This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02021R0521-20211001
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/521 of 24 March 2021 making specific arrangements to the mechanism making the exportation of certain products subject to the production of an export authorisation
Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird
02021R0521 — GA — 01.10.2021 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/521 ÓN gCOIMISIÚN an 24 Márta 2021 (IO L 104 25.3.2021, lch. 52) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/734 ÓN gCOIMISIÚN an 5 Bealtaine 2021 |
L 158 |
13 |
6.5.2021 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1071 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Meitheamh 2021 |
L 230 |
28 |
30.6.2021 |
|
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1728 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Meán Fómhair 2021 |
L 345 |
34 |
30.9.2021 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/521 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2021
lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird
Airteagal 1
Cuirtear cur i bhfeidhm phointe (a) d’Airteagal 1(9) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ar fionraí.
Ní bheidh feidhm ag an bhfionraíocht, áfach, maidir leis na tíortha agus na críocha seo a leanas:
Airteagal 2
Deonóidh údarás inniúil Ballstáit údarú onnmhairiúcháin a iarradh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ar choinníoll:
go gcomhlíonann an t-údarú onnmhairiúcháin coinníoll Airteagal 1(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442;
nach gcuireann an t-údarú cinnteacht sholáthair na n-earraí laistigh den Aontas a chumhdaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 i mbaol.
Chun a chinneadh an gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (b) de mhír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit measúnú ar na fachtóirí seo a leanas:
cé acu a chuireann nó nach gcuireann tír cinn scríbe an onnmhairithe srian ar a honnmhairí féin chuig an Aontas i gcás na n-earraí a chumhdaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, nó i gcás na n-amhábhar as a ndéantar iad, leis an dlí nó ar aon bhealach eile, lena n-áirítear le socruithe conarthacha a tugadh i gcrích le monaróirí na n-earraí sin;
na coinníollacha ábhartha atá ann i dtír cinn scríbe an onnmhairithe, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch, an ráta vacsaínithe agus infhaighteacht na n-earraí atá ann cheana agus a chumhdaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.