This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02017R1131-20240109
Regulation (EU) 2017/1131 of the European Parliament and of the Council of 14 June 2017 on money market funds (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02017R1131 — GA — 09.01.2024 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2017/1131 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 169 30.6.2017, lch. 8) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2018/990 of 10 April 2018 (*) |
L 177 |
1 |
13.7.2018 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 |
L |
1 |
20.12.2023 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) 2017/1131 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meitheamh 2017
maidir le cistí margaidh airgid
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus raon
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnóthais chomhinfheistíochta:
a cheanglaíonn údarú mar GCUI nó atá údaraithe mar GCUI faoi Threoir 2009/65/CE, nó ar CIMnna iad faoi Threoir 2011/61/AE;
a infheistíonn i sócmhainní gearrthéarmacha; agus
ag a bhfuil cuspóirí sonracha nó carnacha lena ndéantar torthaí a thairiscint i gcomhréir le rátaí margaidh airgid nó luach na hinfheistíochta a chaomhnú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “sócmhainní gearrthéarmacha” sócmhainní airgeadais a bhfuil aibíocht iarmharach acu nach mó ná dhá bhliain;
ciallaíonn “ionstraimí margaidh airgid” ionstraimí margaidh airgid arna sainmhíniú in Airteagal 2(1)(o) de Threoir 2009/65/CE, agus ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2007/16/CE ón gCoimisiún ( 1 );
ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe arna sainmhíniú in Airteagal 2(1)(n) de Threoir 2009/65/CE, agus ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2007/16/CE ón gCoimisiún;
ciallaíonn “comhaontú athcheannaigh” aon chomhaontú ina n-aistríonn páirtí amháin urrúis nó aon chearta a bhaineann leis an teideal sin chuig contrapháirtí, faoi réir gealltanais go n-athcheannófar iad ar phraghas sonraithe ar dháta is déanaí a shonraítear nó atá le sonrú;
ciallaíonn “comhaontú athcheannaigh droim ar ais” aon chomhaontú ina bhfaigheann páirtí amháin urrúis nó aon chearta a bhaineann le teideal nó le hurrús, ó chontrapháirtí, faoi réir gealltanais go ndíolfar ar ais iad ar phraghas sonraithe ar dháta is déanaí a shonraítear nó atá le sonrú;
ciallaíonn “urrúis a thabhairt ar iasacht” agus “urrúis a fháil ar iasacht” aon idirbheart ina n-aistríonn institiúid nó a contrapháirtí urrúis faoi réir gealltanais go dtabharfaidh an t-iasachtaí urrúis choibhéiseacha ar ais ar dháta is déanaí nó nuair a iarrfaidh an t-aistreoir sin air, ar “urrúis a thabhairt ar iasacht” a thugtar ar an idirbheart sin i gcás na hinstitiúide atá ag aistriú na n-urrús agus ar “urrúis a fháil ar iasacht” a thugtar ar an idirbheart sin i gcás na hinstitiúide a bhfuil siad á n-aistriú chuici;
ciallaíonn “urrúsú” urrúsú arna shainmhíniú in Airteagal 4(1)(61) de Rialachán Uimh. 575/2013;
ciallaíonn “marcáil de réir an mhargaidh” luacháil suíomhanna ar phraghsanna socraíochta a bhfuil fáil éasca orthu agus a bhfuil foinse neamhspleách acu, lena n-áirítear praghsanna malartaithe, praghsanna scáileáin nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha;
ciallaíonn “marcáil de réir samhla” aon luacháil a thagarmharcáiltear, a eachtarshuitear nó a ríomhtar ar bhealach eile ó ionchur margaidh amháin nó níos mó;
ciallaíonn “modh an chostais amúchta” modh luachála arb é atá ann costas éadála sócmhainne a ghlacadh agus an luacháil sin a choigeartú chun préimheanna nó lascainí a amúchadh go dtí tráth na haibíochta;
ciallaíonn “fiach poiblí ar glanluach seasmhach é a sócmhainní um CMA” nó “fiach poiblí ar SGS CMA é” CMA:
a fhéachann le glanluach sócmhainní (NAV) neamhaithreach in aghaidh an aonaid nó na scaire a choinneáil;
ina bhfabhraítear an t-ioncam sa chiste go laethúil agus inar féidir é a íoc amach leis an infheisteoir nó a úsáid chun breis aonad nó sa scair sa chiste a cheannach;
ina ndéantar sócmhainní a luacháil go ginearálta de réir mhodh an chostais amúchta, agus i gcás ina slánaítear an NAV go dtí an pointe céatadáin is gaire nó a choibhéis i dtéarmaí airgeadra; agus
a infheistíonn ar a laghad 99,5 % dá shócmhainní in ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 17(7), i gcomhaontuithe athcheannaigh arna n-urúsú le fiach rialtais dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus in airgead tirim;
ciallaíonn “íseal-luaineacht glanluach sócmhainní um CMA” nó “CMA de chineál LVNAV” CMA a chomhlíonann na ceanglais shonracha a leagtar síos in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 32 agus in Airteagal 33(2)(b);
ciallaíonn “glanluach sócmhainní inathraithe um CMA”“CMA de chineál VNAV” CMA a chomhlíonann na ceanglais shonracha a leagtar síos in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 33(1);
ciallaíonn “CMA gearrthéarmach” CMA a infheistíonn in ionstraimí incháilithe margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus atá faoi réir na rialacha punainne a leagtar amach in Airteagal 24;
ciallaíonn “CMA caighdeánach” CMA a infheistíonn in ionstraimí incháilithe margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus (2) agus atá faoi réir na rialacha punainne a leagtar amach in Airteagal 25;
ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa arna sainmhíniú i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
ciallaíonn “údarás inniúil CMA”:
i gcás GCUI, údarás inniúil Bhallstát baile GCUI arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2009/65/CE;
i gcás CIManna AE, údarás inniúil Bhallstát baile CIM arna shainmhíniú in Airteagal 4(1)(p) de Threoir 2011/61/AE;
i gcás CIManna neamh-AE, aon cheann díobh seo a leanas:
údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar CIM neamh-AE a mhargú san Aontas gan phas;
údarás inniúil BCIM AE a bhainistíonn CIM neamh-AE, i gcás ina margaítear CIM neamh-AE san Aontas le pas, nó nach ndéantar é a mhargú san Aontas;
údarás inniúil an Bhallstáit tagartha i gcás nach mbainistíonn BCIM AE CIM neamh-AE agus ina ndéantar é a mhargú san Aontas le pas;
ciallaíonn “aibíocht dhlíthiúil”an dáta ar a bhfuil príomhshuim urrúis le haisíoc ina iomláine agus nach bhfuil faoi réir roghnaíochta;
ciallaíonn “meánaibíocht ualaithe” nó “WAM” an mheántréimhse a thógann sé ar na sócmhainní foluiteacha ar fad in CMA aibíocht dhlíthiúil a bhaint amach nó, más giorra í, go dtí an chéad ráta úis eile a athshocrófar go ráta margaidh airgid, rud a léiríonn na sealúchais choibhneasta i ngach sócmhainn;
ciallaíonn “meánré ualaithe”“WAL” an mheántréimhse a thógann sé ar na sócmhainní foluiteacha ar fad in CMA aibíocht dhlíthiúil a bhaint amach, rud a léiríonn na sealúchais choibhneasta i ngach sócmhainn;
ciallaíonn “aibíocht iarmharach” fad na tréimhse atá fágtha go dtí aibíocht dhlíthiúil urrúis;
ciallaíonn “díol folamh” aon díol ionstraime ag CMA nach leis an CMA tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, lena n-áirítear an díol sin, tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, i gcás ina mbeidh an ionstraim faighte ar iasacht ag CMA nó ina mbeidh comhaontaithe aige go bhfaighidh sé an ionstraim ar iasacht chun í a sheachadadh tráth na socraíochta, nach n-áirítear:
díol ag ceachtar páirtí faoi chomhaontú athcheannaigh i gcás inar aontaigh páirtí amháin urrús a dhíol leis an bpáirtí eile ar phraghas sonraithe agus é mar ghealltanas ag an bpáirtí eile an t-urrús sin a dhíol ar ais ar dháta is déanaí ar phraghas sonraithe eile; nó
conradh todhchaíochtaí nó conradh díorthach eile a dhéanamh ina gcomhaontófar urrúis a dhíol ar phraghas sonraithe ar dháta éigin sa todhchaí;
ciallaíonn “bainisteoir CMA”, i gcás CMA ar GCUI é, cuideachta bainistíochta GCUI, nó cuideachta infheistíochta GCUI i gcás GCUI féinbhainistithe, agus, i gcás CMA ar CIM, BCIM nó CIM é atá bainistithe go hinmheánach.
