This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02022R0869-20240428
Regulation (EU) 2022/869 of the European Parliament and of the Council of 30 May 2022 on guidelines for trans-European energy infrastructure, amending Regulations (EC) No 715/2009, (EU) 2019/942 and (EU) 2019/943 and Directives 2009/73/EC and (EU) 2019/944, and repealing Regulation (EU) No 347/2013
Consolidated text: Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013
Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013
02022R0869 — GA — 28.04.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2022/869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2022 (IO L 152 3.6.2022, lch. 45) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1041 ÓN gCOIMISIÚN an 28 Samhain 2023 |
L 1041 |
1 |
8.4.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) 2022/869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2022
maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar, cuspóirí agus raon feidhme
Go háirithe, déantar na nithe seo a leanas leis an Rialachán seo:
déantar foráil maidir le sainaithint tionscadal ar liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun Airteagal 3 (liosta an Aontais);
éascaítear cur chun feidhme tráthúil tionscadal ar liosta an Aontais trí na próisis deonaithe ceadanna a chuíchóiriú, a chomhordú níos dlúithe agus a bhrostú, agus trí thrédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí a fheabhsú;
cuirtear rialacha ar fáil maidir le leithdháileadh trasteorann costas agus maidir le dreasachtaí a bhaineann le riosca do thionscadail ar liosta an Aontais;
cinntear na coinníollacha faoina mbeidh tionscadail ar liosta an Aontais incháilithe chun cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe i Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2018/1999, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus i dTreoracha 2009/73/CE, (AE) 2018/2001 ( 1 ) agus (AE) 2019/944, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘bonneagar fuinnimh’ aon trealamh fisiceach nó saoráid fhisiceach a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh agus atá lonnaithe san Aontas, nó a nascann an tAontas le tríú tír amháin nó níos mó;
ciallaíonn ‘scrogaill bonneagair fuinnimh’ srianadh ar shreafaí fisiceacha i gcóras fuinnimh mar gheall ar acmhainneacht neamhleor tarchurtha, lena n-áirítear inter alia easpa bonneagair;
ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tsraith cinntí a ghlacann údarás Ballstáit nó údaráis Bhallstáit, gan cúirteanna ná binsí a chur san áireamh, lena gcinntear cibé acu a údaraítear nó nach n-údaraítear do thionscnóir tionscadail bonneagar fuinnimh a thógáil chun tionscadal leasa choitinn nó tionscadal comhleasa a bhaint amach trína bheith ábalta tús a chur leis na hoibreacha tógála nó iad a sholáthar agus tús a chur leo (céim ‘réidh le tógáil’) gan dochar d’aon chinneadh arna nglacadh i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;
ciallaíonn ‘tionscadal’ ceann amháin nó níos mó de línte, de phíblínte, de shaoráidí, de threalamh nó de shuiteálacha a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn ‘tionscadal leasa choitinn’ tionscadal a bhfuil gá leis chun na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme agus atá ar liosta an Aontais;
ciallaíonn ‘tionscadal comhleasa’ tionscadal a chuireann an tAontas chun cinn i gcomhar le tríú tíortha de bhun litreacha tacaíochta ó rialtais na dtíortha a ndéantar difear dóibh go díreach nó de bhun comhaontuithe neamhcheangailteacha eile, a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a) nó (f), pointe 3(a), nó pointe 5(a) nó (c) d’Iarscríbhinn II, a rannchuidíonn le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus atá ar liosta an Aontais;
ciallaíonn ‘tionscadail iomaíocha’ tionscadail lena dtugtar aghaidh, go hiomlán nó i bpáirt, ar an mbearna chéanna a aithnítear sa bhonneagar nó ar an riachtanas bonneagair réigiúnach céanna;
ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ ceann díobh seo a leanas:
oibreoir córais tarchurtha (OCT), oibreoir córais dáileacháin (OCD) nó oibreoir nó infheisteoir eile a fhorbraíonn tionscadal atá ar liosta an Aontais;
i gcás inarb ann do níos mó ná OCT amháin den sórt sin, OCD amháin den sórt sin, oibreoir eile amháin den sórt sin nó infheisteoir eile amháin den sórt sin, nó aon ghrúpa díobh sin, an t-eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme a ndearnadh é a ainmniú trí shocrú conarthach eatarthu agus a bhfuil sé d’acmhainneacht aige oibleagáidí dlíthiúla a ghabháil air féin agus dliteanas airgeadais a glacadh chuige thar ceann na bpáirtithe sa socrú conarthach;
ciallaíonn ‘eangach chliste leictreachais’ gréasán leictreachais, lena n-áirítear ar oileáin nach bhfuil idirnasctha leis na gréasáin fuinnimh tras-Eorpacha, nó nach bhfuil nasctha go leordhóthanach leo, a chumasaíonn comhtháthú ar bhealach costéifeachtach agus rialú gníomhach ar iompar agus gníomaíochtaí gach úsáideora atá nasctha leis, lena n-áirítear gineadóirí, tomhaltóirí agus táirgeoirí is tomhaltóirí, chun córas cumhachta inbhuanaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú ag a bhfuil caillteanais ísle agus ardleibhéil comhtháthaithe foinsí in-athnuaite, slándála soláthair agus sabháilteacha, agus ar gréasán é inar féidir le hoibreoir na heangaí faireachán a dhéanamh go digiteach ar ghníomhaíochtaí na n-úsáideoirí atá nasctha leis, agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun cumarsáid a dhéanamh le hoibreoirí eangaí, gineadóirí, saoráidí stórála fuinnimh agus tomhaltóirí nó táirgeoirí is tomhaltóirí atá nasctha leis, d’fhonn leictreachas a tharchur agus a dháileadh ar bhealach inbhuanaithe, costéifeachtach agus slán;
ciallaíonn ‘eangach chliste gháis’ gréasán gáis a bhaineann úsáid as réitigh dhigiteacha agus nuálacha chun iolrachas foinsí gáis ísealcharbóin agus foinsí gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú ar bhealach costéifeachtach i gcomhréir le riachtanais tomhaltóirí agus ceanglais cháilíochta gáis chun lorg carbóin an ídithe gáis ghaolmhair a laghdú, sciar méadaithe de gháis in-athnuaite ísealcharbóin a éascú, agus naisc le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile a chruthú, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiceacha gaolmhara má tá siad fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú;
ciallaíonn ‘údarás lena mbaineann’ údarás atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe éagsúla a eisiúint a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh;
ciallaíonn ‘údarás rialála náisiúnta’ údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE nó údarás rialála ar an leibhéal náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn ‘údaráis rialála náisiúnta ábhartha’ an t-údaráis rialála náisiúnta sna Ballstáit a bhfuil na tionscadail á n-óstáil acu agus i mBallstáit ar a bhfuil tionchar dearfach suntasach ag an tionscadal;
ciallaíonn ‘oibreacha’ ceannach, soláthar agus úsáid comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena n-áirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha, athraithe cuspóra, tógála agus suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus seoladh tionscadail;
ciallaíonn ‘staidéir’ gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadail a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, féidearthachta, mheastóireachta, thástála agus bhailíochtaithe, lena n-áirítear bogearraí, agus aon bheart tacaíochta teicniúla eile lena n-áirítear réamhghníomhaíocht chun tionscadal a shainiú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail réamhshuirbhéireacht na suíomhanna lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;
ciallaíonn ‘coimisiúnú’ an próiseas a bhaineann le tionscadal a chur i mbun oibríochta ó uair a thógtha;
ciallaíonn ‘sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin’ bonneagar atá réidh le glacadh le hidirgin íon gan tuilleadh oibreacha oiriúnaithe, lena n-áirítear gréasáin phíblíne nó saoráidí stórála atá nuathógtha, sócmhainní gáis nádúrtha ar athraíodh a gcuspóir chun gréasáin phíblíne nó saoráidí stórála a dhéanamh díobh, nó an dá rud;
ciallaíonn ‘athrú cuspóra’ bonneagar gáis nádúrtha atá ann cheana a uasghrádú go teicniúil nó a mhodhnú chun a áirithiú go bhfuil sé tiomnaithe le haghaidh úsáid hidrigine íne;
ciallaíonn ‘oiriúnú don athrú aeráide’ próiseas lena n-áirithítear go mbaintear amach athléimneach an bhonneagair fuinnimh i gcoinne dhrochthionchair fhéideartha an athraithe aeráide trí mheasúnú leochaileachta agus riosca a dhéanamh maidir leis an aeráid, lena n-áirítear trí bhearta ábhartha oiriúnúcháin.
CAIBIDIL II
Tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa
Airteagal 3
Liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa
I gcás ina ndéanann Grúpa a liosta réigiúnach a tharraingt suas:
beidh ar gach togra aonair le haghaidh tionscadail formheas a fháil ó na Ballstáit a bhfuil baint ag an tionscadal lena gcríoch; i gcás nach ndéanann Ballstát togra a fhormheas, cuirfidh sé a chuid cúiseanna réasúnaithe leis sin faoi bhráid an Ghrúpa lena mbaineann;
cuirfidh sé san áireamh an chomhairle ón gCoimisiún agus é mar aidhm leis sin líon iomlán inláimhsithe tionscadal leasa choitinn a bheith ar liosta an Aontais.
Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar liosta an Aontais a bhunú gach 2 bhliain ar bhonn na liostaí réigiúnacha a ghlacann comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí arna mbunú de bhun Roinn 1, pointe(1), d’Iarscríbhinn III, agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo á leanúint.
Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe lena mbunaítear an chéad liosta de chuid an Aontais de bhun an Rialacháin seo faoin 30 Samhain 2023.
Mura féidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun na míre seo teacht i bhfeidhm mar thoradh ar agóid arna cur in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 20(6), tionólfaidh an Coimisiún na Grúpaí láithreach chun liostaí réigiúnacha nua a tharraingt suas, agus na cúiseanna leis an agóid á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe nua lena mbunaítear liosta an Aontais a luaithe is féidir.
Agus liosta an Aontais á bhunú trí na liostaí réigiúnacha dá dtagraítear i mír 3 a chur le chéile, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, agus aird chuí á tabhairt aige ar phléití na nGrúpaí:
a áirithiú nach n-áireofar ach na tionscadail a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4;
comhleanúnachas trasréigiúnach a áirithiú, agus an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (14), d’Iarscríbhinn III á cur san áireamh;
na tuairimí ó na Ballstáit dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (10), d’Iarscríbhinn III a chur san áireamh;
féachaint lena áirithiú go bhfuil líon iomlán inláimhsithe tionscadal leasa choitinn ar liosta an Aontais.
Airteagal 4
Critéir maidir le measúnú ar thionscadail ag na Grúpaí
Le tionscadal leasa choitinn, chomhlíonfar na critéir ghinearálta seo a leanas:
tá an tionscadal riachtanach do cheann amháin, ar a laghad, de na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
is mó tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail, arna measúnú i gcomhréir leis na critéir ábhartha shonracha i mír 3, ná costais an tionscadail, lena n-áirítear san fhadtéarma;
comhlíontar aon cheann de na critéir seo a leanas leis an tionscadal:
baineann sé le dhá Bhallstát ar a laghad trí theorainn dhá Ballstát nó níos mó a thrasnú, go díreach nó go hindíreach, trí idirnasc le tríú tír;
tá sé lonnaithe i gcríoch aon Bhallstáit amháin, bíodh sin intíre nó amach ón gcósta, lena n-áirítear oileáin, agus tá tionchar suntasach trasteorann aige mar a leagtar amach i bpointe (1) d’Iarscríbhinn IV.
Le tionscadal comhleasa, comhlíonfar na critéir ghinearálta seo a leanas:
rannchuidíonn an tionscadal go suntasach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus le cuspóirí an tríú tír, go háirithe sa chaoi is nach gcuirtear bac ar acmhainneacht an tríú tír chun sócmhainní giniúna breosla iontaise dá hídiú intíre a chéimniú amach, agus le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach agus trí ghiniúint in-athnuaite a tharchur agus a dháileadh chuig mórionaid ídithe agus láithreáin stórála;
is mó tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail ar leibhéal an Aontais, arna measúnú i gcomhréir leis na critéir shonracha ábhartha i mír 3, ná costais an tionscadail laistigh den Aontas, lena n-áirítear san fhadtéarma;
tá an tionscadal lonnaithe i gcríoch aon Bhallstáit amháin ar a laghad agus i gcríoch tríú tír amháin ar a laghad agus tá tionchar suntasach trasteorann aige mar a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn IV;
maidir leis an gcuid atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit, tá an tionscadal i gcomhréir le Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944 i gcás ina dtagann sé faoi na catagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1) agus (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
tá ardleibhéal cóineasaithe ann maidir le creat beartais an tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann agus léirítear sásraí forfheidhmiúcháin dlí chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a áirithiú:
margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith;
slándáil an tsoláthair bunaithe, inter alia, ar fhoinsí éagsúla, ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht;
córas fuinnimh, lena n-áirítear táirgeadh, tarchur agus dáileadh, ag bogadh i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus sceitheadh carbóin á sheachaint go háirithe;
tacaíonn an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann le stádas tosaíochta an tionscadail, mar a leagtar amach in Airteagal 7, agus tugann sí nó siad gealltanas go gcomhlíonfaidh sí nó siad amlíne le haghaidh cur chun feidhme brostaithe agus bearta tacaíochta beartais agus rialála eile, ar amlíne í atá comhchosúil leis an amlíne is infheidhme maidir le tionscadail leasa choitinn san Aontas.
Maidir le tionscadail le haghaidh stóráil dé-ocsaíde carbóin a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5)(c) d’Iarscríbhinn II, beidh gá leis an tionscadal chun iompar agus stóráil trasteorann dé-ocsaíde carbóin a cheadú agus beidh creat dlíthiúil leordhóthanach ag an tríú tír ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, ar creat é atá bunaithe ar shásraí forfheidhmiúcháin atá léirithe a bheith éifeachtach chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag caighdeáin agus coimircí maidir leis an tionscadal, lena gcoiscfear aon sceitheadh dé-ocsaíde carbóin, agus a bhaineann leis an aeráid, le sláinte an duine agus le héiceachórais a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus éifeachtacht na stórála buaine dé-ocsaíd charbóin, ar caighdeáin agus coimircí iad atá ag an leibhéal céanna, ar a laghad, leis na cinn dá bhforáiltear le dlí an Aontais.
Beidh feidhm ag na critéir shonracha seo a leanas maidir le tionscadail leasa choitinn a thagann faoi chatagóirí bonneagair fuinnimh sonracha:
maidir leis na tionscadail tarchurtha, dáileacháin agus stórála leictreachais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach, agus trí ghiniúint in-athnuaite a tharchur nó a dháileadh chuig mórionaid ídithe agus láithreáin stórála, agus le ciorrú fuinnimh a laghdú, i gcás inarb infheidhme, agus rannchuidítear le ceann amháin ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:
comhtháthú margaidh, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le leithlisiú fuinnimh ceann amháin de na Ballstáit ar a laghad agus trí scrogaill bonneagair fuinnimh a laghdú, an iomaíocht, an idir-inoibritheacht agus solúbthacht an chórais;
slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht, solúbthacht an chórais, an chibearshlándáil, naisc iomchuí agus oibriú slán iontaofa an chórais;
maidir le tionscadail eangaí cliste leictreachais a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach, agus rannchuidítear le dhá cheann ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:
slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht tarchurtha agus dáilte leictreachais in oibriú an ghréasáin ó lá go lá, tríd an bplódú a sheachaint, agus trí chomhtháthú agus rannpháirtíocht úsáideoirí gréasáin;
comhtháthú margaidh, lena n-áirítear tríd an gcóras a oibriú go héifeachtúil agus idirnascairí a úsáid;
slándáil gréasáin, solúbthacht agus cáilíocht an tsoláthair, lena n-áirítear trí ghlacadh méadaithe le nuálaíocht sa chothromú, margaí solúbthachta, an chibearshlándáil, faireachán, rialú an chórais agus ceartú earráidí;
comhtháthú na hearnála cliste, bíodh sé sa chóras fuinnimh trí iompróirí agus earnálacha éagsúla fuinnimh a nascadh, nó ar bhealach níos leithne, trí thús áite a thabhairt do shineirgí agus do chomhordú idir earnálacha an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide;
maidir le tionscadail iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú sna suiteálacha tionsclaíocha nasctha agus rannchuidítear leis na critéir shonracha seo a leanas:
astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a sheachaint agus slándáil an tsoláthair á coinneáil ar bun ag an am céanna;
athléimneacht agus slándáil iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a mhéadú;
úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní, trí nascadh iliomad foinsí agus láithreán stórála dé-ocsaíde carbóin a éascú trí bhonneagar coiteann agus trí ualach agus rioscaí comhshaoil a íoslaghdú;
maidir le tionscadail hidrigine a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, trí fheabhas a chur ar imscaradh hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin, agus béim á leagan ar hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite go háirithe i bhfeidhmeanna úsáide deiridh, amhail earnálacha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú, ar earnálacha iad nach féidir réitigh éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a chur i bhfeidhm iontu, agus tacú le giniúint cumhachta in-athnuaite inathraithí trí sholúbthacht, réitigh stórála, nó an dá rud, a thairiscint agus rannchuidítear, leis an tionscadal, go suntasach le ceann amháin, ar a laghad, de na critéir shonracha seo a leanas:
comhtháthú margaidh, lena n-áirítear trí ghréasáin hidrigine de chuid na mBallstát atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn a nascadh, nó trí rannchuidiú ar shlí eile le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais chun hidrigin a iompar agus a stóráil, agus trí idir-inoibritheacht córas nasctha a áirithiú;
slándáil an tsoláthair agus solúbthacht, lena n-áirítear trí naisc iomchuí agus trí oibriú slán iontaofa an chórais a éascú;
an iomaíocht, lena n-áirítear trí rochtain ar an iliomad foinsí soláthair agus úsáideoirí gréasáin a cheadú ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach;
maidir le leictrealóirí a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le gach ceann de na critéir shonracha seo a leanas:
an inbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar imscaradh hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin, go háirithe ó fhoinsí in-athnuaite, chomh maith le breoslaí sintéiseacha ó na foinsí sin;
slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear trí chur le hoibriú slán éifeachtúil iontaofa an chórais nó trí stóráil, réitigh solúbthachta, nó an dá rud, a thairiscint, amhail freagairt ar an éileamh agus seirbhísí cothromúcháin;
seirbhísí solúbthachta amhail freagairt don éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile;
maidir le tionscadail eangaí cliste gáis a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trína áirithiú go ndéantar iolrachais gás ísealcharbóin agus gás atá in-athnuaite go háirithe, lena n-áirítear i gcás ina bhfoinsítear iad go háitiúil, amhail bithmheatán nó hidrigin in-athnuaite, a chomhtháthú sna córais tarchurtha, dáileacháin nó stórála gáis chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus rannchuidítear, leis an tionscadal sin, le ceann amháin de na critéir shonracha seo a leanas:
slándáil an ghréasáin agus cáilíocht an tsoláthair trí éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht na gcóras tarchurtha, dáileacháin nó stórála gáis a fheabhsú le linn oibriú an ghréasáin ó lá go lá trí aghaidh a thabhairt, inter alia, ar dhúshláin a eascraíonn as gáis de cháilíochtaí éagsúla a instealladh;
feidhmiú an mhargaidh agus seirbhísí le haghaidh custaiméirí;
comhtháthú earnáil an fhuinnimh chliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile agus trí fhreagairt don éileamh a chumasú.
