EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02021R2116-20220826
Regulation (EU) 2021/2116 of the European Parliament and of the Council of 2 December 2021 on the financing, management and monitoring of the common agricultural policy and repealing Regulation (EU) No 1306/2013
Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013
Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013
02021R2116 — GA — 26.08.2022 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2021/2116 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 2 Nollaig 2021 (IO L 435 6.12.2021, lch. 187) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1408 ÓN gCOIMISIÚN an 16 Meitheamh 2022 |
L 216 |
1 |
19.8.2022 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2021/2116 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Nollaig 2021
maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013
TEIDEAL I
RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Raon Feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
maoiniú an chaiteachais faoi CBT;
na córais bhainistíochta agus rialaithe atá le cur ar bun ag na Ballstáit;
nósanna imeachta imréitigh agus comhréireachta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “neamhrialtacht” neamhrialtacht de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95;
ciallaíonn “córais rialachais” comhlachtaí rialachais dá dtagraítear i gCaibidil II de Theideal II den Rialachán seo agus na ceanglais bhunúsacha de chuid an Aontais, lena n-áirítear oibleagáidí na mBallstát i ndáil le leasanna airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo a chosaint go héifeachtach, chomh maith le cur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2115, a bPlean Straitéiseach CBT arna fhormheas ag an gCoimisiún agus an córas tuairiscithe arna chur ar bun chun críocha na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 134 den Rialachán sin;
ciallaíonn “ceanglais bhunúsacha de chuid an Aontais” na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115 agus sa Rialachán seo, sa Rialachán Airgeadais agus i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú cuí na gcóras rialachais” laige shistéamach a bheith ann, agus atarlú, tromchúis, agus éifeacht na laige ar dhearbhú ceart an chaiteachais, an tuairisciú ar fheidhmíocht, nó urramú dhlí an Aontais á gcur san áireamh;
ciallaíonn “táscaire aschuir” táscaire aschuir dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115
ciallaíonn “táscaire toraidh” táscaire toraidh dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115;
ciallaíonn “plean gníomhaíochta”, chun críocha Airteagal 41 agus 42 den Rialachán seo, plean arna bhunú ag Ballstát, arna iarraidh sin ón gCoimisiún agus i gcomhairle leis, i gcás ina sainaithnítear easnaimh thromchúiseacha ar fheidhmiú cuí chórais rialachais an Bhallstáit sin nó sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 135 de Rialachán (AE) 2021/2115, ar phlean é ina bhfuil na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus an tráthchlár ábhartha chun é a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 41 agus Airteagal 42 den Rialachán seo.
Airteagal 3
Díolúintí i gcásanna force majeure agus in imthosca eisceachtúla
Chun críocha CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, féadfar force majeure agus imthosca eisceachtúla a aithint, go háirithe sna cásanna seo a leanas:
tubaiste thromchúiseach nádúrtha nó tarlú tromchúiseach meitéareolaíoch a dhéanann dochar mór don ghabháltas;
scrios foirgneamh beostoic ar an ngabháltas trí thimpiste;
ráig galair eipeasótaigh, ráig galair plandaí nó lotnaid plandaí a bheith ann a dhéanann difear do chuid de bheostoc an tairbhí nó don bheostoc ar fad nó dá bharraí;
díshealbhú an ghabháltais go léir nó cuid mhór de más rud é nárbh fhéidir a bheith ag súil leis an díshealbhú sin ar an lá a taisceadh an t-iarratas;
bás an tairbhí;
éagumas gairmiúil fadtéarmach an tairbhí.
TEIDEAL II
FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE CISTÍ TALMHAÍOCHTA
CAIBIDIL I
Cistí talmhaíochta
Airteagal 4
Cistí lena maoinítear caiteachas talmhaíochta
Déanfar na hidirghabhálacha agus bearta éagsúla a thagann faoi CBT a mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais (“buiséad an Aontais”) leis na cistí seo a leanas:
an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT);
an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).
Airteagal 5
Caiteachas CERT
Le CERT, déanfar an caiteachas seo a leanas a mhaoiniú faoi bhainistíocht chomhroinnte:
bearta lena rialaítear margaí talmhaíochta nó lena dtacaítear leo, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ranníocaíocht airgeadais an Aontais le hidirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal III de Rialachán (AE) 2021/2115;
idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2115;
ranníocaíocht airgeadais an Aontais le bearta faisnéise agus cur chun cinn do tháirgí talmhaíochta ar mhargadh inmheánach an Aontais agus i dtríú tíortha, arna gcur i gcrích ag Ballstáit agus arna roghnú ag an gCoimisiún;
ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis na bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus leis na bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéach is lú a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.
Le CERT, déanfar an caiteachas seo a leanas a mhaoiniú faoi bhainistíocht dhíreach:
cur chun cinn táirgí talmhaíochta, ag an gCoimisiún go díreach nó trí eagraíochtaí idirnáisiúnta;
bearta a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais chun caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht a áirithiú;
bunú agus cothabháil córas faisnéise cuntasaíochta talmhaíochta;
córais suirbhéanna talmhaíochta, lena n-áirítear suirbhéanna ar struchtúr gabháltas talmhaíochta.
Airteagal 6
Caiteachas CETFT
Déanfar CETFT a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte idir na Ballstáit agus an tAontas. Maoineofar leis ranníocaíocht airgeadais an Aontais le hidirghabhálacha forbartha tuaithe dá dtagraítear i gCaibidil IV de Theideal III de Rialachán (AE) 2021/2115 mar a shonraítear i bPleananna Straitéiseacha CBT agus le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 125 den Rialachán sin.
Airteagal 7
Caiteachas eile, lena n-áirítear cúnamh teicniúil
Féadfar le CERT agus CETFT, ar thionscnamh an Choimisiúin nó thar a cheann, maoiniú díreach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus tacaíochta teicniúla, agus ar an meastóireacht, iniúchóireacht agus cigireacht, is gá chun CBT a chur chun feidhme. Áirítear leis sin, go háirithe:
bearta a bhfuil gá leo chun anailís, bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar CBT, chun faisnéis ina thaobh a mhalartú agus chun CBT a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar na tionchair atá aige, ar a fheidhmíocht chomhshaoil agus ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo spriocanna an Aontais, chomh maith le bearta a bhaineann le cur chun feidhme córas rialaithe agus le cúnamh teicniúil agus riaracháin;
fáil an Choimisiúin ar shonraí satailíte a bhfuil gá leo maidir leis an gcóras faireacháin limistéir i gcomhréir le hAirteagal 24;
na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún trí fheidhmchláir chianbhraiteacha a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar acmhainní talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 25;
bearta a bhfuil gá leo chun modhanna agus bealaí teicniúla a chothabháil agus a fhorbairt ar mhaithe le faisnéis i leith bhainistíocht airgeadais na gcistí a úsáidtear chun CBT a mhaoiniú, ar mhaithe le hidirnascadh na bainistíochta sin, faireachán uirthi agus rialú na bainistíochta sin;
soláthar faisnéise maidir le CBT i gcomhréir le hAirteagal 46;
staidéir ar CBT agus meastóireachtaí ar bhearta arna maoiniú ag CERT agus CETFT, lena n-áirítear feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le dea-chleachtais faoi CBT agus comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha, chomh maith le staidéir arna ndéanamh in éineacht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI);
i gcás inarb ábhartha, ranníocaíocht le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin arna gcur ar bun i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle ( 3 ) agus a ghníomhaíonn i ndáil le CBT;
ranníocaíocht le bearta a bhaineann le scaipeadh faisnéise, ardú feasachta, cur chun cinn comhair agus malartú taithí leis na geallsealbhóirí ábhartha ar leibhéal an Aontais, agus a dhéantar i gcomhthéacs idirghabhálacha forbartha tuaithe, lena n-áirítear líonrú na bpáirtithe lena mbaineann;
líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a bhfuil gá leo i ndáil le bainistíocht CBT;
bearta a bhfuil gá leo chun lógónna a fhorbairt, a chlárú agus a chosaint faoi chreatscéimeanna cháilíochta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 44(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus chun cearta maoine intleachtúla a bhfuil baint acu leis a chosaint, agus ar mhaithe leis na forbairtí is gá i dteicneolaíocht na faisnéise.
CAIBIDIL II
Comhlachtaí rialachais
Airteagal 8
Údarás inniúil
Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil ar leibhéal na n-airí a bheidh freagrach as an méid seo a leanas:
creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 9(2), a eisiúint, a aistarraingt agus athbhreithniú a dhéanamh air;
ainmniú an chomhlachta chomhordaithe, dá dtagraítear in Airteagal (10), agus creidiúnú an chomhlachta chomhordaithe a eisiúint, a aistarraingt agus athbhreithniú a dhéanamh air;
comhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 a ainmniú agus an t-ainmniú sin a aistarraingt, agus a áirithiú gurb ann i gcónaí do chomhlacht deimhniúcháin a atá ainmnithe;
na cúraimí a shanntar don údarás inniúil faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh.
Airteagal 9
Gníomhaireachtaí íocaíochta
Cé is moite d’íocaíocht a dhéanamh, féadfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta déanamh na cúraimí sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharmligean.
Agus a chuid forálacha bunreachtúla á gcur san áireamh aige, déanfaidh gach Ballstát líon a ghníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe a theorannú:
go dtí gníomhaireacht íocaíochta amháin ar an leibhéal náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, gníomhaireacht amháin in aghaidh an réigiúin; agus
go dtí gníomhaireacht íocaíochta amháin chun caiteachas CERT agus CETFT araon a bhainistiú i gcás nach ann do ghníomhaireachtaí íocaíochta ach ar an leibhéal náisiúnta.
I gcás, ina mbunófar gníomhaireachtaí íocaíochta ar an leibhéal réigiúnach, déanfaidh na Ballstáit gníomhaireacht íocaíochta a chreidiúnú freisin ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh scéimeanna cabhrach nach mór, de bharr chineál na scéimeanna, iad a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta, nó cuirfidh siad bainistiú na scéimeanna sin de chúram ar a ngníomhaireachtaí íocaíochtaí réigiúnacha.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit na gníomhaireachtaí íocaíochta sin a creidiúnaíodh roimh an 15 Deireadh Fómhair 2020 a choimeád ar bun, ar choinníoll go ndeimhníonn an t-údarás inniúil, trí bhíthin an chinnidh dá dtagraítear in Airteagal 8(2), go gcomhlíonann siad na critéir íosta le haghaidh creidiúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
Bainfear a gcreidiúnú de na gníomhaireachtaí íocaíochta sin nach mbeidh caiteachas CERT ná CEFTF bainistithe acu ar feadh 3 bliana ar a laghad.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit aon ghníomhaireacht íocaíochta nua bhreise a chreidiúnú tar éis an 7 Nollaig 2021, cé is moite de na cásanna dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a), ina bhféadfadh sé, agus na forálacha bunreachtúla á gcur san áireamh, gur gá gníomhaireachtaí íocaíochtaí réigiúnacha breise.
Chun críocha Airteagal 63(5) agus (6) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an duine atá i gceannas ar an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe, faoin 15 Feabhra den bhliain tar éis na bliana airgeadais talmhaíochta (“an bhliain airgeadais”) lena mbaineann, na nithe seo a leanas a tharraingt suas agus a chur ar fáil don Choimisiún:
na cuntais bhliantúla i leith an chaiteachais a tabhaíodh i gcur i bhfeidhmiú na gcúramaí a cuireadh ar iontaoibh ar an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe sin, dá bhforáiltear in Airteagal 63(5), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, mar aon leis an bhfaisnéis is gá don imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán seo;
an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht, dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 ina léirítear go ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo;
achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus na rialuithe a dhéantar, anailís ar chineál agus ar mhéid na n-earráidí agus na laigí arna sainaithint sna córais rialachais, mar aon le gníomhaíocht cheartaitheach a glacadh nó a bheartaítear a dhéanamh, dá bhforáiltear in Airteagal 63(5), pointe (b), den Rialachán Airgeadais;
dearbhú bainistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 63(6) den Rialachán Airgeadais, maidir leis na nithe seo a leanas:
an fíoras go dtíolactar an fhaisnéis i gceart agus gur faisnéis iomlán chruinn atá inti dá bhforáiltear in Airteagal 63(6), bpointe (a), den Rialachán Airgeadais,
dea-fheidhmiú na gcóras rialachais arna gcur ar bun, cé is moite den údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8, den chomhlacht comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus den chomhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo, á áirithiú go ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo, dá bhforáiltear in Airteagal 63(6), pointe (b) agus pointe (c), den Rialachán Airgeadais.
Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh an Coimisiún síneadh go dtí an 1 Márta a chur le sprioc-am an 15 Feabhra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, arna chur sin in iúl ag an mBallstát lena mbaineann, dá bhforáiltear in Airteagal 63(7), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais.
I gcás ina gcuirfear tacaíocht ar fáil trí ionstraim airgeadais a gcuireann BEI nó institiúid idirnáisiúnta airgeadais eile ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir chun feidhme, cuirfidh an ghníomhaireacht íocaíochta muinín i dtuarascáil ar rialú lena dtacaítear leis na hiarratais ar íocaíocht a cuirfear isteach.Cuirfidh na hinstitiúidí sin an tuarascáil ar rialú ar fáil do na Ballstáit.