Airteagal 3
Cineálacha CMAnna
Cuirfear CMAnna ar bun mar cheann de na cineálacha seo a leanas:
GSI CMA;
fiach poiblí ar SGS CMA é;
ÍGS CMA;
Airteagal 4
CMAnna a údarú
Beidh an t-údarú sin bailí do na Ballstáit ar fad.
I gcás go mbeidh gnóthas comhinfheistíochta údaraithe cheana mar GCUI faoi Threoir 2009/65/CE, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar údarú mar CMA i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo.
Chun críocha údarúcháin mar CMA, cuirfidh gnóthas comhinfheistíochta na doiciméid seo a leanas faoi bhráid a údaráis inniúil:
rialacha an chiste nó ionstraimí corpraithe CMA, lena n-áirítear léiriú ar an gcineál CMA atá ann as measc na cinn a leagtar amach in Airteagal 3(1);
sainaithint bhainisteoir CMA;
sainaithint an taiscí;
tuairsic ar CMA atá ar fáil d'infheisteoirí, nó aon fhaisnéis faoi;
tuairisc agus faisnéis faoi na socruithe agus na nósanna imeachta is gá chun na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidil II go Caibidil VII a chomhlíonadh;
aon fhaisnéis nó doiciméad eile a iarrann údarás inniúil CMA chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú.
Airteagal 5
Nós imeachta chun CMAnna ar CIManna iad á údarú
Nuair a bheidh an t-iarratas á chur isteach ar CIM ar CIM é a bhainistiú, cuirfidh BCIM údaraithe an méid seo a leanas ar fáil d'údarás inniúil CMA:
an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí;
faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le bainistiú punainne agus riosca agus le riarachán maidir le CIM;
faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin bpróifíl riosca agus faoi shaintréithe eile CMAnna ar CIManna iad a bhainistíonn BCIM nó atá beartaithe aige a bhainistiú.
Féadfaidh údarás inniúil CMA soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil BCIM chomh maith le faisnéis faoi na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó dearbhú i dtaobh CMAnna a bheith faoi raon údarú bainistithe BCIM. Tabharfaidh údarás inniúil BCIM freagra laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil.
Ní dhéanfaidh údarás inniúil an CMA an t-iarratas ó BCIM a dhiúltú ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:
ní chomhlíonann BCIM an Rialachán seo;
ní chomhlíonann BCIM Treoir 2011/61/AE;
ní údaraíonn an t-údarás inniúil do BCIM CMAnna a bhainistiú;
ní bheidh na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 curtha ar fáil ag BCIM.
Sula ndiúltóidh sé d'iarratas, rachaidh údarás inniúil CMA i gcomhairle le húdarás inniúil BCIM.
Airteagal 6
Úsáid an ainmniúcháin mar CMA
Ní úsáidfidh GCUI ná CIM ainmniúchán míthreorach nó míchruinn a thabharfadh le fios gur CMA é, mura mbeidh sé údaraithe mar CMA i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Ní bheidh saintréithe ag GCUI ná ag CIM atá go substaintiúil cosúil leo sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), mura mbeidh sé údaraithe mar CMA i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 7
Rialacha is infheidhme
CAIBIDIL II
Oibleagáidí maidir le beartais infheistíochta CMAnna
Airteagal 8
Prionsabail ghinearálta
Airteagal 9
Sócmhainní incháilithe
Ní dhéanfaidh CMA infheistíocht ach i gceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas de shócmhainní airgeadais, agus faoi na coinníollacha a shonraítear sa Rialachán seo amháin:
ionstraimí margaidh airgid lena n-áirítear ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint nó arna ráthú ar leithligh nó go comhpháirteach acu seo a leanas: an tAontas, riaracháin réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, nó a mBainc Cheannais, an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta nó aon institiúid nó eagraíocht airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó léi;
urrúsuithe incháilithe agus páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCPanna);
taiscí le hinstitiúidí creidmheasa;
ionstraimí díorthacha airgeadais;
comhaontuithe athcheannaigh a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14;
comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15;
aonaid nó scaireanna CMAnna eile.
Ní dhéanfaidh CMA aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
infheistíocht i sócmhainní cé is moite de na sócmhainní sin dá dtagraítear i mír 1;
díol folamh aon cheann de na hionstraimí seo a leanas: ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe, ABCP agus aonaid nó scaireanna CMAnna eile;
risíocht go díreach nó go hindíreach do chothromas nó do thráchtearraí, lena n-áirítear trí dhíorthaigh, deimhniúcháin a ionadaíonn dóibh, innéacsanna bunaithe orthu, nó aon mhodhanna nó ionstraim eile a d'fhágfadh risíocht dóibh;
dul i mbun comhaontuithe i ndáil le hurrúis a thabhairt ar iasacht nó comhaontuithe i ndáil le hurrúis a fháil ar iasacht, nó aon chomhaontú eile a chuirfeadh eire ar shócmhainní CMA;
airgead tirim a thabhairt ar iasacht agus a fháil ar iasacht.
Airteagal 10
Ionstraimí incháilithe margaidh airgid
Beidh ionstraim margaidh airgid incháilithe le hinfheistiú ag CMA ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais seo ar fad a leanas ar fad:
tagann sí faoi réim ceann amháin de chatagóirí na n-ionstraimí margaidh airgid dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (h) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE;
léiríonn sí ceann den dá shaintréith malartach seo a leanas:
tráth a heisiúna, tá aibíocht dhlíthiúil 397 lá nó níos lú aici;
tá aibíocht iarmharach 397 lá nó níos lú aici;
tá eisitheoir na hionstraime margaidh airgid agus cáilíocht na hionstraime margaidh airgid tar éis measúnú fabhrach a fháil de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22;
i gcás ina ndéanann CMA infheistíocht in urrúsú nó in ABCP, beidh sé faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.
Airteagal 11
Urrúsuithe incháilithe agus ABCPanna
Measfar urrúsú agus ABCP a bheith incháilithe chun infheistíochta ag CMA ar choinníoll go mbeidh an t-urrúsú nó ABCP leachtach go leor, tar éis measúnú fabhrach a fháil de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22, agus gur aon cheann díobh seo a leanas é:
urrúsú dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún ( 2 );
ABCP arna eisiúint ag clár ABCP:
ag a bhfuil lántacaíocht ó institiúid creidmheasa rialaithe a chlúdaíonn gach riosca leachtachta, creidmheasa agus caolúcháin, chomh maith le costais idirbheartaíochta leanúnacha agus costais leanúnacha uilechlár a bhaineann le ABCP, más gá sin chun láníocaíocht aon mhéid faoi ABCP a ráthú don infheisteoir;
nach athurrúsú agus nach n-áiríonn na risíochtaí a fholuíonn an t-urrúsú ag leibhéal gach idirbhirt de ABCP aon suíomh urrúsaithe;
nach n-áiríonn urrúsú sintéiseach arna shainmhíniú i bpointe (11) d'Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
a simple, transparent and standardised (STS) securitisation, as determined in accordance with the criteria and conditions laid down in Articles 20, 21 and 22 of Regulation (EU) 2017/2402 of the European Parliament and of the Council ( 3 ), or an STS ABCP, as determined in accordance with the criteria and conditions laid down in Articles 24, 25 and 26 of that Regulation.
