EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02019L1937-20211110
Directive (EU) 2019/1937 of the European Parliament and of the Council of 23 October 2019 on the protection of persons who report breaches of Union law
Consolidated text: Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais
Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais
02019L1937 — GA — 10.11.2021 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
TREOIR (AE) 2019/1937 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305 26.11.2019, lch. 17) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2020/1503 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Deireadh Fómhair 2020 |
L 347 |
1 |
20.10.2020 |
TREOIR (AE) 2019/1937 Ó PHARLAIMINT NAhEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2019
maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais
CAIBIDIL I
RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS COINNÍOLLACHA LE HAGHAIDH NA COSANTA
Airteagal 1
Cuspóir
Is é is cuspóir don Treoir seo forfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais a fheabhsú i réimsí sonracha trí íoschaighdeáin choiteanna a leagan síos lena bhforáiltear d’ardleibhéal cosanta do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais.
Airteagal 2
Raon feidhme ábhartha
Leis an Treoir seo, leagtar síos íoschaighdeáin choiteanna maidir le daoine a thuairiscíonn na sáruithe seo a leanas ar dhlí an Aontais a chosaint:
sáruithe a thagann faoi raon feidhme ghníomhartha an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn maidir leis na réimsí seo a leanas:
soláthar poiblí;
seirbhísí, táirgí agus margaí airgeadais, agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta;
sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí;
sábháilteacht iompair;
cosaint an chomhshaoil;
cosaint ar radaíocht agus sábháilteacht núicléach;
sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe;
sláinte phoiblí;
cosaint tomhaltóirí;
cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus slándáil gréasán agus córas faisnéise;
sáruithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 325 CFAE agus mar a shonraítear tuilleadh i mbearta ábhartha de chuid an Aontais;
sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 26(2) CFAE, lena n-áirítear sáruithe ar rialacha iomaíochta an Aontais agus ar rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, mar aon le sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach i ndáil le gníomhartha a sháraíonn rialacha cánach corparáide nó le socruithe arb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil a chuireann ar neamhní cuspóir nó críoch dhlí na cánach corparáide is infheidhme.
Airteagal 3
Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais agus le forálacha náisiúnta
Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:
faisnéis rúnaicmithe a chosaint;
pribhléid ghairmiúil dlí agus leighis a chosaint;
rúndacht an phlé bhreithiúnaigh;
rialacha maidir le nós imeachta coiriúil.
Airteagal 4
Raon feidhme pearsanta
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacs oibre, lena n-áirítear, ar a laghad, an méid a leanas:
daoine a bhfuil stádas an oibrí acu, de réir bhrí Airteagal 45(1) CFAE, lena n_áirítear státseirbhísigh;
daoine a bhfuil stádas féinfhostaithe acu, de réir bhrí Airteagal 49 CFAE;
scairshealbhóirí agus daoine a bhaineann le comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnóthais, lena n-áirítear comhaltaí neamhfheidhmiúcháin, chomh maith le saorálaithe agus oiliúnaithe le pá nó gan phá;
aon duine atá ag obair faoi mhaoirseacht agus faoi stiúir conraitheoirí, fochonraitheoirí agus soláthróirí.
Beidh feidhm freisin, i gcás inarb ábhartha, ag na bearta i ndáil le daoine tuairiscithe a chosaint a leagtar amach i gCaibidil VI maidir leis an méid seo a leanas:
éascaitheoirí;
tríú daoine a bhfuil nasc acu leis na daoine tuairiscithe agus a d’fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart i gcomhthéacs oibre, amhail comhghleacaithe nó gaolta na ndaoine tuairiscithe; agus
eintitis dhlíthiúla ar leis na daoine tuairiscithe iad, a n-oibríonn na daoine tuairiscithe dóibh, nó a bhfuil nasc acu leo ar shlí eile i gcomhthéacs oibre.
