EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02021R0953-20220630
Regulation (EU) 2021/953 of the European Parliament and of the Council of 14 June 2021 on a framework for the issuance, verification and acceptance of interoperable COVID-19 vaccination, test and recovery certificates (EU Digital COVID Certificate) to facilitate free movement during the COVID-19 pandemic (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02021R0953 — GA — 30.06.2022 — 004.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2021/953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 211 15.6.2021, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2288 ÓN gCOIMISIÚN an 21 Nollaig 2021 |
L 458 |
459 |
22.12.2021 |
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/256 ÓN gCOIMISIÚN an 22 Feabhra 2022 |
L 42 |
4 |
23.2.2022 |
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/503 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Márta 2022 |
L 102 |
8 |
30.3.2022 |
|
RIALACHÁN (AE) 2022/1034 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Meitheamh 2022 |
L 173 |
37 |
30.6.2022 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2021/953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meitheamh 2021
maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo, creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo chun feidhmiú cheart na sealbhóirí chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19. Rannchuideofar leis an Rialachán seo freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh COVID-19 a theorannú.
Foráiltear leis don fhoras dlíthiúil chun na sonraí pearsanta a phróiseáil, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun deimhnithe den sórt sin a eisiúint, agus chun an fhaisnéis a bhfuil gá léi a phróiseáil chun barántúlacht agus bailíocht deimhnithe den sórt sin a fhíorú agus a dheimhniú i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “sealbhóir” duine dár eisíodh deimhniú idir-inoibritheach ina bhfuil faisnéis faoi vacsaíniú an duine sin in aghaidh COVID-19, toradh tástála le haghaidh COVID-19 an duine sin nó téarnamh an duine sin ó COVID-19, i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “Deimhniú Digiteach COVID AE” deimhnithe idir-inoibritheacha ina bhfuil faisnéis faoi vacsaíniú, toradh tástála nó téarnamh an tsealbhóra, ar deimhnithe iad arna n-eisiúint i gcomhthéacs phaindéim COVID-19;
ciallaíonn “vacsaín in aghaidh COVID-19” táirge íocshláinte imdhíoneolaíoch atá léirithe le haghaidh imdhíonadh gníomhach chun COVID-19 arb é SARS-CoV-2 is cúis leis a chosc;
ciallaíonn “tástáil NAAT” tástáil aimpliúcháin mhóilínigh aigéid núicléasaigh (NAAT), amhail teicnící um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise (RT-PCR), um aimpliúchán isiteirmeach trí mheán lúibe (LAMP) agus um aimpliúchán trí mheán tras-scríofa (TMA), a úsáidtear chun láithreacht aigéad ribeanúicléasach (RNA) SARS-CoV-2 a bhrath;
ciallaíonn “tástáil antaigine” tástáil i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas de thástáil a bhraitheann ar phróitéiní víreasacha (antaiginí) a bhrath chun a nochtadh go bhfuil SARS-CoV-2 ann:
mearthástálacha antaiginí, amhail imdhíonmheasúnachtaí sreafa chliathánaigh a chuireann torthaí ar fáil i níos lú ná 30 nóiméad;
measúnachtaí antaiginí saotharlainn-bhunaithe, amhail measúnachtaí imdhíonsúiteachta einsímnasctha nó imdhíonmheasúnachtaí uathoibrithe chun antaiginí a bhrath;
ciallaíonn “tástáil antasubstainte” tástáil saotharlainn-bhunaithe arb é is aidhm léi a bhrath an bhfuil antasubstaintí i gcoinne SARS-CoV-2 forbartha ag duine, rud a léiríonn gur nochtadh an sealbhóir do SARS-CoV-2 agus gur fhorbair sé nó sí antasubstaintí, is cuma cé acu an raibh siomptóim ag an duine sin nó nach raibh;
ciallaíonn “idir-inoibritheacht” an cumas atá i gcórais fíorúcháin i mBallstát úsáid a bhaint as sonraí a d’ionchódaigh Ballstát eile;
ciallaíonn “barrachód” modh chun sonraí a stóráil agus a léiriú i bhformáid amhairc atá inléite ag meaisín;
ciallaíonn “ríomhshéala” ríomhshéala mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
ciallaíonn “aitheantóir uathúil deimhnithe” aitheantóir uathúil a thugtar, i gcomhréir le comhstruchtúr, do gach deimhniú a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “creat iontaoibhe” na rialacha, na beartais, na sonraíochtaí, na prótacail, na formáidí sonraí agus an bonneagar digiteach lena rialáiltear agus lena gcumasaítear eisiúint agus fíorú iontaofa agus slán deimhnithe chun iontaofacht na ndeimhnithe sin a áirithiú trína mbarántúlacht, a mbailíocht agus a sláine a dheimhniú, trí ríomhshéalaí a úsáid.