Féadfaidh CMA gearrthéarmach infheistiú sna hurrúsuithe nó in ABCPanna dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, mar is infheidhme:
gur dhá bhliain nó níos lú an aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint na n-urrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus gur 397 lá nó níos lú an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta athshocraithe ráta úis eile;
gur 397 lá nó níos lú aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint nó aibíocht iarmhair na n-urrúsuithe nó ABCPanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1;
gur ionstraimí amúchta na hurrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 agus gur dhá bhliain nó níos lú an WAL atá acu.
Féadfaidh CMA caighdeánach infheistiú sna hurrúsuithe nó in ABCPanna dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, mar is infheidhme:
go mbeidh an aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint nó ar aibíocht iarmhair na n- in ABCPanna dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 dhá bhliain nó níos lú agus an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta 397 lá nó níos lú;
gur uirlisí amúchta na hurrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 agus go mbeidh WAL dhá bhliain nó níos lú acu.
Chun críocha na chéad fhomhíre, folóidh na critéir lena gcéannaítear urrúsuithe STC agus ABCPanna ar a laghad an méid seo a leanas:
ceanglais a bhaineann le simplíocht an urrúsaithe, lena n-áirítear a fhíorcharachtar díola agus urramú na gcaighdeán a bhaineann le frithghealladh na risíochtaí;
ceanglais a bhaineann le caighdeánú an urrúsaithe, lena n-áirítear ceanglais choinneála riosca;
ceanglais a bhaineann le trédhearcacht an urrúsaithe, lena n-áirítear faisnéis a chur ar fáil d'infheisteoirí féideartha;
i gcás ABCPanna, chomh maith le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), ceanglais a bhaineann le hurraitheoir agus le tacaíocht urraitheoir chlár ABCP.
Airteagal 12
Taiscí incháilithe le hinstitiúidí creidmheasa
Beidh CMA incháilithe chun infheistíocht a dhéanamh i dtaisce le hinstitiúid creidmheasa ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
is féidir an taisce sin inaisíoctha arna iarraidh sin nó is féidir é a tharraingt siar tráth ar bith;
bainfidh an taisce aibíocht amach i dtréimhse nach mó ná 12 mhí;
tá oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa i mBallstát nó, má tá oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa i dtríú tír, tá sí faoi réir rialacha stuamachta a mheastar a bheith coibhéiseach leo sin a leagtar síos i ndlí an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Airteagal 13
Ionstraimí díorthacha airgeadais incháilithe
Beidh CMA incháilithe chun infheistíocht a dhéanamh in ionstraim dhíorthach airgeadais má dhéileáiltear í ar mhargadh rialáilte dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE nó thar an gcuntar, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is é atá i bhfoluiteacht na hionstraime díorthaí rátaí úis, rátaí malairte eachtraí, airgeadraí, nó innéacsanna a sheasann do cheann de na catagóirí sin;
níl de chuspóir ag an ionstraim dhíorthach ach an ráta úis nó na rioscaí rátaí malairte a fhálú ar gnéithe iad in infheistíochtaí eile CMA;
is institiúidí atá faoi réir rialála stuamachta agus maoirseachta iad na contrapháirtithe in idirbhearta díorthacha thar an gcuntar, agus baineann siad leis na catagóirí arna bhformheas ag údarás inniúil CMA;
tá na díorthaigh thar an gcuntar faoi réir luachála iontaofa agus infhíoraithe ar bhonn laethúil agus is féidir iad a dhíol, a leachtú nó a dhúnadh le hidirbheart fritháirimh tráth ar bith ag a luach cothrom ar thionscnamh CMA.
Airteagal 14
Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh
Beidh CMA incháilithe chun dul i mbun comhaontú athcheannaigh ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
úsáidtear é ar bhonn sealadach, ar feadh tráth nach mó ná seacht lá oibre, ach amháin chun críocha bainistithe leachtachta agus ní chun críocha infheistíochta seachas dá dtagraítear i bpointe (c);
toirmisctear ar an gcontrapháirtí a gheobhaidh sócmhainní a aistríonn CMA mar chomhthaobhacht faoin gcomhaontú athcheannaigh na sócmhainní sin a dhíol, a infheistiú, a chur i ngeall nó a aistriú ar shlí eile gan réamhthoiliú CMA;
is féidir an t-airgead tirim a bheidh faighte ag CMA mar chuid den chomhaontú athcheannaigh:
a chur i dtaisce i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE; nó
a infheistiú i sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 15(6), ach ní dhéanfar é a infheistiú ar shlí eile i sócmhainní incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9, a aistriú ná a athúsáid ar shlí eile;
ní mó ná 10 % dá shócmhainní an t-airgead tirim a bheidh faighte ag CMA mar chuid den chomhaontú athcheannaigh;
tá an ceart ag CMA an comhaontú a fhoirceannadh aon tráth tar éis réamhfhógra nach mó ná dhá lá oibre a thabhairt.
Airteagal 15
Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh droim ar ais
Beidh comhaontú athcheannaigh droim ar ais incháilithe le go rachadh CMA ina bhun ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá sé de cheart ag an CMA an comhaontú a fhoirceannadh tráth ar bith má thugann sé réamhfhógra nach faide ná dhá lá oibre;
is ionann i gcónaí luach margaidh na sócmhainní arna bhfáil mar chuid den chomhaontú athcheannaigh droim ar ais agus ar a laghad luach an airgid thirim a íocadh.
Ní dhéanfar na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais a dhíol, a athinfheistiú, a chur i ngeall, nó a aistriú ar bhealach eile.
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh CMA, mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, sócmhainní leachtacha inaistrithe nó ionstraimí margaidh airgid cé is moite díobhsan a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 a fháil ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní sin ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
is an tAontas, údarás lárnach nó banc ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach nó an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22;
is údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22.
Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a nochtadh d'infheisteoirí CMA, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).
Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gçéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad ceanglais Airteagal 17(7).
Chun na gcríoch sin, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 san áireamh.
Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Eanáir 2018.
Airteagal 16
Aonaid nó scaireanna incháilithe CMAnna
Féadfaidh CMA aonaid nó scaireanna a éadáil ó aon CMA eile (“CMA a bhfuil a éadáil beartaithe”) ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
níltear chun níos mó ná 10 % de shócmhainní an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe, i gcomhréir lena rialacha ciste agus lena ionstraimí corpraithe, a infheistiú go comhiomlán in aonaid nó scaireanna CMAnna eile;
ní bheidh aonaid nó scaireanna sa CMA éadála ag an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe.
CMA a ndearnadh a aonaid nó a scaireanna a éadáil, ní dhéanfaidh sé infheistiú sa CMA éadála le linn na tréimhse ina bhfuil aonaid nó scaireanna ag an CMA éadála ann.