Airteagal 5
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
ciallaíonn “sáruithe” gníomhartha nó neamhghníomhartha:
atá neamhdhleathach agus a bhaineann le gníomhartha an Aontais agus na réimsí a thagann faoin raon feidhme ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2; nó
a chuireann ar neamhní cuspóir nó críoch na rialacha i ngníomhartha an Aontais agus sna réimsí a thagann faoin raon feidhme ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2;
ciallaíonn “faisnéis faoi sháruithe” faisnéis, lena n-áirítear amhras réasúnach, faoi sháruithe iarbhír nó féideartha, a tharla nó ar ródhócha a tharlóidh san eagraíocht ina bhfuil nó ina raibh an duine tuairiscithe ag obair nó in eagraíocht eile lena bhfuil nó lena raibh an duine tuairiscithe i dteagmháil trína chuid nó trína cuid oibre, agus faoi iarrachtaí sáruithe den sórt sin a cheilt;
ciallaíonn “tuairisc” nó “tuairiscigh”, faisnéis faoi sháruithe a chur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn;
ciallaíonn “tuairisciú inmheánach” faisnéis faoi sháruithe a chur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn laistigh d’eintiteas dlíthiúil san earnáil phríobháideach nó phoiblí;
ciallaíonn “tuairisciú seachtrach” faisnéis faoi sháruithe a cur in iúl ó bhéal nó i scríbhinn do na húdaráis inniúla;
ciallaíonn “nochtadh poiblí” nó “nocht go poiblí” faisnéis faoi sháruithe a chur ar fáil san fhearann poiblí;
ciallaíonn “duine tuairiscithe” duine nádúrtha a thuairiscíonn faisnéis faoi sháruithe, nó a nochtann go poiblí í, a fuarthas i gcomhthéacs a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair;
ciallaíonn “éascaitheoir” duine nádúrtha a thugann cúnamh do dhuine tuairiscithe sa phróiseas tuairiscithe i gcomhthéacs oibre, agus ar cheart an cúnamh ón duine sin a bheith faoi rún;
ciallaíonn “comhthéacs oibre” gníomhaíochtaí oibre reatha nó san am atá caite san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, trína bhfaigheann daoine faisnéis faoi sháruithe agus ina bhféadfadh na daoine sin a bheith thíos le frithbheart dá ndéanfaidís faisnéis den sórt sin a thuairisciú;
ciallaíonn “duine lena mbaineann” duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéantar tagairt dó nó di sa tuairisciú nó sa nochtadh poiblí mar dhuine a bhfuil an sárú curtha ina leith nó duine nádúrtha nó dlítheanach lena bhfuil baint ag an duine sin;
ciallaíonn “frithbheart” aon ghníomh nó neamhghníomh, díreach nó indíreach, a tharlaíonn i gcomhthéacs oibre, a spreagtar ag an tuairisciú inmheánach nó seachtrach nó trí nochtadh poiblí, agus a dhéanann díobháil éagórach nó a d’fhéadfadh díobháil éagórach a dhéanamh don duine tuairiscithe;
ciallaíonn “beart leantach” aon ghníomhaíocht a dhéanann faighteoir tuairisce nó aon údarás inniúil chun cruinneas na líomhaintí a dhéantar sa tuairisc a mheas agus, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a thuairiscítear, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí amhail fiosrúchán inmheánach, imscrúdú, ionchúiseamh, caingean chun cistí a ghnóthú, nó an nós imeachta a dhúnadh;
ciallaíonn “aiseolas” faisnéis a sholáthar don duine tuairiscithe faoin ngníomhaíocht atá beartaithe nó atá déanta mar bheart leantach agus ar na forais atá leis an mbeart leantach sin;
ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás náisiúnta atá ainmnithe tuairiscí a fháil i gcomhréir le Caibidil III agus aiseolas a thabhairt do na daoine tuairiscithe, agus/nó atá ainmnithe chun na dualgais dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le beart leantach.
Airteagal 6
Coinníollacha maidir le daoine tuairiscithe a chosaint
Cáileoidh daoine tuairiscithe le haghaidh cosaint faoin Treoir seo ar an gcoinníoll:
go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh an fhaisnéis faoi sháruithe a tuairiscíodh fíor tráth a tuairiscithe agus gur tháinig faisnéis den sórt sin laistigh de raon feidhme na Treorach seo; agus
gur thuairiscigh siad go hinmheánach i gcomhréir le hAirteagal 7 nó go seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 10, nó go ndearna siad nochtadh poiblí i gcomhréir le hAirteagal 15.
