EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02018R0841-20210314

Consolidated text: Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/2021-03-14

02018R0841 — GA — 14.03.2021 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 156 19.6.2018, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/268 ÓN gCOIMISIÚN an 28 Deireadh Fómhair 2020

  L 60

21

22.2.2021




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo gealltanais na mBallstát d’earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (“LULUCF”) a rannchuidíonn le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le sprioc an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach don tréimhse ó 2021 go 2030. Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin na rialacha maidir le cuntasaíocht astaíochtaí agus aistrithe ó LULUCF agus maidir le seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas sin i measc na mBallstát.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  

Baineann an Rialachán seo le hastaíochtaí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus a tharlaíonn in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún seo a leanas ar chríocha na mBallstát:

(a) 

Le linn na dtréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030:

(i)

“talamh foraoisithe” : úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile, atá tiontaithe go talamh foraoise;

(ii)

“talamh dífhoraoisithe” : úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a tiontaíodh go talamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile;

(iii)

“talamh curaíochta bainistithe” :

úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

— 
talamh curaíochta a fhanann mar thalamh curaíochta,
— 
féarthalamh, bogach, lonnaíocht nó talamh eile a tiontaíodh go talamh curaíochta, nó
— 
talamh curaíochta a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;

(iv)

“féarthalamh bainistithe” :

úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

— 
féarthalamh a fhanann mar fhéarthalamh,
— 
talamh curaíochta, bogach, lonnaíocht nó talamh eile a tiontaíodh go féarthalamh, nó
— 
féarthalamh a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;

(v)

“talamh bainistithe foraoise” : úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise;

(b) 

Amhail ó 2026: “bogach bainistithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

— 
bogach a fhanann mar bhogach,
— 
lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go bogach, nó
— 
bogach a tiontaíodh go lonnaíocht nó talamh eile.
2.  
Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát a chur san áireamh i raon feidhme a ghealltanais de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo astaíochtaí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a thuairiscítear de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, agus a tharlaíonn sa chatagóir chuntasaíochta talún ar a dtugtar bogach bainistithe ar a chríoch. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hastaíochtaí agus aistrithe den sórt sin a chuireann Ballstát san áireamh.
3.  
I gcás ina mbeidh rún ag Ballstát, de bhun mhír 2, bogach bainistithe a chur san áireamh i raon fheidhme a ghealltanais, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina rún faoin 31 Nollaig 2020.
4.  
Más gá, i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm Mhionchoigeartú IPCC ar Threoirlínte IPCC 2006, féadfaidh an Coimisiún togra a dhéanamh chun an chuntasaíocht éigeantach do bhogach bainistithe a chur ar atráth ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “linn” aon phróiseas, gníomhaíocht nó sásra lena n-aistrítear gás ceaptha teasa, aerasól, nó réamhtheachtaí gáis ceaptha teasa ón atmaisféar;

(2) 

ciallaíonn “foinse” aon phróiseas, gníomhaíocht nó sásra lena scaoiltear gás ceaptha teasa, aerasól, nó réamhtheachtaí gáis ceaptha teasa isteach san atmaisféar;

(3) 

ciallaíonn “linn charbóin” iomlán gné bithgheoiceimicí nó córais bhithgheoiceimicigh, nó cuid de ghné nó de chóras den sórt sin, laistigh de chríoch Ballstáit agus ina stóráiltear carbón, aon réamhtheachtaí gáis cheaptha teasa, nó aon ghás ceaptha teasa ina bhfuil carbón;

(4) 

ciallaíonn “stoc carbóin” mais an charbóin atá stóráilte i linn charbóin;

(5) 

ciallaíonn “táirge adhmaid lománaithe” aon táirge ó lománaíocht adhmaid a d’fhág suíomh ina lománaítear adhmad;

(6) 

ciallaíonn “foraois” limistéar talún atá sainithe ag na híosluachanna le haghaidh mhéid an limistéir, le haghaidh chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach, agus le haghaidh an airde a d’fhéadfadh a bheith ag na crainn agus iad aibí san áit ina bhfuil siad ag fás mar a shonraítear do gach Ballstát in Iarscríbhinn II. Cuimsítear leis limistéir ina bhfuil crainn, lena n-áirítear grúpaí de chrainn óga nádúrtha atá ag fás, nó plandálacha nach bhfuil na híosluachanna do chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach nó íos-airde na gcrann mar a shonraítear in Iarscríbhinn II bainte amach acu fós, lena n-áirítear aon limistéar ar cuid den limistéar foraoise é de ghnáth ach nach bhfuil aon chrann ann go sealadach mar thoradh ar idirghabháil dhaonna, amhail lománú, nó mar thoradh ar chúiseanna nádúrtha, ach ar féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh sé foraois arís;

(7) 

ciallaíonn “leibhéal tagartha foraoise” meastachán, arna shloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana, ar na glan-astaíochtaí nó glan-aistrithe bliantúla ar an meán atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe laistigh de chríoch Ballstáit sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo;

(8) 

ciallaíonn “luach leathré” líon na mblianta a thógtar chun méid an charbóin atá stóráilte i gcatagóir táirgí adhmaid lománaithe a laghdú go dtí leath dá luach tosaigh;

(9) 

ciallaíonn “suaitheadh nádúrtha” aon teagmhas neamh-antrapaigineach nó aon imthosca neamh-antrapaigineacha lena gcruthaítear astaíochtaí móra i bhforaoisí agus nach bhfuil smacht ag an mBallstát ábhartha orthu, agus nach bhfuil sé ar chumas an Bhallstáit go hoibiachtúil a n-éifeachtaí ar astaíochtaí a theorannú go suntasach, fiú tar éis dóibh tarlú;

(10) 

ciallaíonn “ocsaídiú ar an toirt” an modh cuntasaíochta ar dá réir a nglactar leis go scaoiltear isteach san atmaisféar tráth an lománaithe cainníocht iomlán an charbóin atá stóráilte i dtáirgí adhmaid lománaithe.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun na sainmhínithe atá i mír 1 den Airteagal seo a leasú nó a scriosadh, nó sainmhínithe nua a chur léi, chun an mhír sin a chur in oiriúint d’fhorbairtí eolaíochta nó do dhul chun cinn teicniúil agus chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht idir na sainmhínithe sin agus aon athruithe ar na sainmhínithe ábhartha i dTreoirlínte IPCC faoi mar a glacadh iad ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras.

