EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02016R2031-20191214

Consolidated text: Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/2019-12-14

02016R2031 — GA — 14.12.2019 — 001.006


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/2031 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2016

maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle

(IO L 317 23.11.2016, lch. 4)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/625 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 15 Márta 2017

  L 95

1

7.4.2017


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 137, 24.5.2017, lch.  40 (2017/625)

►C2

Ceartúchán, IO L 091, 29.3.2019, lch.  77 (2016/2031)

►C3

Ceartúchán, IO L 065, 25.2.2021, lch.  64 (2016/2031)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/2031 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2016

maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle



CAIBIDIL I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha lena gcinnfear na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann le haon speiceas, cineál nó bitíopa ar bith de ghníomhaithe pataigineacha, d'ainmhithe nó de phlandaí seadánacha atá díobhálach do phlandaí nó do tháirgí planda (“lotnaidí”) agus bearta chun na rioscaí sin a laghdú go leibhéal inghlactha.
2.  
I gcás ina mbíonn fianaise ann go mbaineann rioscaí fiteashláintíochta do phlandaí neamh-seadánacha, seachas na cinn sin a rialaítear faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, ar rioscaí iad ag a bhfuil impleacht dhian eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ar chríoch an Aontais, féadtar na plandaí neamh-seadánacha sin a mheas mar lotnaidí chun críche an Rialacháin seo.
3.  
Chun críocha an Rialacháin seo, léitear tagairtí do thríú tíortha mar thagairtí do thríú tíortha, Ceuta, Melilla agus do chríocha dá dtagraítear in Airteagal 355(1) CFAE cé is moite do Mhaidéara agus na hAsóir.

Chun críocha an Rialacháin seo, léifear tagairtí do chríoch an Aontais mar thagairtí do chríoch an Aontais gan Ceuta, Melilla ná na críocha dá dtagraítear in Airteagal 355(1) CFAE, cé is moite do Mhaidéara agus na hAsóir.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “plandaí” plandaí beo agus na codanna beo seo a leanas de phlandaí:

(a) 

síolta, sa ghnáthchiall luibheolaíoch, seachas iad sin nach bhfuil ceaptha le haghaidh plandú;

(b) 

torthaí, sa ghnáthchiall luibheolaíoch;

(c) 

glasraí;

(d) 

tiúbair, cormáin, bleibeanna, riosóim, fréamhacha, fréamhstoic, stólain;

(e) 

buinneoga, gais, reathairí;

(f) 

bláthanna gearrtha;

(g) 

géaga le duilliúir nó gan duilliúir;

(h) 

crainn ghearrtha ar a bhfuil duilliúr;

(i) 

duilleoga, duilliúr;

(j) 

cultúir fíochán planda, lena n-áirítear cultúir ceall, geirmphlasma, míristéamaí, clóin chiméaracha, agus ábhar micrafhorleata;

(k) 

pailin bheo agus spóir;

(l) 

bachlóga, adhmad bachlóg, gearrthaí, beangáin;

(2) 

ciallaíonn “táirgí plandaí” ábhar neamh-mhonaraithe de thionscnamh planda agus na táirgí monaraithe sin a bhféadfadh, de bharr a gcineál nó chineál a bpróiseála, riosca a chruthú ó thaobh leathadh lotnaidí coraintín.

Mura bhforáiltear dá mhalairt ar chaoi eile le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Airteagal 28, Airteagal 30 agus Airteagal 41, ní mheasfar gur “táirge plandaí” é adhmad ach amháin má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó den méid seo a leanas leis:

(a) 

coinníonn sé iomlán nó Cuid dá dhromchla nádúrtha cruinn, ar a bhfuil nó nach bhfuil coirt;

(b) 

níl a dhromchla nádúrtha cruinn coinnithe aige mar gheall ar shábhadh, gearradh nó scoilteadh;

