla arna dhearbhú ag an oibreoir eacnamaíoch faoi réir iniúchtaí bliantúla.
9.  
Beidh cur chun feidhme an phlean bainistíochta faoi réir iniúchtaí bliantúla chun a fhíorú go gcuirtear ábhar an phlean bainistíochta chun feidhme mar is ceart agus go bhfuil na cainníochtaí bithmhaise a tháirgtear sa bhreis agus a éilítear chun críoch deimhniúcháin maidir le riosca íseal ILUC, in aghaidh na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla, i gceart.
10.  
Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch níos mó ná aon bheart breisíochta amháin a chur i bhfeidhm i gcaitheamh na mblianta. I gcás ina gcuirtear dhá bheart breisíochta nó níos mó i bhfeidhm le chéile ar an dáileacht theorannaithe chéanna talún sa bhliain chéanna, déanfar meastóireacht ar an mbithmhais bhreise arna táirgeadh mar thoradh air sin in aghaidh na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla céanna. Féadfar an bhithmhais bhreise a dheimhniú faoin deimhniú céanna mar bhithmhais lena ngabhann riosca íseal ILUC.
11.  

I gcás ina gcuirtear dhá bheart breisíochta nó níos mó i bhfeidhm ar an dáileacht theorannaithe chéanna talún ag amanna éagsúla, féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ceann de na roghanna seo a leanas a roghnú:

(a) 

an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil agus an tástáil bhreisíochta a nuashonrú chun bonnlíne nua a chruthú a bheidh bailí go ceann 10 mbliana eile;

(b) 

an tréimhse bhailíochta bhunaidh 10 mbliana a choinneáil don bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil agus don tástáil bhreisíochta i ndiaidh na chéad bhliana deimhniúcháin.

Airteagal 25

Ceanglais shonracha maidir le breisíocht a chruthú

1.  
Chun bithbhreoslaí, bithleachtanna, nó breoslaí bithmhaise a dheimhniú mar bhreoslaí lena ngabhann riosca íseal ILUC, fíoróidh scéimeanna deonacha agus comhlachtaí deimhniúcháin a oibríonn thar a gceann go bhfuil bearta curtha i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha a mhéadaíonn go héifeachtach táirgiúlacht bunábhair thar an gcás ‘gnó mar is gnách’. I gcás ina gcuirtear bearta den sórt sin i bhfeidhm ar thalamh atá tréigthe nó díghrádaithe go mór, nó i gcás ina gcuireann sealbhóirí beaga i bhfeidhm iad, fíorófar leis an iniúchadh bonnlíne go gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha ceanglais iomchuí Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807. I ngach cás eile, soláthrófar cruthúnas ar bhreisíocht trí mheasúnú a dhéanamh ar tharraingteacht airgeadais nó ar anailís ar bhacainní.
2.  
D’fhonn na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 5(1) (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 maidir le bearta breisíochta, bainfidh na hinfheistíochtaí atá beartaithe le tástáil tarraingteachta airgeadais nó le tástáil bacainní neamhairgeadais i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII.
3.  
Ní bheidh bearta incháilithe chun críche deimhnithe i ndáil le riosca íseal ILUC ach amháin i gcás ina bhfuil a dtástáil tarraingteachta airgeadais diúltach, is é sin le rá go bhfuil glanluach láithreach na hinfheistíochta diúltach gan préimh mhargaidh a áireamh, nó i gcás ina léiríonn siad go bhfuil bacainní neamhairgeadais ann nach bhféadfaí a shárú ach amháin toisc gur féidir na bithbhreoslaí, na bithleachtanna agus na breoslaí bithmhaise a tháirgtear ón mbunábhar breise a áireamh i dtreo na spriocanna d’fhuinneamh inathnuaite a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001.

Airteagal 26

Táirgeadh ar thalamh atá neamhúsáidte, tréigthe nó díghrádaithe go mór

1.  
Chun na ceanglais maidir le táirgeadh ar thalamh atá neamhúsáidte nó tréigthe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (2) agus (3), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 a chomhlíonadh, soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha fianaise nár úsáideadh na limistéir theorannaithe chun barra bia agus beatha ná barra fuinnimh eile a shaothrú ná nár úsáideadh iad chun bia agus beatha nó barra fuinnimh eile a shaothrú ná chun aon mhéid mór farae a shaothrú d’ainmhithe innilte ar feadh tréimhse leantach 5 bliana ar a laghad roimh thús shaothrú an bhunábhair a úsáidtear chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgeadh.
2.  

Le go gcáileodh talamh mar thalamh thréigthe, cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch fianaise bhreise ar fáil go ndearnadh barra bia nó beatha a fhás tráth sa limistéar teorannaithe roimh an tréimhse leantach dá dtagraítear i mír 1. Cruthóidh an fhianaise sin freisin gur tháinig deireadh ar an táirgeadh ar chúiseanna bithfhisiceacha nó socheacnamaíocha.

D’fhéadfadh sé go n-áireofaí na teagmhais seo a leanas ar athruithe bithfhisiceacha a mbíonn tionchar díobhálach acu ar fhás barr bia agus beatha, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a) 

méadú ar mhinicíocht na n-eachtraí aimsire tromchúiseacha amhail triomach, stoirmeacha nó tuilte;

(b) 

athruithe ar phatrúin teochta séasúraí a mbíonn tionchar acu ar fheineolaíocht plandaí;

(c) 

méadú ar lotnaidí agus galair;

(d) 

damáiste do chórais uisciúcháin;

(e) 

damáiste d’ithir amhail salannú dian, ídiú an ábhair orgánaigh agus creimeadh, rud a fhágann go bhfuil sí ‘díghrádaithe go mór’.

3.  

Féadfar na teagmhais seo a leanas a áireamh, ach gan a bheith teoranta dóibh, ar fhachtóirí socheacnamaíocha a mbíonn drochthionchar acu ar inmharthanacht eacnamaíoch an táirgthe, as a leanann tréigean na talún:

(a) 

athruithe ar phraghsanna an mhargaidh: (mar shampla, costais mhéadaithe ionchuir nó saothair, nó an dá cheann acu, nó laghduithe ar an bpraghas a fhaightear ar bharra críochnaithe);

(b) 

gan fáil a bheith ar lucht saothair (mar shampla, mar thoradh ar imirce);

(c) 

cliseadh ar an slabhra soláthair (mar shampla, trí mhargadh áitiúil nó nasc iompair a dhúnadh);

(d) 

díospóidí faoi úinéireacht (mar shampla, i gcomhthéacs oidhreachta);

(e) 

éagobhsaíocht pholaitiúil (mar shampla, coigistiú nó náisiúnú na talún).

4.  

Beidh torthaí na tástála ithreach seo a leanas ag gabháil le hiarratas ar dheimhniú gur táirgeadh bunábhar ar thalamh atá díghrádaithe go mór, mar a shainmhínítear i gcuid C, pointe (9) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, de réir mar is infheidhme:

(a) 

i gcás ina bhfuil salannú, torthaí tástála a rinne agranamaí cáilithe ar sheoltacht na hithreach agus úsáid á baint as modh an taois sháithithe;

(b) 

i gcás ina bhfuil ábhar orgánach íseal san ithir, torthaí ar líon iomchuí samplaí ithreach ón dáileacht theorannaithe, arna chinneadh ag agranamaí cáilithe, agus úsáid á baint as an modh dócháin thirim;

(c) 

i gcás ina bhfuil creimeadh dian, beidh 25 % ar a laghad den dáileacht theorannaithe creimthe de réir mar a chinneann agranamaí cáilithe, agus grianghraif mar thaca leis.

5.  
I gcás ina gcáileoidh limistéar teorannaithe mar thalamh neamhúsáidte, éireoidh leis i dtástáil bhreisíochta mar a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn VIII chun go mbeidh sé incháilithe do dheimhniú i ndáil le riosca íseal ILUC. Limistéir theorannaithe a cháilíonn mar thalamh atá tréigthe nó díghrádaithe go mór, ní cheanglófar orthu go n-éireodh leo sa tástáil bhreisíochta chun go mbeidís incháilithe do dheimhniú i ndáil le riosca íseal ILUC. I gcás táirgthe ar thalamh atá neamhúsáidte, tréigthe nó díghrádaithe, socrófar an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil ag nialas gan aon líne chúlchéimnithe.

Airteagal 27

Bithmhais bhreise a chinneadh le haghaidh bearta chun táirgeacht a mhéadú

1.  
Is éard a bheidh sa ‘bhithmhais bhreise’ atá incháilithe do dheimhniú i ndáil le riosca íseal ILUC an méid breise bunábhair a tháirgtear i limistéar atá teorannaithe go soiléir i gcomparáid leis an mbonnlíne táirgeachta dhinimiciúil mar thoradh díreach ar bheart breisíochta a chur i bhfeidhm.
2.  
Bunófar bonnlíne táirgeachta dhinimiciúil trí thúsphointe a leagan amach, bunaithe ar tháirgeacht stairiúil ón dáileacht theorannaithe, agus líne treochta bunaithe ar threochtaí táirgeachta domhanda don bhunábhar, a chinnfear i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.
3.  
Déanfar an táirgeacht iarbhír do dháileacht theorannaithe tar éis cur chun feidhme an bhirt breisíochta a chur i gcomparáid leis an mbonnlíne dá dtagraítear i mír 2. Is é an difríocht idir an táirgeacht iarbhír agus an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil an bunábhar breise atá incháilithe lena éileamh go ngabhann riosca íseal ILUC leis.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó 18 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm.

▼M1

Is ón 1 Eanáir 2025 a bheidh feidhm ag Airteagal 11(1) den Rialachán seo, áfach.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

NA SONRAÍ ATÁ LE TARCHUR FEADH AN tSLABHRA SOLÁTHAIR INA IOMLÁINE AGUS SONRAÍ IDIRBHIRT

1. Na sonraí atá le tarchur feadh an tslabhra soláthair ina iomláine

(a) 

ainm na scéime deonaí nó náisiúnta;

(b) 

cruthúnas maidir leis an uimhir inbhuanaitheachta;

(c) 

airíonna inbhuanaitheachta agus airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, lena n-áirítear:

(i) 

ráiteas maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-amhábhar nó an breosla na critéir a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) de Threoir (AE) 2018/2001;

(ii) 

Sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna ríomh de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 nó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807;

(iii) 

tuairisc ar an uair a cuireadh tús le hoibriú na suiteála (i gcás breoslaí amháin);

(d) 

ainm an amhábhair nó ainm an amhábhair óna dtáirgtear an breosla;

(e) 

uimhir ceada dramhaíola nó uimhir ceada seachtháirgí ainmhí (más infheidhme);

(f) 

cineál breosla (i gcás breoslaí amháin);

(g) 

tír tionscnaimh an amhábhair;

(h) 

tír an táirgthe breosla;

(i) 

ráiteas maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-amhábhar nó an breosla na critéir a leagtar amach le haghaidh bithbhreoslaí lena ngabhann riosca íseal go mbeidh athrú indíreach ar thalamhúsáid mar thoradh orthu;

(j) 

faisnéis i dtaobh ar tugadh nó nár tugadh tacaíocht do tháirgeadh na coinsíneachta sin, agus más amhlaidh a tugadh, maidir le cineál na scéime tacaíochta.

2. Sonraí idirbhirt

(a) 

Ainm agus seoladh chuideachta an tsoláthróra;

(b) 

Ainm agus seoladh chuideachta an cheannaitheora;

(c) 

dáta an luchtaithe (fhisiciúil);

(d) 

áit an luchtaithe (fhisiciúil) nó na saoráide lóistíochtúla nó phointe iontrála an bhonneagair dáileacháin;

(e) 

áit seachadta (fhisiciúil) nó na saoráide lóistíochtúla nó phointe scoir an bhonneagair dáileacháin;

(f) 

toirt: I gcás breoslaí, ní mór cainníocht fuinnimh an bhreosla a chur san áireamh freisin. Chun an chainníocht fuinnimh a ríomh, ní mór na fachtóirí coinbhéartachta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 a úsáid.




IARSCRÍBHINN II

INNEACHAR ÍOSTA NA dTUARASCÁLACHA INIÚCHÓIREACHTA, NA dTUARASCÁLACHA INIÚCHÓIREACHTA ACHOIMRE NÓ NA nDEIMHNITHE

A.    Inneachar íosta na tuarascála iniúchóireachta

1. Maidir leis an oibreoir eacnamaíoch:

(a) 

sonraí teagmhála an phríomheintitis dheimhnithe (ainm agus seoladh na cuideachta, sonraí maidir leis an bpointe teagmhála ainmnithe);

(b) 

raon feidhme an deimhniúcháin;

(c) 

comhordanáidí domhanfhaid agus domhanleithid (i gcás feirmeacha agus plandálacha atá deimhnithe mar eintitis aonair);

(d) 

réimse an deimhniúcháin (i gcás na gcéad phointí bailiúcháin nó feirmeacha agus plandálacha atá deimhnithe ina n-aonar);

(e) 

méid measta an ábhair inbhuanaithe a d’fhéadfaí a bhuaint gach bliain (i gcás slabhraí soláthair talmhaíochta agus foraoiseachta);

(f) 

méid measta an ábhair inbhuanaithe a d’fhéadfaí a bhailiú gach bliain (i gcás pointí bailiúcháin dramhaíola agus iarmhar);

(g) 

liosta de na suíomhanna faoi raon feidhme an deimhniúcháin (ainm agus seoladh);

(h) 

ábhair ionchuir/aschuir arna láimhseáil (go fisiciúil) ag na suíomhanna deimhnithe – ní mór na haicmithe a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001;

(i) 

méid measta an ábhair ionchuir inbhuanaithe a úsáidtear gach bliain (táirgeoirí an táirge deiridh amháin);

(j) 

méid measta an ábhair deiridh inbhuanaithe a d’fhéadfaí a tháirgeadh gach bliain (táirgeoirí an táirge deiridh amháin).

2. Maidir leis an gcomhlacht deimhniúcháin:

(a) 

sonraí teagmhála (ainm agus seoladh) agus lógó;

(b) 

comhdhéanamh na foirne iniúchóireachta;

(c) 

comhlacht creidiúnaithe agus raon feidhme agus dáta an chreidiúnúcháin.

3. Maidir leis an bpróiseas iniúchóireachta:

(a) 

dáta an iniúchta;

(b) 

cúrsa taistil agus fad an iniúchta (roinnte de réir an fhaid a chaitear ar an láthair agus go cianda – i gcás inarb ábhartha);

(c) 

caighdeáin scéime arna n-iniúchadh/arna ndeimhniú (lena n-áirítear uimhir an leagain);

(d) 

suíomhanna arna n-iniúchadh;

(e) 

an modh iniúchóireachta (measúnú riosca agus bonn samplála, comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara);

(f) 

deimhniú scéimeanna nó caighdeán deonach eile;

(g) 

cineál sonraí maidir le gás ceaptha teasa (réamhshocrú, NUTS2 nó luachanna iarbhír – lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na bhfachtóirí maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa).

4. Maidir le torthaí an iniúchta:

(a) 

áit agus dáta eisiúna;

(b) 

liosta de neamhchomhlíonadh arna shainaithint.

B.    Inneachar íosta na tuarascála nó an deimhnithe iniúchóireachta achoimre

1. Maidir leis an oibreoir eacnamaíoch:

(a) 

sonraí teagmhála an phríomheintitis dheimhnithe (ainm agus seoladh na cuideachta, sonraí maidir leis an bpointe teagmhála ainmnithe);

(b) 

raon feidhme an deimhniúcháin;

(c) 

comhordanáidí domhanfhaid agus domhanleithid (i gcás feirmeacha agus plandálacha atá deimhnithe mar eintitis aonair);

(d) 

roghnach le haghaidh na gcéad phointí bailiúcháin, pointí tionscnaimh, trádálaithe ag a bhfuil stóráil: liosta de na suíomhanna faoi raon feidhme an deimhniúcháin (ainm agus seoladh);

(e) 

ábhair ionchuir/aschuir arna láimhseáil (go fisiciúil) ag na suíomhanna deimhnithe – ní mór na haicmithe a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 (i gcás trádálaithe ag a bhfuil stóráil/gan stóráil, an cineál ábhair a thrádáiltear).

2. Maidir leis an gcomhlacht deimhniúcháin: sonraí teagmhála (ainm agus seoladh) agus lógó

3. Maidir leis an bpróiseas iniúchóireachta:

(a) 

dáta an iniúchta;

(b) 

caighdeáin scéime arna n-iniúchadh/arna ndeimhniú (lena n-áirítear uimhir an leagain);

(c) 

suíomhanna arna n-iniúchadh;

(d) 

cineál sonraí maidir le gás ceaptha teasa (réamhshocrú, NUTS2 nó luachanna iarbhír – lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na bhfachtóirí maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa).

4. Maidir le torthaí an iniúchta:

(a) 

uimhir nó cód (uathúil) an deimhnithe;

(b) 

áit agus dáta eisiúna;

(c) 

liosta de neamhchomhlíonadh arna shainaithint;

(d) 

dáta óna mbeidh an deimhniú bailí/dáta ar a mbeidh deireadh le bailíocht an deimhnithe (agus an dáta deimhnithe más infheidhme);

(e) 

stampa agus/nó síniú an pháirtí eisiúna.