CAIBIDIL II
TUAIRISCIÚ INMHEÁNACH AGUS BEARTA LEANTACHA
Airteagal 7
Tuairisciú trí bhealaí tuairiscithe inmheánacha
Airteagal 8
Oibleagáid chun bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú
Féadfaidh Ballstáit bardais a bhfuil níos lú ná 10 000 áitritheoir iontu, nó níos lú ná 50 oibrí, nó eintitis eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ag a bhfuil níos lú ná 50 oibrí, a dhíolmhú ón oibleagáid dá dtagraítear i mír 1.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir bealaí tuairiscithe inmheánacha a chomhroinnt idir bardais nó gur féidir iad a bheith á n-oibriú ag údaráis bhardasacha chomhpháirteacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll go mbeidh na bealaí inmheánacha éagsúil agus neamhspleách ó na bealaí tuairiscithe seachtracha ábhartha.
Airteagal 9
Nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha
Ar na nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 8, áireofar an méid a leanas:
bealaí chun na tuairiscí a fháil, agus iad ceaptha, bunaithe agus á n-oibriú ar bhealach slán a áirithíonn rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe agus aon tríú páirtí a luaitear sa tuairisc, agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe;
admháil don duine tuairiscithe go bhfuarthas an tuairisc, laistigh de sheacht lá ón lá a bhfuarthas í;
ainmniú duine nó roinne neamhchlaonta atá inniúil maidir le bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí, agus ar féidir gurb é an duine céanna nó an roinn chéanna a bheadh ann leis an duine nó an roinn a fhaigheann na tuairiscí agus a dhéanfaidh teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil agus, i gcás inar gá, a iarrfaidh tuilleadh faisnéise ón duine tuairiscithe agus a sholáthróidh aiseolas don duine tuairiscithe sin;
bearta leantacha dícheallacha ag an duine nó an roinn ainmnithe dá dtagraítear i bpointe (c);
bearta leantacha dícheallacha, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, maidir le tuairisciú anaithnid;
tréimhse ama réasúnach chun aiseolas a sholáthar, nach faide ná 3 mhí ón admháil fála nó, mura seoladh admháil chuig an duine tuairiscithe, 3 mhí ó dhul in éag na tréimhse 7 lá tar éis an tuairisc a dhéanamh;
faisnéis atá soiléir agus inrochtana go héasca a sholáthar maidir leis na nósanna imeachta maidir le tuairisciú go seachtrach d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 10 agus, i gcás inarb ábhartha, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.
CAIBIDIL III
TUAIRISCIÚ SEACHTRACH AGUS BEARTA LEANTACHA
Airteagal 10
Tuairisciú trí bhealaí tuairiscithe seachtracha
Gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 15(1), tuairisceoidh daoine tuairiscithe faisnéis faoi sháruithe trí úsáid á baint as na bealaí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12, tar éis tuairisciú a bheith déanta acu ar dtús trí bhealaí tuairiscithe inmheánacha, nó trí thuairisciú a dhéanamh go díreach trí bhealaí tuairiscithe seachtracha.
