EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02017R0821-20170519

Consolidated text: Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/821/2017-05-19

02017R0821 — GA — 19.05.2017 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/821 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca

(IO L 130 19.5.2017, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 127, 23.5.2018, lch.  2 (2017/821)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/821 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Sa Rialachán seo bunaítear córas Aontais díchill chuí sa slabhra soláthair (“córas an Aontais”) chun srian a chur leis na deiseanna a bhíonn ag grúpaí armtha agus ag fórsaí slándála stán, tantalam agus tungstan, mar aon lena gcuid mianta, agus ór, a thrádáil. Tá an Rialachán seo deartha chun deimhneacht a sholáthar i dtaca le cleachtais soláthair allmhaireoirí de chuid an Aontais, bruithneoirí agus athleádóirí a fhoinsíonn acmhainní i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ardriosca.

2.  Sa Rialachán seo leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail ina bhfuil stán, tantalam, tungstan nó ór, nó mianraí agus miotail atá comhdhéanta astu, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hallmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail a bhfuil méid bliantúil allmhairí gach mianra nó miotail lena mbaineann faoi bhun na dtairseach méide a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Tá gach tairseach méide socraithe ag leibhéal a áirithíonn go bhfuil formhór mór ach gan níos lú ná 95 % d'iomlán na méideanna a allmhairítear isteach san Aontas de gach mianra agus miotal faoin gcód Ainmníochta Chomhcheangailte faoi réir oibleagáidí allmhaireoirí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo.

4.  Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 19, más féidir, faoin 1 Aibreán 2020, ach tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2020, chun Iarscríbhinn I a leasú trí na tairseacha méide a bhunú le haghaidh mianta tantalaim nó niaibiam, agus tiúcháin díobh, le haghaidh mianta óir agus tiúchain díobh, le haghaidh ocsaídí stáin agus hiodrocsaídí agus le haghaidh tantaláití agus cairbídí tantalaim.

5.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 19 chun na tairseacha a liostaítear cheana in Iarscríbhinn I a leasú gach trí bliana tar éis an 1 Eanáir 2021.

6.  Cé is moite d'Airteagal 7(4), ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le miotail athchúrsáilte.

7.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le stoiceanna i gcás ina léiríonn allmhaireoir de chuid an Aontais gur cruthaíodh na stoiceanna sin san fhoirm ina bhfuil siad faoi láthair ar dháta infhíoraithe roimh an 1 Feabhra 2013.

8.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le mianraí agus miotal a leagtar amach in Iarscríbhinn I a fhaightear mar fhotháirgí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(t).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn “mianraí” an méid seo a leanas mar a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I:

 mianta agus tiúcháin ina bhfuil stán, tantalam agus tungstan, nó

 ór;

(b) ciallaíonn “miotail” miotail ina bhfuil stán, tantalam agus tungstan nó ór mar a liostaítear i gcuid B d'Iarscríbhinn I;

(c) ciallaíonn “slabhra soláthair mianraí” an córas gníomhaíochtaí, eagraíochtaí, gníomhaithe, teicneolaíochta, faisnéise, acmhainní agus seirbhísí a bhíonn ag plé le mianraí a aistriú agus a phróiseáil ó shuíomh an eastósctha ar aghaidh go dtí a n-ionchorprú sa táirge deiridh;

▼C1

(d) ciallaíonn “dícheall cuí sa slabhra soláthair” na hoibleagáidí atá ar allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór i ndáil lena gcórais bainistithe, bainistithe riosca, iniúchóireachtaí tríú páirtí neamhspleácha agus nochta faisnéise d’fhonn rioscaí iarbhír agus ionchasacha a bhaineann le limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus le limistéir ardriosca a shainaithint agus dul i ngleic leo chun ain-iarmhairtí a leanann as a ngníomhaíochtaí foinsithe a chosc nó a laghdú;

▼B

(e) ciallaíonn “córas inrianaitheachta slabhra coimeádta nó slabhra soláthair” taifead de na hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil coimeád mianraí agus miotal acu agus iad ag dul tríd an slabhra soláthair;

(f) ciallaíonn “limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó limistéir ardriosca” limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha, nó atá leochaileach tar éis coinbhleachta chomh maith le limistéir ina bhfuil an rialachas agus an tslándáil lag nó gan a bheith ann ar chor ar bith, amhail stáit theipthe, agus ina sáraítear go forleitheadach agus go córasach an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear sáruithe ar chearta an duine;

(g) ciallaíonn “grúpaí armtha agus fórsaí slándála” grúpaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht CCFE um Dhícheall Cuí;

(h) ciallaíonn “bruithneoir agus athleádóir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá i mbun cineálacha de mhiotalóireacht eastóscach ina ndéantar céimeanna próiseála éagsúla agus é mar aidhm aige miotal a tháirgeadh as mianach;

(i) ciallaíonn “bruithneoirí nó athleádóirí freagracha domhanda” bruithneoirí nó athleádóirí atá suite laistigh den Aontas nó lasmuigh de agus a meastar go gcomhlíonann siad oibleagáidí an Rialacháin seo;