(c) 

tá sé i bhfoirm sliseanna, cáithníní, min sáibh, dramhaíl adhmaid, scamhacháin nó fuílleach agus ní dhearnadh próiseáil air a chuimsigh úsáid gliú, teasa nó brú nó comhcheangal díobh sin chun millíní, brícíní, sraithadhmad nó clár sliseog a chruthú;

(d) 

tá sé á úsáid, nó beartaithe le húsáid, mar ábhar pacáistíochta, bíodh nó ná bíodh sé in úsáid iarmhír le haghaidh iompar earraí;

(3) 

ciallaíonn “plandú” aon oibríocht chun plandaí a chur i meán fáis, nó trí bheangú nó oibríochtaí comhchosúla, chun fás, atáirgeadh nó iomadú ina dhiaidh sin a áirithiú;

(4) 

ciallaíonn “plandaí le haghaidh plandú” plandaí a bheartaítear a fhágáil plandaithe, a phlandú nó a athphlandú;

(5) 

ciallaíonn “réad eile” aon ábhar nó réad eile, seachas plandaí nó táirgí plandaí atá in ann lotnaidí a iompar nó a scaipeadh, lena n-áirítear ithir nó meán fáis;

▼M1

(6) 

ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

▼B

(7) 

ciallaíonn “luchtóg” líon aonad de thráchtearra aonair, ar féidir í a shainaithint de réir aonchineálacht a comhdhéanaimh, a tionscnaimh, agus gnéithe ábhartha eile, agus í mar chuid de choinsíneacht;

(8) 

ciallaíonn “aonad trádála” an t-aonad tráchtála is lú nó an t-aonad eile inúsáidte is lú arb infheidhme é maidir leis an gcéim margaíochta lena mbaineann agus arbh fhéidir leis a bheith ina fhothacar luchtóige nó ina luchtóg iomlán;

(9) 

ciallaíonn “oibreoir gairmiúil” duine ar bith a rialaítear faoin dlí poiblí nó príobháideach, atá páirteach go gairmiúil i gceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile agus atá freagrach de réir an dlí aisti nó astu:

(a) 

plandú;

(b) 

pórú;

(c) 

táirgeadh, lena n-áirítear fás, iolrú agus cothabháil;

(d) 

tabhairt isteach i gcríoch an Aontais, agus gluaisteacht taobh istigh di agus amach aisti;

(e) 

cur ar fáil ar an margadh;

(f) 

stóráil, bailiú, seoladh agus próiseáil;

(10) 

ciallaíonn “oibreoir cláraithe” oibreoir gairmiúil atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 65;

(11) 

ciallaíonn “oibreoir údaraithe” oibreoir cláraithe atá údaraithe ag an údarás inniúil chun pasanna plandaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 89, chun marcáil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 98, nó chun fianuithe a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 99;

(12) 

is ionann “úsáideoir deiridh” agus duine ar bith atá ag feidhmiú le haghaidh cuspóirí atá taobh amuigh de thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, agus a fhaigheann plandaí nó táirgí plandaí d'úsáid phearsanta;

(13) 

is ionann “tástáil” agus scrúdú oifigiúil, nach scrúdú amhairc é, le cinneadh an bhfuil lotnaidí i láthair nó chun lotnaidí a shainaithint;

(14) 

Ciallaíonn “cóireáil” nós imeachta, bíodh sin oifigiúil nó neamhoifigiúil, chun lotnaidí a mharú, a dhíghníomhachtú nó a bhaint, nó chun na lotnaidí sin a dhéanamh neamhthorthúil nó chun beogacht plandaí nó táirgí plandaí a bhaint;

(15) 

ciallaíonn “ráta tarlaithe” cion nó líon na n-aonad ina bhfuil lotnaid ann i sampla, i gcoinsíneacht, i ngort nó i líon sainithe eile;

(16) 

ciallaíonn “bunú” lotnaid a bhuanú, laistigh de limistéar, go ceann i bhfad, tar éis di teacht isteach ann;