Airteagal 4

Gealltanais

Do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, agus an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 á cur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát nach mó na hastaíochtaí ná na haistrithe, arna ríomh mar shuim na n-astaíochtaí iomlána agus na n-aistrithe iomlána ar a chríoch sna catagóirí cuntasaíochta talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2 le chéile, de réir an chuntais i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Rialacha ginearálta cuntasaíochta

1.  
Ullmhóidh agus coinneoidh gach Ballstát cuntas a léiríonn go cruinn na hastaíochtaí agus na haistrithe a bhíonn ann mar thoradh ar na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid cuntas agus a gcuid sonraí eile a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo cruinn, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus trédhearcach. Úsáidfidh na Ballstáit comhartha dearfach (+) le seasamh d’astaíochtaí agus comhartha diúltach (-) le seasamh d’aistrithe.
2.  
Cuirfidh Ballstáit cosc ar aon áireamh dúbailte i leith astaíochtaí agus aistrithe, go háirithe trína áirithiú nach ndéanfar astaíochtaí ná aistrithe a áireamh faoi níos mó ná catagóir cuntasaíochta talún amháin.
3.  
Nuair a thiontaítear úsáid talún, déanfaidh Ballstáit, 20 bliain tar éis dáta an tiontaithe sin, catagóiriú talamh foraoise, talamh curaíochta, féarthalamh, bogach, lonnaíochtaí agus talamh eile ón gcatagóir talún den sórt sin a tiontaíodh go talamh de chineál eile chuig an gcatagóir talún den sórt sin a fhanann mar an cineál céanna talún.
4.  
Cuirfidh na Ballstáit san áireamh sna cuntais atá acu do gach catagóir cuntasaíochta talún aon athrú ar stoc carbóin na linnte carbóin atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan athruithe sna stoic charbóin a chur san áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh linnte carbóin ar choinníoll nach bhfuil an linn charbóin ina foinse. Mar sin féin, níl feidhm le bheith ag an rogha sin gan athruithe i stoic charbóin a chur san áireamh sna cuntais i dtaca le linnte carbóin bith-mhaise os cionn na talún, brosna agus táirgí adhmaid lománaithe, sa chatagóir cuntasaíochta talún arb é atá ann talamh foraoise bainistithe.
5.  
Coinneoidh na Ballstáit taifead iomlán agus cruinn ar na sonraí ar fad a úsáidtear agus a gcuntais á n-ullmhú acu.
6.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn I a leasú chun na hathruithe i dTreoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras a léiriú.

Airteagal 6

Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoisithe agus ar thalamh dífhoraoisithe

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoisithe agus talamh dífhoraoisithe, arb iad na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána do gach ceann de na blianta sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030.
2.  
De mhaolú ar Airteagal 5(3), i gcás ina ndéantar úsáid talún a thiontú ó thalamh curaíochta, féarthalamh, bogach, lonnaíochtaí nó talamh eile ina talamh foraoise, féadfaidh Ballstát catagóiriú talún den sórt sin ó thalamh a tiontaíodh ina talamh foraoise go dtí talamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise a athrú, 30 bliain tar éis dháta an tiontaithe sin, má tá údar cuí leis sin ar bhonn Threoirlínte IPCC.
3.  
Agus astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoisithe agus talamh dífhoraoisithe á ríomh, cinnfidh gach Ballstát an limistéar foraoise trí úsáid a bhaint as na paraiméadair atá sonraithe in Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Cuntas a thabhairt ar thalamh curaíochta bainistithe, féarthalamh bainistithe agus bogach bainistithe

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.
2.  
Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.
3.  
Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, déanfaidh gach Ballstát a chuireann bogach bainistithe san áireamh i raon feidhme a ghealltanais de bhun Airteagal 2(2), agus le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, déanfaidh na Ballstáit uile, cuntas a thabhairt ar astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí faoi seach lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.
4.  

Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, na Ballstáit sin a roghnóidh gan bogach bainistithe a chur san áireamh i raon feidhme a ngealltanas de bhun Airteagal 2(2), déanfaidh siad, mar sin féin, tuarascáil a thabhairt don Choimisiún ar na hastaíochtaí agus ar na haistrithe ó úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:

(a) 

bogach a fhanann mar bhogach,

(b) 

lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go bogach, nó

(c) 

bogach a tiontaíodh go lonnaíocht nó talamh eile.