(j) ciallaíonn “réamhtheachtach” an slabhra soláthair mianach ó shuíomhanna an eastósctha ar aghaidh go dtí na bruithneoirí nó na hathleádóirí, iad araon san áireamh;

(k) ciallaíonn “iartheachtach” an slabhra soláthair miotail ón gcéim tar éis na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí ar aghaidh go dtí an táirge deiridh;

(l) ciallaíonn “allmhaireoir de chuid an Aontais” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhearbhaíonn mianraí nó miotail lena scaoileadh chun saorchúrsaíochta de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar thar a cheann a dhéantar an dearbhú sin, mar a léirítear in eilimintí sonraí 3/15 agus i mír sonraí 3/16 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún ( 2 );

▼C1

(m) ciallaíonn “scéim díchill chuí sa slabhra soláthair” nó “scéim díchill chuí” teaglaim de nósanna imeachta, uirlisí agus sásraí saorálacha díchill chuí sa slabhra soláthair, lena n-áirítear iniúchóireachtaí tríú páirtí neamhspleácha, arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag rialtais, comhlachais thionsclaíocha, nó grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara;

▼B

(n) ciallaíonn “údaráis inniúla Ballstáit” an t-údarás nó na húdaráis ainmnithe atá ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhfuil saineolas acu maidir le hamhábhair, próisis thionsclaíocha agus iniúchóireacht;

(o) ciallaíonn “Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí” Treoraíocht ECFE i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca (an Dara hEagrán, ECFE 2013), lena n-áirítear a hIarscríbhinní agus a Forlíontaí go léir;

(p) ciallaíonn “sásra casaoide” sásra feasachta riosca luathrabhaidh lenar féidir le haon pháirtí leasmhar, lena n-áirítear sceithirí, ábhar imní atá acu a chur in iúl i dtaobh imthosca ina bhfuil mianraí á n-eastóscadh, á dtrádáil, á láimhseáil agus á n-onnmhairiú i limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó i limistéir ardriosca;

(q) ciallaíonn “beartas don slabhra soláthair eiseamláireach” beartas don slabhra soláthair atá i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí ina leagtar amach rioscaí ain-iarmhartacha móra a d'fhéadfadh bheith ag gabháil le heastóscadh, trádáil, láimhseáil agus onnmhairiú mianraí ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó ó limistéir ardriosca;

(r) ciallaíonn “plean bainistithe riosca” freagairt i scríbhinn ó allmhaireoir de chuid an Aontais ar na rioscaí aitheanta sa slabhra soláthair bunaithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;

(s) ciallaíonn “miotail athchúrsáilte” táirgí úsáideora deiridh nó iarthomhaltais athshlánaithe, nó dramh-mhiotail phróiseáilte a rinneadh le linn monarú táirgí; folaíonn “miotail athchúrsáilte” ábhair bhreise, imithe i léig, lochtacha agus dramh-mhiotail, ina bhfuil miotail athleáite nó phróiseáilte atá oiriúnach lena n-athchúrsáil i dtáirgeadh stáin, tantalaim, tungstain nó óir. Chun críocha an tsainmhínithe seo, ní mheastar mianraí atá próiseáilte go páirteach, neamhphróiseáilte nó ar fotháirge iad de mhian eile a bheith ina miotail athchúrsáilte;

(t) ciallaíonn “fotháirge” mianra nó miotal a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a fuarthas as mianra nó miotal a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo a phróiseáil, agus nach bhfaighfí an fotháirge sin gan an mianra nó an miotal príomhúil a phróiseáil a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo;

(u) ciallaíonn “dáta infhíoraithe” dáta is féidir a fhíorú trí chigireacht a dhéanamh ar dhátstampaí fisiciúla ar tháirgí nó ar liostaí fardail.

Airteagal 3

Oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair a bheith á gcomhlíonadh ag allmhaireoirí de chuid an Aontais

1.  Déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo na hoibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus coimeádfaidh sé doiciméadacht lena léirítear go bhfuil na hoibleagáidí sin, lena n-áirítear torthaí na n-iniúchóireachtaí neamhspleácha tríú páirtí, á gcomhlíonadh acu faoi seach.

2.  Beidh na Ballstáit freagrach as seiceálacha iomchuí ex post de bhun Airteagal 11 a dhéanamh.

3.  De bhun Airteagal 8(1), féadfaidh páirtithe leasmhara scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair a chur isteach le haitheantas a fháil dóibh ón gCoimisiún d'fhonn éascú a dhéanamh ar na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 4 go hAirteagal 7 a bheith á gcomhlíonadh ag allmhaireoirí de chuid an Aontais.