Airteagal 3
Deimhniú Digiteach COVID AE
Leis an gcreat idir-inoibritheach maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, cumasófar eisiúint agus fíorú trasteorann aon cheann de na deimhnithe seo a leanas agus glacadh trasteorann leo:
deimhniú lena ndeimhnítear go bhfuair an sealbhóir vacsaín in aghaidh COVID-19 sa Bhallstát a d’eisigh an deimhniú (deimhniú vacsaínithe);
deimhniú lena ndeimhnítear go ndearnadh tástáil NAAT nó tástáil antaiginí a liostaítear i liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar an sealbhóir, ar tástáil í a rinne gairmithe sláinte nó pearsanra tástála oilte sa Bhallstát a eisíonn an deimhniú, agus lena gcuirtear in iúl cineál na tástála, an dáta a rinneadh í agus toradh na tástála (deimhniú tástála);
deimhniú lena ndeimhnítear, tar éis toradh dearfach ar thástáil NAAT, nó tástáil antaiginí atá liostaithe ar liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte, tástáil a rinne gairmithe sláinte nó pearsanra tástála oilte, gur théarnaigh an sealbhóir ó ionfhabhtú SARS-CoV-2 (deimhniú téarnaimh).
Foilseoidh an Coimisiún liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte, lena n-áirítear aon nuashonruithe.
Beidh an téacs seo a leanas sna deimhnithe dá dtagraítear i mír 1:
“Ní doiciméad taistil an deimhniú seo. Tá an fhianaise eolaíoch maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 i mbun forbartha i gcónaí, lena n-áirítear i ndáil le hathraithigh víris nua is ábhar imní. Roimh thaisteal duit, seiceáil, le do thoil, na bearta sláinte poiblí is infheidhme agus na srianta gaolmhara is infheidhme ag an gceann scríbe.”
Déanfaidh na Ballstáit faisnéis shoiléir, chuimsitheach agus thráthúil a sholáthar don sealbhóir maidir le heisiúint agus cuspóir deimhnithe vacsaínithe, deimhnithe tástála, nó deimhnithe téarnaimh chun críocha an Rialacháin seo.
Sula nglacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an eisíonn tríú tír den sórt sin deimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe sin arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar thug sí dearbhuithe foirmiúla go nglacfaidh sí le deimhnithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).
Airteagal 4
Creat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE
Airteagal 5
Deimhniú vacsaínithe
Beidh na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas sa deimhniú vacsaínithe:
céannacht an tsealbhóra;
faisnéis faoin vacsaín in aghaidh COVID-19 agus faoi líon na ndáileog a tugadh don sealbhóir, gan beann ar an mBallstát inar tugadh na dáileoga sin;
meiteashonraí an deimhnithe, amhail eisitheoir an deimhnithe nó aitheantóir uathúil deimhnithe.
Is i gcomhréir leis na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach i bpointe 1 den Iarscríbhinn a áireofar na sonraí pearsanta sa deimhniú vacsaínithe.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 chun pointe 1 den Iarscríbhinn a leasú trí réimsí sonraí a mhodhnú nó a bhaint, nó trí réimsí sonraí a thagann faoi na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo a chur leis, i gcás ina bhfuil gá le leasú den sórt sin chun barántúlacht, bailíocht agus sláine an deimhnithe vacsaínithe a fhíorú agus a dheimhniú, i gcás dul chun cinn eolaíoch maidir le paindéim COVID-19 a choinneáil faoi smacht, nó chun idir-inoibritheacht le caighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú.