Agus tionscadail á measúnú, chun modh measúnaithe comhsheasmhach i measc na nGrúpaí a áirithiú, tabharfaidh gach Grúpa aird chuí ar na nithe seo a leanas:
práinn gach tionscadail atá beartaithe agus an méid a rannchuidíonn gach tionscadal atá beartaithe chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráideneodrachta do 2050, comhtháthú an mhargaidh, an iomaíocht, an inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair a bhaint amach;
comhlántacht gach tionscadail atá beartaithe le tionscadail eile atá beartaithe, lena n-áirítear tionscadail iomaíocha nó tionscadail a d’féadfadh a bheith in iomaíocht le chéile;
sineirgí féideartha le conairí tosaíochta agus réimsí téamacha a sainaithnítear faoi ghréasáin thras-Eorpacha le haghaidh iompair agus teileachumarsáide;
i gcás na dtionscadal atá beartaithe atá ar liosta an Aontais, tráth an mheasúnaithe, an dul chun cinn atá déanta maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe agus trédhearcachta leo.
A mhéid a bhaineann le tionscadail eangaí cliste leictreachais agus tionscadail eangaí cliste gáis a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(e) agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, déanfar an rangú i gcás na dtionscadal sin a dhéanann difear don dá Bhallstát chéanna, agus tabharfar aird chuí freisin ar líon na n-úsáideoirí a ndéanann an tionscadal difear dóibh, ar an ídiú fuinnimh bliantúil agus ar sciar na giniúna ó acmhainní nach féidir a sheoladh sa limistéar arna chumhdach ag na húsáideoirí sin.
Airteagal 5
Tionscadail ar liosta an Aontais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu
Dréachtóidh tionscnóirí tionscadail plean cur chun feidhme le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, lena n-áirítear tráthchlár le haghaidh gach ceann de na nithe seo a leanas:
staidéir féidearthachta agus dheartha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil agus an phrionsabail arb é ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;
formheas ag an údarás rialála náisiúnta nó ag aon údarás eile lena mbaineann;
tógáil agus coimisiúnú;
an próiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 10(6), pointe (b).
Áireofar sa tuarascáil sin mionsonraí maidir leis na nithe seo a leanas:
an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt, tógáil agus coimisiúnú an tionscadail, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus an nós imeachta comhairliúcháin, chomh maith le comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil, an phrionsabail nach ndéantar ‘dochar suntasach’ don chomhshaol leis an tionscadal, agus bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a rinneadh;
i gcás inarb ábhartha, moilleanna i gcomparáid leis an bplean cur chun feidhme, na cúiseanna le moilleanna den sórt sin agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
i gcás inarb ábhartha, plean athbhreithnithe arb é is aidhm dó na moilleanna a shárú.
I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise a iarraidh atá riachtanach chun a cúraimí a leagtar amach sa mhír seo a dhéanamh.
I gcás ina mbíonn moill ar choimisiúnú tionscadail atá ar liosta an Aontais nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an bplean cur chun feidhme, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach bhfuil neart ag an tionscnóir tionscadail orthu, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
sa mhéid go bhfuil feidhm ag bearta dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2009/73/CE agus Airteagal 51(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2019/944 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena mbaineann, áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar an infheistíocht;
más rud é nach bhfuil feidhm ag bearta údarás rialála náisiúnta de bhun phointe (a), roghnóidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de 24 mhí ón dáta coimisiúnaithe a leagtar amach sa phlean cur chun feidhme, tríú páirtí chun an tionscadal ar fad nó cuid de a mhaoiniú nó a thógáil;
mura roghnaítear tríú páirtí i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát nó, i gcás ina bhforálann an Ballstát amhlaidh, an t-údarás rialála náisiúnta, laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b), tríú páirtí a ainmniú chun an tionscadal a mhaoiniú nó a thógáil lena nglacfaidh an tionscnóir tionscadail;
i gcás inar faide ná 26 mhí an mhoill i gcomparáid leis an dáta coimisiúnaithe sa phlean cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú na mBallstát lena mbaineann agus le comhar iomlán leo, glao ar thograí a sheoladh a bheidh oscailte d’aon tríú páirtí atá i gcumas a bheith ina thionscnóir tionscadail chun an tionscadal a thógáil i gcomhréir le tráthchlár comhaontaithe;
i gcás ina gcuirtear na bearta dá dtagraítear i bpointe (c) nó (d) i bhfeidhm, tabharfaidh an t-oibreoir córais, a bhfuil an infheistíocht lonnaithe ina limistéar féin, gach faisnéis is gá chun an infheistíocht a réadú do na hoibreoirí cur chun feidhme, do na hinfheisteoirí cur chun feidhme nó don tríú páirtí, nascfaidh an t-oibreoir córais sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha nó, i gcás inarb infheidhme, an gréasán dáileacháin agus déanfaidh an t-oibreoir córais, go ginearálta, sárdhícheall chun cur chun feidhme na hinfheistíochta a éascú agus chun oibríocht agus cothabháil shlán, iontaofa agus éifeachtúil an tionscadail atá ar liosta an Aontais a éascú.
Mar sin féin, maidir le tionscadal nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh ach ar glacadh le comhad iarratais ina leith lena scrúdú ag an údarás inniúil, coimeádfaidh sé na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III, seachas i gcás inar baineadh an tionscadal de liosta an Aontais ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo.
Airteagal 6
Comhordaitheoirí Eorpacha
Déanfaidh an comhordaitheoir Eorpach an méid seo a leanas:
na tionscadail, ar ina leith a ainmníodh é nó í mar chomhordaitheoir Eorpach, agus an t-idirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus gach geallsealbhóir lena mbaineann a chur chun cinn;
cúnamh a thabhairt do gach páirtí, de réir mar is gá, dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, trí ródú malartach a phlé, i gcás inarb iomchuí, agus na ceadanna is gá a fháil do na tionscadail;
i gcás inarb iomchuí, comhairle a chur ar thionscnóirí tionscadail maidir leis an tionscadal a mhaoiniú;
a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an tacaíocht straitéiseach iomchuí agus an treoir straitéiseach iomchuí ar fáil le haghaidh ullmhú agus chur chun feidhme na dtionscadal;
gach bliain, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chríochnú a sainordaithe dóibh, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dul chun cinn na dtionscadal agus maidir le haon deacrachtaí agus bacainní ar dócha go gcuirfidh siad moill shuntasach ar dháta coimisiúnaithe na dtionscadal.
Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ón gcomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear i bpointe (e) chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Grúpaí lena mbaineann.
CAIBIDIL III
Ceadanna a dheonú agus rannpháirtíocht phoiblí
Airteagal 7
Stádas tosaíochta na dtionscadal ar liosta an Aontais
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
I gcás ina bhfuil gá le tuairim ón gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE, áiritheoidh an Coimisiún agus an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo go ndéanfar an cinneadh maidir le tionscadal lena mbaineann leas sáraitheach an phobail laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2) den Rialachán seo.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil i gcomhréir le Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
Airteagal 8
An próiseas deonaithe ceadanna a eagrú
Féadfar freagrachtaí an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nó na cúraimí a bhaineann leis a tharmligean chuig údarás eile, nó féadfaidh an t-údarás eile sin iad a dhéanamh, in aghaidh an tionscadail ar liosta an Aontais nó in aghaidh na catagóire áirithe de thionscadail ar liosta an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:
tugann an t-údarás inniúil náisiúnta fógra don Choimisiún faoin tarmligean sin agus foilsíonn an t-údarás inniúil náisiúnta nó an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis atá ann ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7);
níl ach údarás amháin freagrach in aghaidh an tionscadail ar liosta an Aontais, agus is é an t-údarás sin an t-aon phointe teagmhála atá ag an tionscnóir tionscadail sa phróiseas sula ndéantar cinneadh cuimsitheach i leith tionscadal ar leith ar liosta an Aontais, agus comhordaíonn sé tíolacadh na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad.
Féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta an fhreagracht as bunú teorainneacha ama a choinneáil, gan dochar do na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
Gan dochar do cheanglais ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta agus, a mhéid nach dtiocfaidh sé salach orthu, faoin dlí náisiúnta, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta eisiúint an chinnidh chuimsithigh a éascú. Eiseofar an cinneadh cuimsitheach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2) agus i gcomhréir le ceann amháin de na scéimeanna seo a leanas:
scéim chomhtháite:
eiseoidh an t-údarás inniúil náisiúnta an cinneadh cuimsitheach agus is é an t-aon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a eascróidh as an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna. I gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, féadfaidh siad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, agus cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta é sin san áireamh;
scéim chomhordaithe:
cuimseofar sa chinneadh cuimsitheach an iliomad cinntí aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ar cinntí iad a d’eisigh roinnt údarás lena mbaineann agus a ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta iad a chomhordú. Féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta meitheal oibre a bhunú ina ndéanfar ionadaíocht thar ceann na n-údarás uile lena mbaineann chun sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 10(6), pointe (b), agus chun faireachán agus comhordú a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Bunóidh an t-údarás inniúil náisiúnta, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus gan dochar do theorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2), teorainn ama réasúnta faoina ndéanfar na cinntí aonair a eisiúint, de réir an cháis. Féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta cinneadh aonair a ghlacadh thar ceann údarás náisiúnta eile lena mbaineann, i gcás nach ndéanann an t-údarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama agus nach féidir údar leormhaith a thabhairt leis an moill; nó, i gcás ina bhforáiltear sin faoin dlí náisiúnta, agus sa mhéid go bhfuil an méid sin ag luí le dlí an Aontais, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta a mheas gur fhormheas údarás náisiúnta eile lena mbaineann an tionscadal nó gur dhiúltaigh sé dó i gcás nach nglacann an t-údarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama. I gcás ina bhforáiltear sin faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta neamhaird a thabhairt ar chinneadh aonair de chuid údaráis náisiúnta eile lena mbaineann má mheasann sé nach bhfuil bunús leordhóthanach leis an gcinneadh maidir leis an bhfianaise fholuiteach arna tíolacadh ag an údarás náisiúnta lena mbaineann; agus an méid sin á dhéanamh, áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta go n-urramófar na ceanglais ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena chinneadh;
scéim chomhoibríoch:
déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta an cinneadh cuimsitheach a chomhordú. Bunóidh an t-údarás inniúil náisiúnta, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus gan dochar do theorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2), teorainn ama réasúnta faoina ndéanfar na cinntí aonair a eisiúint, de réir an cháis. Déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh na dteorainneacha ama ag na húdaráis lena mbaineann.
Cuirfidh na Ballstáit na scéimeanna chun feidhme ar bhealach lena rannchuideofar, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le heisiúint an chinnidh chuimsithigh ar an gcaoi is éifeachtúla agus is tráthúla.
Is féidir inniúlacht na n-údarás lena mbaineann a ionchorprú in inniúlacht an údaráis inniúil náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 nó is féidir leis na húdaráis lena mbaineann a n-inniúlacht neamhspleách a choinneáil ar bun, go pointe áirithe, i gcomhréir leis an scéim ábhartha a bhaineann le ceadanna atá roghnaithe ag an mBallstát i gcomhréir leis an mír seo chun eisiúint an chinnidh chuimsithigh a éascú agus chun comhoibriú leis an údarás inniúil náisiúnta dá réir sin.
I gcás nach bhfuil údarás lena mbaineann ag dréim leis go soláthróidh sé cinneadh aonair laistigh den teorainn ama a leagadh síos, cuirfidh an t-údarás sin an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas láithreach, agus na cúiseanna leis an moill á dtabhairt aige. Ina dhiaidh sin, leagfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta teorainn ama eile síos faoina ndéanfar an cinneadh aonair sin a eisiúint, i gcomhréir leis na teorainneacha ama foriomlána a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
Déanfaidh na Ballstáit rogha as na trí scéim dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír chun a gcuid nósanna imeachta a éascú agus a chomhordú agus cuirfidh siad chun feidhme an scéim is éifeachtaí dóibh i bhfianaise sainiúlachtaí náisiúnta ina bpróisis phleanála agus ina bpróisis deonaithe ceadanna. I gcás ina ndéanann Ballstát an scéim chomhoibríoch a roghnú, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin.
Airteagal 9
Trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an tionscnóir tionscadail athruithe suntasacha a dhéanamh ar choincheap formheasta maidir le rannpháirtíocht phoiblí, cuirfidh sé an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas faoin méid sin. Sa chás sin, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta modhnuithe a iarraidh.
Ullmhóidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail roimh thíolacadh an chomhaid iarratais, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.
Déanfaidh an tionscnóir tionscadail na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír in éineacht leis an gcomhad iarratais a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta. Tabharfar aird chuí ar thorthaí na dtuarascálacha sin sa chinneadh cuimsitheach.
Chomh maith leis sin, foilseoidh tionscnóirí tionscadail faisnéis ábhartha trí mheáin faisnéise iomchuí eile a mbeidh teacht ag an bpobal orthu.
Airteagal 10
Fad tréimhse agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna
Beidh dhá nós imeachta i gceist leis an bpróiseas deonaithe ceadanna:
an nós imeachta réamhiarratais, lena gcumhdaítear an tréimhse idir tús an phróisis deonaithe ceadanna agus an tráth a ghlacfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta leis an gcomhad iarratais arna thíolacadh, ar nós imeachta é a sheolfar laistigh de thréimhse ama tháscach de 24 mhí; agus
an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna, lena gcumhdaítear an tréimhse idir an dáta a ghlactar leis an gcomhad iarratais arna thíolacadh go dtí an tráth a dhéanfar an cinneadh cuimsitheach, nach rachaidh thar 18 mí.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna atá níos giorra ná 18 mí.
Mar sin féin, i gcás ina measann an t-údarás inniúil náisiúnta nach mbeidh ceann amháin de na nósanna imeachta nó an dá cheann acu curtha i gcrích laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 1, féadfaidh sé síneadh a chur le ceann amháin de na teorainneacha ama sin nó leis an dá cheann acu sula rachaidh siad in éag agus de réir an cháis. Ní chuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta síneadh nach faide ná 9 mí le comhfhad an dá nós imeachta seachas in imthosca eisceachtúla.
I gcás ina gcuireann an t-údaráis inniúil náisiúnta síneadh leis na teorainneacha ama, cuirfidh sé an Grúpa lena mbaineann ar an eolas agus cuirfidh sé in iúl dó na bearta a rinneadh nó atá le déanamh chun an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích, sa tréimhse ama is giorra is féidir. Féadfaidh an Grúpa a iarraidh go dtuairisceodh an t-údarás inniúil náisiúnta go tráthrialta ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis sin agus ar na cúiseanna a bhí le haon mhoill.
Laistigh de 3 mhí tar éis an fógra a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil náisiúnta an fógra nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách aibí le dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn, lena n-áirítear thar ceann na n-údarás eile lena mbaineann. I gcás ina ndiúltaítear don fhógra, tabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta na cúiseanna lena chinneadh, lena n-áirítear thar ceann údaráis eile lena mbaineann. Is é an dáta a shíneoidh an t-údarás inniúil náisiúnta admháil an fhógra a mharcálfaidh tús an phróisis deonaithe ceadanna. I gcás ina bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó, is é an dáta a ghlacann an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann leis an bhfógra deiridh a mharcálfaidh tús an phróisis deonaithe ceadanna.
Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta go gcuirfear dlús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an gCaibidil seo i gcás gach catagóire tionscadal leasa choitinn. Chuige sin, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a riachtanais a oiriúnú le haghaidh thús an phróisis deonaithe ceadanna agus le haghaidh ghlacadh an chomhaid iarratais arna thíolacadh, chun iad a dhéanamh oiriúnach le haghaidh tionscadail a bhféadfadh sé go dteastódh uathu, de bharr a gcineáil nó a dtoise nó de bharr nach gá aon mheasúnú comhshaoil a dhéanamh orthu faoin dlí náisiúnta, níos lú údaruithe agus formheasanna chun an chéim ‘réidh le tógáil’ a bhaint amach. Féadfaidh Ballstáit a chinneadh nach mbeidh gá leis an nós imeachta réamhiarratais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 6 den Airteagal seo le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear san fhomhír seo.
Sna himthosca a thuairiscítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar an síneadh dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, a laghdú go 6 mhí, seachas in imthosca eisceachtúla, lena n-áirítear i gcás an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír seo.
Cuimseofar na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta réamhiarratais:
a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre de mhír 3, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, ar bhonn an tseicliosta dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn VI, agus i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, agus i gcás inarb iomchuí ar bhonn togra ón tionscnóir tionscadail, raon feidhme na dtuarascálacha agus na ndoiciméad agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tíolacadh ag an tionscnóir tionscadail a chinneadh, mar chuid den chomhad iarratais, chun iarratas a dhéanamh ar an gcinneadh cuimsitheach;
déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann agus torthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi phointe (a) den mhír seo á gcur san áireamh, i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn VI;
ar an dréachtchomhad iarratais a fháil, iarrfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, i gcás inar gá, ar a shon féin nó ar son údaráis eile lena mbaineann, ar an tionscnóir tionscadail faisnéis a thíolacadh atá ar iarraidh agus a bhaineann leis na heilimintí a iarradh dá dtagraítear i bpointe (a).
Áireofar sa nós imeachta réamhiarratais ullmhúchán aon tuarascálacha comhshaoil a dhéanann na tionscnóirí tionscadail, de réir mar is gá, lena n-áirítear an doiciméadacht maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide.
Laistigh de 3 mhí ón bhfaiséis atá ar iarraidh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a thíolacadh, glacfaidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn nó ar ardáin dhigiteacha, leis an iarratas lena scrúdú, lena gcuirfear tús leis an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Ní fhéadfar iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtugann imthosca nua údar cuí leo.
Na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainneacha ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.
CAIBIDIL IV
PLEANÁIL BONNEAGAIR TRASEARNÁLA
Airteagal 11
Anailís uile-chórais chostais is tairbhe ar fhuinneamh
Déanfar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, beidh siad bunaithe ar thoimhdí coiteanna lena bhféadfar tionscadail a chur i gcomparáid, agus beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, chomh maith leis na rialacha agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Cuirfear na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm maidir le hullmhú gach plean 10 mbliana uile-Aontais maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin arna fhorbairt ag an ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 nó ag an ENTSO don Ghás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
Faoin 24 Aibreán 2023, foilseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a ndréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha aon earnála faoi seach agus cuirfidh siad faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta iad, tar éis dóibh ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2.
Laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú na réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí tosaigh faoin gcéad fhomhír, féadfaidh aon gheallsealbhóir dá dtagraítear san fhomhír sin moladh a thíolacadh.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), ar a thionscnamh féin, tuairim a thíolacadh maidir leis na dréacht-mhodheolaíochtaí.
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na Ballstáit, agus geallsealbhóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a moltaí a thíolacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a thuairim a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus a chur ar fáil go poiblí agus, de réir mar is infheidhme, a chur faoi bhráid an ENTSO don Leictreachas nó an ENTSO don Ghás.
Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte, tráthúil agus trédhearcach. Ullmhóidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás tuarascáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí í.
I gcás nach ndearna an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás na moltaí ó na Ballstáit nó ó na geallsealbhóirí, agus na moltaí ó na húdaráis náisiúnta, nó an tuairim ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a chur san áireamh, nó nár chuir siad san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh siad na cúiseanna leis.
Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1), (2) agus (3) d’Iarscríbhinn II faoin 24 Aibreán 2023, sa mhéid go mbeidh sonraí ar fáil chun táscairí stóinsithe agus luachanna tagartha stóinsithe a ríomh. Féadfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás na luachanna tagartha sin a úsáid le haghaidh na n-anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh le haghaidh pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais ina dhiaidh sin.
Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2025.
Airteagal 12
Cásanna le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana
Bunófar sna treoirlínte critéir maidir le forbairt thrédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus stóinsithe cásanna ina gcuirfear san áireamh dea-chleachtais i réimse an mheasúnaithe ar bhonneagair agus na pleanála maidir le forbairt gréasáin. Beidh sé mar aidhm freisin leis na treoirlínte a áirithiú go bhfuil an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus cuirfear san áireamh iontu na cásanna is déanaí atá ar fáil ón gCoimisiún, chomh maith leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, nuair is ábhartha.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar maidir le conas is féidir comhlíontacht cásanna le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 a áirithiú. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an ionchur sin sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
I gcás nach ndearna an Ghníomhaireacht na moltaí ó na Ballstáit, ó gheallsealbhóirí agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach a chur san áireamh, nó nár chuir sí san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh sí na cúiseanna leis.
Áireofar dearcadh fadtéarmach go dtí 2050 freisin sna cásanna comhpháirteacha agus áireofar céimeanna idirghabhálacha iontu de réir mar is iomchuí.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar an tuarascáil maidir le cásanna comhpháirteacha.
Laistigh den teorainn ama chéanna, féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt maidir le comhoiriúnacht na gcásanna le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050.
Tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás na cúiseanna lena mínítear an chaoi ar tugadh aghaidh ar aon iarraidh ar leasuithe ón gCoimisiún.
I gcás nach bhformheasfaidh an Coimisiún an tuarascáil maidir le cásanna comhpháirteacha, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás.
Airteagal 13
Sainaithint bearnaí sa bhonneagar
Agus measúnú á dhéanamh ar na bearnaí sa bhonneagar, bunóidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás a n-anailís ar na cásanna arna mbunú faoi Airteagal 12, cuirfidh siad bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus breithneoidh siad ar bhonn tosaíochta gach rogha mhalartach ábhartha ar bhonneagar nua. Agus réitigh bhonneagair nua á mbreithniú, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar na costais ábhartha go léir, lena n-áirítear athneartuithe gréasáin.
Leis an measúnú ar bhearnaí sa bhonneagar, díreofar go háirithe ar na bearnaí sin sa bhonneagar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhaint amach spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid agus do bhaint amach a chuspóra aeráidneodrachta do 2050.
Sula bhfoilseoidh siad a dtuarascálacha faoi seach, seolfaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás próiseas forleathan comhairliúcháin lena mbainfidh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta, an Ghníomhaireacht agus ionadaithe uile na mBallstát atá páirteach sna conairí tosaíochta ábhartha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
CAIBIDIL V
Eangacha amach ón gcósta le haghaidh comhtháthú in-athnuaite
Airteagal 14
Eangacha amach ón gcósta a phleanáil
Déanfar an comhaontú neamhcheangailteach sin i scríbhinn maidir le gach imchuach farraige atá nasctha le críoch na mBallstát, agus ní dochar é do cheart na mBallstát tionscadail a fhorbairt ar a bhfarraige theorann agus ina limistéar eacnamaíoch eisiach. Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an obair sna Grúpaí.
Agus na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta á bhforbairt laistigh den amlíne dá bhforáiltear i mír 1, breithneoidh an ENTSO don Leictreachas na comhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear i mír 1 chun forbairt a dhéanamh ar chásanna an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.
Leis na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta, soláthrófar peirspictíocht ardleibhéil maidir le cumas na n-acmhainneachtaí giniúna amach ón gcósta agus maidir leis na riachtanais a in eangacha amach ón gcósta a thagann dá bharr, lena n-áirítear na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith le hidirnascairí, tionscadail hibrideacha, naisc ghathacha, athneartuithe agus bonneagar hidrigine.
Airteagal 15
Comhroinnt trasteorann costas maidir le heangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite
CAIBIDIL VI
Creat rialála
Airteagal 16
Infheistíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a chumasú
Féadfaidh tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) agus i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II tairbhiú d’fhorálacha an Airteagail seo i gcás ina n-iarrann tionscnóir tionscadail amháin ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha é a chur i bhfeidhm.
I gcás ina mbeidh roinnt tionscnóirí tionscadail ag tionscadal, iarrfaidh na húdaráis rialála náisiúnta gan mhoill ar na tionscnóirí tionscadail uile an iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh go comhpháirteach i gcomhréir le mír 4.
A luaithe a bheidh tionscadal leasa choitinn den sórt sin tar éis aibíocht leordhóthanach a bhaint amach, agus a mheasfar é a bheith réidh le tús a chur leis an gcéim thógála laistigh de na chéad 36 mhí eile, déanfaidh na tionscnóirí tionscadail, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna ó na Ballstáit a fhaigheann glantionchar dearfach suntasach uaidh, iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh. Cuirfear san áireamh san iarraidh sin ar infheistíocht iarraidh ar leithdháileadh trasteorann costas agus cuirfear faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha go léir lena mbaineann í, mar aon leis an méid seo a leanas ar fad:
anailís chostais is tairbhe thionscadalsonrach atá cothrom le dáta agus comhsheasmhach leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 11 agus aird á tabhairt ar thairbhí lasmuigh de theorainneacha na mBallstát a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch trí na cásanna comhpháirteacha arna mbunú chun forbairt gréasáin a phleanáil dá dtagraítear in Airteagal 12, ar a laghad, a bhreithniú. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad sin comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as aon chásanna breise a mheasúnú agus as a áirithiú go gcomhlíonann siad an mhír seo;
plean gnó ina ndéantar meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail, lena n-áirítear an réiteach maoinithe a roghnaíodh agus, i gcás tionscadal leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, torthaí na tástála margaidh;
i gcás ina bhfuil tionscnóirí tionscadail ar aon intinn faoi, togra réasúnaithe le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann.
I gcás ina bhfuil tionscadal á chur chun cinn ag roinnt tionscnóirí tionscadail, tíolacfaidh siad a n-iarraidh ar infheistíocht go comhpháirteach.
Tar éis dóibh í a fháil, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha cóip de gach iarraidh ar infheistíocht a tharchur chuig an nGníomhaireacht, gan mhoill, chun críoch faisnéise.
Coinneoidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.
Agus na costais á leithdháileadh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha aird:
ar na cíosanna ó phlódú nó ar na muirir eile iarbhír nó mheasta,
ar na hioncaim iarbhír nó mheasta a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha arna bhunú faoi Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/943.
Le leithdháileadh na gcostas thar theorainneacha, cuirfear san áireamh costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na dtionscadal sna Ballstáit lena mbaineann agus an gá le creat maoinithe cobhsaí a áirithiú le haghaidh fhorbairt na dtionscadal leasa choitinn fad atá an gá le tacaíocht airgeadais á íoslaghdú ag an am céanna.
Agus costais á leithdháileadh thar theorainneacha, féachfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna lena mbaineann, le comhaontú frithpháirteach a bhaint amach a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ach nach mbeidh teoranta di. Ina measúnú, breithneofar na cásanna ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le beartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12.
I gcás ina maolaíonn tionscadal leasa choitinn seachtrachtaí diúltacha, amhail lúbshreabha, agus i gcás ina gcuirtear an tionscadal leasa choitinn sin chun feidhme sa Bhallstát arb é is bunphointe don tseachtracht dhiúltach, ní fhéachfar ar mhaolú den sórt sin mar thairbhe trasteorann agus, dá bhrí sin, ní bheidh sé ina bhonn le costais a leithdháileadh ar OCT na mBallstát a ndéanann na seachtrachtaí diúltacha sin difear dóibh.
Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha fógra don Ghníomhaireacht. gan mhoill. faoin gcinneadh maidir le leithdháileadh costas, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha go léir i dtaca leis an gcinneadh sin. Go háirithe, leagfar amach sa chinneadh maidir le leithdháileadh costas cúiseanna mionsonraithe maidir le leithdháileadh costas i measc na mBallstát, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
meastóireacht ar an tionchar sainaitheanta ar gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear iadsan a bhaineann le taraifí gréasáin;
meastóireacht ar an bplean gnó dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b);
seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, a ghinfeadh an tionscadal;
toradh an chomhairliúcháin leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann.
Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh costas.
Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig an nGníomhaireacht, an cinneadh faoin iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5.
Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis na tionscnóirí tionscadail. Féadfar an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír a fhadú 2 mhí i gcás ina n-iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.
I measúnú na Gníomhaireachta, breithneofar na cásanna ábhartha uile arna mbunú faoi Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le spriocanna bheartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12.
Ina cinneadh maidir leis an iarradh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann, fágfaidh an Ghníomhaireacht faoi na húdaráis náisiúnta ábhartha é tráth chur chun feidhme an chinnidh sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a ndéantar costais infheistíochta a áireamh sna taraifí i gcomhréir leis an leithdháileadh costas trasteorann a forordaíodh.
Foilseofar an cinneadh maidir leis an iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh trasteorann costas. Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tionscadail leasa choitinn a bhfuil díolúine faighte acu ón méid seo a leanas:
Airteagail 32, 33 agus 34 agus Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE, de bhun Airteagal 36 den Treoir sin;
Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944, de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;
rialacha maidir le díchuachadh nó rochtain tríú páirtí, de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) nó de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.
Airteagal 17
Dreasachtaí rialála
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil díolúine faighte ag an tionscadal leasa choitinn:
ó Airteagail 32, 33, agus 34 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 36 den Treoir sin;
ó Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó ó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;
de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE;
de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
Sa chinneadh chun na dreasachtaí a dheonú, cuirfear cineál sonrach an riosca arna thabhú san áireamh agus féadfar dreasachtaí a dheonú a chumhdóidh, inter alia, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:
na rialacha maidir le hinfheistíocht oirchilleach;
na rialacha maidir le sainaithint costas arna dtabhú go héifeachtúil roimh choimisiúnú an tionscadail;
na rialacha lena ndéantar foráil do thoradh breise a fháil ar an gcaipiteal arna infheistiú le haghaidh an tionscadail;
aon bheart eile a mheastar a bheith riachtanach agus iomchuí.
Faoin 24 Meitheamh 2023, agus aird chuí á tabhairt ar an bhfaisnéis a fuarthas de bhun mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhroinnt dea-chleachtas a éascú agus déanfaidh sí moltaí i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2019/942:
maidir leis na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn thagarmharcáil an dea-chleachtais arna déanamh ag údaráis rialála náisiúnta;
maidir le modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí níos airde arna dtabhú i gcás infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair fuinnimh.
CAIBIDIL VII
Maoiniú
Airteagal 18
Incháilitheacht na dtionscadal le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/1153
Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 24 agus i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo uile a leanas leo:
leis an anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach arna déanamh de bhun Airteagal 16(4), pointe (a), cuirtear fianaise ar fáil maidir le seachtrachtaí suntasacha dearfacha a bheith ann, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht;
tá cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann faighte ag an tionscadal de bhun Airteagal 16 nó, a mhéid a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás nach dtagann siad faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta agus nach bhfaigheann siad cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an tionscadal seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha, tugtar nuálaíocht theicneolaíoch isteach leis agus áirithítear sábháilteacht oibriú na heangaí trasteorann leis;
ní féidir an tionscadal a mhaoiniú tríd an margadh nó tríd an gcreat rialála i gcomhréir leis an bplean gnó agus le measúnuithe eile, go háirithe na cinn sin a rinne infheisteoirí ionchasacha, creidiúnaithe nó an t-údarás rialála náisiúnta, agus aird á tabhairt ar aon chinneadh maidir le dreasachtaí agus cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth a mheastar an gá atá ag an tionscadal cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.
Beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1153. Sa mhéid a bhaineann le deontais le haghaidh oibreacha, beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus i gcás ina rannchuidíonn an tionscadal le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais.
Airteagal 19
Treoir maidir leis na critéir dhámhachtana do chúnamh airgeadais ón Aontas
Beidh feidhm ag na critéir shonracha a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Rialachán seo agus na paraiméadair a leagtar amach in Airteagal 4(5) den Rialachán seo chun críche critéir dhámhachtana a bhunú le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i Rialachán (AE) 2021/1153. Maidir le tionscadail leasa choitinn a thagann faoi Airteagal 24 den Rialachán seo, beidh feidhm ag na critéir maidir le comhtháthú an mhargaidh, slándáil an tsoláthair, iomaíocht agus inbhuanaitheacht.