Airteagal 4

Oibleagáidí maidir le córais bhainistíochta

Déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail na nithe seo a leanas:

(a) beartas slabhra soláthair maidir le mianraí agus na miotail a d'fhéadfadh a bheith de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca a ghlacadh agus faisnéis cothrom le dáta faoi a chur in iúl go soiléir do sholáthróirí agus don phobal;

(b) caighdeáin a ndéanfar an dícheall cuí sa slabhra soláthair ina leith a ionchorprú sa slabhra soláthair a ionchorprú sna caighdeáin a leagtar amach sa samhailbheartas don slabhra soláthair in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;

(c) struchtúr a gcórais bhainistíochta inmheánach faoi seach a cheapadh sa chaoi is go dtacóidh sé le dícheall cuí sa slabhra soláthair trína chur de chúram ar bhainistíocht shinsearacha, i gcásanna nuair nach duine nádúrtha é an t-allmhaireoir de chuid an Aontais, den fhoireann maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas díchill chuí sa slabhra soláthair agus taifid a choimeád de na córais sin ar feadh cúig bliana ar a laghad;

(d) a gcomhar le soláthróirí a neartú trína mbeartais slabhra soláthair a ionchorprú i gconarthaí agus i gcomhaontuithe le soláthróirí, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;

(e) sásra casaoide a bhunú a bheidh ina chóras feasachta riosca luathrabhaidh nó an sásra sin a sholáthar trí shocruithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha nó le heagraíochtaí eile, nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlachta sheachtraigh amhail ombudsman;

(f) i dtaca le mianraí, córas inrianaitheachta sa slabhra coimeádta nó sa slabhra soláthair a oibriú, a thabharfaidh, agus doiciméadacht ag gabháil léi, an fhaisnéis seo a leanas:

(i) tuairisc ar an mianra, lena n-áirítear a ainm trádála agus a chineál;

(ii) ainm agus seoladh sholáthróir an allmhaireora de chuid an Aontais;

(iii) tír thionscnaimh na mianraí;

(iv) cainníochtaí agus dátaí eastósctha, má tá siad ar fáil, arna sloinneadh de réir méide nó meáchain;

(v) i gcás ina bhfuil na mianraí de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca, nó i gcás ina bhfuil rioscaí eile sa slabhra soláthair mar a liostaítear i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí fionnta ag an allmhaireoir de chuid an Aontais, soláthrófar faisnéis bhreise, i gcomhréir leis na moltaí sonracha d'oibreoirí eacnamaíocha iartheachtacha a leagtar amach i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, amhail an mianach as ar baineadh an mianra; suíomhanna ina ndéantar mianraí a bhailiú, a thrádáil agus a phróiseáil; agus cánacha, táillí agus ríchíosanna arna n-íoc;

(g) i dtaca le miotail, córas inrianaitheachta sa slabhra coimeádta nó sa slabhra soláthair a oibriú, a thabharfaidh, agus doiciméadacht ag gabháil léi, an fhaisnéis seo a leanas:

(i) tuairisc ar an miotal, lena n-áirítear a ainm trádála agus a chineál;

(ii) ainm agus seoladh sholáthróir an allmhaireora;

(iii) ainm agus seoladh na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí i slabhra soláthair an allmhaireora de chuid an Aontais;

(iv) má tá siad ar fáil, taifid ar thuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí, nó fianaise ar scéim díchill chuí sa slabhra soláthair, arna haithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8, a bheith á comhlíonadh;

(v) mura bhfuil na taifid dá dtagraítear i bpointe (iv) ar fáil:

 tíortha tionscnaimh na mianraí i slabhra soláthair na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí;

 nuair is ar mhianraí de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca atá na miotail bunaithe, nó nuair a bhíonn rioscaí eile sa slabhra soláthair mar a liostaítear i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí fionnta ag an allmhaireoir de chuid an Aontais, soláthrófar faisnéis bhreise i gcomhréir leis na moltaí sonracha d'oibreoirí eacnamaíocha iartheachtacha a leagtar amach sa Treoraíocht sin;

(h) maidir le fotháirgí, faisnéis a sholáthar arna tacú le doiciméadacht amhail ó phointe tionscnaimh na dtáirgí sin, eadhon an pointe ina ndéantar an fotháirge mianra nó miotail a dheighilt ar dtús óna mhianra príomhúil nó ó mhiotal lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca

1.  Déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí an méid seo a leanas:

(a) na rioscaí go dtiocfaidh ain-iarmhairtí as a shlabhra soláthair mianraí a shainaithint agus a mheasúnú ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun Airteagal 4 de réir chaighdeáin a bheartais slabhra soláthair, i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus moltaí maidir le dícheall cuí atá i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí;

(b) straitéis a chur chun feidhme chun déileáil leis na rioscaí a aithníodh, ionas gur féidir ain-iarmhairtí a chosc nó a laghdú tríd an méid seo a leanas:

(i) torthaí an mheasúnaithe riosca ar an slabhra soláthair a thuairisciú dá bhainistíocht shinsearach atá ainmnithe chun na críche sin, i gcásanna nuair nach duine nádúrtha é an t-allmhaireoir de chuid an Aontais;

(ii) bearta maidir le bainistiú riosca a ghlacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus leis na moltaí díchill chuí i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, ag cur san áireamh a gcumas tionchar a imirt, agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar sholáthróirí ar féidir leo an riosca a chosc nó a mhaolú ar an dóigh is éifeachtaí, ionas gur féidir ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:

 leanúint de bheith ag trádáil, agus san am céanna, bearta intomhaiste um maolú riosca a chur chun feidhme;

 trádáil a fhionraí go sealadach a fhad is atá bearta intomhaiste um maolú riosca á gcur chun feidhme; nó

 scor de bheith ag déileáil le soláthróir má theipeann ar na bearta um maolú riosca;