Beidh aonaid nó scaireanna CMAnna eile incháilithe le go bhféadfadh CMA infheistiú iontu ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
beidh an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe údaraithe faoin Rialachán seo;
i gcás ina bhfuil an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe á bhainistiú, bíodh sin go díreach nó trí tharmligean, ag an mbainisteoir céanna leis an CMA éadála nó ag aon chuideachta eile a bhfuil nasc idir é agus bainisteoir an CMA éadála trí bhainistíocht nó rialú comónta, nó trí shealúchas substaintiúil díreach nó indíreach, toirmisctear ar bhainisteoir an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe', nó an chuideachta eile sin, suibscríbhinn nó táillí fuascailte a ghearradh mar gheall ar an infheistíocht ag an CMA éadála in aonaid nó scaireanna an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe;
i gcás ina n-infheistíonn CMA 10 % nó níos mó dá shócmhainní in aonaid nó scaireanna CMAnna eile:
nochtfar i réamheolaire an CMA sin leibhéal uasta na dtáillí bainistíochta a fhéadtar a ghearradh ar an CMA féin agus ar CMAnna eile a ndearna sé infheistiú iontu; agus
sonrófar sa tuarascáil bhliantúil sciar uasta na dtáillí bainistíochta a gearradh ar an CMA féin agus ar CMAnna eile a ndearna sé infheistiú iontu.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir le CMA ar CIM é, a údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
déantar an CMA a mhargú go huile agus go hiomlán trí scéim choigiltis d'fhostaithe faoi rialú an dlí náisiúnta agus ar daoine nádúrtha amháin iad na hinfheisteoirí sa scéim sin;
ní cheadaítear d'infheisteoirí na scéime coigiltis d'fhostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) a n-infheistíocht a fhuascailt ach amháin faoi réir téarmaí sriantacha fuascailte a leagtar síos sa dlí náisiúnta, sa chaoi is nach bhféadtar fuascailtí a dhéanamh ach in imthosca áirithe atá nasctha le forbairtí sa mhargadh.
De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh CMA atá ina GCUI, agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 4(2), aonaid nó scaireanna i CMAnna eile a éadáil i gcomhréir le hAirteagal 55 nó le hAirteagal 58 de Threoir 2009/65/CE ar na coinníollacha seo a leanas:
déantar an CMA a mhargú go huile agus go hiomlán trí scéim choigiltis d'fhostaithe faoi rialú an dlí náisiúnta agus ar daoine nádúrtha amháin iad na hinfheisteoirí sa scéim sin amháin;
ní cheadaítear d'infheisteoirí na scéime coigiltis d'fhostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) a n-infheistíocht a fhuascailt ach amháin faoi réir téarmaí sriantacha fuascailte a leagtar síos sa dlí náisiúnta, sa chaoi is nach bhféadtar fuascailtí a dhéanamh ach in imthosca áirithe atá nasctha le forbairtí sa mhargadh.
Airteagal 17
Éagsúlú
Ní infheisteoidh CMA níos mó ná:
5 % dá shócmhainní in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna arna n-eisiúint ag an gcomhlacht céanna;
10 % dá shócmhainní i dtaiscí leis an institiúid creidmheasa chéanna, mura rud é go bhfuil sé fíor faoi struchtúr na hearnála baincéireachta sa Bhallstát ina bhfuil an CMA lonnaithe go bhfuil sé ina struchtúr nach bhfuil institiúidí creidmheasa ann atá inmharthana go leor chun freastal ar an gceanglas éagsúlaithe agus nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch ag an CMA taiscí a dhéanamh i mBallstát eile, agus sa chás sin féadfaidh sé suas le 15 % dá shócmhainní a chur i dtaisce leis an institiúid creidmheasa céanna.
Amhail ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní rachaidh risíocht chomhiomlán CMA d'urrúsuithe agus ABCPanna thar 20 % de shócmhainní an CMA, sa chaoi is go bhféadfar suas le 15 % de shócmhainní an CMA a infheistiú in urrúsuithe agus ABCPanna nach gcomhlíonann na critéir maidir le sainaithint urrúsuithe STS agus ABCPanna.
D'ainneoin na dteorainneacha aonair a leagtar síos i mír 1 agus i mír 4, ní chuirfidh CMA na nithe seo a leanas le chéile, i gcás ina bhfágfadh sin go mbeadh infheistíocht de níos mó ná 15 % dá shócmhainní in aon chomhlacht amháin:
infheistíochtaí in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna, arna n-eisiúint ag an gcomhlacht sin;
taiscí arna ndéanamh leis an gcomhlacht sin;
ionstraimí díorthacha airgeadais thar an gcuntar a fhágann go bhfuil risíocht riosca ag an gcontrapháirtí don chomhlacht sin.
De mhaolú ar an gceanglas éagsúlaithe de dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, i gcás inar fíor faoi struchtúr an mhargaidh airgeadais sa Bhallstát ina bhfuil an CMA lonnaithe go bhfuil sé ina struchtúr nach bhfuil dóthain institiúidí creidmheasa inmharthana ann chun freastal ar an gceanglas éagsúlaithe sin agus nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch ag an CMA ionstraimí airgeadais i mBallstát eile a úsáid, féadfaidh an CMA na cineálacha éagsúla infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) suas go hinfheistíocht uasta de 20 % dá shócmhainní in aon chomhlacht amháin a nascadh.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
tá ionstraimí margaidh airgid ag an CMA ó shé eisiúint dhifriúla ar a laghad ón eisitheoir lena mbaineann;
tá an infheistíocht in ionstraimí margaidh airgid ón eisiúint chéanna teoranta ag an CMA d'uasmhéid 30 % dá shócmhainní;
déanann an CMA tagairt shonrach ina rialacha ciste nó ina ionstraimí corpraithe, go bhfuil sé beartaithe aige níos mó na 5 % dá shócmhainní a infheistiú sna riaracháin, sna hinstitiúidí nó sna heagraíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach;
tá ráiteas soiléir ag an CMA ina réamheolaire agus ina chumarsáidí margaíochta a tharraingíonn aird ar úsáid an mhaolaithe agus a luann na riaracháin, na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina bhfuil sé beartaithe aige níos mó ná 5 % dá shócmhainní a infheistiú a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach.
I gcás ina n-infheistíonn CMA níos mó ná 5 % dá shócmhainní sna bannaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna n-eisiúint ag eisitheoir aonair, ní rachaidh luach iomlán na n-infheistíochtaí sin thar 40 % de luach shócmhainní an CMA.
I gcás ina n-infheistíonn CMA níos mó ná 5 % dá shócmhainní sna bannaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna n-eisiúint ag eisitheoir aonair, ní rachaidh luach iomlán na n-infheistíochtaí sin thar 60 % de luach shócmhainní an CMA, lena n-áirítear aon infheistíocht fhéideartha i sócmhainní dá dtagraítear i mír 8 agus na teorainneacha a leagtar síos sa mhír sin á n-urramú.
Airteagal 18
Comhchruinniú
Airteagal 19
Nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa
Áiritheoidh bainisteoir CMA go bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ag comhlíonadh gach ceann de na prionsabail ghinearálta seo a leanas:
tá próiseas éifeachtach le bunú chun faisnéis ábhartha cothrom le dáta a fháil maidir leis an eisitheoir agus le saintréithe na hionstraime;
tá bearta leormhaithe le glacadh agus le cur chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil agus atá ábhartha, agus go bhfuil curtha san áireamh na tosca dinimiciúla ábhartha ar fad a imríonn tionchar ar acmhainneacht creidmheasa an eisitheora agus ar cháilíocht chreidmheasa na hionstraime;
tá faireachán ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa le déanamh ar bhonn leanúnach agus déanfar athbhreithniú ar mheasúnuithe cáilíochta creidmheasa ar a laghad uair sa bhliain;
cé nach bhfuil róspleáchas meicníoch ar rátálacha seachtracha le bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, déanfaidh bainisteoir CMA measúnú as an nua ar an gcáilíocht chreidmheasa le haghaidh ionstraim margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna i gcás ina dtarlaíonn athrú ábharach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an measúnú a rinneadh cheana féin ar an ionstraim;
tá bainisteoir CMA le hathbhreithniú a dhéanamh, ar a laghad gach bliain, ar na modheolaíochtaí atá ann chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa chun a chinneadh cibé acu an bhfuil na modheolaíochtaí sin fós iomchuí don phunann reatha agus do na dálaí seachtracha reatha agus déanfar an t-athbhreithniú a tharchur chuig údarás inniúil bhainisteoir an CMA. I gcás inarb eol do bhainisteoir an CMA go bhfuil earráidí sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa nó ar a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé na hearráidí sin a cheartú láithreach;
i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana a úsáidtear sa nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, tá bainisteoir CMA le hathbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe inmheánacha go léir ar cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann a luaithe is féidir é.