CAIBIDIL VIII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 20
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 21
Tuairisciú agus meastóireacht
Faoin 30 Meitheamh 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur chun feidhme tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Soláthrófar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:
an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus, i gcás inarb ábhartha, moilleanna ar an gcur chun feidhme agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
na cistí arna n-úsáid agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, i gcomparáid le luach iomlán na dtionscadal arna gcistiú atá ar liosta an Aontais;
an dul chun cinn atá déanta i dtéarmaí comhtháthaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe trí phleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais;
maidir leis na hearnálacha leictreachais agus gáis in-athnuaite nó ísealcharbóin lena n-áirítear hidrigin, an éabhlóid ar leibhéal an idirnaisc idir na Ballstáit, an éabhlóid chomhfhreagrach ar na praghsanna fuinnimh, chomh maith le líon na n-uaireanta a chlis an córas gréasáin, na cúiseanna leis sin agus an costas gaolmhar eacnamaíoch;
an próiseas deonaithe ceadanna agus rannpháirtíocht phoiblí, go háirithe:
meántréimhse iomlán agus uastréimhse iomlán an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, lena n-áirítear fad tréimhse gach céime den nós imeachta réamhiarratais, i gcomparáid leis an uainiú a fhoráiltear leis na mór-gharspriocanna tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(6);
an leibhéal freasúra i gcoinne tionscadal ar liosta an Aontais, go háirithe líon na n-agóidí i scríbhinn le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí agus líon na ngníomhaíochtaí ina mbíonn caingean dlí;
na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí;
na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le maolú ar thionchair ar an gcomhshaol, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide, le linn próisis deonaithe ceadanna agus cur chun feidhme tionscadal;
éifeachtacht na scéimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) maidir le comhlíonadh na dteorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
láimhseáil rialála, go háirithe:
líon na dtionscadal leasa choitinn ar ina leith a tugadh cinneadh maidir le leithdháileadh trasteorann costas de bhun Airteagal 16;
líon agus cineál na dtionscadal leasa choitinn a fuair dreasachtaí sonracha de bhun Airteagal 17;
a éifeachtaí atá an Rialachán seo maidir le rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.
Airteagal 22
Athbhreithniú
Faoin 30 Meitheamh 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, ar bhonn thorthaí an tuairiscithe agus na meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Rialachán seo, agus ar bhonn an fhaireacháin, an tuairiscithe agus na meastóireachta a dhéantar de bhun Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/1153.
Airteagal 23
Faisnéis agus poiblíocht
Bunóidh an Coimisiún ardán trédhearcachta a bheidh inrochtana go héasca ar an idirlíon ag an bpobal i gcoitinne agus coinneoidh sé ar bun é. Déanfar an t-ardán a nuashonrú go tráthrialta le faisnéis ó na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus ón suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7). Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an ardán:
faisnéis ghinearálta nuashonraithe, lena n-áirítear faisnéis gheografach, le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais;
an plean cur chun feidhme mar a leagtar amach é in Airteagal 5(1) le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais, arna chur i láthair ar bhealach lena gceadófar measúnú a dhéanamh tráth ar bith ar an dul chun cinn maidir lena chur chun feidhme;
na príomhthairbhí a bhfuiltear ag dréim leo agus a mhéid a chuireann siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus costais na dtionscadal, ach amháin aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de;
liosta an Aontais;
na cistí arna leithdháileadh agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh na dtionscadal uile ar liosta an Aontais.
na naisc leis an lámhleabhar náisiúnta nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9;
na staidéir ar imchuacha farraige agus na pleananna atá ann cheana do gach conair tosaíochta eangaí amach ón gcósta, gan aon chearta maoine intleachtúla a shárú.
Airteagal 24
Maolú maidir le hidirnaisc don Chipir agus do Mhálta
I gcás na Cipire agus Mhálta, nach bhfuil idirnasctha leis an ngréasán gáis tras-Eorpach, beidh feidhm ag maolú ar Airteagal 3, Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 4(5), Airteagal 16(4), pointe (a), agus Iarscríbhinní I, II agus III, gan dochar d’Airteagal 32(2). Coinneofar an stádas tionscadail leasa choitinn atá ag idirnasc amháin le haghaidh gach ceann de na Ballstáit sin faoin Rialachán seo leis na cearta agus na hoibleagáidí ábhartha go léir, i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an idirnasc sin:
tá sé á fhorbairt nó á phleanáil an 23 Meitheamh 2022;
tugadh stádas tionscadail leasa choitinn dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013; agus
tá sé riachtanach chun idirnasc buan na mBallstát sin leis an ngréasán gáis tras-Eorpach a dhaingniú.
Leis na tionscadail sin, áiritheofar go mbeidh an cumas ann amach anseo margaí nua fuinnimh, lena n-áirítear hidrigin, a rochtain.
Fíoróidh an Coimisiún an measúnú agus an ríomh sin go tráthrialta, mar aon le cur chun feidhme tráthúil an tionscadail.
Airteagal 25
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
In Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
Airteagal 26
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/942
In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/942, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5, Airteagal 11(3), Airteagal 11(6) go (9), Airteagail 12, 13 agus 17 agus i Roinn 2, pointe (12), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) a chur i gcrích;
cinntí a dhéanamh maidir le hiarrataí ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 16(7) de Rialachán (AE) 2022/869;
Airteagal 27
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/943
In Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2019/943, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
Airteagal 28
Leasú ar Threoir 2009/73/CE
In Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ) a chur i gcrích.
Airteagal 29
Leasú ar Threoir (AE) 2019/944
In Airteagal 59(1) de Threoir (AE) 2019/944, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ) a chur i gcrích.
Airteagal 30
Forálacha idirthréimhseacha
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do dheonú, leanúint ná modhnú an chúnaimh airgeadais arna dheonú ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).
Ní bheidh feidhm ag Caibidil III maidir le tionscadail leasa choitinn atá curtha isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna agus a ndearna tionscnóir tionscadail comhad iarratais a thíolacadh ina leith roimh an 16 Samhain 2013.
Airteagal 31
Tréimhse idirthréimhseach
Airteagal 32
Aisghairm
Airteagal 33
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA MAIDIR LE BONNEAGAR FUINNIMH
(dá dtagraítear in Airteagal 1(1))
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na conairí agus réimsí tosaíochta seo a leanas maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh:
1. CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LEICTREACHAIS
(1) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (ITT leictreachas an Iarthair): idirnaisc idir Ballstáit an réigiúin agus limistéar na Meánmhara lena n-áirítear leithinis na hIbéire, go háirithe chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú, bonneagair eangaí inmheánaí a athneartú chun comhtháthú margaidh sa réigiún a chothú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na hÉireann, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil.
(2) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (ITT Leictreachas an Oirthir): idirnaisc agus línte inmheánacha i dtreonna Thuaidh-Theas agus Soir-Siar chun an margadh inmheánach a chur i gcrích, chun giniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na Cipire, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Chróit, an Ghréig, an Chipir, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
(3) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (Leictreachas PIMBF): idirnaisc idir na Ballstáit agus línte inmheánacha sa réigiún Baltach, chun comhtháthú an mhargaidh a chothú agus an sciar den fhuinneamh in-athnuaite atá ag dul i méid sa réigiún a chomhtháthú ag an am céanna.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.
2. CONAIRÍ TOSAÍOCHTA EANGAÍ AMACH ÓN gCÓSTA
(4) Eangacha amach ón gcósta sna Mara Thuaidh (EACMT): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann, sa Mhuir Cheilteach, i Muir nIocht, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír, agus an tSualainn;
(5) Eangacha amach ón gcósta de chuid an Phlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (PIMBF amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara i Muir Bhailt agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: An Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.
(6) Eangacha amach ón gcósta de chuid an Deiscirt agus an Iarthair (EDI amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, lena n-áirítear Murascaill Cadiz, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Málta agus an Phortaingéil.
(7) Eangacha amach ón gcósta de chuid an Deiscirt agus an Oirthir (EDO amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an Chróit, an Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Rómáin agus an tSlóivéin.
(8) Eangacha Atlantacha amach ón gcósta: forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, forbairt eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta agus na hidirnascairí gaolmhara san Aigéan Atlantach Thuaidh chun leictreachas a iompar ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála agus chun malartú leictreachais trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Phortaingéil.
3. CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LE hAGHAIDH HIDRIGINE AGUS LEICTREALÓIRÍ
(9) Idirnaisc hidrigine in Iarthar na hEorpa (HI an Iarthair): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil.
(10) Idirnaisc hidrigine i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (HI an Oirthir): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
(11) Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach sa hidrigin (Hidrigin PIMBF): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.
4. RÉIMSÍ TÉAMACHA TOSAÍOCHTA
(12) Úsáid eangach cliste leictreachais: teicneolaíochtaí eangaí cliste a ghlacadh ar fud an Aontais chun iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí uile atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a chomhtháthú go héifeachtúil, go háirithe giniúint méideanna móra leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó leithdháilte fuinnimh agus freagairt ar éileamh ó thomhaltóirí, stóráil fuinnimh, feithiclí leictreacha agus foinsí solúbthachta eile atá ar fáil agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.
(13) Gréasán dé-ocsaíde carbóin trasteorann: bonneagar a fhorbairt chun dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil idir na Ballstáit agus le tríú tíortha comharsanachta, ar bonneagar é lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a ghabháil agus a stóráil, arna gabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha ar mhaithe le buanstóráil gheolaíoch chomh maith le dé-ocsaíd charbóin a úsáid le haghaidh gáis bhreosla shintéisigh lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a neodrú go buan.
Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.
(14) Eangacha cliste gáis: teicneolaíochtaí eangaí cliste gáis a ghlacadh ar fud an Aontais chun iolrachas foinsí gáis ísealcharbóin agus foinsí gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú sa ghréasán gáis go héifeachtúil, tacú le glacadh réiteach nuálach agus digiteach maidir le bainistiú gréasáin agus comhtháthú na hearnála cliste fuinnimh agus freagairt don éileamh a éascú, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiciúla gaolmhara má tá sé fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú.
Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.
IARSCRÍBHINN II
CATAGÓIRÍ BONNEAGAIR FUINNIMH
Is iad seo a leanas na catagóirí bonneagair fuinnimh atá le forbairt chun na tosaíochtaí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme:
maidir leis an leictreachas:
línte tarchurtha lasnairde ardvoltais agus fíor-ardvoltais a thrasnaíonn teorainn nó laistigh de chríoch Ballstáit, lena n-áirítear an limistéar eacnamaíoch eisiach, más rud é gur dearadh iad le haghaidh voltais de 220 kV nó níos mó, agus cáblaí tarchurtha faoi thalamh agus fomhuirí, más rud é gur dearadh iad le haghaidh voltais de 150 kV nó níos mó. I gcás Ballstáit agus córais bheaga scoite a bhfuil córas tarchurtha foriomlán de voltas níos ísle acu, is ionann na tairseacha voltais sin agus an leibhéal voltais is airde ina gcórais leictreachais faoi seach;
aon trealamh nó aon suiteáil a thagann faoi chuimsiú na catagóire bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) lena gcumasaítear tarchur leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta ó láithreáin ghiniúna amach ón gcósta (bonneagar fuinnimh le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta);
saoráidí stórála fuinnimh, i bhfoirm aonair nó i bhfoirm chomhbhailithe, a úsáidtear chun fuinneamh a stóráil ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach i mbonneagar os cionn talún nó faoi thalamh nó ar láithreáin gheolaíocha, ar choinníoll go bhfuil siad ceangailte go díreach de línte tarchurtha ardvoltais agus línte dáileacháin a ceapadh le haghaidh voltais de 110 kV nó níos mó. I gcás Ballstáit agus córais bheaga scoite a bhfuil córas tarchurtha foriomlán de voltas níos ísle acu, is ionann na tairseacha voltais sin agus an leibhéal voltais is airde ina gcórais leictreachais faoi seach;
aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte slán éifeachtúil na gcóras dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe ar gach leibhéal voltais agus ag gach fostáisiún;
eangacha cliste leictreachais: aon trealamh nó suiteáil, córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), trí ardáin dhigiteacha oibríochtúla, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite ar an leibhéal tarchurtha agus ar leibhéal dáileacháin meánvoltais agus ardvoltais araon, arb é is aidhm dóibh gréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais níos éifeachtúla agus níos cliste a áirithiú, acmhainneacht mhéadaithe chun cineálacha nua giniúna, stórála fuinnimh agus ídithe a chomhtháthú agus trí shamhlacha nua gnó agus struchtúir mhargaidh a éascú, lena n-áirítear infheistíochtaí in oileáin agus i gcórais oileánda chun leithlisiú fuinnimh a laghdú, chun tacú le réitigh nuálacha agus eile ina bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad a bhfuil tionchar suntasach dearfach acu ar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus chóras fuinnimh an Aontais;
aon trealamh nó suiteáil a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) atá défheidhmiúil: idirnascadh agus córas nasctha eangaí amach ón gcósta ó láithreáin ghiniúna in-athnuaite amach ón gcósta chuig dhá Bhallstát nó níos mó agus tríú tíortha atá rannpháirteach i dtionscadail ar liosta an Aontais, lena n-áirítear an trealamh sin a shíneadh ar tír chomh fada leis an gcéad fhostáisiún sa chóras tarchurtha ar tír, chomh maith le haon trealamh nó suiteáil cóngarach amach ón gcósta atá riachtanach chun oibriú go sábháilte, go slán agus go héifeachtúil, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe, agus fostáisiúin riachtanacha má áirithíonn siad freisin idir-inoibritheacht na teicneolaíochta, inter alia, comhoiriúnacht na gcomhéadan idir teicneolaíochtaí éagsúla (eangacha amach ón gcósta d’fhuinneamh in-athnuaite);
maidir le heangacha cliste gáis: aon ní ón trealamh nó ón tsuiteáil seo a leanas arb é is aidhm dóibh comhtháthú iolrachais gás ísealcharbóin agus gás atá in-athnuaite go háirithe, lena n-áirítear bithmheatán nó hidrigin, sa ghréasán gáis a chumasú agus a éascú: córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear TFC, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite chun gur féidir faireachán, méadrú, rialú cáilíochta agus bainistiú idirghníomhach agus cliste a dhéanamh ar tháirgeadh, tarchur, dáileadh, stóráil agus ídiú gáis laistigh de ghréasán gáis. Ina theannta sin, féadfar a áireamh ar na tionscadail sin trealamh chun sreabha cúltreo a chumasú ón leibhéal dáilte go dtí an leibhéal tarchurtha, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiciúla gaolmhara má tá siad fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú;
maidir leis an hidrigin:
píblínte chun hidrigin a iompar, go príomha faoi ardbhrú, lena n-áirítear bonneagar gáis nádúrtha ar athraíodh a chuspóir, lena dtugtar rochtain d’ilúsáideoirí gréasáin ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;
saoráidí stórála atá nasctha leis na píblínte hidrigine ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (a);
saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh hidrigin leachtaithe nó hidrigin atá leabaithe i substaintí ceimiceacha eile agus é de chuspóir an hidrigin a instealladh, i gcás inarb infheidhme, isteach san eangach;
aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais hidrigine nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;
aon trealamh nó suiteáil lena gceadaítear úsáid breoslaí hidrigine nó breoslaí arna ndíorthú ó hidrigin in earnáil an iompair laistigh de chroíghréasán TEN-T arna sainaithint i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).
Féadfaidh aon cheann de na sócmhainní a liostaítear i bpointí (a), go (d) a bheith ina sócmhainn nuathógtha nó ina sócmhainn gáis nádúrtha ar athraíodh a cuspóir chun sócmhainn hidrigine a dhéanamh di, nó a bheith ina teaglaim den dá rud;
maidir le saoráidí leictrealóra:
leictrealóirí:
a bhfuil acmhainneacht 50 MW ar a laghad acu, arna soláthair ag leictrealóir amháin nó ag sraith leictrealóirí atá ina dtionscadal comhordaithe aonair;
a gcomhlíonann an táirgeadh an ceanglas maidir le laghdú 70 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré i gcoibhneas le táirge comparáide breoslaí iontaise de 94g CO2eq/MJ mar a leagtar amach in Airteagal 25(2) agus in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. Déantar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, de rogha air sin, trí úsáid a bhaint as ISO 14067 nó ISO 14064-1. Ní mór astaíochtaí indíreacha a áireamh in astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré. Déanfar laghduithe cainníochtaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tsaolré a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 i gcás inarb infheidhme, nó ag tríú páirtí neamhspleách; agus
a bhfuil feidhm acu a bhaineann leis an ngréasán, go háirithe d’fhonn solúbthacht fhoriomlán an chórais agus éifeachtúlacht fhoriomlán córais na líonraí leictreachais agus hidrigine a bhaint amach;
trealamh gaolmhar, lena n-áirítear nasc píblíne leis an ngréasán;
maidir le dé-ocsaíd charbóin:
píblínte tiomnaithe, seachas gréasán píblínte réamhtheachtach, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a iompar ó níos mó ná foinse amháin, ar mhaithe le stóráil bhuan gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin de bhun Threoir 2009/31/CE;
saoráidí seasta do leachtú, stóráil mhaolánach agus tiontairí dé-ocsaíde carbóin d’fhonn í a iompar ina dhiaidh sin trí phíblínte agus i modhanna tiomnaithe iompair amhail long, báirse, trucail agus traein;
gan dochar d’aon toirmeasc ar stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin i mBallstát, saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann le bonneagar laistigh d’fhoirmiú geolaíoch a úsáidtear, i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE, le haghaidh buanstóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin, i gcás nach mbaineann siad le dé-ocsaíd charbóin a úsáid le haghaidh gnóthú hidreacarbón faoi spreagadh agus a bhfuil gá leo chun iompar agus stóráil trasteorann dé-ocsaíde carbóin a cheadú;
aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú cuí, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe.
IARSCRÍBHINN III
LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA TIONSCADAL
1. RIALACHA DO GHRÚPAÍ
(1) Maidir le bonneagar fuinnimh a thagann faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ó na Ballstáit, ó na húdaráis rialála náisiúnta, ó na OCTanna, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht, ó eintiteas AE do OCDanna agus ón ENTSO eile le haghaidh Leictreachais nó ón ENTSO don Ghás.