Airteagal 8

Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoise bainistithe

1.  
Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit lena mbaineann a iolrú faoi chúig.
2.  
I gcás ina bhfuil toradh na ríofa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo diúltach i dtaca le leibhéal tagartha foraoise de chuid Ballstáit, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, glan-aistrithe iomlána nach mó ná coibhéis 3,5 % d’astaíochtaí an Bhallstáit sin ina bhonnbhliain nó ina bhonntréimhse arna sonrú in Iarscríbhinn III, arna iolrú faoi chúig, a chur san áireamh ina chuntais ar thalamh foraoise bainistithe. Glanaistrithe a eascraíonn ó linnte carbóin na dtáirgí brosna agus adhmaid lománaithe, cé is moite den chatagóir pháipéir dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), i gcatagóir cuntasaíochta talún na talún foraoise bainistithe, ní bheidh na glanaistrithe sin faoi réir an teorannaithe sin.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit a bplean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, ina mbeidh an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2018 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2023 don tréimhse ó 2026 go 2030. Sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, beidh gach ceann de na míreanna atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn IV agus cuirfear ar fáil don phobal é, lena n-áirítear tríd an idirlíon.
4.  
Cinnfidh na Ballstáit a leibhéal tagartha foraoise nua féin bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV. I gcás na Cróite, féadfar a chur san áireamh freisin, ina leibhéal tagartha foraoise, sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV, áitiú a críche, agus imthosca cogaidh agus iarchogaidh a raibh tionchar acu ar bhainistiú foraoise i rith na tréimhse tagartha.
5.  
Bunófar an leibhéal tagartha foraoise ar leanúint ar aghaidh leis an gcleachtas atá ann faoi láthair maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, mar atá doiciméadaithe sa tréimhse ó 2000 go 2009 ag féachaint do thréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois i bhforaoisí náisiúnta, agus leas á bhaint as na sonraí is fearr a bhíonn ar fáil.

Leis na leibhéil tagartha foraoise, mar a chinnfear iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfear san áireamh an tionchar a bheidh amach anseo ag saintréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois ionas nach gcuirfear srian míchuí ar an déine bainistíochta foraoise mar chroíghné den chleachtas bainistithe inbhuanaithe foraoise, agus é mar aidhm linnte carbóin fadtéarmacha a chothabháil nó a neartú.

Léireoidh na Ballstáit comhsheasmhacht idir na modhanna agus na sonraí a úsáidtear chun an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe a chinneadh sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta agus iad sin a úsáidtear sa tuairisciú don talamh foraoise bainistithe.

6.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le saineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit, measúnú teicniúil ar na tuarascálacha cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid ar cinneadh na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na ceanglais a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 5(1). Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta freisin. Foilseoidh an Coimisiún achoimre ar an obair atá déanta, lena n-áirítear na tuairimí a chuir na saineolaithe a cheap na Ballstáit in iúl, chomh maith leis na conclúidí a ghabhann leis sin.

Eiseoidh an Coimisiún, más gá, moltaí teicniúla do na Ballstáit ina léireofar conclúidí an mheasúnaithe theicniúil le gur féidir an t-athbhreithniú teicniúil a dhéanamh ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe. Foilseoidh an Coimisiún na moltaí teicniúla sin.

7.  
I gcás inar gá, bunaithe ar na measúnuithe teicniúla agus, i gcás inarb iomchuí, ar na moltaí teicniúla, cuirfidh na Ballstáit a leibhéil tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2024 don tréimhse ó 2026 go 2030. Foilseoidh an Coimisiún na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a chuirfidh na Ballstáit in iúl dó.
8.  
Bunaithe ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a thíolacfaidh na Ballstáit, ar an measúnú teicniúil a dhéanfar de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe a thíolacfar faoi mhír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun go leagfar síos na leibhéil tagartha foraoise a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030.
9.  
Mura gcuireann Ballstát a leibhéal tagartha foraoise faoi bhráid an Choimisiúin faoi na dátaí a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo agus, más infheidhme, i mír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Airteagal IV chun go leagfar síos an leibhéal tagartha foraoise a chuirfidh an Ballstát sin i bhfeidhm don tréimhse ó 2021 go 2025 nó don tréimhse ó 2026 go 2030, bunaithe ar aon mheasúnú teicniúil arna dhéanamh de bhun mhír 6 den Airteagal seo.
10.  
Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír8 agus mír 9 faoin 31 Deireadh Fómhair 2020 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Aibreán 2025 don tréimhse ó 2026 go 2030.
11.  
Chun comhsheasmhacht, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, ceartúcháin theicniúla, nach n-éilítear leasuithe ar na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 8 nó 9 den Airteagal seo roimhe seo leo, faoi bhráid an Choimisiúin, faoi na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

Airteagal 9

Cuntasaíocht le haghaidh táirgí adhmaid lománaithe

1.  

I gcomhréir leis na cuntais a sholáthraítear de bhun Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(1) a bhaineann le táirgí adhmaid lománaithe, léireoidh Ballstáit astaíochtaí agus aistrithe mar thoradh ar linn charbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe a thagann laistigh de na catagóirí seo a leanas ag baint úsáid as an bhfeidhm lobhadh chéad ord, na modheolaíochtaí agus na luachanna leathré mainneachtana a shonraítear in Iarscríbhinn V:

(a) 

páipéar;

(b) 

painéil adhmaid;

(c) 

adhmad sáfa.

2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí adhmaid lománaithe a chur isteach a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit na táirgí atá bunaithe ar ábhar adhmaid, lena n-áirítear coirt, a shonrú a thagann laistigh de na catagóirí atá ann cheana agus de na catagóirí nua dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, faoi seach, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus ar choinníoll go mbeidh na sonraí a bheidh ar fáil trédhearcach agus infhíoraithe.

Airteagal 10

Cuntasaíocht maidir le suaitheadh nádúrtha

1.  
Ag deireadh gach ceann de na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, féadfaidh Ballstáit gan astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar shuaitheadh nádúrtha agus a sháraíonn na meán-astaíochtaí arna gcruthú ag suaitheadh nádúrtha sa tréimhse ó 2001 go 2020, ná asluitigh staidrimh (“leibhéal cúlra”), a áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe. Ríomhfar an leibhéal cúlra sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinn VI.
2.  