Airteagal 10
Comhlachtaí comhordaithe
I gcás ina gcreidiúnófar níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin i mBallstát, déanfaidh an Ballstát sin comhlacht poiblí comhordaithe a ainmniú, dá sannfaidh siad na cúraimí seo a leanas:
an fhaisnéis atá le soláthar don Choimisiún a bhailiú agus an fhaisnéis sin a sheoladh chuig an gCoimisiún;
an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 54(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 a sholáthar don Choimisiún;
gníomhaíochtaí a ghlacadh nó a chomhordú d’fhonn aon easnaimh de chineál coiteann a réiteach agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon obair leantach;
cur i bhfeidhm comhchuibhithe rialacha an Aontais a chur chun cinn, agus i gcás inar féidir, a áirithiú.
Airteagal 11
Cumhachtaí an Choimisiúin a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 chun feidhmiú fónta na ngníomhaireachtaí íocaíochta agus na gcomhlachtaí comhordaithe dá bhforáiltear in Airteagal 9 agus Airteagal 10 a áirithiú, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
na coinníollacha íosta maidir leis na gníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, a chreidiúnú, agus leis na comhlachtaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 10, a ainmniú agus a chreidiúnú;
oibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta maidir le hidirghabháil phoiblí, chomh maith leis na rialacha maidir lena bhfuil ina bhfreagrachtaí bainistithe agus rialaithe.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
na nósanna imeachta chun creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta a eisiúint, a aistarraingt agus a athbhreithniú, agus chun creidiúnú comhlachtaí comhordaithe a ainmniú agus a eisiúint, a aistarraingt agus a athbhreithniú, chomh maith leis na nósanna imeachta chun maoirseacht a dhéanamh ar chreidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta;
na socruithe agus na nósanna imeachta le haghaidh na seiceálacha atá mar bhunús le dearbhú bainistíochta na ngníomhaireachtaí íocaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (d), chomh maith lena struchtúr agus lena fhormáid;
feidhmiú an chomhlachta chomhordaithe agus faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
Airteagal 12
Comhlachtaí deimhniúcháin
Féadfaidh Ballstát a ainmneoidh níos mó ná comhlacht deimhniúcháin amháin comhlacht deimhniúcháin poiblí a cheapadh ar an leibhéal náisiúnta freisin agus beidh an comhlacht sin freagrach as an gcomhordú.
Chun críoch Airteagal 63(7), an chéad fhomhír, den Rialachán Airgeadais, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuairim, arna tarraingt suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, lena suífear an méid seo a leanas:
cibé acu an dtugann na cuntais seasamh fíor agus cothrom nó nach dtugann;
cibé acu an bhfuil córais rialachais na mBallstát a cuireadh ar bun ag feidhmiú i gceart nó nach bhfuil, go háirithe:
na comhlachtaí rialachais dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Rialachán seo agus in Airteagal 123 de Rialachán (AE) 2021/2115
buncheanglais an Aontais;
an córas tuairiscithe a cuireadh ar bun chun críocha na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115;
cibé acu an bhfuil an tuairisciú feidhmíochta maidir le táscairí aschuir chun críocha an imréitigh feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 den Rialachán seo agus an tuairisciú feidhmíochta maidir le táscairí toraidh le haghaidh an fhaireacháin feidhmíochta ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2115, lena léirítear go gcomhlíontar Airteagal 37 den Rialachán seo, ceart, nó nach bhfuil;
cibé acu an bhfuil an caiteachas ar na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) as a bhfuil aisíocaíocht iarrtha ar an gCoimisiún, dlíthiúil agus rialta, nó nach bhfuil.
Luafar sa tuairim freisin cibé acu an gceistítear leis an scrúdú na dearbhuithe a dhéantar sa dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (d), nó nach gceistítear. Cumhdófar freisin sa scrúdú anailís ar chineál agus méid na n-earráidí agus na laigí arna sainaithint i gcórais rialachais trí bhíthin iniúchóireachta agus rialuithe, mar aon le gníomhaíocht cheartaitheach a ghlac an ghníomhaireacht íocaíochta nó atá beartaithe aici, dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (c).
I gcás ina gcuirfear tacaíocht ar fáil trí ionstraim airgeadais a gcuireann BEI nó institiúid idirnáisiúnta airgeadais eile ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir chun feidhme, cuirfidh an comhlacht deimhniúcháin muinín sa tuarascáil bhliantúil ar iniúchóireacht arna tarraingt suas ag iniúchóirí seachtracha na n-institiúidí sin. Cuirfidh na hinstitiúidí sin an tuarascáil bhliantúil ar iniúchóireacht ar fáil do na Ballstáit.
Leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme freisin:
na prionsabail iniúchóireachta ar a bhfuil tuairimí na gcomhlachtaí deimhniúcháin bunaithe, lena n-áirítear measúnú rioscaí, seiceálacha inmheánacha agus an leibhéal d'fhianaise iniúchóireachta a bhfuil gá leis;
na modhanna iniúchóireachta atá le húsáid ag na comhlachtaí deimhniúcháin, ag féachaint do chaighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta, chun a dtuairimí a thabhairt.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
Airteagal 13
Dea-chleachtais a mhalartú
Cuirfidh an Coimisiún malartú dea-chleachtais chun cinn idir na Ballstáit, go háirithe i ndáil le hobair na gcomhlachtaí rialachais faoin gCaibidil seo.
TEIDEAL III
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS CERT AGUS CETFT
CAIBIDIL I
CERT
Airteagal 14
Uasteorainn bhuiséadach
Airteagal 15
Comhlíonadh na huasteorann
Airteagal 16
Cúlchiste talmhaíochta
Déanfar na leithreasuithe le haghaidh an chúlchiste a iontráil go díreach isteach i mbuiséad an Aontais. Cuirfear cistí ón gcúlchiste ar fáil, sa bhliain airgeadais nó sna blianta airgeadais a bhfuil tacaíocht bhreise ag teastáil ina leith, le haghaidh na mbeart seo a leanas:
bearta chun na margaí talmhaíochta a chobhsú faoi Airteagail 8 go 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;
bearta eisceachtúla faoi Airteagal 219, Airteagal 220 agus Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
Más rud é nach leor na leithreasuithe sin atá ar fáil, féadfar smacht airgeadais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, mar rogha dheireanach, chun an cúlchiste a chistiú go dtí an méid tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
De mhaolú ar Airteagal 12(2), an tríú fomhír, den Rialachán Airgeadais, déanfar na leithreasuithe sin den chúlchiste nár gealladh a thabhairt anonn chun an cúlchiste a mhaoiniú sna blianta buiséadacha ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 2027.
Thairis sin, de mhaolú ar Airteagal 12(2), an tríú fomhír, den Rialachán Airgeadais, tabharfar an méid iomlán nár úsáideadh den chúlchiste do ghéarchéimeanna san earnáil talmhaíochta, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1306/2013, a bheidh ar fáil ag deireadh na bliana 2022 anonn chuig 2023 gan é a chur ar ais ina iomláine go dtí na línte buiséadacha lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (c), den Rialachán seo agus cuirfear ar fáil é a mhéid is gá chun an cúlchiste a bhunaítear leis an Airteagal seo a mhaoiniú tar éis na leithreasuithe atá ar fáil faoi fho-uasteorainn CERT a chur san áireamh. Aon leithreasuithe ón gcúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta a bheidh ar fáil fós tar éis an cúlchiste arna bhunú leis an Rialachán seo a mhaoiniú, cuirfear ar ais iad chuig na línte buiséadacha lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (c), den Rialachán seo.
Airteagal 17
Smacht airgeadais
Beidh feidhm ag an ráta coigeartaithe maidir le híocaíochtaí atá le deonú d'fheirmeoirí i gcás na n-idirghabhálacha agus na mbeart sonrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar mó iad ná EUR 2 000 don bhliain chomhfhreagrach féilire. Chun críocha na fomhíre seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2021/2115.
Faoin 30 Meitheamh den bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe ina leith, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar an ráta coigeartaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 103(2).
I gcás ina mbeidh leithreasuithe atá le tabhairt anonn i gcomhréir leis an gcéad fhomhír fós ar fáil agus inarb ionann méid iomlán na leithreasuithe nár gealladh agus atá ar fáil le haghaidh aisíocaíochta agus 0,2 % ar a laghad den uasteorainn bhliantúil le haghaidh chaiteachas CERT, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach, in aghaidh an Bhallstáit, méideanna na leithreasuithe nár gealladh atá le haisíoc leis na tairbhithe deiridh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 103(2).
Airteagal 18
Nós imeachta maidir le smacht buiséadach
Más rud é, ag deireadh bhliain bhuiséadach N, go sáraíonn iarratais ar aisíocaíochtaí ó na Ballstáit an méid dá dtagraítear in Airteagal 14, nó más dóchúil go sáróidh siad an méid sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
na hiarratais a chuirfidh na Ballstáit isteach a bhreithniú ar bhonn pro rata faoi réir an bhuiséid atá ar fáil, agus glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar go sealadach méid na n-íocaíochtaí don mhí lena mbaineann;
a chinneadh, i gcás gach Ballstáit, an 28 Feabhra de bhliain bhuiséadach N + 1 nó roimhe, cén staid ina bhfuil sé maidir le maoiniú ón Aontas do bhliain bhuiséadach N;
gníomhartha chur chun feidhme a ghlacadh lena socrófar méid iomlán an mhaoinithe ón Aontas arna mhiondealú de réir Ballstáit, ar bhonn ráta aonair, laistigh de theorainn an mhéid a bhí ar fáil do na híocaíochtaí míosúla;
aon chúiteamh atá le déanamh i leith na mBallstát, nuair a dhéantar na híocaíochtaí míosúla do mhí an Mhárta i mbliain buiséadach N+1 ar a dhéanaí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i bpointe (a) agus pointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 103(2).
Airteagal 19
Córas luathrabhaidh agus faireacháin
Chun a áirithiú nach sárófar an uasteorainn bhuiséadach dá dtagraítear in Airteagal 14, déanfaidh an Coimisiún córas míosúil luathrabhaidh agus faireacháin a chur chun feidhme i dtaobh chaiteachas CERT.
Chun na críche sin, ag tús gach bliana buiséadaí, déanfaidh an Coimisiún próifílí míosúla caiteachais a chinneadh, próifílí a bheidh bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar an meánchaiteachas míosúil sna 3 bliana roimhe sin.
Ó am go chéile, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdófar forbairt an chaiteachais arna dhéanamh i ndáil leis na próifílí agus ina mbeidh measúnú ar an gcur chun feidhme tuartha don bhliain bhuiséadach reatha.
Airteagal 20
Íocaíochtaí míosúla
Airteagal 21
Nós imeachta maidir le híocaíochtaí míosúla
Airteagal 22
Costais riaracháin agus phearsanra
Ní sheasfaidh CERT caiteachas a bhaineann le costais riaracháin agus phearsanra arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag tairbhithe na cabhrach ó CERT.
Airteagal 23
Caiteachas idirghabhála poiblí
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
cineál na mbeart atá incháilithe do mhaoiniú ón Aontais agus na coinníollacha aisíocaíochta;
na coinníollacha incháilitheachta agus na modhanna ríomha bunaithe ar an bhfaisnéis arna breathnú go hiarbhír ag na gníomhaireachtaí íocaíochta, ar rátaí comhréidhe arna gcinneadh ag an gCoimisiún, nó ar mhéideanna comhréidhe nó neamh-chomhréidhe dá bhforáiltear sa reachtaíocht talmhaíochta in earnálacha sonracha;
oibríochtaí i ndáil le hidirghabháil phoiblí a luacháil, na bearta atá le déanamh i gcás ina gcaillfear táirgí nó ina dtiocfaidh meath orthu faoin idirghabháil phoiblí agus na méideanna atá le maoiniú a chinneadh.
Airteagal 24
Sonraí satailíte a fháil
Aontóidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcomhréir leis an tsonraíocht arna hullmhú ag gach Ballstát, liosta na sonraí satailíte is gá le haghaidh an chórais faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (c).
I gcomhréir le hAirteagal 7, bpointe (b), soláthróidh an Coimisiún na sonraí satailíte saor in aisce do na húdaráis atá inniúil don chóras faireacháin limistéir nó do sholáthraithe seirbhísí atá údaraithe ag na húdaráis sin chun ionadaíocht a dhéanamh orthu.
Is faoi úinéireacht an Choimisiún a fhanfaidh na sonraí satailíte.
Féadfaidh an Coimisiún cúram a chur ar chomhlachtaí speisialaithe cúraimí a dhéanamh a bhaineann le teicnící nó modhanna oibre i ndáil leis an gcóras faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (c).
Airteagal 25
Faireachán ar acmhainní talmhaíochta
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí arna maoiniú de bhun Airteagal 7, pointe (c), cur ar chumas an Choimisiúin na nithe seo a leanas a dhéanamh:
margaí talmhaíochta an Aontais a bhainistiú i gcomhthéacs domhanda;
faireachán agranamaíoch agus agra-chomhshaoil-aeráide ar úsáid talún talmhaíochta agus ar athrú ar an úsáid talún talmhaíochta, lena n-áirítear agrafhoraoiseacht, a áirithiú, chomh maith le faireachán ar bhail na hithreach, na mbarr na dtírdhreach agus na talún talmhaíochta a áirithiú chun gur féidir meastacháin a dhéanamh, go háirithe maidir le táirgeacht agus táirgeadh talmhaíochta agus na tionchair thalmhaíochta a bhaineann le himthosca eisceachtúla, agus chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na gcóras talmhaíochta agus ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ábhartha na Náisiúin Aontaithe a bhaint amach;
rochtain ar na meastacháin dá dtagraítear i bpointe (b) a roinnt i gcomhthéacs idirnáisiúnta, amhail na tionscnaimh arna gcomhordú ag eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear fardail maidir le gás ceaptha teasa a bhunú faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, nó ag gníomhaireachtaí idirnáisiúnta eile;
rannchuidiú le bearta sonracha lena méadaítear trédhearcacht margaí domhanda agus cuspóirí agus gealltanais an Aontais á gcur san áireamh;
obair leantach theicneolaíoch an gcóras agraimeitéareolaíoch a áirithiú.