Féadfaidh na Ballstáit glacadh, chun na críche céanna, le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19 ar dheonaigh údarás inniúil Ballstáit údarú margaíochta di de bhun Threoir 2001/83/CE, le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19 ar tugadh údarú sealadach dá dáileadh de bhun Airteagal 5(2) den Treoir sin, nó le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19 a bhfuil an nós imeachta maidir le liostáil úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích ina leith.
I gcás ina nglacfaidh Ballstáit le deimhnithe vacsaínithe le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19 dá dtagraítear sa dara fomhír, glacfaidh siad freisin, faoi na coinníollacha céanna, le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh na vacsaíne céanna in aghaidh COVID-19.
Féadfaidh na Ballstáit deimhnithe vacsaínithe a eisiúint freisin do dhaoine atá ag glacadh páirt i dtriail chliniciúil le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19 atá formheasta ag coistí eiticiúla agus údaráis inniúla na mBallstát, is cuma cé acu a fuair nó nach bhfuair an rannpháirtí an vacsaín fhéideartha in aghaidh COVID-19 nó an dáileog a tugadh don ghrúpa cóimheasa. An fhaisnéis faoin vacsaín in aghaidh COVID-19 atá le cur san áireamh sa deimhniú vacsaínithe i gcomhréir leis na réimsí sonraí sonracha a leagtar amach i bpointe 1 den Iarscríbhinn, ní bhainfidh an fhaisnéis sin an bonn de shláine na trialach cliniciúla.
Féadfaidh Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an gceathrú fomhír chun srianta ar shaorghluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm a tharscaoileadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú, mura rud é go bhfuil a dtréimhse inghlacthachta imithe in éag nó go bhfuil siad cúlghairthe tar éis thabhairt i gcrích na trialach cliniciúla, go háirithe ar na forais nár tugadh údarú margaíochta don vacsaín in aghaidh COVID-19 ina dhiaidh sin nó gur eisíodh na deimhnithe vacsaínithe le haghaidh placebo a tugadh don ghrúpa cóimheasa mar chuid de thurgnamh dall.
Airteagal 6
Deimhniú tástála
Is i gcomhréir leis na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn a áireofar na sonraí pearsanta sa deimhniú tástála.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 chun pointe 2 den Iarscríbhinn a leasú trí réimsí sonraí a mhodhnú nó a bhaint, nó trí réimsí sonraí a thagann faoi na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo a chur leis, i gcás ina bhfuil gá le leasú den sórt sin chun barántúlacht, bailíocht agus sláine an deimhnithe tástála a fhíorú nó a dheimhniú, i gcás dul chun cinn eolaíoch maidir le paindéim COVID-19 a choinneáil faoi smacht, nó chun idir-inoibritheacht le caighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú.
Airteagal 7
Deimhniú téarnaimh
Féadfaidh Ballstáit freisin, arna iarraidh sin, deimhnithe téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (c), a eisiúint tar éis toradh dearfach ar thástáil antaiginí atá ar liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte, ar tástáil í a rinne gairmithe sláinte nó pearsanra tástála oilte.
Féadfaidh Ballstáit deimhnithe téarnaimh a eisiúint bunaithe ar thástálacha antaiginí a rinne gairmithe sláinte nó pearsanra tástála oilte an 1 Deireadh Fómhair 2021 nó ina dhiaidh sin, ar choinníoll go raibh an tástáil antaiginí a úsáideadh ar liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar an dáta a raibh toradh dearfach ar an tástáil.
Eiseofar deimhnithe téarnaimh 11 lá ar a luaithe tar éis an dáta a rinneadh tástáil NAAT nó tástáil antaiginí den chéad uair ar dhuine, ar tástáil í a raibh toradh dearfach uirthi.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 chun leasú a dhéanamh ar an líon laethanta ar ina dhiaidh atá deimhniú téarnaimh le heisiúint, ar bhonn treoir a fuarthas ón gCoiste Slándála Sláinte i gcomhréir le hAirteagal 3(11) nó ar bhonn fianaise eolaíoch arna hathbhreithniú ag ECDC.
Beidh na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas sa deimhniú téarnaimh:
céannacht an tsealbhóra;
faisnéis faoi ionfhabhtú SARS-CoV-2 a tharla roimhe seo i ndiaidh toradh tástála dearfaí;
meiteashonraí an deimhnithe, amhail eisitheoir an deimhnithe nó aitheantóir uathúil deimhnithe.