Airteagal 20
Measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa
Cuirfidh an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa san áireamh ar a laghad na tosca agus na prionsabail ghinearálta seo a leanas:
cainníochtú riosca creidmheasa an eisitheora agus riosca coibhneasta mainneachtana an eisitheora agus na hionstraime;
táscairí cáilíochtúla i dtaobh eisitheoir na hionstraime, lena n-áirítear i bhfianaise staid an mhargaidh mhaicreacnamaíoch agus an mhargaidh airgeadais;
cineál gearrthéarmach ionstraimí margaidh airgid;
aicme sócmhainne na hionstraime;
an cineál eisitheora, agus idirdhealú á dhéanamh ar a laghad idir na cineálacha eisitheoirí seo a leanas: riaracháin náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, corparáidí airgeadais, agus corparáidí neamhairgeadais;
ionstraimí struchtúrtha airgid, an riosca intreach oibríochtúil agus contrapháirtí san idirbheart struchtúrtha airgeadais agus, i gcás risíocht d'urrúsuithe, riosca creidmheasa an eisitheora, struchtúr an urrúsaithe agus riosca creidmheasa na sócmhainní foluiteacha;
próifíl leachtachta na hionstraime.
Féadfaidh bainisteoir CMA rabhaidh agus táscairí a chur san áireamh freisin, sa bhreis ar na tosca agus na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear sa mhír seo, i gcás ina bhfuiltear ag cinneadh cáilíocht chreidmheasa ionstraime margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 17(7).
Airteagal 21
Doiciméadú
Déanfaidh bainisteoir CMA doiciméadú ar a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus ar a mheasúnuithe ar cháilíocht chreidmheasa. Áireofar sa doiciméadú gach ceann díobh seo a leanas:
mionsonraí faoi dhearadh agus faoi chúrsaí oibríochtúla a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ar dhóigh a ligeann do na húdaráis inniúla oiriúnacht an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air;
an réasúnaíocht don anailís a thacaíonn leis an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa, agus an anailís féin, chomh maith leis na critéir a roghnaigh bainisteoir an CMA le haghaidh athbhreithniú an mheasúnaithe ar cháilíocht creidmheasa, agus minicíocht an mheasúnaithe sin.
gach mórathrú ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, lena n-áirítear sainaithint na gcúiseanna atá leis na hathruithe sin;
leagan amach an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus struchtúr an rialaithe inmheánaigh;
tuairiscí iomlána ar an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa maidir le hionstraimí, eisitheoirí agus, i gcás inarb ábhartha, ráthóirí aitheanta;
an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa de chúram air nó orthu.
Airteagal 22
Gníomhartha tarmligthe le haghaidh an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na pointí seo a leanas a shonrú:
na critéir chun bailíochtú a dhéanamh ar mhodheolaíocht an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(3);
na critéir chun cainníochtú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa, agus ar riosca coibhneasta mainneachtana eisitheora agus na hionstraime, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(2);
na critéir chun táscairí cáilíochtúla a bhunú maidir le heisitheoir na hionstraime, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 20(2);
brí an athraithe ábharaigh amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 19(4).
Airteagal 23
Rialachas an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa
Beidh tuiscint mhaith ag na páirtithe sin ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus ar na modheolaíochtaí arna gcur i bhfeidhm ag bainisteoir CMA agus beidh miontuiscint acu ar na tuarascálacha bainteacha.
Cuirfear an bhainistíocht shinsearach ar an eolas go rialta faoi fheidhmíocht an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, na réimsí inar sainaithníodh easnaimh agus faoi stádas iarrachtaí agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun easnaimh a sainaithníodh roimhe sin a fheabhsú.
CAIBIDIL III
Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca CMAnna
Airteagal 24
Rialacha punainne le haghaidh CMAnna gearrthéarmacha
Comhlíonfaidh CMA gearrthéarmach ar bhonn leanúnach gach ceann de na ceanglais phunainne seo a leanas:
ní faide ná 60 lá de WAM atá le bheith ag a phunann;
ní faide ná 120 lá de WAL atá le bheith ag a phunann, faoi réir an dara agus an triú fomhír;
le haghaidh CMAnna de chineál LVNAV agus CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, tá ar a laghad 10 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra láoibre amháin a thabhairt. Níl CMA de chineál LVNAV nó CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 10 % a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go laethúil ag an CMA sin;
le haghaidh CMAnna gearrthéarmacha de chineál VNAV, tá ar a laghad 7,5 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra lá oibre amháin a thabhairt. Níl CMA gearrthéarmach VNAV le haon sócmhainn eile a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil i gcás ina bhfágfadh éadáil sócmhainne eile den sórt sin go mbeadh an CMA ansin ag infheistiú níos lú ná 7,5 % dá phunann i sócmhainní a aibíonn go laethúil;
le haghaidh CMAnna de chineál LVNAV agus CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí, tá ar a laghad 30 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA de chineál LVNAV nó CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 30 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ag an CMA sin;
le haghaidh CMA de chineál VNAV, tá ar a laghad 15 % dá shócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra de chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA gearrthéarmach de chineál VNAV le haon sócmhainn eile a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil i gcás ina bhfágfadh éadáil sócmhainne eile den sórt sin go mbeadh an CMA ag infheistiú níos lú ná 15 % dá phunann i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil;
ar mhaithe leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (e) a dhéanamh, féadfar ócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 17(7) atá an-leachtach agus ar féidir iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh de lá oibre amháin agus a bhfuil aibíocht iarmhair suas le 190 lá acu a chur san áireamh freisin leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil atá ag CMA de chineál LVNAV agus CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí suas le teorainn 17,5 % dá shócmhainní;
ar mhaithe leis an ríomh da dtagraítear i bpointe (f) a dhéanamh, féadfar ionstraimí margaidh airgid nó aonaid nó scaireanna CMAnna eile a chur san áireamh leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil atá ag CMA de chinéal VNAV gearrthéarmach suas le teorainn 7,5 % dá shócmhainní, ar choinníoll go bhfuiltear in ann iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh den chéad chúig lá oibre eile.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, nuair a bheidh an WAL á ríomh le haghaidh urrúsuithe, lena n-áirítear ionstraimí struchtúrtha airgeadais, bunóidh an CMA gearrthéarmach an aibíocht a ríomhtar ar aibíocht iarmhair go dtí dáta fuascailte dlíthiúil na n-ionstraimí. I gcás ina ndéanann ionstraim airgeadais ceart díola a leabú, áfach, féadfaidh CMA gearrthéarmach ríomh na haibíochta a bhunú ar dháta feidhmithe an chirt díola in ionad é a bhunú ar an aibíocht iarmhair, ach ní fhéadfar é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh i gcónaí:
is féidir leis an CMA gearrthéarmach an ceart díola a fheidhmiú go neamhshriantach ar a dháta feidhmithe;
tá praghas ceangail an chirt díola fanta cóngarach do luach measta na hionstraime ar an dáta feidhmithe;
tá sé le tuiscint ó straitéis infheistíochta an CMA ghearrthéarmaigh go bhfuil dóchúlacht ard ann go ndéanfar an díol a fheidhmiú ar an dáta feidhmithe.
