This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02019L1153-20240709
Directive (EU) 2019/1153 of the European Parliament and of the Council of 20 June 2019 laying down rules facilitating the use of financial and other information for the prevention, detection, investigation or prosecution of certain criminal offences, and repealing Council Decision 2000/642/JHA
Consolidated text: Treoir (AE) 2019/1153ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle
Treoir (AE) 2019/1153ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle
02019L1153 — GA — 09.07.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
TREOIR (AE) 2019/1153Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186 11.7.2019, lch. 122) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
TREOIR (AE) 2024/1654 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2024 |
L 1654 |
1 |
19.6.2024 |
|
Arna ceartú le:
TREOIR (AE) 2019/1153Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2019
lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Treoir seo leagtar síos na bearta seo a leanas:
bearta chun éascú a dhéanamh ar an rochtain agus ar an úsáid atá ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis cuntas bainc le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
bearta chun éascú a dhéanamh ar an rochtain atá ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí le haghaidh sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, agus bearta chun éascú a dhéanamh ar an gcomhar idir AFAnna; agus
bearta teicniúla chun éascú a dhéanamh ar an úsáid atá ag na húdaráis inniúla ar thaifid idirbheart le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
Ní dochar an Treoir seo do na nithe seo a leanas:
Treoir (AE) 2015/849 agus forálacha gaolmhara an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an stádas eagraíochtúil a thugtar do AFAnna faoin dlí náisiúnta mar aon le neamhspleáchas oibríochtúil agus uathriail na nAonad sin;
bealaí chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis inniúla nó cumhachtaí na n-údarás inniúil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta chun faisnéis a fháil ó eintitis atá faoi oibleagáid;
Rialachán (AE) 2016/794;
na hoibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí de chuid an Aontais ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le hábhair choiriúla agus as Cinneadh Réime 2006/960/JHA;
nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta faoinar féidir le húdaráis atá inniúil ar chionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh a cheangal ar institiúidí airgeadais agus institiúidí creidmheasa taifid idirbheart a sholáthar, lena n-áirítear teorainneacha ama chun taifid idirbheart a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “clárlanna láraithe cuntas bainc” na sásraí láraithe uathoibrithe, amhail clárlanna lárnacha nó córais lárnacha leictreonacha aisghabhála sonraí, arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 32a(1) de Threoir (AE) 2015/849;
ciallaíonn “Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní” na hoifigí náisiúnta arna gcur ar bun nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát de bhun Chinneadh 2007/845/CGB;
ciallaíonn “Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (‘AFA’)” AFA arna bhunú de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/849;
ciallaíonn “eintitis atá faoi oibleagáid” na heintitis a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849;
ciallaíonn “faisnéis airgeadais” aon chineál faisnéise nó sonraí, amhail sonraí maidir le sócmhainní airgeadais, gluaiseachtaí cistí nó gaolmhaireachtaí gnó airgeadais, a choimeádann AFAnna cheana féin chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac go héifeachtach;
ciallaíonn “faisnéis forfheidhmithe dlí”:
aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann na húdaráis inniúla cheana féin i dtaca le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
aon chineál faisnéise nó sonraí a choimeádann na húdaráis phoiblí nó eintitis phríobháideacha i gcomhthéacs cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus atá ar fáil do na húdaráis inniúla gan bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta;
féadfar a áireamh san fhaisnéis sin, inter alia, taifid choiriúla, faisnéis i ndáil le himscrúduithe, faisnéis i ndáil le ►C1 reo ◄ nó urghabháil sócmhainní nó i ndáil le bearta imscrúdaitheacha nó sealadacha eile agus faisnéis maidir le ciontuithe agus coigistithe;
ciallaíonn “faisnéis cuntas bainc” an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Threoir 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “taifid idirbheart” mionsonraí na n-oibríochtaí a rinneadh le linn tréimhse shainithe trí chuntas íocaíochta sonraithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), nó cuntas bainc arna shainaithint le IBAN, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), den Rialachán sin, nó mionsonraí na n-aistrithe cripteashócmhainní, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/1624;
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní” soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
ciallaíonn “sciúradh airgid” an t-iompar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
ciallaíonn “cionta preideacáide gaolmhara” na cionta dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1673;
ciallaíonn “maoiniú na sceimhlitheoireachta” an t-iompar a shainmhínítear in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );
ciallaíonn “anailís airgeadais” torthaí na hanailíse oibríochtúla agus straitéisí arna déanamh cheana féin ag AFAnna chun a gcúraimí de bhun Threoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh;
ciallaíonn “cionta coiriúla tromchúiseacha” na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794.
