EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02019R0817-20210803

Consolidated text: Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/817/2021-08-03

D’fhéadfadh sé nach bhfuil na leasuithe seo a leanas sa téacs comhdhlúite seo:

Gníomh leasaitheach Cineál an leasaithe An fhoroinn lena mbaineann Teacht i bhfeidhm
32024R0982 Arna leasú le airteagal 6 mír 2 pointe (d) 25/04/2024

02019R0817 — GA — 03.08.2021 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2019/817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2019

maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle

(IO L 135 22.5.2019, lch. 27)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2021/1152 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021

  L 249

15

14.7.2021


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 010, 15.1.2020, lch.  4 (2019/817)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2019/817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2019

maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle



CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.  
Leis an Rialachán seo, in éineacht le Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), bunaítear creat chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), Eurodac, Córas Faisnéise Schengen (SIS) agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN).
2.  

Beidh sa chreat sin na comhchodanna idir-inoibritheachta seo a leanas:

(a) 

tairseach chuardaigh Eorpach (ESP);

(b) 

seirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha (BMS comhroinnte);

(c) 

stóras coiteann sonraí céannachta (CIR);

(d) 

brathadóir ilchéannachtaí (MID).

3.  
Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin forálacha maidir le ceanglais cáilíochta sonraí, maidir le formáid uilíoch teachtaireachta (UMF), agus maidir le lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS), agus maidir le freagrachtaí na mBallstát agus na Gníomhaireachta Eorpaí chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), i dtaca le dearadh, forbairt agus oibríocht na gcomhchodanna idir-inoibritheachta.
4.  
Leis an Rialachán seo, déantar na nósanna imeachta agus na coinníollacha a oiriúnú freisin le haghaidh na n-údarás ainmnithe agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), i dtaca le rochtain a fháil ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.
5.  
Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin creat chun céannacht daoine a fhíorú agus chun daoine a shainaithint.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.  

Tríd an idir-inoibritheacht a áirithiú, tá ag an Rialachán seo na cuspóirí seo a leanas:

(a) 

éifeachtacht agus éifeachtúlacht na seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú;

(b) 

rannchuidiú le hinimirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac;

(c) 

rannchuidiú le hardleibhéal slándála i limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear slándáil phoiblí agus beartas poiblí a chothabháil agus slándáil a choimirciú ar chríocha na mBallstát;

(d) 

cur chun feidhme an chomhbheartais víosaí a fheabhsú;

(e) 

cúnamh a thabhairt iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(f) 

rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta agus le cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(g) 

sainaithint daoine nach eol cé hiad agus nach bhfuil in ann a gcéannacht a léiriú nó taisí daonna gan aithne i gcás de thubaiste nádúrtha, timpiste nó ionsaí sceimhlitheoireachta a éascú.

2.  

Na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, bainfear amach iad tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

ceart-sainaithint daoine a áirithiú;

(b) 

rannchuidiú le calaois aitheantais a chomhrac;

(c) 

cháilíocht sonraí a fheabhsú agus na ceanglais cháilíochta le haghaidh na sonraí a stóráiltear sna córais faisnéise AE a chomhchuibhiú, agus ag an am céanna ceanglais próiseála sonraí na n-ionstraimí dlí lena rialaítear na córais ar leith, mar aon le caighdeáin agus prionsabail cosanta sonraí, a urramú;

(d) 

na Ballstáit a éascú, agus tacú leo, i gcur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil na gcóras faisnéise AE;

(e) 

na coinníollacha slándála sonraí agus cosanta sonraí lena rialaítear na córais faisnéise AE faoi seach a neartú. a shimpliú, agus iad a dhéanamh níos aonfhoirmí, gan difear a dhéanamh don chosaint speisialta ná do na coimircí a thugtar do chatagóirí áirithe sonraí;

(f) 

na coinníollacha maidir le rochtain ag údaráis ainmnithe ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac a shruthlíniú agus fós coinníollacha riachtanacha agus comhréireacha don rochtain sin a áirithiú;

(g) 

tacú le críocha EES, VIS, ETIAS, Eurodac, SIS agus ECRIS-TCN.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le EES, VIS, ETIAS agus SIS.
2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine a bhféadfar a sonraí pearsanta a phróiseáil sna córais faisnéise AE sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a mbailítear a gcuid sonraí chun na gcríoch a sainítear in Airteagail 1 agus 2 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagail 1 agus 4 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 1 de Rialachán 2018/1860 agus Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1861.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(2) 

ciallaíonn “seiceálacha teorann” seiceálacha teorann mar a shainmhínítear i bpointe (11) d'Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2016/399;

(3) 

ciallaíonn “údarás teorann” an garda teorann arna shannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun seiceálacha teorann a dhéanamh;

(4) 

ciallaíonn “údaráis mhaoirseachta” an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2016/680;

(5) 

ciallaíonn “fíorú” an próiseas arb é atá ann comparáid a dhéanamh idir tacair sonraí chun bailíocht na céannachta a mhaítear a bheith ag duine a shuíomh (sampla amháin a chur i gcomparáid le sampla eile);

(6) 

ciallaíonn “sainaithint” an próiseas arb é atá ann céannacht duine a dheimhniú trí chuardach a dhéanamh ar iliomad tacar sonraí i mbunachar sonraí (sampla amháin a chur i gcomparáid le hiliomad samplaí);

(7) 

ciallaíonn “sonraí alfa-uimhriúla” sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le spásanna agus le comharthaí poncaíochta;

(8) 

ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27(3)(a) go (e);

(9) 

ciallaíonn “sonraí méarlorg” íomhánna de mhéarloirg agus íomhánna de mhéarloirg neamhfhollas, trína gcumasaítear, de bharr a nádúir uathúil agus na bpointí tagartha atá iontu, comparáidí cruinne agus cinntitheacha a dhéanamh maidir le céannacht duine;

(10) 

ciallaíonn “íomhá den aghaidh” íomhánna digiteacha d'aghaidh duine;

(11) 

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí méarlorg nó íomhánna den aghaidh, nó an bheirt acu;

(12) 

ciallaíonn “teimpléad bithmhéadrach” léiriú matamaitice a fhaightear trí shonraí céannachta a asbhaint ó na sonraí bithmhéadracha atá teoranta do na gnéithe a theastaíonn chun sainaithint agus fíorú a dhéanamh;

(13) 

ciallaíonn “doiciméad taistil” pas nó doiciméad coibhéiseach, a thugann teideal don sealbhóir dul trasna teorainneacha seachtracha agus ar féidir víosa a ghreamú de;

(14) 

ciallaíonn “sonraí doiciméid taistil” cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil, dáta éagtha bhailíocht an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a eisíonn an doiciméad taistil;

(15) 

ciallaíonn “córais faisnéise AE” EES, VIS, ETIAS, Eurodac, SIS agus ECRIS-TCN;

(16) 

ciallaíonn “sonraí Europol” sonraí pearsanta a phróiseálann Europol chun na críche dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2016/794;

(17) 

ciallaíonn “bunachair sonraí Interpol” bunachar sonraí Interpol ina bhfuil faisnéis faoi Dhoiciméid Taistil a Cailleadh agus a Goideadh (bunachar sonraí DTCG) agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (bunachar sonraí TDAWN);

(18) 

ciallaíonn “meaits” ceangal comhfhreagrach a bheith ann mar thoradh ar chomparáid uathoibrithe idir sonraí pearsanta atá taifeadta nó atá á dtaifeadadh i gcóras faisnéise nó i mbunachar sonraí;

(19) 

ciallaíonn “údarás póilíneachta” an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe (7) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680;

(20) 

ciallaíonn “údaráis ainmnithe” údaráis ainmnithe sna Ballstáit mar a shainmhínítear i bpointe (26) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2017/2226, i bpointe (e) d'Airteagal 2(1) de Chinneadh 2008/633/CGB agus i bpointe (21) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1240;

(21) 

ciallaíonn ‘cion sceimhlitheoireachta’ cion faoin dlí náisiúnta a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), nó atá coibhéiseach le ceann acu;

(22) 

ciallaíonn “cion coiriúil tromchúiseach” cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle ( 3 ), nó atá coibhéiseach le ceann acu, má tá sé inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse de trí bliana ar a laghad;

(23) 

ciallaíonn “Córas Dul Isteach/Imeachta” nó “EES” an Córas Dul Isteach/Imeachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226;

(24) 

ciallaíonn “Córas Faisnéise Víosaí” nó “VIS” an Córas Faisnéise Víosaí a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(25) 

Ciallaíonn “Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil” (“ETIAS”) an Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240;

(26) 

ciallaíonn “Eurodac” Eurodac a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013;

(27) 

ciallaíonn “Córas Faisnéise Schengen” nó “SIS” Córas Faisnéise Schengen a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862;

(28) 

ciallaíonn “ECRIS-TCN” an córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

Airteagal 5

Neamh-idirdhealú agus cearta bunúsacha

Ní bheidh mar thoradh ar shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo go ndéanfar idirdhealú in aghaidh daoine ar aon fhoras amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Déanfar dínit agus iomláine an duine a lán-urramú chomh maith le cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go gcosnófaí sonraí pearsanta. Tabharfar aird ar leith ar leanaí, daoine scothaosta, daoine a bhfuil míchumas orthu chomh maith le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Beidh sárleasanna an linbh ina príomhchomaoin.



CAIBIDIL II

Tairseach chuardaigh Eorpach

Airteagal 6

Tairseach chuardaigh Eorpach

1.  
Bunaítear tairseach chuardaigh Eorpach (ESP) chun éascú a dhéanamh ar rochtain thapa, rianúil, éifeachtúil, chórasach agus rialaithe ag údaráis na mBallstát agus ag gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh ar na córais faisnéise AE, ar shonraí Europol agus ar bhunachair sonraí Interpol le haghaidh chomhlíonadh a gcuid cúraimí agus i gcomhréir lena gcearta rochtana agus le cuspóirí agus críocha EES, VIS, ETIAS, Eurodac, SIS agus ECRIS-TCN.
2.  

Is é a bheidh in ESP:

(a) 

bonneagar lárnach, lena n-áirítear tairseach chuardaigh a fhéachann le EES, VIS, ETIAS, Eurodac, SIS agus ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol, a chuardach san am céanna;

(b) 

bealach cumarsáide slán idir ESP, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais atá i dteideal ESP a úsáid;

(c) 

bonneagar cumarsáide slán idir ESP agus EES, VIS, ETIAS, Eurodac, SIS Láir agus ECRIS-TCN, sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol agus idir ESP agus bonneagair lárnacha CIR agus MID.

3.  
Is é eu-LISA a fhorbróidh ESP agus a áiritheoidh a bhainistiú teicniúil.

Airteagal 7

Úsáid na tairsí cuardaigh Eorpaí

1.  
Beidh úsáid ESP forchoimeádta do na húdaráis sna Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE, ar CIR, agus ar MID i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 nó ar bhunachair sonraí Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena riailítear an rochtain sin.

Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais sin úsáid a bhaint as ESP, agus as na sonraí a thagann as, chun na gcríoch agus na gcuspóirí a leagtar síos sna hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE sin, i Rialachán (AE) 2016/794 agus sa Rialachán seo, agus chun na gcríoch agus na gcuspóirí sin amháin.

2.  
Údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh siad ESP chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach i lárchórais EES, VIS agus ETIAS i gcomhréir lena gcearta rochtana amhail dá dtagraítear sna hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE sin agus sa dlí náisiúnta. Úsáidfidh siad ESP freisin chun CIR a chuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.
3.  
Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2018/1860 agus (AE) 2018/1861.
4.  
I gcás ina bhforáiltear dó faoi dhlí an Aontais, úsáidfidh gníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ESP chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir.
5.  
Féadfaidh údaráis na mBallstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann doiciméid taistil a chuardach i sonraí Europol i gcás ina bhforáiltear dó sin agus i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 8

Próifílí le haghaidh úsáideoirí na tairsí cuardaigh Eorpaí

1.  

Chun críocha úsáid ESP a chumasú, déanfaidh eu-LISA, i gcomhar le Ballstáit, próifíl a chruthú bunaithe ar gach catagóire úsáideora de chuid ESP agus ar críocha na gcuardach, i gcomhréir leis na mionsonraí teicniúla agus na cearta rochtana dá dtagraítear i mír 2. I gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach proifíl:

(a) 

na réimsí sonraí a úsáidfear chun an cuardach a dhéanamh;

(b) 

na córais faisnéise AE, sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol atá le cuardach agus iad ar féidir leo a chuardach agus iad a sholáthraíonn freagra don úsáideoir;

(c) 

na sonraí sonracha sna córais faisnéise AE, sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol a fhéadfar a chuardach;

(d) 

na catagóirí sonraí a fhéadfar a sholáthar i ngach freagra.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun mionsonraí teicniúla na bpróifílí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le cearta rochtana faoi na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE agus faoin dlí náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).
3.  
Déanfaidh eu-LISA na próifílí dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú go rialta i gcomhar leis na Ballstáit, uair sa bhliain ar a laghad, agus más gá déanfar iad a nuashonrú.

Airteagal 9

Cuardaigh

1.  
Seolfaidh úsáideoirí ESP cuardach trí shonraí alfa-uimhriúla nó bithmhéadracha a chur ar aghaidh chuig ESP. I gcás ina mbeidh cuardach seolta, déanfaidh ESP cuardach in EES, ETIAS, VIS, SIS, Eurodac, córas ECRIS-TCN, CIR agus i sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol, ag an am céanna trí úsáid a bhaint as na sonraí a bheidh curtha ar aghaidh ag an úsáideoir agus i gcomhréir leis an bpróifíl úsáideora.
2.  
Na catagóirí sonraí a úsáidfear chun cuardach a sheoladh trí ESP, beidh siad ag comhfhreagairt do na catagóirí sonraí a bhaineann le daoine nó le doiciméid taistil a fhéadfar a úsáid chun na córais faisnéise AE éagsúla, sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol a chuardach, i gcomhréir leis na hionstraimí dlí a rialaíonn iad.
3.  
Déanfaidh eu-LISA, i gcomhar le Ballstáit, doiciméad um rialú comhéadain a chur chun feidhme ar bhonn an UMF dá dtagraítear in Airteagal 39 i leith ESP.
4.  
Tar éis don úsáideoir ESP tús a chur leis an gcuardach, déanfaidh EES, ETIAS, VIS, SIS, Eurodac, córas ECRIS-TCN, CIR agus an brathadóir ilchéannachtaí, mar aon le sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol, na sonraí atá iontu mar thoradh ar chuardach a sholáthar.

Gan dochar d'Airteagal 20, léireoidh an freagra a sholáthróidh ESP cén córas faisnéise AE nó cén bunachar sonraí lena mbaineann na sonraí.

Ní sholáthróidh ESP aon fhaisnéis maidir le sonraí sna córais faisnéise AE, sonraí Europol agus bunachair sonraí Interpol ar sonraí iad nach bhfuil aon rochtain ag an úsáideoir orthu faoi dhlí an Aontais is infheidhme nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

5.  
Cuardach ar bith ar bhunachair sonraí Interpol a sheoltar trí ESP, déanfar é ar shlí a fhágfaidh nach ndéanfar aon fhaisnéis a nochtadh d'úinéir an fholáirimh Interpol.
6.  
Déanfaidh ESP freagraí a sholáthar don úsáideoir a thúisce a bheidh na sonraí ar fáil ó cheann amháin de na córais faisnéise AE, ó shonraí Europol nó ó bhunachair sonraí Interpol. Sna freagraí sin, ní bheidh iontu ach na sonraí a bhfuil rochtain ag an úsáideoir orthu faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.
7.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun an nós imeachta teicniúil don ESP cuardach a dhéanamh sna córais faisnéise AE, i sonraí Europol agus i mbunachair sonraí Interpol trí ESP a shonrú, chomh maith le formáid na bhfreagraí ó ESP. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 10

Logaí a choimeád

1.  

Gan dochar d'Airteagail 46 de Rialachán (AE) 767/2008, Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240 agus Airteagail 12 agus 18 de Rialachán (AE) 2018/1861, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile san ESP. Léireofar an méid seo a leanas sna logaí sin:

(a) 

an Ballstát nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá ag seoladh an chuardaigh agus an phróifíl ESP a úsáidtear;

(b) 

dáta agus am an chuardaigh;

(c) 

na córais faisnéise AE agus bunachair sonraí Interpol a chuardaítear.

2.  
Déanfaidh gach Ballstát logaí a choimeád de chuardaigh a dhéanann a údaráis agus foireann na n-údarás sin atá cuí-údaraithe ESP a úsáid. Déanfaidh gach gníomhaireacht de chuid an Aontais logaí a choimeád de chuardaigh a dhéanann a foireann atá cuí-údaraithe
3.  
Ní fhéadfar na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a úsáid ach chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. Mura rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin agus léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.

Airteagal 11

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta ar chúiseanna teicniúla an tairseach chuardaigh Eorpach a úsáid

1.  
I gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla ESP a úsáid chun córas faisnéise AE amháin nó níos mó nó CIR a chuardach, de dheasca chliseadh ESP, tabharfaidh eu-LISA fógra i modh uathoibrithe do na húsáideoirí ESP ina leith sin.
2.  
I gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla ESP a úsáid chun córas faisnéise AE amháin nó níos mó nó CIR a chuardach, de dheasca chliseadh an bhonneagair náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh an Ballstát sin fógra i modh uathoibrithe do eu-LISA agus don Choimisiún ina leith sin.
3.  
Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus go dtí go réiteofar an cliseadh teicniúil, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (4) agus déanfaidh na Ballstáit na córais faisnéise AE nó CIR a rochtain go díreach más rud é go bhfuil ceangal orthu déanamh amhlaidh faoi dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
4.  
I gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla ESP a úsáid chun córas faisnéise AE amháin nó níos mó nó CIR a chuardach, de dheasca chliseadh an bhonneagair i ngníomhaireacht de chuid an Aontais, tabharfaidh an ghníomhaireacht sin fógra i modh uathoibrithe do eu-LISA agus don Choimisiún ina leith sin.