I gcás ina gcuirfidh Ballstát mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid a leanas:

(a) 

cuirfidh sé faisnéis faoin leibhéal cúlra do na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáideadh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI faoi bhráid an Choimisiúin; agus

(b) 

ní áireoidh sé gach aistriú ina dhiaidh sin ar an talamh a raibh tionchar ag suaitheadh nádúrtha air sa chuntasaíocht go dtí 2030.

3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar na ceanglais faisnéise atá san Iarscríbhinn sin, chun na hathruithe i dTreoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras a léiriú.

Airteagal 11

Solúbthachtaí

1.  

Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as:

(a) 

na solúbthachtaí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 12; agus

(b) 

chun an ceanglas in Airteagal 4 a chomhlíonadh, an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a leagtar amach in Airteagal 13.

2.  
Mura bhfuil na ceanglais maidir le faireachán a leagtar síos i bpointe (da) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 á gcomhlíonadh ag Ballstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe faoi Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE (“an Riarthóir Lárnach”) toirmeasc sealadach ar an mBallstát sin aistriú nó cur i dtaisce a dhéanamh de bhun Airteagal 12(2) agus (3) den Rialachán seo nó leas a bhaint as an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo.

Airteagal 12

Solúbthachtaí ginearálta

1.  
I gcás inar mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát, agus gur roghnaigh an Ballstát sin a sholúbthacht a úsáid, agus gur iarr sé na leithdháiltí bliantúla astaíochta faoi Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh, cuirfear chainníocht na leithdháiltí bliantúla astaíochta a scriosadh san áireamh i dtaca lena ghealltanas a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.
2.  
Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát agus tar éis aon chainníocht arna cur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842, féadfaidh an Ballstát sin an chainníocht atá fágtha a aistriú chuig Ballstát eile. Cuirfear an chainníocht arna haistriú san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar a ghealltanas a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát a fhaigheann í de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.
3.  
Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát sa tréimhse ó 2021 go 2025, agus tar éis aon chainníocht arna cur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842 a dhealú nó arna haistriú chuig Ballstát eile de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát sin taisce a dhéanamh den chainníocht atá fágtha don tréimhse ó 2026 go 2030.
4.  
Chun an t-áireamh dúbailte a sheachaint, déanfar cainníocht na nglan-aistrithe arna gcur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842 a dhealú ón gcainníocht atá ar fáil ag an mBallstát sin le haistriú chuig Ballstát eile nó le taisce a dhéanamh di de bhun mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 13

Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe

1.  
I gcás gur mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2, a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo maidir le talamh foraoise bainistithe chun Airteagal 4 a chomhlíonadh.
2.  

I gcás inar figiúr dearfach a bheidh ar an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí sin a chúiteamh ar an gcoinníoll:

(a) 

gur áirigh an Ballstát bearta sonracha pleanáilte, atá á ndéanamh faoi láthair nó atá beartaithe, ina straitéis, a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na humair foraoise; agus

(b) 

nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo don tréimhse a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát an cúiteamh a úsáid ina leith. Agus measúnú á dhéanamh aige an mó iomlán na n-astaíochtaí ná iomlán na n-aistrithe laistigh den Aontas, áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/842. á bhfeidhmiú.

3.  

Maidir leis an méid cúitimh, ní fhéadfaidh an Ballstát lena mbaineann cúiteamh a dhéanamh ach amháin:

(a) 

i gcás linnte ar a dtugtar cuntas mar astaíochtaí in aghaidh a leibhéil tagartha foraoise; agus

(b) 

suas go dtí an méid uasta cúitimh don Bhallstát sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse ó 2021 go 2030 agus go dtí an méid sin amháin.

4.  
Féadfaidh an Fhionlainn astaíochtaí arb ionann agus 10 milliún tona de choibhéis CO2 a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a liostaítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.

Airteagal 14

Comhlíonadh a sheiceáil

1.  
Faoin 15 Márta 2027 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 15 Márta 2032 don tréimhse ó 2026 go 2030, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe iomlána don tréimhse ábhartha ar gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún a shonraítear in Airteagal 2, ag úsáid na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo.

I gcás inarb iomchuí, beidh i dtuarascáil den sórt sin freisin sonraí faoin rún atá ann na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na méideanna gaolmhara a úsáid nó faoi úsáid solúbthachtaí agus méideanna gaolmhara den sórt sin.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na tuarascálacha ar chomhlíonadh, a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo chun críocha measúnaithe ar chomhlíonadh le hAirteagal 4.
3.  
Ullmhóidh an Coimisiún in 2027 tuarascáil, don tréimhse ó 2021 go 2025, agus in 2032, don tréimhse ó 2026 go 2030, ar astaíochtaí iomlána agus aistrithe iomlána gás ceaptha teasa an Aontais i gcás gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2 arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe iomlána don tréimhse lúide an luach a fhaightear trí astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe bliantúla an Aontais ar an meán sa tréimhse ó 2000 go 2009 a iolrú faoi chúig.
4.  
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún chun an creat maidir le faireachán agus comhlíonadh dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur chun feidhme, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.

Airteagal 15

Clárlann

1.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na rialacha a leagan síos maidir le taifead a choinneáil ar chainníocht na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe do gach catagóir cuntasaíochta talún i ngach Ballstát agus chun a áirithiú gur cuntasaíocht chruinn a bheidh á déanamh agus an tsolúbthacht á feidhmiú de bhun Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo trí Chlárlann an Aontais a bunaíodh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.
2.  
Déanfaidh an Riarthóir Lárnach seiceáil uathoibrithe ar gach idirbheart faoin Rialachán seo agus, más gá, cuirfidh sé cosc ar idirbhearta chun a áirithiú nach mbíonn aon neamhrialtachtaí ann.
3.  
Beidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6.  
Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach i gcás nach mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Athbhreithniú

1.  
Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, agus, inter alia, forbairtí idirnáisiúnta agus na hiarrachtaí a dhéantar le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras á gcur san áireamh.