De mhaolú ar an dara fomhír, tráth a dhéantar WAL a ríomh le haghaidh urrúsuithe agus ABCPanna, féadfaidh CMA gearrthéarmach ríomh na haibíochta a bhunú ina ionad sin, i gcás ionstraimí amúchta, ar cheachtar díobh seo a leanas:
próifíl chonarthach amúchta na n-ionstraimí sin; nó
próifíl amúchta na sócmhainní foluiteacha ónar eascair na sreafaí airgid le haghaidh fhuascailt na n-ionstraimí sin.
Airteagal 25
Rialacha punainne le haghaidh CMAnna caighdeánacha
Comhlíonfaidh CMA caighdeánach gach ceann de na ceanglais seo a leanas ar bhonn leanúnach:
tá WAM nach faide ná sé mhí le bheith ag a phunann i gcónaí;
tá WAL nach faide ná 12 mhí le bheith ag a phunann i gcónaí faoi réir an dara agus an tríú fomhír;
tá ar a laghad 7,5 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra lá oibre amháin a thabhairt. Níl CMA caighdeánach le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 7,5 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go laethúil ag an CMA sin;
tá ar a laghad 15 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA caighdeánach le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 15 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ag an CMA sin;
ar mhaithe leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (d) a dhéanamh, féadfar ionstraimí margaidh airgid nó aonaid nó scaireanna CMAnna eile a chur san áireamh leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil suas le 7,5 % dá shócmhainní, ar choinníoll gur féidir iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh den chéad chúig lá oibre eile.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás ina bhfuil WAL á ríomh le haghaidh urrús, lena n-áirítear ionstraimí struchtúrtha airgeadais, bunóidh CMA caighdeánach ríomh na haibíochta sin ar an aibíocht iarmhair go dtí go dáta fuascailte dlíthiúil na n-ionstraimí. I gcás ina ndéanann ionstraim airgeadais ceart díola a leabú, áfach, féadfaidh an CMA caighdeánach ríomh na haibíochta a bhunú ar dháta feidhmithe an chirt díola in ionad é a bhunú ar an aibíocht iarmhair, ach ní fhéadfaidh sé é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh i gcónaí:
is féidir leis an CMA caighdeánach an ceart díola a fheidhmiú go neamhshriantach ar a dháta feidhmithe;
tá praghas ceangail an chirt díola fanta cóngarach do luach measta na hionstraime ar an dáta feidhmithe;
tá sé le tuiscint ó straitéis infheistíochta an CMA chaighdeánaigh go bhfuil dóchúlacht ard ann go ndéanfar an díol a fheidhmiú ar an dáta feidhmithe.
De mhaolú ar an dara fomhír, tráth a dhéanfar WAL a ríomh le haghaidh urrúsuithe agus ABCPanna, féadfaidh CMA caighdeánach ina ionad sin ríomh na haibíochta a bhunú, i gcás ionstraimí amúchta, ar cheachtar díobh seo a leanas:
próifíl chonarthach amúchta na n-ionstraimí sin;
próifíl amúchta na sócmhainní foluiteacha ónar eascair na sreafaí airgid le haghaidh fhuascailt na n-ionstraimí sin.
Airteagal 26
Rátálacha creidmheasa CMAnna
Aon CMA a shireann nó a mhaoiníonn rátáil chreidmheasa sheachtrach, déanfaidh sé é sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Tabharfaidh CMA nó bainisteoir an CMA le fios go soiléir i réamheolaire an CMA, agus i ngach cumarsáid leis na hinfheisteoirí ina luaitear an rátáil chreidmheasa sheachtrach, go ndearna an CMA nó bainisteoir an CMA an rátáil a shireadh nó a mhaoiniú.
Airteagal 27
An beartas “Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí”
Má théann luach na n-aonad nó na scaireanna atá i seilbh infheisteora aonair thar an gceanglas leachtachta laethúil comhfhreagrach atá ag CMA, déanfaidh bainisteoir an CMA na tosca a leagtar amach i mír 1, chomh maith le gach ceann díobh seo a leanas, a bhreithniú:
pátrúin inaitheanta maidir le riachtanais airgid infheisteoirí, lena n-áirítear an éabhlóid thimthriallach ar líon na scaireanna sa CMA;
col riosca na n-infheisteoirí éagsúla;
méid an chomhghaoil nó na ndlúthnasc idir infheisteoirí éagsúla sa CMA.
Airteagal 28
Tástáil struis
Bunófar na tástálacha struis ar chritéir oibiachtúla agus cuirfear san áireamh iontu na héifeachtaí a bheadh ag géarchásanna inchreidte. Maidir leis na cásanna a áireofar sna tástálacha struis, cuirfear san áireamh iontu, ar a laghad, paraiméadair thagartha lena n-áirítear na tosca seo a leanas:
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal leachtachta na sócmhainní i bpunann an CMA;
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal an riosca creidmheasa a bhaineann leis na sócmhainní i bpunann an CMA, lena n-áirítear teagmhais chreidmheasa agus teagmhais rátála;
athruithe hipitéiseacha ar na rátaí úis agus ar na rátaí malairte;
leibhéil fuascailte hipitéiseacha;
fairsingiú nó caolú hipitéiseach ar leathnuithe idir innéacsanna arb innéacsanna iad a bhfuil rátaí úis infheistíochtaí punainne ceangailte leo;
turraingí macraishistéamacha hipitéiseacha a d'imreodh tionchar ar an ngeilleagar ina iomláine.
I gcás inar gá, déanfaidh bainisteoir CMA gníomhaíocht chun stóinseacht an CMA a neartú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a athneartóidh leachtacht nó cáilíocht shócmhainní an CMA agus cuirfidh sé údarás inniúil an CMA ar an eolas láithreach maidir leis na bearta atá déanta.
Cuirfear an tuarascáil fhorleathan agus an plean gníomhaíochta faoi bhráid údarás inniúil an CMA lena n-athbhreithniú.
CAIBIDIL IV
Rialacha luachála
Airteagal 29
CMAnna a luacháil
Agus marcáil de réir an mhargaidh á úsáid:
déanfar sócmhainn CMA a luacháil agus an taobh is stuama de thairiscint agus atairiscint ina bhonn léi ach amháin más féidir an tsócmhainn a ghlanadh ar mheánmhargadh;
ní úsáidfear ach sonraí margaidh d'ardcháilíocht; déanfar sonraí den sórt sin a mheasúnú ar bhonn gach ceann de na tosca seo a leanas:
líon agus cáilíocht na gcontrapháirtithe;
méid agus láimhdeachas shócmhainn an CMA sa mhargadh;
méid na heisiúna agus an sciar den eisiúint atá beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol.
Déanfaidh an tsamhail luach intreach sócmhainne CMA a mheas go cruinn, bunaithe ar gach ceann de na príomhthosca cothrom le dáta seo a leanas:
méid agus láimhdeachas na sócmhainne sin sa mhargadh;
méid na heisiúna agus an sciar den eisiúint atá beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol;
an riosca margaidh, an riosca ráta úis agus an riosca creidmheasa a bhaineann leis an tsócmhainn.
I gcás ina n-úsáidfear marcáil de réir samhla, ní úsáidfear modh an chostais amúchta.