CAIBIDIL III

Seirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha

Airteagal 12

Seirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha

1.  
Bunaítear seirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha (BMS comhroinnte) ina stóráiltear teimpléid bhithmhéadracha arna bhfáil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 13, a stóráiltear in CIR agus SIS agus lenar féidir sonraí bithmhéadracha a chuardach i roinnt córas faisnéise AE chun críocha tacú le CIR agus MID agus le cuspóirí EES, VIS, Eurodac, SIS agus ECRIS-TCN.
2.  

Is é a bheidh in BMS comhroinnte:

(a) 

bonneagar lárnach a ghabhfaidh ionad lárchórais EES, VIS, SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN faoi seach, sa mhéid agus go ndéanfar teimpléid bhithmhéadracha a stóráil ann agus go gceadóidh sé cuardach a dhéanamh le sonraí bithmhéadracha;

(b) 

bonneagar cumarsáide slán idir BMS comhroinnte, SIS Láir agus CIR.

3.  
Is é eu-LISA a fhorbróidh BMS comhroinnte agus a áiritheoidh a bhainistiú teicniúil.

Airteagal 13

Teimpléid bhithmhéadracha a stóráil sa tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha

1.  

Stórálfar in BMS comhroinnte na teimpléid bhithmhéadracha a gheobhaidh sé ó na sonraí bithmhéadracha seo a leanas:

(a) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(1)(d), Airteagal 17(1)(b) agus (c) agus Airteagal 18(2)(a), (b) agus (c)de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b) 

na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d'Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(w) agus (x), seachas na sonraí faoi loirg dhearnan, de Rialachán (AE) 2018/1861;

(d) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(u) agus (v), seachas na sonraí faoi loirg dhearnan, de Rialachán (CE) Uimh. 2018/1860.

Déanfar na teimpléid bhithmhéadracha a storáil in BMS comhroinnte i bhfoirm atá scartha go loighciúil de réir an chórais faisnéise AE óna dtagann na sonraí.

2.  
Le haghaidh gach tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh BMS comhroinnte tagairt do na córais faisnéise AE ina stóráiltear na sonraí bithmhéadracha comhfhreagracha a áireamh i ngach teimpléad bithmhéadrach agus tagairt do na taifid iarbhír sna córais faisnéise AE sin.
3.  
Ní iontrálfar teimpléid bhithmhéadracha in BMS comhroinnte ach amháin tar éis seiceáil uathoibrithe cháilíochta ar na sonraí bithmhéadracha a cuireadh le ceann amháin de na córais faisnéise AE a bheith déanta ag BMS comhroinnte chun a dhearbhú go gcomhlíontar íoschaighdeán cáilíochta sonraí.
4.  
Maidir le stóráil na sonraí dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh sé na caighdeáin cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 37(2).
5.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na ceanglais feidhmíochta agus na socruithe praiticiúla chun faireachán a dhéanamh ar BMS comhroinnte a leagan síos chun a áirithiú go ndéanann éifeachtúlacht na gcuardach bithmhéadrach nósanna imeachta a bhfuil práinn ama ag gabháil leo, amhail seiceálacha ag an teorainn agus sainaithint daoine, a urramú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 14

Sonraí bithmhéadracha a chuardach leis an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha

Chun na sonraí bithmhéadracha a stóráiltear in CIR agus in SIS a chuardach, úsáidfidh CIR agus SIS na teimpléid bhithmhéadracha a stóráiltear in BMS comhroinnte. Déanfar cuardaigh le sonraí bithmhéadracha i gcomhréir leis na cuspóirí dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816.

Airteagal 15

Sonraí a choinneáil sa tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha

Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus (2) a stóráil in BMS comhroinnte ach amháin ar feadh na tréimhse céanna a bheidh na sonraí bithmhéadracha comhfhreagracha stóráilte in CIR nó in SIS. Déanfar na sonraí a léirscriosadh ón BMS comhroinnte ar mhodh uathoibrithe.

Airteagal 16

Logaí a choimeád

1.  

Gan dochar d'Airteagail 46 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagail 12 agus 18 de Rialachán (AE) 2018/1861, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa BMS comhroinnte. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

(a) 

an Ballstát nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá ag seoladh an chuardaigh;

(b) 

stair chruthú agus stóráil na dteimpléad bithmhéadrach;

(c) 

na córais faisnéise AE a cuardaíodh leis na teimpléid bhithmhéadracha a stóráiltear in BMS comhroinnte;

(d) 

dáta agus am an chuardaigh;

(e) 

na cineálacha sonraí bithmhéadracha arna n-úsáid chun an cuardach a sheoladh;

(f) 

torthaí an chuardaigh agus dáta agus am an toraidh.

2.  
Déanfaidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a choimeád a dhéanann a údaráis agus foireann na n-údarás sin atá cuí-údaraithe ESP a úsáid.. Déanfaidh gach gníomhaireacht de chuid an Aontais logaí a choimeád de chuardaigh a dhéanann a fhoireann atá cuí-údaraithe.
3.  
Ní fhéadfar na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a úsáid ach chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. Mura rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin agus léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.



CAIBIDIL IV

Stóras coiteann sonraí céannachta

Airteagal 17

Stóras coiteann sonraí céannachta

1.  
Bunaítear stóras coiteann sonraí céannachta (CIR), lena gcruthaítear sainchomhad le haghaidh gach duine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac nó ECRIS-TCN ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, chun éascú a dhéanamh ar agus cabhrú le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 20, chun tacú le feidhmiú an MID i gcomhréir le hAirteagal 21 agus chun rochtain ag na húdaráis ainmnithe agus ag Europol ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac, i gcás inar gá an méid sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 22.
2.  

Is é a bheidh in CIR:

(a) 

bonneagar lárnach a ghabhfaidh ionad lárchórais faoi seach EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN sa mhéid agus go stórálfar ann na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18;

(b) 

bealach cumarsáide slán idir CIR, na Ballstáit agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá i dteideal CIR a úsáid i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(c) 

bonneagar cumarsáide slán idir CIR agus EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN chomh maith le bonneagair lárnacha ESP, BMS comhroinnte agus MID.

3.  
Is é eu-LISA a fhorbróidh CIR agus a áiritheoidh a bhainistiú teicniúil.
4.  
I gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla, de dheasca chliseadh CIR, CIR a chuardach chun duine a shainaithint de bhun Airteagal 20, chun ilchéannachtaí a bhrath de bhun Airteagal 21 nó chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú de bhun Airteagal 22, tabharfaidh úsáideoirí CIR fógra i modh uathoibrithe do eu-LISA ina leith sin.
5.  
Déanfaidh eu-LISA, i gcomhar le Ballstáit, doiciméad um rialú comhéadain a chur chun feidhme ar bhonn an UMF dá dtagraítear in Airteagal 39 i leith CIR.

Airteagal 18

Na sonraí atá sa stóras coiteann sonraí céannachta

1.  

Stórálfar in CIR na sonraí seo a leanas – arna scaradh go loighciúil – de réir an chórais faisnéise ónár tháinig na sonraí:

(a) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(1)(a) go (d), Airteagal 17(1)(a), (b) agus (c) agus Airteagal 18(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b) 

na sonraí dá dtagraítear i bpointí (4)(a) go (c), (5) agus (6) d'Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a) go (e) de Rialachán (AE) 2018/1240;

2.  
I gcás gach tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh san áireamh in CIR tagairt do na córais faisnéise AE lena mbaineann na sonraí.
3.  
Na húdaráis a dhéanann CIR a rochtain, déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir lena gcearta rochtana amhail faoi na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE agus faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na cearta rochtana atá acu faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 20, 21 agus 22.
4.  
I gcás gach tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh san áireamh in CIR tagairt don taifead iarbhír atá sna córais faisnéise AE lena mbaineann na sonraí.
5.  
Maidir le stóráil na sonraí dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh sé na caighdeáin cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 19

Cur leis na sonraí sa stóras coiteann sonraí céannachta, iad a leasú agus iad a scriosadh

1.  
I gcás ina gcuirtear leis na sonraí nó ina ndéantar iad a leasú nó a scriosadh in EES, VIS agus ETIAS, déanfar, ar mhodh uathoibrithe, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18 agus a stóráiltear i sainchomhad CIR a chur isteach, a leasú nó a scriosadh dá réir sin.
2.  
I gcás ina gcruthaítear nasc bán nó nasc dearg in MID i gcomhréir le hAirteagal 32 nó le hAirteagal 33 idir sonraí dhá cheann nó níos mó de na córais faisnéise AE atá mar chuid de CIR, seachas sainchomhad nua a chruthú, déanfaidh CIR na sonraí nua a chur le sainchomhad na sonraí nasctha.

Airteagal 20

Rochtain ar an stóras coiteann sonraí céannachta chun críocha sainaithint a dhéanamh

1.  

Is údarás póilíneachta a dhéanfaidh cuardaigh CIR i gcomhréir le míreanna 2 agus 5, agus ní dhéanfaidh sé an méid sin sna himthosca seo a leanas:

(a) 

sa chás nach bhfuil ar chumas údaráis póilíneachta duine a shainaithint de bhrí nach bhfuil doiciméad taistil nó doiciméad creidiúnach eile ann a thugann cruthúnas i dtaobh chéannacht an duine sin;

(b) 

i gcás ina bhfuil amhras ann i dtaobh na sonraí céannachta a sholáthair an duine sin;

(c) 

i gcás ina bhfuil amhras ann i dtaobh bharántúlacht an doiciméid taistil nó an doiciméid chreidiúnaigh eile a sholáthair an duine sin;

(d) 

i gcás ina bhfuil amhras ann i dtaobh chéannacht shealbhóir doiciméid taistil nó doiciméid chreidiúnaigh eile; nó

(e) 

i gcás nach bhfuil ar chumas an duine comhoibriú nó go ndiúltaíonn sé nó sí comhoibriú.

Ní cheadófar cuardaigh den sórt sin a dhéanamh i leith mionaoisigh atá faoi 12 bhliain d'aois, mura rud é gur chun sárleas an linbh é an méid sin a dhéanamh.

2.  
I gcás ina dtagann ceann de na himthosca a liostaítear i mír 1 chun cinn agus go bhfuil, trí bhíthin bearta reachtacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 5, an chumhacht chuige sin tugtha d'údarás póilíneachta, féadfaidh sé, chun na críche amháin duine a shainaithint, CIR a chuardach le sonraí bithmhéadracha an duine arna nglacadh beo le linn seiceáil chéannachta, ar choinníoll go ndearnadh an nós imeachta a thionscnamh i láthair an duine sin.
3.  
I gcás ina léiríonn an cuardach go bhfuil sonraí an duine sin stóráilte in CIR, beidh rochtain ag an údarás póilíneachta ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) lena gceadú.

I gcás nach féidir sonraí bithmhéadracha an duine a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na sonraí sin, déanfar an cuardach le sonraí céannachta an duine i dteannta shonraí an doiciméid taistil, nó na sonraí céannachta a sholáthraíonn an duine sin.

4.  
Más rud é, trí bhíthin bearta reachtacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 6, go bhfuil an chumhacht chuige sin tugtha d'údarás póilíneachta, féadfaidh sé, i gcás tubaiste nádúrtha, timpiste nó ionsaí sceimhlitheoireachta, CIR a chuardach le sonraí bithmhéadracha duine chun na críche amháin go sainaithneofaí daoine nach eol cé hiad agus nach bhfuil in ann a gcéannacht a léiriú nó go sainaithneofaí taisí daonna gan aithne.
5.  
Na Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear i mír 2, glacfaidh siad bearta reachtacha náisiúnta. Á dhéanamh sin dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an gá atá ann go seachnófar idirdhealú in aghaidh náisiúnaigh tríú tír. Sonrófar sna bearta reachtacha sin cuspóirí beachta na sainaitheanta de réir na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(b) agus (c). Ainmneofar iontu na húdaráis phóilíneachta inniúla agus leagfar síos iontu nósanna imeachta, coinníollacha agus critéir na seiceálacha sin.
6.  
Na Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear i mír 4, glacfaidh siad bearta reachtacha náisiúnta lena leagtar síos na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na critéir.

Airteagal 21

Rochtain ar an stóras coiteann sonraí céannachta chun críocha ilchéannachtaí a bhrath

1.  
I gcás gur nasc buí a bheidh mar thoradh ar chuardach in CIR i gcomhréir le hAirteagal 28(4), beidh rochtain ag an údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh i gcomhréir le hAirteagal 29, ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (2) agus atá stóráilte in CIR atá nasctha le nasc buí, chun críche an fhíoraithe sin agus chun na críche sin amháin.
2.  
I gcás gur nasc dearg a bheidh mar thoradh ar chuardach in CIR i gcomhréir le hAirteagal 32, beidh rochtain ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 26(2) ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (2) agus atá stóráilte in CIR atá nasctha le nasc dearg, chun críche calaois chéannachta a chomhrac agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 22

An stóras coiteann sonraí céannachta a chuardach chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú

1.  
In aon chás ar leith, i gcás ina mbíonn forais réasúnacha ann lena chreidiúint go rannchuideodh cuardach i gcórais faisnéise AE le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe má tá amhras ann gur duine a bhfuil a chuid sonraí stóráilte in EES, VIS nó ETIAS atá in amhrastach, i ndéantóir nó in íospartach an chiona sceimhlitheoireachta nó na cionta coiriúla tromchúiseacha eile, féadfaidh na húdaráis ainmnithe agus Europol CIR a cheadú chun faisnéis a fháil i dtaobh an bhfuil sonraí faoin duine ar leith sin in EES, VIS nó ETIAS.
2.  
Más rud é, mar thoradh ar chuardach, go léiríonn CIR go bhfuil sonraí faoin duine sin in EES, VIS nó ETIAS, tabharfaidh CIR freagra do na húdaráis ainmnithe agus do Europol i bhfoirm tagairt dá dtagraítear in Airteagal 18(2) ina léireofar cé acu de na córais faisnéise AE sin ina bhfuil na sonraí meaitseála. An freagra a thiocfaidh ó CIR, ní dhéanfaidh sé díobháil do shlándáil na sonraí sin.

An freagra a léiríonn go bhfuil sonraí faoin duine sin in aon cheann de chórais faisnéise AE, dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar é a úsáid ach amháin chun iarraidh ar rochtain iomlán a chur isteach faoi réir na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna hionstraimí dlí faoi seach a rialaíonn an rochtain sin.

Sa chás gurb ann do mheaits nó d'ilmheaitseanna, déanfaidh an t-údarás ainmnithe nó Europol iarraidh ar rochtain iomlán ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise dár gineadh meaits.

Más rud é, ar bhonn eisceachtúil, nach n-iarrtar an rochtain iomlán sin, déanfaidh na húdaráis ainmnithe an réasúnú a thaifeadadh a bhí le gan an t-iarratas a dhéanamh agus beidh sé inrianaithe chuig an gcomhad náisiúnta agus déanfaidh Europol an réasúnú a thaifeadadh sa chomhad ábhartha.

3.  
Maidir le rochtain iomlán ar na sonraí atá i EES, VIS nó ETIAS chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, leanfaidh sé de bheith faoi réir na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna hionstraimí dlí faoi seach lena rialaítear an rochtain sin.

Airteagal 23

Sonraí a choinneáil sa stóras coiteann sonraí céannachta

1.  
Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1), (2) agus (4) a scriosadh ó CIR ar mhodh uathoibrithe i gcomhréir leis na forálacha maidir le coinneáil sonraí atá i Rialacháin (AE) 2017/2226, (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) 2018/1240 faoi seach.
2.  
Déanfar an sainchomhad a stóráil in CIR amháin ar feadh na tréimhse céanna a bheidh na sonraí comhfhreagracha stóráilte i gceann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE a bhfuil a shonraí in CIR. Ní dhéanfaidh cruthú naisc aon difear do thréimhse coinneála gach píosa ar leith de na sonraí nasctha.

Airteagal 24

Logaí a choimeád

1.  
Gan dochar d'Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ná Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240, coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa CIR i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo.
2.  

De bhun Airteagal 20, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa CIR. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

(a) 

an Ballstát nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá ag seoladh an chuardaigh;

(b) 

cuspóir rochtana an úsáideora atá ag cuardach trí CIR;

(c) 

dáta agus am an chuardaigh;

(d) 

na cineálacha sonraí arna n-úsáid chun an cuardach a sheoladh;

(e) 

torthaí an chuardaigh.

3.  

De bhun Airteagal 21, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa CIR. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

(a) 

an Ballstát nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá ag seoladh an chuardaigh;

(b) 

cuspóir rochtana an úsáideora atá ag cuardach trí CIR;

(c) 

dáta agus am an chuardaigh;

(d) 

i gcás ina bhfuil nasc cruthaithe, na sonraí arna n-úsáid chun an cuardach a sheoladh agus torthaí an chuardaigh ag léiriú cé acu córas faisnéise AE ónár tháinig na sonraí.

4.  

De bhun Airteagal 22, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa CIR. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

(a) 

dáta agus am an chuardaigh;

(b) 

na sonraí arna n-úsáid chun an cuardach a sheoladh;

(c) 

torthaí an chuardaigh;

(d) 

an Ballstát nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá ag déanamh an chuardaigh in CIR.

Beidh na logaí ar rochtain den sórt sin á bhfhíorú go tráthrialta ag an údarás maoirseachta inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 nó ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2016/794, ag eatraimh nach faide ná sé mhí, chun a fhíorú an gcomhlíontar na nósanna imeachta agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22(1) agus (2) an Rialacháin seo.

5.  
Déanfaidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a choimeád agus a bhfuil a húdaráis agus foireann na n-údarás sin cuí-údaraithe chun CIR a úsáid de bhun Airteagail 20, 21 agus 22. Déanfaidh gach gníomhaireacht de chuid an Aontais logaí a choimeád de chuardaigh a dhéanann a fhoireann atá cuí-údaraithe de bhun Airteagail 20, 21 agus 22.