(iii) an plean bainistithe riosca a chur chun feidhme, rianú agus faireachán a dhéanamh ar a fheabhas atá na bearta um maolú riosca ag cruthú, tuairisciú don bhainistíocht shinsearach atá ainmnithe chun na críche sin, i gcásanna nuair nach duine nádúrtha é an t-allmhaireoir de chuid an Aontais, agus cuimhneamh ar scor de bheith ag déileáil le soláthróir nó an déileáil a dhéantar leis a fhionraí má theipeann ar na bearta um maolú riosca;

(iv) tuilleadh measúnuithe riosca agus faisnéise a dhéanamh i gcás rioscaí nach mór a mhaolú, nó tar éis athrú ar imthosca.

2.  Má dhéanann allmhaireoir mianraí de chuid an Aontais bearta um maolú riosca a chur i bhfeidhm agus, san am céanna, é ag leanúint de bheith ag trádáil nó an trádáil curtha ar fionraí go sealadach aige, rachaidh sé i gcomhairle le soláthróirí agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis rialtais áitiúla agus lárnacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus tríú páirtithe a ndéanann sé difear dóibh, agus comhaontóidh siad ar straitéis maolaithe riosca intomhaiste mar chuid den phlean bainistithe riosca.

3.  Ar mhaithe le straitéisí a bhaineann le coinbhleacht agus ardriosca a cheapadh le haghaidh maolú sa phlean bainistithe riosca, braithfidh allmhaireoir de chuid an Aontais de mianraí ar na bearta agus ar na táscairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí agus déanfaidh sé an dul chun cinn forchéimnitheach a thomhas.

4.  Deanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhiotail na rioscaí ina slabhraí soláthair a shainaithint agus a mheasúnú, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí agus leis na moltaí sonracha a leagtar amach sa Treoraíocht sin, bunaithe ar na tuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí atá ar fáil maidir leis na bruithneoirí agus na hathleádóirí sa slabhra sin agus trí mheasúnú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, ar chleachtais díchill chuí na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí ina shlabhra soláthair. Beidh na hiniúchóireachtaí tríú páirtí sin i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Rialachán seo. In éagmais na dtuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí sin ó na bruithneoirí agus ó na hathleádóirí ina slabhra soláthair, déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhiotail na rioscaí ina slabhraí soláthair a shainaithint agus a mheasúnú mar chuid dá chóras bainistithe riosca féin. Sna cásanna sin, déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhiotail iniúchóireachtaí ar a dhícheall cuí féin sa slabhra soláthair via tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.

5.  I gcásanna nuair nach daoine nádúrtha iad, déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhiotail torthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 4 a thuairisciú chuig a mbainistíocht shinsearach a bheidh ainmnithe chun na críche sin agus cuirfidh siad chun feidhme straitéis freagartha a bheidh ceaptha chun iarmhairtí dochracha a chosc nó a laghdú, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí agus leis na moltaí sonracha a leagtar amach sa Treoraíocht sin.

Airteagal 6

Oibleagáidí maidir le hiniúchóireachtaí tríú páirtí

1.  Déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó miotal, iniúchóireachtaí trí thríú páirtí neamhspleách (“iniúchadh tríú páirtí”).

San iniúchóireacht tríú páirtí déanfar an méid seo a leanas:

(a) gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile an allmhaireora Aontais a úsáidtear chun an dícheall cuí a chur chun feidhme sa slabhra soláthair i dtaca le mianraí agus miotail atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo a áireamh faoi raon feidhme na hiniúchóireachta, lena n-áirítear córas bainistíochta an allmhaireora Aontais, bainistiú riosca, agus nochtadh faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7 faoi seach;

(b) a bheith mar chuspóir aige cleachtais díchill chuí i slabhra soláthair an allmhaireora de chuid an Aontais a chinntiú i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7;

(c) moltaí a dhéanamh don allmhaireoir de chuid an Aontais maidir le conas feabhas a chur ar a chleachtais díchill chuí ina shlabhra soláthair; agus

(d) prionsabail iniúchóireachta an neamhspleáchais, na hinniúlachta agus na cuntasachta mar a leagtar amach i dTreoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí a urramú.

2.  Díolmhófar allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhiotail ón oibleagáid iniúchóireachtaí tríú páirtí a dhéanamh de bhun mhír 1, ar choinníoll go gcuireann siad fianaise shubstainteach ar fáil, lena n-áiritear tuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí, a thaispeánann go gcomhlíonann na bruithneoirí agus na hathleádóirí uile ina slabhra soláthair an Rialachán seo.

Measfar an ceanglas d'fhianaise shubstainteach bheith comhlíonta i gcás ina dtaispeánann allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhiotail go bhfuil siad ag foinsiú go huile agus go hiomlán ó bhruithneoirí agus ó athleádóirí arna liostú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9.