De bhun Airteagal 7, pointe (c), maoineoidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
bailiú nó ceannach na sonraí is gá chun CBT a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear sonraí satailíte, sonraí geo-spásúla agus sonraí meitéareolaíocha;
infreastruchtúr sonraí spásúla agus suíomh gréasáin a chur ar bun;
staidéir shonracha ar dhálaí aeráide a dhéanamh;
cianbhraiteacht a úsáidtear chun cabhrú le faireachán a dhéanamh ar an athrú ar úsáid talún talmhaíochta, sláinte ithreach; agus
samhlacha agraimeitéareolaíocha agus eacnaiméadracha a nuashonrú.
I gcás inar gá, déanfar na bearta sin i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an tIonad Comhpháirteach Taighde, saotharlanna agus comhlachtaí náisiúnta nó le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí.
Airteagal 26
Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le hAirteagal 24 agus Airteagal 25
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid seo a leanas:
rialacha maidir leis an maoiniú de bhun Airteagal 7, pointe (b) agus pointe (c);
an nós imeachta faoina ndéanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 chun na cuspóirí sannta a bhaint amach;
an creat lena rialaítear fáil, beachtú agus úsáid sonraí satailíte agus sonraí meitéareolaíocha, agus na sprioc-amanna is infheidhme.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
CAIBIDIL II
CETFT
Airteagal 27
Forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le gach íocaíocht
Gan dochar d’Airteagal 34(1), sannfar na híocaíochtaí sin don ghealltanas buiséadach is luaithe a bheidh oscailte.
Airteagal 28
Ranníocaíocht airgeadais ó CETFT
Déanfar an ranníocaíocht airgeadais ó CETFT le caiteachas faoi Phleananna Straitéiseacha CBT a chinneadh maidir le gach Plean Straitéiseach CBT laistigh de na huasteorainneacha arna mbunú ag dlí an Aontais maidir le tacaíocht ó CETFT d’idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT.
Airteagal 29
Gealltanais bhuiséadacha
Airteagal 30
Forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le híocaíochtaí le hidirghabhálacha forbartha tuaithe
Nuair a shroichfear uasteorainn 95 %, leanfaidh na Ballstáit de bheith ag tarchur iarratais ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún.
Airteagal 31
Socruithe réamhmhaoinithe
I ndiaidh chinneadh cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le Plean Straitéiseach CBT a fhormheas, íocfaidh sé méid réamh-mhaoinithe tosaigh leis an mBallstát le haghaidh thréimhse iomlán Phlean Straitéiseach CBT. Íocfar an méid réamh-mhaoinithe tosaigh sin i dtráthchodanna mar a leanas:
in 2023: 1 % de mhéid na tacaíochta ó CETFT do thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT;
in 2024: 1 % de mhéid na tacaíochta ó CETFT do thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT;
in 2025: 1 % de mhéid na tacaíochta ó CETFT do thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT.
Más rud á go ndéanfar Plean Straitéiseach CBT a fhormheas in 2024 nó níos déanaí, íocfar na tráthchodanna ó na bliana roimhe gan mhoill tar éis an fhormheasa sin.
Airteagal 32
Íocaíochtaí eatramhacha
Áireofar le híocaíochtaí eatramhacha freisin na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 94(2) de Rialachán (AE) 2021/2115
I gcás ina gcuirfear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 59(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, is i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas a chuirfear isteach na dearbhuithe caiteachais a chuimsíonn caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais:
beidh an méid a áirítear sa chéad dearbhú caiteachais íoctha cheana leis an ionstraim airgeadais agus is féidir suas le 30 % de mhéid iomlán den chaiteachas poiblí incháilithe geallta do na hionstraimí airgeadais faoin gconradh cistiúcháin ábhartha a bheith ann;
áireofar an caiteachas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 80(5) den Rialachán sin sa mhéid a áirítear i ndearbhuithe caiteachais a chuirfear isteach ina dhiaidh sin le linn na tréimhse incháilitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 86(4) de Rialachán (AE) 2021/2115
Déanfar an Coimisiún gach íocaíocht eatramhach, faoi réir chomhlíonadh na gceanglas seo a leanas:
dearbhú caiteachais arna shíniú ag an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe a tharchur chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 90(1), pointe (c);
gan aon sárú a bheith ann ar ranníocaíocht iomlán CETFT le gach cineál idirghabhála don tréimhse iomlán atá cumhdaithe ag an bPlean Straitéiseach CBT lena mbaineann;
na doiciméid atá le tíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus Airteagal 12(2), a tharchur chuig an gCoimisiún.
Le dearbhuithe caiteachais, cumhdófar caiteachas a rinne na gníomhaireachtaí íocaíochta le linn gach ceann de na tréimhsí lena mbaineann. Cumhdóidh siad freisin na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 94(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 Mar sin féin, mura féidir caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 86(3) den Rialachán sin a dhearbhú leis an gCoimisiún sa tréimhse lena mbaineann de bhrí go bhfuiltear ag feitheamh ar fhormheas ón gCoimisiún maidir le leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119(10) den Rialachán sin, féadfar an caiteachas sin a dhearbhú i dtréimhsí ina dhiaidh sin.
Déanfar dearbhuithe caiteachais eatramhacha maidir le caiteachas a dhéanfar ón 16 Deireadh Fómhair ar aghaidh a chlárú faoi bhuiséad na bliana ina dhiaidh sin.
Féadfar an teorainn ama d’íocaíochtaí eatramhacha a leagtar síos i mír 8 a bhriseadh le haghaidh an méid iomláin a n-éilítear íocaíocht ina leith nó le haghaidh cuid den mhéid sin, ar feadh uastréimhse 6 mhí, ón dáta a sheoltar an t-iarratas ar íocaíocht agus go dtí go bhfaightear an fhaisnéis iarrtha a mheastar a bheith sásúil. Féadfaidh an Ballstát aontú tréimhse an bhriste a shíneadh ar feadh thréimhse 3 mhí eile.
I gcás nach bhfreagróidh an Ballstát lena mbaineann an t-iarratas ar fhaisnéis bhreise laistigh den tréimhse arna socrú san iarratas sin nó ina measfar nach bhfuil an freagra sásúil nó ina gcuirfidh an Ballstát in iúl nár comhlíonadh na rialacha is infheidhme nó gur baineadh úsáid mhíchuí as Cistí an Aontais, féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí a chur ar fionraí nó a laghdú i gcomhréir le hAirteagail 39 go 42.
Airteagal 33
An iarmhéid a íoc agus idirghabhálacha forbartha tuaithe i bPlean Straitéiseach CBT a dhúnadh
Airteagal 34
Saoradh uathoibríoch i bPleananna Straitéiseacha CBT
Déanfar neamhaird den mhéid seo a leanas agus an saoradh uathoibríoch á ríomh:
an chuid sin de na gealltanais bhuiséadacha a ndearnadh dearbhú caiteachais ina leith ach ar laghdaigh an Coimisiún a haisíocaíocht nó ar chuir sé ar fionraí í an 31 Nollaig i mbliain N + 2;
an chuid sin de na gealltanais bhuiséadacha nach raibh gníomhaireacht íocaíochta in ann a íoc amach ar chúiseanna force majeure, rud a bhfuil tionchar tromchúiseach aige ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT. Taispeánfaidh na húdaráis náisiúnta sin a mhaíonn force majeure na hiarmhairtí díreacha ar chur chun feidhme na n-idirghabhálacha forbartha tuaithe uile, nó cuid díobh, atá i bPleananna Straitéiseacha CBT.
Faoin 31 Eanáir gach bliain, seolfaidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún i dtaobh na n-eisceachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na méideanna a dearbhaíodh faoi dheireadh na bliana roimhe sin.
CAIBIDIL III
Forálacha Coiteanna
Airteagal 35
An bhliain airgeadais talmhaíochta
Gan dochar do na forálacha speisialta maidir le dearbhuithe caiteachais agus ioncaim a bhaineann le hidirghabháil phoiblí arna leagan síos ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 47(2), an chéad fhomhír, pointe (a), cumhdófar leis an mbliain airgeadais caiteachas arna íoc agus ioncam arna fháil agus arna iontráil ag na gníomhaireachtaí íocaíochta i gcuntais CERT agus CETFT i leith na bliana airgeadais “N” dar tús an 16 Deireadh Fómhair den bhliain N-1 agus dar críoch an 15 Deireadh Fómhair den bhliain N.
Airteagal 36
Cosc ar chistiú dúbailte
Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil caiteachas arna mhaoiniú faoi CERT nó faoi CETFT faoi réir aon mhaoiniú eile ó bhuiséad an Aontais.
Faoi CETFT, ní thabharfar foirmeacha éagsúla tacaíochta d'oibríocht ó Phleananna Straitéiseach CBT agus ó na cistí eile dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó ó ionstraimí eile de chuid an Aontais ach amháin i gcás nach mó an méid iomlán cabhrach carnaí a dheonaítear faoi na foirmeacha éagsúla tacaíochta an déine cabhrach ná an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcineál idirghabhála sin dá dtagraítear i dTeideal III de Rialachán (AE) 2021/2115 I gcásanna sin den sórt, ní dhearbhóidh na Ballstáit an caiteachas céanna leis an gCoimisiún i leith tacaíocht:
ó chiste eile dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais; nó
ón bPlean Straitéiseach céanna CBT.
Féadfar méid an chaiteachais atá le hiontráil sa dearbhú caiteachais a ríomh ar bhonn pro rata, i gcomhréir leis an doiciméad lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.
Airteagal 37
Incháilitheacht caiteachais arna chur i gcrích ag na gníomhaireachtaí íocaíochta
Ní fhéadfaidh maoiniú ón Aontas an caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus Airteagal 6 a chumhdach ach amháin i gcás go ndearna gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe an caiteachas sin agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
rinneadh é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais; nó
maidir leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115,
meaitseáiltear é le haschur tuairiscithe comhlántach, agus
má rinneadh é i gcomhréir leis na córais is infheidhme de chuid an Aontais, nach gcuimsítear leo na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh tairbhithe aonair a leagtar síos i bPleananna Straitéiseacha ábhartha CBT.
Airteagal 38
Comhlíonadh sprioc-amanna íocaíochta
Airteagal 39
Íocaíochtaí míosúla agus eatramhacha a laghdú
Airteagal 40
Íocaíochtaí maidir leis an imréiteach bliantúil a chur ar fionraí
Maidir leis na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 32, measfar dearbhuithe caiteachais a bheith doghlactha i gcomhréir le mír 7 den Airteagal sin.
Cuirfear an fhionraíocht i bhfeidhm ar an gcaiteachas ábhartha i dtaca leis na hidirghabhálacha ar a ndearnadh an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 54(2) agus ní sháróidh an méid atá le cur ar fionraí an céatadán a chomhfhreagraíonn don laghdú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 54(2). Aisíocfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit na méideanna a cuireadh ar fionraí nó laghdófar iad go buan, ar a dhéanaí, trí bhíthin an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 54 a bhaineann leis an mbliain ar ina leith a fionraíodh na híocaíochtaí. Mar sin féin, má léiríonn na Ballstáit go ndearnadh na bearta ceartaitheacha is gá, féadfaidh an Coimisiún an fionraí a fhoirceannadh níos luaithe i ngníomh cur chun feidhme ar leith.
Sula nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus sa chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina rún agus tabharfaidh sé deis don Bhallstát a bharúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse nach giorra ná 30 lá.
Airteagal 41
Íocaíochtaí maidir leis an bhfaireachán ilbhliantúil ar fheidhmíocht a chur ar fionraí
Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann freagra laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis don Choimisiún plean gníomhaíochta a iarraidh.
Laistigh de thréimhse 2 mhí ón bplean gníomhaíochta a fháil ón mBallstát lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát sin ar an eolas i scríbhinn maidir lena agóidí i gcoinne an phlean gníomhaíochta a tíolacadh agus iarrfaidh sé lena mhodhnú. Comhlíonfaidh an Ballstát lena mbaineann an plean gníomhaíochta, mar a thoiligh an Coimisiún, laistigh den tréimhse a bhfuiltear ag súil leis chun é a chur i gcrích.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos breis rialacha maidir le struchtúr na bpleananna gníomhaíochta agus an nós imeachta chun na pleananna gníomhaíochta a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, an iarraidh ar phlean gníomhaíochta ón gCoimisiún don bhliain airgeadais 2025, ní chuirfear íocaíochtaí ar fionraí roimh an athbhreithniú feidhmíochta don bhliain airgeadais 2026, dá bhforáiltear in Airteagal 135(3) de Rialachán (AE)2021/2115
Cuirfear fionraíocht na n-íocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta ó thaobh an chaiteachais ábhartha a bhaineann leis na hidirghabhálacha a bhí le bheith cumhdaithe ag an bplean gníomhaíochta sin.