Sa bhreis air sin, le haghaidh aon rochtain ar CIR de bhun Airteagal 22, coimeádfaidh gach Ballstát na logaí seo a leanas:

(a) 

tagairt an chomhaid náisiúnta;

(b) 

cuspóir na rochtana;

(c) 

i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, aitheantas uathúil úsáideora an duine a rinne an cuardach agus an oifigigh a d'ordaigh an cuardach.

6.  
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, le haghaidh rochtain ar CIR de bhun Airteagal 22 den Rialacháin seo, coimeádfaidh Europol logaí d'aitheantas uathúil úsáideora an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d'ordaigh an cuardach.
7.  
Ní fhéadfar na logaí dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 a úsáid ach chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. Mura rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin agus sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.
8.  
Déanfaidh eu-LISA na logaí a bhaineann le stair na sonraí a stóráil i sainchomhaid. Déanfaidh eu-LISA logaí den sórt sin a léirscriosadh ar mhodh uathoibrithe a luaithe agus a léirscriostar na sonraí.



CAIBIDIL V

Brathadóir ilchéannachtaí

Airteagal 25

Brathadóir ilchéannachtaí

1.  
Déantar brathadóir ilchéannachtaí (MID) lena gcruthaítear agus lena stóráiltear comhad um dheimhniú céannachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 34 ina bhfuil naisc idir na sonraí sna córais faisnéise AE atá freisin sa CIR agus in SIS agus lena gceadaítear ilchéannachtaí a bhraith, agus ag a bhfuil an dá chuspóir seiceálacha céannachta a éascú agus calaois chéannachta a chomhrac, a bhunú chun críche tacú le feidhmiú CIR agus le cuspóirí EES, VIS, ETIAS, Eurodac, SIS agus ECRIS-TCN.
2.  

Is é a bheidh in MID:

(a) 

bonneagar lárnach ina stórálfar naisc agus tagairtí do na córais faisnéise AE;

(b) 

bonneagar cumarsáide slán chun MID a nascadh le SIS agus le bonneagair lárnacha ESP agus le CIR.

3.  
Is é eu-LISA a fhorbróidh MID agus a áiritheoidh a bhainistiú teicniúil.

Airteagal 26

Rochtain ar an mbrathadóir ilchéannachtaí

1.  

Chun críocha na gcéannachta éagsúla a fhíorú de láimh dá dtagraítear in Airteagal 29, tabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34 atá stóráilte in MID dóibh seo a leanas:

(a) 

na húdaráis inniúla ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 i gcás ina mbeifear ag cruthú nó ag nuashonrú sainchomhaid in EES i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin;

(b) 

na húdaráis víosa dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcás ina mbeifear ag cruthú nó ag nuashonrú comhaid iarratais in VIS i gcomhréir leis an Rialachán sin;

(c) 

láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS nuair a bheidh an próiseáil dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 26 de Rialachán (AE) 2018/1240 á dhéanamh;

(d) 

Biúró SIRENE an Bhallstáit a chruthaíonn nó a nuashonraíonn foláireamh SIS i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1860 agus (AE) 2018/1861.

2.  
Údaráis na mBallstát agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar chóras faisnéise AE amháin ar a laghad atá in CIR nó in SIS, beidh rochtain acu ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34(a) agus (b) maidir le nasc dearg ar bith dá dtagraítear in Airteagal 32.
3.  
Údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, beidh rochtain acu ar na naisc bhána dá dtagraítear in Airteagal 33 sa chás go bhfuil rochtain acu ar dhá chóras faisnéise AE a bhfuil sonraí iontu a ndearnadh nasc bán a chruthú eatarthu.
4.  
Údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, beidh rochtain acu ar na naisc ghlasa dá dtagraítear in Airteagal 31 sa chás go bhfuil rochtain acu ar dhá chóras faisnéise AE a bhfuil sonraí iontu a ndearnadh nasc uaine a chruthú eatarthu agus a ndearnadh meaits le dhá thacar de na sonraí nasctha a léiriú sa chuardach a rinneadh sna córais faisnéise sin.

Airteagal 27

Brathadóir ilchéannachtaí

1.  

Déanfar brath ilchéannachtaí in CIR agus in SIS a sheoladh más rud é:

(a) 

go ndéantar sainchomhad a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b) 

go ndéantar comhad iarratais a chruthú nó a nuashonrú in VIS i gcomhréir Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c) 

go ndéantar comhad iarratais a chruthú nó a nuashonrú in ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1240;

(d) 

go ndéantar foláireamh i leith duine a chruthú nó a nuashonrú in SIS i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1860 agus Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1861.

2.  
I gcás ina mbeidh sonraí bithmhéadracha mar chuid de na sonraí atá i gcóras faisnéise AE dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh CIR agus SIS Láir BMS comhroinnte chun an brath ilchéannachtaí a dhéanamh. Cuirfidh BMS comhroinnte na teimpléid bhithmhéadracha a fhaightear ó aon sonraí bithmhéadracha nua i gcomparáid leis na teimpléid bhithmhéadracha atá in BMS comhroinnte cheana chun a fhíorú cibé acu atá na sonraí a bhaineann leis an duine céanna stóráilte cheana in CIR nó in SIS Láir nó nach bhfuil.
3.  

Sa bhreis ar an bpróiseas dá dtagraítear i mír 2, úsáidfidh CIR agus SIS Láir ESP chun na sonraí a chuardach atá stóráilte in SIS Láir agus CIR faoi seach trí na sonraí seo a leanas a úsáid:

(a) 

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus inscne; dá dtagraítear in Airteagail 16(1)(a), 17(1) agus 18(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b) 

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; inscne; áit bhreithe agus tír bhreithe; agus náisiúntachtaí dá dtagraítear i bpointí (4)(a) agus (aa) d'Airteagal 9 de Rialachán Uimh. 767/2008;

(c) 

sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm(neacha) (túsainm(neacha)), sloinne breithe; ailias(ailiasanna); dáta breithe, áit bhreithe, inscne agus náisiúntacht i láthair na huaire; amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240;

(d) 

sloinnte, céadainmneacha, ainmneacha breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe sin agus aon ailiasanna, áit bhreithe, dáta breithe, inscne agus aon náisiúntachtaí eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2018/1861;

(e) 

sloinnte, céadainmneacha, ainm (ainmneacha) breithe, ainmneacha a úsáideadh roimhe sin agus aon ailiasanna; áit breithe, dáta breithe, inscne agus aon náisiúntachtaí eile agus amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(4) de Rialachán (AE) 2018/1860.

4.  
Sa bhreis ar an bpróiseas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, úsáidfidh CIR agus SIS Láir ESP chun na sonraí a chuardach atá stóráilte in SIS Láir agus CIR faoi seach trí shonraí doiciméid taistil a úsáid.
5.  
Ní sheolfar an brath ilchéannachtaí ach chun sonraí atá ar fáil i gcóras faisnéise AE amháin a chur i gcomparáid le sonraí atá ar fáil i gcórais faisnéise AE eile.

Airteagal 28

Torthaí an bhraith ilchéannachtaí

1.  
I gcás nach bhfaighfear meaits mar thoradh ar na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 27(2), (3) agus (4), leanfar de na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(1) i gcomhréir leis na hionstraimí dlí arna rialú.
2.  
I gcás ina bhfaighfear meaits amháin nó roinnt meaitseanna mar thoradh ar an gcuardach dá dtagraítear in Airteagal 27(2), (3) agus (4), cruthóidh CIR agus, i gcás inarb ábhartha, SIS nasc idir na sonraí a úsáideadh chun an cuardach a sheoladh agus na sonraí a thionscain an meaits.

I gcás ina bhfaighfear roinnt meaitseanna, cruthófar nasc idir na sonraí ar fad a thionscain meaits. Más rud é go raibh na sonraí nasctha cheana, cuimseofar sa nasc atá ann cheana na sonraí a úsáideadh chun an cuardach a sheoladh.

3.  
I gcás ina bhfaighfear meaits amháin nó roinnt meaitseanna mar thoradh ar an gcuardach dá dtagraítear in Airteagal 27(2), (3) agus (4) agus ina mbeidh sonraí céannachta na gcomhad nasctha comhionann nó cosúil, cruthófar nasc bán i gcomhréir le hAirteagal 33.
4.  
I gcás ina bhfaighfear meaits amháin nó roinnt meaitseanna mar thoradh ar an gcuardach dá dtagraítear in Airteagal 27(2), (3) agus (4) agus nach féidir a mheas go bhfuil sonraí céannachta na gcomhad nasctha cosúil, cruthófar nasc buí i gcomhréir le hAirteagal 30 agus beidh feidhm leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29.
5.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 lena leagtar síos na nósanna imeachta chun na cásanna a chinneadh ina bhféadfar a mheas go bhfuil na sonraí céannachta mar an gcéanna nó go bhfuil siad cosúil.
6.  
Stórálfar na naisc sa chomhad um dheimhniú céannachta dá dtagraítear in Airteagal 34.
7.  
I gcomhar le eu-LISA, leagfaidh an Coimisiún síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha teicniúla maidir le naisc idir sonraí ó chórais faisnéise éagsúla de chuid an Aontais a chruthú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 29

Céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh agus na húdaráis atá freagrach

1.  

Gan dochar do mhír 2, is é an t-údarás a bheidh freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh:

(a) 

an t-údarás arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 i leith meaitseanna a fuarthas nuair a bhí sainchomhad á chruthú nó á nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin;

(b) 

na húdaráis víosa dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i leith meaitseanna a fuarthas nuair a bhí comhad iarratais á chruthú nó á nuashonrú in VIS i gcomhréir leis an Rialachán sin;

(c) 

Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS i leith meaitseanna a fuarthas nuair a bhí comhad iarratais á chruthú nó á nuashonrú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240;

(d) 

Biúró SIRENE an Bhallstáit i leith meaitseanna a fuarthas nuair a bhí foláireamh SIS á chruthú nó á nuashonrú i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1860 agus (AE) 2018/1861.

Léireoidh MID sa chomhad um dheimhniú céannachta cén t-údarás a bheidh freagrach as na céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh.

2.  

Is é oifig SIRENE an Bhallstáit a chruthaigh an foláireamh an t-údarás a bheidh freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh sa chomhad um dheimhniú céannachta i gcás ina gcruthófar nasc le sonraí atá le fáil i bhfoláireamh:

(a) 

i dtaca le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun na gcríoch iad a thabhairt suas chun iad a eiseachadadh mar a thagraítear dó in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1862;

(b) 

i dtaca le daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha mar a thagraítear dó in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2018/1862;

(c) 

i dtaca le daoine atáthar á lorg chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach mar a thagraítear dó in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1862;

(d) 

i dtaca le daoine atá faoi réir seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha mar a thagraítear dó in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/1862.

3.  
Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, beidh ag an údarás a bheidh freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh rochtain ar na sonraí gaolmhara atá sa chomhad ábhartha um dheimhniú comhréireachta agus ar na sonraí céannachta nasctha atá in CIR agus, i gcás inarb ábhartha, in SIS. Déanfaidh sé na céannachtaí éagsúla a mheasúnú gan mhoill. A thúisce a bheidh an measúnú sin curtha i gcrích aige, nuashonróidh sé an nasc i gcomhréir le hAirteagal 31, le Airteagal 32 agus le hAirteagal 33 agus cuirfidh sé leis an gcomhad um dheimhniú céannachta é gan mhoill.
4.  
I gcás inarb é an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2017/226, agus a chruthaíonn nó a nuashonraíonn sainchomhad in EES arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin, an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla sa chomhad um dheimhniú céannachta éagsúla a fhíorú de láimh, agus i gcás ina gcruthaítear nasc buí, déanfaidh an t-údarás sin fíoruithe breise. Chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag an údarás sin ar na sonraí gaolmhara atá sa chomhad um dheimhniú céannachta ábhartha. Déanfaidh sé na céannachtaí éagsúla a mheasúnú agus déanfaidh sé an nasc a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagail 31, 32 agus 33 den Rialachán seo agus a chur leis an gcomhad um dheimhniú céannachta gan mhoill.

Déanfar fíorú na gcéannachtaí éagsúla de láimh den sórt seo a thionscnamh i láthair an duine lena mbaineann agus tabharfar an deis don duine sin míniú ar na hiomthosca a thabhairt don údarás atá freagrach, agus déanfaidh an t-údarás sin na mínithe sin a chur san áireamh.

I gcásanna gur ag an teorainn a tharlaíonn an fíorú de láimh ar chéannachtaí éagsúla, tarlóidh an fíorú sin laistigh de 12 uair an chloig ón tráth a chruthaítear nasc buí faoi Airteagal 28(4), i gcás inarb indéanta sin.

5.  
I gcás ina gcruthófar níos mó ná nasc amháin, déanfaidh an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gach nasc a mheasúnú ina cheann agus ina cheann.
6.  
I gcás ina mbeidh na sonraí a bhfuarthas meaits dóibh nasctha cheana, cuirfidh an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh san áireamh na naisc atá ann cheana nuair a bheidh sé ag déanamh a mheasúnaithe ar naisc nua a chruthú.

Airteagal 30

Nasc buí

1.  

I gcásanna nach ndearnadh na céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh go fóill, déanfar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE nó níos mó a aicmiú mar nasc buí más rud é:

(a) 

go mbeidh na sonraí bithmhéadracha céanna ach sonraí céannachta cosúla nó éagsúla ag na sonraí nasctha,;

(b) 

go mbeidh sonraí céannachta éagsúla ach sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna ag na sonraí nasctha, agus, i gcás ceann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE, nach mbeidh sonraí bithmhéadracha faoin duine lena mbaineann ann;

(c) 

go mbeidh na sonraí céannachta céanna ach sonraí bithmhéadracha éagsúla ag na sonraí nasctha;

(d) 

go mbeidh sonraí céannachta cosúla nó éagsúla, agus sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna, ach sonraí bithmhéadracha éagsúla ag na sonraí nasctha.

2.  
I gcás ina ndéanfar nasc a aicmiú mar nasc buí i gcomhréir le mír 1, beidh feidhm leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 29.

Airteagal 31

Nasc uaine

1.  

Déanfar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE nó níos mó a aicmiú mar nasc uaine más rud é:

(a) 

go mbeidh na sonraí bithmhéadracha éagsúla ach go mbeidh na sonraí céannachta céanna ag na sonraí nasctha, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt do bheirt éagsúla atá na sonraí nasctha;

(b) 

go mbeidh na sonraí bithmhéadracha éagsúla ag na sonraí nasctha, go mbeidh sonraí céannachta cosúla nó éagsúla, go mbeidh sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna acu, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt do bheirt éagsúla atá na sonraí nasctha;

(c) 

go mbeidh sonraí céannachta éagsúla ag na sonraí nasctha ach go mbeidh sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna acu, nach mbeidh sonraí bithmhéadracha faoin duine lena mbaineann ann i gcás ceann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt do bheirt éagsúla atá na sonraí nasctha.

2.  
I gcás ina ndéanfar cuardach in CIR nó in SIS agus ina mbeidh nasc uaine idir sonraí dhá cheann nó níos mó de na córais faisnéise AE, léireoidh MID nach mbaineann sonraí céannachta na sonraí nasctha leis an duine céanna.
3.  
Más rud é go bhfuil fianaise ag údarás Ballstáit a thugann le tuiscint go bhfuil nasc uaine a taifeadadh in MID míchruinn ó thaobh fíricí de, nach bhfuil nasc uaine cothrom le dáta nó go ndearnadh sonraí a phróiseáil in MID nó sna córais faisnéise AE, agus an Rialachán seo á shárú ar an gcaoi sin, seiceálfaidh sé na sonraí ábhartha atá stóráilte in CIR agus in SIS agus déanfaidh sé, i gcás inar gá, an nasc a cheartú nó a léirscriosadh ó MID gan mhoill. Déanfaidh an t-údarás sin sa Bhallstát an Ballstát atá freagrach na céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh a chur ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 32

Nasc dearg

1.  

Déanfar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE nó níos mó a aicmiú mar nasc dearg más rud é:

(a) 

go mbeidh na sonraí bithmhéadracha céanna ach sonraí céannachta cosúla nó éagsúla ag na sonraí nasctha, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt, gan údar, don duine céanna atá siad;

(b) 

go mbeidh na sonraí céannachta mar an gcéanna leis na sonraí nasctha, nó iad cosúil leo nó éagsúil leo agus go mbeidh sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna ach sonraí bithmhéadracha éagsúla ag na sonraí nasctha, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt, gan údar, do bheirt éagsúla a bhfuil duine amháin acu ar a laghad ag baint úsáid as an doiciméad taistil céanna acu atá na sonraí;

(c) 

go mbeidh na sonraí céannachta céanna ach sonraí bithmhéadracha éagsúla agus sonraí doiciméid taistil éagsúla, nó gan aon sonraí doiciméid taistil, ag na sonraí nasctha, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt, gan údar, do bheirt éagsúla atá na sonraí;

(d) 

go mbeidh sonraí céannachta éagsúla ach sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna ag na sonraí nasctha, nach mbeidh sonraí bithmhéadracha faoin duine lena mbaineann ann i gcás ceann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt, gan údar, don duine céanna atá na sonraí.

2.  
I gcás ina ndéanfar cuardach in CIR nó in SIS agus ina mbeidh nasc dearg idir sonraí atá in dhá cheann nó níos mó de na córais faisnéise AE, tabharfaidh MID freagra a léiríonn na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34. Aon bheart a dhéanfar tar éis nasc dearg a shuí, déanfar i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta é, agus orthu sin amháin, a bheidh aon iarmhairt dhlíthiúil don duine sin. Ní bheidh aon iarmhairt dhlíthiúil ann do dhuine bunaithe go huile agus go hiomlán ar an bhfíoras gur ann do nasc dearg.
3.  
I gcás ina gcruthófar nasc dearg idir sonraí in EES, VIS, ETIAS, Eurodac nó ECRIS-TCN, déanfar an sainchomhad atá stóráilte in CIR a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 19(2).
4.  
Gan dochar do na forálacha a bhaineann le láimhseáil foláireamh in SIS atá i Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862, agus gan dochar do na teorannuithe is gá chun an tslándáil agus an t-ord poiblí a chosaint, chun an choireacht a chomhrac agus chun a ráthú nach gcuirfear aon imscrúdú náisiúnta i mbaol, i gcás ina gcruthófar nasc dearg, cuirfidh an t-údarás atá freagrach as sonraí céannachta éagsúla a fhíorú de láimh an duine lena mbaineann ar an eolas gur ann d'ilchéannachtaí neamhdhleathacha, agus déanfaidh sé uimhir aitheantais aonair, amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(c) den Rialachán seo, tagairt don údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(d) den Rialachán seo, agus suíomh gréasáin na tairsí gréasáin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo, a thabhairt don duine.
5.  
Is trí bhíthin foirm chaighdeánach a dhéanfaidh an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt i scríbhinn. Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a chinnfidh an Coimisiún inneachar agus cur i láthair na foirme sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).
6.  
I gcás ina gcruthófar nasc dearg, tabharfaidh MID fógra, ar bhealach uathoibrithe, do na húdaráis atá freagrach as na sonraí nasctha.
7.  