Na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn, is i gcomhréir leo sin a chuimseofar na sonraí pearsanta sa deimhniú téarnaimh.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun pointe 3 den Iarscríbhinn a leasú trí réimsí sonraí a mhodhnú nó a bhaint, nó trí réimsí sonraí a thagann faoi na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fomhír den mhír seo a chur leis, i gcás ina bhfuil gá le leasú den sort sin chun barántúlacht, bailíocht agus sláine an deimhnithe téarnaimh a fhíorú agus a dheimhniú, i gcás dul chun cinn eolaíoch maidir le paindéim COVID-19 a choinneáil faoi smacht, nó chun idir-inoibritheacht le caighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú.
Airteagal 8
Deimhnithe COVID-19 agus doiciméid eile arna n-eisiúint ag tríú tír
Sula nglacfaidh sé gníomh cur chun feidhme den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcomhlíonann deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an tríú tír na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).
Déanfaidh an Coimisiún liosta de na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na míre seo a chur ar fáil go poiblí.
Airteagal 9
Sonraíochtaí teicniúla
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe a bhunaítear leis an Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh na sonraíochtaí teicniúla agus na rialacha chun críoch an mhéid seo a leanas:
na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán;
slándáil na sonraí pearsanta a áirithiú, agus cineál na sonraí á chur san áireamh;
na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a líonadh isteach, lena n-áirítear an córas códúcháin agus aon eilimintí ábhartha eile;
comhstruchtúr an aitheantóra uathúil deimhnithe a leagan síos;
barrachód bailí, slán agus idir-inoibritheach a eisiúint;
féachaint le hidir-inoibritheacht le caighdeáin idirnáisiúnta agus le córais teicneolaíochta idirnáisiúnta a áirithiú;
freagrachtaí a leithdháileadh i measc rialaitheoirí agus a mhéid a bhaineann le próiseálaithe, i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2016/679.
inrochtaineacht na faisnéise sa deimhniú digiteach agus sa deimhniú páipéarbhunaithe atá inléite ag an duine a áirithiú do dhaoine atá faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta faoi dhlí an Aontais.
Airteagal 10
Sonraí pearsanta a chosaint
Airteagal 11
Srianta ar shaorghluaiseacht agus malartú faisnéise
I gcás ina bhforchuirfidh Ballstát, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na prionsabail a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, srianta breise ar shealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1), go háirithe mar thoradh ar athraitheach SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise é, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin, 48 uair an chloig roimh thabhairt isteach na srianta nua sin, más féidir. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis seo a leanas:
na cúiseanna atá le srianta den sórt sin, lena n-áirítear na sonraí eipidéimeolaíocha ábhartha uile agus an fhianaise eolaíoch ábhartha uile atá ar fáil agus inrochtana ag an gcéim sin a thacaíonn leis na srianta sin;
raon feidhme srianta den sórt sin, lena sonraítear cé na sealbhóirí deimhnithe atá faoi réir na srianta sin nó díolmhaithe uathu;
dáta agus fad srianta den sórt sin.
Airteagal 12
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 13
An nós imeachta práinne
Airteagal 14
Nós imeachta coiste
Airteagal 15
Tréimhse an chéimnithe isteach
Airteagal 16
Tuarascálacha ón gCoimisiún
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, beidh forléargas ar an méid seo a leanas:
líon na ndeimhnithe arna n-eisiúint de bhun an Rialacháin seo;
treoir arna hiarraidh de bhun Airteagal 3(11) maidir leis an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil agus an leibhéal caighdeánaithe i dtaca leis an bhféidearthacht deimhnithe téarnaimh a eisiúint bunaithe ar thástálacha antasubstainte, lena n-áirítear tástáil shéireolaíoch le haghaidh antasubstaintí i gcoinne SARS-CoV-2, agus infhaighteacht agus inrochtaineacht na dtástálacha sin á gcur san áireamh; agus
an fhaisnéis arna fáil de bhun Airteagal 11.
Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar éascú na saorghluaiseachta, lena n-áirítear ar an taisteal agus ar an turasóireacht agus ar an méid a ghlactar leis na cineálacha éagsúla vacsaíne, ar chearta bunúsacha, agus an neamh-idirdhealú, agus ar chosaint sonraí pearsanta le linn phaindéim COVID-19.