Bunaithe ar na torthaí ón tuarascáil a ullmhaítear de bhun Airteagal 14(3) agus ar an toradh a bheidh ar an measúnú a dhéanfar de bhun phointe (b) d’Airteagal 13(2), déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, moltaí chun a áirithiú go n-urramófar sláine sprioc fhoriomlán an Aontais do 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a rannchuidiú le spriocanna Chomhaontú Pháras.

2.  
Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 6 mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú ar thionchair na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, chomh maith le rannchuidiú an Rialacháin seo le gnóthú sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas, lena n-áirítear creat iar-2030, ag féachaint don mhéadú is gá a dhéanamh ar laghduithe agus aistrithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas, agus déanfaidh sé tograí más iomchuí.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(da) 

amhail ó 2023, a n-astaíochtaí agus a n-aistrithe arna gcumhdach faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) 

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Féadfaidh Ballstát a iarraidh go ndeonófar maolú ó phointe (da) den chéad fhomhír chun modheolaíocht eile seachas an ceann a shonraítear in Iarscríbhinn IIIa a chur i bhfeidhm dó i gcás nach bhféadfar an feabhas ar an modheolaíocht atá de dhíth a bhaint amach in am chun an feabhsú a chur san áireamh sna fardail ar gháis cheaptha teasa don tréimhse ó 2021 go 2030, nó i gcás go mbeadh costas díréireach ard ag baint leis an bhfeabhsú ar an modheolaíocht i gcomparáid le modheolaíocht den sórt sin a chur i bhfeidhm chun an cuntas a thugtar ar astaíochtaí agus ar aistrithe a fheabhsú i ngeall ar an tábhacht íseal atá ag na hastaíochtaí agus aistrithe ó na linnte carbóin lena mbaineann. Cuirfidh Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an maolú seo iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020, ina dtabharfar an amlíne le fios don uair a fhéadfar an feabhas ar an modheolaíocht agus/nó an mhodheolaíocht mhalartach atá beartaithe a chur chun feidhme, maille le measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith i gceist i dtaca le cruinneas na cuntasaíochta. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de thréimhse ama réasúnta shonraithe. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, deonóidh sé an maolú. Má dhiúltaíonn an Coimisiún don iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún na cúiseanna a bhí lena chinneadh.”.

(2) 

I bpointe (c) d’Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(viii) 

amhail ó 2023, faisnéis faoi bheartais náisiúnta agus faoi bhearta náisiúnta a cuireadh chun feidhme chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus faisnéis faoi bheartais náisiúnta bhreise agus bearta náisiúnta breise atá pleanáilte d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú, nó linnte a fheabhsú, sa bhreis ar a ngealltanais faoin Rialacháin sin;”.

(3) 

In Airteagal 14(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba) 

amhail ó 2023, réamh-mheastacháin ar gháis cheaptha teasa iomlána agus meastacháin ar leithligh do na hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá réamh-mheasta a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2018/841”.

(4) 

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:






“IARSCRÍBHINN IIIA
Modheolaíochtaí don fhaireachán agus don tuairisciú dá dtagraítear i bpointe (da) d’Airteagal 7(1)
Cur chuige 3: Sonraí ar thiontuithe úsáide talún bunaithe go sainráite ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.
Modheolaíochtaí Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.
I gcás astaíochtaí agus aistrithe do linn charbóin arb ionann í agus 25-30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linnte a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre de gháis cheaptha teasa i dtéarmaí dearbh-leibhéal astaíochtaí agus aistrithe, an treocht maidir le hastaíochtaí nó le haistrithe, nó an neamhchinnteacht sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.
Moltar do na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.”.

Airteagal 19

Leasú ar Chinneadh Uimh. 529/2013/AE

Leasaítear Cinneadh Uimh. 529/2013/AE mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 3(2), scriostar an chéad fhomhír.

(2) 

In Airteagal 6, scriostar mír 4.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

GÁIS CHEAPTHA TEASA AGUS LINNTE CARBÓIN

A. 

Gáis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2:

(a) 

dé-ocsaíd charbóin (CO2);

(b) 

meatán (CH4);

(c) 

ocsaíd nítriúil (N2O)

Maidir leis na gáis cheaptha teasa sin, déanfar iad a shloinneadh i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 agus déanfar iad a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

B. 

Linnte carbóin dá dtagraítear in Airteagal 5(4):

(a) 

bithmhais os cionn na talún;

(b) 

bithmhais faoin talamh;

(c) 

bruscar;

(d) 

brosna;

(e) 

carbón orgánach ithreach;

(f) 

táirgí adhmaid lománaithe i gcatagóirí cuntasaíochta talún de talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe.




IARSCRÍBHINN II



ÍOSLUACHANNA LE hAGHAIDH MHÉID AN LIMISTÉIR, CUMHDACH MHULLAÍ NA gCRANN AGUS AIRDE CRANN

An Ballstát

Limistéar (ha)

Cumhdach Mhullaí na gCrann (%)

Airde Crann (m)