Airteagal 3
Údaráis inniúla a ainmniú
CAIBIDIL II
ROCHTAIN AG ÚDARÁIS INNIÚLA AR FHAISNÉIS CUNTAS BAINC AGUS FORMÁID NA dTAIFEAD IDIRBHEART
Airteagal 4
Rochtain agus cuardaigh ag údaráis inniúla ar fhaisnéis cuntas bainc
Féadfaidh Ballstát teorainn a chur leis an gcumhacht faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach trí CICCB do chásanna ina bhfuil cúiseanna cuí-réasúnaithe ag a údaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(1) lena chreidiúint go bhféadfadh faisnéis ábhartha cuntas bainc a bheith i mBallstáit eile.
Gan dochar d’Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680, ní phróiseálfar faisnéis cuntas bainc a fhaightear trí CICCB a rochtain agus a chuardach ach amháin chun na críche ar bailíodh í.
Measfar rochtain agus cuardaigh de bhun na míre seo a bheith díreach agus láithreach, inter alia, i gcás ina dtarchuireann na húdaráis náisiúnta a oibríonn na clárlanna láraithe cuntas bainc an fhaisnéis cuntas bainc chuig údaráis inniúla go mear trí shásra uathoibrithe, ar choinníoll nach mbeidh aon institiúid idirmheánach in ann cur isteach ar na sonraí a iarradh ná ar an bhfaisnéis atá le soláthar.
Airteagal 5
Coinníollacha don rochtain agus do na cuardaigh ag údaráis inniúla
Airteagal 6
Faireachán a dhéanamh ar rochtain agus ar chuardaigh ag údaráis inniúla
an tagairt comhaid náisiúnta;
dáta agus am an fhiosraithe nó an chuardaigh;
an cineál sonraí a úsáideadh chun an fiosrú nó an cuardach a sheoladh;
sainaitheantóir uathúil na dtorthaí;
ainm an údaráis inniúil ainmnithe a bhreathnaigh ar an gclárlann;
sainaitheantóir uathúil úsáideora an oifigigh a rinne an fiosrú nó an cuardach agus, i gcás inarb infheidhme, an oifigigh a d’ordaigh an fiosrú nó an cuardach agus, a mhéid is féidir, sainaitheantóir uathúil úsáideora fhaighteoir na dtorthaí nó an fhiosraithe nó an chuardaigh.
Airteagal 6a
Taifid idirbheart
CAIBIDIL III
MALARTÚ FAISNÉISE IDIR ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS AFAnna AGUS IDIR AFAnna
Airteagal 7
Iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh ag údaráis inniúla chuig AFA
Airteagal 8
Iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh ag AFA chuig údaráis inniúla
Faoi réir coimircí nós imeachta náisiúnta agus i dteannta na rochtana ar fhaisnéis ag AFAnna, dá bhforáiltear in Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2015/849, áiritheoidh gach Ballstát go gceanglófar ar a údaráis inniúla ainmnithe freagra a thabhairt, ar bhealach tráthúil, ar iarrataí ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí arna ndéanamh ag AFA i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin riachtanach, ar bhonn cáis, chun sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a chomhrac.
Airteagal 9
Malartú faisnéise idir AFAnna de chuid Ballstát éagsúil
Airteagal 10
Malartú faisnéise idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil
Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú nach mbainfidh a n-údarás inniúla ainmnithe úsáid as an bhfaisnéis airgeadais ná as an anailís airgeadais a mhalartaítear de bhun an Airteagail seo ach chun na críche ar iarradh nó ar soláthraíodh í.
Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh aon scaipeadh faisnéise airgeadais nó anailíse airgeadais a fuair na húdaráis inniúla ainmnithe ó AFA an Bhallstáit sin ar aon údarás, gníomhaireacht nó roinn eile nó aon úsáid eile den fhaisnéis sin chun críocha thar a formheasadh ar dtús, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón AFA a sholáthraíonn an fhaisnéis.
CAIBIDIL IV
MALARTÚ FAISNÉISE LE EUROPOL
Airteagal 11
Faisnéis cuntas bainc a sholáthar do Europol
Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a údaráis inniúla i dteideal freagra a thabhairt, trí Aonad Náisiúnta Europol nó, má cheadaíonn an Ballstát sin é, trí theagmháil dhíreach le Europol, ar iarrataí a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le faisnéis cuntas bainc arna ndéanamh ag Europol ar bhonn cáis laistigh de theorainneacha a fhreagrachtaí agus chun a chúraimí a chomhlíonadh. Beidh feidhm ag Airteagal 7(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2016/794.