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA D’FHAISNÉIS ATÁ LE TUAIRISCIÚ AG SCÉIMEANNA DEONACHA INA dTUARASCÁLACHA BLIANTÚLA GNÍOMHAÍOCHTA CHUIG AN gCOIMISIÚN

Ní mór do scéimeanna deonacha an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú ina dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta chuig an gCoimisiún:

(a) 

rialacha maidir le neamhspleáchas, modh agus minicíocht na n-iniúchtaí arna bhformheas ag an gCoimisiún ar chreidiúnú na scéime deonaí agus aon athrú orthu le himeacht ama chun léiriú a thabhairt ar threoraíocht an Choimisiúin, ar an gcreat rialála modhnaithe, ar thorthaí ón bhfaireachán inmheánach ar phróiseas iniúchóireachta na gcomhlachtaí deimhniúcháin agus ar dhea-chleachtas tionscail a bhfuil athrú ag teacht air.

(b) 

rialacha agus nósanna imeachta chun neamhchomhlíontacht oibreoirí eacnamaíocha agus chomhaltaí na scéime a shainaithint agus déileáil léi.

(c) 

fianaise ar na ceanglais dlí maidir le trédhearcacht agus foilsiú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 6 a chomhlíonadh.

(d) 

rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, go háirithe maidir le comhairliúchán le pobail áitiúla agus dúchais sula ndéantar cinneadh le linn na scéime a dhréachtú agus a athbhreithniú agus le linn na n-iniúchtaí chomh maith agus maidir leis an bhfreagairt dá gcuid tuairimí.

(e) 

forbhreathnú ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an scéim dheonach i gcomhar leis na comhlachtaí deimhniúcháin chun feabhas a chur ar an bpróiseas deimhniúcháin foriomlán agus ar cháilíocht agus ar neamhspleáchas na n-iniúchóirí agus na gcomhlachtaí scéime ábhartha.

(f) 

nuashonruithe margaidh na scéime, méid na mbunábhar, na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna, na mbreoslaí bithmhaise, na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte agus na mbreoslaí athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch uile atá deimhnithe, de réir tír tionscnaimh agus cineáil, agus an líon rannpháirtithe.

(g) 

forbhreathnú ar éifeachtúlacht an chórais cur chun feidhme arna chur i bhfeidhm ag comhlacht rialachais na scéime deonaí chun cruthúnas ar chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta a thugann an scéim dá comhalta nó dá comhaltaí a rianú. Cumhdófar leis seo, go háirithe, an chaoi a gcuirtear cosc éifeachtach ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha leis an gcóras trína áirithiú go ndéanfar calaois amhrasta agus neamhrialtachtaí eile a bhrath go tráthúil, go rachfar i ngleic leo agus go leanfar á bhfiosrú agus i gcás inarb iomchuí, an líon cásanna calaoise nó neamhrialtachtaí arna mbrath.

(h) 

na critéir maidir le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí deimhniúcháin.

(i) 

rialacha maidir leis an gcaoi a ndéanfar an córas faireacháin inmheánach agus maidir le torthaí a athbhreithnithe thréimhsiúil, go háirithe maidir le maoirseacht obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin agus a n-iniúchóirí, agus maidir leis an gcóras chun gearáin i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí deimhniúcháin a láimhseáil freisin;

(j) 

féidearthachtaí chun cur chun cinn na ndea-chleachtas a éascú nó a fheabhsú.

(k) 

scéimeanna deonacha lena ndeimhnítear bithmhais foraoiseachta, ní mór a chur san áireamh iontu faisnéis maidir leis an mbealach a ndéantar an measúnú riosca a cheanglaítear in Airteagal 29(6) agus (7) de Threoir (AE) 2018/2001.




IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA NEAMH-UILEGHABHÁLACH DE DHRAMHAÍL AGUS D’IARMHAIR A CHUMHDAÍTEAR FAOI LÁTHAIR LE hIARSCRÍBHINN IX A GHABHANN LE TREOIR (AE) 2018/2001

Measfar gur substaintí a thagann faoi chatagóir amhábhair a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 iad na substaintí a liostaítear san iarscríbhinn seo, gan iad a bheith luaite go sainráite. Ní liosta cuimsitheach é seo agus comhlánaíonn sé an liosta atá ann cheana d’ábhair in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.



Catagóir in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001

Fochatagóir/samplaí de bhunábhar

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Dramhaíl dí

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Iarmhair agus dramhaíl torthaí/glasraí (eireabaill, duilleoga, gais agus crotail amháin)

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Blaoscanna, craiceann gheal agus deannach pónairí: cócó, caife

Iarscríbhinn IX Cuid A p)

Blaoscanna/crotail agus díorthaigh: crotail soighe

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Iarmhair agus dramhaíl ó tháirgeadh deochanna te: caife meilte spíonta, duilleoga tae spíonta

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Screamh dramhaíola déiríochta

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Ola dramhaíola bia: ola a bhaintear as bia dramhaíola ón tionscal

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Iarmhair agus dramhaíl gránach nach bhfuil inite ó mhuilleáil agus ó phróiseáil gráinní: cruithneacht, arbhar, eorna, rís

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Iarmhair agus dramhaíl ó eastóscadh ola olóige: clocha olóige

Iarscríbhinn IX Cuid A p)

Iarmhair ó bhuaint na talmhaíochta

Iarscríbhinn IX Cuid A q)

Froinn pailme, tamhan pailme

Iarscríbhinn IX Cuid A q)

Crainn a bhfuil damáiste déanta orthu

Iarscríbhinn IX Cuid A p)

Beatha/farae ó bhán nár úsáideadh

Iarscríbhinn IX Cuid B b)

Ola éisc dramhaíola atá aicmithe mar chatagóir 1 agus 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Dramhaíl eile ó sheamlas (iarmhair ainmhithe (neamhshaille) de Chatagóir 1)

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Fuíolluisce agus díorthaigh thionsclaíocha

Iarscríbhinn IX Cuid A g)

Ola sloda pailme

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Síothluithe stórála tionsclaíocha

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

An codán bithghineach de bhoinn a bhfuil a ré caite

Iarscríbhinn IX Cuid A q)

Adhmad athchúrsáilte/dramhaíola

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

Húiminí

Iarscríbhinn IX Cuid A d)

ithir tuartha spíonta




IARSCRÍBHINN V

MODHEOLAÍOCHT CHUN AN LAGHDÚ AR ASTAÍOCHTAÍ Ó CHARNADH CARBÓIN SAN ITHIR A BHUÍ LE BAINISTIÚ FEABHSAITHE TALMHAÍOCHTA A CHINNEADH

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a dteastaíonn uathu laghduithe ar astaíochtaí ó charnadh carbóin san ithir a bhuí le bainistiú feabhsaithe talmhaíochta (esca ) i dtéarmaí graim de choibhéis CO2 in aghaidh an MJ (gCO2eq/MJ) a éileamh, ba cheart dóibh an fhoirmle seo a leanas a úsáid chun a luachanna iarbhír a ríomh:

image

I gcás inarb ionann:

CSR

agus mais an stoic carbóin san ithir in aghaidh an aonaid achair a bhaineann le cleachtas bainistíochta an bhairr tagartha in Mg de C in aghaidh an heicteáir.

CSA

agus mais an stoic carbóin measta san ithir in aghaidh an aonaid achair a bhaineann le cleachtais bhainistíochta an bhairr iarbhír tar éis 10 mbliana ar a laghad de bheith i bhfeidhm in Mg de C in aghaidh an heicteáir.

3.664

agus an líon a fhaightear nuair a roinntear meáchan móilíneach CO2 (44,010 g/mol) ar mheáchan móilíneach carbóin (12,011 g/mol) in g CO2eq/g C.

n

agus tréimhse (i mblianta) shaothrú an bhairr a mheastar.

P

agus táirgiúlacht an bhairr (arna tomhas mar fhuinneamh bithbhreosla nó bithleachta MJ in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana).

ef

astaíochtaí ó mhéadú ar úsáid leasachán nó luibhicídí

Áirítear le cleachtais bainistíochta talmhaíochta feabhsaithe, a ghlactar chun laghduithe ar astaíochtaí ó charnadh carbóin san ithir a bhaint amach, athrú go síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, barra cumhdaigh a úsáid, lena n-áirítear bainistiú iarmhar bairr, agus feabhsaitheoirí orgánacha ithreach a úsáid (e.g. múirín, coipeadh aoiligh, díleáiteán, bithghualach etc.,).

Beidh ríomh luachanna iarbhír CSR agus CSA bunaithe ar thomhais na stoc carbóin san ithir. Déanfar a thomhas CSR ar leibhéal na feirme sula ndéanfar na cleachtais bhainistíochta a athrú chun bonnlíne a bhunú, agus ansin CSA déanfar a thomhas go tráthrialta, tráth nach déanaí ná 5 bliana óna chéile.

Beidh aeráid agus ithir den chineál céanna sa limistéar iomlán ar ina leith a ríomhfar na stoic charbóin san ithir, agus beidh stair bainistíochta den chineál céanna aige freisin i dtéarmaí curaíochta agus ionchur carbóin san ithir. I gcás nach gcuirfear na cleachtais bainistíochta feabhsaithe i bhfeidhm ach ar chuid den fheirm, ní fhéadfar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a éileamh ach amháin don limistéar a chumhdaítear leo. I gcás ina gcuirfear cleachtais bainistíochta feabhsaithe éagsúla i bhfeidhm ar fheirm aonair, déanfar éileamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a éileamh ar bhonn aonair do gach cleachtas esca.

Chun luaineachtaí laghdaithe ó bhliain go bliain a áirithiú maidir leis na stoic charbóin a thomhaistear san ithir agus earráidí gaolmhara a laghdú, féadfar goirt a bhfuil na hairíonna céanna ithreach agus aeráide iontu, ag a bhfuil stair bainistíochta den chineál céanna i dtéarmaí curaíochta agus ionchur carbóin san ithir agus a bheidh faoi réir an chleachtais bainistíochta feabhsaithe céanna, féadfar iad a ghrúpáil, lena n-áirítear na goirt sin ar le feirmeoirí éagsúla iad.

Tar éis an chéad tomhais ar an mbonnlíne, is féidir an méadú ar an gcarbóin san ithir a mheas bunaithe ar thurgnaimh ionadaíocha nó ar shamhlacha ithreach, sula ndéanfar an dara tomhas ar an méadú ar stoc carbóin. Ón dara tomhas ar aghaidh, beidh na tomhais ina mbunús deiridh chun luachanna iarbhír an mhéadaithe ar an stoc carbóin san ithir a chinneadh.

Tar éis an dara tomhas, áfach, ní cheadófar samhaltú chun oibreoirí eacnamaíoch a chumasú chun an méadú bliantúil ar stoic charbóin san ithir a mheas ach amháin go dtí an chéad tomhas eile i gcás ina ndearnadh na samhlacha arna n-úsáid a chalabrú bunaithe ar na fíorluachanna arna dtomhas. Beidh sé d’oibleagáid ar na hoibreoirí eacnamaíocha na samhlacha arna mbailíochtú ag na scéimeanna deonacha a úsáid, agus iad sin amháin. Beidh sé d’oibleagáid ar scéimeanna deonacha na hoibreoirí eacnamaíocha agus na comhlachtaí deimhniúcháin, a bhfuil iniúchtaí á ndéanamh acu thar a gceann, a chur ar an eolas maidir leis na samhlacha a bhailíochtaigh siad don úsáid sin.

Cuirfear san áireamh leis na samhlacha a úsáidfear stair bainistíochta éagsúil na n-ithreach, an aeráide agus na ngort chun dinimicí carbóin san ithir a ionsamhlú. Beidh sé d’oibleagáid ar an scéim dheonach tuarascáil mhionsonraithe a ullmhú, ina gcuirfear i láthair an modh samhaltaithe bailíochtaithe a úsáidfear agus na toimhdí foluiteacha a bheidh inti. Na luachanna iarbhír deiridh gaolmhara a bhunaítear bunaithe ar thorthaí an tomhais ar an ithir, úsáidfear iad chun na héilimh bhliantúla ar laghduithe ar astaíochtaí ó charnadh carbóin san ithir a bhuí le bainistiú feabhsaithe talmhaíochta (esca) a choigeartú, a dhéanfar ar bhonn an tsamhaltaithe.

Chun laghduithe ar astaíochtaí ó charnadh carbóin san ithir a bhuí le bainistiú feabhsaithe talmhaíochta (esca) a éileamh, déanfaidh saotharlanna deimhnithe tomhais ar stoic charbóin san ithir agus coinneofar samplaí le haghaidh tréimhse 5 bliana ar a laghad chun críoch iniúchóireachta.

Ceanglóidh scéimeanna deonacha ar an bhfeirmeoir nó ar an oibreoir eacnamaíoch gealltanas fadtéarmach a dhéanamh go leanfaidh siad de chur i bhfeidhm cleachtas bainistíochta feabhsaithe le haghaidh 10 mbliana ar a laghad chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur san áireamh. Féadfar gealltanas den sórt sin a chur chun feidhme mar ghealltanas in-athnuaite 5 bliana.

Mura gcomhlíontar an critéar sin, cuirfear isteach luachanna esca uile na bliana reatha don fheirmeoir nó don oibreoir eacnamaíoch mar astaíochtaí le hastaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa an bhairr fuinnimh arna sholáthar, seachas iad a bhaint mar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus mar thoirmeasc ar luach esca a chur san áireamh i ríomhanna gás ceaptha teasa ar feadh 5 bliana, is cuma cén scéim deimhniúcháin a úsáidfear. Má shínítear gealltanas in ainm oibreora eacnamaíoch thar ceann roinnt feirmeoirí agus i gcás ina dtarraingeoidh ceann de na feirmeoirí sin siar go luath, ní bheidh feidhm ag na pionóis thuasluaite ach maidir leis an bhfeirmeoir lena mbaineann agus ní bheidh feidhm acu maidir le gealltanais uile an oibreora eacnamaíoch. Beidh sé d’oibleagáid ar an scéim dheonach a d’eisigh an deimhniú na pionóis a fhorfheidhmiú agus gach scéim dheonach eile a chur ar an eolas go cuí, mar aon leis an bhfaisnéis seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus í a chur san áireamh sna tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta atá le cur chuig an gCoimisiún.

Ina theannta sin, ceanglófar tréimhse leanúnach 3 bliana ar a laghad le haghaidh chur i bhfeidhm an chleachtais bainistíochta feabhsaithe sula bhféadfar éileamh a dhéanamh.

I gcás uasluach iomlán an éilimh bhliantúil a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le laghduithe ar astaíochtaí ó charnadh carbóin san ithir a bhuí le bainistiú talmhaíochta feabhsaithe (esca), cuirfear uasteorainn leis ag 45 g CO2eq/MJ de bhithbhreosla nó de bhithleacht le haghaidh na tréimhse iomláine de chur i bhfeidhm chleachtais Esca, i gcás ina n-úsáidtear bithghualach mar fheabhsaitheoir orgánach ithreach ina aonar nó i dteaglaim le cleachtais esca incháilithe eile. I ngach cás eile, is éard a bheidh san uasteorainn dá dtagraítear thuas 25 g CO2eq/MJ de bhithbhreosla nó de bhithleacht le haghaidh na tréimhse iomláine de chur i bhfeidhm chleachtaisesca.

Táirgeoirí príomhúla nó oibreoirí eacnamaíocha, atá rannpháirteach i gcleachtais incháilithe esccheana féin agus a bhfuil éilimh Esca faoi seach déanta acu roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin Cur chun feidhme seo, féadfaidh siad uasteorainn 45 g CO2eq/MJ de bhithbhreosla nó de bhithleacht a chur i bhfeidhm in idirthréimhse go dtí go ndéanfar an chéad tomhas ar an méadú ar stoc carbóin ag an 5ú bliain. I gcás den sórt sin, beidh an méadú tomhaiste ar stoc carbóin ag an 5ú bliain ina uasteorainn le haghaidh na n-éileamh bliantúil atá le déanamh sa tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin. Sa chéad tomhas ar an méadú ar stoc carbóin ag an 5ú bliain, i gcás inar airde an méadú bliantúil iomlán ar stoc carbóin i gcomparáid leis na héilimh bhliantúla arna ndéanamh, is féidir le táirgeoirí príomhúla agus le hoibreoirí eacnamaíocha an difríocht bhliantúil a éileamh sna blianta ina dhiaidh sin chun méaduithe níos ísle ar stoc carbóin a chúiteamh. Faoi seach, sa chéad tomhas ar an méadú ar stoc carbóin ag an 5ú bliain, i gcás inar ísle an méadú bliantúil iomlán ar stoc carbóin i gcomparáid leis na héilimh bhliantúla arna ndéanamh, ní mór do tháirgeoirí príomhúla agus d’oibreoirí eacnamaíocha an difríocht bhliantúil a bhaint dá réir dá n-éilimh sna 5 bliana ina dhiaidh sin.

I gcás inar cuireadh tús le cleachtais bainistíochta talmhaíochta feabhsaithe incháilithe (esca) san am a chuaigh thart ach nach ndearnadh aon éileamh Esca roimhe sin, ní fhéadfar éilimh Esca chúlghabhálacha bhliantúla a dhéanamh ach ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana roimh thráth Esca a dheimhniú. Beidh sé d’oibleagáid ar an oibreoir eacnamaíoch fianaise leordhóthanach maidir le tús chur i bhfeidhm na gcleachtas feirmeoireachta feabhsaithe a sholáthar. I gcás den sórt sin, féadfar an meastachán ar luach CSR a bhunú ar thomhas comparáideach ar ghort comharsanach nó ar ghort eile ina bhfuil dálaí aeráide agus ithreach den chineál céanna, agus ag a bhfuil stair bainistíochta goirt den chineál céanna. Mura bhfuil aon sonra le fáil ó ghort den sórt sin, féadfar luach measta CSR a bhunú ar shamhaltú. Sa chás sin, déanfar an chéad tomhas láithreach, ag tráth an ghealltanais. Ní mór an chéad tomhas eile ar an méadú ar stoc carbóin a dhéanamh 5 bliana ina dhiaidh sin.