Aisíocfaidh an Coimisiún na méideanna a cuireadh ar fionraí nuair, de bhonn an athbhreithnithe feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 135 de Rialachán (AE) 2021/2115 nó de bhonn an fhógra dheonaigh a thug an Ballstát lena mbaineann le linn na bliana airgeadais maidir leis an bplean gníomhaíochta a chur chun cinn agus leis an ngníomh ceartaitheach a rinneadh chun an t-easnamh a leigheas, a dhéanfar dul chun cinn sásúil i dtreo spriocanna.
Mura leigheasfar an cás roimh dheireadh na tréimhse 2 mhí dhéag ó chuirtear na híocaíochtaí ar fionraí, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena laghdaítear go deifnídeach an méid curtha ar fionraí le haghaidh an Bhallstáit lena mbaineann.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 103(2).
Roimh don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina rún agus iarrfaidh sé air freagra a thabhairt laistigh de thréimhse nach lú ná 30 lá.
Airteagal 42
Íocaíochtaí maidir le heasnaimh i gcórais rialachais a chur ar fionraí
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le struchtúr na bpleananna gníomhaíochta agus an nós imeachta chun na pleananna gníomhaíochta a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
Cuirfear an fhionraíocht i bhfeidhm de réir phrionsabal na comhréireachta ó thaobh an chaiteachais ábhartha arna dhéanamh ag an mBallstát ina bhfuil na heasnaimh, ar feadh tréimhse a bheidh le cinneadh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar tréimhse í nach faide ná 12 mhí. Má leantar de chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir leis an bhfionraíocht, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse sin ar feadh tréimhsí eile nach faide ná 12 mhí ar an iomlán. Agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 55 á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún na méideanna a cuireadh ar fionraí san áireamh.
Roimh dó gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina rún agus iarrfaidh sé air freagra a thabhairt laistigh de thréimhse nach lú ná 30 lá.
Airteagal 43
Cuntais ar leith a choinneáil
Airteagal 44
Íocaíocht le tairbhithe
D'ainneoin na chéad fomhíre, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh:
roimh an 1 Nollaig, ach ní roimh an 16 Deireadh Fómhair, réamhíocaíochtaí suas le 50 % a dhéanamh i leith idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus i leith na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013;
roimh an 1 Nollaig, réamhíocaíochtaí suas le 75 % a dhéanamh i leith na tacaíochta arna deonú faoi idirghabhálacha forbartha tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Airteagal 45
Ioncam a shannadh
Measfar gur ioncam sannta a bheidh sa mhéid seo a leanas de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais:
maidir le caiteachas faoi CERT agus CETFT araon, suimeanna faoi Airteagal 38, Airteagal 54 agus Airteagal 55 den Rialachán seo agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 104 den Rialachán seo agus, maidir le caiteachas faoi CERT, suimeanna faoi Airteagal 53 agus Airteagal 56 den Rialachán seo, atá le híoc isteach i mbuiséad an Aontais, mar aon le hús ar na nithe seo a leanas;
méideanna ar pionóis iad arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2115, a mhéid a bhaineann le caiteachas faoi CERT;
aon urrús, taisce nó ráthaíocht arna soláthar de bhun dhlí an Aontais arna glacadh faoi chreat CBT, lena n-eisiatar idirghabhálacha forbartha tuaithe, agus a forghéilleadh ina dhiaidh sin; coimeádfaidh na Ballstáit, áfach, na hurrúis forghéillte arna dtaisceadh agus ceadúnais onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin á n-eisiúint nó faoi nós imeachta tairisceana chun a áirithiú go gcuireann tairgeoirí tairiscintí dáiríre isteach agus chuige sin amháin;
suimeanna arna laghdú go deifnídeach i gcomhréir le hAirteagal 41(2).
Airteagal 46
Bearta faisnéise
Soláthrófar faisnéis chomhtháite, fhianaisebhunaithe, oibiachtúil chuimsitheach, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, agus leagfar amach ann na gníomhaíochtaí cumarsáide atá beartaithe i bplean straitéiseach ilbhliantúil an Choimisiúin don talmhaíocht agus d'fhorbairt tuaithe.
Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith sna bearta dá dtagraítear i mír 1:
cláir bhliantúla oibre nó bearta sonracha eile arna gcur i láthair ag tríú páirtithe;
gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ar thionscnamh an Choimisiúin.
Eisiafar na bearta sin a cheanglaítear le dlí nó na bearta sin a fhaigheann maoiniú cheana faoi ghníomh eile de chuid an Aontais.
Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcur chun feidhme, féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún.
Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin le cumarsáid chorparáideach a áirithiú maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid is go mbaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.
Airteagal 47
Cumhachtaí eile de chuid an Choimisiúin a bhaineann leis an gCaibidil seo
I gcás nach mbeidh buiséad an Aontais glactha faoi thús na bliana buiséadaí nó i gcás ina sáróidh méid iomlán na ngealltanas an tairseach a leagtar síos in Airteagal 11(2) den Rialachán Airgeadais, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an modh is infheidhme i dtaca leis na gealltanais agus na méideanna a íoc.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
maoiniú agus cuntasaíocht beart idirghabhála i bhfoirm stóráil phoiblí, agus caiteachas eile arna mhaoiniú ag CERT agus CETFT;
na téarmaí agus na coinníollacha lena rialaítear cur chun feidhme nós imeachta an tsaortha uathoibríoch.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
CAIBIDIL IV
Imréiteach cuntas
Airteagal 48
Cur chuige iniúchóireachta aonair
I gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún muinín in obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo, ach amháin má chuireann sé in iúl don Bhallstát lena mbaineann nach féidir leis muinín a chur in obair an chomhlachta deimhniúcháin do bhliain airgeadais áirithe, agus cuirfidh sé san áireamh sa mheasúnú riosca an gá le hiniúchtaí de chuid an Choimisiúin a dhéanamh sa Bhallstát sin. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát sin ar an eolas faoi na cúiseanna nach féidir leis brath ar obair an chomhlachta deimhniúcháin lena mbaineann.
Airteagal 49
Seiceálacha ag an gCoimisiún
Gan dochar do na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit faoi dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta nó faoi Airteagal 287 CFAE, d'aon seiceáil a eagraítear faoi Airteagal 322 CFAE nó bunaithe ar Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 nó d'Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a eagrú sna Ballstáit d'fhonn an méid seo a leanas, go háirithe, a fhíorú, cibé acu:
an gcomhlíonfar nó nach gcomhlíonfar leis na cleachtais riaracháin rialacha an Aontais;
atá nó nach bhfuil aschur comhfhreagrach, mar a thuairiscítear sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht, ag caiteachas a thagann faoi raon feidhme Airteagal 5(2) agus Airteagal 6 den Rialachán seo agus atá i gcomhréir leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115;
an ndearnadh nó nach ndearnadh an caiteachas a chomhfhreagraíonn do na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013, agus (AE) Uimh. 1144/2014 agus an ndearnadh é a sheiceáil i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme;
an ndéanfar nó nach ndéanfar obair an chomhlachta deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 12 agus chun críocha Roinn 2 den Chaibidil seo;
an gcomhlíonfaidh nó nach gcomhlíonfaidh gníomhaireacht íocaíochta na coinníollacha íosta maidir le creidiúnú a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus cibé acu an gcuirfidh nó nach gcuirfidh an Ballstát Airteagal 9(4) i bhfeidhm i gceart;
an gcuirfidh nó nach gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Plean Straitéiseach CBT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2115;
atá nó nach bhfuil na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 42 curtha chun feidhme i gceart.
Na daoine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun seiceálacha a dhéanamh thar a cheann, nó na gníomhairí de chuid an Choimisiúin atá ag feidhmiú laistigh de raon feidhme na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh, beidh rochtain acu ar na leabhair agus ar na doiciméid ar fad eile, lena n-áirítear doiciméid agus meiteashonraí arna dtarraingt suas nó arna bhfáil agus arna dtaifeadadh ar mheán leictreonach, a bhaineann le caiteachas a mhaoinítear faoi CERT nó CETFT.
Ní dhéanfaidh na cumhachtaí maidir le seiceálacha difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena gcoimeádtar gníomhartha áirithe le haghaidh gníomhairí arna n-ainmniú go sonrach sa dlí náisiúnta. Gan dochar d'fhorálacha sonracha Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, ní ghlacfaidh na daoine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú thar a cheann páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine ar bhonn dhlí an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh rochtain acu, áfach, ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an mbealach sin.
Ar iarratas ón gCoimisiún agus le comhaontú ón mBallstát, déanfaidh comhlachtaí inniúla an Bhallstáit sin seiceálacha breise nó fiosrúcháin faoi na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Féadfaidh gníomhairí an Choimisiúin nó daoine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú thar a cheann páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin.
Chun na seiceálacha a fheabhsú, féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cúnamh a iarraidh ó údaráis na mBallstát sin le haghaidh seiceálacha nó fiosrúcháin áirithe.
Airteagal 50
Rochtain ar fhaisnéis
Airteagal 51
Rochtain ar dhoiciméid
Féadfar na doiciméid agus an fhaisnéis sin a choinneáil i bhfoirm leictreonach faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún de bhun mhír 3.
I gcás ina gcoinneoidh údarás, atá ag gníomhú faoi tharmligean ó ghníomhaireacht íocaíochta agus atá freagrach as caiteachas a údarú, na doiciméid sin agus an fhaisnéis sin, cuirfidh an t-údarás sin tuarascálacha chuig an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe maidir le líon na seiceálacha a rinneadh, ábhar na seiceálacha agus na bearta a glacadh i bhfianaise thorthaí na seiceálacha sin.
Airteagal 52
Cumhachtaí an Choimisiúin maidir le seiceálacha agus le doiciméid agus le faisnéis agus an oibleagáid maidir le comhoibriú
Airteagal 53
Imréiteach airgeadais bliantúil
Cumhdófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin sláine, cruinneas agus fírinne na gcuntas bliantúil a thíolacfar agus beidh siad gan dochar d’ábhar na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 54 agus Airteagal 55.
Airteagal 54
Imréiteach feidhmíochta bliantúil
Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin gan dochar d’ábhar na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 55 den Rialachán seo.
Airteagal 55
Nós imeachta comhréireachta
Mar sin féin, maidir leis na cineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, ní bheidh feidhm ag na heisiaimh ó mhaoiniú an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin i gcás ina mbeidh easnaimh thromchúiseacha ar fheidhmiú cuí chórais rialachais na mBallstát.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cásanna neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta le haghaidh tairbhithe aonair a leagtar síos i bPleananna Straitéiseacha CBT agus sna rialacha náisiúnta.
Mura dtiocfar ar chomhaontú, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh go dtionscnófar nós imeachta atá dírithe ar sheasamh an dá pháirtí a thabhairt chun réitigh laistigh de thréimhse 4 mhí. Is comhlacht idir-réitigh a chuirfidh an nós imeachta i gcrích. Cuirfear tuarascáil ar thoradh an nós imeachta sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh moltaí na tuarascála sula gcinnfidh sé an maoiniú a dhiúltú agus tabharfaidh sé bonn cirt má chinneann sé gan na moltaí sin a leanúint.
Ní dhiúltófar maoiniú i gcás na nithe seo a leanas:
an caiteachas atá léirithe in Airteagal 5(2) a dhéantar níos mó ná 24 mhí roimh don Choimisiún fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhallstát faoina thorthaí;
caiteachas ar idirghabhálacha ilbhliantúla a thagann faoi raon feidhme Airteagal 5(2) nó faoi raon feidhme na n-idirghabhálacha forbartha tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 6, i gcás ina gcuirfear an oibleagáid dheireanach ar an tairbhí níos mó ná 24 mhí roimh don Choimisiún fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhallstát faoina thorthaí;
caiteachas ar idirghabhálacha forbartha tuaithe, dá dtagraítear in Airteagal 6, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, i gcás ina ndéanfar an íocaíocht, nó de réir mar a bheidh, an íocaíocht dheireanach, ag an ngníomhaireacht íocaíochta, níos mó ná 24 mhí roimh don Choimisiún fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhallstát faoina thorthaí.
Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir leis na nithe seo a leanas:
cabhracha arna ndeonú ag Ballstát a bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún leis an nós imeachta ina leith a leagtar síos in Airteagal 108(2) CFAE;
sáruithe a bhfuil fógra ina leith tugtha ag an gCoimisiún don Bhallstát lena mbaineann, trí bhíthin tuairim réasúnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE;
sáruithe na mBallstát ar a n-oibleagáidí faoi Chaibidil III de Theideal IV den Rialachán seo, ar choinníoll go dtugann an Coimisiún fógra i scríbhinn don Bhallstát faoina thorthaí laistigh de 12 mhí ón uair a fhaigheann sé tuarascáil an Bhallstáit maidir le torthaí na seiceálacha ar an gcaiteachas lena mbaineann.
Airteagal 56
Forálacha a bhaineann go sonrach le CERT
Airteagal 57
Forálacha a bhaineann go sonrach le CETFT
Déanfar na méideanna de mhaoiniú an Aontais faoi CETFT a chuirtear ar ceal agus na méideanna a aisghabhtar, agus an t-ús ar na méideanna sin, a athdháileadh ar oibríochtaí forbartha tuaithe eile i bPlean Straitéiseach CBT. Mar sin féin, ní fhéadfaidh Ballstáit na cistí ón Aontas a cuireadh ar ceal nó a aisghabhadh a athúsáid ina n-iomláine ach amháin le haghaidh oibríocht forbartha tuaithe faoina bPleananna Straitéiseacha CBT agus ní fhéadfaidh siad iad a ath-leithdháileadh ar oibríochtaí forbartha tuaithe a bhí faoi réir coigeartú airgeadais.