Má tá fianaise ag údarás Ballstáit nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais ag a bhfuil rochtain ar CIR nó ar SIS a thugann nach bhfuil nasc dearg a taifeadadh in MID i gceart nó go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus na sonraí a próiseáladh in MID, in CIR nó in SIS, déanfaidh an t-údarás sin nó an ghníomhaireacht sin na sonraí ábhartha a stóráiltear in CIR agus SIS a sheiceáil:

(a) 

i gcás ina mbaineann an nasc le ceann amháin d'fholáirimh SIS dá dtagraítear in Airteagal 29(2), cuirfidh sé nó sí Biúró SIRENE ábhartha an Bhallstáit sin a chruthaigh an foláireamh sin a chur ar an eolas;

(b) 

i ngach cás eile, déanfaidh sé nó sí an nasc a cheartú nó a léirscriosadh ó MID láithreach.

Má dhéantar teagmhail le Biúró SIRENE de bhun phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh sí an fhianaise arna soláthar ag údarás an Bhallstáit nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais a fhíorú, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh sé an nasc a cheartú nó a léirscriosadh ó MID láithreach.

Déanfaidh údarás an Bhallstáit a fhaigheann an fhianaise an Ballstát atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh a chur ar an eolas gan mhoill agus léireoidh sé, i gcás inarb ábhartha, aon nasc dearg a ceartaíodh nó a léirscriosadh.

Airteagal 33

Nasc bán

1.  

Déanfar nasc idir sonraí ó dhá chóras faisnéise AE nó níos mó a aicmiú mar nasc bán más rud é:

(a) 

go mbeidh na sonraí bithmhéadracha céanna agus na sonraí céannachta céanna nó sonraí céannachta cosúla ag na sonraí nasctha;

(b) 

go mbeidh na sonraí céannachta céanna nó sonraí céannachta cosúla ag na sonraí nasctha, go mbeidh sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna ag na sonraí nasctha agus, i gcás ceann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE, nach mbeidh sonraí bithmhéadracha faoin duine lena mbaineann ann;

(c) 

go mbeidh na sonraí bithmhéadracha céanna agus sonraí doiciméid taistil mar an gcéanna agus sonraí céannachta cosúla ag na sonraí nasctha;

(d) 

go mbeidh na sonraí bithmhéadracha céanna ach sonraí céannachta cosúla nó éagsúla ag na sonraí nasctha, agus gurb é conclúid an údaráis atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh gur ag tagairt, agus údar ann atá na sonraí;

2.  
I gcás ina ndéanfar cuardach in CIR nó in SIS agus ina mbeidh nasc bán idir sonraí i ndá cheann nó níos mó de na córais faisnéise AE, léireoidh MID go mbaineann sonraí céannachta na sonraí nasctha leis an duine céanna. Tiocfaidh freagra ó na córais faisnéise AE a ndearnadh na cuardaigh iontu a léireoidh, i gcás inarb ábhartha, na sonraí nasctha ar fad a bhaineann leis an duine sin, agus tionscnófar meaits, dá bhrí sin, i leith na sonraí a bhfuil nasc bán eatarthu, más rud é go bhfuil rochtain ag an údarás a sheol an cuardach ar na sonraí nasctha faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
3.  
I gcás ina gcruthófar nasc bán idir sonraí in EES, VIS, ETIAS, Eurodac nó ECRIS-TCN, déanfar an sainchomhad atá stóráilte in CIR a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 19(2).
4.  
Gan dochar do na forálacha a bhaineann le láimhseáil foláireamh in SIS atá i Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862, agus gan dochar do na teorannuithe is gá chun an tslándáil agus an t-ord poiblí a chosaint, chun an choireacht a chomhrac agus chun a ráthú nach gcuirfear aon imscrúdú náisiúnta i mbaol, i gcás ina gcruthófar nasc bán ina dhiadh na gcéannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, cuirfidh an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh an duine lena mbaineann ar an eolas gur ann do sonraí céannachta cosúla nó éagsúla, agus déanfaidh sé uimhir aitheantais aonair, amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(c) den Rialachán seo, tagairt don údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(d) den Rialachán seo, agus suíomh gréasáin na tairsí gréasáin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo, a thabhairt i scríbhinn don duine.
5.  
Más rud é go bhfuil fianaise ag údarás Ballstáit a thugann le fios nach bhfuil nasc bán a taifeadadh in MID i gceart, nach bhfuil nasc bán cothrom le dáta nó go ndearnadh sonraí a phróiseáil in MID nó i gcórais faisnéise an Aontais, agus an Rialachán seo á shárú ar an gcaoi sin, seiceálfaidh sé na sonraí ábhartha a stóráiltear in CIR agus in SIS agus déanfaidh sé, i gcás inar gá, an nasc a cheartú nó a léirscriosadh ó MID gan mhoill. Déanfaidh údarás an Bhallstáit sin an Ballstát atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fíorú de láimh a chur ar an eolas gan mhoill.
6.  
Is trí bhíthin foirm chaighdeánach a dhéanfaidh an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt i scríbhinn. Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a chinnfidh an Coimisiún inneachar agus cur i láthair na foirme sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 34

Comhad um dheimhniú céannachta

Beidh sa chomhad um dheimhniú céannachta na sonraí seo a leanas:

(a) 

na naisc dá dtagraítear in Airteagal 30 go hAirteagal 33;

(b) 

tagairt do na córais faisnéise AE a bhfuil na sonraí nasctha á sealbhú;

(c) 

uimhir aitheantais aonair lenar féidir na sonraí nasctha a aisghabháil ón gcóras faisnéise AE comhfhreagrach;

(d) 

an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh;

(e) 

an dáta a dhéantar an nasc a chruthú nó a dhéantar nuashonrú air.

Airteagal 35

Sonraí a choinneáil sa bhrathadóir ilchéannachtaí

Ní stórálfar na comhaid um dheimhniú céannachta agus na sonraí atá iontu, lena n-áirítear na naisc, in MID ach ar feadh na tréimhse a mbeidh na sonraí nasctha stóráilte in dhá cheann nó níos mó de chórais faisnéise AE. Léirscriosfar iad ó MID ar bhealach uathoibrithe.

Airteagal 36

Logaí a choinneáil

1.  

Coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa MID. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

(a) 

an Ballstát atá ag seoladh an chuardaigh;

(b) 

cuspóir rochtana an úsáideora;

(c) 

dáta agus am an chuardaigh;

(d) 

na cineálacha sonraí arna n-úsáid chun an cuardach a sheoladh;

(e) 

an tagairt do na sonraí nasctha;

(f) 

stair an chomhaid um dheimhniú céannachta.

2.  
Déanfaidh gach Ballstát logaí a choinneáil de chuardaigh a dhéanann a n-údaráis agus foireann na n-údarás sin atá cuí-údaraithe chun MID a úsáid. Déanfaidh gach gníomhaireacht de chuid an Aontais logaí a choinneáil de chuardaigh a dhéanann a foireann cuí-udaraithe.
3.  
Ní fhéadfar na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a a úsáid ach chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. Mura rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin agus sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.



CAIBIDIL VI

Bearta chun tacú leis an idir-inoibritheacht

Airteagal 37

Cáilíocht na sonraí

1.  
Gan dochar d'fhreagrachtaí na mBallstát maidir le cáilíocht na sonraí a iontráiltear sna córais, bunóidh eu-LISA sásraí agus nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí maidir le sonraí a stóráiltear in EES, VIS, ETIAS, SIS, BMS comhroinnte agus CIR.
2.  
Déanfaidh eu-LISA sásraí a chur chun feidhme chun meastóireacht a dhéanamh ar chruinneas BMS chomhroinnte, táscairí coiteanna cáilíochta sonraí agus na híoschaighdeáin cháilíochta chun sonraí a stóráil in EES, VIS, ETIAS, SIS, BMS comhroinnte agus CIR.

Ní fhéadfar ach sonraí a chomhlíonann na híoschaighdeáin cháilíochta a iontráil in EES, VIS, ETIAS, SIS, BMS comhroinnte, CIR agus MID.

3.  
Déanfaidh eu-LISA tuarascálacha maidir leis na sásraí agus na nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí agus na táscairí coiteanna cáilíochta sonraí a chur ar fáil go tráthrialta do na Ballstáit. Cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fáil go tráthrialta freisin don Choimisiún ina gcumhdófar na saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn agus na Ballstáit lena mbaineann. Tabharfaidh an eu-LISA an tuarascáil sin freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, arna iarraidh sin acu. Ní bheidh aon sonraí pearsanta in aon tuarascálacha dá bhforáiltear faoin mír seo.
4.  
Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme mionsonraí na sásraí agus na nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí, na táscairí coiteanna cáilíochta sonraí agus na híoschaighdeáin cháilíochta chun sonraí a stóráil in EES, VIS, ETIAS, SIS, BMS comhroinnte agus CIR, go háirithe i dtaca le sonraí bithmhéadracha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).
5.  
Bliain amháin tar éis na sásraí agus na nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí, na táscairí coiteanna cáilíochta sonraí agus na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí a bhunú, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme cáilíochta sonraí ag na Ballstáit agus déanfaidh sé aon mholtaí is gá. Cuirfidh na Ballstáit plean gníomhaíochta ar fáil don Choimisiún chun aon easnaimh a shainaithneofar sa tuarascáil mheastóireachta agus, go háirithe, saincheisteanna cáilíochta sonraí a eascraíonn as sonraí earráideacha i gcórais faisnéise AE a leigheas. Tuairisceoidh na Ballstáit go tráthrialta don Choimisiún ar aon dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an bplean gníomhaíochta sin nó go gcuirfear chun feidhme go hiomlán é.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle ( 6 ).

Airteagal 38

Formáid uilíoch teachtaireachta

1.  
Bunaítear leis seo caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF). Le UMF, déantar caighdeáin a shainiú do ghnéithe inneachair áirithe de mhalartú faisnéise trasteorann idir córais faisnéise, údaráis nó eagraíochtaí i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile.
2.  
Bainfear úsáid as caighdeán UMF nuair atá EES, ETIAS, ESP, CIR, MID agus, i gcás inarb iomchuí, i bhforbairt samhlacha malartaithe faisnéise nua agus córais faisnéise i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile ag eu-LISA nó ag aon ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais.
3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos agus lena bhforbrófar caighdeán na Formáide Uilíche Teachtaireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 39

An lárstóras um thuairisciú agus staidreamh

1.  
Bunaítear an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) chun críocha tacú, i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais sin, le cuspóirí EES, VIS, ETIAS agus SIS agus chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críocha beartas, oibriúcháin agus cáilíocht sonraí.
2.  
Déanfaidh eu-LISA CRRS a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla ina mbeidh na sonraí agus an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1860, arna scaradh go loighciúil de réir an chórais faisnéise AE. Is trí bhíthin slánrochtana a thabharfar rochtain do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240 agus Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1861 ar CRRS, agus rialú á dhéanamh ar rochtain agus próifílí úsáideoirí sonracha ann, agus is chun críche tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na críche sin amháin, a thabharfar rochtain.
3.  
Déanfaidh eu-LISA sonraí i ndíth ainm de na sonraí sin agus déanfaidh sé na sonraí sin a chuirtear i ndíth ainm a thaifeadadh in CRRS. Próiseas uathoibrithe a bheidh sa phróiseas lena ndéanfar sonraí anaithnide de na sonraí sin

Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint leis na sonraí in CRRS.

4.  

Is é a bheidh in CRRS:

(a) 

na huirlisí is gá chun sonraí a chur i ndíth ainm;

(b) 

bonneagar láir, ina mbeidh stóras sonraí de shonraí i ndíth ainm;

(c) 

bonneagar cumarsáide slán chun CRRS a nascadh le EES, VIS, ETIAS agus SIS, maille le bonneagair láir BMS chomhroinnte, CIR agus MID.

5.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú CRRS lena n-áirítear coimircí sonracha chun na sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a phróiseáil agus rialacha slándála is infheidhme maidir leis an lárstóras.



CAIBIDIL VII

Cosaint sonraí

Airteagal 40

Rialaitheoir sonraí

1.  
I dtaca leis an bpróiseáil sonraí a dhéantar in BMS comhroinnte, is iad rialaitheoirí údaráis na mBallstát ar rialaitheoirí iad i gcomhair EES, VIS agus SIS faoi seach, a bheidh ina rialaitheoirí i gcomhréir le pointe (7) d'Airteagal 4 de Rialachán 2016/679 nó le pointe (8) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680 i dtaca leis na teimpléid bhithmhéadracha a gheofar ó na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo agus a iontrálfaidh siad sna córais foluiteacha agus beidh siad freagrach as próiseáil na dteimpléad bithmhéadrach in BMS comhroinnte.
2.  
I dtaca leis an bpróiseáil sonraí a dhéantar in CIR, is iad údaráis na mBallstát ar rialaitheoirí iad i gcomhair EES, VIS agus ETIAS faoi seach, a bheidh ina rialaitheoirí i gcomhréir le pointe (7) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 i dtaca leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo a iontrálfaidh siad sna córais foluiteacha, agus beidh siad freagrach as próiseáil na sonraí pearsanta sin in CIR.
3.  

I dtaca le próiseáil sonraí in MID:

(a) 

is í an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a bheidh ina rialaitheoir sonraí de réir bhrí phointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag Láraonad ETIAS;

(b) 

is iad údaráis na mBallstát a chuireann leis an gcomhad nó a mhodhnaíonn na sonraí sa chomhad um dheimhniú céannachta a bheidh ina rialaitheoirí i gcomhréir le pointe (7) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le pointe (8) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/680 agus is iad a bheidh freagrach as na sonraí pearsanta in MID a phróiseáil.

4.  
Chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, beidh rochtain ag na rialaitheoirí sonraí ar na logaí dá dtagraítear in Airteagail 10, 16, 24 agus 36 le haghaidh féinfhaireacháin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 44.

Airteagal 41

Próiseálaí sonraí

I dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil in BMS comhroinnte, CIR, agus MID, is é eu-LISA a bheidh ina phróiseálaí sonraí de réir bhrí phointe (12)(a) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 42

Slándáil na próiseála

1.  
Áiritheoidh eu-LISA, Láraonad ETIAS, Europol agus na Ballstáit slánphróiseáil na sonraí pearsanta a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo. Oibreoidh eu-LISA, Láraonad ETIAS, Europol agus údaráis na mBallstát i gcomhar le chéile i dtaca le cúraimí a bhaineann le slándáil.
2.  
Gan dochar d'Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh eu-LISA na bearta is gá chun slándáil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta agus an bonneagar cumarsáide a bhaineann leo a áirithiú.
3.  

Go háirithe, déanfaidh eu-LISA na bearta riachtanacha a ghlacadh, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a) 

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b) 

diúltú do dhaoine neamhúdaraithe rochtain a fháil ar threalamh agus suiteálacha próiseála sonraí;

(c) 

bac a chur ar léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe na meán ar a bhfuil sonraí stóráilte;

(d) 

iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta atá ar taifead a chosc;

(e) 

bac a chur ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí maille le cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí;

(f) 

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu córais uathphróiseála sonraí a úsáid;

(g) 

a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar chomhpháirteanna idir-inoibritheachta ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana, trí mheán céannachta úsáideora ar leithligh agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid;

(h) 

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid chuige sin;

(i) 

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na sonraí a próiseáladh sna comhchodanna idir-inoibritheachta, cá huair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige a ndearnadh é;

(j) 

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig na comhchodanna nó uathu, nó le linn do na meáin ar a bhfuil sonraí stóráilte a bheith á n-iompar.

(k) 

a áirithiú gur féidir, i gcás ina dtarlódh briseadh sa chóras, na córais atá suiteáilte a chur ag oibriú arís mar is ceart;

(l) 

iontaofacht a áirithiú trína chinntiú go ndéantar aon fhabhtanna i bhfeidhmiú na gcomhchodanna idir-inoibritheachta a thuairisciú mar is cuí;

(m) 

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin is gá a dhéanamh maidir le faireachán inmheánach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus chun measúnú a dhéanamh ar na bearta slándála sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nua.

4.  
Déanfaidh na Ballstáit, Europol agus Lárionad ETIAS bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 3 maidir le slándáil i leith próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis a bhfuil an ceart acu aon cheann de na comhchodanna idir-inoibritheachta a rochtain.

Airteagail 43

Teagmhais slándála

1.  
Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, agus a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste a dhéanamh do shonraí a stóráiltear iontu, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain neamhúdaraithe ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.
2.  
Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí a áirithiú.
3.  
Gan dochar d'fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus cur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, nó iad araon, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, eu-LISA, na húdaráis mhaoirseachta inniúla agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill faoi aon teagmhais slándála.

Gan dochar d'Airteagal 34 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, ná d'Airteagal 34 de Threoir (AE) 2016/794, tabharfaidh Lárionad ETIAS agus Europol fógra gan mhoill don Choimisiún, do eu-LISA agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoi aon teagmhas slándála.

I gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála maidir le bonneagar láir na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, cuirfidh eu-LISA an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas ina thaobh gan mhoill.