An Bheilg

0,5

20

5

An Bhulgáir

0,1

10

5

Poblacht na Seice

0,05

30

2

An Danmhairg

0,5

10

5

An Ghearmáin

0,1

10

5

An Eastóin

0,5

30

2

Éire

0,1

20

5

An Ghréig

0,3

25

2

An Spáinn

1,0

20

3

An Fhrainc

0,5

10

5

An Chróit

0,1

10

2

An Iodáil

0,5

10

5

An Chipir

0,3

10

5

An Laitvia

0,1

20

5

An Liotuáin

0,1

30

5

Lucsamburg

0,5

10

5

An Ungáir

0,5

30

5

Málta

1,0

30

5

An Ísiltír

0,5

20

5

An Ostair

0,05

30

2

An Pholainn

0,1

10

2

An Phortaingéil

1,0

10

5

An Rómáin

0,25

10

5

An tSlóivéin

0,25

30

2

An tSlóvaic

0,3

20

5

An Fhionlainn

0,5

10

5

An tSualainn

0,5

10

5

An Ríocht Aontaithe

0,1

20

2




IARSCRÍBHINN III



AN BHONNBHLIAIN NÓ AN BHONNTRÉIMHSE CHUN AN UASTEORAINN DE BHUN AIRTEAGAL 8(2) A RÍOMH

An Ballstát

Bonnbhliain/Bonntréimhse

An Bheilg

1990

An Bhulgáir

1988

An Chróit

1990

Poblacht na Seice

1990

An Danmhairg

1990

An Ghearmáin

1990

An Eastóin

1990

Éire

1990

An Ghréig

1990

An Spáinn

1990

An Fhrainc

1990

An Iodáil

1990

An Chipir

1990

An Laitvia

1990

An Liotuáin

1990

Lucsamburg

1990

An Ungáir

1985-87

Málta

1990

An Ísiltír

1990

An Ostair

1990

An Pholainn

1988

An Phortaingéil

1990

An Rómáin

1989

An tSlóivéin

1986

An tSlóvaic

1990

An Fhionlainn

1990

An tSualainn

1990

An Ríocht Aontaithe

1990




IARSCRÍBHINN IV

PLEAN CUNTASAÍOCHTA MAIDIR LE FORAOISEACHT NÁISIÚNTA INA bhFUIL LEIBHÉAL TAGARTHA FORAOISE DE CHUID BALLSTÁIT

A.   Critéir agus treoir lena gcinntear an leibhéal tagartha foraoise

Déanfar leibhéal tagartha foraoise de chuid Ballstáit a chinneadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a) 

beidh an leibhéal tagartha ag teacht leis an sprioc atá ann cothromaíocht a bhaint amach sa dara leath den chéad seo idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa, lena n-áirítear maidir le feabhas a chur ar aistriú féideartha na stoc foraoise atá ag dul in aois agus a bhféadfaidh meath teacht ar linnte de réir a chéile mura ndéanfar amhlaidh;

(b) 

leis an leibhéal tagartha, áiritheofar nach ndéanfar stoic charbóin a bheith ann, agus an méid sin amháin, a áireamh sa phróiseas cuntasaíochta;

(c) 

i ngeall ar an leibhéal tagartha, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfuil córas cuntasaíochta ann atá daingean agus inchreidte a áirithíonn go ndéantar tuairisc iomchuí ar astaíochtaí agus ar aistrithe mar thoradh ar úsáid bhithmhaise;

(d) 

an leibhéal tagartha, áireofar linn charbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe agus, ar an gcaoi sin, féadfar comparáid a dhéanamh idir glacadh leis an hipitéis den ocsaídiú ar an toirt agus cur i bhfeidhm na feidhme lobhadh chéad ord agus luachanna leathré;

(e) 

glacfar le cóimheas seasta idir úsáid sholadach agus úsáid fhuinniúil a bhaint as bithmhais fhoraoise mar atá doiciméadaithe sa tréimhse ó 2000 go 2009;

(f) 

ba cheart don leibhéal tagartha a bheith comhsheasmhach leis an sprioc maidir le cuidiú leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha, mar a leagtar amach i straitéis foraoise an Aontais, i mbeartais náisiúnta foraoiseachta na mBallstát, agus i straitéis bithéagsúlachta an Aontais;

(g) 

beidh an leibhéal tagartha ag teacht leis na réamh-mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013;

(h) 

beidh an leibhéal tagartha ag teacht le fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa agus le sonraí stairiúla ábhartha agus beidh siad bunaithe ar fhaisnéis atá trédhearcach, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus cruinn. Go sonrach, beifear in ann an tsamhail a úsáidtear chun an leibhéal tagartha a chur ar bun a úsáid chun sonraí stairiúla a ghiniúint ón bhFardal Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

B.   Eilimintí den phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta

Beidh na heilimintí seo a leanas sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a thíolactar de bhun Airteagal 8:

(a) 

tuairisc ghinearálta faoi chinneadh an leibhéil tagartha foraoise agus tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na critéir sa Rialachán seo;

(b) 

liosta de na linnte carbóin agus de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a áiríodh sa leibhéal tagartha foraoise, na fáthanna ar fágadh linn charbóin ar lár ó chinneadh an leibhéil tagartha foraoise, agus léiriú ar an gcomhsheasmhacht idir na linnte carbóin a áirítear sa leibhéal tagartha foraoise;

(c) 

tuairisc ar an gcur chuige, ar na modhanna agus ar na samhlacha, lena n-áirítear faisnéis chainníochtúil, a úsáidtear chun an leibhéal tagartha foraoise a chinneadh, atá comhsheasmhach leis an tuarascáil náisiúnta fardail is déanaí a tíolacadh, agus tuairisc ar fhaisnéis dhoiciméadach maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoise ó thaobh cleachtas agus déine de agus ar na beartais náisiúnta a glacadh;

(d) 

faisnéis maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh forbairt ar rátaí saothraithe foraoise faoi chásanna éagsúla beartais;

(e) 

tuairisc ar an gcaoi a ndearnadh gach ceann de na heilimintí seo a leanas a mheas agus an leibhéal tagartha foraoise á chinneadh:

(i) 

an limistéar faoi bhainistiú foraoise;

(ii) 

astaíochtaí agus aistrithe ó fhoraoisí agus ó tháirgí adhmaid lománaithe a léirítear i bhfardail ghás ceaptha teasa agus sonraí stairiúla ábhartha;

(iii) 

saintréithe foraoise, lena n-áirítear tréithe dinimiciúla foraoisí a bhaineann le haois, incrimintí, fad uainíochta agus aon fhaisnéis eile maidir le gníomhaíochtaí bainistithe foraoise faoin rúibric “an scéal a fhágáil mar atá”;

(iv) 

rátaí saothraithe stairiúla agus todhchaí imdhealaithe idir úsáidí fuinnimh agus úsáidí neamhfhuinnimh.