Déanfar na hastaíochtaí méadaithe a eascraíonn as an méadú ar úsáid leasachán agus luibhicídí de bharr chur i bhfeidhm na gcleachtas bainistíochta feabhsaithe a mheas. Chun na críche sin, soláthrófar fianaise leordhóthanach maidir le húsáid stairiúil leasachán agus luibhicídí a áireofar mar an meán ar feadh na 3 bliana roimh chur i bhfeidhm na gcleachtas talmhaíochta nua. Féadfar rannchuidiú na mbarr fosaithe nítrigine a úsáidfear chun an gá le leasacháin bhreise a laghdú a mheas sna ríomhanna.

Cuirfear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm maidir le sampláil:

1. 

Modh samplála ionadaíoch:

(a) 

déanfar sampláil le haghaidh gach dáileachta nó goirt;

(b) 

glacfar sampla alpaire amháin ar a laghad de 15 fhoshampla dhea-dháilte in aghaidh gach 5 heicteár nó in aghaidh an ghoirt, cibé acu is lú (agus ilchineálacht chion carbóin na dáileachta á cur san áireamh);

(c) 

goirt níos lú ina bhfuil dálaí aeráide, cineál ithreach, cleachtas feirmeoireachta tagartha agus cleachtas esca den chineál céanna, féadfar iad a ghrúpáil;

(d) 

déanfar sampláil san earrach roimh shaothrú agus leasachán na hithreach nó san fhómhar, 2 mhí ar a laghad tar éis na buainte;

(e) 

déanfar tomhais dhíreacha ar athruithe ar an stoc carbóin san ithir don chéad 30 cm den ithir;

(f) 

úsáidfear pointí na samplála tosaigh chun bonnlíne na stoc carbóin san ithir a thomhas faoi fhíorchoinníollacha úsáide comhionanna (go háirithe taise na hithreach);

(g) 

Beidh an prótacal samplála dea-dhoiciméadaithe.

2. 

An cion carbóin san ithir a thomhas:

(a) 

déanfar ithirshamplaí a thriomú, a chriathrú agus, más gá, a mheilt;

(b) 

má úsáidtear an modh dócháin, eisiafar carbón neamhorgánach.

3. 

Dlús toirte tirim a chinneadh:

(a) 

cuirfear san áireamh athruithe ar dhlús toirte le himeacht ama;

(b) 

ba cheart dlús toirte a thomhas trí úsáid a bhaint as an modh tapála, is é sin le rá trí shorcóir a thapáil isteach san ithir go meicniúil, rud lena laghdaítear go mór aon earráid a bhaineann le dlús toirte a thomhas;

(c) 

i gcás nach féidir an modh tapála a dhéanamh, go háirithe le hithreacha gainmheacha, úsáidfear modh iontaofa ina ionad;

(d) 

ba cheart samplaí a thriomú san oigheann sula ndéanfar iad a mheá.

Déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin cur i bhfeidhm na modheolaíochta thuasluaite maidir le esca agus ríomh luachanna na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa iarbhír a fhíorú go cuí agus a dhoiciméadú i dtuarascálacha iniúchóireachta. Tá sé d’oibleagáid ar scéimeanna deonacha treoraíocht mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochta seo a eisiúint, lena n-áirítear treoraíocht maidir lena samhlacha ithreach bailíochtaithe, chuig oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí deimhniúcháin agus chun tacú lena n-iniúchóirí ina dtascanna iniúchóireachta freisin. Beidh sé d’oibleagáid ar scéimeanna deonacha freisin faisnéis staidrimh mionsonraithe agus aiseolas cáilíochtúil maidir le cur chur chun feidhme mhodheolaíocht esca a áireamh ina dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán cuí ar chur chun feidhme mhodheolaíocht esca mar chuid den fhaireachán a dhéanfaidh sé ar ghníomhaíochtaí na scéime deonaí lena gcumhdaítear inter alia:

— 
Cur chun feidhme an tionscadail, lenar cheart go bhféadfaí, i measc nithe eile, meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí samhaltaithe i gcomparáid leis na tomhais allamuigh;
— 
Éilimh agus torthaí a chur i gcomparáid le meastacháin sháithiú SOC chun critéir agus moltaí agus ceanglais fhéideartha a dhíorthú le haghaidh cothabháil fhadtéarmach cothromaíochta ar leith chun torthaí san fhadtéarma a chinntiú;
— 
Moltaí agus ceanglais a dhíorthú le haghaidh roghnú agus calabrú samhla iomchuí, agus le haghaidh táscairí iontaofa maidir le torthaí na samhla freisin.

Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige modheolaíochta ar a dtugtar tuairisc san iarscríbhinn seo agus ar na huasteorainneacha a chuirtear i bhfeidhm ar na héilimh bhliantúla ar charnadh stoic carbóin, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin seo nó leis an aidhm é a ailíniú le heolas a bhfuil athrú ag teacht air nó le reachtaíocht nua sa réimse seo amach anseo (i.e. tionscnamh feirmeoireachta carbóin an Aontais).




IARSCRÍBHINN VI

LIOSTAÍ NEAMH-UILEGHABHÁLACHA SAMPLAÍ DE CHLEACHTAIS RIACHTANACHA BAINISTÍOCHTA AGUS FAIREACHÁIN CHUN CEAPADH CARBÓIN SAN ITHIR AGUS CAÍLÍOCHT NA hITHREACH A CHUR CHUN CINN AGUS CHUN FAIREACHÁN A DHÉANAMH ORTHU



Tábla 1.

Samplaí de chleachtais riachtanacha bainistíochta ithreach chun ceapadh carbóin san ithir (i bhfianaise na heaspa iarmhar) agus cáilíocht na hithreach a chur chun cinn

Ceanglas

Paraiméadar cháilíocht na hithreach

Uainíocht 3 bharr ar laghad, lena n-áirítear léagúim nó aoileach glas sa chóras curaíochta, agus na ceanglais agranamaíocha maidir le comharbas na mbarr atá sonrach do gach barr a fhástar agus do dhálaí aeráide á gcur san áireamh. Is uainíocht amháin atá i mbarr cumhdaigh ilspeiceas idir barra margaidh.

Torthúlacht ithreach a chur chun cinn, carbón ithreach, creimeadh ithreach a theorannú, bithéagsúlacht ithreach agus rialú pataigine a chur chun cinn

Barra breise/barra cumhdaigh/barra idirmheánacha a chur trí úsáid a bhaint as meascán speiceas, atá iomchuí ó thaobh na háite, ina bhfuil léagúm amháin ar a laghad. Le cleachtais bainistíochta barr, ba cheart cumhdach íosta ithreach a áirithiú chun ithir lom a sheachaint le linn na dtréimhsí is íogaire.

Torthúlacht ithreach a chur chun cinn, carbóin a choinneáil san ithir, creimeadh ithreach a sheachaint, bithéagsúlacht ithreach

Balcadh ithreach a chosc (ba cheart minicíocht agus uainiú na n-oibríochtaí allamuigh a phleanáil chun trácht ar ithir fhliuch a sheachaint; ba cheart oibríocht curaíochta a sheachaint nó a laghdú go mór ar ithreacha fliucha; féadfar pleanáil tráchta rialaithe a úsáid).

Struchtúr na hithreach a choinneáil, creimeadh ithreach a sheachaint, bithéagsúlacht ithreach a choinneáil

Cosc ar choinleach arúil a loscadh, ach amháin i gcás ina bhfuil díolúine deonaithe ag an údarás ar chúiseanna sláinte plandaí.

Carbóin a choinneáil san ithir, éifeachtúlacht acmhainní

I gcás ithreacha aigéadacha ar a ndéantar aoladh, i gcás ina ndéantar ithreacha a dhíghrádú agus i gcás ina bhfuil tionchar ag aigéadú ar tháirgiúlacht na mbarr.

Struchtúr ithreach, bithéagsúlacht ithreach, carbón ithreach feabhsaithe

Curaíocht a laghdú/gan aon churaíocht - Rialú creimthe – leasuithe orgánacha a chur leis (bithghualach, múirín, aoileach, iarmhair barr) – barra cumhdaigh a úsáid, athfhliuchadh

Athfhásrú: cur (athrú speiceas, cosaint le móta tuí) - gnéithe tírdhreacha - agrafhoraoiseacht

An carbón orgánach san ithir mhéadú



Tábla 1.

Samplaí de chleachtais faireacháin maidir le cáilíocht na hithreach agus tionchair ó mhaolú carbóin

Cur chuige faireacháin

An modh fíorúcháin/léiriúcháin

Measúnú riosca

Trí réimsí lena mbaineann riosca ard go laghdófar cáilíocht na hithreach a shainaithint, cuidítear leis na rioscaí sin a chosc agus dírítear ar réimsí ag a bhfuil an tionchar is mó.

Anailís ar ábhar orgánach san ithir

Le sampláil chomhsheasmhach a dhéanamh ar ábhar orgánach san ithir, cuirtear feabhas ar fhaireachán ionas gur féidir an t-ábhar seo a choinneáil ar bun nó a fheabhsú.

Anailís ar charbón orgánach san ithir

Meastar gur marcóir maith é carbón orgánach san ithir le haghaidh cáilíocht ithreach níos leithne.

Sampláil innéacs maidir le riochtú ithreach

Le luach dearfach, léirítear go bhfuil coinne ann go mbeidh méadú ar an ábhar orgánach san ithir.

Measúnú ar chreimeadh ithreach

Áirithítear leis go bhfuil creimeadh faoi bhun leibhéil inghlactha, e.g. leibhéil ‘t’ de chuid Sheirbhís Taighde Talmhaíochta Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe.

Plean bainistíochta cothaitheach

Le plean ina leagtar amach straitéis cothaitheach (lena ndírítear go príomha ar N, P, K) agus le córais leasacháin, is féidir míchothromaíochtaí cothaitheach a chosc.

Anailís thráthrialta ar pH na hithreach

Le faireachán a dhéanamh ar pH, cuidítear le míchothromaíochtaí in pH a shainaithint.




IARSCRÍBHINN VII

MODHEOLAÍOCHT CHUN NA hASTAÍOCHTAÍ Ó EASTÓSCADH NÓ Ó SHAOTHRÚ AMHÁBHAR A CHINNEADH

Chun na hastaíochtaí ó eastóscadh nó ó shaothrú na n-amhábhar a ríomh, luaitear i gCuid C, pointe 5 d’Iarscríbhinn V agus i gCuid B, pointe 5 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 go n-áireofar sa ríomh suim na n-astaíochtaí uile ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar; ó dhramhaíl agus ó sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidfear san eastóscadh nó sa saothrú.

Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n-amhábhar as an áireamh. Féadfar meastacháin ar astaíochtaí ó shaothrú bithmhaise talmhaíochta a dhíorthú as meáin réigiúnacha le haghaidh astaíochtaí ó shaothrú atá san áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 31(4) de Threoir (AE) 2018/2001 a úsáid nó as an bhfaisnéis faoi na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe le haghaidh astaíochtaí ó shaothrú atá san áireamh san Iarscríbhinn seo, mar mhalairt ar luachanna iarbhír a úsáid. Murab ann d’fhaisnéis ábhartha sna tuarascálacha sin is féidir meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla, mar shampla ar shonraí grúpa feirmeacha mar mhalairt ar luachanna iarbhír a úsáid.

ASTAÍOCHTAÍ ÓN BPRÓISEAS EASTÓSCTHA NÓ SAOTHRAITHE FÉIN

Áireofar sna hastaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe féin na hastaíochtaí uile ó (i) sholáthar na mbreoslaí le haghaidh innealra feirme a úsáidtear; (ii) táirgeadh an ábhair síolaithe le haghaidh shaothrú na mbarr; (iii) táirgeadh leasachán agus lotnaidicídí; (iv) aigéadú leasacháin agus aoladh a chur i bhfeidhm; agus (v) astaíochtaí ithreach ó shaothrú na mbarr.

1.1.    Úsáid breosla (ola dhíosail, gásailín, ola bhreosla throm, bithbhreoslaí nó breoslaí eile) le haghaidh innealra feirme

Áireofar sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shaothrú na mbarr (ullmhú an ghoirt, síolú, leasachán agus lotnaidicídí a chur i bhfeidhm, buaint, bailiú) na hastaíochtaí uile ó úsáid breoslaí (amhail ola dhíosail, gásailín, ola bhreosla throm, bithbhreoslaí nó breoslaí eile) in innealra feirme. Déanfar méid an bhreosla a úsáidfear in innealra feirme a dhoiciméadú go cuí. Ní mór fachtóirí iomchuí astaíochta na mbreoslaí a úsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn IX. I gcás ina n-úsáidtear bithbhreoslaí, ní mór na hastaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe a leagtar amach i dTreoir 2018/2001 a úsáid.

1.2.    Leasacháin agus lotnaidicídí ceimiceacha

Áireofar sna hastaíochtaí ó úsáid leasachán agus lotnaidicídí ceimiceacha ( 4 ) le haghaidh shaothrú na n-amhábhar na hastaíochtaí uile a bhaineann le monarú leasachán agus lotnaidicídí ceimiceacha. Déanfar méid na leasachán agus na lotnaidicídí ceimiceacha, ag brath ar an mbarr, ar dhálaí áitiúla agus ar chleachtais feirmeoireachta, a dhoiciméadú go cuí. Ní mór fachtóirí iomchuí astaíochta, lena n-áirítear astaíochtaí réamhtheachtacha, a úsáid chun cuntas a thabhairt ar astaíochtaí ó tháirgeadh leasachán agus lotnaidicídí ceimiceacha de bhun Iarscríbhinn IX. Má tá aithne ag an oibreoir eacnamaíoch ar an monarcha a tháirgeann an leasachán agus má thagann sé faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS), féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na hastaíochtaí táirgthe arna ndearbhú faoi ETS a úsáid, agus na hastaíochtaí réamhtheachtacha le haghaidh gás nádúrtha etc. á chur leis. Áireofar ann freisin iompar na leasachán trí úsáid a bhaint as na hastaíochtaí ó na modhanna iompair a liostaítear in Iarscríbhinn IX. Mura bhfuil aithne ag an oibreoir eacnamaíoch ar an monarcha a sholáthraíonn an leasachán, ba cheart dó na luachanna caighdeánacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IX a úsáid.

1.3.    Ábhar síolaithe

Bunófar ríomh na n-astaíochtaí saothraithe ó tháirgeadh an ábhair síolaithe le haghaidh shaothrú na mbarr ar na sonraí iarbhír maidir leis an ábhar síolaithe a úsáidtear. Féadfar na fachtóirí astaíochta maidir le táirgeadh agus soláthar an ábhair síolaithe a úsáid chun cuntas a thabhairt ar na hastaíochtaí a bhaineann le táirgeadh na síolta. Ní mór na luachanna caighdeánacha le haghaidh fachtóirí astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a úsáid. I gcás síolta eile, ní mór luachanna litríochta ón ordlathas seo a leanas a úsáid.

(a) 

leagan 5 de thuarascáil JEC-WTW;

(b) 

bunachar sonraí ECOINVENT;

(c) 

foinsí ‘oifigiúla’, amhail an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) nó rialtais;

(d) 

foinsí sonraí athbhreithnithe eile, amhail bunachar sonraí E3, bunachar sonraí GEMIS;

(e) 

foilseacháin phiarmheasúnaithe;

(f) 

féinmheastacháin atá doiciméadaithe go cuí.

1.4.    Astaíochtaí ó aigéadú leasacháin agus ó chur i bhfeidhm aoil

Is éard a bheidh sna hastaíochtaí ó neodrú aigéadaithe leasacháin agus ó chur i bhfeidhm aoil talmhaíochta na hastaíochtaí CO2 ó neodrú na haigéadachta ó leasacháin nítrigine nó ó imoibrithe aoil talmhaíochta san ithir.

1.4.1.    Astaíochtaí ó neodrú aigéadaithe leasacháin

Na hastaíochtaí a bheidh ann mar thoradh ar an aigéadú de bharr leasachán nítrigine a úsáid sa ghort, cuirfear san áireamh iad i ríomh na n-astaíochtaí bunaithe ar mhéid na leasachán nítrigine a úsáidtear. I gcás leasacháin níotráite, is éard a bheidh sna hastaíochtaí ó neodrú na leasachán nítrigine san ithir 0.783 kg CO2/kg N; i gcás leasacháin úiré, is éard a bheidh sna hastaíochtaí neodraithe 0.806 kg CO2/kg N.

1.4.2.    Astaíochtaí ithreach ó aoladh (aol talmhaíochta)

Déanfar fíormhéid an aoil talmhaíochta a úsáidfear a dhoiciméadú go cuí. Ríomhfar na hastaíochtaí mar a leanas:

1. 

Maidir le hithreacha aigéadacha, i gcás inar lú an pH ná 6.4, tuaslagtar aol talmhaíochta le haigéid na hithreach chun CO2, seachas décharbónáit, a chruthú den chuid is mó, lena scaoiltear beagnach an CO2 uile isteach san aol talmhaíochta (0.44 kg CO2/kg CaCO3 de choibhéis aoil talmhaíochta).