Déanfaidh na Ballstáit aon suimeanna a íocadh go míchuí mar thoradh ar neamhrialtacht atá gan íoc ag tairbhí, i gcomhréir leis an Airteagal seo, a asbhaint ó aon íocaíochtaí a dhéanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta amach anseo leis an tairbhí.
De mhaolú ar mhír 1, an dara fomhír, maidir le hidirghabhálacha forbartha tuaithe a fhaigheann cabhair ó ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar ranníocaíocht a cuireadh ar ceal mar thoradh ar neamhchomhlíonadh aonair, a athúsáid laistigh den ionstraim airgeadais chéanna, mar a leanas:
más ar leibhéal an fhaighteora deiridh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2021/1060 a bhraitear an neamhchomhlíonadh is cúis le cealú na ranníocaíochta, ní fhéadfar an ranníocaíocht a athúsáid ach amháin d’fhaighteoirí deiridh eile laistigh den ionstraim airgeadais chéanna amháin;
más ar leibhéal an chiste shonraigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Rialachán (AE) 2021/1060 laistigh de chiste sealbhaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20) den Rialachán sin a bhraitear an neamhchomhlíonadh is cúis le cealú na ranníocaíochta, ní fhéadfar an ranníocaíocht a athúsáid ach amháin le haghaidh cistí sonracha eile.
Airteagal 58
Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le fritháireamh féideartha na méideanna agus le cineálacha fógra
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le fritháireamh féideartha na méideanna a eascraíonn as aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite agus maidir leis na cineálacha fógra agus cumarsáide a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún i dtaca leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
TEIDEAL IV
CÓRAIS RIALAITHE AGUS PIONÓIS
CAIBIDIL I
Rialacha ginearálta
Airteagal 59
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
Glacfaidh na Ballstáit, faoi chreat CBT, agus na córais rialachais infheidhme á n-urramú acu, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ar fad agus déanfaidh siad aon bheart eile is gá chun cosaint éifeachtach a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais lena n-áirítear cur i bhfeidhm éifeachtach na gcritéar maidir le hincháilitheacht caiteachais a leagtar síos in Airteagal 37. Bainfidh na gníomhartha agus na bearta sin leis na nithe seo a leanas go háirithe:
dlíthiúlacht agus rialtacht na n-oibríochtaí a mhaoinítear faoi CERT agus CETFT a sheiceáil, lena n-áirítear ar leibhéal na dtairbhithe agus mar a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT;
cosaint éifeachtach ar chalaois a áirithiú, go háirithe sna réimsí a mbaineann leibhéal níos airde riosca leo, ar díspreagadh í an chosaint sin, ag féachaint do na costais agus do na sochair agus do chomhréireacht na mbeart;
neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;
pionóis a fhorchur atá éifeachtach comhréireach agus athchomhairleach i gcomhréir le dlí an Aontais, nó ina éagmais sin, leis an dlí náisiúnta, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin, de réir mar is gá;
íocaíochtaí neamhdhlite móide ús a aisghabháil, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin de réir mar is gá, lena n-áirítear le haghaidh neamhrialtachtaí de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95.
Déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí is gá chun feidhmiú cuí a gcóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú agus dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna dhearbhú don Choimisiún a áirithiú.
Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i ndáil leis an méid sin, cuirfidh an Coimisiún uirlis mianadóireachta sonraí ar fáil do na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tionscadail, tairbhithe, conraitheoirí agus conarthaí agus ualach riaracháin íosta agus cosaint éifeachtach ar leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú ag an am céanna. Féadfar an uirlis mianadóireachta sonraí sin a úsáid chun nach mbeifear ag dul timpeall ar na rialacha faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 62. Faoi 2025, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar úsáid na huirlise aonair mianadóireachta sonraí agus ar idir-inoibritheacht na huirlise sin d’fhonn úsáid ghinearálaithe a bheith á baint aisti ag na Ballstáit.
Áiritheofar, go háirithe, leis na socruithe arna leagan amach ag na Ballstáit nach bhforchuirtear pionóis sna cásanna seo a leanas:
i gcás inarb é is cúis leis an neamhchomhlíonadh force majeure nó imthosca eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 3;
i gcás inarb é is cúis leis an neamhchomhlíonadh earráid a rinne an t-údarás inniúil nó údarás eile, agus i gcás nach raibh ar chumas an duine lena mbaineann an pionós riaracháin an earráid a bhrath go réasúnach;
i gcás inar féidir leis an duine lena mbaineann a léiriú go sásúil don údarás inniúil nach bhfuil locht air maidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó ina mbeidh an t-údarás inniúil sásta ar bhealach eile nach bhfuil locht ar an duine lena mbaineann.
I gcás inarb é force majeure nó imthosca eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 3 is cúis le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha faoina ndeonaítear an chabhair, coinneoidh an tairbhí an ceart chun cabhair a fháil.
Gach coinníoll arna bhunú ag na Ballstáit chun fhorlíonadh a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar síos le rialacha an Aontais maidir le tacaíocht a fháil ó CERT nó ó CETFT, beidh na coinníollacha sin infhíoraithe.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na rialacha is gá a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a bhaint amach. Féadfaidh baint a bheith ag na rialacha sin leis an méid seo a leanas:
na nósanna imeachta, na sprioc-amanna, an malartú faisnéise, na ceanglais maidir leis an uirlis mianadóireachta sonraí agus an fhaisnéis a bheidh le bailiú maidir le tairbhithe a shainaithint i ndáil leis na hoibleagáidí mar a leagtar amach iad i mír 1, mír 2 agus mír 4;
an fógra agus an chumarsáid atá le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 5 agus mír 7.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
Airteagal 60
Rialacha maidir le seiceálacha atá le déanamh
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an leibhéal seiceálacha is gá chun na rioscaí do leasanna airgeadais an Aontais a bhainistiú go héifeachtach. Tógfaidh an t-údarás ábhartha a shampla de sheiceálacha as measc líon iomlán na n-iarratasóirí arb éard a bheidh ann, nuair is iomchuí, cuid randamach agus cuid rioscabhunaithe.
Ní dhéanfar seiceálacha ar leibhéal BEI ná ar leibhéal institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát.
Maidir le bearta dá dtagraítear sa reachtaíocht talmhaíochta, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha is gá d’fhonn chur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo, agus go háirithe:
maidir le cnáib dá dtagraítear in Airteagal 4, an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115, rialacha maidir le bearta sonracha rialaithe agus modhanna chun leibhéil teitrihidreacannaibionóil a chinneadh;
maidir le cadás dá dtagraítear i bhforoinn 2 de Roinn 3 de Chaibidil II de Theideal III de Rialachán (AE) 2021/2115, córas le haghaidh seiceálacha ar na heagraíochtaí idirchraoibhe formheasta;
maidir le fíon dá dtagraítear in Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, rialacha maidir le limistéir a thomhas, agus le seiceálacha agus rialacha lena rialaítear na nósanna imeachta airgeadais sonracha chun seiceálacha a fheabhsú;
na tástálacha agus na modhanna atá le cur i bhfeidhm chun incháilitheacht táirgí le haghaidh idirghabháil phoiblí agus stóráil phríobháideach a shuí, agus úsáid nósanna imeachta tairisceana, le haghaidh idirghabháil phoiblí agus stóráil phríobháideach araon;
rialacha eile maidir leis na seiceálacha atá le déanamh ag na Ballstáit i dtaca leis na bearta a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
Airteagal 61
Neamhchomhlíonadh rialacha soláthair phoiblí
I gcás ina mbainfidh an neamhchomhlíonadh le rialacha de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta maidir le soláthar poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go gcinntear an chuid den chabhair nach bhfuil le híoc nó atá le tarraingt siar ar bhonn thromchúis an neamhchomhlíonta agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar difear do dhlíthiúlacht ná do rialtacht an idirbhirt ach suas go dtí an leibhéal den chuid sin den chabhair nach bhfuil le híoc ná atá le tarraingt siar.
Airteagal 62
Clásal imchéimniúcháin
Gan dochar d’fhorálacha sonracha dhlí an Aontais, déanfaidh na Ballstáit bearta éifeachtacha agus comhréireacha chun forálacha de dhlí an Aontais ar a bhfuiltear le dul timpeall a sheachaint agus chun a áirithiú nach ndeonófar aon bhuntáiste dá bhforáiltear faoin reachtaíocht talmhaíochta i bhfabhar duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sé suite ina leith gur go saorga, agus contrártha do chuspóirí na reachtaíochta sin, a cruthaíodh na dálaí is gá chun na buntáistí sin a fháil.
Airteagal 63
Comhoiriúnacht idirghabhálacha chun críocha seiceálacha in earnáil an fhíona
Chun críocha na hidirghabhálacha a chur i bhfeidhm in earnáil an fhíona dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, Roinn 4, de Rialachán (AE) 2021/2115., áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe a chuirtear i bhfeidhm ar na hidirghabhálacha sin comhoiriúnach leis an gcóras comhtháite dá dtagraítear i gCaibidil II den Teideal seo a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta;
na seiceálacha.
Airteagal 64
Urrúis
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 lena bhforlíonfar an Rialachán seo le rialacha lena n-áiritheofar cóir neamh-idirdhealaitheach, cothromas agus urramú phrionsabal na comhréireachta agus urrús á thaisceadh agus ar fíor an méid seo a leanas i leith na rialacha sin:
sonrófar leo an páirtí atá freagrach i gcás nach gcomhlíonfar oibleagáid;
leagtar síos leo na cásanna sonracha ina bhféadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh;
leagtar síos leo na coinníollacha is infheidhme maidir leis an urrús atá le taisceadh agus leis an ráthóir agus na coinníollacha chun an t-urrús sin a thaisceadh agus a scaoileadh;
leagtar síos leo na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an urrús arna thaisceadh i ndáil le réamhíocaíochtaí;
leagtar amach leo na hiarmhairtí a bhaineann le sárú na n-oibleagáidí dár taisceadh urrús, mar a fhoráiltear i mír 1, lena n-áirítear urrúis a fhorghéilleadh agus an ráta laghdaithe le cur i bhfeidhm nuair a scaoiltear urrúis le haghaidh aisíocaíochtaí, ceadúnais, tairiscintí nó iarratais ar leith, mar aon leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh oibleagáid arna cumhdach leis an urrús sin go hiomlán nó go páirteach, agus cineál na hoibleagáide, an méid maidir lenar sáraíodh an oibleagáid, an tréimhse thar an teorainn ama faoinar cheart an oibleagáid a chomhlíonadh agus an tráth faoinar tugadh an fhianaise gur comhlíonadh an oibleagáid, á gcur san áireamh.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
an cineál urrúis atá le taisceadh agus an nós imeachta maidir leis an urrús a thaisceadh, maidir le glacadh leis, agus maidir le hurrús nua a chur in ionad an bhunurrúis;
na nósanna imeachta maidir le hurrús a scaoileadh;
na fógraí atá le tabhairt ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
CAIBIDIL II
Córas comhtháite riaracháin agus rialaithe
Airteagal 65
Raon feidhme agus sainmhínithe a bhaineann leis an gCaibidil seo
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “iarratas geo-spásúil” foirm iarratais leictreonach ina gcuimsítear feidhmchlár teicneolaíochta faisnéise atá bunaithe ar chóras faisnéise geografaí lena gcuirtear ar chumas tairbhithe dáileachtaí talmhaíochta an ghabháltais mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2021/2115 agus na limistéar neamhthalmhaíochta a bhfuil íocaíocht éilithe ina leith a dhearbhú ó thaobh spáis de;
ciallaíonn “córas faireacháin limistéir” nós imeachta maidir le breathnóireacht, rianú agus measúnú rialta córasach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus cleachtais talmhaíochta ar limistéir thalmhaíochta trí bhíthin sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó sonraí eile dar luach atá comhionann ar a laghad;
ciallaíonn “córas chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú” an córas chun ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú a leagtar síos le Cuid IV, Teideal I, Caibidil 2, Roinn 1 de Rialachán (CE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );
ciallaíonn “dáileacht talmhaíochta” aonad, arna shainmhíniú ag Ballstáit, de limistéar talmhaíochta arna chinneadh i gcomhréir le) hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/2115
ciallaíonn “córas faisnéise geografaí” córas ríomhaireachta atá in ann faisnéis ina bhfuil tagairtí geografacha a ghabháil, a stóráil, a anailísiú agus a thaispeáint;
ciallaíonn “córas éilimh uathoibríoch” córas iarratais le haghaidh idirghabhálacha limistéar-bhunaithe nó ainmhí-bhunaithe ina bhfuil na sonraí a theastaíonn ón rialtas maidir le limistéir nó ainmhithe aonair a n-éilítear cúnamh ina leith ar a laghad ar fáil i mbunachair sonraí ríomhairithe oifigiúla arna mbainistiú ag an mBallstát agus go gcuirtear na sonraí sin ar fáil don tairbhí i gcás inar gá sin.
Airteagal 66
Eilimintí den chóras comhtháite
Beidh na heilimintí seo a leanas sa chóras comhtháite:
córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta;
córas iarratais geo-spásúil agus, i gcás inarb infheidhme, córas iarratais ainmhí-bhunaithe;
córas faireacháin limistéir;
córas chun tairbhithe idirghabhálacha agus beart dá dtagraítear in Airteagal 65(2) a aithint;
córas rialaithe agus pionóis;
i gcás inarb infheidhme, córas chun teidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú;
i gcás inarb infheidhme, córas chun ainmhithe a aithint agus a chlárú.