▼M1

C.    Na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025



Ballstát

An leibhéal tagartha foraoise le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 ina thonaí de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana

an Bheilg

– 1 369 009

an Bhulgáir

– 5 105 986

Poblacht na Seice

– 6 137 189

an Danmhairg

+354 000

an Ghearmáin

– 34 366 906

an Eastóin

– 1 750 000

Éire

+112 670

an Ghréig

– 2 337 640

an Spáinn

– 32 833 000

an Fhrainc

– 55 399 290

an Chróit

– 4 368 000

an Iodáil

– 19 656 100

an Chipir

– 155 779

an Laitvia

– 1 709 000

an Liotuáin

– 5 164 640

Lucsamburg

– 426 000

an Ungáir

– 48 000

Málta

-38

an Ísiltír

– 1 531 397

an Ostair

– 4 533 000

an Pholainn

– 28 400 000

an Phortaingéil

– 11 165 000

an Rómáin

– 24 068 200

an tSlóivéin

– 3 270 200

an tSlóvaic

– 4 827 630

an Fhionlainn

– 29 386 695

an tSualainn

– 38 721 000

an Ríocht Aontaithe

– 20 701 550

▼B




IARSCRÍBHINN V

FEIDHM LOBHADH CHÉAD ORD, MODHEOLAÍOCHTAÍ AGUS LUACHANNA LEATHRÉ MAINNEACHTANA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ADHMAID LOMÁNAITHE

Ceisteanna modheolaíocha

— 
Mura féidir táirgí adhmaid lománaithe a dhealú sna catagóirí úsáide talún arb iad talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe, féadfaidh Ballstát roghnú glacadh leis gur ar thalamh foraoise bainistithe a tharla na hastaíochtaí agus na haistrithe ar fad agus na táirgí adhmaid lománaithe a áireamh sna cuntais.
— 
Is ar bhonn ocsaídiú ar an toirt a dhéanfar cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe i láithreán le haghaidh diúscairt dramhaíola soladaí agus ar tháirgí adhmaid lománaithe a ndearnadh iad a lománú chun críocha fuinnimh.
— 
Ní thabharfaidh an Ballstát allmhairithe cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe allmhairithe, is cuma faoina n-áit tionscnaimh (“cur chuige an táirgthe”).
— 
Maidir le táirgí adhmaid lománaithe onnmhairithe, tagraíonn sonraí atá sonrach do thír faoi leith do luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith agus don úsáid a bhaintear as táirgí adhmaid lománaithe sa tír allmhairithe.
— 
I gcás luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith maidir le táirgí adhmaid lománaithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, níor cheart go ndiallfaidis na luachanna leathré atá in úsáid ag an mBallstát allmhairithe.
— 
Féadfaidh na Ballstáit, chun críocha faisnéise amháin, sonraí a sholáthar ina gcuid aighneachtaí maidir le sciar an adhmaid as ar baineadh úsáid chun críocha fuinnimh agus a onnmharaíodh ó áit lasmuigh den Aontas, mar aon le sonraí maidir le tíortha tionscnaimh adhmaid den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as modheolaíochtaí agus as luachanna leathré atá sonrach do thír ar leith in ionad na modheolaíochtaí agus na luachanna leathré mainneachtana a shonraítear san Iarscríbhinn seo ar an gcoinníoll go gcinnfear na modheolaíochtaí agus na luachanna sin ar bhonn sonraí atá trédhearcach agus infhíoraithe agus ar an gcoinníoll go mbeidh na modheolaíochtaí a mbaintear úsáid astu chomh sonrach ar a laghad agus chomh beacht ar a laghad is atá siad siúd a shonraítear san Iarscríbhinn seo.

Na luachanna leathré mainneachtana:

Ciallaíonn “luach leathré” líon na mblianta a thógtar chun méid an charbóin atá stóráilte i gcatagóir táirgí adhmaid lománaithe a laghdú go dtí leath dá luach tosaigh.

Is mar a leanas a bheidh na luachanna leathré mainneachtana:

(a) 

2 bhliain do pháipéar;

(b) 

25 bliana do phainéil adhmaid;

(c) 

35 bliana d’adhmad sáfa.

Féadfaidh na Ballstáit na táirgí atá bunaithe ar ábhar adhmaid, lena n-áirítear coirt, a thagann laistigh de na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) thuas, a shonrú, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, ar choinníoll go mbeidh na sonraí a bheidh ar fáil trédhearcach agus infhíoraithe. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as ceann ar bith de na catagóirí sin ar fochatagóirí iad atá sonrach do thír faoi leith.




IARSCRÍBHINN VI

LEIBHÉIL CHÚLRA I gCÁS SUAITHEADH NÁDÚRTHA A RÍOMH

1. 

Maidir le ríomh an leibhéil chúlra, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

leibhéil stairiúla astaíochtaí mar thoradh ar shuaitheadh nádúrtha;

(b) 

cineál nó cineálacha an tsuaite nádúrtha a áirítear sa mheastachán;

(c) 

meastacháin ar astaíochtaí iomlána bliantúla maidir leis na cineálacha sin de shuaitheadh nádúrtha don tréimhse ó 2001 go 2020, agus iad liostaithe de réir catagóirí cuntasaíochta talún;

(d) 

léiriú ar chomhsheasmhacht amshraitheanna sna paraiméadair uile ábhartha, lena n-áirítear íosachar, modheolaíochtaí chun astaíochtaí a mheas, cumhdach na linnte carbóin agus gás.