2. 

I gcás inar mó pH na hithreach ná 6.4 nó i gcás ina bhfuil sé cothrom leis sin, cuirfear san áireamh sa ríomh fachtóir astaíochta 0.98/12.44 = 0.079 kg CO2/(kg CaCO3-coibhéis) d’aol talmhaíochta a chuirtear i bhfeidhm, chomh maith leis na hastaíochtaí de bharr neodrú an aigéadaithe mar thoradh ar an leasachán.

3. 

Na hastaíochtaí aolta arna ríomh ó úsáid iarbhír aoil, arna ríomh i bpointí 1 agus 2 thuas, féadfaidh siad a bheith níos mó ná na hastaíochtaí neodraithe leasacháin arna ríomh in 1.4.1 i gcás inar neodraíodh an t-aigéadú leasacháin leis an aol a cuireadh i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, féadfar na hastaíochtaí neodraithe leasacháin (in 1.4.1) a dhealú ó na hastaíochtaí aolta arna ríomh ionas nach gcomhairfear iad faoi dhó.

Féadfaidh na hastaíochtaí ó aigéadú leasacháin a bheith níos mó ná na hastaíochtaí ó aoladh. I gcás den sórt sin, bheadh glanastaíochtaí diúltacha aolta ann, is cosúil, de thoradh an dealaithe toisc nach bhfuil an t-aigéadú leasacháin uile neodraithe ag an aol talmhaíochta, ach go páirteach ag carbónáití a fhaightear go nádúrtha freisin. Sa chás sin, is nialasach a áireofar na glanastaíochtaí aolta, ach déanfar na hastaíochtaí aigéadaithe leasacháin a tharlaíonn ar aon nós a choinneáil ar bun i gcomhréir le roinn 1.4.1.

Mura bhfuil fáil ar shonraí maidir le húsáid iarbhír aoil talmhaíochta, glacfar le húsáid an aoil talmhaíochta a mhol an Comhlachas um Aol Talmhaíochta. Beidh sé seo ina fheidhm den chineál bairr, de pH na hithreach a thomhaistear, den chineál ithreach agus den chineál ábhair aolta. Ríomhfar na hastaíochtaí CO2 a ghabhann leis trí úsáid a bhaint as pointí 1 agus 2 den nós imeachta thuasluaite. Ní chuirfear an dealú a shonraítear i bpointe 3 i bhfeidhm sa chás seo, áfach, ós rud é nach n-áirítear le húsáid an aoil talmhaíochta a mholtar an t-aol talmhaíochta a úsáidfear chun leasachán a chuirfear i bhfeidhm sa bhliain chéanna a neodrú, ionas nach mbeidh an fhéidearthacht ann go gcomhairfear na hastaíochtaí neodraithe leasacháin faoi dhó.

1.5.    Astaíochtaí ithreach (ocsaíd nítriúil/N2O) ó shaothrú na mbarr

Ríomhfar na hastaíochtaí N2O ó ithreacha bainistithe de réir mhodheolaíocht IPCC. Úsáidfear úsáid na bhfachtóirí astaíochta barrshonracha dí-chomhiomlánaithe le haghaidh dálaí comhshaoil éagsúla (a chomhfhreagraíonn do Leibhéal 1 de mhodheolaíocht IPCC) chun na hastaíochtaí N2O a bheidh ann mar thoradh ar shaothrú na mbarr a ríomh. Ba cheart fachtóirí astaíochta sonracha le haghaidh dálaí comhshaoil éagsúla, dálaí ithreach agus barra éagsúla a chur san áireamh. D’fhéadadh oibreoirí eacnamaíocha samhlacha bailíochtaithe a úsáid chun na fachtóirí astaíochta sin a ríomh ar choinníoll go gcuirfear na gnéithe sin san áireamh leis na samhlacha. I gcomhréir le treoirlínte IPCC ( 5 ), cuirfear san áireamh astaíochtaí N2O díreacha agus indíreacha. Úsáidfear uirlis GNOC, atá bunaithe ar na foirmlí thíos, de réir na gcoinbhinsiún maidir le hainmneacha i dtreoirlínte IPCC (2006):

N2Oiomlán – N = N2Odíreach – N + N2Oindíreach– N

Más rud é:

I gcás ithreacha mianracha: N2ODíreach – N = [(FSN + FON) • EF1ij] + [FCR • EF1]

I gcás ithreacha orgánacha: N 2 ODíreach  – N = [(FSN + FON) • EF1] + [FCR • EF1] + [(FOS,CG,Temp • EF2CG, Temp] + [FCROS,CG,Trop • E2CG,Trop]

I gcás ithreacha mianracha agus ithreacha orgánacha araon: N 2 ODíreach  – N = [((FSN • FracGASF) + (FON • EracGASM) • EF4] + [(FSN +FON + FCR) • FracLeach-(H) • EF5]

1.5.1    Ionchur N maidir le hiarmhar bairr

Ní mór é a ríomh le haghaidh:

(a) 

biatas siúcra, cána siúcra de réir IPCC (2006), Imleabhar 4, Caibidil 11 Eq. 11.6, gan iarmhair faoi thalamh a mheas agus le hionchur N ó fhíonfhuíoll agus dríodar scagacháin curtha leis i gcás cána siúcra;

FCR = Táirgeacht • TIRIM • (1-FracDóite • Cf) • [RAG • NAG • (1 - FracBain)] + FVF

(b) 

le plandálacha cnó cócó agus pailme ola lena gcuirtear ionchur N seasta i bhfeidhm bunaithe ar litríocht mar IPCC (2006), ní sholáthraítear aon mhodh ríofa réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí caighdeánacha astaíochta, de bhun Iarscríbhinn IX;

(c) 

i gcás na mbarr uile eile de réir IPCC (2006), Imleabhar 4, Caibidil 11 Eq. 11.7a 11.11, 11.12, mar

FCR = (1-FracDóite • Cf) • AGDM • NAG • (1-FracBain) + (AGDM + Yield • DRY) • RBG-BIO • NBG

I gcás inarb é:

N2Oiomlán - N

=

astaíochtaí N2O–N bliantúla díreacha agus indíreacha a tháirgtear ó ithreacha bainistithe; kg N2O–N ha-1 a-1

N2Odíreach - N

=

astaíochtaí N2O–N bliantúla díreacha a tháirgtear ó ithreacha bainistithe; kg N2O–N ha-1 a-1

N2Oindíreach - N

=

astaíochtaí N2O–N bliantúla indíreacha (is é sin le rá, méid bliantúil N2O–N a tháirgtear ó ionchur atmaisféarach N atá galaithe ó ithreacha bainistithe agus méid bliantúil N2O–N a tháirgtear ó láisteadh agus ó rith chun srutha bhreisithe N go dtí ithreacha bainistithe i réigiúin ina dtarlaíonn láisteadh/rith chun srutha); kg N2O– ha-1 a-1

FSN

=

ionchur bliantúil maidir le leasachán nítrigine sintéiseach; kg N ha-1 a-1

FON

=

aoileach ainmhithe bliantúil N a chuirtear i bhfeidhm mar leasachán; kg N ha-1 a-1

FCR

=

méid bliantúil N in iarmhair barr (os cionn talún agus faoi thalamh); kg N ha-1 a-1

FOS,CG,Temp

=

achar bliantúil na n-ithreacha orgánacha bainistithe/draenáilte faoi thalamh curaíochta in aeráid mheasartha; ha-1 a-1

FOS,CG,Temp

=

achar bliantúil na n-ithreacha orgánacha bainistithe/draenáilte faoi thalamh curaíochta in aeráid thrópaiceach; ha-1

FracGASF

=

0.10 (kg N NH3–N + NOx–N) (kg N a chuirtear i bhfeidhm)-1. Galú ó leasachán sintéiseach

FracGASM

=

0.20 (kg N NH3–N + NOx–N) (kg N a chuirtear i bhfeidhm)-1. Galú ó na leasacháin nítrigine orgánacha uile a chuirtear i bhfeidhm

FracLeach-(H)

=

0.30 kg N (kg bhreisithe N) -1. Caillteanais N ó láisteadh/rith chun srutha le haghaidh réigiúin ina dtarlaíonn láisteadh/rith chun srutha

EF1ij

=

Fachtóirí astaíochta barrshonracha agus suíomhshonracha le haghaidh astaíochtaí N2O ó chur i bhfeidhm leasacháin shintéisigh agus N orgánach ar ithreacha mianracha (kg N2O–N (kg ionchur N)-1);

EF1

=

0.01 [kg N2O–N (kg ionchur N) -1]

EF2CG,Temp

=

8 kg N ha-1 a-1 le haghaidh barr orgánach measartha agus ithreacha féarthalún

EF2CG,Temp

=

16 kg N ha-1 a-1 le haghaidh barr orgánach trópaiceach agus ithreacha féarthalún

EF4

=

0.01 [kg N2O–N (kg N NH3–N + NOx–N galaithe) -1]

EF5

=

0.0075 [kg N2O– (kg láisteadh/rith chun srutha N) -1]

Táirgeacht

=

táirgeacht úr bhliantúil an bhairr (kh ha-1)

TIRIM

=

an codán d’ábhar tirim den táirge buainte [kg d.m. (kg fliuchmheáchan)-1] (féach Tábla 1)

FracDóite

=

An codán den limistéar barr a dhóitear go bliantúil [ha (ha)-1]

Cf

=

an fachtóir dócháin [gan toise] (féach Tábla 1)

RAG

=

Cóimheas na n-iarmhar os cionn talún, idir ábhar tirim agus táirgeacht an ábhair thirim a bhuaintear, le haghaidh an bhairr [kg d.m. (kg d.m.)-1] (féach Tábla 3)

NAG

=

cion N na n-iarmhar os cionn talún [kg N (kg d.m.)-1] (féach Tábla 1)

FracBain

=

An codán d’iarmhair os cionn talún a bhaintear den ghort [kg d.m. (kg AGDM)-1]

FVF

=

Méid bliantúil N i bhfíonfhuíoll agus dríodar scagacháin cána siúcra a chuirtear ar ais sa ghort [kg N ha-1], arna ríomh mar Tháirgeacht * 0.000508.

AG

=

Ábhar tirim iarmhair os cionn talún [kg d.m. ha-1]

1.5.2    Fachtóirí astaíochta barrshonracha agus suíomhshonracha le haghaidh astaíochtaí N2O ó chur i bhfeidhm leasacháin shintéisigh agus N orgánach

Astaíochtaí N2O ó ithreacha faoi úsáid talmhaíochta, i réimsí talmhaíochta éagsúla faoi dhálaí comhshaoil éagsúla agus faoi aicmí éagsúla maidir le talamhúsáid, is féidir iad a chinneadh de réir shamhail staitistiúil Stehfest agus Bouwman (2006) (dá ngairtear ‘samhail S&B’ anseo feasta):

image

I gcás inarb é:

E

=

astaíocht N2O (in kg N2O-N ha-1 a-1)

ev

=

luach éifeachta le haghaidh spreagthaí éagsúla (féach Tábla 2)

Ríomhfar EF1ij le haghaidh bharr bithbhreosla i ag suíomh j (samhail S&B) mar:

EF1ij = (Efert,ij – Eunfert,ij)/Nappl,ij

Cuirfear EF1ij, atá barrshonrach agus suíomhshonrach, le haghaidh astaíochtaí díreacha ó leasachán mianrach agus ionchur N aoiligh, bunaithe ar EF1ij atá barrshonrach agus suíomhshonrach, in ionad fhachtóir IPCC (2006) (EF1) le haghaidh astaíochtaí díreacha N2O ó ionchur leasacháin bunaithe ar mheán domhanda, trí shamhail S&B a chur i bhfeidhm.

I gcás inarb é:

Efert,ij

=

astaíocht N2O (in kg N2O-N ha-1 a-1) bunaithe ar S&B, i gcás inarb é ionchur an leasacháin ráta iarbhír chur i bhfeidhm N (leasachán mianrach agus aoileach) maidir le barr i ag suíomh j

Eunfert,ij

=

astaíocht N2O bharr i ag suíomh j (in kg N2O-N ha-1 a-1) bunaithe ar S&B. Tá ráta chur i bhfeidhm N socraithe ag 0, coinnítear na paraiméadair uile eile mar an gcéanna.

Nappl,ij

=

Ionchur N ó leasachán mianrach agus aoileach (in kg N ha-1 a-1) go barr i ag suíomh j

Tábla 1

Paraiméadair bharrshonracha chun ionchur N ó iarmhair barr a ríomh  ( 6 )

image

Tábla 1

Luachanna seasmhacha agus éifeachta le haghaidh astaíochtaí N2O ó réimsí talmhaíochta a ríomh bunaithe ar shamhail S&B

image

ASTAÍOCHTAÍ Ó BHAILIÚ, TRIOMÚ AGUS STÓRÁIL NA N-AMHÁBHAR

Áireofar sna hastaíochtaí ó bhailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar na hastaíochtaí uile a bhaineann le húsáid breosla i mbailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar.

Astaíochtaí ó bhailiú

Áireofar sna hastaíochtaí ó bhailiú na n-amhábhar na hastaíochtaí uile a bheidh ann mar thoradh ar bhailiú na n-amhábhar agus a n-iompar go dtí stóráil. Ríomhfar na hastaíochtaí trí úsáid a bhaint as fachtóirí iomchuí astaíochta le haghaidh an chineáil breosla a úsáidfear (ola dhíosail, gásailín, ola bhreosla throm, bithbhreoslaí nó breoslaí eile).

Triomú na bithmhaise

Áireofar sna hastaíochtaí saothraithe astaíochtaí ó thriomú a dhéanamh roimh stóráil agus ó stóráil agus ó láimhseáil an bhunábhair bithmhaise freisin. Áireofar sna sonraí maidir le húsáid fuinnimh don triomú roimh stóráil sonraí iarbhír maidir leis an bpróiseas triomaithe a úsáidfear chun na ceanglais stórála a chomhlíonadh, ag brath ar an gcineál bithmhaise, ar mhéid na gcáithníní, ar an gcion taise, ar dhálaí aimsire, etc. Úsáidfear fachtóirí iomchuí astaíochta, lena n-áirítear astaíochtaí réamhtheachtacha, chun cuntas a thabhairt ar na hastaíochtaí ó úsáid na mbreoslaí chun teas nó leictreachas a úsáidfear don triomú a tháirgeadh. Ní áirítear sna hastaíochtaí ó thriomú ach na hastaíochtaí ón bpróiseas triomaithe is gá chun stóráil leordhóthanach na n-amhábhar a áirithiú agus ní áirítear iontu triomú na n-amhábhar le linn na próiseála.

CUNTAS A THABHAIRT AR ASTAÍOCHTAÍ Ó LEICTREACHAS A ÚSÁIDFEAR IN OIBRÍOCHTAÍ FEIRMEOIREACHTA

Agus cuntas á thabhairt ar an tomhaltas leictreachais nár táirgeadh laistigh den ghléasra táirgthe breosla, déanfar toimhde de go bhfuil déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an leictreachais tháirgthe agus dháilte cothrom le méandéine astaíochtaí an leictreachais tháirgthe agus dháilte i réigiún sainithe, ar féidir é a bheith ag réigiún NUTS2 ( 7 ) nó ar an leibhéal náisiúnta. I gcás ina n-úsáidfear comhéifeachtaí maidir le astaíochtaí leictreachais náisiúnta, úsáidfear na luachanna ó Iarscríbhinn IX. De mhaolú ar an riail sin, féadfaidh táirgeoirí meánluach a úsáid le haghaidh gléasra aonair táirgthe leictreachais don leictreachas arna tháirgeadh sa ghléasra sin, mura bhfuil sé nasctha leis an eangach leictreachais agus i gcás nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil chun fachtóir astaíochta a dhíorthú.




IARSCRÍBHINN VIII

ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LEIS AN bPRÓISEAS AGUS AN MODH CHUN BITHMHAIS LENA nGABHANN RIOSCA ÍSEAL MAIDIR LE hATHRÚ INDÍREACH AR THALAMHÚSÁID (ILUC) A DHEIMHNIÚ

A.    Próiseas deimhniúcháin bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC

Chun tús a chur leis an bpróiseas deimhniúcháin, ní mór d’oibreoir eacnamaíoch iarratas a chur isteach chuig comhlacht deimhniúcháin a aithnítear le scéim dheonach le haghaidh bithmhais lena ngabhann riosca íseal ILUC. Féadfaidh feirm, céadphointe bailiúcháin nó bainisteoir grúpa atá ag gníomhú thar ceann grúpa feirmeoirí a bheith san iarratasóir.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarratas ar dheimhniú maidir le riosca íseal ILUC:

(a) 

ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra nó na n-iarratasóirí, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, comhaltaí an ghrúpa i gcás deimhniúchán grúpa ( 8 );

(b) 

tuairisc ar na bearta beartaíochta lena ngabhann riosca íseal ILUC atá beartaithe, lena n-áirítear:

(i) 

sonraí maidir leis an dáileacht theorannaithe talún ar a gcuirfear an beart breisíochta chun feidhme, lena n-áirítear úsáid na talún faoi láthair, na cleachtais bhainistíochta atá ann faoi láthair agus na sonraí faoi tháirgeacht na dáileachta talún faoi láthair, agus más infheidhme, ráiteas lena cur in iúl an bhfuil an talamh neamhúsáidte, tréigthe nó díghrádaithe go mór;

(ii) 

tuairisc ar na bearta breisíochta agus meastachán ar an mbithmhais bhreise a tháirgfear tar éis í a chur chun feidhme (trí mhéadú táirgeachta nó táirgeadh ar thalamh atá neamhúsáidte, tréigthe nó díghrádaithe go mór);

(c) 

faisnéis maidir le deimhniú aon scéime deonaí atá aitheanta ag an gCoimisiún cheana (ainm na scéime deonaí, uimhir an deimhnithe, an stádas agus an tréimhse bhailíochta).