(17) 

ciallaíonn “díothú” bearta fíteashláintíochta a chur i bhfeidhm chun lotnaid a dhíothú ó limistéar;

(18) 

ciallaíonn “srianadh” bearta fíteashláintíochta a chur i bhfeidhm i limistéar inmhíolaithe agus thart timpeall air chun scaipeadh lotnaide a chosc;

(19) 

ciallaíonn “stáisiún coraintín” aon stáisiún oifigiúil chun lotnaidí, plandaí, táirgí planda nó réada eile a choinneáil ar coraintín;

(20) 

ciallaíonn “saoráid coinneála” aon saoráid, seachas stáisiúin choraintín, ina gcoinnítear lotnaidí, plandaí, táirgí plandaí nó réada eile faoi choinníollacha coinneála;

(21) 

ciallaíonn “cód inrianaitheachta” cód litreach, uimhriúil nó alfa-uimhriúil lena sainaithnítear coinsíneacht, luchtóg nó aonad trádála, a bhaintear úsáid as chun críocha inrianaitheachta, lena n-áirítear uimhreacha a thagraíonn do luchtóg, do bhaisc, do shraith, do dáta táirgthe, do dhoiciméid de chuid oibreora ghairmiúil;

(22) 

ciallaíonn “beart fíteashláintíochta” aon bheart oifigiúil a bhfuil sé d'aidhm leis tabhairt isteach nó leathadh lotnaidí coraintín a chosc nó tionchar eacnamaíoch lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a theorannú.



CAIBIDIL II

Lotnaidí coraintín



Roinn 1

Lotnaidí coraintín

Airteagal 3

Sainiú lotnaidí coraintín

Is “lotnaid choraintín” í lotnaid, i ndáil le críoch shainithe, má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

tá a haitheantas bunaithe, laistigh de bhrí phointe (1) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I;

(b) 

níl sí i láthair sa chríoch, de réir bhrí phointe (2)(a) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I, nó má tá sí ann, níl sí dáilte go forleathan, sa chríoch sin, de réir bhrí phointí (2)(b) agus 2(c) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I;

(c) 

tá ar a cumas teacht isteach, bunú, agus scaipeadh laistigh den chríoch, nó má tá sí sa chríoch sin, ach níl sí dáilte go forleathan, tá ar a cumas teacht isteach, bunú, agus scaipeadh laistigh de na codanna sin den chríoch sin nach bhfuil sí i láthair iontu, laistigh de bhrí phointe (3) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I;

(d) 

go mbeadh tionchar do-ghlactha eacnamaíoch, ar bhonn comhshaoil nó sóisialta de réir bhrí phointe (4) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I don chríoch sin ag a hiontráil, bunú agus scaipeadh, nó, má tá sí ann ach níl sí dáilte go forleathan, do na codanna sin nach bhfuil sí i láthair iontu; agus

(e) 

tá bearta féideartha agus éifeachtacha ar fáil chun bac a chur le teacht isteach, bunú nó scaipeadh na lotnaide sin sa chríoch sin, agus na rioscaí agus an tionchar de a mhaolú.



Roinn 2

Lotnaidí coraintín de chuid an Aontais

Airteagal 4

Sainiú lotnaidí coraintín de chuid an Aontais

Is lotnaid choraintín í “lotnaid choraintín de chuid an Aontais” más é an chríoch shainithe, dá dtagraítear sa chuid tosaigh d'Airteagal 3, críoch an Aontais agus má tá sí san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Airteagal 5

Toirmeasc ar tabhairt isteach, ar ghluaiseacht, ar choinneáil, ar iolrú nó ar scaoileadh lotnaidí coraintín an Aontais

1.  
Ní thabharfar lotnaid choraintín de chuid an Aontais isteach, ní ghluaisfear nó ní choinneofar í, ní iolrófar í ná ní scaoilfear í laistigh de chríoch an Aontais
2.  
Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta lotnaidí a chomhlíonann na coinníollacha atá liostaithe in Airteagal 3 maidir le críoch an Aontais, (“liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais”).

