EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022D0338-20220413

Consolidated text: Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/338/2022-04-13

02022D0338 — GA — 13.04.2022 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH (CBES) 2022/338 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

(IO L 060 28.2.2022, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

CINNEADH (CBES) 2022/471 ÓN gCOMHAIRLE an 23 Márta 2022

  L 96

43

24.3.2022

►M2

CINNEADH (CBES) 2022/636 ÓN gCOMHAIRLE an 13 Aibreán 2022

  L 117

34

19.4.2022


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 109, 8.4.2022, lch.  74 (2022/338)




▼B

CINNEADH (CBES) 2022/338 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh



Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.  
Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).
2.  
Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh cur le hathléimneachta agus le cumais Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine a chosaint agus an pobal sibhialta a dhíon ar an bhfogha míleata atá ar bun faoi láthair.
3.  
Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar faoin mBeart Cúnaimh soláthar trealaimh mhíleata agus ardán a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine.

▼M2

4.  
Mairfidh an Beart Cúnaimh 60 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

▼B

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

▼M2

1.  
EUR 1 350 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.

▼B

2.  
Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

▼M2

3.  
I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 1 350 000 000 . Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 agus sna buiséid do na blianta ina dhiaidh sin a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.
4.  
Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Le 66 faoin gcéad ar a laghad den mhéid tagartha airgeadais, cumhdófar caiteachas arna thabhú amhail ón 11 Márta 2022.

▼B

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.  
Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.
2.  
Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí sin de shárú ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.  
Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus go mbeidh sé comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2.  
Déanfaidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 cineál agus méid na tacaíochta a bheidh le maoiniú faoin mBeart Cúnaimh a shainiú a thuilleadh, agus na tosaíochtaí atá molta ag Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh chun freastal ar riachtanais Fhórsaí Armtha na hÚcráine á gcur san áireamh.
3.  
Déanfaidh an riarthóir i gcomhair bearta cúnaimh, ar bhonn faisnéis a fhaightear ón ngníomhaí cur chun feidhme, tuairisc a thabhairt don Choiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 maidir le seachadadh trealaimh, lena n-áirítear cainníochtaí, cineálacha agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le faireachán agus bearta breise a dhéanamh.
4.  

Is iad seo a leanas a fhéadfaidh cur chun feidhme na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a dhéanamh:

(a) 

Aireacht Chosanta na Beilge;

(b) 

Aireacht Chosanta na Bulgáire;

(c) 

Aireacht Chosanta na Cróite;

(d) 

Aireacht Chosanta na Cipire;

(e) 

Aireacht Chosanta na Seicia;

(f) 

Aireacht Chosanta na Danmhairge;

(g) 

Lárionad na hEastóine d’Infheistíochtaí Cosanta (ECDI) thar ceann Aireacht Chosanta na hEastóine;

(h) 

Aireacht Chosanta na Fionlainne;

(i) 

Aireacht Chosanta na Fraince;

(j) 

Aireacht Chosanta na Gearmáine;

(k) 

Aireacht Chosanta na Gréige;

(l) 

Aireacht Chosanta na hUngáire;

(m) 

Aireacht Chosanta na hIodáile;

▼C1

(n) 

Aireacht Chosanta na Laitvia agus Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia;

▼B

(o) 

Aireacht Chosanta na Liotuáine;

(p) 

an Stiúrthóireacht Cosanta um Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg;

(q) 

Aireacht Chosanta na hÍsiltíre;

(r) 

Aireacht Chosanta na Polainne;

(s) 

Aireacht Chosanta na Portaingéile;

(t) 

Aireacht Chosanta na Rómáine;

(u) 

Aireacht Chosanta Phoblacht na Slóvaice;

(v) 

Aireacht Chosanta na Slóivéine;

(w) 

Aireacht Chosanta na Spáinne;

(x) 

Aireacht Chosanta na Sualainne / Fórsaí Armtha na Sualainne.

▼M1

Airteagal 5

Ceadóidh na Ballstáit idirthuras trealaimh mhíleata, lena n-áirítear pearsanra tionlacain, trína gcríocha, lena n-áirítear a n-aerspás, i gcomhréir le hAirteagal 56(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509.

▼B

Airteagal 6

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.  
Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéantar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.
2.  
Déanfar rialú an trealaimh tar éis a loingsithe a eagrú ar bhealach atá i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

Airteagal 7

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla ar fáil do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 8

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an Beart Cúnaimh.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Top