Má dhéantar an t-iarratas tar éis na bearta breisíochta a chur chun feidhme, ní fhéadfar ach an bhithmhais bhreise a tháirgtear tar éis dháta an deimhnithe maidir le riosca íseal ILUC a éileamh mar riosca íseal ILUC.

1.    Ábhar an phlean bainistíochta

A luaithe a ghlacfar leis an iarratas maidir le riosca íseal ILUC, forbróidh an t-oibreoir eacnamaíoch plean bainistíochta agus cuirfidh sé faoi bhráid an chomhlachta deimhniúcháin é. Cuirfidh an plean bainistíochta leis an bhfaisnéis atá san iarratas ar dheimhniú, agus áireofar ann:

(a) 

sainiú ar an dáileacht theorannaithe talún;

(b) 

tuairisc ar na bearta breisíochta;

(c) 

seiceáil maidir le hinbhuanaitheacht an bhirt breisíochta i leith cheanglais Threoir (AE) 2018/2001;

(d) 

i gcás inarb ábhartha, léiriú ar an measúnú breisíochta (tástáil tarraingteachta airgeadais nó tástáil bacainní neamhairgeadais);

(e) 

an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a chinneadh, lena n-áirítear:

(i) 

i gcás bearta lena méadaítear an táirgeacht: ar a laghad 3 bliana de shonraí faoin táirgeacht barr stairiúil a bhaineann leis an dáileacht theorannaithe talún;

(ii) 

le haghaidh saothrú ar thalamh atá neamhúsáidte, tréigthe nó díghrádaithe go mór: cruthúnas ar stádas talún (meastar gurb é nialas an bhonnlíne tháirgeachta le haghaidh saothrú ar thalamh atá neamhúsáidte, tréigthe nó díghrádaithe mór)

(f) 

meastachán ar an táirgeacht bithmhaise breise in aghaidh na bliana, agus tagairt á déanamh don bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil le haghaidh na dáileachta teorannaithe talún.

Leis an bplean bainistíochta ní mór a bheith in ann comparáid a dhéanamh idir úsáid na dáileachta teorannaithe talún roimh chur chun feidhme an bhirt breisíochta agus a húsáid dá éis.

2.    Liosta neamh-uileghabhálach de bhearta breisíochta



Tábla 1.

Liosta neamh-uileghabhálach de bhearta breisíochta lena méadaítear táirgeacht.

Catagóir bhreisíochta

Beart breisíochta

Sampla

Meicniú

Innealra

Innealra a laghdaíonn/a chomhlánaíonn an t-ionchur ón lucht saothair atá ann cheana chun an t-aschur a threisiú nó chun caillteanais a laghdú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin cur, feirmeoireacht bheacht, innealra buainte nó innealra chun caillteanais iarbhuainte a laghdú.

Ilchúraíocht

Curaíocht sheicheamhach

An dara barr a thabhairt isteach ar an talamh céanna sa bhliain chéanna.

Bainistiú

Bainistiú ithreach

Mótú in ionad treabhadh, curaíocht íseal.

Leasú

Córas leasacháin a optamú, talmhaíocht bheacht a úsáid.

Cosaint barraí

Athrú i rialú fiailí, lotnaidí agus galar.

Pailniú

Cleachtais phailnithe fheabhsaithe.

Eile

Fágann sé sin deiseanna le haghaidh nuálaíochta, comhcheangail beart agus forbairtí atá gan choinne.

Athphlandú (i gcás barra ilbhliantúla) (1)

Rogha cineálacha barr

Éagsúlacht táirgeachta níos airde, oiriúnú níos fearr do dhálaí éicifhiseolaíocha nó aeráide.

(1)   

Tá an t-athphlandú ag deireadh ré an bhairr riachtanach i gcónaí le haghaidh bairr ilbhliantúil. Chun gur féidir athphlandú a áireamh mar bheart breisíochta, ní mór don oibreoir eacnamaíoch cruthúnas a thabhairt go dtéann a n-athphlandú thar ‘ghnó mar is gnách’.

Is bearta iad bearta breisíochta a théann níos faide ná na comhchleachtais talmhaíochta. I dTábla 1 tá liosta neamh-uileghabhálach de na cineálacha beart breisíochta lena méadaítear táirgeacht ar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad a chur i bhfeidhm. Le bearta, nó le teaglamaí beart, spreagfar an-aschur gan an inbhuanaitheacht a chur i mbaol. Ní chuirfidh an beart breisíochta acmhainneacht mhéadaitheach sa todhchaí i mbaol trí chomhbhabhtáil a dhéanamh idir gnóthachain aschuir ghearrthéarmacha agus meath meánach/fadtéarmach cháilíocht na hithreach, an uisce agus an aeir agus pobal pailneoirí. Ní bheidh mar thoradh ar na bearta breisíochta homaiginiú thírdhreach na talmhaíochta trí eilimintí tírdhreacha agus gnáthóga a bhaint amhail crainn aonair, fálta, toir, imill pháirce nó stiallacha bláthanna.

Ní fhéadfar ach táirgeacht bhreise os cionn na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla a éileamh mar bhithmhais lena ngabhann riosca íseal ILUC. Ina theannta sin, ní fhéadfar beart breisíochta a dheimhniú ach amháin má tá sé d’aidhm aige táirgeachtaí breise a bhaint amach a bhuí le feabhsú ar chleachtas talmhaíochta. Má chuirtear beart i bhfeidhm nach bhfuil d’aidhm aige ach inbhuanaitheacht na dáileachta talún a fheabhsú, gan an táirgeacht a fheabhsú, ní mheastar gur beart breisíochta é. Ní hé seo an cás le saothrú ar thalamh atá neamhúsáidte, tréigthe nó díghrádaithe go mór, agus sa chás sin is é an saothrú féin an beart breisíochta.

Beidh ar an oibreoir eacnamaíoch a léiriú go socraítear ionchais réasúnta leis an bplean bainistíochta maidir leis an méadú táirgeachta trí thagairt a dhéanamh, mar shampla, do litríocht eolaíoch, taithí ó thrialacha allamuigh, faisnéis ó chuideachtaí agranamaíochta, forbróirí síolta/leasaitheoirí nó ríomhanna simplí. Tá gá le fianaise shásúil a thacaíonn leis an méadú táirgeachta a bhfuil coinne leis a bhuí leis an mbeart breisíochta is gá a chur i bhfeidhm chun an tionscadal a dheimhniú.

I gcás feabhsuithe talmhaíochta, déanfar na cleachtais talmhaíochta a cuireadh i bhfeidhm, innealra agus modhanna sula gcuirtear an beart breisíochta i bhfeidhm agus dá éis sin a dhoiciméadú go mion mar chuid den phlean bainistíochta. Leis sin beifear in ann comparáid a dhéanamh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil beart breisíochta curtha chun feidhme; (ii) meastóireacht a dhéanamh maidir le cé acu is féidir nó nach féidir an beart breisíochta sin a mheas mar bheart breisíochta i gcomparáid le forbairt ‘gnó mar is gnách’.

B.    Measúnú breisíochta: Tástálacha tarraingteachta airgeadais nó tástálacha anailíse bacainní

1.    Tástáil tarraingteachta airgeadais

Léireofar leis an tástáil tarraingteachta airgeadais go n-éireoidh an infheistíocht is gá don bheart breisíochta tarraingteach ó thaobh airgeadais de má dheimhnítear go ngabhann riosca íseal ILUC leis an táirgeacht bhreise a thiocfaidh as sin, agus sa chás sin amháin. San anailís beidh anailís shimplí airgeadais ar an infheistíocht birt breisíochta lena ngabhann riosca íseal ILUC atá beartaithe.

Ní áireofar sa tástáil ach na costais agus na torthaí sin a bhaineann go díreach leis an infheistíocht birt breisíochta. Dá bhrí sin, ní áireofar san anailís gnáthchostais oibriúcháin na feirme ar fad. Bainfidh na costais agus an t-ioncam a áireofar sa tástáil le hullmhú, cur chun feidhme, coinneáil ar bun agus díchoimisiúnú an bhirt breisíochta nach dtabhófaí murach sin.

Eascraíonn tarraingteacht airgeadais as cás gnó ina bhfuil glanluach reatha na hinfheistíochta (‘NPV’) ( 9 ) dearfach, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch féin an infheistíocht a dhéanamh. Mar thoradh air sin, ní éireoidh sa tástáil breisíochta airgeadais ach amháin le bearta a bhfuil an anailís ar chásanna gnó diúltach ina leith (gan préimh a áireamh) agus beidh na bearta sin incháilithe le bheith deimhnithe mar bhearta lena ngabhann riosca íseal ILUC. Ní fhéadfaidh torthaí os cionn nialas (NPV dearfach) a bheith fós incháilithe ach amháin má éiríonn leo sa tástáil bacainní neamhairgeadais.

Foirmle chun NPV na hinfheistíochta a ríomh:

image

I gcás inarb ionann:

P

=

agus an t-ioncam ionchasach ó bhithmhais bhreise (meastachán ar bhithmhais bhreise x praghas díolacháin bunábhair gan préimh ILUC ísil)

L

=

agus costas an bhirt breisíochta (caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibriúcháin)

i

=

agus an ráta lascaine

t

=

agus an tréimhse ama

Beidh na paraiméadair a úsáidfear i ríomh an NPV i gcomhréir leis na sonraí a áireofar sa phlean bainistíochta.

Áireofar na paraiméadair seo a leanas san i ríomh an NPV:

(a) 

meastachán ar thoirt na bithmhaise breise;

(b) 

praghas díolacháin bunábhair [airgeadra/tona]:

(i) 

féadfaidh líon amháin a bheith sa phraghas díolacháin bunábhair a eachtarshuitear thar shaolré na hinfheistíochta sa táirgeacht breise;

(ii) 

féadfaidh an líon aonair sin a bheith bunaithe ar mheán luachanna díolacháin stairiúla iarbhír na mbunábhar a bhaineann an t-oibreoir eacnamaíoch amach. Beidh an meánluach bunaithe ar shonraí le haghaidh na 3 bliana céanna a bhaineann leis na sonraí maidir le táirgeacht stairiúil a úsáidtear chun an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a shocrú;

(iii) 

i gcás barr nua a thabhairt isteach nach bhfuil sonraí iarbhír faoi phraghsanna ag an oibreoir eacnamaíoch ina leith, féadfar an luach sin a bhunú ar shonraí faoi phraghsanna ó FAOSTAT ( 10 );

(c) 

an ráta lascaine le húsáid: 3.5 % le haghaidh tíortha ardioncaim ( 11 ) agus 5.5 % le haghaidh gach tíre eile;

(d) 

saolré na hinfheistíochta:

(i) 

úsáidfear saolré suas le 10 mbliana i gcomhréir le saolré an deimhnithe maidir le riosca íseal ILUC (bailíocht bhonnlíne);

(ii) 

i gcásanna áirithe, féadfar saolré uasta na hinfheistíochta a shocrú ag 25 bliana bunaithe ar saolré thipiciúil na mbarr ilbhliantúil (is é sin le rá, pailmeacha, i gcás athphlandú pailmeacha);

(e) 

costas infheistíochta a bhaineann leis an beart breisíochta [caiteachas caipitiúil + caiteachas oibriúcháin].

2.    Tástáil bacainní neamhairgeadais

Ní chumhdófar leis an anailís ar bhacainní neamhairgeadais ach bacainní ar thionscadail neamhairgeadais lena gcuirtear cosc ar chur chun feidhme na mbeart breisíochta i gcás nach bhfuil ann do dheimhniú maidir le riosca íseal ILUC. Déanfar aon bhacainn ar féidir a chostas a mheas a áireamh san anailís ar tharraingteacht airgeadais seachas san anailís ar bhacainní neamh-airgeadais.

Tá an t-oibreoir eacnamaíoch a ndéanann an beart breisíochta a phleanáil freagrach as bonn cirt a thabhairt maidir le bacainní neamhairgeadais a bheith ann. Beidh an bonn cirt sin comhdhéanta de thuairisc shoiléir infhíoraithe ar an staid lena gcuirtear cosc ar ghlacadh an bhirt breisíochta. Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhianaise infhíoraithe ar fad is gá chun tacú leis an maíomh agus chun a léiriú conas a d’áiritheofaí le deimhniú maidir le riosca íseal ILUC go sárófaí an bhacainn neamhairgeadais.

Déanfar bailíocht éileamh an oibreora a mheasúnú agus a bhailíochtú leis an iniúchadh bonnlíne sula n-eiseofar deimhniú maidir le riosca íseal ILUC.

C.    An bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a shocrú agus toirt iarbhír na bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC a ríomh

Socrófar an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil ar bhonn aonair i gcás gach dáileachta teorannaithe talún bunaithe ar an mbarr agus cineál nó teaglaim na mbeart breisíochta a chuirfear i bhfeidhm. Úsáidfear sonraí faoin táirgeacht barr stairiúil a bhaineann le dáileacht talún ar leith ó na 3 bliana ar a laghad roimh chur i bhfeidhm birt breisíochta chun túsphointe na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla a ríomh. Déanfar é sin a chomhcheangal le treochtlíne dhomhanda a bhaineann le barr a leith i gcás na táirgeachta a bhfuiltear a bhfuil coinne leo bunaithe ar shonraí stairiúla faoi tháirgeacht iarbhír le 10 mbliana anuas, nó níos faide ná sin má tá sonraí le fáil. I gcás barra ilbhliantúla, cuirtear an cuar táirgeachta thar shaolré an bhairr san áireamh sa bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil freisin.

1.    An bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil a shocrú le haghaidh barra bliantúla

I gcás ina ndéantar uainíocht ar bharra idir páirceanna agus inar cuireadh an barr a bhfuil méadú le teacht ar a tháirgeacht (‘spriocbharr’) i bpáirceanna éagsúla ar an bhfeirm chéanna sna blianta roimhe sin, tá dhá rogha beartaithe chun sonraí faoin táirgeacht stairiúil a bhailiú d’fhonn an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a ríomh:

Rogha 1: Ríomhann an t-oibreoir eacnamaíoch meán na dtáirgeachtaí le haghaidh na 3 bliana is déanaí ar fásadh an spriocbharr ar an dáileacht theorannaithe talún ar leith roimh chur chun feidhme an bhirt breisíochta. Ós rud é go bhfástar barra ar uainíocht, ciallaíonn sé sin sonraí atá níos sine ná 5 bliana d’aois a úsáid i gcásanna áirithe.

Rogha 2: Ríomhann an t-oibreoir eacnamaíoch meán ualaithe tháirgeachtaí na 3 bliana is déanaí ar fásadh an spriocbharr ar an bhfeirm roimh chur chun feidhme an bhirt breisíochta, fiú má fuarthas na táirgeachtaí sin ó dháileachtaí éagsúla de mhéideanna éagsúla ar an bhfeirm chéanna.

Mura bhfuil sonraí stairiúla le haghaidh na 3 bliana is déanaí de tháirgeacht barr ar fáil, cibé acu nach bhfuil rochtain ar na sonraí sin nó nach bhfuil siad ionadaíoch de réir bhreithiúnas an iniúchóra, nó mura leordhóthanach cáilíocht na sonraí faoin táirgeacht barr, féadfar sonraí breise a fháil le haghaidh blianta roimhe sin nó sonraí ó pháirc chomharsanach ina bhfuil an barr céanna á fhás faoin bplean bainistíochta céanna. Más rud é gur deafhómhar nó drochfhómhar eisceachtúil a bhí i gceann amháin de na 3 bliana (mar shampla, neamhréireacht 30 % nó níos mó i gcomparáid leis na blianta tagartha eile), ní dhéanfar an táirgeacht barr asluiteach a áireamh sa ríomh ionas nach gcuirfear an meán 3 bliana as a riocht ( 12 ).

Is é an t-iniúchóir atá freagrach as táirgeacht asluiteach a chinneadh, cinneadh a bhunóidh sé ar a bhreithiúnas saineolaithe, ar a thaithí ar an talamh agus ar eolas ar chleachtais an oibreora eacnamaíoch san fhadtéarma. Tá sé d’oibleagáid ar an iniúchóir freisin a mheas cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí faoin táirgeacht barr ar cháilíocht leordhóthanach le cur san áireamh mar chuid den bhonnlíne agus de na hiniúchtaí bliantúla, agus a chinneadh ansin an gá táirgeacht bairr a eisiamh nó nach gá.

Is é fána na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla a ghlacfar mar fhána treochtlíne dírí a chinntear ó fhorbairtí táirgeachta an spriocbhairr thar na 10 mbliana roimhe sin nó níos faide má tá sonraí le fáil. Tá sé bunaithe ar shonraí domhanda agus díorthófar é ó shonraí ó FAOSTAT World+ faoin an mbarr ábhartha. Déanfar é sin ag tús na tréimhse deimhniúcháin, agus beidh an fhána bailí le haghaidh tréimhse bhailíochta bonnlíne deich mbliana an deimhnithe maidir le riosca íseal ILUC.