4.  
Faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú na gcomhchodanna idir-inoibritheachta nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí, déanfar í a sholáthar gan mhoill do na Ballstáit, do Lárionad ETIAS agus do Europol agus a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais a sholáthróidh eu-LISA.
5.  
Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann, Lárionad ETIAS, Europol agus eu-LISA le chéile má tharlaíonn teagmhas slándála. Déanfaidh an Coimisiún sonraíocht an nós imeachta comhair sin a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 44

Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais go ndéanfaidh gach údarás a bheidh i dteideal rochtain a fháil ar na comhchodanna idir-inoibritheachta na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh an t-údarás sin, i gcás inar gá sin, leis an údarás maoirseachta.

Déanfaidh na rialaitheoirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 40 na bearta is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na próiseála sonraí de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear na logaí dá dtagraítear in Airteagail 10, 16, 24 agus 36 a fhíorú go rialta agus oibriú, i gcás inar gá, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 45

Pionóis

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon mhí-úsáid sonraí, próiseáil sonraí nó malartú sonraí atá contrártha don Rialachán seo inphionóis i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 46

Dliteanas

1.  

Gan dochar don cheart chun cúiteamh a fháil, ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725:

(a) 

aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábharach nó neamhábharach de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó de bharr aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh ag Ballstát, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin;

(b) 

aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábharach nó neamhábharach de bharr aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh ag Europol, ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, nó ag eu-LISA, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón ngníomhaireacht i dtrácht.

Déanfar an Ballstát lena mbaineann, Europol, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó eu-LISA a dhíolmhú óna dhliteanas nó óna dliteanas faoin gcéad fhomhír, go hiomlán nó go páirteach, má chruthaíonn sé nó sí nach é nó í atá freagrach as an imeacht ba chúis leis an damáiste.

2.  
Má mhainníonn Ballstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus an méid sin a bheith ina chúis damáiste do na comhchodanna idir-inoibritheachta, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo bearta réasúnacha chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.
3.  
Is faoi fhorálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit arb é an cosantóir é a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne rialaitheora nó i gcoinne eu-LISA as an damáiste dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 47

Ceart chun faisnéise

1.  
Déanfaidh an t-údarás a bhailíonn sonraí pearsanta a stóráiltear a gcuid sonraí in BMS comhroinnte, in CIR nó in MID an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679, faoi Airteagail 12 agus 13 de Threoir (AE) 2016/680 agus faoi Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 a sholáthar do na daoine a mbailítear a gcuid sonraí sin. Déanfaidh an t-údarás an fhaisnéis a sholáthar tráth a bhaileofar na sonraí sin.
2.  
Déanfar an fhaisnéis ar fad a chur ar fáil, agus leas á bhaint as friotal soiléir simplí, i dteanga a thuigfidh an duine lena mbaineann nó i dteanga ar den réasúntacht é go dtuigfidh an duine sin í. Áireofar leis sin faisnéis a sholáthar ar bhealach a bheidh iomchuí d'aois na n-ábhar sonraí sa chás gur mionaoisigh iad na daoine sin.
3.  

Cuirfear daoine a bhfuil a sonraí taifeadta in EES, VIS nó (ETIAS) ar an eolas maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 1 más rud é:

(a) 

go ndéantar sainchomhad a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b) 

go ndéantar comhad iarratais a chruthú nó a nuashonrú in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c) 

go ndéantar comhad iarratais a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1240.

Airteagal 48

Ceart rochtana ar shonraí pearsanta a stóráiltear in MID, an ceart go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a cheartú agus a léirscriosadh, agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil na sonraí pearsanta sin

1.  
Chun a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagail 15 go 18 de Rialachán (AE) 2016/679, faoi Airteagail 17 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi Airteagail 14, 15 agus 16 de Threoir (AE) 2016/680, beidh an ceart ag aon duine dul i dteagmháil le húdarás inniúil aon Bhallstát, agus scrúdóidh an Ballstát sin an iarraidh agus tabharfaidh sé freagra uirthi.
2.  
Déanfaidh an Ballstát a rinne scrúdú ar an iarraidh sin freagra a thabhairt gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 45 lá tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 15 lá eile ar a mhéad, i gcás inar gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Déanfaidh an Ballstát a dhéanann an scrúdú ar an iarraidh sin an t-abhar sonraí a chur ar an eolas faoi aon fhadú den sórt sin, mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill, laistigh de 45 lá tar éis an iarraidh a fháil. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur oifigí lárnacha a thabharfaidh na freagraí sin.
3.  
Má chuirtear iarraidh ar shonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh faoi bhráid Ballstáit cé is moite den Bhallstát atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, rachaidh an Ballstát ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh i dteagmháil, laistigh de sheacht lá, le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú cruinneas na sonraí agus dleathacht na próiseála sonraí a sheiceáil gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 30 lá ó rinneadh an teagmháil sin. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 15 lá eile ar a mhéad, i gcás inar gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Cuirfidh an Ballstát atá freagrach as na céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh an Ballstát a rinne teagmháil leis ar an eolas faoi aon fhadú den sórt sin, mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill. Déanfaidh an Ballstát a rinne teagmháil le húdarás an Bhallstáit atá freagrach as na céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh an duine lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcuid eile den nós imeachta.
4.  
Má chuirtear iarraidh ar shonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh faoi bhráid Ballstáit más é Lárionad ETIAS a bhí freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, rachaidh an Ballstát ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh i dteagmháil, laistigh de sheacht lá, le Lárionad ETIAS don Ballstát sin a iarraidh air a thuairim a thabhairt. Tabharfaidh Lárionad ETIAS a tuairim gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 30 lá ó rinneadh an teagmháil sin. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 15 lá eile ar a mhéad, i gcás inar gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Déanfaidh an Ballstát a rinne teagmháil le Lárionad ETIAS an duine lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcuid eile den nós imeachta.
5.  
I gcás ina bhfaighfear amach tar éis scrúdú go bhfuil na sonraí a stóráiltear in MID míchruinn nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh nó, i gcás nach raibh aon Bhallstát freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh nó i gcás inarb é Lárionad ETIAS a bhí freagrach as na céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, an Ballstát ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh, na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh gan aon mhoill mhíchuí. Déanfar an duine lena mbaineann a chur ar an eolas go ndearnadh a chuid sonraí nó a cuid sonraí a cheartú nó a léirscriosadh.
6.  
I gcás ina ndéanfaidh Ballstát sonraí a stóráiltear in MID a leasú le linn a dtréimhse choinneála, déanfaidh an Ballstát sin an phróiseáil a leagtar síos in Airteagal 27 agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 29 lena chinneadh an ndéantar na sonraí leasaithe a nascadh. I gcás nach bhfaighfear aon mheaits leis an bpróiseáil, déanfaidh an Ballstát sin na sonraí a scriosadh ón gcomhad um dheimhniú céannachta. I gcás ina bhfaighidh an phróiseáil gurb ann do mheaits amháin nó do roinnt meaitseanna, déanfaidh an Ballstát sin an nasc ábhartha a chruthú nó a nuashonrú i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.
7.  
I gcás nach n-aontóidh an Ballstát atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh nó, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh, go bhfuil sonraí a stóráiltear in MID míchruinn nó gur go neamhdhleathach a taifeadadh iad, glacfaidh an Ballstát sin cinneadh riaracháin agus míneoidh sé i scríbhinn agus gan mhoill don duine lena mbaineann cad chuige nach bhfuil sé sásta na sonraí sin a bhaineann leis nó léi a cheartú nó a scriosadh.
8.  
Sa chinneadh dá dtagraítear i mír 7, tabharfar faisnéis don duine lena mbaineann ina míneofar go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh i ndáil leis an iarraidh ar shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a léirscriosadh nó ar phróiseáil na sonraí sin a shrianadh agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi conas caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh os comhair na n-údarás inniúil nó na gcúirteanna agus faoi aon chúnamh atá ar fáil, lena n-áirítear cúnamh ó na húdaráis mhaoirseachta.
9.  
Pé iarraidh a dhéanfar ar shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a léirscriosadh nó ar phróiseáil na sonraí sin a shrianadh, beidh an fhaisnéis is gá inti chun an duine lena mbaineann a shainaithint. Is chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear san Airteagal seo a chumasú a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus chuige sin amháin, agus déanfar í a léirscriosadh láithreach ina dhiaidh sin.
10.  
Coinneoidh an Ballstát atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh nó, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ar faoina bhráid a cuireadh an iarraidh, taifead i scríbhinn go ndearnadh iarraidh ar shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a léirscriosadh nó ar phróiseáil na sonraí sin a shrianadh, agus i dtaobh conas ar tugadh aghaidh uirthi, agus cuirfidh sé an taifead sin ar fáil gan mhoill d'údaráis mhaoirseachta inniúla.
11.  
Tá an tAirteagal seo gan dochar d'aon teorannuithe agus d'aon srianta leis na cearta a leagtar amach san Airteagal seo de bhun Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir (AE) 2016/680.

Airteagal 49

Tairseach ghréasáin

1.  
Bunaítear tairseach ghréasáin chun éascú a dhéanamh ar fheidhmiú na gceart chun sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a léirscriosadh nó chun próiseáil na sonraí sin a shrianadh.
2.  
Áireofar sa tairseach ghréasáin faisnéis maidir leis na cearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 47 agus 48 agus comhéadan úsáideora lena gcuirfear ar chumas daoine a bhfuil a gcuid sonraí próiseáilte in MID agus a cuireadh ar an eolas gurb ann do nasc dearg i gcomhréir le hAirteagal 32(4), faisnéis teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh a fháil.
3.  
Chun go bhfaighfear faisnéis teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, ba cheart don duine a bhfuil a chuid sonraí nó a cuid sonraí próiseáilte in MID an tagairt don údarás inniúil atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh agus dá dtagraítear in Airteagal 34(d) a chur isteach. Bainfear leas as an tagairt sin ar an tairseach ghréasáin chun faisnéis teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as fíorú céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh. Beidh teimpléad ríomhphoist ar an tairseach ghréasáin freisin chun éascú a dhéanamh ar theagmháil idir an t-úsáideoir agus údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de lámh. Áireofar sa ríomhphost sin réimse le haghaidh uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear in Airteagal 34(c) chun go bhféadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh na sonraí lena mbaineann a shainaithint.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit sonraí teagmhála na n-údarás ar fad atá inniúil ar scrúdú a dhéanamh ar aon iarraidh dá dtagraítear in Airteagail 47 agus 48 agus ar fhreagra a thabhairt orthu a sholáthar do eu-LISA agus déanfaidh siad athbhreithniú go tráthrialta ar a mhéid atá na sonraí teagmhála sin cothrom le dáta.
5.  
Is é eu-LISA a fhorbróidh an tairseach ghréasáin agus a áiritheoidh a bainistiú teicniúil.
6.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú na tairsí gréasáin, lena n-áirítear an comhéadan úsáideora, na teangacha ina mbeidh an tairseach ghréasáin ar fáil, agus teimpléad an ríomhphoist.

Airteagal 50

Sonraí a chur in iúl do thríú tíortha, d'eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do pháirtithe príobháideacha

Gan dochar d'Airteagal 65 de Rialachán (CE) Uimh. 2018/1240, d'Airteagail 25 agus 26 de Rialachán (AE) 2016/794, d'Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2016/2226, d'Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2017/2226, d'Airteagal 767 de Rialachán (AE) 2018/1240 ná do chuardach a dhéanamh i mbunachair sonraí Interpol trí ESP, i gcomhréir le hAirteagal 9(5) den Rialachán seo a chomhlíonann forálacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, ní dhéanfar sonraí pearsanta a stóráiltear nó a phróiseáiltear sna comhchodanna idir-inoibritheachta ná a bhfaigheann na comhchodanna idir-inoibritheachta rochtain orthu a aistriú chuig aon tríú tír, chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta, ná chuig aon pháirtí príobháideach ná ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.

Airteagal 51

Maoirseacht ag na húdaráis mhaoirseachta

1.  
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta faireachán neamhspleách ar dhleathacht na próiseála ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig na comhchodanna idir-inoibritheachta agus astu.
2.  
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta agus na forálacha riaracháin náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680 infheidhme freisin, i gcás inarb infheidhme, i dtaca le rochtain a thabhairt ar na comhchodanna idir-inoibritheachta do na húdaráis phóilíneachta agus na húdaráis ainmnithe, lena n-áirítear i dtaca lena gcearta siúd a ndéantar a gcuid sonraí a rochtain ar an gcuma sin.
3.  
Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta freagracha iniúchadh chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha, ar na hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta gach ceithre bliana ar a laghad.

Gach bliain, foilseoidh na húdaráis mhaoirseachta líon na n-iarrataí a fuarthas go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh, nó go ndéanfaí próiseáil sonraí a shrianadh, an ghníomhaíocht a rinneadh ina dhiaidh sin, agus líon na gceartúchán agus na srianta próiseála agus méid an léirscriosta a rinneadh de fhreagairt ar iarrataí ó na daoine lena mbaineann.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain acmhainní agus saineolais ag na húdaráis mhaoirseachta chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
5.  
Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis a iarrfaidh údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, go háirithe, soláthróidh sé dó faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar a logaí dá dtagraítear in Airteagail 10, 16, 24 agus 36 den Rialachán seo agus ar a réasúnú dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo, agus ceadóidh siad dóibh rochtain a fháil tráth ar bith ar na háitribh ar fad dá gcuid a úsáidtear chun críocha idir-inoibritheachta.

Airteagal 52

Iniúchtaí arna ndéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfaidh eu-LISA, Láraonad ETIAS agus Europol iniúchadh chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha, ar oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta gach ceithre bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig an ngníomhaireacht de chuid an Aontais lena mbaineann. Tabharfar deis do eu-LISA, do Láraonad ETIAS agus do Europol barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.

Soláthróidh eu-LISA, Láraonad ETIAS agus Europol faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin aige, tabharfaidh siad rochtain dó ar na doiciméid ar fad agus ar a logaí amhail dá dtagraítear in Airteagail 10, 16, 24 agus 36, agus ceadóidh siad dó rochtain a fháil tráth ar bith ar a n-áitribh ar fad.

Airteagal 53

Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.  
Rachaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, i ndlúthchomhar le chéile laistigh de raon feidhme a bhfreagrachtaí faoi seach, agus áiritheoidh siad go ndéantar maoirseacht chomhordaithe ar úsáid na gcomhchodanna idir-inoibritheachta agus go ndéantar forálacha eile de chuid an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, go háirithe más rud é go bhfaigheann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás maoirseachta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó má aimsíonn sé aistrithe a d'fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a rinneadh trí bhealaí cumarsáide na gcomhchodanna idir-inoibritheachta.
2.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.
3.  
Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tuarascáil chomhpháirteach ar a ngníomhaíochtaí faoin Airteagal seo chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Europol, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig eu-LISA faoin 12 Meitheamh 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann.



CAIBIDIL VIII

Freagrachtaí

Airteagal 54

Na freagrachtaí atá ar eu-LISA le linn chéim an deartha agus na forbartha

1.  
Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar bonneagair láir na gcomhchodanna idir-inoibritheachta a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán sin.
2.  
Beidh na comhchodanna idir-inoibritheachta á n-óstáil ag eu-LISA ar a chuid suíomhanna teicniúla agus cuirfidh sé na feidhmiúlachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le slándáil, infhaighteacht, cáilíocht agus feidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 55(1).
3.  
Beidh eu-LISA freagrach as forbairt na gcomhchodanna idir-inoibritheachta agus as aon oiriúnuithe is gá chun idir-inoibritheacht a bhunú idir lárchórais EES, VIS, ETIAS, SIS, Eurodac, ECRIS-TCN, agus ESP, BMS comhroinnte, CIR, MID agus CRRS.

Gan dochar d'Airteagal 66, ní bheidh rochtain ag eu-LISA ar aon cheann de na sonraí pearsanta a phróiseáiltear trí ESP, BMS comhroinnte, CIR nó MID.

Is é eu-LISA a shaineoidh dearadh ailtireacht fhisiceach na gcomhchodanna idir-inoibritheachta lena n-áirítear a mbonneagair chumarsáide mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu i dtaca leis an mbonneagar láir agus leis an mbonneagar cumarsáide slán, agus glacfaidh an Bord Bainistíochta an méid sin, faoi réir tuairim dhearfach ón gCoimisiún. Is é eu-LISA freisin a chuirfidh chun feidhme aon oiriúnuithe is gá ar EES, ar VIS, ar ETIAS nó ar SIS a éiríonn as idir-inoibritheacht a bhunú agus dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

Déanfaidh eu-LISA na comhchodanna idir-inoibritheachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chomh luath agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tar éis don Choimisiún na bearta a ndéantar foráil dóibh in Airteagail 8(2), 9(7), 28(5) agus (7), 37(4), 38(3), 39(5), 43(5) agus 78(10) a ghlacadh.

Is é a bheidh san fhorbairt mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus bainistiú agus comhordú foriomlán an tionscadail.

4.  
Le linn chéim an deartha agus na forbartha, bunófar Bord Bainistíochta an Chláir ar a mbeidh 10 gcomhalta ar a mhéad. Ar an mbord sin, beidh seachtar comhalta a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA as measc a chuid comhaltaí féin nó a chomhaltaí malartacha, cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh um Idir-inoibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 75, comhalta a dhéanfaidh ionadaíocht ar eu-LISA arna cheapadh ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin eu-LISA agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. Na comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA, toghfar iad as na Ballstáit sin atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí dlí lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras faisnéise AE uile agus a bheidh rannpháirteach sna comhchodanna idir-inoibritheachta.
5.  
Beidh cruinnithe rialta ag Bord Bainistíochta an Chláir - trí huaire in aghaidh na ráithe ar a laghad. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha na gcomhchodanna idir-inoibritheachta.

Gach mí, cuirfidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascálacha maidir le dul chun cinn an tionscadail faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú ag Bord Bainistíochta an Chláir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA.

6.  

Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA rialacha nós imeachta Bhord Bainistíochta an Chláir a bhunú lena n-áireofar go háirithe rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an chathaoirleacht;

(b) 

ionaid le haghaidh cruinnithe;

(c) 

ullmhú cruinnithe;

(d) 

saineolaithe a ligean isteach ar chruinnithe;

(e) 

pleananna cumarsáide a áiritheoidh go dtabharfar an fhaisnéis iomlán do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta nach mbíonn rannpháirteach sna cruinnithe.

Beidh an chathaoirleacht ag Ballstát atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí dlí lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras faisnéise AE uile agus a bheidh rannpháirteach i gcomhchodanna idir-inoibritheachta.

Is é eu-LISA a íocfaidh as gach costas taistil agus cothabhála a thabhóidh comhaltaí Bhord Bainistíochta an Chláir agus beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta eu-LISA maidir leo. Soláthróidh eu-LISA rúnaíocht do Bhord Bainistíochta an Chláir.

Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach um Idir-inoibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 75 le chéile go rialta go dtí go gcuirfear tús le hoibríochtaí na gcomhchodanna idir-inoibritheachta. Tuairisceoidh sé do Bhord Bainistíochta an Chláir tar éis gach cruinnithe. Cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil de thaca le cúraimí Bhord Bainistíochta an Chláir agus déanfaidh sé an iarobair a bhaineann le staid ullmhachta na mBallstát.

Airteagal 55

Freagrachtaí eu-LISA tar éis dul i mbun oibríochtaí

1.  
Tar éis do gach comhchuid idir-inoibritheachta dul i mbun oibríochtaí, beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil bhonneagar láir na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, lena n-áirítear cothabháil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta sin agus na bhforbairtí teicneolaíochta. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go mbaintear úsáid as an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil, faoi réir anailís costais agus sochair. Ina theannta sin beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil an bhonneagair cumarsáide dá dtagraítear in Airteagail 6, 12, 17, 25 agus 39.

Is é a bheidh i mbainistiú teicniúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta ná na cúraimí agus na réitigh theicniúla go léir is gá chun na comhchodanna idir-inoibritheachta a choinneáil ar bun agus chun seirbhísí a sholáthar gan bhriseadh do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí an Aontais 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar leis sin an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go mbeidh na comhchodanna ag feidhmiú ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta teicniúla de, go háirithe maidir le ham freagartha i ndáil leis na bonneagair láir a chuardach i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

Déanfar na comhchodanna idir-inoibritheachta ar fad a fhorbairt agus a bhainistiú sa chaoi go n-áiritheofar rochtain thapa, rianúil, éifeachtúil agus rialaithe ar na comhchodanna agus na sonraí a stóráiltear in MID, in BMS comhroinnte agus in CIR, agus go mbeidh siad ar fáil ina n-iomláine agus gan bhriseadh, agus sa chaoi go n-áiritheofar am freagartha a bheidh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla údaráis na mBallstát agus ghníomhaireachtaí an Aontais.

2.  
Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar gá dóibh a bheith ag obair le sonraí a stóráiltear sna comhchodanna idir-inoibritheachta. Beidh feidhm ag an oibleagáid seo chomh maith tar éis do na baill foirne sin an oifig nó an fhostaíocht a fhágáil nó tar éis dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhoirceannadh.

Gan dochar d'Airteagal 66, ní bheidh rochtain ag eu-LISA ar aon cheann de na sonraí pearsanta a phróiseáiltear trí ESP, BMS comhroinnte, CIR agus MID.

3.  
Forbróidh eu-LISA sásra agus nósanna imeachta chun seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear in BMS comhroinnte agus in CIR i gcomhréir le hAirteagal 37.
4.  
Déanfaidh eu-LISA cúraimí freisin maidir le hoiliúint ar úsáid theicniúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta.

Airteagal 56

Freagrachtaí na mBallstát

1.  

Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

an nasc le bonneagar cumarsáide ESP agus CIR;

(b) 

lánpháirtiú na gcóras agus na mbonneagar náisiúnta atá ann cheana le ESP, le CIR agus le MID;

(c) 

an bonneagar náisiúnta atá ann cheana a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil agus é a cheangal leis na comhchodanna idir-inoibritheachta;

(d) 

bainistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar ESP, ar CIR agus ar MID, agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifíl, a chruthú agus a nuashonrú go tráthrialta;

(e) 

na bearta reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 20(5) agus (6) a ghlacadh chun CIR a rochtain chun críocha sainaithint a dhéanamh;

(f) 

na céannachtaí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 29 a fhíorú de láimh;

(g) 

ceanglais na cáilíochta sonraí a bhunaítear faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh;

(h) 

rialacha gach córais faisnéise uile AE a chomhlíonadh ina n-iomláine maidir le slándáil agus sláine sonraí pearsanta;

(i) 

aon easnaimh a shainaithneofar i dtuarascáil mheastóireachta an Choimisiúin i dtaca le cáilíocht sonraí dá dtagraítear in Airteagal 37(5) a leigheas.

2.  
Déanfaidh gach Ballstát na húdaráis ainmnithe acu a nascadh le CIR.

Airteagal 57

Freagrachtaí Láraonad ETIAS

Beidh Láraonad ETIAS freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

na céannachtaí éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 29 a fhíorú de láimh;

(b) 

ilchéannachtaí a bhrath idir na sonraí a stóráiltear in EES, VIS, Eurodac agus SIS, dá dtagraítear in Airteagal 69.



CAIBIDIL IX

Leasuithe ar ionstraimí eile de chuid an Aontais

Airteagal 58

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Trí shonraí céannachta, sonraí an doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) arna bhunú le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), rannchuidíonn EES agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in VIS a éascú faoi na coinníollacha agus chun críocha Airteagal 20 den Rialachán sin.

(2) 

in Airteagal 4, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(12) 

ciallaíonn “sonraí VIS” na sonraí uile a stóráiltear i VIS Láir agus in CIR i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 14;

(13) 

ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (aa);

(14) 

ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann leis na cúig mhéarlorg ón deasóg agus ón gciotóg — méarlorg na corrmhéire, na méire láir, mhéar an fháinne, an lúidín agus na hordóige — nuair is ann dóibh;”

(3) 

in Airteagal 5, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.  
Beidh in CIR na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) go (c ) (5) (6). Stórálfar sonraí eile VIS i VIS Láir.”;
(4) 

in Airteagal 6 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Is ag foireann chuí-údaraithe údarás gach Ballstáit atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 15 go hAirteagal 22, agus ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817 agus acusan amháin, a bheidh rochtain ar VIS chun chríche na sonraí a cheadú. Beidh an rochtain sin teoranta de réir a mhéid a bheidh na sonraí de dhíth chun a gcúraimí a fheidhmiú chun na críocha sin, agus i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh á saothrú.”;
(5) 

i bpointe (4) d'Airteagal 9 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (c):

“(a) 

sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; inscne;

(aa) 

sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); áit agus tír bhreithe; Náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht bhreithe;

(b) 

cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil;

(c) 

an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag;

(ca) 

an t-údarás a d'eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;”

Airteagal 59

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/399

In Airteagal 8 cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.  
I gcás, agus duine ag dul isteach nó ag imeacht dó, inarb é nasc buí an toradh a bheidh le ceadú na mbunachar sonraí ábhartha lena n-áirítear an brathadóir ilchéannachtaí tríd an tairseach cuardaigh Eorpaigh a bunaíodh in Airteagal 25(1) agus Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ) nó ina mbraitear nasc dearg, rachfaidh an garda teorann i gcomhairle leis an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán sin nó SIS nó an dá rud chun na difríochtaí sna sonraí céannachta nó i sonraí an doiciméid taistil atá nasctha a mheasúnú. Déanfaidh an garda teorann aon fhíorú breise is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le stádas agus dath an naisc.

I gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2019/817, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin ó thús oibríochtaí an bhrathadóra ilchéannachtaí faoi Airteagal 72(4) den Rialachán sin.

Airteagal 60

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2226

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar seo a leanas:

(1) 

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.  
Trí shonraí céannachta, sonraí an doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) arna bhunú le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ), rannchuidíonn EES agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in EES a éascú faoi na coinníollacha agus chun chríche Airteagail 20 den Rialachán sin.
(2) 

in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):

“(22) 

ciallaíonn “sonraí EES” na sonraí uile a stóráiltear i Lárchóras EES agus in CIR i gcomhréir le hAirteagal 15 go hAirteagal 20;”;

(b) 

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(22a) 

ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 16(1) chomh maith leis na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1);”;

(c) 

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(32) 

ciallaíonn ‘ESP’ an tairseach chuardaigh Eorpach a bhunaítear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/817;

(33) 

ciallaíonn ‘CIR’ an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817.”;

(3) 

in Airteagal 6(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(j) ceart-sainaithint daoine a áirithiú.”;

(4) 

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a) 

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) 

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa) bonneagar láir CIR dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2019/817;”;

(ii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f) bonneagar cumarsáide slán idir Lárchóras EES agus bonneagair láir ESP agus an CIR.”;

(b) 

cuirtear isteach an mír seo a leanas:

“1a.  
Beidh in CIR na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 16(1), i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1) agus (2). Stórálfar sonraí eile EES i Lárchóras EES.”;
(5) 

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.  
Is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus ag foireann chuí-údaraithe ghníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán 2019/817 agus acu sin amháin a bheidh rochtain ar shonraí EES a stóráiltear in CIR lena gceadú. Beidh rochtain den sórt sin teoranta de réir mhéid a bheidh na sonraí de dhíth chun a gcúraimí a dhéanamh chun na críocha sin, agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.”
(6) 

easaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a lenas in ionad mhír 1:

“(1)  
I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil sonraí a iontráil i Lárchóras EES nó CIR nó i gcás chliseadh Lárchóras EES nó CIR, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 20 a stóráil go sealadach in NUI. Murar féidir sin, stórálfar na sonraí go háitiúil ar bhonn sealadach i bhformáid leictreonach. Sa dá chás sin, déanfar na sonraí a iontráil i Lárchóras EES nó CIR a luaithe a leigheasfar an deacracht theicniúil nó an cliseadh. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí agus cuirfidh siad an bonneagar, an trealamh agus na hacmhainní is gá ar obair chun a áirithiú go bhféadfaidh stóráil áitiúil den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith agus sin ag aon cheann dá gcuid pointí trasnaithe teorann.”;
(b) 

in mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.  
Gan dochar don oibleagáid seiceálacha teorann a dhéanamh faoi Rialachán (AE) 2016/399, sa chás eisceachtúil nach mbeadh sé indéanta go teicniúil sonraí a chur sa lárchóras ná sa chomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta agus nach mbeidh sé indéanta go teicniúil sonraí a stóráil go háitiúil i bhformáid leictreonach, déanfaidh an t-údarás teorainn na sonraí maidir le dul isteach/imeacht a stóráil de láimh i gcomhréir le hAirteagail 14, 15, 16, 17 agus 18 den (Rialachán lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta (ESS)), cé is moite de na sonraí bithmhéadracha, agus greamóidh siad stampa iontrála nó imeachta de dhoiciméad taistil an náisiúnaigh tríú tír. Cuirfear na sonraí sin isteach sa Lárchóras EES agus sa CIR a luaithe is féidir sin go teicniciúl”;.
(7) 

Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.  
Chun críche na bhfíoruithe a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, seolfaidh an t-údarás teorann cuardach trí úsáid a bhaint as an ESP chun sonraí faoin náisiúnach tríú tír a chur i gcomparáid le sonraí ábhartha atá sa EES agus sa VIS.”;
(b) 

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4.  
I gcás ina léiríonn an cuardach leis na sonraí alfa-uimhriúla a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, i gcás nach féidir sonraí an náisiúnaigh tríú tír a fhíorú de bhun mhír 2 den Airteagal seo nó i gcás ina bhfuil amhras ann faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag na húdaráis teorann ar shonraí chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun sainchomhad a chruthú nó a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 14.”;
(8) 

in Airteagal 32 cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.  
I gcásanna ina mbeidh iarraidh ar chuardach seolta ag na húdaráis ainmnithe chuig CIR i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817, féadfaidh siad rochtain a fháil ar EES lena cheadú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, mar a thagraítear dó in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/817 go bhfuil na sonraí á stóráil in EES.”
(9) 

in Airteagal 33, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.  
I gcásanna ina mbeidh iarraidh ar chuardach seolta ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817, féadfaidh siad rochtain a fháil ar EES lena cheadú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, mar a thagraítear dó in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/817 go bhfuil na sonraí á stóráil in EES.”;
(10) 

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a) 

i míreanna 1 agus 2, cuirtear na focail “in CIR agus i Lárchóras EES” in ionad na bhfocal “i Lárchóras EES”.

(b) 

i mír 5, cuirtear na focail “as Lárchóras EES agus as CIR” in ionad na bhfocal “Larchóras EES”;

(11) 

in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.  
Cuirfidh Lárchóras EES agus CIR na Ballstáit uile ar an eolas láithreach faoi léirscriosadh shonraí EES nó léirscrioscadh shonraí CIR agus, i gcás inarb infheidhme, bainfear iad de liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 12(3).”;
(12) 

in Airteagal 36, cuirtear na focail “Lárchóras EES agus CIR” in ionad na bhfocal “Larchóras EES”.

(13) 

Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

“1.  
Is faoi eu-LISA a bheidh sé an lárchóras, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an bonneagar cumarsáide agus an bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS a fhorbairt. Ina theannta sin, is faoi eu-LISA a bheidh sé freisin an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 a fhorbairt mar aon leis an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2).”;
(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 3

“3.  
Is é eu-LISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil Lárchóras EES agus an CIR, na NUInna agus an Bhealaigh Cumarsáide Sláin idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS.Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go ndéanfar an teicneolaíocht is fearr dá mbeidh ar fáil, faoi réir anailís costais/sochair, a úsáid i dtólamh do Lárchóras EES agus an CIR, do na NUInna, don Bhonneagar Cumarsáide, don Bhealach Cumarsáide Slán idir Lárchóras EES agus Lárchóras VIS, don tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus don stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2). Is é eu-LISA a bheidh freagrach freisin as bainistiú oibríochtúil an Bhonneagair Cumarsáide idir an Lárchóras EES agus na NUInna, as an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus as an stóras sonraí dá dtagraítear in Airteagal 63(2).”;
(14) 

in Airteagal 46(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(f) tagairt d'úsáid ESP chun cuardach a dhéanamh in EES mar a thagraítear dó in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/817.”;

(15) 

leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817”;
(b) 

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas:

“Déanfar an staidreamh laethúil a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh.”.

Airteagal 61

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1240

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.  
Trí shonraí céannachta agus sonraí an doiciméid taistil a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) arna bhunú le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 ), rannchuidíonn ETIAS agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in ETIAS a éascú faoi na coinníollacha agus ar mhaithe leis na bunchuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán sin.
(2) 

in Airteagal 3(1), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(23) 

ciallaíonn ‘CIR’ an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817;

(24) 

ciallaíonn ‘ESP’ an tairseach chuardaigh Eorpach a bhunaítear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/817;

(25) 

ciallaíonn “Lárchóras ETIAS” an Lárchóras dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(2) mar aon le CIR a mhéid agus a chuimsíonn CIR na sonraí dá dtagraítear in Aireagal 6(2a);

(26) 

ciallaíonn ‘sonraí céannachta’ na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 17(2);

(27) 

ciallaíonn “sonraí an doiciméid taistil” na sonraí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d'Airteagal 17(2) agus cód trí litir na tíre a d'eisigh an doiciméad taistil mar a thagraítear dó i bpointe (c) d'Airteagal 19(3).”;

(3) 

in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(g) rannchuidiú le ceart-sainaithint daoine a áirithiú.”;

(4) 

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a) 

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) Lárchóras, lena n-áirítear liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34;”;

(ii) 

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa) CIR;”;

(iii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) bonneagar cumarsáide slán idir Lárchóras EES agus bonneagair láir ESP agus CIR;”;

(b) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.  
Beidh in CIR na sonraí céannachta agus sonraí an doiciméid taistil. An chuid eile de na sonraí, stórálfar sa Lárchóras iad.”;
(5) 

Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a) 

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.  
Chomh maith leis sin, is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus ag foireann chuí-údaraithe ghníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/817 agus acu sin amháin a bheidh rochtain ar shonraí céannachta ETIAS agus sonraí an doiciméid taistil a stóráiltear in CIR lena gceadú. Beidh rochtain den sórt sin teoranta don mhéid a bheidh riachtanach chun a gcúraimí a dhéanamh chun na críocha sin, agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.”;
(b) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.  
Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 4 agus 4a den Airteagal seo agus cuirfidh sé liosta na n-údarás sin in iúl do eu-LISA gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 87(2). Sonrófar sa liosta sin cad chuige a mbeidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe gach údaráis ar na sonraí i gCóras Faisnéise ETIAS i gcomhréir le míreanna 1, 2, 4 agus 4a den Airteagal seo.”;
(6) 

leasaítear Airteagal 17, mír 2 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste), sloinne breithe; dáta breithe, áit bhreithe, inscne, náisiúntacht reatha;”;

(b) 

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa) tír bhreithe, céadainmneacha thuismitheoirí an iarratasóra;”;

(7) 

in Airteagal 19(4) cuirtear na focail “pointe (a) agus pointe (aa) d'Airteagal 17(2)” in ionad na bhfocal “pointe (a) d'Airteagal 17(2)”;

(8) 

Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

“2.  
Seolfaidh Lárchóras ETIAS cuardach trí úsáid a bhaint as ESP chun na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (aa), (b), (c), (d), (f), (g), (j), (k) agus (m) d'Airteagal 17(2) agus in Airteagal 17(8) a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i gcomhad iarratais atá stóráilte i Lárchóras ETIAS, SIS, EES, VIS, Eurodac, sonraí Europol agus bunachar sonraí Interpol SLTD agus TDAWN.”;
(b) 

i mír 4, cuirtear na focail “pointí (a), (ab), (b), (c), (d), (f), (g), (j), (k), (m) d 'Airteagal 17(2)” in ionad na bhfocal “pointí (a), (b), (c), (d), (f), (g), (j), (k), agus (m) d'Airteagal 17(2)”;

(c) 

i mír 5, cuirtear na focail “pointí (a), (aa), (c), (f), (h) agus (i) d 'Airteagal 17(2)” in ionad na bhfocal “pointí (a), (c), (f), (h) agus (i) d 'Airteagal 17(2)”;

(9) 

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  

Seolfaidh Lárchóras ETIAS cuardach trí úsáid a bhaint as ESP chun na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (aa), (b) agus (d) d'Airteagal 17(2) a chur i gcomparáid leis na sonraí atá in SIS chun a chinneadh an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir aon cheann de na foláirimh seo a leanas:

(a) 

foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;

(b) 

foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;

(c) 

foláireamh maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha.”;

(10) 

in Airteagal 52, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“1a.  
I gcásanna ina mbeidh iarraidh ar chuardach seolta ag na húdaráis ainmnithe chuig CIR i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817, féadfaidh siad rochtain a fháil ar na comhaid iarratais atá stóráilte i Lárchóras ETIAS i gcomhréir leis an Airteagal seo lena gceadú i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, mar a thagraítear dó in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/817 go bhfuil sonraí á stóráil sna comhaid iarratais atá stóráilte i Lárchóras ETIAS.”;
(11) 

in Airteagal 53, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“1a.  
I gcásanna ina mbeidh iarraidh ar chuardach seolta ag Europol chuig CIR i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817, féadfaidh sé rochtain a fháil ar na comhaid iarratais atá stóráilte i Lárchóras ETIAS i gcomhréir leis an Airteagal seo lena gceadú i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, mar a thagraítear dó in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/817 go bhfuil sonraí á stóráil sna comhaid iarratais atá stóráilte i Lárchóras ETIAS.”;
(12) 

sa chúigiú fomhír d'Airteagal 65(3), cuirtear na focail “pointí (a), (aa), (b), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 17(2)” in ionad na bhfocal “pointí (a), (b) (d), (e) agus (f) d'Airteagal 17(2)”;

(13) 

in Airteagal 69(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ca) i gcás inarb ábhartha, tagairt d'úsáid ESP chun cuardach a dhéanamh i Lárchóras ETIAS mar a thagraítear dó in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/817”;

(14) 

in Airteagal 73(2) cuirtear na focail “an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817 a mhéid atá sonraí ann a fuarthas as Lárchóras ETIAS faoi Airteagal 84 den Airteagal seo” in ionad na bhfocal “an lárstóras sonraí”.