Airteagal 67
Sonraí a choinneáil agus a roinnt
Maidir leis na sonraí agus doiciméadacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a bhaineann leis an mbliain féilire nó bliain mhargaíochta reatha agus leis na 10 mbliana féilire nó margaíochta roimhe sin, beidh rochtain ar mhaithe le comhairliúchán orthu trí bhunachair shonraí an údaráis inniúil sa Bhallstát.
Féadfar sonraí arna n-úsáid don chóras faireacháin limistéir a stóráil mar shonraí loma ar fhreastalaí lasmuigh de chóras na n-údarás inniúil. Coimeádfar na sonraí sin ar fhreastalaí go ceann 3 bliana ar a laghad.
De mhaolú ar an dara fomhír, ní cheanglófar ar na Ballstáit a chuaigh isteach san Aontas sa bhliain 2013 nó níos déanaí a áirithiú go mbeidh na sonraí ar fáil ar mhaithe le comhairliúchán ach ó bhliain a n-aontachais.
De mhaolú ar an dara fomhír, ní cheanglófar ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na sonraí agus an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (c), ar fáil ar mhaithe le comhairliúchán ach ó dháta cur chun feidhme an chórais faireacháin limistéir.
Airteagal 68
Córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta
Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta:
go n-aithneofar go sainiúil leis an gcóras gach dáileacht talmhaíochta agus aonaid talún ina bhfuil limistéir neamhthalmhaíochta a mheasann na Ballstáit a bheith incháilithe chun an chabhair le haghaidh na n-idirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III de Rialachán (AE) 2021/2115 a fháil;
go mbeidh luachanna suas chun dáta ann maidir leis na limistéir a mheasann na Ballstáit a bheith incháilithe chun an chabhair le haghaidh na n-idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) a fháil;
go gcumasófar leis logánú ceart na ndáileachtaí talmhaíochta agus na limistéar talmhaíochta a bhfuil íocaíocht éilithe ina leith.
I gcás ina léireofar sa mheasúnú go bhfuil easnaimh sa chóras, déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí nó, dá uireasa sin, iarrfaidh an Coimisiún orthu plean gníomhaíochta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42.
Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil mheasúnachta agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme faoin 15 Feabhra tar éis na bliana féilire lena mbaineann.
Airteagal 69
Córas iarratais gheo-spásúil agus ainmhí-bhunaithe
I gcás ina léireofar sa mheasúnú go bhfuil easnaimh sa chóras, déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí nó, dá uireasa sin, iarrfaidh an Coimisiún orthu plean gníomhaíochta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42.
Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil mheasúnachta agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme faoin 15 Feabhra tar éis na bliana féilire lena mbaineann.
Airteagal 70
An córas faireacháin limistéir
I gcás ina léireofar sa mheasúnú go bhfuil easnaimh sa chóras, déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí nó, dá uireasa sin, iarrfaidh an Coimisiún orthu plean gníomhaíochta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42.
Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil mheasúnachta agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme faoin 15 Feabhra tar éis na bliana féilire lena mbaineann.
Airteagal 71
Córas chun tairbhithe a aithint
Ráthófar leis an gcóras chun céannacht gach tairbhí de na hidirghabhálacha agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 65(2) a thaifeadadh gur féidir gach iarratas a chuireann an tairbhí céanna isteach a aithint amhlaidh.
Airteagal 72
Córas rialaithe agus pionóis
Bunóidh na Ballstáit córas rialaithe agus pionóis dá dtagraítear in Airteagal 664(1), pointe (e). Déanfaidh na Ballstáit, trí na gníomhaireachtaí íocaíochta nó na comhlachtaí arna dtarmligean acu, seiceálacha riaracháin ar bhonn bliantúil ar an iarratas ar chabhair agus ar na héilimh ar íocaíocht chun dlíthiúlacht agus rialtacht i gcomhréir le hAirteagal 59(1), pointe (a), a fhíorú. Déanfar na seiceálacha sin a fhorlíonadh le seiceálacha ar an láthair agus féadfar iad a dhéanamh go cianda trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht.
Airteagal 73
Córas chun teidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú
Faoin gcóras chun teidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú, beifear in ann na teidlíochtaí a fhíorú leis na hiarratais agus leis an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta.
Airteagal 74
Cumhachtaí tarmligthe de chuid an Choimisiúin a bhaineann leis an gcóras comhtháite
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 ar gníomhartha iad atá riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar an córas comhtháite dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, comhleanúnach agus neamh-idirdhealaitheach a chosnaíonn leas airgeadais an Aontais, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis an méid seo a leanas:
rialacha maidir leis an measúnú cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 68, Airteagal 69 agus Airteagal 70;
rialacha maidir leis an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, an córas chun tairbhithe a aithint agus an córas chun teidlíochtaí íocaíochta a aithint agus a chlárú dá dtagraítear in Airteagal 68, Airteagal 71 agus Airteagal 73.
Airteagal 75
Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le hAirteagal 68, Airteagal 69 agus Airteagal 70
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
an fhoirm agus an t-ábhar agus na socruithe maidir leis an méid seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún nó a chur ar fáil dó:
na tuarascálacha measúnaithe ar chaighdeán an chórais aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, caighdeán an chórais iarratais gheo-spásúil agus caighdeán an chórais faireacháin limistéir;
na gníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 68, Airteagal 69 agus Airteagal 70;
gnéithe bunúsacha agus rialacha maidir leis an gcóras iarratais ar chabhair faoi Airteagal 69 agus an córas faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 70, lena n-áirítear paraiméadair an mhéadaithe a thiocfaidh ar líon na n-idirghabhálacha de réir a chéile faoin gcóras faireacháin limistéir.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
CAIBIDIL III
Grinnscrúdú ar idirbhearta
Airteagal 76
Raon feidhme agus sainmhínithe a bhaineann leis an gCaibidil seo
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le liosta de bhearta nach n-oireann do rialuithe breise ex post trí dhoiciméid tráchtála a ghrinnscrúdú, de bharr a ndeartha agus a gceanglas rialaithe, agus dá bhrí sin, níl siad le bheith faoi réir grinnscrúdú den sórt sin faoin gCaibidil seo.
Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “doiciméad tráchtála” na leabhair, na cláir, na dearbháin agus na doiciméid tacaíochta, na cuntais, na taifid táirgthe agus cháilíochta agus an comhfhreagras a bhaineann le gníomhaíocht gnó an ghnóthais, mar aon le sonraí tráchtála, pé cló a bheidh orthu, lena n-áirítear sonraí a stóráiltear go leictreonach, a mhéid a bhaineann na doiciméid nó na sonraí sin go díreach nó go hindíreach leis na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1;
ciallaíonn “tríú páirtí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bainteach go díreach nó go hindíreach le hidirbhearta arna ndéanamh ag CERT laistigh den chóras maoinithe.
Airteagal 77
Grinnscrúdú ó na Ballstáit
Airteagal 78
Cros-seiceálacha
Déanfar cruinneas na bpríomhshonraí atá faoi ghrinnscrúdú a fhíorú trí roinnt cros-seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear, i gcás inar gá, doiciméid tráchtála tríú páirtithe, atá oiriúnach do leibhéal an riosca atá i gceist, lena n-áirítear:
comparáidí le doiciméid tráchtála soláthraithe, custaiméirí, iompróirí agus tríú páirtithe eile;
seiceálacha fisiciúla, nuair is iomchuí, ar chainníocht agus ar chineál na stoc;
comparáid le taifid na sreafaí airgeadais is bunús leis na hidirbhearta a dhéanann CERT laistigh den chóras maoinithe, nó atá mar thoradh orthu;
seiceálacha, i ndáil le leabharchoimeád, nó taifid ar ghluaiseachtaí airgeadais lena léirítear, tráth an ghrinnscrúdaithe, gur doiciméid chruinne iad na doiciméid atá i seilbh na gníomhaireachta íocaíochta mar údar leis an gcabhair a íoctar leis an tairbhí.
Airteagal 79
Cúnamh frithpháirteach
Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile, arna iarraidh sin, chun an grinnscrúdú, dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:
i gcás ina mbeidh gnóthas nó tríú páirtí suite i mBallstát seachas an Ballstát inar íocadh nó ina bhfuarthas an tsuim atá i gceist, nó inar cheart í a bheith íoctha nó faighte;
i gcás ina mbeidh gnóthas nó tríú páirtí suite i mBallstát seachas an Ballstát sin ina bhfuil na doiciméid agus an fhaisnéis is gá le haghaidh grinnscrúdaithe le fáil.
Airteagal 80
Pleanáil agus tuairisciú
Gach bliain, roimh an 15 Aibreán, cuirfidh na Ballstáit na nithe a leanas chuig an gCoimisiún:
a bplean rialaithe dá dtagraítear i mír 1 agus líon na ngnóthas a bhfuil grinnscrúdú le déanamh orthu mar aon lena miondealú de réir earnála ar bhonn na méideanna a bhaineann leo;
tuarascáil mhionsonraithe ar chur i bhfeidhm na Caibidle seo don tréimhse grinnscrúdaithe roimhe sin, lena n-áirítear torthaí aon ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh faoi Airteagal 79.
Airteagal 81
Rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis agus grinnscrúdú
Airteagal 82
Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le grinnscrúdú ar idirbhearta
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Caibidle seo agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
feidhmíocht an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 77 i ndáil le gnóthais, ráta agus amscála an ghrinnscrúdaithe a roghnú;
feidhmíocht an chúnaimh fhrithpháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 79;
ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 80(2), pointe (b), agus aon fhógra eile atá ag teastáil faoin gCaibidil seo.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
CAIBIDIL IV
An córas rialaithe agus pionóis riaracháin maidir le coinníollacht
Airteagal 83
An córas rialála le haghaidh coinníollachta
Cuirfidh na Ballstáit córas ar bun d’fhonn a fhíorú go gcomhlíonfaidh na catagóirí seo a leanas de thairbhithe na hoibleagáidí a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115
tairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí díreacha faoi Theideal III, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2115;
tairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 70, Airteagal 71 agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2021/2115;
tairbhithe a fhaigheann tacaíocht i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 nó Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.
Na Ballstáit a mbeidh Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115 á chur i bhfeidhm acu, féadfaidh siad córas rialaithe simplithe a bhunú:
do na tairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115 nó
d'fheirmeoirí beaga, de réir mar a chinnfidh s na Ballstáit iad de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115 nach gcuireann isteach ar íocaíochtaí den sórt sin.
I gcás nach gcuirfidh Ballstát Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115 i bhfeidhm, féadfaidh sé córas rialaithe simplithe a bhunú d'fheirmeoirí le huasmhéid gabháltais nach mó ná 5 heicteár de limistéar talmhaíochta a dhearbhaítear i gcomhréir le hAirteagal 69(1).
Beidh na córais sin comhoiriúnach leis na córais rialaithe dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.
Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “ceanglas” gach ceanglas reachtúil bainistíochta aonair faoi dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2115 laistigh de ghníomh dlí ar leith, agus atá éagsúil ó thaobh substainte de le haon cheanglas eile de chuid an ghnímh dlí chéanna;
ciallaíonn “gníomh dlí” gach ceann de na treoracha agus rialacháin aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2115;
ciallaíonn “atarlú neamhchomhlíonta” neamhchomhlíonadh an cheanglais nó an chaighdeáin chéanna níos mó ná uair amháin laistigh de thréimhse leanúnach 3 bliana féilire, ar choinníoll gur cuireadh neamhchomhlíonadh roimhe seo in iúl don tairbhí agus, i gcás inarb ábhartha, go raibh an deis aige na bearta riachtanacha a dhéanamh chun an comhlíonadh roimhe seo a leigheas.
Chun a n-oibleagáidí rialaithe a leagtar síos i míreanna 1 go 4 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
áireoidh na Ballstáit sa chóras rialaithe seiceálacha ar an láthair chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tairbhithe na hoibleagáidí a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115;
féadfaidh siad, ag brath ar na ceanglais, caighdeáin, gníomhartha dlí nó réimsí coinníollachta atá i gceist, úsáid a bhaint as na seiceálacha, lena n-áirítear seiceálacha riaracháin, arna ndéanamh faoi na córais rialaithe is infheidhme maidir leis an gceanglas, caighdeán, gníomh dlí nó réimse coinníollachta, ar choinníoll go bhfuil éifeachtacht na seiceálacha sin comhionann, ar a laghad, leis na seiceálacha ar an láthair dá dtagraítear i bpointe (a);
féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as cianbhraiteacht nó as an gcóras faireacháin limistéir nó as teicneolaíochtaí ábhartha eile lena dtugtar cúnamh dóibh chun na seiceálacha ar an láthair dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh;
bunóidh siad an sampla rialaithe le haghaidh na seiceálacha ar an láthair dá dtagraítear i bpointe (a) atá le déanamh gach bliain ar bhonn anailíse riosca:
a chuirfidh san áireamh struchtúr feirme, agus a mbeidh feidhm ag fachtóirí ualaithe ina leith, an riosca bunúsach de neamhchomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, rannpháirtíocht tairbhithe sna seirbhísí comhairleacha feirme dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2115,
beidh comhpháirt randamach san áireamh iontu, agus
soláthrófar an sampla rialaithe a chumhdóidh ar a laghad 1 % de na tairbhithe a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo;
a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí coinníollachta i ndáil le Treoir 96/22/CE ón gComhairle ( 11 ), measfar go gcomhlíonfar ceanglas an ráta íosta a leagtar síos i bpointe (d) den mhír seo le cur i bhfeidhm leibhéil shonraigh samplála de phleananna faireacháin;
féadfaidh siad a chinneadh, agus an córas rialaithe simplithe dá dtagraítear i mír 2 á úsáid, an fíorú ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a eisiamh ó na seiceálacha ar an láthair dá dtagraítear sa phointe sin, i gcás inar féidir a léiriú nach bhféadfadh cásanna de neamhchomhlíonadh ag na tairbhithe lena mbaineann iarmhairtí suntasacha a bheith acu maidir le cuspóirí na ngníomhartha dlí agus na gcaighdeán lena mbaineann a bhaint amach.