I dTábla 2, taispeántar fána na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla le haghaidh na mbarr bunábhair bithbhreosla is coitianta. Faightear na luachanna sin trí threochtlíne a chinntear ó os cionn 20 bliain de shonraí domhanda faoi bharra a fuarthas ó FAOSTAT.



Tábla 2.

Fána na treochtlíne a fuarthas le haghaidh shonraí faoi tháirgeacht barr FAOSTAT World+ Meánfheabhsú sa táirgeacht (tona/ha/bliain) in aghaidh na bliana.

Barr

Eorna

Arbhar Indiach

Torthaí pailme ola

Síol ráibe

Pónairí soighe

Biatas siúcra

Cána siúcra

Síoltaí lus na gréine

Cruithneacht

Fána-20

0.035

0.074

0.200

0.036

0.028

1.276

0.379

0.035

0.04

Tá fána-20 bunaithe ar 2008-2017.

I gcás aon bharr sa tábla, cinntear an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil tríd an treochtlíne dhomhanda (fána) ó Thábla 2 a chur leis an túsphointe (meán na táirgeachta stairiúla thar 3 bliana roimh chur i bhfeidhm an bhirt breisíochta). Úsáidfear an fhoirmle seo a leanas, agus beidh an bhliain a chuirfear an beart breisíochta chun feidhme ina túsphointe:

DYBx = (starting point DYB) + (slope20)x

I gcás inarb ionann:

DYBx

=

agus an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil sa bhliain x tar éis an beart breisíochta a chur chun feidhme

X

=

agus líon na mblianta tar éis an beart breisíochta a chur chun feidhme

Má tá an beart breisíochta beartaithe chun barr difriúil (barr ag a bhfuil táirgeacht níos airde) a chur in ionad an bhairr atá ann cheana ar an dáileacht theorannaithe talún, is éard atá i gceist leis an gcás frithfhíorasach saothrú an bhairr atá ann cheana. Cinnfear an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil bunaithe ar shonraí faoin táirgeacht stairiúil agus faoin treochtlíne le haghaidh an bhairr atá ann cheana.

Is éard a bheidh i dtúsphointe na bonnlíne meánráta 3 bliana na táirgeachta bairr a fhaightear i gcás an bhairr atá ann cheana ar lú a fheidhmíocht. Tá an treochtlíne bunaithe ar shonraí domhanda treochtlíne ó FAOSTAT le haghaidh an bhairr atá ann cheana (féach Tábla 2). Ní úsáidfear an cur chuige seo ach amháin más féidir a léiriú go bhféadfaí an barr a fheidhmíonn níos fearr a thabhairt isteach mar gheall ar athruithe i margadh na mbithbhreoslaí, mar a léiríodh sa mheasúnú breisíochta.

2.    An bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil a shocrú le haghaidh barra ilbhliantúla

Ag brath ar an éagsúlacht sa táirgeacht a bhreathnaítear thar shaolré cineálacha éagsúla barr ilbhliantúil, féadfar cineálacha éagsúla cur chuige modheolaíochta a úsáid.

Maidir le pailmeacha, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha na sonraí seo a leanas a úsáid chun bonnlíne tháirgeacht dhinimiciúil na bhfáschoillte ola pailme a chinneadh:

(a) 

an táirgeacht barr stairiúil a fuarthas sular cuireadh beart breisíochta chun feidhme;

(b) 

bliain chur na bpailmeacha ar an dáileacht theorannaithe talún agus/nó a bpróifíl aoise;

(c) 

saothróga pailmeacha ar an dáileacht theorannaithe talún, más infheidhme;

(d) 

limistéar na talún a athphlandáiltear gach bliain ar fháschoill, más infheidhme.

Comhcheanglaítear na sonraí sin le cuar fáis chun an bhonnlíne táirgeachta dinimiciúil a chinneadh. Cruth seachas méid na táirgeachta a bheidh ina phríomhthréith ag an gcuar fáis.

Tugann an cuar fáis an cruth agus ní mór é a chomhcheangal leis na sonraí faoin táirgeacht stairiúil agus aois na gcrann, mar a leagtar amach i bpointí (a) agus (b), chun méid chuar na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla a choigeartú don dáileacht talún ar leith.

Tá na trí rogha seo a leanas ar fáil chun an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil a chinneadh le haghaidh pailmeacha.

I gcás gach rogha, ní mór an méid seo a leanas a áireamh sna sonraí is gá chun na bonnlínte táirgeachta dinimiciúla a shocrú:

(a) 

Rogha 1a: Cuar fáis chaighdeánaigh

(i) 

na 3 bliana is déanaí de tháirgeacht bairr stairiúil le haghaidh pailmeacha a fhástar ar an dáileacht theorannaithe talún;

(ii) 

aois na gcrann ar an dáileacht theorannaithe talún/bliain an chuir;

(b) 

Rogha 1b: Soláthraíonn oibreoir eacnamaíoch cuar fáis ( 13 )

(i) 

na 3 bliana is déanaí de tháirgeacht bairr stairiúil le haghaidh pailmeacha a fhástar ar an dáileacht theorannaithe talún;

(ii) 

aois na gcrann ar an dáileacht theorannaithe talún/bliain an chuir;

(iii) 

saothróga pailmeacha ar an dáileacht theorannaithe talún;

(iv) 

cuar fáis tagartha an oibreora eacnamaíoch féin.

(c) 

Rogha 2: Cur chuige grúpdheimhniúcháin

(i) 

le haghaidh na 3 bliana is déanaí, iomlán na heicteár agus iomlán na táirgeachta i dtropaill torthaí úra i gcás pailmeacha a fhástar ar na dáileachtaí teorannaithe talún nó na fáschoillte a tháirgeann pailm mar chuid den ghrúpa.

Tá feidhm ag roghanna 1a agus rogha 1b i gcás ina ndéantar beart breisíochta maidir le crainn atá ar an aois chéanna, nó i gcás inarb eol próifíl aoise na gcrann ar an dáileacht theorannaithe talún nó na dáileachtaí teorannaithe talún agus nach bhfanann sí seasmhach bliain i ndiaidh bliana.

Féadfar rogha 2 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil éagsúlacht le feiceáil in bpróifíl aoise na gcrann ar na dáileachtaí teorannaithe talún agus ina bhfanann an éagsúlacht sin réasúnta seasmhach bliain i ndiaidh bliana, is é sin le rá i gcur chuige grúpdheimhniúcháin nó má dhéantar céatadán comhsheasmhach de limistéar fáschoille a athphlandú gach bliain, rud a fhágfadh go mbeadh próifíl aoise leanúnach ann i gcás na gcrann.

Ní úsáidfear rogha 2 má thagann níos mó ná 20 % den toirt sa ghrúpa ón bhfáschoill chéanna, nó má tá níos mó ná 5 % den achar iomlán sa ghrúpa le hathphlandú sa bhliain chéanna. Sa chás sin, úsáidfear rogha 1a nó b chun an bhonnlíne a chinneadh.

Rogha 1a: Cuar fáis chaighdeánaigh

Sa chéad rogha úsáidtear cruth cuair fáis ‘chaighdeánaigh’ atá réamhbhunaithe (é sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch atá ann cheana) chun an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil le haghaidh dáileacht theorannaithe talún a chinneadh. Rinneadh an cuar caighdeánach a normalú agus taispeántar é i bhFigiúr 1 agus i dTábla 3 thíos.

Cinntear an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil trí úsáid a bhaint as na sonraí faoin táirgeacht barr stairiúil le haghaidh na 3 bliana is déanaí i gcomhair na dáileachta talún ar leith agus aois na bpailmeacha nuair a breathnaíodh an táirgeacht sin, agus úsáid a bhaint as an athrú táirgeachta céatadáin bliantúil ón gcuar caighdeánach chun cuar táirgeachta ‘gnó mar is gnách’ a chruthú a bhaineann leis an dáileacht talún ar leith.

Figiúr 1

Cuar fáis chaighdeánaigh normalaithe tháirgeacht na pailme

image



Tábla 3

Sonraí maidir leis an gcuar fáis chaighdeánaigh normalaithe tháirgeacht na pailme

Blianta tar éis plandála

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

12

13

Tóraíocht normalaithe

0

0

0,147

0,336

0,641

0,833

0,916

0,968

0,996

1

0,999

0,980

0,965

Blianta tar éis plandála

14

15

16

17

18

19

20

21

22

23

24

25

≥ 26  (*1)

Tóraíocht normalaithe

0,945

0,926

0,910

0,906

0,888

0,870

0,858

0,842

0,836

0,815

0,806

0,793

0,793

(*1)   

Tar éis 25 bliana, bheadh coinne leis go leanfadh an tóraíocht de bheith ag laghdú. Mar sin féin, ós rud é gur thart ar 25 bliana atá saolré thipiciúil pailmeacha, tá easpa sonraí ann chun tacú le méid an laghdaithe tar éis 25 bliana. Dá bhrí sin, glactar cur chuige coimeádach lena nglactar leis go bhfanfadh an cuar táirgeachta ag an leibhéal 25 bliana.

Tá na céimeanna modheolaíocha seo a leanas i gceist le Rogha 1a:

1. 

Chun an mheántáirgeacht barr stairiúil a chinneadh, bailítear na trí tháirgeacht barr stairiúla is déanaí a breithníodh ar an dáileacht theorannaithe talún roimh chur chun feidhme an bhirt breisíochta, chomh maith le haois chomhfhreagrach na gcrann nuair a breathnaíodh na táirgeachtaí sin;

2. 

Ríomhtar meán na dtrí tháirgeacht bairr stairiúil;

3. 

Agus aois na gcrann a bhfaightear na sonraí faoin táirgeacht stairiúil ina leith ina bonn, cinntear cá háit a mbeidh an mheántáirgeacht bairr stairiúil sin ar an gcuar fáis chaighdeánaigh (e.g. más i leith crainn atá 7, 8 agus 9 mbliana d’aois atá na sonraí faoin táirgeacht, ba cheart a mheas go mbaineann an mheántáirgeacht stairiúil le bliain 8);

4. 

Chun an chéad phointe eile den bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a chinneadh, déantar an mheántáirgeacht bairr stairiúil ó chéim 2 a iolrú faoin athrú céatadáin bliantúil ríofa atá comhfhreagrach, a dhíorthaítear ón gcuar fáis chaighdeánaigh (Tábla 4 thíos). Déantar é seo arís i gcás gach pointe ina dhiaidh sin chun an bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil a rianú;



Tábla 4

Athrú céatadáin bliantúil na táirgeachta a dhíorthaítear ón gcuar fáis chaighdeánaigh

Blianta tar éis plandála

1 go 3

4

5

6

7

8

9

10

11

12

13

14

Athrú céatadáin bliantúil

-

128,0  %

90,6  %

30,0  %

10,0  %

5,6  %

2,9  %

0,4  %

-0,1  %

-1,9  %

-1,6  %

-2,0  %

Blianta tar éis plandála

15

16

17

18

19

20

21

22

23

24

25

≥ 26  (*1)

Athrú céatadáin bliantúil

-2,1  %

-1,7  %

-0,5  %

-1,9  %

-2,0  %

-1,4  %

-1,8  %

-0,8  %

-2,5  %

-1,1  %

-1,6  %

0  %

(*1)   

Tar éis 25 bliana, bheadh coinne leis go leanfadh an tóraíocht de bheith ag laghdú. Mar sin féin, ós rud é gur thart ar 25 bliana atá saolré thipiciúil pailmeacha, tá easpa sonraí ann chun tacú le méid an laghdaithe tar éis 25 bliana. Dá bhrí sin, glactar cur chuige coimeádach lena nglactar leis go bhfanfadh an cuar táirgeachta ag an leibhéal 25 bliana.

5. 

Chun treocht dhomhanda na táirgeachta a ionchorprú sa bhonnlíne táirgeachta dhinimiciúil, cuirtear an ráta fáis iolraithe bliantúil a ríomhtar ó shonraí domhanda faoin táirgeacht ó FAOSTAT World+ (Tábla 5 thíos) i bhfeidhm ar gach pointe den bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil chun an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil cheartaithe de réir an ráta fáis iolraithe bhliantúil a fháil.



Tábla 5

an ráta fáis iolraithe bliantúil i gcás pailmeacha (20 bliain)

Méadú bliantúil ar fheidhmíocht i gcás pailmeacha – gnó mar is gnách

1,37  %

Feidhmíocht bunaithe ar FAOSTAT World+ 2008-2017

Rogha 1b: Soláthraíonn oibreoir eacnamaíoch an cuar fáis

Féadfar an rogha seo a úsáid i gcásanna eisceachtúla, más féidir leis an oibreoir eacnamaíoch a léiriú nach bhfuil rogha 1d oiriúnach dá chás sonrach. I gcás den sórt sin, má tá cuar fáis a bhfuil coinne leis ag an oibreoir eacnamaíoch a chinntear bunaithe ar na sonraí atá le fáil faoi shíológa pailme (sonraí a bhaineann leis an gcás ‘gnó mar is gnách’), féadfar an cuar sin a úsáid mar bhonn leis an mbonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil seachas an cuar fáis chaighdeánaigh. Leanfar gach céim a bhfuil tuairisc uirthi i Rogha 1a, agus cuar an oibreora eacnamaíoch féin á chur in ionad an chuair fáis chaighdeánaigh. Dá bhrí sin, ríomhfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an t-athrú céatadáin bliantúil.

Déanfar an cuar fáis a bhaineann le dáileacht theorannaithe talún ar leith a cheartú fós i gcás forbairt na táirgeachta domhanda tríd na sonraí táirgeachta ó FAOSTAT World+ (Tábla 5) a ríomhtar de réir an ráta fáis iolraithe bhliantúil a úsáid.

Rogha 2: Cur chuige grúpdheimhniúcháin

I gcás grúpdheimhniúcháin, nó nuair a ghníomhaíonn an chéad phointe bailiúcháin nó muileann mar aonad deimhniúcháin, féadfar an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a shocrú trí chur chuige bonnlíne táirgeachta dinimiciúla ‘líne dhíreach’ comhchosúil a úsáid mar a úsáidtear i gcás barra bliantúla. Is féidir an cur chuige sin a úsáid má tá bainisteoir grúpa, céad phointe bailiúcháin nó muileann ag iarraidh grúpa a dheimhniú atá ag déanamh an bhirt breisíochta chéanna, agus nuair a bhíonn éagsúlacht in aoiseanna na gcrann san fháschoill nó sa limistéar a sholáthraíonn an muileann, rud a chiallaíonn gur fhan an táirgeacht bhliantúil a sholáthraíonn an muileann réasúnta seasmhach.

Chun an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a chinneadh, ní mór do bhainisteoir an ghrúpa taifead a dhéanamh ar an limistéar fáschoille ina iomláine (ha) a sholáthraíonn an muileann agus ar iomlán na táirgeachta (tropaill torthaí úra) a fhreagraíonn don limistéar sin i ngach ceann de na 3 bliana is déanaí. Úsáidtear é seo chun an táirgeacht bhliantúil in aghaidh an heicteáir a chinneadh le haghaidh gach ceann de na 3 bliana is déanaí (i dtona/ha). Faightear meán na bpointí sonraí sin ansin agus úsáidtear iad mar thúsphointe le haghaidh na bonnlíne táirgeachta dinimiciúla. Comhcheanglaítear an túsphointe leis an bhfána treochtlíne domhanda le haghaidh ola pailme ó shonraí ó FAOSTAT World+ (Tábla 2) chun an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a chinneadh.

Caithfear le cána siúcra mar bharr bliantúil agus an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil á socrú.

3.    An bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a shocrú le haghaidh curaíocht sheicheamhach

Má úsáidtear cleachtais ilchúraíochta amhail curaíocht sheicheamhach, tá trí rogha ag na hoibreoirí eacnamaíocha chun an bhithmhais bhreise a ríomh:

1. 

A léiriú nach laghdaítear táirgeacht an phríomhbhairr de dhroim an dara barr.

2. 

Má laghdaítear táirgeacht an phríomhbhairr de dhroim an dara barr:

a. 

Bonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a chinneadh le haghaidh córas inarb ionann an príomhbharr gach bliain;

b. 

Fachtóir cúitimh a chinneadh le haghaidh córas inarb éagsúil an príomhbharr gach bliain;

Rogha 1. A léiriú nach laghdaítear táirgeacht an phríomhbhairr de dhroim an dara barr

Más féidir le hoibreoir eacnamaíoch a léiriú nach bhfuil táirgeacht an phríomhbhairr níos ísle mar gheall ar thabhairt isteach an dara barr, is féidir táirgeacht iomlán an dara barr a éileamh mar bhithmhais bhreise.

Féadfar é sin a léiriú, mar shampla, trí chomparáid a dhéanamh idir táirgeacht an phríomhbhairr a breathnaíodh sular tugadh an dara barr isteach (meán stairiúil 3 bliana) agus táirgeacht an phríomhbhairr a breathnaíodh dá éis sin.

Rogha 2a. An bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil a chinneadh le haghaidh córas inarb ionann an príomhbharr gach bliain

Beidh an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil bunaithe ar an gcás ‘gnó mar is gnách’ i gcás na dáileachta teorannaithe talún. I gcás inarb ionann an príomhbharr gach bliain, cinnfear an bhonnlíne bunaithe ar mheántáirgeacht stairiúil 3 bliana ar a laghad an phríomhbhairr ar an dáileacht talún sin, curtha le chéile leis an treochtlíne dhomhanda le haghaidh an phríomhbhairr, mar a dhéantar i gcás barra bliantúla.