2. 

Déantar an leibhéal cúlra a ríomh mar mheán na hamshraithe 2001-2020 ach gan na blianta ar fad ar ina leith a rinneadh leibhéil mhínormálta astaíochtaí a thaifeadadh a áireamh, i.e. gan na hasluitigh uile staidrimh a áireamh. Déanfar na hasluitigh staidrimh a shainaithint mar a leanas:

(a) 

déantar an luach meánach uimhríochta agus diall caighdeánach na hamshraithe iomláine 2001-2020 a ríomh;

(b) 

ní dhéantar na blianta uile a bhfuil na hastaíochtaí bliantúla ina leith lasmuigh de dhá oiread dhiall caighdeánach an mheáin a áireamh san amshraith;

(c) 

déantar ríomh arís ar an luach meánach uimhríochta agus ar dhiall caighdeánach na hamshraithe iomláine 2001-2020, lúide na blianta nár áiríodh i bpointe (b);

(d) 

déan pointí (b) agus (c) arís go dtí nach féidir aon asluitigh a shainaithint.

3. 

Tar éis an leibhéal cúlra a ríomh de bhun phointe 2 den Iarscríbhinn seo, má sháraíonn na hastaíochtaí i mbliain ar leith sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 an leibhéal cúlra móide corrlach, féadfar gan méid na n-astaíochtaí a sháraíonn an leibhéal cúlra a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 10. Beidh an corrlach cothrom le leibhéal dóchúlachta 95 %.

4. 

Ní fhéadfar gan na hastaíochtaí seo a leanas a áireamh:

(a) 

astaíochtaí a bhí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí saothraithe foraoise agus ar ghníomhaíochtaí lománaíochta tarrthála a rinneadh ar na tailte sin tar éis don suaitheadh nádúrtha tarlú;

(b) 

astaíochtaí a bhí mar thoradh ar loscadh forordaithe a rinneadh ar na tailte sin in aon bhliain den tréimhse ó 2021 go 2025 nó ó 2026 go 2030;

(c) 

astaíochtaí ar thailte a bhí faoi réir dífhoraoisithe tar éis don suaitheadh nádúrtha tarlú.

5. 

I measc na gceanglas faisnéise de bhun Airteagal 10(2), áirítear iad seo a leanas:

(a) 

sainaithint a dhéanamh ar na limistéir uile talún a raibh éifeacht orthu ag suaitheadh nádúrtha sa bhliain áirithe sin, lena n-áirítear suíomh geografach na limistéar sin, an tréimhse inar tharla an suaitheadh nádúrtha agus an cineál suaite a bhí ann;

(b) 

fianaise nach ndearnadh aon dhífhoraoisiú le linn an chuid eile den tréimhse ó 2021 go 2025 nó ó 2026 go 2030 ar thailte a raibh éifeacht orthu ag suaitheadh nádúrtha agus nár áiríodh sa chuntasaíocht;

(c) 

tuairisc ar na modhanna infhíoraithe agus ar na critéir a mbainfear úsáid astu chun dífhoraoisiú ar na tailte sin a shainaithint sna blianta i ndiaidh na dtréimhsí ó 2021 go 2025 nó ó 2026 go 2030;

(d) 

i gcás inar féidir sin a dhéanamh, tuairisc ar na bearta a rinne an Ballstát chun éifeacht an tsuaite nádúrtha sin a chosc nó a theorannú;

(e) 

i gcás inar féidir sin a dhéanamh, tuairisc ar na bearta a rinne an Ballstát chun na tailte a raibh éifeacht ag an suaitheadh nádúrtha sin orthu a athshlánú.




IARSCRÍBHINN VII



MÉID UASTA AN CHÚITIMH ATÁ AR FÁIL FAOIN TSOLÚBTHACHT TALÚN FORAOISE BAINISTITHE DÁ DTAGRAÍTEAR I bPOINTE (B) D’AIRTEAGAL 13(3)

An Ballstát

Na haistrithe arna ndéanamh ag aistriú linnte ó thalamh foraoise a tuairiscíodh ar an meán ó 2000 go 2009 i milliún tona de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana

Teorainn an chúitimh arna sloinneadh i milliúin tona de choibhéis CO2 don tréimhse ó 2021 go 2030

An Bheilg

-3,61

-2,2

An Bhulgáir

-9,31

-5,6

Poblacht na Seice

-5,14

-3,1

An Danmhairg

0,56

0,1

An Ghearmáin

-45,94

-27,6

An Eastóin

-3,07

-9,8

Éire

0,85

0,2

An Ghréig

-1,75

-1,0

An Spáinn

-26,51

-15,9

An Fhrainc

-51,23

-61,5

An Chróit

-8,04

-9,6

An Iodáil

-24,17

-14,5

An Chipir

0,15

0,03

An Laitvia

-8,01

-25,6

An Liotuáin

-5,71

-3,4

Lucsamburg

0,49

0,3

An Ungáir

-1,58

0,9

Málta

0,00

0,0

An Ísiltír

-1,72

0,3

An Ostair

-5,34

-17,1

An Pholainn

-37,50

-22,5

An Phortaingéil

-5,13

-6,2

An Rómáin

-22,34

-13,4

An tSlóivéin

-5,38

-17,2

An tSlóvaic

-5,42

-6,5

An Fhionlainn

-36,79

-44,1

An tSualainn

-39,55

-47,5

An Ríocht Aontaithe

-16,37

-3,3



( *1 ) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156 an 19 Meitheamh 2018, Ich 1.).”;

Top