Cuimseoidh an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais na lotnaidí atá san áireamh i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/29/CE, agus Roinn I de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

Marcálfar lotnaidí atá dúchasach nó atá bunaithe in aon chuid de chríoch an Aontais, bídís ann go nádúrtha nó toisc gur tugadh isteach iad ó áit lasmuigh de chríoch an Aontais, sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais mar lotnaidí ar eol dúinn iad a bheith i gcríoch an Aontais.

Lotnaidí nach bhfuil dúchasach nó bunaithe in aon chuid de chríoch an Aontais, marcálfar iad sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais mar lotnaidí nach eol dúinn a bheith i gcríoch an Aontais.

3.  
I gcás go léiríonn torthaí measúnuithe go gcomhlíonann lotnaid nach áirítear sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais ghníomh sin na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3 maidir le críoch an Aontais, nó nach gcomhlíonann an lotnaid sin a áirítear sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais liostaithe sa ghníomh sin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha sin níos mó, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leasú tríd an lotnaid lena mbaineann a chur leis an liosta sin nó a bhaint de.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a athchur chun leasuithe a chomhdhlúthú.

4.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Airteagal 6

Lotnaidí tosaíochta

1.  

Is lotnaidí coraintín de chuid an Aontais iad “lotnaidí tosaíochta” má chomhlíonann siad gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

comhlíonann siad, maidir le críoch an Aontais, ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (2) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I;

(b) 

tá a dtionchar féideartha eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta an tionchar is déine i ndáil le críoch an Aontais, mar a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn I;

(c) 

tá siad liostaithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta de na lotnaidí tosaíochta a bhunú (“liosta lotnaidí tosaíochta”).

I gcás ina léirítear i dtorthaí measúnaithe go gcomhlíonann lotnaid choraintín de chuid an Aontais na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó nach gcomhlíonann lotnaid ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha sin a thuilleadh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír dá réir tríd an lotnaid lena mbaineann a chur leis an liosta sin nó trí í a bhaint de.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit gan mhoill.

I gcás riosca tromchúiseach lotnaide a bheith ann, agus i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 106 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 7

Leasú ar Roinn 1 d'Iarscríbhinn I

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear Roinn 1 d'Iarscríbhinn I, d'fhonn é a oiriúnú d'fhorbairt ar an eolas eolaíochta agus teicniúil agus do na caighdeáin idirnáisiúnta is ábhartha.

Airteagal 8

Lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a úsáidtear chun críocha tástála oifigiúla, agus chun críocha eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil, nó pórú

1.  
De mhaolú ar Airteagal 5(1), féadfaidh na Ballstáit a n-údarú a thabhairt, ar bhonn sealadach, ar iarratas a fháil ina leith, lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí atá faoi réir na mbeart a glacadh de bhun Airteagal 30(1) a thabhairt isteach, a ghluaiseacht, a choinneáil agus a iolrú ina gcríoch le haghaidh a n-úsáid chun críocha tástála oifigiúla, agus chun críocha eolaíochta nó oideachasúla trialacha, roghanna cineáil, nó pórú.

Ní thabharfar údarú don ghníomhaíocht lena mbaineann ach amháin má fhorchuirtear srianta leordhóthanacha chun a áirithiú nach mbeidh bunú nó leathadh na lotnaide sin i gcríoch an Aontais mar thoradh ar thabhairt isteach, ar ghluaiseacht, ar choinneáil, ar iolrú ná ar úsáid na lotnaide lena mbaineann, agus cuirfear san áireamh aitheantas, bitheolaíocht agus modhanna scaipthe na lotnaide, an ghníomhaíocht a bheartaítear a dhéanamh, an t-idirghníomhú leis an timpeallacht agus tosca ábhartha eile a bhaineann leis an riosca a bhaineann leis an lotnaid sin.

2.  