(15) 

in Airteagal 74(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.  
Tar éis do ETIAS dul i mbun oibríochtaí, beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil Lárchóras ETIAS agus na NUInna. Beidh sé freagrach as pé tástáil theicniúl a bheidh de dhíth chun rialacha ETIAS maidir le scagadh a chur ar bun agus a uasdátú. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh an teicneolaíocht is fearr a bheidh ar fáil in úsáid aige, faoi réir anailís costais is tairbhe. Ina theannta sin, is é eu-LISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil an bhonneagair cumarsáide idir an lárchóras agus na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta agus as an suíomh gréasáin poiblí, an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, an tseirbhís ríomhphoist, an tseirbhís cuntais shláin, an uirlis fíoraithe d'iarratasóirí, an uirlis um thoiliú d'iarratasóirí, an uirlis mheasúnaithe do Europol, an geata iompróra, an tseirbhís gréasáin […] na bogearraí chun na hiarratais a phróiseáil.”
(16) 

in Airteagal 84(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.  
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817. I gcomhréir le hAirteagal 39(1) den Rialachán sin, féadfaidh na húdaráis a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a úsáid chun tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe a fháil d'fhonn tacú le cur chun feidhme rialacha ETIAS maidir le scagadh dá dtagraítear in Airteagal 33, chun feabhas a chur ar an measúnú ar na rioscaí slándála, na rioscaí inimirce neamhdhleathaí agus na hardrioscaí eipidéime, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seiceálacha teorann agus chun cuidiú le Láraonad ETIAS agus le hAonaid Náisiúnta ETIAS iarratais ar údarú taistil a phróiseáil.”
(17) 

in Airteagal 84(4), cuirtear an fomhír seo a leanas leis:

“Déanfar an staidreamh laethúil a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817.”.

Airteagal 62

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1726

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 mar a leanas:

(1) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Cáilíocht na sonraí

1.  
Gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát maidir leis na sonraí a iontráiltear sna córais faoi fhreagracht oibríochtúil na Gníomhaireachta, bunóidh an Ghníomhaireacht, agus a Ghrúpaí Comhairleacha rannpháirteach go dlúth aige, do gach córas faoi chúram oibríochtúil na Gníomhaireachta sásraí agus nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí agus táscairí coiteanna maidir le cáilíocht sonraí agus na híoschaighdeáin cháilíochta chun sonraí a stóráil, i gcomhréir le forálacha ábhartha na n-ionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise sin agus le hAirteagal 37 de Rialacháin (AE) 2019/817 ( *5 ) agus (AE) 2019/818 ( *6 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht lárstóras le haghaidh tuairisciú agus staidrimh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818, faoi réir forálacha speisialta sna hionstraimí dlí lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid chórais mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht.
(2) 

in Airteagal 19, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(eea) tuarascálacha a ghlacadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt na gcomhchodanna idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 78(2) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 74(2) de Rialachán (AE) 2019/818;”;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ff):

“(ff) tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS de bhun Airteagal 60(7) de Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *7 ) agus Airteagal 74(8) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *8 ), maidir le feidhmiú teicniúil VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB, maidir le feidhmiú teicniúil EES de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, maidir le feidhmiú teicniúil ETIAS de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 2018/1240, maidir le feidhmiú teicniúil ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de bhun Airteagal 36(8) de Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *9 ) agus maidir le feidhmiú teicniúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 78(3) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 74(3) de Rialachán (AE) 2019/818.

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (hh):

“(hh) barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí de bhun Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1861, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/816 agus Airteagal 52 de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú;”;

(d) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (mm):

“(mm) a áirithiú go bhfoilsítear gach bliain an liosta de na húdaráis inniúla a údaraítear chun na sonraí atá in SIS a chuardach go díreach, de bhun Airteagal 41(8) de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 56(7) de Rialachán (AE) 2018/1862, maille le liosta Oifigí chórais náisiúnta SIS (N.SIS) agus liosta de Bhiúrónna SIRENE de bhun Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2018/1862 faoi seach, chomh maith le liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2019/816 agus liosta na n-údarás de bhun Airteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2019/818;”;

(3) 

in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.  
Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, mar bhreathnóirí, i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le SIS II, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB, ar an gclár oibre.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le SIS II i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1624 ar an gclár oibre.

Féadfaidh Europol freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/CGB, nó ceist a bhaineann le Eurodac, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, ar an gclár oibre.

Féadfaidh Europol freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le EES i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/2226 ar an gclár oibre nó i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le ETIAS i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1240 ar an gclár oibre.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le ETIAS i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1240 ar an gclár oibre.

Féadfaidh Eurojust, Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le Rialachán (AE) 2019/816 ar an gclár oibre.

Féadfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freastal freisin, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ar an gclár oibre.

Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra.”;

(4) 

In Airteagal 24(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):

“(p) gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne Oifigigh lena mbunaítear ceanglais rúndachta chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 37(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 74(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 11(16) de Rialachán (AE) 2019/816 agus Airteagal 55(2) de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 a chomhlíonadh;”;

(5) 

leasaítear Airteagal 27, mar a leanas:

▼C1

(a) 

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(db) Grúpa Comhairleach um Idir-inoibritheacht;”;

▼B

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  
Féadfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ionadaí an ceann a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach SIS II.

Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh freisin ar Ghrúpaí Comhairleacha VIS agus Eurodac agus EES-ETIAS.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ionadaí a cheapadh freisin ar Ghrúpa Comhairleach EES-ETIAS.

Féadfaidh Eurojust, Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach ECRIS-TCN.

Féadfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ionadaí an ceann a cheapadh ar an nGrúpa Comhairleach Idir-inoibritheachta.”.

Airteagal 63

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1861

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1861 mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(22) 

ciallaíonn ‘ESP’ an tairseach chuardaigh Eorpach a bhunaítear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *10 );

(23) 

ciallaíonn ‘BMS comhroinnte’ an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha a bhunaítear le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/817;

(24) 

ciallaíonn ‘CIR’ an stóras coiteann sonraí céannachta a bhunaítear le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817;

(25) 

ciallaíonn ‘MID’ an brathadóir ilchéannachtaí a bhunaítear le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/817.

(2) 

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a) 

i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

“(b) 

córas náisiúnta (N.SIS) i ngach ceann ar leith de na Ballstáit, ina gcuimseofar na córais sonraí náisiúnta trína ndéantar cumarsáid le SIS Láir, lena n-áirítear ar a laghad suíomh cúltaca náisiúnta nó comhroinnte N.SIS;

(c) 

bonneagar cumarsáide idir CS-SIS, CS-SIS cúltaca agus NI-SIS (an Bonneagar Cumarsáide) trína soláthraítear líonra fíorúil criptithe atá tiomnaithe do shonraí SIS agus do mhalartú sonraí idir Bhiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(2); agus

(d) 

bonneagar cumarsáide slán idir CS-SIS agus bonneagair láir ESP, BMS chomhroinnte agus MID.”;

(b) 

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“8.  
Gan dochar do mhíreanna 1 go 5, féadfar sonraí SIS a chuardach freisin trí ESP.
9.  
Gan dochar do mhíreanna 1 go 5, féadfar sonraí SIS a tharchur freisin tríd an mbonneagar cumarsáide slán dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 1. Beidh an tarchur sin teoranta chun a mhéid atá na sonraí de dhíth chun críocha Rialachán (AE) 2019/817.”
(3) 

in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“2a.  
Áiritheoidh Biúrónna SIRENE freisin fíorú de láimh na gcéannachtaí éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/817 maidir le hidir-inoibritheacht. A mhéid is gá chun an cúram seo a chur i gcrích, beidh rochtain ag Biúrónna SIRENE ar na sonraí a stóráiltear in CIR agus in MID d'fhonn iad a cheadú chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 21 agus 26 de Rialachán (AE) 2019/817.”;
(4) 

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta atá in CS-SIS, agus gach malartú de na sonraí pearsanta sin, a logáil ina N.SIS chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil an cuardach dleathach nó nach bhfuil, chun faireachán a dhéanamh ar dhleathacht na próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun feidhmiú iomchuí N.SIS, mar aon le sláine sonraí agus slándáil a áirithiú. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir leis na huathphróisis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 4(6);

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta trí ESP a logáil freisin chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil an cuardach dleathach nó nach bhfuil, chun faireachán a dhéanamh ar dhleathacht na próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine sonraí agus slándáil a áirithiú.”;

(5) 

cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 34(1):

“(g) céannachtaí éagsúla a fhíorú agus calaois chéannachta a chomhrac i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2019/817.”;

(6) 

In Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.  
Chun críche Airteagal 15(4) agus mhíreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(4) agus i mír 3 den Airteagal seo a stóráil ar bhealach nach bhféadfar daoine aonair a shainaithint sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817.

Ceadóidh eu-LISA don Choimisiún agus do na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo tuarascálacha agus staidreamh sainordaithe a fháil. Arna iarraidh sin, tabharfaidh eu-LISA rochtain ar an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/817 do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.”.

Airteagal 64

Leasuithe ar Chinneadh 2004/512/CGB

In Airteagal 1 de Chinneadh 2004/512/CE leasaítear Airteagal 1(2) mar a leanas:

“2.  

Bunófar an Córas Faisnéise Víosaí ar ailtireacht láraithe agus is é a bheidh ann:

(a) 

an stóras coiteann sonraí céannachta ar ailtireacht láraithe dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a) de Rialachán (AE) 2019/217 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *11 );

(b) 

córas faisnéise láir, dá ngairtear an ‘óras Lárnach Faisnéise Víosaí’ (VIS Láir) anseo feasta;

(c) 

comhéadan i ngach Ballstát, dá ngairtear ‘an Comhéadan Náisiúnta’ (NI-VIS) anseo feasta lena ndéanfar an nasc le húdarás náisiúnta láir ábhartha an Bhallstáit i gceist;

(d) 

bonneagar cumarsáide idir an Córas Lárnach Faisnéise Víosaí agus na comhéadain náisiúnta.

(e) 

bealach cumarsáide slán idir Lárchóras EES agus CS-VIS;

(f) 

bonneagar cumarsáide slán idir Lárchóras VIS agus bonneagair láir na tairsí cuardaigh Eorpaí arna bhunú le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/817 agus an stóras coiteann sonraí céannachta a bhunaítear le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817.

Airteagal 65

Leasuithe ar Chinneadh 2008/633/CGB

Leasaítear Cinneadh 2008/633/CGB mar seo a leanas:

(1) 

in Airteagal 5, cuirtear isteach an mír seo a leanas:

“1a.  
I gcásanna ina bhfuil iarraidh ar chuardach seolta ag na húdaráis ainmnithe ar an stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *12 ), agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo, féadfaidh siad rochtain a fháil ar VIS lena cheadú i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, mar a thagraítear dó i mír 3 d'Airteagal 22(2) den Rialachán sin go bhfuil na sonraí á stóráil in VIS.
(2) 

in Airteagal 7, cuirtear an mír seo a leanas leis:

“1a.  
I gcásanna ina bhfuil iarraidh ar chuardach seolta ag Europol ar CIR i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817 agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo, féadfaidh sé rochtain a fháil ar VIS lena cheadú i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, mar a thagraítear dó in Airteagal 22(2) den Rialachán sin go bhfuil na sonraí á stóráil in VIS.”



CAIBIDIL X

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 66

Faireachán agus staidreamh

1.  

Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chucu sin amháin, agus gan sainaithint daoine aonair a chumasú, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, agus eu-LISA ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le ESP lena gceadú:

(a) 

líon na n-iarrataí ar chuardach in aghaidh an úsáideora i bpróifíl ESP;

(b) 

líon na n-iarrataí ar chuardach i ngach ceann de bhunachair sonraí Interpol;

Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint ó na sonraí sin.

2.  

Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chucu sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, agus eu-LISA ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le CIR lena gceadú:

(a) 

líon na n-iarrataí ar chuardach chun críocha Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22;

(b) 

náisiúntacht, inscne agus bliain bhreithe an iarratasóra;

(c) 

cineál an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre eisiúna;

(d) 

líon na gcuardach a rinneadh agus sonraí bithmhéadracha á n-úsáid agus líon na gcuardach a rinneadh gan sonraí bithmhéadracha a úsáid.

Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint ó na sonraí sin.

3.  

Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chucu sin amháin beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, agus eu-LISA ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le MID lena gceadú:

(a) 

líon na gcuardach a rinneadh agus sonraí bithmhéadracha á n-úsáid agus líon na gcuardach a rinneadh gan sonraí bithmhéadracha a úsáid;

(b) 

líon gach cineáil naisc agus córais faisnéise AE ina bhfuil na sonraí nasctha;

(c) 

an tréimhse ama ar lena linn a d'fhan nasc buí agus nasc dearg sa chóras.

Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint ó na sonraí sin.

4.  
Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta ar na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo lena gceadú chun na hanailísí riosca agus na measúnuithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) a dhéanamh.
5.  
Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe Europol ar na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo lena gceadú chun anailísí straitéiseacha, téamacha agus oibríochtúla a dhéanamh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/794.
6.  
Chun críche mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sna míreanna sin a stóráil sa CRRS. Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint trí bhíthin na sonraí sa CRRS, ach leis na sonraí sin féadfaidh na húdaráis a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 é a úsáid chun tuairiscí agus staidreamh in-saincheaptha a fháil chun éifeachtúlacht na seiceálacha teorann a fheabhsú, chun cuidiú leis na húdaráis agus iad ag próiseáil iarratais ar víosa agus chun tacú le déanamh beartas imirce agus slándála an Aontais ar bhonn fianaise.
7.  
Arna iarraidh sin, déanfaidh an Coimisiún faisnéis ábhartha a chur ar fáil do Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha.

Airteagal 67

Idirthréimhse le haghaidh úsáid na tairsí cuardaigh Eorpaí

1.  
Ar feadh dhá bhliain ón dáta a thosóidh an tairseach chuardaigh Eorpach i mbun oibríochtaí, ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (4) agus beidh úsáid na tairsí cuardaigh Eorpaí roghnach.
2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh amháin nach faide ná aon bhliain amháin a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nuair a taispeánadh le measúnú ar chur i bhfeidhm ESP gur gá síneadh den sórt sin, go háirithe i bhfianaise tionchair thabhairt isteach ESP a bheadh ann ar eagrú agus ar fhad seiceálacha teorann.

Airteagal 68

Idirthréimhse is infheidhme maidir leis na forálacha i ndáil le rochtain ar an stóras coiteann sonraí céannachta chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú

Beidh feidhm ag Airteagal 22, pointí 8 agus 9 d'Airteagal 60, pointí 10 agus 11 d'Airteagal 61 agus Airteagal 65 ó dháta thús na n-oibríochtaí an CIR dá dtagraítear in Airteagal 72(3).

Airteagal 69

Idirthréimhse chun ilchéannachtaí a bhrath

1.  
Ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin ón uair a chuirfidh eu-LISA in iúl críoch tástáil an MID dá dtagraítear in Airteagal 72(4)(b) agus sula gcuirfear tús le hoibríochtaí MID, beidh Láraonad ETIAS freagrach as ilchéannachtaí a bhrath idir na sonraí a stóráiltear in EES, VIS, Eurodac agus SIS. Is le sonraí bithmhéadracha amháin a dhéanfar ilchéannachtaí a bhrath.
2.  
I gcás ina bhfaighfear meaits amháin nó roinnt meaitseanna agus ina mbeidh sonraí céannachta na gcomhad nasctha comhionann nó cosúil, cruthófar nasc bán i gcomhréir le hAirteagal 33.

I gcás ina bhfaighfear meaits amháin nó roinnt meaitseanna agus nach féidir a mheas go bhfuil sonraí céannachta na gcomhad nasctha cosúil, cruthófar nasc buí i gcomhréir le hAirteagal 30 agus beidh feidhm leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29.