Maidir le catagóirí eile bonneagair fuinnimh, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, tionscnóirí tionscadail a bhaineann le gach ceann de na tosaíochtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
(2) Ag brath ar líon na dtionscadal iarrthach ar liosta an Aontais, ar bhearnaí sa bhonneagar réigiúnach agus ar fhorbairtí, féadfaidh na Grúpaí agus comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí foirmíochtaí éagsúla a roinnt, a chumasc nó teacht le chéile iontu, de réir mar is gá, chun plé a dhéanamh ar ábhair is coiteann do na Grúpaí uile nó a bhaineann le réigiúin ar leith, agus leo amháin. Féadfar a áireamh leis na nithe sin saincheisteanna atá ábhartha do chomhsheasmhacht thrasréigiúnach nó an líon tionscadal beartaithe ar na dréachtliostaí réigiúnacha atá i mbaol éirí doláimhsithe.
(3) Eagróidh gach Grúpa a chuid oibre i gcomhréir le hiarrachtaí comhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, agus struchtúir chomhair réigiúnaigh eile atá ann cheana.
(4) Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí chun na conairí agus réimsí tosaíochta ábhartha maidir le bonnegar fuinnimh a ainmnítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme, do thionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh roghnúcháin mar thionscadal leasa choitinn, mar aon le hionadaithe riarachán náisiúnta, údarás rialála, na sochaí sibhialta, agus OCTanna ó thríú tíortha. Is trí chomhthoil a dhéanfar an cinneadh cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha.
(5) I gcás na gconairí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí, d’ionadaithe ó na Ballstáit thalamhiata, ó na húdaráis inniúla, ó na húdaráis rialála náisiúnta agus ó OCTanna.
(6) Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí, do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe ó thríú tíortha, agus, i gcás ina meastar gurb iomchuí, go díreach do na geallsealbhóirí, lena n-áirítear táirgeoirí, OCDanna, soláthraithe, tomhaltóirí, pobail áitiúla agus eagraíochtaí cosanta comhshaoil atá bunaithe san Aontas chun a saineolas sonrach a chur in iúl. Eagróidh gach Grúpa éisteachtaí nó comhairliúcháin i gcás inarb ábhartha ar mhaithe lena chúraimí a chur i gcrích.
(7) Maidir le cruinnithe na nGrúpaí, déanfaidh an Coimisiún na rialacha inmheánacha, liosta nuashonraithe de bhalleagraíochtaí, faisnéis a nuashonraítear go tráthrialta maidir le dul chun cinn na hoibre, cláir oibre na gcruinnithe, chomh maith le miontuairiscí cruinnithe, i gcás ina mbeidh fáil orthu, a fhoilsiú ar ardán atá inrochtana do gheallsealbhóirí. Beidh plé chomhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí agus rangú na dtionscadal faoi rún, i gcomhréir le hAirteagal 4(5). Is trí chomhthoil idir na Ballstáit agus an Coimisiún a dhéanfar na cinntí uile a bhaineann le feidhmiú agus le hobair na ngrúpaí réigiúnacha.
(8) Féachfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí le comhsheasmhacht a bhaint amach idir na Grúpaí. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, nuair is ábhartha, malartú faisnéise faoin obair go léir lena ndéantar ionadaíocht ar leas idir-réigiúnach idir na Grúpaí lena mbaineann.
(9) Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta sna Grúpaí dochar do chomhlíonadh a gcuspóirí agus a ndualgas faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/942, Airteagail 40 agus 41 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagail 58, 59 agus 60 de Threoir (AE) 2019/944.
2. PRÓISEAS CHUN LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA A BHUNÚ
(1) Maidir le tionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe lena roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais ar mian leo an stádas sin a fháil, cuirfidh siad iarratas ar roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais faoi bhráid an Ghrúpa lena n-áirítear:
measúnú ar a dtionscadail maidir leis an dóigh a gcuireann siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
léiriú na catagóire tionscadail ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
anailís ar chomhlíonadh na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4;
maidir le tionscadail a bhfuil céim leordhóthanach aibíochta bainte amach acu, anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach atá comhsheasmhach leis na modheolaíochtaí arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 11; tion
i gcás tionscadail comhleasa, na litreacha tacaíochta ó rialtais na dtíortha a ndéantar difear díreach dóibh, lena gcuirtear in iúl a dtacaíocht don tionscadal nó do chomhaontuithe neamhcheangailteacha eile;
aon fhaisnéis ábhartha eile le haghaidh mheastóireacht an tionscadail.
(2) Áiritheoidh gach faighteoir go gcoinneofar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.
(3) Beidh na tionscadail tarchurtha agus stórála leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) a ghabhann le hIarscríbhinn II den Rialachán seo ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil do leictreachas, arna fhorbairt ag an ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943. Na tionscadail tarchurtha leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(b) agus (f) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, eascróidh siad as an bhforbairt chomhtháite gréasáin amach ón gcósta agus as na hathneartuithe ar an eangach dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo agus beidh siad comhsheasmhach leo.
(4) Ón 1 Eanáir 2024, beidh na tionscadail bheartaithe hidrigine leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Chomhphobail is déanaí atá ar fáil do ghás, arna fhorbairt ag an ENTSO don Ghás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
(5) Faoin 30 Meitheamh 2022, agus ina dhiaidh sin, i gcás gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, eiseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás treoirlínte nuashonraithe maidir le tionscadail a áireamh ina bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais féin dá dtagraítear i bpointí (3) agus (4) chun cóir chomhionann agus trédhearcacht an phróisis a áirithiú. I gcás na dtionscadal uile ar liosta an Aontais i bhfeidhm ag an am, bunóidh na treoirlínte próiseas simplithe chun iad a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, agus na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana le linn phróisis an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais roimhe sin á gcur san áireamh, ar choinníoll go mbeidh na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana fós bailí.
Rachaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht faoina ndréacht-treoirlínte féin maidir le tionscadail a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais agus tabharfaidh siad aird chuí ar na moltaí ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht sula bhfoilseofar na treoirlínte deiridh.
(6) Maidir le tionscadail bheartaithe iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, cuirfear i láthair iad mar chuid de phlean, arna fhorbairt ag dhá Bhallstát ar a laghad, d’fhonn bonneagar trasteorann iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a fhorbairt, a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann nó na heintitis arna n-ainmniú ag na Ballstáit sin faoi bhráid an Choimisiúin.
(7) Cuirfidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás faisnéis ar fáil do na Grúpaí faoin gcaoi ar chuir siad na treoirlínte i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar a gcuimsiú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.
(8) I gcás na dtionscadal a thagann faoina n-inniúlacht déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, agus más gá sin an Ghníomhaireacht, i gcás inar féidir i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, seiceáil ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus ar mhodheolaíocht na hanailíse costais is tairbhe agus meastóireacht ar a n-ábharthacht trasteorann. Déanfaidh siad a measúnú a thíolacadh don Ghrúpa. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na critéir agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn IV i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe chun comhsheasmhacht a áirithiú sna grúpaí réigiúnacha.
(9) I gcás na dtionscadal uile nach gcumhdaítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an fhéidearthacht a bhaineann lena leathnú amach anseo chun Ballstáit bhreise a chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a thíolacadh don Ghrúpa. I gcás na dtionscadal a chuireann isteach ar stádas tionscadail comhleasa, tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó thríú tíortha agus d’údaráis rialála chuig cur i láthair an mheasúnaithe.
(10) Maidir le gach Ballstát nach mbaineann tionscadal atá beartaithe lena chríoch, ach a bhféadfadh an tionscadal atá beartaithe glantionchar dearfach ionchasach nó éifeacht shuntasach ionchasach a bheith air, amhail maidir leis an gcomhshaol nó maidir le hoibríocht an bhonneagair fuinnimh ina chríoch, féadfaidh sé tuairim lena sonraítear a chúiseanna imní a thíolacadh don Ghrúpa.
(11) Scrúdóidh an Grúpa, arna iarraidh sin do Bhallstát den Ghrúpa, na cúiseanna réasúnaithe arna gcur i láthair ag Ballstát de bhun Airteagal 3(3) gan tionscadal a bhfuil baint aige lena chríoch a fhormheas.
(12) Breithneoidh an Grúpa an ndéanfar bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis na riachtanais réigiúnacha bonneagair a bhunú agus a mhéid a bhaineann le gach ceann de na tionscadail iarrthacha. Breithneoidh an Grúpa, go háirithe, réitigh amhail bainistiú ar éileamh, réitigh socraithe margaidh, réitigh dhigiteacha a chur chun feidhme, agus athchóiriú foirgneamh mar réitigh tosaíochta i gcás ina meastar iad a bheith níos costéifeachtaí ó thaobh uile-chórais de ná bonneagar nua soláthair a thógáil.
(13) Tiocfaidh an Grúpa le chéile chun na tionscadail atá beartaithe a scrúdú agus a rangú bunaithe ar mheasúnú trédhearcach na dtionscadal, agus trí úsáid a bhaint as na critéir a leagtar amach in Airteagal 4, agus measúnú na rialálaithe, nó measúnú an Choimisiúin ar thionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta á gcur san áireamh.
(14) Déanfar dréachtliostaí réigiúnacha na dtionscadal atá beartaithe agus a thagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta arna dtarraingt suas ag na Grúpaí, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (10) den Roinn seo, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta 6 mhí roimh dháta glactha liosta an Aontais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na dréachtliostaí réigiúnacha agus na tuairimí a ghabhann leo a mheasúnú laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighfear iad. Soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim maidir leis na dréachtliostaí réigiúnacha, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus anailís costais is tairbhe thar réigiúin. Déanfar an tuairim ón nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2019/942.
(15) Laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an tuairim ón nGníomhaireacht, déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa a liosta réigiúnach críochnaitheach de thionscadail bheartaithe, lena n-urramaítear na forálacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), ar bhonn an togra ón nGrúpa agus an tuairim ón nGníomhaireacht agus measúnú na n-údarás rialála náisiúnta arna thíolacadh i gcomhréir le pointe (8), nó measúnú an Choimisiúin le haghaidh tionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta a beartaíodh i gcomhréir le pointe (9), á gcur san áireamh, agus ar an gcomhairle ón gCoimisiún arb é is aidhm di líon iomlán inláimhsithe tionscadal a áirithiú ar liosta an Aontais, go háirithe ag teorainneacha a bhfuil baint acu le tionscadail iomaíocha nó le tionscadail iomaíocha ionchasacha. Cuirfidh comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí na liostaí réigiúnacha críochnaitheacha faoi bhráid an Choimisiúin, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (10).
(16) Más rud é, ar bhonn na ndréachtliostaí réigiúnacha, agus tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht a chur san áireamh, go dtéann líon iomlán na dtionscadal atá beartaithe ar liosta an Aontais thar líon inláimhsithe, tabharfaidh an Coimisiún comhairle do gach Grúpa lena mbaineann, gan tionscadail ar thug an Grúpa lena mbaineann an rangú is ísle dóibh a áireamh ar an liosta réigiúnach, i gcomhréir leis an rangú a bunaíodh de bhun Airteagal 4(5).
IARSCRÍBHINN IV
RIALACHA AGUS TÁSCAIRÍ A BHAINEANN LE CRITÉIR DO THIONSCADAIL
(1) Is é a bheidh i dtionscadal leasa choitinn a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige tionscadal ar chríoch Bhallstáit agus comhlíonfar leis na coinníollacha seo a leanas:
maidir le tarchur leictreachais, méadaítear leis an tionscadal acmhainneacht aistrithe na n-eangach, nó an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh sreabha tráchtála, ag teorainn an Bhallstáit sin le Ballstát eile nó le roinnt Ballstát eile, a mbeadh de thoradh air go mbeadh méadú 500 Meigeavata (MW) ar a laghad ar acmhainneacht aistrithe na n-eangach trasteorann ag teorainn an Bhallstáit sin le Ballstát eile nó le roinnt Ballstát eile i gcomparáid leis an acmhainneacht aistrithe a bheadh ann mura ndéanfaí an tionscadal a choimisiúnú, nó laghdaítear leis an tionscadal leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit agus méadaítear leis an acmhainneacht aistrithe eangaí trasteorann idir dhá Bhallstát faoi ar a laghad 200 MW;
maidir le stóráil leictreachais, cuirtear ar a laghad acmhainneacht suiteáilte de 225 MW ar fáil leis an tionscadal agus tá acmhainneacht stórála aige lena gceadaítear giniúint bhliantúil ghlan leictreachais de 250 GW in aghaidh na huaire/na bliana;
maidir le heangacha cliste leictreachais, tá an tionscadal ceaptha do threalamh agus do shuiteálacha ar leibhéal ardvoltais agus meánvoltais, agus tá OCTanna, OCTanna agus OCDanna, nó OCDanna ó dhá Bhallstát ar a laghad i gceist leis. Ní fhéadfaidh ach OCDanna a bheith bainteach leis an tionscadal ar choinníoll gur as dhá Bhallstát ar a laghad iad agus ar choinníoll go n-áiritheofar an idir-inoibritheacht. Comhlíonfaidh an tionscadal dhá cheann ar a laghad de na critéir seo a leanas: beidh 50 000 úsáideoir, gineadóir, tomhaltóir nó táirgeoir is tomhaltóir leictreachais bainteach leis, gabhtar limistéar ídithe de 300 uair an chloig GW in aghaidh na huaire/bliana ar a laghad leis, tagann 20 % ar a laghad den ídiú leictreachais atá nasctha leis an tionscadal ó acmhainní in-athnuaite athraitheacha, nó laghdaíonn sé leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Ní gá comhtheorainn fhisiciúil a bheith ag an tionscadal; I gcás na dtionscadal a bhaineann le córais bheaga scoite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (42), de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear oileáin, beidh na leibhéil voltais sin cothrom leis an leibhéal voltais is airde sa chóras leictreachais ábhartha;
maidir le tarchur hidrigine, déantar leis an tionscadal, tarchur hidrigine thar theorainneacha na mBallstát lena mbaineann a chumasú, nó acmhainneacht iompair hidrigine trasteorann atá ann cheana ag teorainn idir dhá Bhallstát a mhéadú faoi 10 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh choimisiúnú an tionscadail, agus déantar leis an tionscadal a léiriú go leordhóthanach gur cuid riachtanach de ghréasán hidrigine trasteorann pleanáilte é agus cruthúnas leordhóthanach a chur ar fáil maidir leis na pleananna atá ann cheana agus leis an gcomhar le tíortha comharsanachta agus le hoibreoirí gréasáin, nó, i gcás na dtionscadal a laghdaíonn leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i mBallstát amháin nó níos mó, go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscadal freastal ar dhá Bhallstát ar a laghad, go díreach nó go hindíreach;
i gcás saoráidí stórála hidrigine nó saoráidí glactha hidrigine dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, is é is aidhm don tionscadal freastal ar dhá Bhallstát ar a laghad go díreach nó go hindíreach;
i gcás leictrealóirí, soláthraíonn an tionscadal ar a laghad 50 MW d’acmhainneacht suiteáilte arna soláthar ag leictrealóir amháin nó ag sraith leictreoirí a dhéanann suas tionscadal aonair comhordaithe agus a bhfuil tairbhí ag baint leis, go díreach nó go hindíreach, do dhá Bhallstát ar a laghad, agus, go sonrach, maidir le tionscadail ar oileáin agus ar chórais oileánda, tacaíonn sé le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo agus a bhfuil tionchar dearfach suntasach acu ar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidíonn sé go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin nó le córas fuinnimh an Aontais;
maidir le heangacha cliste gáis, baineann an tionscadal le OCTanna, OCTanna agus OCD, nó OCDanna ó dhá Bhallstát ar a laghad. Féadfaidh OCDanna a bheith rannpháirteach, ach le tacaíocht ó na OCTanna ó dhá Bhallstát ar a laghad a bhfuil dlúthbhaint acu leis an tionscadal agus lena n-áirithítear idir-inoibritheacht;
i gcás tarchur leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta, tá an tionscadal deartha chun leictreachas a aistriú ó shuíomhanna giniúna amach ón gcósta ag a bhfuil acmhainneacht 500 MW ar a laghad agus lenar féidir leictreachas a tharchur chuig eangach ar tír de chuid Ballstáit ar leith, rud a mhéadóidh méid an leictreachais in-athnuaite atá ar fáil ar an margadh inmheánach. Forbrófar an tionscadal sna limistéir sin a bhfuil tionchar íseal acu ar leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta agus léireoidh sé go bhfuil tionchar dearfach suntasach aige ar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus rannchuideoidh sé go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh agus le comhtháthú an mhargaidh gan bac a chur ar acmhainneachtaí trasteorann ná sreabha trasteorann ag an am céanna;
i gcás tionscadail dé-ocsaíde carbóin, úsáidtear an tionscadal chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a thagann ó dhá Bhallstát ar a laghad a iompar agus, i gcás inarb infheidhme, a stóráil;
(2) Is é a bheidh i dtionscadal comhleasa a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige tionscadal agus comhlíonfar leis na coinníollacha seo a leanas:
i gcás tionscadail comhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (1)(a) agus (f) d’Iarscríbhinn II, méadaíonn an tionscadal acmhainneacht aistrithe na heangaí, nó an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh sreabha tráchtála, ag teorainn an Bhallstáit sin le tríú tír amháin nó níos mó ná sin agus tugann sé tairbhí suntasacha, bíodh sin go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), faoi réir critéir shonracha a leagtar síos in Airteagal 4(3), ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Leictreachas ríomh na dtairbhí do na Ballstáit faoi chuimsiú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;
i gcás tionscadail comhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, éascaíonn an tionscadal hidrigin a tharchur thar theorainn Ballstáit le tríú tír amháin nó níos mó agus éiríonn leis tairbhí suntasacha a thabhairt, bíodh sin go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), faoi réir critéir shonracha a leagtar síos in Airteagal 4(3), ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Ghás ríomh na dtairbhí do na Ballstáit faoi chuimsiú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;
le haghaidh tionscadail chomhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, féadfaidh ar a laghad dhá Bhallstát agus tríú tír amháin an tionscadal a úsáid chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a iompar agus a stóráil.