Airteagal 7

Oibleagáidí maidir le nochtadh

1.  Maidir leis na tuarascálacha d'aon iniúchóireacht tríú páirtí a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 nó fianaise chomhréireachta le scéim dhíchill chuí i slabhra soláthair arna aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8, cuirfidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail ar fáil iad d'údaráis inniúla an Bhallstáit,.

2.  Déanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail an fhaisnéis ar fad a fuair siad agus atá fós acu de thoradh a ndíchill chuí sa slabhra soláthair a chur ar fáil dá neas-cheannaitheoirí iartheachtacha, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

3.  Allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail, déanfaidh siad a mbeartais agus a gcleachtais díchill chuí ina slabhra soláthair a bhaineann le foinsiú freagrach a thuairisciú go poiblí chomh forleathan agus is féidir é, lena n-áirítear ar an idirlíon, agus déanfaidh siad an méid sin ar bhonn bliantúil. Beidh sa tuarascáil sin na céimeanna atá tógtha acu chun na hoibleagáidí maidir lena chóras bainistíochta, faoi Airteagal 4, agus lena bhainistiú riosca faoi Airteagal 5 a chur chun feidhme, chomh maith le tuarascáil achomair ar na hiniúchóireachtaí tríú páirtí, lena n-áirítear ainm an iniúchóra, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

4.  I gcás inar féidir le hallmhaireoir de chuid an Aontais teacht ar an tátal le réasún go bhfuil miotail á díorthú as foinsí athchúrsála nó ó fhoinsí dramh-mhiotail, agus iadsan amháin, déanfaidh sé, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht, an méid seo a leanas:

(a) a thátal a nochtadh go poiblí; agus

(b) tuairisc réasúnta mionsonraithe a thabhairt ar na bearta díchill chuí sa slabhra soláthair a fheidhmíonn sé chun teacht ar an tátal sin.

Airteagal 8

Aitheantas do scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair

1.  Féadfaidh rialtais, comhlachais tionsclaíocha, agus grúpálacha d'eagraíochtaí leasmhara a bhfuil scéimeanna díchill chuí i bhfeidhm acu (“úinéirí scéime”) iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil ón gCoimisiún do scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair atá á bhforbairt agus á bhformhaoirsiú acu. Cuirfear fianaise agus faisnéis leormhaith ar fáil chun tacú leis an iarratas sin.

2.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht agus na critéir a leagan amach a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin a mheas an éascaíonn scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair comhlíonadh na n-oibreoirí eacnamaíochta i leith oibleagáidí an Rialacháin seo agus a ligeann don Choimisiún scéimeanna a aithint.

3.  Más rud é, ar bhonn na fianaise agus na faisnéise a chuirtear ar fáil de bhun mhír 1 agus i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na critéir aitheantais arna mbunú de bhun mhír 2, go gcinneann an Coimisiún, nuair a chuireann allmhaireoir mianraí nó miotail de chuid an Aontais scéim díchill chuí sa slabhra soláthair chun feidhme go héifeachtach laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, go gcuireann an scéim sin ar chumas an allmhaireora sin an Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh a thabharfaidh aitheantas don scéim sin mar scéim atá coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo. Sula nglacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le Rúnaíocht ECFE, de réir mar is iomchuí.

Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le haitheantas a thabhairt do scéim díchill chuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cleachtais éagsúla an tionscail atá clúdaithe ag an scéim sin agus ina theannta sin tabharfaidh sé aird ar an gcur chuige agus modh riosca-bhunaithe atá in úsáid ag an scéim sin chun limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca a shainaithint, agus na torthaí liostaithe díobh sin. Beidh na torthaí liostaithe sin nochtaithe ag an úinéir scéime.

Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

4.  Fíoróidh an Coimisiún freisin ar bhonn tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go leanann scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair de bheith ag comhlíonadh na gcritéar a raibh aitheantas ar chinneadh coibhéise de bhun mhír 3 mar thoradh orthu.

5.  Cuirfidh úinéir scéime díchill chuí sa slabhra soláthair, a raibh aitheantas coibhéise tugtha di i gcomhréir le mír 3, in iúl don Choimisiún, gan mhoill, aon athruithe nó nuashonraithe ar an scéim sin.

6.  Má tá fianaise ar fáil go bhfuil cásanna suntasacha ann nó go bhfuil cásanna ann arís agus arís eile inar mhainnigh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim aitheanta i gcomhréir le mír 3 chun feidhme ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, scrúdóidh an Coimisiún, i gcomhairle le húinéir na scéime aitheanta, an léiríonn na cásanna sin easnaimh sa scéim.

7.  I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún mainneachtain an Rialacháin seo a chomhlíonadh nó easnaimh i scéim aitheanta díchill chuí sa slabhra soláthair, féadfaidh sé tréimhse ama chuí a thabhairt d'úinéir na scéime chun gníomhaíochtaí feabhais a dhéanamh.