Féadfar an cur chuige sin a úsáid freisin nuair a leanann uainíocht na mbarr patrún uainíochta atá sainithe go soiléir agus is féidir a bhreathnú sna sonraí stairiúla, rud a fhágann gur féidir an staid ‘gnó mar is gnách’ a chinneadh go soiléir. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé gur ghá sonraí atá níos sine ná 3 bliana a úsáid chun meántáirgeacht stairiúil an phríomhbhairr a chinneadh.

Tar éis curaíocht sheicheamhach a chur chun feidhme, déanfar an ghlanbhithmhais bhreise a ríomh mar an difríocht idir iomlán na táirgeachta bliantúla ón dáileacht theorannaithe talún (is é sin le rá, táirgeacht an phríomhbhairr móide táirgeacht an dara barr) agus bonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil an phríomhbhairr.

Más bunábhair éagsúla iad an príomhbharr agus an dara barr a tháirgeann teaglaim éagsúil de chomhpháirteanna bairr (mar shampla, ola, min phróitéine, stáirse, snáithín), nuair a chuirtear táirgeacht an phríomhbhairr agus an dara táirgeacht barr le chéile, bunófar an ríomh ar aonaid tomhais iomchuí ionas go bhféadfar figiúr ionadaíoch amháin a ríomh le haghaidh na glan-bithmhaise breise a tháirgtear. Dá réir sin, leis an modheolaíocht foráiltear maidir le cúiteamh éifeachtach ar chaillteanas bithmhaise an phríomhbhairr. Mar shampla, is féidir an ríomh a dhéanamh ar bhonn meáchain shimplí (i dtona) nó ar bhonn luacha fuinnimh (e.g. má úsáidtear an dara barr iomlán le haghaidh fuinnimh, mar shampla i gcás bithgháis). Is é an t-oibreoir eacnamaíoch a thabharfaidh údar le rogha na modheolaíochta agus is é an t-iniúchóir a dhéanfaidh bailíochtú air.

Rogha 2b. Fachtóir cúitimh a chinneadh le haghaidh córas ina bhfuil an príomhbharr éagsúil gach bliain

I gcás ina mbíonn an príomhbharr éagsúil gach bliain ó thaobh uainíochta na mbarr de agus nach leanann sé patrún rialta, ní mór don oibreoir eacnamaíoch aon chaillteanas i dtáirgeacht an phríomhbhairr de dhroim an dara barr a mheasúnú agus é a chur san áireamh i dtoirt na bithmhaise breise a éilítear.

Ní mór don oibreoir eacnamaíoch táirgeacht an phríomhbhairr a breathnaíodh tar éis an dara barr a thabhairt isteach a chur i gcomparáid le táirgeacht stairiúil an (phríomh)bhairr chéanna. Féadfar an chomparáid sin a dhéanamh bunaithe ar an táirgeacht a breithníodh i bpáirceanna comharsanacha (e.g. má fhásann an fheirm chéanna na barra céanna ar uainíocht ach i bpáirceanna éagsúla), nó ar bhonn litríocht eolaíoch a bhfuil bonn cirt léi ina dtugtar tuairisc ar an tionchar a bhíonn ag curaíocht sheicheamhach ar na barra sin sa réigiún sin.

Déanfar an tionchar ar tháirgeacht an phríomhbhairr a aistriú go fachtóir cúitimh a asbhainfear ó thoirt an dara barr chun an bhithmhais bhreise a ríomh. I gcás Rogha 2a, is féidir leis an bhfachtóir a bheith bunaithe ar mheáchan nó ar chion fuinnimh agus ceadófar leis cúiteamh éifeachtach ar chaillteanas bithmhaise an phríomhbhairr. Is é an t-oibreoir eacnamaíoch a thabharfaidh údar le rogha na modheolaíochta agus is é an t-iniúchóir a dhéanfaidh bailíochtú air.

4.    toirt na bithmhaise breise a ríomh

Tar éis an beart breisíochta a chur chun feidhme, cinnfidh an t-oibreoir eacnamaíoch toirt na bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC is féidir a éileamh tríd an táirgeacht barr iarbhír a bhaintear amach ar an dáileacht theorannaithe talún a chur i gcomparáid leis an mbonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil. Ní mór don iniúchóir a fhíorú san iniúchadh bliantúil go bhfuil toirt na bithmhaise breise a baineadh amach ag teacht leis na réamh-mheastacháin sa phlean bainistíochta, agus bonn cirt a iarraidh má tá neamhréireachtaí níos mó ná 20 % ann i gcomparáid leis na meastacháin sa phlean bainistíochta.

Má lorgaítear deimhniú le haghaidh beart breisíochta a cuireadh i bhfeidhm san am a chuaigh thart, féadfar an táirgeacht bithmhaise bhreise a ríomh agus a thaifeadadh sa phlean bainistíochta. Cé gur féidir leis sin toirt iarbhír na bithmhaise lena ngabhann riosca íseal ILUC a ríomh go cruinn, ní fhéadfar bithmhais lena ngabhann riosca íseal ILUC a éileamh ach amháin tar éis deimhniú maidir le riosca íseal ILUC a bhronnadh. Ní féidir éilimh chúlghabhálacha a dhéanamh i ndáil le bithmhais a soláthraíodh roimhe seo.

Chun toirt na bithmhaise breise a ríomh, ní mór don oibreoir eacnamaíoch iomlán na táirgeachta barr ón dáileacht theorannaithe talún a thaifeadadh le haghaidh gach bliana ó thús chur chun feidhme an bhirt breisíochta. Ní mór don oibreoir eacnamaíoch a chruthú go bhfuil nasc idir an dáileacht theorannaithe talún ar leith agus an táirgeacht barr a baineadh amach (tona/ha).

Mura ndéantar an toirt bhuainte a thomhas (a mheá) ach ag an gcéad phointe bhailiúcháin, áit a dtagann táirgí ó fheirmeacha nó ó dháileachtaí talún éagsúla, féadfar an doiciméadacht ón gcéad phointe bailiúcháin a úsáid mar chruthúnas maidir leis an toirt bhuainte (an táirgeacht) le haghaidh na bhfeirmeacha agus na ndáileachtaí talún atá i gceist.

Is féidir taifead ar an idirbheart gnó idir an t-oibreoir eacnamaíoch agus an chéad phointe bailiúcháin a úsáid mar fhianaise, ar choinníoll gur féidir an nasc leis an dáileacht theorannaithe talún ar leith a chruthú. Sa chás sin, is é an chéad phointe bailiúcháin atá freagrach as na sonraí faoin táirgeacht barr a bhailiú agus a thaifeadadh. Taifeadfaidh sé táirgeachtaí bithmhaise a bhailítear in aghaidh na feirme (agus más gá, le haghaidh dáileacht theorannaithe talún ar leith ar fheirm) bunaithe ar theimpléad atá le heisiúint ag an scéim dheonach.

I gcás iniúchóireachta grúpa agus má ghníomhaíonn an chéad phointe bailiúcháin mar cheannaire an ghrúpa, beidh sé freagrach as sonraí faoin táirgeacht a thaifeadadh le haghaidh na ndáileachtaí teorannaithe talún ar fad.

Chun toirt na bithmhaise breise a ríomh, déanfar na sonraí faoin táirgeacht barr a fhaightear in aon bhliain amháin a chur i gcomparáid leis an mbonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil. Is ionann táirgeacht na bithmhaise breise agus an difríocht idir an táirgeacht barr a bhreathnaítear agus an táirgeacht a réamh-mheastar le bonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil na bliana céanna, méid a iolraítear faoi achar dromchla A (ha) na dáileachta teorannaithe talún atá i gceist. Is féidir an toirt bhreise sin a éileamh mar bhithmhais lena ngabhann riosca íseal ILUC ansin.

Bithmhais bhreise = (Yx – DYBx) x A

I gcás inarb ionann:

Yx

=

agus an táirgeacht a breathnaíodh sa bhliain x (i dtona/ha/bliain)

DYBx

=

agus an bhonnlíne tháirgeachta dhinimiciúil sa bhliain x (i dtona/ha in aghaidh na bliana)

A

=

agus achar dromchla na dáileachta teorannaithe talún (ha)

D.    Inneachar íosta an deimhnithe maidir le riosca íseal ILUC

Ní mór an fhaisnéis ar fad seo a leanas a bheith i ndeimhnithe lena ngabhann riosca íseal ILUC:

(a) 

sonraí teagmhála an phríomheintitis dheimhnithe (ainm agus seoladh na cuideachta, sonraí maidir leis an bpointe teagmhála ainmnithe);

(b) 

raon feidhme an deimhnithe (cineál an bhirt breisíochta agus na tástála breisíochta a chuirfear i bhfeidhm chomh maith leis an gcineál oibreora eacnamaíoch (más sealbhóirí beaga iad));

(c) 

comhordanáidí domhanfhaid agus domhanleithid (i gcás feirmeacha agus fáschoillte atá deimhnithe mar eintitis aonair);

(d) 

liosta de na suíomhanna faoi raon feidhme an deimhniúcháin (ainm agus seoladh);

(e) 

toirt iomlán na bithmhaise a dheimhnítear mar bhithmhais lena ngabhann riosca íseal ILUC;

(f) 

sonraí teagmhála (ainm agus seoladh) agus lógó an chomhlachta deimhniúcháin;

(g) 

uimhir nó cód (uathúil) an deimhnithe;

(h) 

áit agus dáta eisiúna;

(i) 

dáta óna mbeidh an deimhniú bailí/dáta ar a mbeidh deireadh le bailíocht an deimhnithe (agus an dáta deimhnithe más infheidhme);

(j) 

stampa agus/nó síniú an pháirtí eisiúna.




IARSCRÍBHINN IX

LUACHANNA CAIGHDEÁNACHA NA bhFACHTÓIRÍ ASTAÍOCHTA



 

paraiméadar:

 

Comhéifeacht astaíochtaí GCT

Ionchur fuinnimh iontaise

 

aonad:

gCO2,eq/g

gCO2/kg

gCH4/kg

gN2O/kg

gCO2-eq/kg

MJfossil/kg

 

 

 

 

 

 

 

 

Poitéinseal téimh dhomhanda

 

 

 

 

 

 

 

CO2

 

1

 

 

 

 

 

 

CH4

 

28

 

 

 

 

 

 

N2O

 

265

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ionchuir thalmhaíochta:

 

 

 

 

 

 

N-leasachán (kg N)

 

 

 

 

 

 

 

Níotráit amóiniam (AN)

 

2 671

6,9

2,1

3 469

 

 

Sulfáit amóiniam (AS)

 

2 560

6,5

0,0

2 724

 

 

Sulfáit níotráite amóiniam (ANS)

 

2 561

8,9

1,3

3 162

 

 

Amóinia ainhidriúil

 

2 662

6,8

0,0

2 832

 

 

Niotráit cailciam amóiniam

 

2 863

7,3

2,1

3 670

 

 

Níotráit chailciam (CN)

 

2 653

7,0

5,1

4 348

 

 

Úiré

 

1 703

9,3

0,0

1 935

 

 

Níotráit amóiniam úiré (UAN)

 

2 182

7,5

1,1

2 693

 

Leasachán-P2O5 (kg P2O5)

 

 

 

 

 

 

 

Sárfhosfáit thriarach (TSP)

 

517

0,9

0,0

544

 

 

Carraig fosfáite 21 %P2O5 23 %SO3

 

95

0,0

0,0

95

 

 

Monamóiniam fosfáite (MAP) 11 % N 52 % P2O5

 

967

2,5

0,0

1 029

 

 

Dé-amóiniam-fosfáit (DAP) 18 % N 46 % P2O5

 

1 459

3,7

0,0

1 552

 

Leasachán K2O (kg K2O)

 

 

 

 

 

 

 

Múireáit photaise (MOP) 60 % K2O

 

409

0,17

0,0

413

 

Leasacháin eile

 

 

 

 

 

 

 

NPK 15-15-15

 

4 261

10,0

1,7

5 013

 

 

MgO (kg MgO)

 

769

0,0

0,0

769

 

 

Leasachán sóidiam (Na) (kg Na)

 

1 620

0,0

0,0

1 620

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Síolta – eorna

 

189,5

0,08

0,4001

310,6

3,23

 

Síolta – gearrthóga eocalaipe

 

0,0

0,00

0,0000

0,0

 

 

Síolta – arbhar Indiach

 

189,5

0,08

0,4001

310,6

3,23

 

Síolta – gearrthóga poibleoige

 

0,0

0,00

0,0000

0,0

 

 

Síolta – síolta ráibe

 

451,0

0,27

1,0024

756,5

8,33

 

Síolta – seagal

 

191,0

0,08

0,4001

312,1

3,23

 

Síolta – Pónairí soighe

 

0,0

0,00

0,0000

0,0

 

 

Síolta – biatas siúcra

 

2 363,0

1,37

4,2096

3 651,7

38,44

 

Síolta – cána siúcra

 

4,97

0,00

0,0000

5,0

0,06

 

Síolta – lus na gréine

 

451,0

0,27

1,0024

756,5

8,33

 

Síolta – triteacál

 

180,0

0,04

0,4000

300,2

3,00

 

Síolta – cruithneacht

 

163,7

0,04

0,4000

283,9

2,76

 

 

 

 

 

 

 

 



 

paraiméadar:

 

Comhéifeacht astaíochtaí GCT

Ionchur fuinnimh iontaise

 

aonad:

gCO2,eq/g

gCO2/kg

gCH4/kg

gN2O/kg

gCO2-eq/kg

MJfossil/kg

Iarmhair (bunábhar nó ionchur):

 

 

 

 

 

 

 

Díleáiteán bithgháis

 

0,0

0,00

0,0000

0,0

0,00

 

Múirín ó empty fruit bunches (EFB) [tropaill torthaí fholmha) (ola pailme)

 

0,0

0,00

0,0000

0,0

0,00

 

Dríodar láibe scagacháin

 

0,0

0,00

0,0000

0,0

0,00



 

paraiméadar:

Comhéifeacht astaíochtaí GCT

Ionchur fuinnimh iontaise

Dlús

Luach calrach íochtarach (LHV)

MJ/kg

 

aonad:

gCO2/MJ

gCH4/MJ

gN2O/MJ

gCO2-eq/MJ

MJfossil/kg

MJfossil/MJ

kg/m3

(ar bhonn tirim)

Breoslaí – gáis

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Gás nádúrtha (meascán AE)

66,00

0,0000

-

66,00

 

1,2000

 

49,2

 

GPL

66,30

0,0000

0,0000

66,31

 

1,2000

 

46,0

 

Meatán

 

 

 

 

 

 

 

50,0

Breoslaí – leachtanna (ionchuir chlaochlúcháin freisin)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Díosal

95,1

-

-

95,10

 

1,2300

832

43,1

 

Gásailín

93,3

-

-

93,30

 

1,2000

745

43,2

 

Ola bhreosla throm

94,2

-

-

94,20

 

1,1600

970

40,5

 

Eatánól

 

 

 

 

 

 

794

26,81

 

Meatánól

97,08

0,0001

0,0000

97,09

 

1,7639

793

19,95

 

DME

 

 

 

 

 

 

670

28,4

 

Eistear meitile aigéid shailligh (FAME)

 

 

 

 

 

 

890

37,2

 

Ola Glasraí Hidreachóireáilte (HVO)

 

 

 

 

 

 

 

44,0

 

Ola glasraí íon

 

 

 

 

 

 

920

37,0

 

Díosal sintéiseach (Biomass to Liquid) [bithmhais go leacht]

 

 

 

 

 

 

780

44,0

 

Ola phailme

 

 

 

 

 

 

920

37,0

 

Ola ráibe

 

 

 

 

 

 

920

37,0

 

Ola pónaire soighe

 

 

 

 

 

 

920

37,0

 

Ola lus na gréine

 

 

 

 

 

 

920

37,0



 

paraiméadar:

Comhéifeacht astaíochtaí GCT

Ionchur fuinnimh iontaise

Dlús

LHV

MJ/kg

 

aonad:

gCO2/MJ

gCH4/MJ

gN2O/MJ

gCO2-eq/MJ

MJfossil/MJ

kg/m3

(ar bhonn tirim)

Breoslaí – solaid (ionchuir chlaochlúcháin freisin)

 

 

 

 

 

 

 

 

Gual crua

102,62

0,3854

0,0003

112,32

1,0909

 

26,5

 

Lignít

116,68

0,0014

0,0001

116,73

1,0149

 

9,2

 

Slisíní adhmaid

 

 

 

 

 

155

19,0

 

Millíní adhmaid

 

 

 

 

0,0080

650

19,0



 

paraiméadar:

Dlús

LHV

MJ/kg

 

aonad:

kg/m3

(ar bhonn tirim)

Breoslaí/bunábhar/comhtháirgí/iarmhair/dramhaíl

 

 

 

 

Burlaí iarmhar talmhaíochta

 

18,0

Saill ainmhíoch (geir)

 

38,8

Bagás

 

17,0

Bagás, muileann imeachta (tirim)

120

17,0

Burlaí bagáis (tirim)

165

17,0

Millíní bagáis (tirim)

650

17,0

Eorna

 

17,0

Bithghásailín

 

44,0

Bithdhramhaíl

 

20,7

Driosc tirim driogaireachta atá intuaslagtha (DDGS) (eorna)