Airteagal 11
Oibleagáid chun bealaí tuairiscithe seachtracha a bhunú agus chun bearta leantacha i leith tuairiscí a dhéanamh
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:
bealaí tuairiscithe seachtracha atá neamhspleách agus uathrialach a bhunú, chun faisnéis faoi sháruithe a fháil agus a láimhseáil;
admháil a thabhairt go pras, agus in aon chás laistigh de sheacht lá ón tuairisc a fháil, go bhfuarthas na tuairiscí sin, mura rud é gur iarr an duine tuairiscithe a mhalairt go sainráite nó go gcreideann an t-údarás inniúil go réasúnach go gcuirfí cosaint chéannacht an duine tuairiscithe i mbaol dá n-admhófaí go bhfuarthas an tuairisc;
bearta leantacha a dhéanamh go dícheallach maidir leis na tuairiscí;
aiseolas a sholáthar don duine tuairiscithe laistigh de thréimhse ama réasúnach nach faide ná 3 mhí, nó sé mhí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;
toradh críochnaitheach imscrúduithe a chuirtear ar bun mar gheall ar an tuairisciú a chur in iúl don duine tuairiscithe, i gcomhréir le nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta;
an fhaisnéis atá sa tuairisc a tharchur in am trátha chuig comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais, de réir mar is iomchuí, le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 12
Ceapadh bealaí tuairiscithe seachtracha
Measfar bealaí tuairiscithe seachtracha a bheith neamhspleách agus uathrialach, má chomhlíonann siad na critéir go léir a leanas:
déantar iad a cheapadh, a chur ar bun agus a oibriú ar bhealach a áirithíonn iomláine, ionracas agus rúndacht na faisnéise agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe an údaráis inniúil;
fágann siad gur féidir faisnéis a stóráil go buan i gcomhréir le hAirteagal 18 sa dóigh agus go bhféadfaí tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh.
Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh údaráis inniúla comhaltaí foirne a bheidh freagrach as tuairiscí a láimhseáil, agus go háirithe i ndáil leis an méid a leanas:
faisnéis a sholáthar d’aon duine leasmhar faoi na nósanna imeachta tuairiscithe;
tuairiscí a ghlacadh agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith;
teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil chun críche aiseolas a sholáthar agus tuilleadh faisnéise a iarraidh más gá.
Airteagal 13
Faisnéis maidir le tuairiscí a fháil agus maidir le bearta leantacha i leith na dtuairiscí
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leanas, ar a laghad, ar a láithreán ghréasáin, i rannán ar leithligh atá inaitheanta agus inrochtana go héasca:
na coinníollacha faoinar féidir cáiliú le haghaidh cosaint faoin Treoir seo;
na sonraí teagmhála do na bealaí tuairiscithe seachtracha dá bhforáiltear faoi Airteagal 12, go háirithe na seoltaí leictreonacha agus poist, agus na huimhreacha teileafóin le haghaidh bealaí den sórt sin, á chur in iúl cibé acu atá na comhráite teileafóin ar taifead;
na nósanna imeachta is infheidhme maidir le sáruithe a thuairisciú, lena n-áirítear an modh a bhféadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an duine tuairiscithe an fhaisnéis arna tuairisciú a shoiléiriú nó faisnéis bhreise a sholáthar, an tréimhse ama chun aiseolas a sholáthar don duine tuairiscithe agus cineál agus ábhar aiseolais den sórt sin;
an córas rúndachta is infheidhme maidir le tuairiscí, agus go háirithe an fhaisnéis maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 17 den Treoir seo agus Airteagail 5 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme;
cineál na mbeart leantach atá le déanamh ar na tuairiscí;
na leigheasanna agus na nósanna imeachta maidir le cosaint i gcoinne frithbhirt agus infhaighteacht comhairle rúnda do dhaoine atá ag smaoineamh ar thuairisciú;
ráiteas ina míneofar go soiléir na coinníollacha faoina bhfuil daoine a thuairiscíonn don údarás inniúil cosanta ó dhliteanas a thabhú de bharr sárú ar rúndacht de bhun Airteagal 21(2); agus
sonraí teagmhála an larionaid faisnéise nó an údaráis riaracháin neamhspleách aonair dá bhforáiltear in Airteagal 20(3), i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 14
Athbhreithniú ar na nósanna imeachta ag údaráis inniúla
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú rialta ar a nósanna imeachta maidir le tuairiscí a fháil, agus bearta leantacha ina leith, agus uair amháin gach 3 bliana ar a laghad. Le linn athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin, cuirfidh údaráis inniúla a dtaithí féin agus taithí údarás inniúil eile san áireamh agus déanfaidh siad a nósanna imeachta a oiriúnú dá réir.