Airteagal 84
Córas pionós riaracháin maidir le coinníollacht
Ní bheidh feidhm ag na pionóis riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin más rud é gur toradh é an neamhchomhlíonadh ar ghníomh nó ar neamhghníomh atá inchurtha go díreach i leith an tairbhí lena mbaineann, agus i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha breise seo a leanas nó an dá cheann díobh:
go mbaineann an neamhchomhlíonadh le gníomhaíocht talmhaíochta an tairbhí;
go mbaineann an neamhchomhlíonadh leis an ngabháltas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2021/2115 nó limistéir eile arna mbainistiú ag an tairbhí lonnaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna.
Maidir le limistéir foraoise, áfach, ní bheidh feidhm ag na pionóis riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás nach n-éileofar aon tacaíocht i leith an limistéir lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 70 agus Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/2115
Ina gcórais na bpionós riaracháin dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
áireoidh na Ballstáit rialacha maidir le cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin i gcásanna ina n-aistreofar an talamh talmhaíochta, nó gabháltas talmhaíochta, nó cuid de, le linn na bliana féilire lena mbaineann nó le linn na mblianta lena mbaineann; beidh na rialacha seo bunaithe ar shannadh cóir cothrom an dliteanais le haghaidh neamhchomhlíontaí i measc aistreoirí agus aistrithe;
féadfaidh siad a chinneadh, d'ainneoin mhír 1, gan pionós riaracháin a chur i bhfeidhm in aghaidh an tairbhí in aghaidh bliana féilire nuair is ionann an pionós agus EUR 100 nó níos lú; cuirfear an tairbhí ar an eolas, áfach, faoi thoradh an neamhchomhlíonta agus faoin oibleagáid gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh don todhchaí;
forálfaidh siad nach bhforchuirfear aon phionós riaracháin sna cásanna seo a leanas:
is é is cúis leis an neamhchomhlíonadh force majeure nó imthosca eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 3;
is é is cúis leis an neamhchomhlíonadh ordú ó údarás poiblí.
Chun críche na chéad fhomhíre, pointe (a), ciallaíonn “aistriú” aon chineál idirbhirt arb é is toradh dó nach bhfuil an talamh talmhaíochta nó an gabháltas talmhaíochta, nó cuid de, ar fáil a thuilleadh don aistreoir;
Airteagal 85
Na pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm agus a ríomh
Chun na laghduithe agus na heisiaimh sin a ríomh, cuirfear san áireamh déine, forleithne, buaine nó atarlú agus intinniúlacht an neamhchomhlíonta a braitheadh. Is éifeachteach, comhréireach agus athchomhairleach a bheidh na pionóis riaracháin a fhorchuirfear.
Is bunaithe ar na rialuithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 83(6) a bheidh na pionóis riaracháin.
Bunóidh na Ballstáit sásra feasachta chun a áirithiú go gcuirfear tairbhithe ar an eolas faoi neamhchomhlíonadh a bhraitear agus faoi bhearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith le déanamh. Áireofar sa sásra freisin na seirbhísí sonracha comhairleacha feirme dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2115, a bhféadfadh sé go mbeadh sé éigeantach do na tairbhithe a mbíonn rannpháirteach iontu.
I gcás neamhchomhlíonadh d’aon ghnó, is é a bheidh i gcéatadán an laghdaithe 15 % ar a laghad de mhéid iomlán na n-íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 86
Méideanna mar thoradh ar na pionóis riaracháin maidir le coinníollacht
Féadfaidh na Ballstáit 25 % de na méideanna atá mar thoradh ar na laghduithe agus na n-eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 85 a choinneáil.
CAIBIDIL V
An córas rialaithe agus pionóis riaracháin maidir le coinníollacht
Airteagal 87
An córas rialála le haghaidh coinníollachta
Chuige sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as a gcórais rialaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i réimse na reachtaíochta sóisialta agus fostaíochta agus as na caighdeáin saothair is infheidhme chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tairbhithe na cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 nó i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115
Airteagal 88
Córas pionós riaracháin maidir le coinníollacht shóisialta
Ní thabharfar fógra don ghníomhaireacht íocaíochta ach amháin i gcás inar toradh é an neamhchomhlíonadh ar ghníomh nó ar neamhghníomh atá inchurtha go díreach i leith an tairbhí lena mbaineann; agus i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha breise seo a leanas nó an dá cheann díobh:
go mbaineann an neamhchomhlíonadh le gníomhaíocht talmhaíochta an tairbhí;
go mbaineann an neamhchomhlíonadh leis an ngabháltas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2021/2115 nó limistéir eile arna mbainistiú ag an tairbhí lonnaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna.
Ina gcórais na bpionós riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 87 (1), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
féadfaidh siad a chinneadh, gan pionós riaracháin a chur i bhfeidhm in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana féilire nuair is ionann an pionós agus EUR 100 nó níos lú, cuirfear an tairbhí ar an eolas, áfach, faoi toradh an neamhchomhlíonta agus faoin oibleagáid gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh don todhchaí;
forálfaidh siad nach bhforchuirfear aon phionós riaracháin sna cásanna seo a leanas:
i gcás inarb é force majeure is cúis leis an neamhchomhlíonadh;
is é is cúis leis an neamhchomhlíonadh ordú ó údarás poiblí.
Airteagal 89
An pionós riaracháin a chur i bhfeidhm agus a ríomh
Agus na laghduithe agus na heisiaimh sin á ríomh, cuirfear san áireamh déine, forleithne, buaine nó atarlú agus intinniúlacht an neamhchomhlíonta a cinneadh, i gcomhréir leis an measúnú ó na húdaráis nó ó na comhlachtaí forfheidhmithe inniúla dá dtagraítear in Airteagal 87(2). Is éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a bheidh na pionóis riaracháin a fhorchuirfear.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha ábhartha Airteagal 85(2), (5) agus (6) maidir le cur i bhfeidhm agus ríomh na bpionós riaracháin.
TEIDEAL V
FORÁLACHA COITEANNA
CAIBIDIL I
Faisnéis a tharchur
Airteagal 90
Faisnéis a chur in iúl
Mar aon lena n-oibleagáidí cumarsáide de bhun Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún an fhaisnéis, na dearbhuithe agus na doiciméid seo a leanas:
i gcás gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe agus comhlachtaí comhordaithe ainmnithe agus creidiúnaithe:
a ndoiciméad creidiúnaithe,
a bhfeidhm (gníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe nó comhlacht comhordaithe ainmnithe agus creidiúnaithe),
i gcás inarb ábhartha, tarraingt siar a gcreidiúnaithe;
i gcás comhlachtaí creidiúnaithe:
a n-ainm,
a seoladh;
i gcás bearta a bhaineann le hoibríochtaí atá á maoiniú ag CERT agus CETFT:
dearbhuithe caiteachais, a mbeidh feidhm iarratas íocaíochta leo freisin, arna síniú ag an ngníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe nó ag an gcomhlacht comhordaithe ainmnithe agus creidiúnaithe agus an fhaisnéis is gá ag gabháil leo;
maidir le CERT, meastacháin ar a riachtanais airgeadais, agus, maidir le CETFT, nuashonrú ar dhearbhuithe caiteachais measta a thíolacfar le linn na bliana agus dearbhuithe caiteachais measta na bliana airgeadais ina dhiaidh sin;
dearbhú bainistíochta agus cuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe.
Airteagal 91
Rúndacht
Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 maidir leis an bhfaisnéis sin.
Airteagal 92
Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le faisnéis a tharchur
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
an fhoirm, an t-ábhar, na heatraimh, na sprioc-amanna agus na socruithe maidir leis an méid seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún nó a chur ar fáil dó:
dearbhuithe caiteachais agus meastacháin chaiteachais agus na nuashonruithe orthu, lena n-áirítear ioncam sannta,
dearbhú bainistíochta agus cuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí íocaíochta,
tuarascálacha deimhniúcháin na gcuntas,
ainmneacha agus sonraí na ngníomhaireachtaí íocaíochtaí creidiúnaithe, na ngníomhaireachtaí comhordaithe ainmnithe agus creidiúnaithe agus na ngníomhaireachtaí deimhniúcháin ainmnithe,
socruithe maidir le caiteachas arna mhaoiniú ag CERT agus CETFT a chur san áireamh agus a íoc,
fógraí maidir leis na coigeartuithe airgeadais arna ndéanamh ag na Ballstáit i dtaca le hidirghabhálacha forbartha tuaithe,
faisnéis maidir leis na bearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 59;
na socruithe lena rialaítear malartuithe faisnéise agus doiciméad idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus cur chun feidhme córas faisnéise lena n-áirítear cineál, formáid, agus ábhar na sonraí atá le próiseáil ag na córais sin agus na rialacha comhfhreagracha maidir le stóráil sonraí;
na fógraí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún maidir le faisnéis, doiciméid, staidrimh agus tuarascálacha, mar aon leis na sprioc-amanna agus na modhanna lena dtabharfar an fógra sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
CAIBIDIL II
Úsáid an euro
Airteagal 93
Prionsabail ghinearálta
Deonófar nó baileofar na praghsanna agus na méideanna sin in euro i gcás na mBallstát a bhfuil an euro glactha acu agus san airgeadra náisiúnta i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro glactha acu.
Airteagal 94
An ráta malairte agus an t-imeacht feidhme
Is é a bheidh san imeacht feidhme don ráta malairte:
cur i gcrích foirmiúlachtaí allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin i gcás méideanna arna mbailiú nó arna ndeonú le linn trádáil le tríú tíortha;
an t-imeacht trína ngnóthaítear cuspóir eacnamaíoch na hoibríochta i ngach cás eile.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, an comhshó a dhéanamh ar bhonn mheán na rátaí malairte arna socrú ag BCE le linn na míosa roimh an 1 Deireadh Fómhair den bhliain ar deonaíodh an chabhair ina leith. Socróidh agus foilseoidh na Ballstáit a roghnóidh an rogha sin an meánráta sin roimh an 1 Nollaig den bhliain sin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis na himeachtaí feidhme sin agus maidir leis an ráta malairte atá le húsáid. Cinnfear an t-imeacht feidhme sonrach agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:
coigeartuithe ar an ráta malairte a bheith infheidhme go hiarbhír a luaithe is féidir;
cosúlacht na n-imeachtaí feidhme i gcás oibríochtaí analógacha arna ndéanamh faoin eagraíocht mhargaidh;
comhtháthú sna himeachtaí feidhme le haghaidh na bpraghsanna agus na méideanna éagsúla a bhaineann leis an eagraíocht mhargaidh;
infheidhmitheacht agus éifeachtacht na seiceálacha ar chur i bhfeidhm rátaí malairte oiriúnacha.
Airteagal 95
Bearta cosanta agus maoluithe
Déanfar Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill maidir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
I gcás inar dóchúil go gcuirfidh cleachtais eisceachtúla airgeadaíochta a bhaineann le hairgeadra náisiúnta cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i mbaol, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le maoluithe ón gCaibidil seo, sna cásanna seo a leanas:
i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát teicnící neamhghnácha malartaithe, amhail rátaí éagsúla malairte, nó ina n-oibreoidh an tír comhaontuithe babhtála;
i gcás ina mbeidh airgeadraí ag na Ballstáit nach bhfuil luaite ar mhargaí airgeadraí eachtracha oifigiúla nó i gcás inar dóchúil go mbeidh saobhadh trádála ann de bharr threocht na n-airgeadraí sin.
Airteagal 96
An euro á úsáid ag Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu
CAIBIDIL III
Tuairisciú
Airteagal 97
An tuarascáil airgeadais bhliantúil
Faoi 30 Meán Fómhair gach bliain tar éis na bliana buiséadaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil airgeadais ar riar CERT agus CETFT le linn na bliana buiséadaí roimhe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.
CAIBIDIL IV
Trédhearcacht
Airteagal 98
Faisnéis maidir le tairbhithe a fhoilsiú
Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “oibríocht” beart, earnáil nó cineál idirghabhálacha;
ciallaíonn “costas iomlán na hoibríochta” suimeanna na híocaíochta a chomhfhreagraíonn le gach beart, earnáil nó cineál idirghabhálacha arna maoiniú ag CERT nó CETFT a fhaigheann gach tairbhí sa bhliain airgeadais lena mbaineann. A mhéid a bhaineann leis na híocaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na cineálacha idirghabhálacha arna maoiniú ag CETFT, comhfhreagraíonn na méideanna a fhoilseofar leis an maoiniú poiblí iomlán, lena n-áirítear ranníocaíocht an Aontais agus an ranníocaíocht náisiúnta araon;
ciallaíonn “táscaire suímh nó geoshuíomh don oibríocht” an bhardasacht ina bhfuil cónaí ar an tairbhí nó ina bhfuil sé cláraithe agus, más ann dó, an cód poist nó an chuid de lena sainaithnítear an bhardasacht.