I gcás ina bhfaighfear roinnt meaitseanna, cruthófar nasc idir na sonraí ar fad a thionscain an meaits.

3.  
I gcás ina gcruthófar nasc buí, tabharfaidh MID rochtain ar na sonraí céannachta atá sna córais faisnéise AE éagsúla do Láraonad ETIAS.
4.  
I gcás ina gcruthófar nasc le foláireamh in SIS, cé is moite d'fholáireamh a chruthaítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1860, le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1861 nó le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) 2018/1862 faoi seach, tabharfaidh MID rochtain ar na sonraí céannachta atá sna córais faisnéise éagsúla de Bhiúró SIRENE an Bhallstáit a chruthaigh an foláireamh.
5.  
Beidh rochtain ag Láraonad ETIAS nó, i gcásanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, ag Biúró SIRENE an Bhallstáit a chruthaigh an foláireamh ar na sonraí sa chomhad um dheimhniú céannachta agus déanfaidh siad na céannachtaí éagsúla a mheasúnú agus nuashonróidh siad an nasc i gcomhréir le hAirteagail 31, 32, agus 33 agus cuirfidh siad leis an gcomhad um dheimhniú céannachta é.
6.  
Ní thabharfaidh Láraonad ETIAS fógra don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 71(3) mura rud é go ndearnadh na naisc bhuí ar fad a fhíorú de láimh agus go ndearnadh a stádas a nuashonrú mar naisc uaine, bhána nó dhearga.
7.  
Cuideoidh na Ballstáit i gcás inar gá le Láraonad ETIAS i dtaca le brath ilchéannachtaí faoin Airteagal seo.
8.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh sé mhí, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó go ceann sé mhí an dá uair, a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.Maidir le measúnú a dhéanamh ar an am a mheastar a chuirfear an brath ilchéannachtaí faoin Airteagal seo i gcrích, ní dheonófar an síneadh sin mura rud é go léirítear nach féidir an brath ilchéannachtaía chríochnú roimh dhul in éag na tréimhse atá fós ann nó faoi shíneadh leanúnach ar chúiseanna atá neamhspleách ar Láraonad ETIAS, agus nach bhféadfar aon bhearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm. Déanfar an measúnú tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dhul in éag tréimhse den sórt sin nó síneadh leanúnach.

Airteagal 70

Costais

1.  
Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca le bunú agus oibriú ESP, BMS chomhroinnte, CIR agus MID.
2.  
Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca leis an mbonneagar teorann náisiúnta atá ann cheana a chomhtháthú agus a cheangal leis na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta sin, agus i dtaca leis na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta a óstáil.

Ní chuirfear san áireamh na costais seo a leanas:

(a) 

costais oifig bainistithe tionscadal na mBallstát (cruinnithe, misin, oifigí);

(b) 

córais náisiúnta TF a óstáil (spás, cur chun feidhme, leictreachas, fuarú);

(c) 

costas oibrithe chórais náisiúnta TF (oibreoirí agus conarthaí tacaíochta);

(d) 

líonraí cumarsáide náisiúnta a dhearadh, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú agus a chothabháil.

3.  
Gan dochar do mhaoiniú breise chun na críche sin ó fhoinsí eile de chuid bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, déanfar méid de EUR 32 077 000 a shlógadh ón imchlúdach de EUR 791 000 000 dá bhforáiltear faoi Airteagal 5(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 chun na costais a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chumhdach, amhail dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
4.  
Ón imchlúdach dá dtagraítear i mír 3, déanfar EUR 22 861 000 a leithdháileadh ar eu-LISA, EUR 9 072 000 ar Europol agus EUR 144 000 ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), chun tacú leis na gníomhaireachtaí sin a gcúraimí faoi seach faoin Rialachán seo. Is faoi bhainistíocht indíreach a chuirfear an maoiniú sin chun feidhme.
5.  
Is ar na Ballstáit ainmnithe faoi sceach a thitfidh na costais a thabhóidh na húdaráis ainmnithe. Is ar gach Ballstát a thitfidh na costais i dtaca leis an údarás ainmnithe a nascadh le CIR.

Na costais a thabhaíonn Europol, lena n-áirítear nasc leis an CIR, íocfar sciar díobh ag Europol.

Airteagal 71

Fógra a thabhairt

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra do eu-LISA maidir leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagail 7, 20, 21 agus 26 a fhéadfaidh úsáid a bhaint as ESP, CIR agus MID faoi seach nó a fhéadfaidh rochtain a fháil orthu.

Foilseofar liosta comhdhlúite na n-údarás sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de thrí mhí tar éis do gach ceann de na comhchodanna idir-inoibritheachta teacht i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 72. I gcás ina ndéanfar leasuithe ar an liosta, foilseoidh eu-LISA liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.

2.  
Tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún maidir le cur i gcrích rathúil na tástála dá dtagraítear in Airteagal 72(1)(b), (2)(b), (3)(b), (4)(b), (5)(b) agus (6)(b).
3.  
Tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra don Choimisiún maidir le cur i gcrích rathúil na tréimhse idirthréimhsigh atá leagtha síos in Airteagal 69.
4.  
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi de bhun mhír 1 ar fáil do na Ballstáit agus don phobal, trí shuíomh gréasáin poiblí a nuashonrófar go rialta.

Airteagal 72

Oibríochtaí a thosú

1.  

Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an dáta a chuirfidh ESP tús le hoibríochtaí nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagail 8(2), 9(7) agus 43(5) glactha;

(b) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar ESP tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í atá le tabhairt i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát agus le gníomhaireachtaí an Aontais a fhéadfaidh úsáid a bhaint as ESP;

(c) 

beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le bailiú agus tarchur na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(1) bailíochtaithe ag eu-LISA agus fógra tugtha don Choimisiún ina leith.

Ní dhéanfaidh ESP cuardach i mbunachair sonraí Europol mura rud é gur féidir, a bhuí leis na socruithe teicniúla, na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 9(5) a chomhlíonadh. Más amhlaidh go bhfuil sé dodhéanta Airteagal 9(5) a chomhlíonadh, ní dhéanfaidh ESP cuardach i mbunachair sonraí Interpol mar thoradh ar sin, ach ní chuirfear moill ar thús oibríochtaí in ESP dá bharr.

Déanfaidh an Coimisiúin an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú mar dháta laistigh de 30 lá ó chur i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme.

▼M1

1b.  
Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, chun críocha na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 23, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, agus chun na gcríoch sin amháin, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán sin.

▼B

2.  

Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an dáta a chuirfidh BMS comhroinnte tús le hoibríochtaí nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 13(5) agus in Airteagal 43(5) glactha;

(b) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar BMS comhroinnte tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í atá le tabhairt i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát;

(c) 

beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le bailiú agus tarchur na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13 bailíochtaithe ag eu-LISA agus fógra tugtha don Choimisiún ina leith;

(d) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil an tástáil dá dtagraítear i mír 5(b) tugtha i gcrích go rathúil aige.

Déanfaidh an Coimisiúin an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú mar dháta laistigh de 30 lá ó chur i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme.

3.  

Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an dáta a chuirfidh CIR tús le hoibríochtaí nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 43(5) agus in Airteagal 78(10) glactha;

(b) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar CIR tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í atá le tabhairt i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát;

(c) 

beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le bailiú agus tarchur na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18 bailíochtaithe ag eu-LISA agus fógra tugtha don Choimisiún ina leith;

(d) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil an tástáil dá dtagraítear i mír 5(b) tugtha i gcrích go rathúil aige.

Déanfaidh an Coimisiúin an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú mar dháta laistigh de 30 lá ó chur i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme.

4.  

Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an dáta a chuirfidh MID tús le hoibríochtaí nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagail 28(5) agus (7), 32(5), 33(6), 43(5) agus 49(6) glactha;

(b) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar MID tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í atá le tabhairt i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát agus le Láraonad ETIAS;

(c) 

beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le bailiú agus tarchur na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34 bailíochtaithe ag eu-LISA agus fógra tugtha don Choimisiún ina leith;

(d) 

beidh fógra tugtha ag Láraonad ETIAS don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 71(3);

(e) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil an tástáil dá dtagraítear i míreanna 1(b), 2(b), 3(b) agus 5(b) tugtha i gcrích go rathúil aige.

Déanfaidh an Coimisiúin an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú mar dháta laistigh de 30 lá ó chur i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme.

5.  

Maidir leis na sásraí agus na nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí, na táscairí coiteanna cáilíochta sonraí agus na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis an dáta óna mbainfear úsáid astu, nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 37(4) glactha;

(b) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar na sásraí agus nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí, ar na táscairí coiteanna cáilíochta sonraí agus ar na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í atá le cur i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát.

Déanfaidh an Coimisiúin an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú mar dháta laistigh de 30 lá ó chur i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme.

6.  

Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an dáta a chuirfidh CRRS tús le hoibríochtaí nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 39(5) agus in Airteagal 43(5) glactha;

(b) 

beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar CRRS tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í atá le tabhairt i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát;

(c) 

beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le bailiú agus tarchur na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 39 bailíochtaithe ag eu-LISA agus fógra tugtha don Choimisiún ina leith;

Déanfaidh an Coimisiúin an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú mar dháta laistigh de 30 lá ó chur i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme.

7.  
Cuirfidh an Coimisiún torthaí na dtástálacha arna ndéanamh de bhun mhíreanna 1(b), 2(b), 3(b), 4(b), 5(b) agus 6(b) in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
8.  
Tosóidh na Ballstáit, Láraonad ETIAS agus Europol ag úsáid gach ceann de na comhchodanna idir-inoibritheachta ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4 faoi seach.

Airteagal 73

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 28(5), 39(5), 49(6), 67(2) agus 69(8) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 11 Meitheamh 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 28(5), 39(5), 49(6), 67(2) agus 69(8) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 28(5), 39(5), 49(6), 67(2) agus 69(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 74

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 75

Grúpa comhairleach

Bunóidh eu-LISA Grúpa Comhairleach. Le linn chéim deartha agus forbartha na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, beidh feidhm ag Airteagal 54(4), (5) agus (6).

Airteagal 76

Oiliúint

Déanfaidh eu-LISA cúraimí i dtaca le hoiliúint a chur ar fáil in úsáid theicniúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 2018/1726.

Déanfaidh údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí an Aontais clár oiliúna iomchuí maidir le slándáil sonraí, cáilíocht sonraí, rialacha maidir le cosaint sonraí, na nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí agus na hoibleagáidí i dtaca le cur in iúl faoi Airteagail 32(4), 33(4) agus 47 a sholáthar dá bhfoireann a údaraítear chun sonraí a phróiseáil leis na comhchodanna idir-inoibritheachta.

I gcás inarb iomchuí, déanfar cúrsaí comhoiliúna ar na topaicí sin a eagrú ar leibhéal an Aontais chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an malartú dea-chleachtas idir foireann údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí an Aontais a údaraítear chun sonraí a phróiseáil leis na comhchodanna idir-inoibritheachta a phróiseáil. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an bpróiseas chun ilchéannachtaí a bhrath, lena n-áirítear céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh agus an gá a ghabhann leis sin coimircí iomchuí a choimeád maidir le cearta bunúsacha.

Airteagal 77

Lámhleabhar praiticiúil

Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le eu-LISA agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, lámhleabhar praiticiúil ar fáil do chur chun feidhme agus do bhainistiú na gcomhchodanna idir-inoibritheachta. Soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtas sa lámhleabhar praiticiúil. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil i bhfoirm moladh.

Airteagal 78

Faireachán agus meastóireacht

1.  
Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na gcomhchodanna idir-inoibritheachta agus ar a nasc leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta de réir cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcomhchodanna idir-inoibritheachta de réir cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.
2.  
Faoin 12 Nollaig 2019 agus gach sé mhí ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, mar aon lena nasc leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta. A thúisce a bheidh an fhorbairt tugtha chun críche, cuirfear tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar go mionsonrach an chaoi ar baineadh amach na cuspóirí, go háirithe na cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus le costais, agus ina dtabharfar údar maith le haon chás inar imíodh óna raibh socraithe.
3.  
Ceithre bliana tar éis tús a bheith curtha gach comhchuid idir-inoibritheachta i gcomhréir le hAirteagal 72 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta, lena n-áirítear a slándáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin.
4.  

Sa bhreis air sin, bliain amháin tar éis tuarascáil a fháil ó eu-LISA, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar na comhchodanna, lena n-áireofar:

(a) 

measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b) 

scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir chuspóirí an Rialacháin seo agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear, go háirithe, measúnú ar thionchar na gcomhchodanna idir-inoibritheachta ar an gceart chun neamh-idirdhealú;

(c) 

measúnú ar fheidhmiú na tairsí gréasáin, lena n-áirítear figiúirí maidir le húsáid na tairsí gréasáin agus líon na n-iarrataí a réitíodh;

(d) 

measúnú ar bhailíocht leanúnach bhunréasúnaíocht na gcomhchodanna idir-inoibritheachta;

(e) 

measúnú ar shlándáil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta;

(f) 

measúnú ar úsáid CIR chun sainaithint a dhéanamh;

(g) 

measúnú ar úsáid CIR chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(h) 

measúnú ar aon impleachtaí a thiocfadh i gceist lena n-áirítear aon tionchar díréireach a d'imreofaí ar shreabhadh an tráchta ag na pointí trasnaithe teorann agus aon impleachtaí a d'imreodh tionchar buiséadach ar bhuiséad ginearálta an Aontais;

(i) 

measúnú ar an gcuardach, trí ESP, i mbunachair sonraí Interpol, lena n-áirítear faisnéis faoi líon na meaitseanna i mbunachair sonraí Interpol agus faisnéis faoi aon fhadhbanna a bhí ann.

Áireofar sa mheastóireachtaí foriomlána faoin gcéad fhomhír den mhír seo aon mholtaí is gá. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

5.  
Faoin 12 Meitheamh 2020 agus gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go ndéanfar na gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 62 a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta chun ullmhú do chur chun feidhme iomlán an Rialacháin seo. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin freisin faoi na costais a tabhaíodh agus faoi aon rioscaí a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána.
6.  
Dhá bhliain tar éis tús a bheith curtha le hoibríochtaí MID i gcomhréir le hAirteagal 72(4), déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar thionchar MID ar an gceart chun neamh-idirdhealú. I ndiaidh na chéad tuarascála sin, beidh an scrúdú ar thionchar MID ar an gceart chun neamh-idirdhealú ina chuid den scrúdú dá dtagraítear i mír 4(b) den Airteagal seo.
7.  
Tabharfaidh na Ballstáit agus Europol do eu-LISA agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3 go 6 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i mbaol ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti a thabharfaidh le fios foinsí, baill foirne nó imscrúduithe na n-údarás ainmnithe.
8.  
Soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí fhoriomlán dá dtagraítear i mír 4 a dhéanamh.
9.  

Agus urraim á tabhairt d'fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, agus gan dochar do na teorannuithe is gá chun an tslándáil agus an t-ord poiblí a chosaint, chun an choireacht a chosc agus chun a ráthú nach gcuirfear aon imscrúdú náisiúnta i mbaol, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí a stóráiltear in CIR chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ina mbeidh faisnéis agus staidreamh faoi na nithe seo a leanas:

(a) 

cad é go baileach is cuspóir don cheadú lena n-áirítear cineál an chiona sceimhlitheoireachta nó cineál na gcionta thromchúiseacha choiriúila eile;

(b) 

na forais réasúnacha a tugadh maidir leis an amhras a bhfuil údar leis go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach i gcatagóir a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nó Rialachán (AE) 2018/1240;

(c) 

an líon iarrataí ar rochtain a fháil ar CIR chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(d) 

an líon agus na cineálacha cásanna inar éirigh leis na húdaráis sainaithint a dhéanamh;

(e) 

eolas faoin ngá atá leis na cásanna práinne eisceachtúla agus faoin úsáid a bhaintear as, lena n-áirítear na cásanna sin nár glacadh leis an gcás práinne sin iontu san fhíorú ex post a rinne an lárphointe rochtana.

Tarchuirfear na tuarascálacha bliantúla a ullmhaítear ag na Ballstáit agus ag Europol chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin.

10.  
Déanfar réiteach teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun iarrataí rochtana ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 22 a bhainistiú agus chun éascú a dhéanamh ar bhailiú na faisnéise faoi mhíreanna 7 agus 9 den Airteagal seo chun na tuarascáil agus na staidrimh dá dtagraítear sa mhíreanna sin a ghiniúint. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le sonraíochtaí an réitigh theicniúil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64(2).

Airteagal 79

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag forálacha an Rialachán seo maidir le ESP ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72(1).

Beidh feidhm ag forálacha an Rialachán seo maidir le BMS comhroinnte ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72(2).

Beidh feidhm ag forálacha an Rialachán seo maidir le CIR ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72(3).

Beidh feidhm ag forálacha an Rialachán seo maidir le MID ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72(4).

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis na sásraí agus nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí, na táscairí coiteanna cáilíochta sonraí agus na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí faoi seach ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72(5).

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an CRRS ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72(6).

Beidh feidhm ag Airteagail 6, 12, 17, 25, 38, 42, 54, 56, 57, 70, 71, 73, 74, 75, 77 agus 78(1) ón 11 Meitheamh 2019.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i dtaca le Eurodac ón dáta a bheidh athmhúnlú Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013 infheidhme.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.



( 1 ) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse comhair póilíneachta agus comhair breithiúnach, tearmann agus imirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (féach leathanach 85 den Iris Oifigiúil seo).

( 2 ) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

( 3 ) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002 lch. 1).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

( 5 ) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chionta náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (córas ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, Lch. 1).

( *1 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726, agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).”

( *2 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008,(AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726, agus (AE) 2018/1861ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).”.

( *3 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).”;

( *4 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).”

( *5 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

( *6 ) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).”;

( *7 ) Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

( *8 ) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

( *9 ) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chionta náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).”;

( *10 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).”;

( *11 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).”.

( *12 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1861, Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).”

( 7 ) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

Top