 

17,8

DDGS (arbhar Indiach)

 

19,2

DDGS (seagal)

 

17,8

DDGS (triteacál)

 

18,0

DDGS (cruithneacht)

 

18,1

Eoclaip (roschoill ghearruainíochta)

 

19,0

Aigéid shailleacha

 

37,0

FFB

 

24,0

Iarmhair foraoiseachta

 

19,0

Gliocról

 

16,0

Iarmhair tionscail (adhmad)

 

19,0

Aoileach

 

12,0

Arbhar Indiach (gráin amháin)

 

17,3

Barr iomlán arbhair Indiaigh

 

16,9

Mine eithne pailme

570

18,5

Ola eithne pailme

 

37,0

Poibleog (roschoill ghearruainíochta)

 

19,0

Síol ráibe

 

27,0

Dríodar ola ráibe

 

18,4

Seagal

 

17,1

Min sáibh

 

19,0

Pónairí soighe

 

23,0

Dríodar ola pónaire soighe

 

19,1

Gasadhmad (Péine)

 

19,0

Tuí

 

17,2

Burlaí tuí

125

17,2

Tuí mhionghearrtha

50

17,2

Millíní tuí

600

17,2

Biatas siúcra

 

16,3

Laíon biatais siúcra

 

16,1

Cána siúcra

 

19,6

Síoltaí lus na gréine

 

27,2

Dríodar ola lus na gréine

 

18,2

Triteacál

 

16,9

Fíonfhuíoll

 

14,0

Ola cócaireachta dramhaíola;

 

37,0

Cruithneacht

 

17,0

Tuí cruithneachta

 

17,2



paraiméadar:

Comhéifeacht astaíochtaí GCT

Ionchur fuinnimh iontaise

LHV

MJ/kg

aonad:

gCO2/kg

gCH4/kg

(ag 0 % uisce)

gCO2-eq/kg

gCO2/MJ

gCH4/MJ

gN2O/MJ

gCO2-eq/MJ

MJfossil/kg

MJfossil/MJ

(ar bhonn tirim)

Ionchuir chlaochlúcháin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Amóinia

2 350,6

0,00

0,0022

2 351,3

 

 

 

 

42,50

 

 

 

Sulfáit amóiniam ((NH4)2SO4)

420,9

1,29

0,0002

453,2

 

 

 

 

7,56

 

 

 

Oibreán frithchúrtha (a nglactar leis gur gliocól próipiléine atá ann)

3 119,5

4,96

0,105

3 274,8

 

 

 

 

34,97

 

 

 

Alfaimileáis

1 000,0

0,00

0,0000

1 000,0

 

 

 

 

15,00

 

 

 

Glúcaimileáis

7 500,0

0,00

0,0000

7 500,0

 

 

 

 

97,00

 

 

 

Clóiríd chailciam (CaCl2)

38,6

0,002

0,001

38,8

 

 

 

 

0,50

 

 

 

Cioglaiheacsán

723,0

0,00

0,0000

723,0

 

 

 

 

9,90

 

 

 

Fosfáit dé-amóiniam (DAP)

653,2

0,81

0,004

674,4

 

 

 

 

10,23

 

 

 

Beintinít

197,0

0,04

0,0063

199,8

 

 

 

 

2,54

 

 

 

n-Heicseán

 

 

 

 

80,08

0,0146

0,0003

80,53

 

0,3204

45,1

 

Aigéad hidreaclórach (HCl)

977,1

2,91

0,0376

1 061,1

 

 

 

 

14,84

 

 

 

Bealaí

947,0

0,00

0,0000

947,0

 

 

 

 

53,28

 

 

 

Sulfáit mhaignéisiam (MgSO4)

191,4

0,04

- 0,002

191,8

 

 

 

 

- 3,24

 

 

 

Fosfáit mhonapotaisiam (KH2PO4)

238,7

0,91

0,012

264,9

 

 

 

 

4,43

 

 

 

Nítrigin

52,6

0,12

0,0024

56,4

 

 

 

 

1,08

 

 

 

Aigéad fosfarach (H3PO4)

2 808,9

11,36

0,1067

3 124,7

 

 

 

 

28,61

 

 

 

Hiodrocsaíd photaisiam (KOH)

403,0

0,40

0,0208

419,1

 

 

 

 

11,47

 

 

 

CaO íon le haghaidh próiseas

1 188,5

0,10

0,0080

1 193,2

 

 

 

 

7,87

 

 

 

Carbónáit sóidiam (Na2CO3)

1 133,5

4,39

0,0060

1 245,1

 

 

 

 

14,92

 

 

 

Clóiríd sóidiam (NaCl)

12,7

0,02

0,001

13,3

 

 

 

 

0,23

 

 

 

Hiodrocsaíd sóidiam (NaOH)

485,5

1,45

0,0271

529,7

 

 

 

 

10,16

 

 

 

Meatocsaíd sóidiam (Na3CO3)

2 207,7

7,56

0,0965

2 425,5

 

 

 

 

45,64

 

 

 

SO2

52,0

0,03

0,001

53,3

 

 

 

 

0,78

 

 

 

Aigéad sulfarach (H2SO4)

210,2

0,24

0,0046

217,5

 

 

 

 

4,02

 

 

 

Úiré

1 790,9

1,92

0,027

1 846,6

 

 

 

 

31,71

 

 



paraiméadar:

Éifeachtacht bhreosla

Astaíochtaí gáis sceite ó iompar

aonad:

MJ/t.km

gCH4/t.km

gN2O/t.km

Éifeachtúlacht iompair – Trucailí

 

 

 

 

Trucail (40 tona) le haghaidh táirge tirim (Díosal)

0,81

0,003

0,0015

 

Trucail (40 tona) le haghaidh sliseanna (agus táirge tirim de mhéid comhchosúil) (Díosal)

0,84

0,004

0,0016

 

Trucail (40 tona) le haghaidh leachtanna agus millíní (Díosal)

0,87

0,004

0,0016

 

Trucail (40 tona) le haghaidh aoiligh (Díosal)

0,88

0,004

0,0016

 

Trucail (40 tona) le haghaidh bithdhramhíola (Díosal)

0,84

0,004

0,0016

 

Trucail (40 tona) le haghaidh iompar cána siúcra

1,37

0,001

0,0039

 

Trucail (12 thona) le haghaidh iompar FFB (Díosal)

2,24

0,002

0,0015

 

Scipe bruscair MB2213 le haghaidh iompar láibe scagacháin

3,60

0,000

0,0000

 

Tancaer MB2318 le haghaidh iompar fíonfhuíll

2,16

0,000

0,0000

 

Tancaer MB2318 le haghaidh iompar síolta cána siúcra

2,61

0,000

0,0000

 

Tancaer ar a bhfuil canónacha móra uisce le haghaidh iompar fíonfhuíll

0,94

 

 

Éifeachtúlachtaí iompair – Longa

 

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘handymax’ (ola bhreosla) – Grán

0,10

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘handysize’ (ola bhreosla) – sliseanna adhmaid ag a bhfuil dlús toirte 221 kg/m3

0,26

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘supramax’ (ola bhreosla) – sliseanna adhmaid ag a bhfuil dlús toirte 221 kg/m3

0,16

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘handysize’ (ola bhreosla) – millíní ag a bhfuil dlús toirte 650 kg/m3

0,10

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘supramax’ (ola bhreosla) – millíní ag a bhfuil dlús toirte 650 kg/m3

0,07

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘handysize’ (ola bhreosla) – iarmhair thalmhaíochta ag a bhfuil dlús toirte íseal (125 kg/m3)

0,43

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘supramax’ (ola bhreosla) – iarmhair thalmhaíochta ag a bhfuil dlús toirte íseal (125 kg/m3)

0,27

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘handysize’ (ola bhreosla) – iarmhair thalmhaíochta ag a bhfuil dlús toirte ard (300 kg/m3)

0,20

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘supramax’ (ola bhreosla) – iarmhair thalmhaíochta ag a bhfuil dlús toirte ard (300 kg/m3)

0,13

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘handysize’ (ola bhreosla) – PKM

0,13

 

 

 

Bulc-iompróir den mhéid ‘supramax’ (ola bhreosla) – PKM

0,07

 

 

 

Tancaer ceimiceán/táirgí, 12.617 kt (ola bhreosla)

0,12

 

 

 

Tancaer ceimiceán/táirgí, 15 kt (ola bhreosla) chun eatánól a iompar

0,17

 

 

 

Tancaer ceimiceán/táirgí, 15 kt (ola bhreosla) le haghaidh iompar FAME agus HVO

0,16

 

 

 

Tancaer ceimiceán/táirgí, 22.56 kt (ola bhreosla)

0,10

 

 

 

Bulc-iompróir intíre, 8.8 kt (díosal)

0,32

0,093

0,0004

 

Long intíre le haghaidh iompar ola, 1.2 kt (díosal)

0,50

0,030

 

Éifeachtúlachtaí iompair – Píblíne agus iarnród

 

 

 

 

Píblíne áitiúil (10 km)

0,00

0,000

0,0000

 

Traein lastais USA (díosal)

0,25

0,005

0,0010

 

Iarnród (leictreach, MV)

0,21

 

 

Déine charbóin an leictreachais a tháirgtear agus a thomhlaítear in AE in 2019 [gCO2eq/kWh]

Le hastaíochtaí réamhtheachtacha, gan astaíochtaí ón bhfoirgníocht



 

Déine charbóin glantáirgeachta leictreachais

Déine charbóin leictreachais ardvoltais arna úsáid

Déine charbóin leictreachais meánvoltais arna úsáid

Déine charbóin leictreachais ísealvoltais arna úsáid

an Ostair

153

238

240

245

an Bheilg

204

214

215

219

an Bhulgáir

493

504

510

532

an Chipir

757

768

772

787

an tSeicia

518

526

531

549

an Ghearmáin

389

386

388

398

an Danmhairg

100

135

136

139

an Eastóin

654

468

471

485

an Ghréig

577

585

590

610

an Spáinn

245

248

251

263

an Fhionlainn

105

127

128

130

an Fhrainc

74

81

82

86

an Chróit

208

329

333

349

an Ungáir

277

307

310

322

Éire

349

357

360

374

an Iodáil

352

331

333

343

an Laitvia

203

312

315

325

an Liotuáin

79

291

294

305

Lucsamburg

93

311

312

316

Málta

455

437

441

454

an Ísiltír

430

415

417

426

an Pholainn

742

715

720

741

an Phortaingéil

268

282

285

299

an Rómáin

388

421

427

454

an tSlóvaic

168

316

319

329

an tSlóivéin

269

281

283

291

an tSualainn

20

25

25

26

EU27

288

295

298

308

an Íoslainn

7

7

7

7

an Iorua

12

20

20

21

an Eilvéis

32

107

108

112

an Ríocht Aontaithe

271

277

280

292

an Albáin

0

302

308

332

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

799

766

776

818

an Chosaiv

1 099

1 067

1 097

1 224

an Mholdóiv

246

446

453

476

Montainéagró

472

588

599

646

an Mhacadóin Thuaidh

794

760

774

831

an tSeirbia

807

819

833

892

an Tuirc

487

508

516

546

an Bhealarúis

449

458

462

479

an Rúis

459

474

479

496

an Úcráin

407

419

423

439



 

paraiméadar:

comhéifeacht astaíochtaí GCT

 

aonad:

gCH4/MJ

gN2O/MJ

gCO2-eq/MJ

Astaíochtaí ó oibríochtaí innealra lena n-áirítear sliseanna ( in aghaidh an MJ de dhíosal)

 

 

 

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó úsáid díosail (iompar)

0,0008

0,0032

0,97

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó úsáid díosail (foraoiseacht)

0,0008

0,0032

0,97

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó úsáid díosail (talmhaíocht)

0,0013

0,0032

0,97

Astaíochtaí ó choire nó ó chomhghiniúint cumhachta agus teasa (CHP)( in aghaidh an MJ de bhunábhar)

 

 

 

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó iarmhair thalmhaíochta, coire

0,0017

0,0007

0,24

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó iarmhair thalmhaíochta, CHP

0,0017

0,0007

0,24

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó bhagáis, coire

0,0025

0,0012

0,43

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó bhagás, CHP

0,0025

0,0012

0,43

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó inneall gáis CHP bithgháis

0,3400

0,0014

8,92

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó bhithghás, coire

0,0025

0,0010

0,36

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó antraicít, CHP

0,0018

0,0050

1,53

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó lignít, CHP

0,0007

0,0028

0,86

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó ghás nádúrtha, coire

0,0025

0,0010

0,36

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó ghás nádúrtha, CHP

0,0042

0,0008

0,36

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó ghás nádúrtha, inneall gáis

0,0030

0,0001

0,10

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó chrotail agus snáithíní pailme, coire

0,0030

0,0040

1,27

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó chrotail agus snáithíní pailme, CHP

0,0030

0,0040

1,27

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó PKM, coire

0,0017

0,0007

0,24

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó PKM, CHP

0,0017

0,0007

0,24

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó mhin sáibh, coire

0,0049

0,0010

0,41

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó millíní tuí, coire

0,0017

0,0007

0,24

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó mhillíní tuí, CHP

0,0017

0,0007

0,24

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó shliseanna adhmaid, coire

0,0049

0,0010

0,41

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó shliseanna adhmaid, CHP

0,0049

0,0010

0,41

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó millíní adhmaid, coire

0,0030

0,0006

0,25

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó mhillíní adhmaid, CHP

0,0030

0,0006

0,25

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó bhreosla leachtach, coire

0,0009

0,0004

0,14

 

Astaíochtaí CH4 agus N2O ó chomhdhóchán millíní adhmaid (gléasra cumhachta gualbhreoslaithe scaire sreabhaí)

0,0010

0,0610

18,20

 

Astaíochtaí CH4 agus N2O ó chomhdhóchán millíní adhmaid (gléasra cumhachta gualbhreoslaithe dócháin atá breoslaithe ag gual mionaithe)

0,0009

0,0014

0,44

 

 

 

 

 

Astaíochtaí ó stóráil díleáiteáin ( in aghaidh an MJ de bhithghás)

 

 

 

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó stóráil díleáiteáin bithdhramhaíola oscailte

0,4930

0,0319

21,82

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó stóráil díleáiteáin arbhair Indiaigh oscailte

0,4422

0,0082

13,51

 

astaíochtaí CH4 agus N2O ó stóráil díleáiteáin aoiligh oscailte

1,9917

0,0663

69,56



 

Comhéifeacht astaíochtaí GCT

 

gCO2/kg

gCH4/kg

gN2O/kg

gCO2-eq/kg

gCO2/MJ

gCH4/MJ

gN2O/MJ

gCO2-eq/MJ

Creidmheasanna meatáin aoiligh ( in aghaidh an MJ de bhithghás)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Creidiúintí astaíochtaí CH4 agus N2O le haghaidh aoiligh

 

 

 

 

 

1,4700

0,0279

45,05

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Gan astaíochtaí

0,0

0,00

0,0000

0,0

0,00

0,0000

0,0000

0,00



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2014 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2014 maidir leis na critéir agus na raonta geografacha a shainiú le haghaidh féarthalamh an-bhithéagsúil chun críocha Airteagal 7b(3)(c) de Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus Airteagal 17(3)(c) de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 351, 9.12.2014, lch. 3).

( 2 ) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

( 3 ) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

( 4 ) Ciallaíonn ‘lotnaidicídí’ gach táirge cosanta plandaí, lena n-áirítear luibhicídí, feithidicídí, fungaicídí, etc.

( 5 ) IPCC (2006), Imleabhar 4, Caibidil 11: Astaíochtaí N2O ó ithreacha bainistithe, agus astaíochtaí CO2 ó chur i bhfeidhm aoil agus úiré.

( 6 ) Foinse sonraí: Tuarascáil JRC ‘Definition of input data to assess GHG default emissions from biofuels in EU legislation’ (‘Sainmhíniú ar shonraí ionchuir chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí réamhshocraithe gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí i reachtaíocht an Aontais’] JRC 2019 (EUR 28349 EN). https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/7d6dd4ba-720a-11e9-9f05-01aa75ed71a1

( 7 ) Aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh

( 8 ) Má dhéantar iarratas ar grúpdheimhniú, ní mór ainm agus sonraí teagmhála bhainisteoir an ghrúpa agus ainm, sonraí teagmhála agus láithreacha na bhfeirmeacha/na bhfáschoillte atá ina gcuid den ghrúpa a bheith san iarratas.

( 9 ) Is é NPV an difríocht idir luach láithreach an insreafa airgid agus luach láithreach an eis-sreafa airgid thar thréimhse ama. Úsáidtear NPV i mbuiséadú caipitil agus i bpleanáil infheistíochta chun anailís a dhéanamh ar bhrabúsacht infheistíochta nó tionscadail a bheidh ann amach anseo. Foinse: https://www.investopedia.com/terms/n/npv.asp

( 10 ) Praghsanna táirgeoirí FAOSTAT. Foinse: http://www.fao.org/faostat/en/#data/PP

( 11 ) tíortha ECFE

( 12 ) I gcomhréir le hAirteagal 2(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807, ba cheart luaineachtaí i dtaca leis an táirgeacht a eisiamh.

( 13 ) Chun an rogha seo a úsáid, ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha a thaispeáint gur lú ná 0.8 an comhghaol idir an cuar chaighdeánaigh agus a gcuar fáis bonnlíne.

Top