Ní fhoilseoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 49(3), pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060 más ionann méid na cabhrach a fhaigheann tairbhí in aon bhliain amháin agus EUR 1 250 , nó má tá sé níos lú ná sin.
Airteagal 99
Tairbhithe a chur ar an eolas faoi fhoilsiú sonraí a bhaineann leo
Cuirfidh na Ballstáit na tairbhithe ar an eolas go bpoibleofar sonraí a bhaineann leo i gcomhréir le hAirteagal 98 agus go bhféadfaidh comhlachtaí iniúchóireachta agus fiosrúcháin de chuid an Aontais agus na mBallstát na sonraí sin a phróiseáil chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
I gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679, a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, cuirfidh na Ballstáit na tairbhithe ar an eolas maidir lena gcearta faoin Rialachán sin agus leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis na cearta sin a fheidhmiú.
Airteagal 100
Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le trédhearcacht
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
an fhoirm, lena n-áirítear an nós cur i láthair de réir birt, earnála, nó cineál idirghabhála, agus amscála an fhoilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 98 agus Airteagal 99;
cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagal 99;
an comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).
CAIBIDIL V
Sonraí pearsanta a chosaint
Airteagal 101
Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint
TEIDEAL VI
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 102
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 103
An nós imeachta coiste
Chun críocha Airteagail 11, 12, 17, 18, 23, 26, 32, 39 to 44, 47, 51 go 55, 58, 59, 60, 64, 75, 82, 92, 95 agus 100, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le hidirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, idirghabhálacha in earnálacha áirithe, idirghabhálacha forbartha tuaithe agus comheagrú na margaí, tabharfaidh an Coiste um na Cistí Talmhaíochta, Coiste an Chomhbheartais Talmhaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/2115 agus an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 faoi seach, cúnamh don Choimisiún.
TEIDEAL VII
FORÁLACHA DEIRIDH
Airteagal 104
Aisghairm
Ar an taobh eile:
Beidh feidhm fós ag Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagail 9, 17, 21 agus 34, Airteagal 35(4), Airteagail 36, 37, 38, 40 go 43, 51, 52, 54, 56, 59, 63, 64, 67, 68, 70 go 75, 77, 91 go 97, 99 agus 100, Airteagal 102(2) agus Airteagal 110 agus Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013:
maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin;
le haghaidh bearta arna gcur chun feidhme faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh 1144/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022;
le haghaidh na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad mhír, pointe (c) agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh d’oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus
a mhéid a bhaineann le CETFT i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat chur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;
Beidh feidhm fós ag Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus i gcreat cur chun feidhme clár forbartha tuaithe arna bhformheas ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus bearta eile faoi CBT a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil I de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chuirtear chun feidhme roimh an 1 Eanáir 2023;
Leanfaidh Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir le hioncam a dhearbhaítear i gcreat cur chun feidhme cláir forbartha tuaithe arna bhformheas ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 27/2004 ón gCoimisiún ( 13 );
Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir le caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 155(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 D’ainneoin sin, beidh feidhm ag Airteagal 31 den Rialachán seo maidir leis an gcaiteachas a dtugtar fógra ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 155(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, agus chun na críche sin measfar gur cineál idirghabhála é.
Airteagal 105
Bearta idirthréimhseacha
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102, ar gníomhartha iad atá riachtanach chun aistriú rianúil a áirithiú ó na bearta dá bhforáilítear i Rialachán (AE) Uimh 1306/2013, dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán seo, go iad siúd a leagtar síos sa Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le maoluithe ó na rialacha, agus breisithe ar na rialacha, dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Airteagal 106
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2023.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 16 maidir le caiteachas a dhéanfar ón 16 Deireadh Fómhair 2022 a mhéid a bhaineann le CERT,
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 |
An Rialachán seo |
Rialachán (AE) 2021/2115 |
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
- |
- |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 agus Airteagal 3 |
— |
- |
Airteagal 3 |
Airteagal 4 |
— |
- |
Airteagal 4 |
Airteagal 5 |
— |
- |
Airteagal 5 |
Airteagal 6 |
- |
- |
Airteagal 6 |
Airteagal 7 |
- |
- |
Airteagal 7(1), (2) agus (3) |
Airteagal 9 |
- |
- |
Airteagal 7(4) agus (5) |
Airteagal 10 |
— |
— |
Airteagal 7(6) |
— |
— |
— |
Airteagal 8 |
Airteagal 11 |
- |
- |
Airteagal 9 |
Airteagal 12 |
— |
- |
Airteagal 10 |
Airteagal 37, pointe (a) |
- |
- |
Airteagal 11 |
Airteagal 44(1) |
— |
- |
Airteagal 12 |
— |
Airteagal 15(1), (2) agus (4) |
- |
Airteagal 13(1) |
— |
Airteagal 15(3) |
- |
Airteagal 13(2) and (3) |
— |
— |
— |
Airteagal 14 |
— |
— |
- |
Airteagal 15 |
— |
— |
- |
Airteagal 16 |
Airteagal 14 |
— |
- |
Airteagal 17 |
Airteagal 20 |
— |
- |
Airteagal 18 |
Airteagal 21 |
— |
- |
Airteagal 19 |
Airteagal 22 |
— |
- |
Airteagal 20 |
Airteagal 23 |
- |
- |
Airteagal 21 |
Airteagal 24 |
- |
- |
Airteagal 22 |
Airteagal 25 |
- |
- |
Airteagal 23 |
Airteagal 26 |
- |
- |
Airteagal 24 |
Airteagal 15 |
— |
- |
Airteagal 25 |
Airteagal 16 |
- |
- |
Airteagal 26 |
Airteagal 17 |
- |
- |
Airteagal 27 |
Airteagal 18 |
- |
- |
Airteagal 28 |
Airteagal 19 |
— |
- |
Airteagal 29 |
— |
— |
— |
Airteagal 30 |
Airteagal 36 |
— |
— |
Airteagal 31 |
Airteagal 27 |
— |
— |
Airteagal 32 |
Airteagal 28 |
— |
— |
Airteagal 33 |
Airteagal 29 |
— |
— |
Airteagal 34 |
Airteagal 30 |
— |
— |
Airteagal 35 |
Airteagal 31 |
— |
— |
Airteagal 36 |
Airteagal 32 |
— |
— |
Airteagal 37 |
Airteagal 33 |
— |
— |
Airteagal 38 |
Airteagal 34 |
— |
— |
Airteagal 39 |
Airteagal 35 |
— |
— |
Airteagal 40 |
Airteagal 38 |
— |
— |
Airteagal 41 |
Airteagal 39 |
— |
— |
Airteagal 42 |
— |
— |
— |
Airteagal 43 |
Airteagal 45 |
— |
— |
Airteagal 44 |
Airteagal 43(1) |
— |
— |
Airteagal 45 |
Airteagal 46 |
— |
— |
Airteagal 46 |
Airteagal 43(2) agus Airteagal 47 |
— |
— |
Airteagal 47 |
Airteagal 49 |
— |
— |
Airteagal 48 |
Airteagal 50 |
— |
— |
Airteagal 49 |
Airteagal 51(1) agus (2) |
— |
— |
Airteagal 50 |
Airteagal 51(3) agus Airteagal 52 |
— |
— |
Airteagal 51 |
Airteagal 53 |
— |
— |
Airteagal 52 |
Airteagal 55 |
— |
— |
Airteagal 53 |
— |
— |
— |
Airteagal 54 |
— |
— |
— |
Airteagal 55 |
Airteagal 56 |
- |
— |
Airteagal 56 |
Airteagal 57 |
- |
— |
Airteagal 57 |
Airteagal 58 |
— |
— |
Airteagal 58 |
Airteagal 59 |
- |
— |
Airteagal 59 |
— |
- |
— |
Airteagal 60 |
Airteagal 62 |
- |
— |
Airteagal 61 |
Airteagal 63 |
— |
— |
Airteagal 62 |
Airteagal 60 |
— |
— |
Airteagal 63(1) an chéad fhomhír, (2)-(5) |
— |
— |
— |
Airteagal 63(1) an dara fomhír |
Airteagal 61 |
- |
— |
Airteagal 64 |
— |
- |
— |
Airteagal 65 |
— |
- |
— |
Airteagal 66 |
Airteagal 64 |
- |
— |
Airteagal 67 |
Airteagal 65 |
— |
— |
Airteagal 68 |
Airteagal 66 |
- |
— |
Airteagal 69(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 67(1), an dara fomhír |
- |
— |
Airteagal 69(1), an dara fomhír |
— |
— |
— |
Airteagal 69(1), an tríú fomhír |
Airteagal 67(1), an ceathrú fomhír |
— |
— |
Airteagal 69(2) |
Airteagal 67(2) |
— |
— |
Airteagal 70 |
Airteagal 68 |
- |
— |
Airteagal 71 |
Airteagal 73 |
— |
— |
Airteagal 72 |
Airteagal 69 |
— |
— |
Airteagal 73 |
Airteagal 71 |
— |
— |
Airteagal 74(1) |
Airteagal 72 |
- |
— |
Airteagal 74(2), (3) agus (4) |
— |
— |
— |
Airteagal 75 |
Airteagal 44(2), (3) agus (5) |
- |
— |
Airteagal 76 |
Airteagal 74 |
- |
— |
Airteagal 77 |
— |
- |
— |
Airteagal 78 |
Airteagal 75 |
— |
— |
Airteagal 79 |
Airteagal 76 |
- |
— |
Airteagal 80 |
Airteagal 77(1), (2) agus (5) |
- |
— |
Airteagal 81 |
Airteagal 78(1), (2) agus (3) |
- |
— |
Airteagal 82(1) agus (2) |
Airteagal 78(4) agus (5) |
— |
— |
Airteagal 82(3) agus (4) |
— |
— |
— |
Airteagal 83(1) |
Airteagal 79 |
— |
— |
Airteagal 83(2) agus (3) |
— |
— |
— |
Airteagal 84(1), (2) (3) agus (4) |
Airteagal 80 |
— |
— |
Airteagal 84(5) |
— |
— |
— |
Airteagal 84(6) |
Airteagal 77(4) |
— |
— |
Airteagal 85(1),(3) agus (4) |
- |
- |
— |
Airteagal 85(2) |
Airteagal 77(3) |
— |
— |
Airteagal 86(1) |
Airteagal 80(2), pointe (b) |
- |
— |
Airteagal 86(2) |
— |
— |
— |
Airteagal 87 |
Airteagal 81 |
- |
— |
Airteagal 88 |
Airteagal 82 |
- |
— |
Airteagal 89 |
— |
- |
Airteagal 90a |
Airteagal 90 |
— |
- |
Airteagal 116a |
Airteagal 91 |
— |
Airteagal 12 |
— |
Airteagal 92 |
— |
Airteagal 12 |
— |
Airteagal 93 |
— |
Airteagal 12 |
— |
Airteagal 94 |
— |
Airteagal 14 |
— |
Airteagal 95 |
— |
- |
— |
Airteagal 96 |
Airteagal 83 |
— |
— |
Airteagal 97 |
Airteagal 84 |
- |
— |
Airteagal 98 |
— |
- |
— |
Airteagal 99 |
Airteagal 85 |
- |
— |
Airteagal 100 |
Airteagal 86 |
— |
— |
Airteagal 101(1) |
— |
— |
— |
Airteagal 101(2) |
Airteagal 85(7) |
— |
— |
Airteagal 102 |
Airteagal 90 |
— |
— |
Airteagal 103 |
Airteagal 91 |
- |
— |
Airteagal 104 |
Airteagal 92 |
- |
— |
Airteagal 105 |
Airteagal 93 |
- |
— |
Airteagal 106 |
Airteagal 94 |
- |
— |
Airteagal 107 |
Airteagal 95 |
— |
— |
Airteagal 108 |
Airteagal 96 |
- |
— |
Airteagal 109 |
Airteagal 97 |
- |
— |
Airteagal 110 |
— |
Airteagal 128 |
— |
Airteagal 111 |
Airteagal 98(1), (2) agus(3) |
- |
— |
Airteagal 112 |
Airteagal 98(4) |
— |
— |
Airteagal 113 |
Airteagal 99 |
— |
— |
Airteagal 114 |
Airteagal 100 |
— |
— |
Airteagal 115 |
Airteagal 102 |
— |
— |
Airteagal 116 |
Airteagal 103 |
— |
— |
Airteagal 117 |
Airteagal 101 |
— |
— |
Airteagal 118 |
— |
— |
— |
Airteagal 119 |
Airteagal 104 |
— |
— |
Airteagal 119a |
- |
— |
— |
Airteagal 120 |
Airteagal 105 |
— |
— |
Airteagal 121 |
Airteagal 106 |
— |
— |
Iarscríbhinn I |
— |
— |
— |
Iarscríbhinn II |
— |
Iarscríbhinn III |
— |
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn |
— |
— |
( 1 ) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (IO L 11, 16.1.2003, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).
( 6 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 7 ) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
( 8 ) Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
( 9 ) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
( 10 ) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
( 11 ) Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar ß-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3).
( 12 ) ►C1 Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (Féach leathanach 262 den Iris Oifigiúil seo). ◄
( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 27/2004 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe idirthréimhseacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le maoiniú ag Roinn Ráthaíochta CETRT do bhearta forbartha tuaithe i bPoblacht na Seice, san Eastóin, sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Ungáir, i Málta, sa Pholainn, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic (IO L 5, 9.1.2004, lch. 36).