▼M4 —————
Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
forbhreathnú ar an bhfaisnéis a fuarthas de bhun Airteagal 11 maidir leis na srianta ar shaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú;
forbhreathnú lena ndéantar cur síos ar na forbairtí uile maidir le húsáidí intíre agus idirnáisiúnta na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 8(2) maidir le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha;
aon nuashonruithe ábhartha maidir leis an measúnú, a leagtar amach sa tuarascáil a thíolactar de bhun mhír 2 den Airteagal seo, ar thionchar an Rialacháin seo ar éascú na saorghluaiseachta, lena n-áirítear ar thaisteal agus ar thurasóireacht agus glacadh leis na cineálacha éagsúla vacsaíní, cearta bunúsacha agus neamh-idirdhealú, chomh maith le cosaint sonraí pearsanta le linn phaindéim COVID-19;
measúnú ar a iomchuí atá úsáid leanúnach na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) chun críocha an Rialacháin seo, agus forbairtí eipidéimeolaíocha agus an fhianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil á gcur san áireamh.
Le linn don Choimisiún an tuarascáil a tharraingt suas, iarrfaidh sé treoir ar ECDC agus ar an gCoiste Slándála Sláinte, treoir a chuirfear i gceangal leis an tuarascáil sin.
Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, go háirithe chun tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ghiorrú, agus teacht chun cinn na staide eipidéimeolaí i ndáil le paindéim COVID-19 agus aon mholtaí ó ECDC agus ón gCoiste Slándála Sláinte ina leith sin á gcur san áireamh.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
TACAIR SONRAÍ AN DEIMHNITHE
Réimsí sonraí atá le háireamh sa deimhniú vacsaínithe:
ainm: sloinne/sloinnte agus céadainm/céadainmneacha, san ord sin;
dáta breithe;
an galar nó an t-oibreán ar ar díríodh: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach);
vacsaín in aghaidh COVID-19 nó próifiolacsas in aghaidh COVID-19;
ainm táirge na vacsaíne in aghaidh COVID-19;
sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne in aghaidh COVID-19 nó monaróir na vacsaíne in aghaidh COVID-19;
uimhir i sraith dáileog chomh maith le líon foriomlán na ndáileog sa tsraith;
dáta an vacsaínithe, lena léirítear dáta na dáileoige is déanaí a fuarthas (ní ghlacfar le deimhnithe atá i seilbh daoine atá 18 mbliana agus os a chionn sin lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil, ach amháin mura mbíonn níos mó ná 270 lá caite ó dháta na dáileoige is déanaí sa tsraith sin);
an Ballstát nó an tríú tír inar tugadh an vacsaín;
eisitheoir an deimhnithe;
aitheantóir uathúil an deimhnithe.
Réimsí sonraí atá le háireamh sa deimhniú tástála:
ainm: sloinne/sloinnte agus céadainm/céadainmneacha, san ord sin;
dáta breithe;
an galar nó an t-oibreán ar ar díríodh: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach);
cineál na tástála;
ainm na tástála (roghnach i gcás thástáil NAAT);
monaróir tástála (roghnach i gcás thástáil NAAT);
dáta agus am bhailiú an tsampla tástála;
toradh na tástála;
ionad nó saoráid tástála (roghnach i gcás tástáil antaiginí);
an Ballstát nó an tríú tír ina ndearnadh an tástáil;
eisitheoir an deimhnithe;
aitheantóir uathúil an deimhnithe.
Réimsí sonraí atá le háireamh sa deimhniú téarnaimh:
ainm: sloinne/sloinnte agus céadainm/céadainmneacha, san ord sin;
dáta breithe;
an galar nó an t-oibreán ónar théarnaigh an sealbhóir: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach);
dáta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil;
an Ballstát nó an tríú tír ina ndearnadh an tástáil;
eisitheoir an deimhnithe;
an deimhniú bailí ón;
an deimhniú bailí go dtí an (gan dul thar 180 lá tar éis dháta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil);
aitheantóir uathúil an deimhnithe.
( 1 ) Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 (IO L 18, 27.1.2022, lch. 110).