CAIBIDIL IV
NOCHTADH POIBLÍ
Airteagal 15
Nochtadh poiblí
Beidh duine a dhéanann nochtadh poiblí incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
gur thuairiscigh an duine den chéad uair go hinmheánach agus go seachtrach, nó go díreach go seachtrach i gcomhréir le Caibidlí II agus III, ach nach ndearnadh aon ghníomhaíocht iomchuí mar fhreagra ar an tuairisc laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 9(1) nó i bpointe (d) d’Airteagal 11(2); nó
go bhfuil forais réasúnacha ag an duine chun a chreidiúint:
go bhféadfadh an sárú a bheith ina gharchontúirt nó ina chontúirt fhollasach do leas an phobail, amhail i gcás staid éigeandála nó riosca go ndéanfar damáiste do-aisiompaithe; nó
i gcás tuairisciú seachtrach, baol an fhrithbhirt ann nó gur beag seans go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar an sárú, de bharr imthosca sonracha an cháis, mar shampla i gcásanna ina bhféadfaí fianaise a cheilt nó a scriosadh nó i gcás ina bhfuil údarás i gclaonpháirteachas le déantóir an tsáraithe nó go bhfuil baint ag an údarás leis an sárú.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE TUAIRISCIÚ INMHEÁNACH AGUS SEACHTRACH
Airteagal 16
Dualgas rúndachta
Airteagal 17
Sonraí pearsanta a phróiseáil
Déanfar aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun na Treorach seo, lena n-áirítear malartú nó tarchur sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680. Aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, déanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 é.
Ní bhaileofar sonraí pearsanta ar ríshoiléir nach ábhartha iad chun tuairisc shuntasach a láimhseáil, nó, má dhéantar iad a bhailiú trí thimpiste, scriosfar gan moill mhíchuí iad.
Airteagal 18
Coimeád taifead ar na tuairiscí
I gcás ina n-úsáidtear líne theileafóin taifeadta nó córas eile teachtaireachtaí gutha taifeadta le haghaidh tuairiscithe, faoi réir thoiliú an duine tuairiscithe, beidh sé de cheart ag eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an tuairisciú ó bhéal a dhoiciméadú ar cheann de na bealaí seo a leanas:
trí thaifeadadh a dhéanamh ar an gcomhrá i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa; nó
trí thras-scríbhinn iomlán chruinn den chomhrá arna hullmhú ag na comhaltaí foirne atá freagrach as an tuairisc a láimhseáil.
Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an deis don duine tuairiscithe an tras-scríbhinn den ghlaoch a sheiceáil, a cheartú agus a aontú trína síniú.
Beidh sé de cheart ag eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus ag údaráis inniúla taifid an chruinnithe a dhoiciméadú ar cheann de na bealaí seo a leanas:
trí thaifeadadh a dhéanamh ar an gcomhrá i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa; nó
trí mhiontuairiscí beachta ar an gcruinniú arna n-ullmhú ag comhaltaí foirne atá freagrach as an tuairisc a láimhseáil.
Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus údaráis inniúla an fhéidearthacht don duine tuairiscithe miontuairiscí an chruinnithe a sheiceáil, a cheartú agus a chomhaontú trína síniú.
CAIBIDIL VI
BEARTA COSANTA
Airteagal 19
Toirmeasc ar fhrithbheart
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gach cineál frithbhirt i gcoinne na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 4 a thoirmeasc, lena n-áirítear bagairtí frithbhirt agus iarrachtaí ar fhrithbheart lena n-áirítear go háirithe na cineálacha frithbhirt seo a leanas:
fionraí, leagan as, dífhostú nó bearta comhionanna;
ísliú céime, nó ardú céime a choimeád siar;
dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, laghdú ar phá, uaireanta oibre a athrú;
oiliúint a choimeád siar;
measúnú diúltach maidir le feidhmíocht nó teistiméireacht dhiúltach fostaíochta;
aon bheart araíonachta, iomardú nó pionós eile a fhorchur nó a riar, lena n-áirítear pionós airgeadais;
comhéigean, imeaglú, ciapadh nó dúdhiúltú;
idirdhealú, cóir mhíbhuntáisteach nó éagórach;
mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a aistriú ina cheann buan, i gcás ina raibh ionchais dhlisteanacha ag an oibrí go dtairgfí fostaíocht bhuan dó nó di;
mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a athnuachan nó é a fhoirceannadh go luath;
damáiste, lena n-áirítear damáiste do chlú an duine, go háirithe ar na meáin shóisialta, nó caillteanas airgeadais, lena n-áirítear caillteanas gnó agus caillteanas ioncaim;
dúliostáil ar bhonn comhaontú neamhfhoirmiúil nó foirmiúil ar fud na hearnála nó an tionscail, a d’fhéadfadh a fhágáil nach bhfaighidh an duine fostaíocht san earnáil nó sa tionscal amach anseo;
foirceannadh luath nó cealú conartha le haghaidh earraí nó seirbhísí;
ceadúnas nó cead a chealú;
atreorú síciatrach nó leighis.