(3) Maidir le tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
tarchur giniúna fuinnimh in-athnuaite chuig mórionaid ídithe agus chuig láithreáin stórála arna thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
maidir le tarchur leictreachais, méid na hacmhainneachta giniúna ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mheas (de réir teicneolaíochta, i MW), atá nasctha agus tarchurtha i ngeall ar an tionscadal, i gcomparáid leis an acmhainneacht iomlán phleanáilte giniúna ó na cineálacha sin foinsí in-athnuaite fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann in 2030 de réir na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna dtíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999;
nó stóráil fuinnimh, agus comparáid á déanamh idir an acmhainneacht nua a ndéanann an tionscadal foráil ina leith agus an acmhainneacht iomlán atá ann faoi láthair don teicneolaíocht stórála chéanna i réimse na hanailíse mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V;
comhtháthú margaidh, iomaíochas agus solúbthacht an chórais, arna dtomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
i gcás tionscadail trasteorann, lena n-áiritear tionscadail athinfheistíochta, an tionchar ar acmhainneacht aistrithe na n-eangacha sa dá threo den sreabhadh cumhachta a ríomh, arna dtomhas i dtéarmaí mhéid na cumhachta (i MW), agus an rannchuidiú leis an sprioc íosta de 15 % i dtaca le hidirnascadh a bhaint amach, agus i gcás na dtionscadal a bhfuil tionchar suntasach trasteorann acu, an tionchar ar acmhainneacht aistrithe na n-eangacha a ríomh ag teorainneacha idir na Ballstáit ábhartha, idir na Ballstáit ábhartha agus tríú tíortha nó laistigh de Bhallstáit ábhartha agus an tionchar ar chothromú éilimh-soláthair agus ar oibríochtaí gréasáin a ríomh sna Ballstáit ábhartha;
measúnú a dhéanamh ar an tionchar, don limistéar anailíse mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn V, maidir le giniúint uile-chórais fuinnimh agus costais tarchurtha agus éabhlóid agus cóineasú na margadhphraghsanna a ndéanann an tionscadal foráil ina leith faoi chásanna pleanála éagsúla, ag cur na n-athruithe a spreagtar ar an ord fiúntais san áireamh go háirithe;
slándáil an tsoláthair, idir-inoibritheacht agus oibriú córais atá slán, arna dtomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar chaillteanas an ionchais ualaigh don réimse anailíse mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V maidir le leordhóthanacht giniúna agus tarchurtha i sraith tréimhsí ualaigh saintréitheacha, ag cur san áireamh aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo i dteagmhais aimsire crua a bhaineann leis an aeráid agus an tionchar a bheadh acu sin ar athléimneacht an bhonneagair. I gcás inarb infheidhme, déanfar tionchar an tionscadail ar rialú neamhspleách agus iontaofa oibriú an chórais agus na seirbhísí a thomhas.
(4) Maidir le tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
leibhéal na hinbhuanaitheachta, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid agus a bheidh na heangacha ábalta fuinneamh in-athnuaite athraitheach a nascadh agus a iompar;
slándáil an tsoláthair, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal na gcaillteanas i ngréasáin dáileacháin, i ngréasáin tarchurtha, nó iontu araon, úsáid chéatadánach (i.e. an mheánlódáil) comhpháirteanna an ghréasáin leictreachais, infhaighteacht chomhpháirteanna an ghréasáin (a bhaineann le cothabháil phleanáilte agus neamhphleanáilte) agus a thionchar ar fheidhmíochtaí gréasán, agus ar fhad agus minicíocht bristeacha, lena n-áirítear suaitheadh a bhaineann leis an aeráid;
comhtháthú margaidh, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar ghlacadh nuálach i dtaca le hoibriú an chórais, laghdú ar leithlisiú fuinnimh agus idirnascadh, chomh maith lena oiread a dhéantar earnálacha eile a chomhtháthú agus samhlacha nua gnó agus struchtúir mhargaidh nua a éascú;
slándáil gréasáin, solúbthacht agus cáilíocht an tsoláthair, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcur chuige nuálach maidir le solúbthacht an chórais, cibearshlándáil, inoibritheacht éifeachtúil idir leibhéal OCTanna agus OCDanna, an acmhainneacht chun freagairt don éileamh a chur san áireamh, stóráil, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, úsáid chostéifeachtúil uirlisí digiteacha agus TFC chun críoch faireacháin agus rialaithe, cobhsaíocht an chórais leictreachais agus feidhmíocht cháilíochta voltais.
(5) Maidir le hidrigin a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
inbhuanaitheacht, arna tomhas mar rannchuidiú tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfeidhmeanna úsáide deiridh éagsúla in earnálacha ar deacair iad a mhaolú, amhail tionscal nó iompar; solúbthacht agus roghanna stórála séasúracha le haghaidh giniúint leictreachais in-athnuaite; nó hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhtháthú d’fhonn riachtanais an mhargaidh a chur san áireamh agus hidrigin in-athnuaite a chur chun cinn;
comhtháthú margaidh agus idir-inoibritheacht, arna dtomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le comhtháthú na limistéar margaidh agus cóineasú praghsanna, le solúbthacht fhoriomlán an chórais;
slándáil an tsoláthair agus an tsolúbthacht arna tomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le hathléimneacht, éagsúlacht agus solúbthacht an tsoláthair hidrigine;
iomaíochas arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leis an éagsúlú a sholáthar, lena n-áirítear rochtain ar fhoinsí dúchasacha soláthair hidrigine a éascú.
(6) Maidir le tionscadail eangacha cliste gáis a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
leibhéal na hinbhuanaitheachta arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an sciar de gháis in-athnuaite agus ísealcharbóin arna gcomhtháthú sa ghréasán gáis, an laghdú gaolmhar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtreo dhícharbónú iomlán an chórais agus brath leordhóthanach sceite;
cáilíocht agus slándáil an tsoláthair arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcóimheas idir an soláthar gáis atá ar fáil go hiontaofa agus buaicéileamh, ar an sciar d’allmhairithe a gcuirtear gáis ísealcharbóin agus in-athnuaite áitiúla ina n-ionad, ar chobhsaíocht an oibrithe córais, ar fhad agus ar mhinicíocht bristeacha in aghaidh an chustaiméara;
seirbhísí solúbthachta amhail freagairt don éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas costais arna gcumasú in earnálacha agus córais fuinnimh, amhail an córas teasa agus cumhachta, iompar agus tionscal.
(7) Maidir le tionscadail leictrealóra a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
inbhuanaitheacht. arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an sciar de hidrigin in-athnuaite nó de hidrigin ísealcharbóin, go háirithe ó fhoinsí in-athnuaite a chomhlíonann na critéir a shainítear i bpointe (4)(a)(ii) d’Iarscríbhinn II, nó meastachán dá mhéid a imscaradh na breoslaí sintéiseacha ó na foinsí sin, agus an laghdú gaolmhar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
slándáil an tsoláthair arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn sé le sábháilteacht, cobhsaíocht agus éifeachtúlacht oibriú an ghréasáin, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar chiorrú giniúna leictreachais in-athnuaite a seachnaíodh;
seirbhísí solúbthachta amhail freagairt don éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas costais arna gcumasú in earnálacha agus córais fuinnimh, amhail na gréasáin gháis, hidrigine, chumhachta agus teasa, agus earnálacha an iompair agus na tionsclaíochta.
(8) Maidir le bonneagar dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
inbhuanaitheacht, arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar shaolré iomlán tionscadail a bhfuiltear ag súil leo agus ar an easpa réiteach teicneolaíoch malartach amhail éifeachtúlacht fuinnimh, leictriú lena gcomhtháthaítear foinsí in-athnuaite, ach gan a bheith teoranta do na nithe sin, chun an leibhéal céanna laghduithe ar ghás ceaptha teasa a bhaint amach agus atá le bailiú i suiteálacha tionsclaíocha nasctha ar chostas inchomparáide laistigh d’amlíne inchomparáide, lena gcuirfear san áireamh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón bhfuinneamh is gá chun an dé-ocsaíd charbóin a ghabháil, a iompar agus a stóráil, de réir mar is infheidhme, agus an bonneagar á mheas, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, úsáidí féideartha eile sa todhchaí;
athléimneacht agus slándáil, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar shlándáil an bhonneagair;
an t-ualach agus an riosca comhshaoil a mhaolú trí dhé-ocsaíd charbóin a neodrú go buan.
IARSCRÍBHINN V
ANAILÍS CHOSTAIS IS TAIRBHE AR AN gCÓRAS FUINNIMH UILE
Na modheolaíochtaí i dtaca leis na hanailísí costais is tairbhe a d’fhorbair an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás, ba cheart iad a bheith comhsheasmhach, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh. Beidh na modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe agus thrédhearcach costais is tairbhe ar fud an chórais fuinnimh le haghaidh na dtionscadal ar liosta an Aontais aonfhoirmeach i gcás gach catagóire bonneagair, mura mbeidh údar maith le himeacht uaidh sin. Tabharfaidh siad aghaidh ar chostais sa chiall is leithne, lena n-áirítear seachtrachtaí, i bhfianaise spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóra aeráidneodracht do 2050 agus cloífidh siad leis na prionsabail seo a leanas:
sa limistéar sin ina ndéanfar anailís ar thionscadal ar leith, cuimseofar gach Ballstát agus tríú tír a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch, gach Ballstát comharsanachta atá go díreach in aice láimhe agus gach Ballstát eile a bhfuil tionchar suntasach ag an tionscadal orthu. Chun na críche sin, oibreoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhar leis na hoibreoirí córais ábhartha go léir sna tríú tíortha ábhartha. I gcás na dtionscadal a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, oibreoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhar leis an tionscnóir tionscadail, lena n-áirítear i gcás nach oibreoir córais é;
áireofar i ngach anailís costais is tairbhe anailísí íogaireachta maidir leis an tacar sonraí ionchuir, lena n-áirítear costas giniúna agus gás ceaptha teasa chomh maith le forbairt ionchasach an éilimh agus an tsoláthair, lena n-áirítear maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus lena n-áirítear solúbthacht an dá rud, agus infhaighteacht stórála, dáta coimisiúnaithe tionscadal éagsúil sa réimse céanna anailíse, tionchair ar an aeráid agus paraiméadair ábhartha eile;
bunófar leo an anailís atá le déanamh, bunaithe ar an tacar sonraí ionchuir ilearnála ábhartha, tríd an tionchar a chinneadh le gach tionscadal agus dá n-uireasa, agus áireoidh siad idirspleáchais ábhartha le tionscadail eile;
tabharfaidh siad treoir maidir le forbairt a dhéanamh ar an samhaltú gréasáin fuinnimh agus margaidh is gá le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe agus maidir le húsáid an tsamhaltaithe sin. Leis an samhaltú, féadfar measúnú iomlán a dhéanamh ar thairbhí eacnamaíocha, lena n-áirítear comhtháthú margaidh, slándáil an tsoláthair agus iomaíocht, agus deireadh a chur leis an leithlisiú fuinnimh, tionchair shóisialta agus chomhshaoil agus aeráide, lena n-áirítear na tionchair thrasearnálacha. Beidh an mhodheolaíocht go hiomlán trédhearcach agus áireofar inti mionsonraí maidir le cad chuige a ríomhtar gach ceann de na tairbhí agus na costais, cad a ríomhtar agus cén chaoi;
cuimseofar iontu agus míneoidh siad an chaoi a gcuirtear bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme le linn gach céim de na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;
míneofar iontu nach gcuirfidh an tionscadal isteach ar fhorbairt ná ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite;
áiritheofar leo go sainaithneofar na Ballstáit a bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal orthu, na tairbhithe, na Ballstáit a bhfuil glantionchar diúltach ag an tionscadal orthu, agus iadsan a sheasfaidh an costas, a d’fhéadfadh a bheith ina mBallstáit seachas iad siúd a bhfuil an bonneagar tógtha ar a gcríoch;
cuirfidh siad san áireamh, ar a laghad, an caiteachas caipitiúil, costais caiteachais oibríochtúla agus cothabhála, mar aon leis na costais de thoradh an chórais ghaolmhair ar feadh shaolré theicniúil an tionscadail ina iomláine, amhail costais díchoimisiúnaithe agus bainistíochta dramhaíola, lena n-áirítear costais sheachtracha. Tabharfar treoir sna mhodheolaíochtaí maidir le rátaí lascaine, saolré theicniúil agus luach iarmharach atá le húsáid sna ríomhanna costais agus tairbhe. Ina theannta sin, áireofar iontu modheolaíocht éigeantach chun an cóimheas costais agus tairbhe agus an glanluach reatha a ríomh, chomh maith le difreáil ar thairbhí i gcomhréir le leibhéal iontaofachta a modhanna meastacháin. Cuirfear san áireamh freisin modhanna chun tionchair na dtionscadal ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a ríomh agus a mhéid a rannchuidítear le spriocanna fuinnimh an Aontais, amhail dul i bhfód na bhfoinsí in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus spriocanna idirnasctha;
áiritheofar leo go ndéanfar na bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a dhéantar do gach tionscadal a mheasúnú agus go léireofar leo costas na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus go bhfuil an measúnú stóinseach agus comhsheasmhach le beartais eile an Aontais ionas go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh le réitigh eile nach mbeidh bonneagair nua ag teastáil dóibh.
IARSCRÍBHINN VI
TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ
(1) Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sa lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1):
sonraíochtaí na gcodanna ábhartha den reachtaíocht ar a mbunaítear cinntí agus tuairimí maidir leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn, lena n-áirítear dlí an chomhshaoil;
an liosta de na cinntí agus na tuairimí ábhartha atá le fáil;
ainmneacha agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil, údarás eile agus na ngeallsealbhóirí móra lena mbaineann;
an sreabhadh oibre, ina dtugtar achoimre ar gach céim sa phróiseas, lena n-áirítear amlíne tháscach agus léargas achomair ar an bpróiseas cinnteoireachta i dtaca leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn;
faisnéis faoi raon feidhme, faoi struchtúr agus faoi leibhéal mionsonraithe na ndoiciméad atá le tíolacadh leis an iarratas ar chinntí, lena n-áirítear seicliosta;
na céimeanna agus na modhanna trína mbeidh an pobal i gcoitinne rannpháirteach sa phróiseas;
an bealach ina léireoidh an t-údarás inniúil, údaráis eile lena mbaineann agus an tionscnóir tionscadal gur cuireadh san áireamh na tuairimí a cuireadh in iúl sa chomhairliúchán poiblí, mar shampla trí léiriú a thabhairt ar na leasuithe a rinneadh ar shuíomh agus dearadh an tionscadail nó trí na cúiseanna a thabhairt nár cuireadh tuairimí den sórt sin san áireamh;
a mhéid is féidir, aistriúcháin ar a bhfuil ann i dteangacha uile na mBallstát comharsanachta arna ndéanamh i gcomhar leis na Ballstáit chomharsanachta ábhartha;
(2) Sonrófar sa sceideal mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 10(6), pointe (b), an méid seo a leanas ar a laghad:
na cinntí agus na tuairimí atá le fáil;
na húdaráis, na geallsealbhóirí agus an pobal ar dócha a mbeidh baint acu leis;
na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad tréimhse a bhaineann leo;
garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;
na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus riachtanais acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann.
(3) Gan dochar do na ceanglais maidir le comhairliúcháin phoiblí faoi dhlí an chomhshaoil, chun rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas deonaithe ceadanna a mhéadú agus chun faisnéis agus comhphlé leis an bpobal a áirithiú roimh ré, cuirfear i bhfeidhm na prionsabail seo a leanas:
na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar ag tionscadal leasa choitinn orthu, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha, úinéirí talún agus saoránaigh atá ina gcónaí i gcóngar an tionscadail, an pobal i gcoitinne agus a gcomhlachais, a n-eagraíochtaí nó a ngrúpaí, cuirfear ar an eolas iad go forleathan agus rachfar i gcomhairle leo ag céim luath, ar bhealach cuimsitheach, nuair is féidir ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ar an bpobal fós a chur san áireamh, ar bhealach cuimsitheach, oscailte agus trédhearcach. I gcás inarb ábhartha, tacóidh an t-údarás inniúil go gníomhach leis na gníomhaíochtaí a ghabhann an tionscnóir tionscadail ar láimh;
áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí do thionscadail leasa choitinn a ghrúpáil le chéile nuair is féidir, lena n-áirítear comhairliúcháin phoiblí a cheanglaítear cheana faoin dlí náisiúnta. Cumhdófar faoi gach comhairliúchán poiblí gach ábhar a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta, agus ní thabharfar aghaidh ar ábhar amháin a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta i níos mó ná comhairliúchán poiblí amháin; féadfaidh comhairliúchán poiblí amháin, áfach, tarlú i níos mó ná suíomh geografach amháin. Cuirfear na hábhair a dtabharfar aghaidh orthu i gcomhairliúchán poiblí in iúl go soiléir san fhógra maidir leis an gcomhairliúchán poiblí;
ní bheidh barúlacha ná agóidí inghlactha ach amháin ó thús an chomhairliúcháin phoiblí go dtí go rachaidh an spriocdháta in éag;
áiritheoidh na tionscnóirí tionscadail go ndéanfar comhairliúcháin le linn tréimhse ina bhféadfaidh an pobal a bheith rannpháirteach go hoscailte agus go cuimsitheach.