Ní úsáidfear modh an chostais amúchta chun sócmhainn CMA de chineál LVNAV a luacháil ach amháin i gcás nach mó ná 10 mbonnphointe an difríocht idir praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4 agus praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I gcás difríocht den sórt sin, ríomhfar praghas na sócmhainne sin i gcomhréir le mír 2, le mír 3 agus le mír 4.
Airteagal 30
NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire a ríomh
Airteagal 31
NAV in aghaidh an aonaid nó in aghaidh na scaire de CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a ríomh
Airteagal 32
NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA de chineál LVNAV a ríomh
Airteagal 33
Praghas eisiúna agus fuascailte
De mhaolú ar mhír 1:
féadfar na haonaid nó scaireanna atá ag CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a eisiúint nó a fhuascailt ag praghas atá comhionann le NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire atá ag CMA;
ní fhéadfar aonaid nó scaireanna CMA de chineál LVNAV a eisiúint nó a fhuascailt ag praghas atá comhionann le NAV seasmhach in aghaidh aonad nó na scaire an CMA sin, ach amháin i gcás nach mó ná 20 bonnphointe an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32(1), (2) agus (3) agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30.
I ndáil le pointe (b), i gcás inar mó na 20 bonnphointe an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32(1), (2) agus (3) agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30, déanfar an fhuascailt nó an tsuibscríbhinn ina dhiaidh sin ag praghas a bheidh comhionann leis an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le h Airteagal 30.
Sula dtabharfar an conradh i gcrích, tabharfaidh bainisteoir CMA rabhadh soiléir i scríbhinn d'infheisteoirí ionchasacha maidir leis na himthosca nach ndéanfaidh an CMA de chineál LVNAV fuascailt nó suibscríobh ag NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire a thuilleadh.
CAIBIDIL V
Ceanglais shonracha do CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachais phoiblí agus do CMAnna de chineál LVNAV
Airteagal 34
Ceanglais shonracha do CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus do CMAnna de chineál LVNAV
Agus comhlíonadh na dtairseach leachtachta á n-áirithiú, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
aon uair a thiteann coibhneas na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil mar a leagtar amach i bpointe (e) d'Airteagal 24(1) iad faoi bhun 30 % d'iomlán shócmhainní an CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó an CMA de chineál LVNAV agus gur mó na glanfhuascailtí laethúla i lá oibre aonair ná 10 %, cuirfidh bainisteoir an CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó an CMA de chineál LVNAV an méid sin in iúl láithreach dá bhord, agus déanfaidh an bord measúnú doiciméadaithe ar an staid chun a chinneadh cad atá le déanamh agus aird á tabhairt aige ar leasanna na n-infheiteoirí, agus déanfaidh sé cinneadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:
táillí leachtachta ar fhuascailtí ar léiriú leormhaith iad ar an gcostas a chuirtear ar an CMA chun leachtacht a ghnóthú agus ar táillí iad lena n-áiríthítear nach mbeidh infheisteoirí a fhanann sa chiste faoi aon mhíbhuntáiste mhíchothrom nuair a fhuasclaíonn infheisteoirí eile a n-aonaid nó a scaireanna le linn na tréimhse;
geataí fuascailte lena gcuirtear teorainn le líon na scaireanna nó na n-aonad atá le fuascailt ar aon lá oibre amháin arb é uasmhéid na teorann sin ná 10 % de scaireanna nó aonaid an CMA d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre;
fionraí ar fhuascailtí d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre; nó
gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh láithreach seachas an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 24(2) a chomhlíonadh;
aon uair a thiteann coibhneas na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil mar a leagtar amach i bpointe (e) d'Airteagal 24(1) iad faoi bhun 10 % d'iomlán a shócmhainní, cuirfidh bainisteoir CMA de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí nó CMA de chineál LVNAV an méid sin in iúl láithreach dá bhord, agus déanfaidh an bord measúnú doiciméadaithe ar an staid agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin agus ag féachaint do leas na n-infheisteoirí, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm agus coinneoidh sé cuntas doiciméadach ar na cúiseanna a bhí lena rogha:
táillí leachtachta ar fhuascailtí ar léiriú leormhaith iad ar an gcostas a chuirtear ar an CMA chun leachtacht a ghnóthú agus ar táillí iad lena n-áiríthítear nach mbeidh infheisteoirí a fhanann sa chiste faoi aon mhíbhuntáiste míchothrom nuair a fhuasclaíonn infheisteoirí eile a n-aonaid nó a scaireanna le linn na tréimhse;
fionraí ar fhuascailtí d'aon tréimhse nach faide ná 15 lá oibre.
CAIBIDIL VI
Tacaíocht sheachtrach
Airteagal 35
Tacaíocht sheachtrach
Déanfar an méid seo a leanas a áireamh mar thacaíocht sheachtrach:
instealltaí airgid thirim ó thríú páirtí;
sócmhainní an CMA arna gceannach ag tríú páirtí ar phraghas boilscithe;
aonaid nó scaireanna an CMA arna gceannach ag tríú páirtí chun leachtacht a sholáthar don chiste;
aon chineál ráthaíochta follasaí nó intuigthe, aon bharánta nó litir thacaíochta chun leasa an CMA a eisíonn tríú páirtí;
aon ghníomhaíocht a dhéanann tríú páirtí a bhfuil sé mar chuspóir díreach nó indíreach aige próifíl leachtachta an CMA agus NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire an CMA a chothabháil.
CAIBIDIL VII
Ceanglais trédhearcachta
Airteagal 36
Trédhearcacht
Cuirfidh bainisteoir CMA an fhaisnéis seo a leanas ar fad ar fáil d'infheisteoirí an CMA ar bhonn seachtainiúil ar a laghad:
miondealú ar aibíocht phunainne an CMA;
próifíl chreidmheasa an CMA;
WAM agus WAL an CMA;
mionsonraí na 10 sealúchas is mó sa CMA, lena n-áiritear ainm, tír, aibíocht agus cineál na sócmhainne, agus an contrapháirtí i gcás comhaontuithe athcheannaigh agus comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais;
luach iomlán shócmhainní an CMA;
glantoradh an CMA.
In aon doiciméad de chuid CMA a úsáidtear chun críocha margaíochta, áireofar go soiléir ann gach ceann de na ráitis seo a leanas:
nach infheistíocht ráthaithe é an CMA;
go bhfuil difríocht ann idir infheistíocht in CMAnna agus infheistíocht i dtaiscí, le tagairt ar leith don riosca go bhféadfadh luaineacht tarlú sa phíomhshuim arna hinfheistiú in CMA;
nach mbraitheann an CMA ar thacaíocht sheachtrach chun leachtacht an CMA a ráthú ná chun an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire a chobhsú;
go bhfuil an t-infheisteoir chun an riosca go gcaillfí an phíomhshuim a iompar.
Míneoidh CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus CMAnna de chineál LVNAV go soiléir d'infheisteoirí agus d'infheisteoirí ionchasacha aon úsáid a bhaintear as modh an chostais amúchta nó as slánú, nó astu araon.
Airteagal 37
Tuairisciú do na húdaráis inniúla
De mhaolú ar an gcéad fhomhír i gcás CMA nach mó ná EUR 100 000 000 luach a shócmhainnní atá á mbainistiú, déanfaidh bainisteoir an CMA faisnéis a thuairisciú d'údarás inniúil an CMA, ar bhonn bliantúil ar a laghad.
Arna iarraidh sin ar bhainisteoir CMA, tabharfaidh sé an fhaisnéis arna tuairisciú de bhun an chéad agus an dara fo-mhír d'údarás inniúil bhainisteoir CMA freisin murab ionann é agus údarás inniúil an CMA.