Maidir le húdaruithe de bhun mhír 1, beidh na coinníollacha seo ar fad san áireamh ann:

(a) 

coimeádfar an lotnaid i láthair agus faoi choinníollacha:

(i) 

a measann na húdaráis inniúla a bheith cuí; agus

(ii) 

a mbeidh tagairt dóibh san údarú;

(b) 

déanfar an ghníomhaíocht a bhainfidh leis an lotnaid i stáisiún coraintín, nó saoráid ghaibhniúcháin a ainmníonn an t-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 60 agus dá dtagraítear san údarú;

(c) 

is iad pearsanra a dhéanfaidh an ghníomhaíocht a bhainfidh leis an lotnaid:

(i) 

a mheastar gur iomchuí a gcuid inniúlachta eolaíochta agus teicniúla de réir an údaráis inniúil; agus

(ii) 

a bhfuil tagairt dóibh san údarú;

(d) 

beidh an t-údarú in éineacht leis an lotnaid nuair a thugtar isteach í nó nuair a ghluaistear laistigh de chríoch an Aontais í nó nuair a choinnítear nó a iolraítear í.

3.  
Maidir le húdaruithe arna ndeonú de bhun mhír 1, beidh siad teoranta maidir le líon na lotnaide a d'fhéadfadh teach isteach, a bhogadh, a choimeád, a iolrú, nó a úsáid agus an fad ama atá dóthanach don ghníomhaíocht lena mbaineann. Ní sháróidh údaruithe acmhainn an stáisiúin choraintín ainmnithe nó na saoráide gaibhniúcháin.

Áirítear san húdaruithe na srianta atá riachtanach le go ndíothófar ar bhealach leordhóthanach an baol go mbunóidh nó go scaipfidh an lotnaid choraintín ábhartha de chuid an Aontais nó an lotnaid atá faoi réir na mbeart a glacadh de bhun Airteagal 30(1).

4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus an teorannú agus na srianta dá dtagraítear i mír 3 agus déanfar cibé gníomh is cuí i gcás neamh-chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, is é cúlghairm an údaraithe dá dtagraítear i mír 1 an gníomh a bheidh i gceist.
5.  

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a) 

malartú na faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi thabhairt isteach na lotnaidí lena mbaineann i gcríoch an Aontais agus maidir lena ngluaiseacht laistigh di, lena gcoinneáil, lena n-iolrú agus lena n-úsáid;

(b) 

an nós imeachta agus na coinníollacha maidir leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt; agus

(c) 

an faireachán ar chomhlíonadh agus na gníomhartha a dhéanfar i gcás neamh-chomhlíonadh, amhail dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 9

Fógra faoi gharchontúirt

1.  
Sa chás go bhfuil fianaise ag Ballstát go bhfuil garchontúirt ann go dtiocfaidh lotnaid choraintín de chuid an Aontais isteach i gcríoch an Aontais nó i gcuid de nach bhfuil an lotnaid i láthair ann go fóill, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin bhfianaise sin láithreach i scríbhinn.
2.  

Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le lotnaid nach n-áirítear i liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nuair:

(a) 

atá an lotnaid faoi réir na mbeart a ghlactar de bhun Airteagal 30(1); nó

(b) 

nuair a mheasann an Ballstát lena mbaineann go bhféadfadh sé go gcomhlíonann an lotnaid na coinníollacha lena bheith curtha i liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais.

3.  
Cuirfidh oibreoirí gairmiúla na húdaráis inniúla ar an eolas láithreach faoi fhianaise ar bith a d'fhéadfadh a bheith acu maidir le garchontúirt, amhail dá dtagraítear i mír 1, maidir le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí dá dtagraítear i mír 2.