Más rud é nach ndéanann an t-úinéir na gníomhaíochtaí feabhais atá riachtanach nó go ndiúltaíonn sé iad a dhéanamh, agus i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcuirfeadh an mhainneachtain nó na heasnaimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo as d'ábaltacht an allmhaireora Aontais scéim a chur chun feidhme chun go gcomhlíonfadh sé an Rialachán seo, nó i gcás ina bhfuil cásanna suntasacha nó cásanna atá ann arís agus arís eile de neamhchomhlíonadh ó oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim chun feidhme bainteach le heasnaimh sa scéim, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), agus tarraingeoidh sé siar an t-aitheantas don scéim.

8.  Bunóidh an Coimisiún clár de scéimeanna aitheanta díchill chuí sa slabhra soláthair agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Cuirfear an clár sin ar fáil go poiblí ar an idirlíon.

Airteagal 9

Liosta de na bruithneoirí agus de na hathleádóirí freagracha domhanda

1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear nó lena leasaítear liosta ainmneacha agus seoltaí na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí freagracha domhanda.

Déanfar an liosta sin a tharraingt suas agus aird á tabhairt ar na bruithneoirí agus na hathleádóirí freagracha domhanda atá cumhdaithe ag scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8 agus ar an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit isteach de bhun Airteagal 17(1).

2.  Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall na bruithneoirí agus na hathleádóirí sin a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint a bhíonn ag foinsiú, go páirteach ar a laghad, limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ardriosca, go háirithe, trí úsáid a bhaint as faisnéis a bheidh curtha ar fáil ag úinéirí scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair a aithnítear de bhun Airteagal 8.

3.  Bunóidh nó leasóidh an Coimisiún an liosta ag úsáid an teimpléid in Iarscríbhinn II agus i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Rachfar i mbun comhairliúcháin le Rúnaíocht ECFE, de réir mar is iomchuí, sula ndéantar an liosta sin a ghlacadh.

4.  Bainfidh an Coimisiún den liosta, trí ghníomh cur chun feidhme, ainmneacha agus seoltaí na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí nach n-aithnítear a thuilleadh mar bhruithneoirí agus athleádóirí freagracha, ar bhonn na faisnéise a gheofar de bhun Airteagal 8 agus Airteagal 17(1). Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

5.  Déanfaidh an Coimisiún nuashonrú go tráthúil ar an bhfaisnéis i liosta na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí freagracha domhanda, agus cuirfear í ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar an Idirlíon.

Airteagal 10

Údaráis inniúla na mBallstát

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Déanfaidh na Ballstáit faoin 9 Nollaig 2017 ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún.

2.  Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar an idirlíon, ag úsáid an teimpléid in Iarscríbhinn III. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.

3.  Beidh údaráis inniúla na mBallstát freagrach as cur chun feidhme éifeachtach agus aonfhoirmeach an Rialacháin seo ar fud an Aontais a áirithiú.

Airteagal 11

Seiceálacha ex post ar allmhaireoirí de chuid an Aontais

1.  Beidh údaráis inniúla na mBallstát freagrach as seiceálacha ex post iomchuí a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 go hAirteagal 7.

2.  Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 trí chur chuige riosca-bhunaithe a ghlacadh, agus déanfar iad freisin i gcásanna ina bhfuil faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a chuir tríú páirtithe in iúl maidir leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag allmhaireoir de chuid an Aontais, ar ábhair imní iad a bhfuil bunús tugtha leo.

3.  Áireofar na nithe seo a leanas, inter alia, sna seiceálacha ex post dá dtagraítear i mír 1:

(a) scrúdú ar an gcaoi a bhfuil na hoibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme ag an allmhaireoir de chuid an Aontais, lena n-áirítear an córas bainistíochta, bainistiú riosca, iniúchadh tríú páirtí agus nochtadh;

(b) scrúdú ar dhoiciméadúchán agus ar thaifid a léiríonn comhlíonadh cuí na n-oibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) scrúdú ar oibleagáidí iniúchta i gcomhréir leis an raon feidhme, an cuspóir agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 6.

Ba cheart go n-áireofaí cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear ag áitreabh an allmhaireora de chuid an Aontais, sna seiceálacha ex post dá dtagraítear i mír 1.

4.  Tabharfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais gach cúnamh is gá chun na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

5.  Chun soiléireacht tascanna agus comhleanúnachas gníomhaíochta i measc údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, ullmhóidh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha i bhfoirm lámhleabhair ina dtugtar na céimeanna atá le leanúint ag údaráis inniúil na mBallstát agus iad ag déanamh na seiceálacha ex post dá dtagraítear i mír 1. Déanfar teimpléid doiciméad chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú a chur san áireamh sna treoirlínte sin, de réir mar is cuí.

Airteagal 12

Taifid ar sheiceálacha ex post ar allmhaireoirí de chuid an Aontais

Coimeádfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit taifid de na seiceálacha ex post dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus luafar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí seiceálacha den sórt sin, chomh maith le taifid d'aon fhógra faoi ghníomhaíochtaí feabhais arna eisiúint faoi Airteagal 16(3).