Airteagal 20
Bearta tacaíochta
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na daoine sin dá dtagraítear in Airteagal 4, de réir mar is iomchuí, ar bhearta tacaíochta, agus go háirithe an méid seo a leanas:
faisnéis agus comhairle atá cuimsitheach agus neamhspleách, inrochtana go héasca don phobal agus saor in aisce, maidir le nósanna imeachta agus leigheasanna atá ar fáil, maidir le cosaint i gcoinne frithbhirt, agus maidir le cearta an duine lena mbaineann;
cúnamh éifeachtach ó na húdaráis inniúla roimh aon údarás iomchuí a bhfuil baint acu lena gcosaint i gcoinne frithbhirt, lena n-áirítear, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoin dlí náisiúnta, deimhniú go bhfuil siad incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo; agus
cúnamh dlíthiúil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí sibhialta trasteorann, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1919 agus Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), agus, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cúnamh dlíthiúil in imeachtaí breise agus comhairleoireacht dhlíthiúil nó cúnamh dlíthiúil eile.
Airteagal 21
Bearta le haghaidh cosaint i gcoinne frithbhirt
I gcás ina ndéanann duine faisnéis faoi sháruithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí, agus ina n-áirítear leis an bhfaisnéis sin rúin trádála, agus i gcás ina gcomhlíonann an duine sin coinníollacha na Treorach seo, measfar tuairisciú nó nochtadh poiblí den sórt seo a bheith dleathach faoi choinníollacha Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2016/943.
Airteagal 22
Bearta chun daoine lena mbaineann a chosaint
Airteagal 23
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann an méid a leanas:
bac a chur ar thuairisciú nó a dhéanann iarracht bac a chur ar thuairisciú;
frithbheart i gcoinne daoine dá dtagraítear in Airteagal 4;
a thugann imeachtaí cráiteacha i gcoinne daoine dá dtagraítear in Airteagal 4;
an dualgas a shárú maidir le rúndacht chéannacht daoine tuairiscithe a choinneáil dá dtagraítear in Airteagal 16.
Airteagal 24
Neamh-tharscaoileadh ceart agus leigheasanna
Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir na cearta agus na leigheasanna dá bhforáiltear faoin Treoir seo a tharscaoileadh ná a theorannú faoi aon chomhaontú, beartas, foirm ná coinníoll fostaíochta, lena n-áirítear comhaontú eadrána réamhdhíospóide.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 25
Cóir níos fabhraí agus clásal neamh-chúlchéimnithe
Airteagal 26
Trasuí agus idirthréimhse
Airteagal 27
Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú
Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, an staidreamh a leanas a thíolacadh don Choimisiún maidir leis na tuairiscí dá dtagraítear i gCaibidil III, i bhfoirm chomhiomlánaithe, más féidir, má tá siad ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann:
líon na dtuairiscí a fuair na húdaráis inniúla;
líon na n-imscrúduithe agus na n-imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh na dtuairiscí sin agus an toradh a d’eascair astu; agus
má fionnadh é, an damáiste airgeadais measta, agus na suimeanna a aisghabhadh tar éis imscrúduithe agus imeachtaí, a bhaineann leis na sáruithe a tuairiscíodh.
Anuas ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an úsáid a bhain na Ballstáit as na sásraí comhair atá ann faoi láthair, mar chuid dá n-oibleagáidí obair leantach a dhéanamh ar na tuairiscí maidir le sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus ar bhonn níos leithne, déanfar meastóireacht sa tuarascáil, ar cé mar a dhéanfaidh siad comhoibriú le chéile i gcás sáruithe a mbaineann gné thrasteorann leo.