(4) Áireofar sa choincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí faisnéis faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:
na geallsealbhóirí lena mbaineann agus a bhfuil teagmháil déanta leo;
na bearta a beartaíodh, lena n-áirítear láithreacha ginearálta atá beartaithe agus dátaí cruinnithe tiomnaithe;
an amlíne;
na hacmhainní daonna atá leithdháilte ar chúraimí éagsúla;
(5) I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí atá le déanamh roimh an gcomhad iarratais a thíolacadh, déanfaidh na páirtithe ábhartha na nithe seo a leanas ar a laghad:
bileog faisnéise nach mó ná 15 leathanach a fhoilsiú go leictreonach agus, i gcás inarb ábhartha, i scríbhinn ina dtabharfar, ar bhealach soiléir agus achomair, léargas ar thuairisc ar chéimeanna forbartha an tionscadail, ar chuspóir na gcéimeanna sin agus ar réamh-thráthchlár le haghaidh na gcéimeanna sin, plean forbartha na heangacha náisiúnta, bealaí malartacha a breithníodh, cineálacha agus saintréithe an tionchair fhéideartha, lena n-áirítear tionchar de chineál trasteorann, agus bearta maolaithe féideartha, agus tá bileog faisnéise den sórt sin le foilsiú roimh thús an chomhairliúcháin agus tá seoltaí gréasáin shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), an t-ardán trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus an lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (1) den Iarscríbhinn seo le liostú inti;
an fhaisnéis faoin gcomhairliúchán a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), ar bhoird fógraí in oifigí riarachán áitiúil, agus, ar a laghad, i gceann amháin nó, i gcás inarb infheidhme, in dhá cheann de na foinsí meán áitiúla;
tabharfar cuireadh, i scríbhinn nó go leictreonach, do na geallsealbhóirí ábhartha, comhlachais, eagraíochtaí agus grúpaí a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu chuig cruinnithe tiomanta, agus pléifear aon imní a bheidh orthu lena linn.
(6) Foilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar shuíomh gréasáin an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 9(7):
an dáta a nuashonraíodh suíomh gréasáin an tionscadail an uair dheireanach;
aistriúcháin ar a inneachar i dteangacha uile na mBallstát lena mbaineann an tionscadal nó a bhfuil tionchar suntasach trasteorann ag an tionscadal air i gcomhréir le pointe (1) d’Iarscríbhinn IV;
an bhileog faisnéise dá dtagraítear i bpointe (5) arna nuashonrú le dáta leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;
achoimre neamhtheicniúil a nuashonraítear go tráthrialta ina léirítear stádas reatha an tionscadail, lena n-áirítear faisnéis gheografach, agus ina gcuirtear in iúl go soiléir, i gcás nuashonruithe, athruithe ar leaganacha roimhe sin;
an plean cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 5(1) arna nuashonrú leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;
na cistí arna leithdháileadh agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh an tionscadail;
pleanáil an tionscadail agus an chomhairliúcháin phoiblí, ag léiriú go soiléir dátaí agus láithreacha do chomhairliúcháin phoiblí agus na hábhair ar dócha go bhfuil baint acu leis na héisteachtaí sin;
sonraí teagmhála d’fhonn faisnéis nó doiciméid bhreise a fháil;
sonraí teagmhála d’fhonn barúlacha agus agóidí a chur in iúl le linn na gcomhairliúchán poiblí.
IARSCRÍBHINN VII
LIOSTA AN AONTAIS DE THIONSCADAIL LEASA CHOITINN AGUS DE THIONSCADAIL CHOMHLEASA (‘LIOSTA AN AONTAIS’),
dá dtagraítear in Airteagal 3(4)
A. NA PRIONSABAIL A CHUIRTEAR I bhFEIDHM AGUS LIOSTA AN AONTAIS Á BHUNÚ
(1) Braislí de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa
Tá roinnt tionscadal leasa choitinn ina gcuid de bhraisle toisc go bhfuil siad idirspleách, go bhfuil siad in iomaíocht le chéile nó go bhféadfaidís a bheith in iomaíocht le chéile. Leagtar síos na cineálacha braislí tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa seo a leanas:
Tá gach tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2022/869.
(2) Láimhseáil fostáisiún agus stáisiún comhbhrúiteora
Meastar fostáisiúin agus stáisiúin leictreachais droim le droim agus stáisiúin chomhbhrúiteora a bheith ina gcodanna de thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa má tá suíomh geografach acu ar línte tarchuir nó in aice le píblínte, de réir mar a bheidh. Meastar gur tionscadail leasa choitinn neamhspleácha iad fostáisiúin, stáisiúin droim le droim agus stáisiúin chomhbhrúiteora agus liostaítear go sainráite ar liosta an Aontais iad más éagsúil a suíomh geografach le suíomh línte tarchuir nó píblínte, de réir mar a bheidh. Tá siad faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2022/869.
(3) Codanna neamh-incháilithe de na tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa
I measc roinnt tionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa, tá infheistíocht neamh-incháilithe amháin nó níos mó laistigh dá gcomhdhéanamh. Ní mheasfar na hinfheistíochtaí sin, a liostaítear thíos, mar chuid de Liosta an Aontais.
(4) Tionscadail a bhfuil uimhir tionscadail leasa choitinn difriúil acu anois leis an uimhir a bhí i liosta an Aontais roimhe seo
Tionscadail a bhí ina gcuid de liosta an Aontais roimhe seo faoi Rialachán aisghairthe (AE) Uimh. 347/2013, athraíodh a a n-uimhir tionscadail leasa choitinn mar gheall ar athordú nó mar gheall ar chonairí tosaíochta nua a cuireadh le Rialachán (AE) Uimh. 2022/869. Baineann sé sin le roinnt tionscadal atá ina gcuid de na catagóirí seo a leanas: leictreachas, eangacha cliste leictreachais agus gréasáin CO2. Sa chás sin, luaitear an uimhir tionscadail leasa choitinn a bhí ann roimhe seo faoi ainm an tionscadail, chun críche faisnéise amháin.
B. LIOSTA AN AONTAIS DE THIONSCADAIL LEASA CHOITINN AGUS TIONSCADAIL CHOMHLEASA
(1) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (‘NSI West Electricity’)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
1.1 |
An Phortaingéil – Idirnasc na Spáinne idir Beariz – Fontefría (ES), Fontefria (ES) – Ponte de Lima (PT) agus Ponte de Lima – Vila Nova de Famalicão (PT), lena n-áirítear fostáisiúin in Beariz (ES), Fontefría (ES) agus Ponte de Lima (PT) (Uimh. 2.17 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.2 |
Idirnasc idir Gatica (ES) agus Cubnezais (FR) [ar a dtugtar ‘Biscay Gulf’ faoi láthair] (Uimh. 2.7 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.3 |
Idirnasc idir La Martyre (FR) agus an tOileán Mór nó Cnoc Rátha (IE) [ar a dtugtar ‘Celtic Interconnector’ faoi láthair] (Uimh. 1.6 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.4 |
Braisle línte inmheánacha sa Ghearmáin, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas: 1.4.1 Líne inmheánach ó Emden-Oirthear go Osterath chun an acmhainneacht a mhéadú ón nGearmáin Thuaidh go dtí Dúiche na Réine [ar a dtugtar ‘A-Nord’ faoi láthair] (Uimh. 2.31.1 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 1.4.2 Líne inmheánach ó Heide/West go Polsum chun an acmhainneacht a mhéadú ón nGearmáin Thuaidh go dtí Dúiche Ruhr [ar a dtugtar ‘Korridor B’ faoi láthair] (Uimh. 2.31.2 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 1.4.3 Líne inmheánach ó Wilhelmshaven go Uentrop chun an acmhainneacht a mhéadú ón nGearmáin Thuaidh go dtí Dúiche Ruhr [ar a dtugtar ‘Korridor B’ faoi láthair] (Uimh. 2.31.3 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.5 |
Líne inmheánach sa Ghearmáin idir Brunsbüttel/Wilster go Großgartach/Grafenrheinfeld chun an acmhainneacht a mhéadú ag na teorainneacha thuaidh agus theas [ar a dtugtar ‘Suedlink’ faoi láthair] (Uimh. 2.10 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.6 |
Líne inmheánach idir Osterath agus Philippsburg (DE) chun an acmhainneacht ag na teorannacha thiar a mhéadú [ar a dtugtar ‘Ultranet’ faoi láthair] (Uimh. 2.9 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.7 |
1.7.1 Idirnasc idir Navarra (ES) agus Landes (FR) [ar a dtugtar ‘Pyrenean crossing 1’ faoi láthair] (Uimh. 2.27.2 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 1.7.2 Idirnasc idir réigiún Aragón (ES) agus Marsillon (FR) [ar a dtugtar ‘Pyrenean crossing 2’ faoi láthair] (Uimh. 2.27.1 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.8 |
Idirnasc idir Lonny (FR) agus Gramme (BE) (Uimh. 2.32 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.9 |
Línte inmheánacha ag teorainn thuaidh na Beilge idir Zandvliet agus Lillo-Liefkenshoek (BE), agus idir Liefkenshoek agus Mercator, lena n-áirítear fostáisiún in Lillo (BE) [ar a dtugtar ‘BRABO II + III’ faoi láthair] (Uimh. 2.23 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.10 |
Idirnasc idir mórthír na hIodáile agus an Chorsaic – (FR) agus an tSairdín (IT) [ar a dtugtar ‘SACOI 3’ faoi láthair] (Uimh. 2.4 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.11 |
Tionscadal Sínte Stórála Kaunertal (AT) (Uimh. 2.18 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.12 |
Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Íonúcháin-Pumpála NAVALEO (ES) (Uimh. 2.28.2 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.13 |
Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála Bhéal Átha Gabhann (IE) (Uimh. 2.29 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.14 |
Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Íonúcháin-Pumpála RIEDL (DE) (Uimh. 2.30 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.15 |
Stóráil Fuinnimh Hiodrálach Inchúlaithe Pumpála LOS GUAJARES (ES) |
|
1.16 |
Stóráil Fuinnimh Aeir Chomhbhrúite Mhol Hidrigine Glas na Danmhairge (DK) (Uimh. 1.21 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.17 |
Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála WSK PULS (DE) |
|
1.18 |
Stóráil Fuinnimh Hiodrálach Inchúlaithe Pumpála AGUAYO II (ES) |
Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
1.19 |
Idirnasc idir an tSicil (IT) agus nód na Túinéise (TN) [ar a dtugtar ‘ELMED’ faoi láthair] (Uimh. 2.33 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
1.20 |
Idirnasc idir limistéar Zeebrugge (BE) agus Kemsley, Kent (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar ‘Cronos’ faoi láthair] |
|
1.21 |
Idirnasc idir limistéir Emden (DE) agus Corringham, Essex (UK) (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar ‘Tarchon’ faoi láthair] |
(2) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (NSI East Electricity)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
2.1 |
Braisle an Ostair – an Ghearmáin, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas: 2.1.1 Idirnasc idir Isar/Altheim/Ottenhofen (DE) – St.Peter (AT) (Uimh. 3.1.1 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 2.1.2 Líne inmheánach idir St. Peter agus Tauern (AT) (Uimh. 3.1.2 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 2.1.3 Líne inmheánach idir Westtirol – Zell/Ziller (AT) (Uimh. 3.1.4 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 2.1.4 Idirnascaire idir Pleinting (DE) – St. Peter (AT) |
|
2.2 |
Líne inmheánach sa Ghearmáin idir Wolmirstedt agus Isar [ar a dtugtar ‘SuedOstLink’ faoi láthair] (Uimh. 3.12 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
2.3 |
Braisle línte inmheánacha sa tSeicia, lena n-áirítear na cinn seo a leanas: 2.3.1 Líne inmheánach idir Vernerov agus Vitkov (Uimh. 3.11.1 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 2.3.2 Líne inmheánach idir Prestice agus Kocin (Uimh. 3.11.3 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 2.3.3 Líne inmheánach idir Kocin agus Mirovka (Uimh. 3.11.4 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
2.4 |
Idirnasc idir Würmlach (AT) – Somplago (IT) (Uimh. 3.4 ar an gceathrú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
2.5 |
Braisle na hUngáire – na Rómáine, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas: 2.5.1 Idirnascaire idir Józsa (HU) agus Oradea (RO) 2.5.2 Líne inmheánach idir Urechesti (RO) agus Targu Jiu (RO) 2.5.3 Líne inmheánach idir Targu Jiu (RO) agus Paroseni (RO) 2.5.4 Líne inmheánach idir Paroseni (RO) agus Baru Mare (RO) 2.5.5 Líne inmheánach idir Baru Mare (RO) agus Hasdat (RO) |
|
2.6 |
Braisle idir Iosrael – an Chipir – an Ghréig [ar a dtugtar ‘EuroAsia Interconnector’ faoi láthair], lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas: 2.6.1 Idirnasc idir Hadera (IL) agus Kofinou (CY) (Uimh. 3.10.1 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 2.6.2 Idirnasc idir Kofinou (CY) agus Korakia na Créite (EL) (Uimh. 3.10.2 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
2.7 |
Idirnascaire idir Otrokovice (CZ) – Ladce (SK) |
|
2.8 |
Idirnasc idir réigiún Lienz (AT) – Veneto (IT) (Uimh. 3.2.1 ar an dara liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
2.9 |
Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála in Amfilochia (EL) (Uimh. 3.24 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
2.10 |
Córas stórála fuinnimh i gceallraí Ptolemaida (EL) |
|
2.11 |
Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Íonúcháin-Pumpála in Čierny Váh (SK) arna Nuachóiriú [ar a dtugtar ‘SE Integrator’ faoi láthair] |
Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
2.12 |
Idirnascaire idir Subotica (RS) agus Sándorfalva (HU) |
|
2.13 |
Idirnascaire idir Wadi El Natroon (EG) agus Mesogeia/St Stefanos (EL) [ar a dtugtar ‘GREGY Interconnector’ faoi láthair] |
(3) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (BEMIP Electricity)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
3.1 |
Líne inmheánach idir Stanisławów agus Ostrołęka (PL) (Uimh. 4.5.2 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
3.2 |
Stóráil fuinnimh hidrileictrigh pumpála san Eastóin (Uimh. 4.6 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
3.3 |
Córas leictreach na Stát Baltach a chomhtháthú agus a shioncronú le líonraí na hEorpa, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas: 3.3.1 Idirnasc idir Tsirguliina (EE) agus Valmiera (LV) (Uimh. 4.8.3 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.2 Líne inmheánach idir Viru agus Tsirguliina (EE) (Uimh. 4.8.4 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.3 Líne inmheánach idir Paide agus Sindi (EE) (Uimh. 4.8.7 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.4 Líne inmheánach idir Vilnias agus Neris (LT) (Uimh. 4.8.8 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.5 Gnéithe bonneagair eile a bhaineann le cur chun feidhme shioncronú chóras na Stát Baltach le líonra mhór-roinn na hEorpa (Uimh. 4.8.9 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.6 Idirnasc idir an Liotuáin agus an Pholainn [ar a dtugtar ‘Harmony Link’ faoi láthair] (Uimh. 4.8.10 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.7 Fostáisiún 330kV Mūša (LT) (Uimh. 4.8.13 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.8 Líne inmheánach idir Bitenai agus KHAE (LT) (Uimh. 4.8.14 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.9 Fostáisiún 330kV Darbėnai (LT) (Uimh. 4.8.13 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.10 Líne inmheánach idir Darbenai agus Bitenai (LT) (Uimh. 4.8.16 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.11 Líne inmheánach idir Dunowo agus Żydowo Kierzkowo (PL) (Uimh. 4.8.18 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.12 Líne inmheánach idir Piła Krzewina agus Żydowo Kierzkowo (PL) (Uimh. 4.8.19 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.13 Líne inmheánach idir Morzyczyn-Dunowo-Słupsk-Żarnowiec (PL) (Uimh. 4.8.21 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.14 Líne inmheánach idir Żarnowiec-Gdańsk/Gdańsk Przyjaźń-Gdańsk Błonia (PL) (Uimh. 4.8.22 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.3.15 Comhdhlúthadáin shioncronacha a sholáthraíonn támh, cobhsaíocht voltais, cobhsaíocht minicíochta agus cumhacht ghearrchiorcaid sa Liotuáin, sa Laitvia agus san Eastóin (Uimh. 4.8.23 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
3.4 |
An tríú idirnasc idir an Fhionlainn agus an tSualainn [ar a dtugtar ‘Aurora line’ faoi láthair], lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas: 3.4.1 Idirnasc idir tuaisceart na Fionlainne agus tuaisceart na Sualainne (Uimh. 4.10.1 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) 3.4.2 Líne inmheánach idir Keminmaa agus Pyhänselkä (FI) (Uimh. 4.10.2 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
3.5 |
An ceathrú idirnasc idir an Fhionlainn agus an tSualainn [ar a dtugtar ‘Aurora line 2’ faoi láthair] |
|
3.6 |
Idirnasc idir an Fhionlainn agus an Eastóin [ar a dtugtar ‘Estlink 3’ faoi láthair] |
(4) Eangaí amach ón gcósta na bhfarraigí thuaidh (NSOG)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
4.1 |
Mol amháin nó níos mó san Fharraige Thuaidh ag a bhfuil idirnascairí le tíortha máguaird na Mara Thuaidh (an Danmhairg, an Ísiltír agus an Ghearmáin) [ar a dtugtar ‘North Sea Wind Power Hub’ faoi láthair] (Uimh. 1.19 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
4.2 |
Idirnascaire hibrideach amach ón gcósta idir an Bheilg agus an Danmhairg [ar a dtugtar ‘Triton Link’ faoi láthair] |
|
4.3 |
Fostáisiún ardvoltais amach ón gcósta agus nasc le Menuel (FR) [ar a dtugtar ‘Offshore Wind Connection Centre Manche 1’ faoi láthair] |
|
4.4 |
Fostáisiún ardvoltais amach ón gcósta agus nasc le Tourbe (FR) [ar a dtugtar ‘Offshore Wind Connection Centre Manche 2’ faoi láthair] |
Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
4.5 |
Idirnascaire ilchuspóireach idir Eangach Modúlach Amach ón gCósta 2 (BE) agus Leisten (an Ríocht Aontaithe) [ar a dtugtar ‘Nautilus’ faoi láthair] (Uimh. 1.15 ar an gceathrú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
4.6 |
Idirnasc HVDC ilchuspóireach idir an Bhreatain Mhór agus an Ísiltír [ar a dtugtar ‘LionLink’ faoi láthair] |
(5) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh i dtaca le heangaí amach ón gcósta (‘BEMIP offshore’)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
5.1 |
Idirnascaire Hibrideach na Laitvia agus na hEastóine amach ón gcósta [ar a dtugtar ‘Elwind’ faoi láthair] |
|
5.2 |
Idirnascaire Hibrideach ‘Bornholm Energy Island’ (BEI) amach ón gcósta idir an Danmhairg agus an Ghearmáin |
(6) Eangaí amach ón gcósta an Deiscirt agus an Iarthair (‘SW offshore’)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
6.1 |
Nasc Gaoithe amach ón gCósta Occitanie (FR) |
|
6.2 |
Nasc Gaoithe amach ón gCósta PACA (FR) |
(7) Eangaí amach ón gcósta an Deiscirt agus an Oirthir (‘SE offshore’)
Níor cuireadh aon tionscadal isteach don chonair seo.