Airteagal 12
Malartú faisnéise idir Europol agus AFAnna
Airteagal 13
Socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na malartuithe faisnéise go leictreonach de bhun Airteagail 11 agus 12 den Treoir seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 trí na nithe seo a leanas:
SIENA nó trína chomharba, sa teanga is infheidhme maidir le SIENA; nó
i gcás inarb infheidhme, trí FIU.Net nó trína chomharba.
Airteagal 14
Ceanglais cosanta sonraí
CAIBIDIL V
FORÁLACHA BREISE A BHAINEANN LE PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
Airteagal 15
Raon Feidhme
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le húdaráis inniúla ainmnithe agus AFAnna ach amháin maidir le malartú faisnéise de bhun Chaibidil III agus i ndáil le faisnéis airgeadais agus anailís airgeadais a bhaineann le haonaid náisiúnta Europol a mhalartú de bhun Chaibidil IV.
Airteagal 16
Sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil
Airteagal 17
Taifid ar iarrataí faisnéise
Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar taifid a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis de bhun na Treorach seo. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna taifid sin:
ainm agus sonraí teagmhála na heagraíochta agus an bhaill foirne a d’iarr an fhaisnéis agus, a mhéid is féidir, faighteoir thorthaí an fhiosraithe nó an chuardaigh;
an tagairt don chás náisiúnta ar ina leith a iarradh an fhaisnéis;
ábhar na n-iarrataí; agus
aon bhearta a rinneadh chun na hiarrataí sin a chur i gcrích.
Coinneofar na taifid ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis a gcruthaithe agus ní úsáidfear iad ach amháin chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a sheiceáil. Cuirfidh na húdaráis lena mbaineann gach taifead ar fáil don údarás maoirseachta náisiúnta arna iarraidh sin dó.
Airteagal 18
Srianta ar chearta na n-ábhar sonraí
Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena gcuirfear srian, go hiomlán nó go páirteach, ar cheart ábhar sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáiltear faoin Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 15(1) de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 19
Faireachán
Leagfar amach sa chlár sin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus fianaise riachtanach eile agus na heatraimh ag a ndéanfar amhlaidh. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.
Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí agus fianaise eile atá riachtanach le haghaidh an fhaireacháin.
In aon chás, áireofar an fhaisnéis seo a leanas leis na staitisticí dá dtagraítear i mír 1:
an líon cuardach a rinne údaráis inniúla ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 4;
sonraí lena dtomhaistear an líon iarrataí a d’eisigh gach údarás faoin Treoir seo, an ghníomhaíocht a rinneadh de bhun na n-iarrataí sin, an líon cásanna a imscrúdaíodh agus an líon daoine a ionchúisíodh, an líon daoine a ciontaíodh i gcionta coiriúla tromchúiseacha, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil;
sonraí lena dtomhaistear an t-am a thógann sé ar údarás freagra a thabhairt ar iarraidh tar éis an iarraidh a fháil;
má tá siad ar fáil, sonraí lena dtomhaistear costas na n-acmhainní daonna nó na n-acmhainní teicneolaíochta faisnéise atá dírithe ar iarrataí intíre agus trasteorann a thagann faoin Treoir seo.
Airteagal 20
An gaol le hionstraimí eile
Más rud é, laistigh de 2 mhí tar éis dó fógra a fháil go bhfuil rún ag Ballstát dul i mbun caibidlíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go dtagann an Coimisiún ar an tátal gur dócha go mbainfeadh an chaibidlíocht an bonn de bheartais ábhartha an Aontais nó go dtiocfadh comhaontú as nach luíonn le dlí an Aontais, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas dá réir.
Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go rialta faoi aon chaibidlíocht den sórt sin agus, i gcás inarb infheidhme, iarrfaidh siad ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.
Údarófar dó na Ballstáit comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm go sealadach nó a thabhairt i gcrích, ar choinníoll iad a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais, agus nach ndéantar díobháil do chuspóir agus críoch bheartais ábhartha an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún cinntí den sórt sin maidir le húdarú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22.
Airteagal 21
Meastóireacht
Airteagal 22
Nós imeachta coiste
Airteagal 23
Trasuí
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Lúnasa 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir an méid sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a dhéanfaidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh a leagan síos.
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 24
Aisghairm Chinneadh 2000/642/CGB
Déantar Cinneadh 2000/642/CGB a aisghairm le héifeacht ón 1 Lúnasa 2021..
Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 26
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
( 1 ) Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).
( 3 ) Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).
( 5 ) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40.).
( 6 ) Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22).
( 7 ) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
( 8 ) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).