Airteagal 28
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 29
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
IARSCRÍBHINN
Cuid I
A. Pointe (a)(i) d’Airteagal 2(1) — soláthar poiblí:
1. Rialacha nós imeachta maidir le soláthar poiblí agus lamháltais a bhronnadh, conarthaí a dhámhachtain i réimsí na cosanta agus na slándála, agus conarthaí a dhámhachtain i dtaca le heintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus aon chonradh eile, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1);
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65);
Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis atá ag feidhmiú sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243);
Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).
2. Nósanna imeachta athbhreithnithe arna rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena ndéantar comhordú ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair de chuid eintiteas a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO L 76, 23.3.1992, lch. 14);
Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le feidhmiú nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain (IO L 395, 30.12.1989, lch. 33).
B. Pointe (a)(ii) d’Airteagal 2(1) —seirbhísí airgeadais, táirgí agus margaí agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:
Rialacha lena mbunaítear creat rialála agus maoirseachta agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí i seirbhísí airgeadais agus i margaí caipitil an Aontais, baincéireacht, creidmheas, infheistíocht, árachas agus athárachas, táirgí pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, seirbhísí íocaíochta agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338), mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7);
Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1);
Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1);
Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1);
Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18);
Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34);
Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77);
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84);
Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35);
Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12);
Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe a fheidhmiú (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17);
Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38);
Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1);
Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1);
Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1);
Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190);
Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1);
Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149);
Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22);
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1);
Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
C. Pointe (a)(iii) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí:
1. Ceanglais sábháilteachta agus chomhlíonta le haghaidh na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, mar atá sainmhínithe agus mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4);
Reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí monaraithe, lena n-áirítear ceanglais lipéadaithe, seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte d’úsáid an duine agus na tréidliachta, plandaí agus ainmhithe beo, táirgí de bhunús daonna agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo mar a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1);
Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
2. Rialacha maidir le margaíocht agus úsáid táirgí íogaire agus contúirteacha, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.06.2009, lch. 1);
Treoir 91/477/CCE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus sealbhú arm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lch. 51);
Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (IO L 39, 9.2.2013, lch. 1).
D. Pointe (a)(iv) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht iompair:
1. Ceanglais sábháilteachta san earnáil iarnróid, mar atá á rialú ag Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).
2. Ceanglais sábháilteachta in earnáil na heitlíochta sibhialta, mar atá á rialú ag Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).
3. Ceanglais sábháilteachta san earnáil bhóithre, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59);
Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasán Bóithre Tras-Eorpach (IO L 167, 30.4.2004, lch. 39);
Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).
4. Ceanglais sábháilteachta san earnáil mhuirí, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11);
Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 24);
Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);
Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114);
Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an leibhéal íosta oiliúna do mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33);
Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí ag feidhmiú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35);
Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear na ceanglais agus na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir luchtú agus díluchtú sábháilte bulc-iompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lch. 9).
5. Ceanglais sábháilteachta, mar atá á rialú ag Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).
E. Pointe (a)(v) d’Airteagal 2(1) — cosaint an chomhshaoil:
1. Aon chion coiriúil i gcoinne chosaint an chomhshaoil mar a rialaítear le Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28) nó aon iompar neamhdhleathach a sháraíonn an reachtaíocht a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/99/CE;
2. Rialacha maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32);
Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16);
Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1);
Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13);
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
3. Rialacha maidir le forbairt inbhuanaithe agus bainistiú dramhaíola, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3);
Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1);
Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60).
4. Rialacha maidir le muirthruailliú, aerthruailliú agus truailliú ó thorann, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:
Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin phaisinéirí nua a mhargú (IO L 12, 18.1.2000, lch. 16);
Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le teorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe (IO L 309, 27.11.2001, lch. 22);
Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 a bhaineann le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12);
Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le toirmeasc ar chomhdhúile organaitín ar bord long (IO L 115, 9.5.2003, lch. 1);
Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56);
Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11);
Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1);
Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5);
Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1);
Treoir 2009/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le gal pheitril Céim II a aisghabháil le linn mótarfheithiclí a athbhreoslú i stáisiúin pheitril (IO L 285, 31.10.2009, lch. 36);
Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1);
Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1);
Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);
Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe ó ghléasraí dócháin meánmhéide san aer a theorannú (IO L 313, 28.11.2015, lch. 1).