Coinneofar taifid de na seiceálacha ex post dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Airteagal 13

Comhar agus malartú faisnéise

1.  Malartóidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis, lena n-áirítear lena n-údaráis chustaim féin, faoi ábhair a bhaineann le dícheall cuí sa slabhra soláthair agus seiceálacha ex post a rinneadh.

2.  Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis faoi easnaimh a bhraitear trí na seiceálacha ex post dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus faisnéis faoi na rialacha is infheidhme maidir le sárú i gcomhréir le hAirteagal 16 a mhalartú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún.

3.  Sa chomhar faoi mhír 1 agus mhír 2, tabharfar lánurraim do Threoir 95/46/CE ( 3 ) agus do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí, agus Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a mhéid a bhaineann le faisnéis atá faoi rún a nochtadh.

Airteagal 14

Treoirlínte

1.  Chun soiléireacht agus deimhneacht a chruthú idir na cleachtais d'oibreoirí eacnamaíochta, FBManna go háirithe, agus chun leanúnachas a bheith ann ina measc, ullmhóidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ECFE, treoirlínte neamhcheangailteacha i bhfoirm lámhleabhair d'oibreoirí eacnamaíocha, ina mínítear an chaoi is fearr leis na critéir a chur i bhfeidhm chun limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca a aithint. Beidh an lámhleabhar sin bunaithe ar an sainmhíniú ar limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca a leagtar amach in Airteagal 2(f) den Rialachán seo agus cuirfear san áireamh ann Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí sa réimse seo, lena n-áirítear rioscaí eile sa slabhra soláthair a thionscnaíonn bratacha dearga mar atá sainithe sna forlíonta ábhartha a ghabhann leis an Treoraíocht sin.

2.  Iarrfaidh an Coimisiún ar shaineolaithe seachtracha liosta táscach, neamh-uileghabhálach agus a nuashonraítear go tráthrialta a sholáthar de limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca. Beidh an liosta sin bunaithe ar anailís na saineolaithe seachtracha ar na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 agus ar fhaisnéis atá ann cheana ón lucht acadúil agus ó scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair, i measc nithe eile. Allmhaireoirí de chuid an Aontais atá ag foinsiú ó limistéir nach luaitear sa liosta sin, beidh freagracht fós orthu i leith na n-oibleagáidí díchill cuí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Airteagal 16

Rialacha is infheidhme maidir le sárú

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo.

▼C1

2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

▼B

3.  I gcás sárú ar an Rialachán seo, eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát fógra i dtaobh gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an allmhaireoir de chuid an Aontais.

Airteagal 17

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.  Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe, ar fhógraí i dtaobh gníomhaíochtaí feabhais arna n-eisiúint ag údaráis inniúla an Bhallstáit de bhun Airteagal 16(3) agus ar na tuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 7(1).

2.  Faoin 1 Eanáir 2023 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin tionchar an Rialacháin seo agus é ag feidhmiú, lena n-áirítear maidir le cur chun cinn agus le costas foinsithe fhreagraigh mianraí laistigh dá raon feidhme ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó ó limistéir ardriosca agus tionchar an Rialacháin seo ar oibreoirí eacnamaíocha san Aontas, lena n-áirítear FBManna, chomh maith leis na bearta tionlacain a leagtar amach i dTeachtaireacht Chomhpháirteach an 5 Márta 2014. Pléifidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú measúnú neamhspleách ar an gcion d'oibreoirí eacnamaíocha de chuid an Aontais iartheachtacha iomlána atá san Aontas ag a bhfuil stáin, tantalam, tungstan nó ór ina slabhra soláthair, agus a bhfuil scéimeanna díchill chuí i bhfeidhm acu. Déanfar measúnú san athbhreithniú ar leordhóthanacht agus ar chur chun feidhme na scéimeanna díchill chuí seo agus tionchar chóras an Aontais agus é ag feidhmiú, chomh maith leis an ngá a bheidh le bearta éigeantacha breise a bheith ann chun dóthain giarála de mhargadh iomlán an Aontais maidir le slabhra soláthair domhanda freagrach de mhianraí a áirithiú.

3.  Bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe faoi mhír 2, déanfaidh an Coimisiún a mheas ar cheart go mbeadh inniúlacht ag údaráis inniúla na mBallstát pionóis a fhorchur ar allmhaireoirí de chuid an Aontais i gcás mainneachtain leanúnach maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i ndáil leis an méid sin.

Airteagal 18

Modheolaíocht chun tairseacha a ríomh

Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, agus ar bhonn faisnéise custaim maidir le méideanna bliantúla allmhairithe de réir allmhaireora de chuid an Aontais agus de réir an chóid Ainmníochta Comhcheangailte arna liostú in Iarscríbhinn I ina gcríocha faoi seach a soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún arna iarraidh sin dó, déanfaidh an Coimisiún an méid bliantúil allmhairithe is airde de réir allmhaireora de chuid an Aontais agus de réir cóid Ainmníochta Comhcheangailte a bheidh ag comhfhreagairt do líon nach mbeidh níos lú ná 95 % de mhéid iomlán bliantúil na n-allmhairithe isteach san Aontas don chód Ainmníochta Comhcheangailte sin a roghnú mar an tairseach a bheidh le cur isteach in Iarscríbhinn I. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag brath ar an bhfaisnéis allmhairithe in aghaidh gach allmhaireora de chuid an Aontais a sholáthraíonn na Ballstáit don dá bhliain roimhe sin.

Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(4), in Airteagal 1(5) agus in Airteagal 8(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 8 Meitheamh 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5) agus Airteagal 8(2) a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), Airteagal 1(5) agus Airteagal 8(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(4), Airteagal 1(5) agus Airteagal 8(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Cé is moite de na forálacha dá dtagraítear i mír 3, beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 9 Iúil 2017.

3.  Beidh feidhm ag Airteagail 1(5), 3(1), 3(2), 4, 5, 6, 7, 8(6), 8(7), 10(3), 11(1), 11(2), 11(3), 11(4), 12, 13, 16(3), 17 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Liosta mianraí agus miotal a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin (AE) 2017/821 atá aicmithe faoin Ainmníocht Chomhcheangailte

Cuid A: Mianraí



Cur síos

Cód CN

Foroinn TARIC

Tairseach méide (kg)

Mianta stáin agus tiúcháin díobh

2609 00 00

 

5 000

Mianta tungstain agus tiúcháin díobh

2611 00 00

 

250 000

Mianta tantalaim nó niaibiam agus tiúcháin díobh

ex 2615 90 00

10

Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18

Mianta óir agus tiúcháin díobh

ex 2616 90 00

10

Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18

Ór, neamhshaoirsithe nó i bhfoirmeacha leathmhonaraithe, nó i bpúdar le tiúchan óir níos ísle ná 99,5 % nach bhfuil imithe níos faide ná céim an mhínghlanta

ex  71 08  (1)

 

100

(*1)   Chun críche an tairseach seo a leasú, socrófar an méid a allmhairítear, arna fháil trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta agus na gcritéar d'Airteagal 18, ina tairseach don dá líne tharaife ex  71 08 atá ar áireamh in Iarscríbhinn I.

Cuid B: Miotail



Cur síos

Cód CN

Foroinn TARIC

Tairseach méide (kg)

Ocsaídí agus hiodrocsaídí tungstain

2825 90 40

 

100 000

Ocsaídí agus hiodrocsaídí stáin

ex 2825 90 85

10

Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18

Clóirídí stáin

2827 39 10

 

10 000

Tungstáití

2841 80 00

 

100 000

Tantaláití

ex 2841 90 85

30

Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18

Cairbídí tungstain

2849 90 30

 

10 000

Cairbídí tantalaim

ex 2849 90 50

10

Tá feidhm ag Airteagal 1(4) agus Airteagal 18

Ór, neamhshaoirsithe nó i bhfoirmeacha leathmhonaraithe, nó i bpúdar le tiúchan óir níos airde ná 99,5 % atá imithe níos faide ná céim an mhínghlanta

ex  71 08  (*1)

 

100

Fearótungstan agus fearóisileacatungstan

7202 80 00

 

25 000

Stán, neamhshaoirsithe

8001

 

100 000

Barraí, slata, próifílí agus sreanga stáin

8003 00 00

 

1 400

Stán, earraí eile

8007 00

 

2 100

Tungstan, púdair

8101 10 00

 

2 500

Tungstan neamhshaoirsithe, lena n-áirítear barraí agus slata nach bhfuarthas ach trína sintéarú

8101 94 00

 

500

Sreang thungstain

8101 96 00

 

250

Barraí agus slata tungstain, seachas na cinn nach bhfuarthas ach trína sintéarú, próifílí, plátaí, leatháin, stiallacha agus scragall, agus eile

8101 99

 

350

Tantalam, neamhshaoirsithe lena n-áirítear barraí agus slata nach bhfuarthas ach trína sintéarú; púdair

8103 20 00

 

2 500

Barraí agus slata tantalaim, seachas na cinn nach bhfuarthas ach trína sintéarú, próifílí, sreang, plátaí, leatháin, stiallacha agus scragall, agus eile

8103 90

 

150

(*1)   Chun críche an tairseach seo a leasú, socrófar an méid a allmhairítear, arna fháil trí chur i bhfeidhm na modheolaíochta agus na gcritéar d'Airteagal 18, ina tairseach don dá líne tharaife ex  71 08 atá ar áireamh in Iarscríbhinn I.




IARSCRÍBHINN II

Teimpléad do liosta na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí freagracha domhanda dá dtagraítear in Airteagal 9



Colún A:

Ainmneacha na mbruithneoirí agus na n-athleádóirí in ord aibítre

Colún B:

Seoladh an bhruithneora nó an athleádóra

Colún C:

* táscaire, má tá mianraí á bhfoinsiú ag an mbruithneoir nó athleádóir ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca



A

B

C




IARSCRÍBHINN III

Teimpléad don liosta d'údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 10



Colún A:

Ainmneacha na mBallstát in ord aibítre

Colún B:

Ainm an údaráis inniúil

Colún C:

Seoladh an údaráis inniúil



A

B

C



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( 2 ) Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe i leith forálacha áirithe de (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

( 3 ) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

Top