Is iad na pointí seo a leanas a bheidh san fhaisnéis arna tuairisciú de bhun mhír 1:
cineál agus saintréithe an CMA;
táscairí punainne amhail luach iomlán na sócmhainní, NAV, WAM, WAL, miondealú ar aibíocht, leachtacht agus toradh;
torthaí na dtastálacha struis agus, i gcás inarb infheidhme, an plean gníomhaíochta beartaithe;
faisnéis ar na sócmhainní arna sealbhú i bpunann an CMA, lena n-áirítear:
saintréithe gach sócmhainne, amhail ainm, tír, catagóir eisitheora, riosca eisitheora nó aibíocht eisitheora, agus toradh an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar an gcáilíocht chreidmheasa;
cineál na sócmhainne, lena n-áirítear mionsonraí faoin gcontrapháirtí i gcás ina bhfuil díorthaigh, comhaontaithe athcheannaigh nó comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais i gceist;
faisnéis faoi dhliteanais an CMA, lena n-áirítear:
an tír ina bhfuil an t-infheisteoir bunaithe;
catagóir an infheisteora;
aon ghníomhaíocht suibscríbhinne nó fuascailte.
Más gá agus má tá bonn cirt leis, féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise a shireadh.
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, agus do gach CMA de chineál LVNAV atá á bhainistiú aige, tuairisceoidh bainisteoir CMA an méid seo a leanas:
gach teagmhas inar mó na 10 mbonnphointe an difríocht idir praghas sócmhainne arna luacháil le modh an chostais amúchta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 29(7) agus praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 29(2), (3) agus (4);
gach teagmhas inar mó ná 20 bonnphointe an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) agus (2) agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30;
gach teagmhas ina dtarlaíonn staid a luaitear in Airteagal 34(3) chomh maith leis na bearta a rinne an bord i gcomhréir le pointe (a) agus (b) d'Airteagal 34(1).
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Eanáir 2018.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Baileoidh ÚEUM an fhaisnéis chun bunachar sonraí lárnach a chruthú de na CMAnna ar fad arna mbunú, arna mbainistiú nó arna gcur ar an margadh san Aontas. Is chun críocha staidrimh amháin a bheidh ceart rochtana ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an mbunachar sonraí sin.
Airteagal 37a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin ná ESMA. Bainfidh ESMA na sonraí sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Rialachán seo chun an clár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán seo a bhunú.
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an chiste lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2023/2859;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
CAIBIDIL VIII
Maoirseacht
Airteagal 38
Maoirseacht ag na húdaráis inniúla
Airteagal 39
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Gan dochar do na cumhachtaí a dhílsítear d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó le Treoir 2011/61/AE, de réir mar is infheidhme, beidh ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gach cumhacht maoirseachta agus imscrúdaithe is gá lena gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an Rialachán seo. Beidh an chumhacht acu, go háirithe, chun gach ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
a iarraidh ar CMA nó ar bhainisteoir CMA faisnéis a sholáthar gan mhoill;
faisnéis a iarraidh ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí CMA nó le gníomhaíochtaí bainisteora CMA;
tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;
bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann CMA nó bainisteoir CMA den Rialachán seo a chomhlíonadh;
ordú a eisiúint chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh CMA nó bainisteoir CMA an Rialachán seo agus go scoirfidh sé ó aon athdhéanamh iompraíochta a d'fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo.
Airteagal 40
Pionóis agus bearta eile
Airteagal 41
Bearta sonracha
Gan dochar do na cumhachtaí a dhílsítear d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó le Treoir 2011/61/AE, de réir mar is infheidhme, déanfaidh údarás inniúil CMA nó bainisteoir CMA, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna, na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh i gcás ina ndéanann CMA nó bainisteoir CMA aon cheann de na nithe seo a leanas:
mainníonn sé aon cheanglais maidir le comhdhéanamh sócmhainne a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagal 9 go hAirteagal 16;
mainníonn sé aon cheanglais phunainne a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 17, 18, 24, nó 25;
faigheann sé údarú trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon slí mhírialta eile, lena sáraítear Airteagal 4 nó Airteagal 5;
úsáideann sé an t-ainmniúchán “ciste margaidh airgid”“CMA” nó ainm eile lena dtugtar le fios gur CMA atá in GCUI nó CIM, lena sáraítear Airteagal 6;
mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir leis an measúnú ar cháilíocht creidmheasa inmhéanach a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagal 19 nó Airteagal 20;
mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir le rialachas, le doiciméadacht nó le trédhearcacht a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 21, 23, 26, 27, 28 nó 36;
mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir le luacháil a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 29, 30, 31, 32, 33 nó 34.
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údarás inniúil CMA, de réir mar is iomchuí:
bearta a ghlacadh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an CMA nó bainisteoir CMA na forálacha ábhartha;
údarú a tharraingt siar a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 4 nó le hAirteagal 5.
Airteagal 42
Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM
Airteagal 43
Comhar idir údaráis
CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 44
Láimhseáil GCUInna agus CIManna atá ann cheana
Airteagal 45
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 46
Athbhreithniú
San athbhreithniú sin déanfar an méid seo a leanas go háirithe:
anailíseofar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí, ar CMAnna agus ar bhainisteoirí CMAnna san Aontas;
measúnófar an ról atá ag CMAnna i gceannach fiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit;
cuirfear san áireamh saintréithe an fhiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit agus an ról atá ag an bhfiachas sin i maoiniú na mBallstát;
cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
cuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo ar na margaí maoinithe gearrthéarmacha;
cuirfear forbairtí rialála ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh.
Faoin 21 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena indéanta atá sé go mbunófar cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE. Beidh aird sa tuarascáil sin ar infhaighteacht ionstraimí fiachais phoiblí an Aontais agus déanfar measúnú inti ar a oiriúnaí a bheadh CMAnna de chineál LVNAV mar rogha mhalartach ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE. Má thagann an Coimisiún ar an tátal sa tuarascáil nach indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach ná céimniú amach a dhéanamh ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhfuil méid neamhtheoranta d'fhiachas poiblí neamh-AE acu, tá sé leis na cúiseanna ina leith sin a thabhairt. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an tátal gurb indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach, féadfaidh an Coimisiún moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le cuóta den sórt sin a thabhairt isteach, ina ndéanfaí 80 % ar a laghad de shócmhainní CMAnna de chineál CNAV haghaidh fiachas poiblí a infheistiú in ionstraimí fiachais phoiblí AE. Sa bhreis air sin, má thagann an Coimisiún ar an tátal gur rogha mhalartach iomchuí iad CMAnna de chineál LVNAV ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE, féadfaidh sé moltaí reachtacha iomchuí a dhéanamh maidir leis an maolú ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhaint ina iomláine.
Cuirfear torthaí an athbhreithnithe sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon, agus, beidh tograí iomchuí le haghaidh leasuithe ag gabháil leis na torthaí sin, i gcás inar gá.
Airteagal 47
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 21 Iúil 2018, seachas i gcás Airteagal 11(4), Airteagal 15(7), Airteagal 22 agus Airteagal 37(4) a mbeidh feidhm acu ón 20 Iúil 2017.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir 2007/16/CE ón gCoimisiún an 19 Márta 2007 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 85/611/CEE ón gComhairle maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a mhéid a bhaineann le soiléiriú sainmhínithe áirithe (IO L 79, 20.3.2007, lch. 11).
( 2 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).
( 3 ) Regulation (EU) 2017/2402 of the European Parliament and of the Council of 12 December 2017 laying down a general framework for securitisation and creating a specific framework for simple, transparent and standardised securitisation, and amending Directives 2009/65/EC, 2009/138/EC and 2011/61/EU and Regulations (EC) No 1060/2009 and (EU) No 648/2012 (OJ L 347, 28.12.2017, p. 35)
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
( 5 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 6 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
( 7 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859,20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).