5. Rialacha maidir le cosaint agus bainistiú uisce agus ithreacha, mar a leagtar amach sa gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27);
Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84);
Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
6. Rialacha maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint, mar a leagtar amach sa gníomhartha seo a leanas:
Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le foghabhálacha teagmhasacha céiticeach in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12);
Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 36);
Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lch. 8);
Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7);
Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23);
Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
7. Rialacha maidir le ceimiceáin, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
8. Rialacha maidir le táirgí orgánacha, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
F. Pointe (a)(vi) d’Airteagal 2(1) — cosaint ar radaíocht agus sábháilteacht núicléach
Rialacha maidir le sábháilteacht núicléach, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18);
Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce a ceapadh lena chaitheamh ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12);
Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianaíoch, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1);
Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48);
Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta (IO L 337, 5.12.2006, lch. 21);
Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 944/89 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 770/90 ón gComhairle (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2);
Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle an 8 Meitheamh 1993 maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha ó Bhallstát go Ballstát (IO L 148, 19.6.1993, lch. 1).
G. Pointe (a)(vii) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe:
1. Dlí bia agus beatha an Aontais faoi rialú ag na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta mar a shainmhínítear iad le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
2. Sláinte ainmhithe, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisgheartar Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
3. Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
4. Rialacha agus caighdeáin maidir le cosaint agus leas ainmhithe, mar a leagtar amach sna gíomhartha seo a leanas:
Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear le haghaidh feirmeoireachta (IO L 221, 8.8.1998, lch. 23);
Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1);
Treoir 1999/22/CE ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le hainmhithe fiáine a choinneáil i zúnna (IO L 94, 9.4.1999, lch. 24);
Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
H. Pointe (a)(viii) d’Airteagal 2(1) — sláinte phoiblí:
1. Bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta d’orgáin agus substaintí de bhunús daonna, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, do thástáil, do phróiseáil, do stóráil agus do dháileadh fola agus comhábhar fola daonna agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE (IO L 33, 8.2.2003, lch. 30);
Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna (IO L 102, 7.4.2004, lch. 48);
Treoir 2010/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandaithe (IO L 207, 6.8.2010, lch. 14).
2. Bearta lena leagtar síos ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do tháirgí íocshláinte agus feistí úsáide míochaine, mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1);
Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67);
Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019 lch. 43);
Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun údarú agus maoirseacht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte d’úsáid an duine agus na tréidliachta agus lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáide péidiatraicí agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1);
Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121);
Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).
3. Cearta othar, mar atá á rialú ag Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).
4. Monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara, mar atá á rialú ag Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).
I. Pointe (a)(ix) d’Airteagal 2(1) — cosaint tomhaltóirí:
Cearta tomhaltóirí agus cosaint tomhaltóirí mar atá á rialú ag na gníomhartha seo a leanas:
Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a chur in iúl do thomhaltóirí (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27);
Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1);
Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisgheartar Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2009, lch. 28);
Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíol earraí tomhaltais agus ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12);
Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16);
Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22);
Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66);
Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64);
Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).
J. Pointe (a)(x) d’Airteagal 2(1) —cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus slándáil gréasán agus córas faisnéise:
Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37);
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1);
Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
Cuid II
Tagraíonn Airteagal 3(1) don reachtaíocht Aontais a leanas:
A. Pointe (a)(ii) d’Airteagal 2(1) — seirbhísí airgeadais, táirgí agus margaí, agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:
1. Seirbhísí airgeadais:
Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32);
Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37);
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla de chuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.06.2006, lch. 87);
Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1);
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338);
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349);
Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1);
Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1);
Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1);
Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19);
Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
2. Cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73);
Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).
B. Pointe (a)(iv) d’Airteagal 2(1) — sábháilteacht iompair:
Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18);
Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe bratstát a bhaineann le comhlíonadh agus cur chun feidhme an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1);
Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
C. Pointe (a)(v) d’Airteagal 2(1) — cosaint an chomhshaoil:
Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).
( 1 ) Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe d’idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lch. 3).