(8) Eangaí amach ón gcósta an Atlantaigh
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
8.1 |
Nasc Gaoithe amach ón gCósta na Briotáine Theas (FR) |
|
8.2 |
Nasc Gaoithe amach ón gCósta an Atlantaigh Thoir (FR) |
(9) Idirnaisc hidrigine in iarthar na hEorpa (‘HI West’)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
9.1 |
Conair na Portaingéile – na Spáinne – na Fraince – na Gearmáine: 9.1.1 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Phortaingéil 9.1.2 Idirnascaire hidrigine idir an Phortaingéil agus an Spáinn 9.1.3 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Spáinn 9.1.4 Idirnascaire hidrigine idir an Spáinn agus an Fhrainc [ar a dtugtar ‘BarMar’ faoi láthair] 9.1.5 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Fhrainc á nascadh leis an nGearmáin [ar a dtugtar HyFen faoi láthair] 9.1.6 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin á nascadh leis an bhFrainc [ar a dtugtar ‘H2Hercules South’ faoi láthair] |
|
9.2 |
Gleannta hidrigine trasteorann idir an Fhrainc agus an Ghearmáin: 9.2.1 Gleann hidrigine sa Ghearmáin go dtí teorainn na Fraince [ar a dtugtar RHYn faoi láthair] 9.2.2 Gleann hidrigine sa Fhrainc go dtí teorainn na Gearmáine [ar a dtugtar Mosahyc faoi láthair] |
|
9.3 |
Bonneagar inmheánach hidrigine sa Fhrainc go dtí teorainn na Beilge [ar a dtugtar ‘Franco-Belgian H2 corridor’ faoi láthair] |
|
9.4 |
9.1.6 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar ‘H2ercules West’ faoi láthair] |
|
9.5 |
Bonneagar inmheánach hidrigine sa Bheilg [ar a dtugtar ‘Belgian Hydrogen Backbone’ faoi láthair] |
|
9.6 |
Bonneagar inmheánach hidrigine san Ísiltír [ar a dtugtar ‘National Hydrogen Backbone’ faoi láthair] |
|
9.7 |
Idirnascairí hidrigine ‘National Hydrogen Backbone’ (NL) – an Ghearmáin: 9.7.1 Idirnascaire hidrigine ón gcnámh droma Thuaidh Theas san oirthear go Oude (NL) – H2ercules North (DE) 9.7.2 Idirnascaire hidrigine ón gcnámh droma Thuaidh Theas san Oirthear go Vlieghuis (NL) – Vlieghuis – Ochtrup (DE) 9.7.3 Idirnascaire hidrigine ón Ísiltír go dtí an Ghearmáin (ar a dtugtar ‘Delta Rhine Corridor H2’ faoi láthair) |
|
9.8 |
Píblíne hidrigine na Gearmáine amach ón gcósta [ar a dtugtar ‘AquaDuctus’ faoi láthair] |
|
9.9 |
Idirnascaire hidrigine na Danmhairge – na Gearmáine: 9.9.1 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar ‘HyperLink III’ faoi láthair] 9.9.2 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Danmhairg [ar a dtugtar ‘DK Hydrogen Pipeline West’ faoi láthair] |
|
9.10 |
Saoráidí glactha amóinia sa Bheilg: 9.10.1 Saoráid glactha amóinia Antuairp 9.10.2 Saoráid glactha amóinia Amplifhy Antuairp 9.10.3 Saoráid glactha amóinia Forbairt móilíní nua Zeebrugge |
|
9.11 |
Saoráidí glactha amóinia sa Ghearmáin: 9.11.1 Teirminéal shaoráid glactha amóinia Brunsbüttel 9.11.2 Saoráid glactha amóinia Wilhelmshaven (BP) 9.11.3 Saoráid glactha amóinia Wilhelmshaven (Uniper) |
|
9.12 |
Saoráidí glactha san Ísiltír: 9.12.1 Saoráid glactha LH2 Rotterdam 9.12.2 Saoráid glactha amóinia Amplifhy Rotterdam 9.12.3 Saoráid glactha amóinia Amplifhy ACE Rotterdam |
|
9.13 |
Saoráid glactha amóinia Dunkerque (FR) |
|
9.14 |
Leictrealóir H2Sines.RDAM (PT) |
|
9.15 |
Saoráidí leictrealóra sa Spáinn: 9.15.1 Leictrealóir líonra hidrigine Tarragona 9.15.2 Leictrealóir mórscála Bilbao 9.15.3 Leictrealóir mórscála Cartagena 9.15.4 Leictrealóir Valle andaluz del hidrógeno verde 9.15.5 Leictrealóir ghleann Asturias H2 |
|
9.16 |
Saoráidí leictrealóra sa Fhrainc: 9.16.1 Leictrealóir CarlHYng 9.16.2 Leictrealóir Emil’Hy 9.16.3 Leictrealóir HyGreen 9.16.4 Leictrealóir H2V Valenciennes 9.16.5 Leictrealóir H2Thionville |
|
9.17 |
Saoráidí leictrealóra san Ísiltír: 9.17.1 Leictrealóir Enecolyser 9.17.2 Leictrealóir H2-Fifty 9.17.3 Leictrealóir SeaH2Land |
|
9.18 |
Saoráidí leictrealóra sa Ghearmáin: 9.18.1 Leictrealóir GreenWilhelmshaven 9.18.2 Leictrealóir CHC Wilhelmshaven |
|
9.19 |
Leictrealóir Jytske Banke (DK) |
|
9.20 |
Stóráil Hidrigine na Danmhairge (DK) |
|
9.21 |
Stóráil Hystock Opslag H2 (NL) |
|
9.22 |
Stóráil hidrigine sa Ghearmáin: 9.22.1 Stóráil hidrigine Salthy Harsefeld 9.22.2 Stóráil H2 Gronau-Epe |
|
9.23 |
Stóráil GeoH2 (FR) |
|
9.24 |
Stóráil hidrigine sa Spáinn: 9.24.1 Stóráil H2 ó thuaidh – 1 9.24.2 Stóráil H2 ó thuaidh – 2 |
Tionscadail chomhleasa arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
9.25 |
Píblíne hidrigine amach ón gcósta na hIorua go dtí an Ghearmáin [ar a dtugtar ‘CHE Pipeline’ faoi láthair] |
(10) Idirnaisc hidrigine i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (HI East)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
10.1 |
Conair hidrigine na hIodáile – na hOstaire – na Gearmáine: 10.1.1 Bonneagar inmheánach hidrigine san Iodáil [ar a dtugtar ‘Italian H2 Backbone’ faoi láthair] 10.1.2 Bonneagar inmheánach hidrigine san Ostair [ar a dtugtar ‘H2 Readiness of the TAG pipeline system’ (Ullmhacht H2 chóras píblíne TAG) faoi láthair] 10.1.3 Bonneagar inmheánach hidrigine san Ostair [ar a dtugtar ‘H2 Backbone WAG and Penta West’ faoi láthair] 10.1.4 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar ‘HyPipe Bavaria – The Hydrogen Hub’ faoi láthair] |
|
10.2 |
Idirnascaire hidrigine idir an tSeicia agus an Ghearmáin: 10.2.1 Bonneagar inmheánach hidrigine sa tSeicia i dtreo na Gearmáine 10.2.2 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghearmáin [ar a dtugtar ‘FLOW East – Making Hydrogen Happen’ faoi láthair] |
|
10.3 |
Idirnascaire hidrigine idir an Ghréig agus an Bhulgáir: 10.3.1 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Ghréig i dtreo theorainn na Bulgáire 10.3.2 Bonneagar inmheánach hidrigine sa Bhulgáir i dtreo theorainn na Gréige |
|
10.4 |
Conair chineálach arb aidhm di hidrigin a tharchur ón Úcráin go dtí an tSlóvaic, an tSeicia, an Ostair agus an Ghearmáin |
(11) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh i dtaca le hidrigin (BEMIP Hydrogen)
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réigiún:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
11.1 |
Idirnascaire hidrigine idir an tSualainn agus an Fhionlainn [ar a dtugtar ‘Nordic Hydrogen Route – Bothnian Bay’ faoi láthair] |
|
11.2 |
Idirnascaire hidrigine idir an Fhionlainn, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn agus an Ghearmáin [ar a dtugtar ‘Nordic-Baltic Hydrogen Corridor’ faoi láthair] |
|
11.3 |
Idirnascaire hidrigine idir an tSualainn, an Fhionlainn agus an Ghearmáin [ar a dtugtar ‘Baltic Sea Hydrogen Collector’ faoi láthair] |
(12) Eangacha cliste leictreachais na Réimsí Téamacha Tosaíochta a chur in úsáid
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réimse téamach:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
12.1 |
‘ACON – Again COnnected Networks’ (CZ, SK), chun comhtháthú mhargaí leictreachais na Seicia agus na Slóvaice a chothú trí éifeachtúlacht na líonraí dáileacháin a fheabhsú (Uimh. 10.4 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
12.2 |
CARMEN (BG, RO), chun comhar trasteorann TSO-TSO agus comhroinnt sonraí a dhaingniú, comhar TSO-DSO a fheabhsú, infheistiú i méadú eangach agus an acmhainneacht chun foinsí nua fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, agus cobhsaíocht, slándáil agus solúbthacht na n-eangach a fheabhsú (Uimh. 10.10 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
12.3 |
Danube InGrid (HU, SK), chun iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí margaidh uile a bhfuil baint acu le líonraí leictreachais na hUngáire agus na Slóvaice a chomhtháthú (Uimh. 10.7 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
12.4 |
Gabreta Smart Grids (CZ, DE), chun an acmhainneacht óstála eangach a mhéadú, faireachán agus rialú eangach MV ó chian a chumasú, agus faire eangach agus pleanáil líonraí eangach a fheabhsú (Uimh. 10.11 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
12.5 |
GreenSwitch (AT, HR, SI), chun an acmhainneacht óstála a mhéadú le haghaidh foinsí dáilte in-athnuaite agus comhtháthú éifeachtúil ualaí nua, rud a fheabhsóidh inbhreathnaitheacht an líonra dáileacháin agus a mhéadóidh an acmhainneacht trasteorann (Uimh. 10.12 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
(13) Réimse téamach tosaíochta Líonra dé-ocsaíde carbóin trasteorann
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réimse téamach:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
13.1 |
Cuirfidh CO2 TransPorts bonneagar ar bun chun gabháil, iompar agus stóráil CO2 ar mórscála a éascú ó limistéir chalafoirt Rotterdam, Antuairp agus na Mara Thuaidh (Uimh. 12.3 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
13.2 |
Aramis – tionscadail trasteorann iompair agus stórála CO2, iontógáil ó astaírí i gcúlchríoch limistéar calafoirt Rotterdam, iompar píbe chuig stóráil ar scairbh ilchríochach na hÍsiltíre (Uimh. 12.7 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
13.3 |
ECO2CEE – tionscadal trasteorann rochtana oscailte iompair agus stórála CO2 ag a bhfuil láithreáin stórála pleanáilte sa Danmhairg, san Iorua, san Ísiltír agus sa Ríocht Aontaithe (síneadh ar Uimh. 12.9 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
13.4 |
Bifrost – tionscadal iompair agus stórála ag a bhfuil láithreáin stórála in DK ó astaírí ón Danmhairg, ón nGearmáin agus ón bPolainn |
|
13.5 |
Callisto – forbairt mhol ilmhódach CO2 sa Mheánmhuir ina stóráiltear astaíochtaí CO2 ón bhFrainc agus ón Iodáil |
|
13.6 |
CCS Baltic Consortium – iompar trasteorann CO2 ar iarnród idir an Laitvia agus an Liotuáin, mar aon le críochphort ilmhódach LCO2 atá bunaithe in Klaipeda |
|
13.7 |
Conair Dheilt na Réine – tionscadal chun CO2 a iompar trí phíblínte ó astaírí i limistéar Ruhr na Gearmáine agus i limistéar Rotterdam na hÍsiltíre go dtí stóráil amach ó chósta na hÍsiltíre. |
|
13.8 |
EU2NSEA – líonra trasteorann CO2 arna fhorbairt idir an Bheilg, an Ghearmáin agus an Iorua chun CO2 a bhailiú freisin ó DK, FR, LV, NL, PL agus SE, mar aon le stóráil ar scairbh ilchríochach na hIorua |
|
13.9 |
GT CCS na Cróite – tógáil bonneagair iompair píblíne sa Chróit agus san Ungáir, mar aon le stóráil faoi thalamh in HR |
|
13.10 |
Norne – bonneagar iompair sa Danmhairg mar aon le stóráil ar talamh agus stóráil fhéideartha amach ón gcósta; déanfaidh astaírí, ó DK, SE, BE agus an Ríocht Aontaithe den chuid is mó, an t-iompar chuig DK ar long |
|
13.11 |
Prinos – Stóráil amach ón gcósta ag gort Prinos le haghaidh astaíochtaí ó EL, trí phíblíne, agus ó BG, HR, CY, EL, IT agus SI ar long |
|
13.12 |
Pycasso – iompar agus stóráil CO2 i láithreán stórála amach ón gcósta in iardheisceart FR, astaírí tionsclaíocha ó FR agus ES |
Tionscadail leasa choitinn arna bhforbairt sa réimse téamach:
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
13.13 |
‘Northern Lights’ – tionscadal nasctha trasteorann idir roinnt tionscnamh gabhála Eorpach (an Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, an tSualainn, i measc tíortha eile) iompar ar long go dtí stóráil ar scairbh ilchríochach na hIorua (Uimh. 12.4 ar an gcúigiú liosta tionscnamh leasa choitinn) |
|
13.14 |
Nautilus CCS – Astaíochtaí ó limistéir Le Havre, Dunkirk, Duisburg agus Rogaland le gabháil agus le hiompar ar long chuig linnte sa Mhuir Thuaidh (síneadh ar Uimh. 12.8 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
(14) Réimse Téamach Tosaíochta Eangach cliste leictreachais
Fuarthas nach raibh aon cheann de na tionscadail a cuireadh isteach incháilithe don chatagóir seo.
(15) Tionscadail a bhfuil a stádas mar thionscadail leasa choitinn a choinneáil acu (maolú ar Airteagal 24)
|
Uimh. |
Sainmhíniú |
|
15.1 |
Nascadh Mhálta le líonra gáis na hEorpa – nasc píblíne leis an Iodáil ag Gela (Uimh. 5.19 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
|
15.2 |
Píblíne ó chúlchistí gáis na Meánmhara Thoir go dtí mórthír na Gréige tríd an gCipir agus an gCréit [ar a dtugtar ‘EastMed Pipeline’ faoi láthair], mar aon le stáisiún méadraithe agus rialála ag Megalopoli (Uimh. 7.3.1 ar an gcúigiú liosta tionscadal leasa choitinn) |
( 1 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollag 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L, 328, 21.12.2018, lch. 82).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).
( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15).
( *1 ) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).’.
( *2 ) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).’.
( *3 ) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).’.
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010, (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).
( 5 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/564 an 19 Samhain 2021 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta tionscadal leasa choitinn an Aontais (IO L 109, 8.4.2022, lch. 14).
( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).