▼M1

Airteagal 10

Deimhniú oifigiúil ó na húdarás inniúla faoi láithreacht lotnaide coraintín de chuid an Aontais

I gcás ina gceapann údarás inniúil, nó i gcás ina bhfuil fianaise faighte aige gurb ann do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, nó lotnaid faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1), i gcuid de chríoch an Bhallstáit áirithe nárbh eol gurbh ann don lotnaid sin roimhe sin, nó i gcoinsíneacht plandaí, táirgí planda nó réad eile a tugadh isteach i gcríoch an Aontais nó a bheartaítear a thabhairt isteach nó a bhogadh laistigh de, glacfaidh sé aon bhearta is gá láithreach chun a dheimhniú, ar bhonn diagnóis ó shaotharlann oifigiúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ (“chun a dheimhniú go hoifigiúil”) cibé acu is ann nó nach ann don lotnaid sin.

Go dtí go ndeimhnítear láithreacht na lotnaide sin go hoifigiúil, glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann, más infheidhme, bearta fíteashláintíochta chun riosca a scaipthe a dhíothú.

Féadfaidh an t-amhras nó an fhianaise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo a bheith bunaithe ar aon fhaisnéis a fhaightear de bhun Airteagal 14 agus 15, nó ó aon fhoinse eile.

▼B

Airteagal 11

Fógra faoi lotnaidí coraintín de chuid an Aontais á thabhairt ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile

Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, i gcás ina ndeimhníonn údarás inniúil an Bhallstáit go hoifigiúil ceann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

láithreacht lotnaide coraintín de chuid an Aontais nárbh eol go raibh sí i láthair ann;

(b) 

go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gcuid dá chríoch sa chás nach raibh sí ann roimhe sin;

(c) 

go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i láthair ina chríoch i gcoinsíneacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile a tugadh isteach, a bhí beartaithe le tabhairt isteach, nó gluaiste laistigh de chríoch an Aontais.

▼M1

Is é an t-údarás aonair a dhéanfaidh fógraí faoin chéad fhomhír, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus tríd an gcóras fógartha leictreonach amhail dá dtagraítear in Airteagal 103.

▼B

Airteagal 12

Faisnéis faoi lotnaidí coraintín de chuid an Aontais atá le soláthar d'oibreoirí gairmiúla ag na húdaráis inniúla

1.  
I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil ceann amháin de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11, cinnteoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear na hoibreoirí gairmiúla a bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar a bplandaí, ar a dtáirgí plandaí nó ar a réada eile, ar an eolas gan mhoill go bhfuil an lotnaid choraintín de chuid an Aontais i láthair ann.
2.  
Bunóidh an Coimisiún liosta a bheidh ar fáil go poiblí de na fógraí uile a fuair sé a bhaineann le lotnaidí atá ag teacht chun cinn i dtríú tíortha a fhéadfaidh a bheith ina riosca do shláinte plandaí i gcríoch an Aontais agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta.

Féadfaidh an liosta sin a bheith mar chuid den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103.

Airteagal 13

Faisnéis faoi lotnaidí tosaíochta atá le soláthar don phobal ag na húdaráis inniúla

Nuair a dheimhnítear go hoifigiúil ceann amháin de na cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad mhír d'Airteagal 11 maidir le lotnaid tosaíochta, cuirfidh an t-údarás inniúil an pobal ar an eolas maidir leis na bearta atá glactha aige nó atá bearthaithe aige a ghlacadh agus maidir leis na bearta a ghlacfaidh na catagóirí ábhartha oibreoirí gairmiúla nó daoine eile.

Airteagal 14

Bearta le glacadh láithreach ag oibreoirí gairmiúla

1.  
I gcás ina gceapann oibreoir gairmiúil nó gur léir dó go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais nó lotnaid atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) i bplandaí, táirgí plandaí nó réada eile atá faoi rialú an oibreora sin, cuirfidh sé fógra láithreach chuig an údarás inniúil faoi, ionas go ndéanfaidh an t-údarás inniúil sin bearta i gcomhréir le Airteagal 10. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t-oibreoir gairmiúil freisin bearta réamhchúraim láithreach chun bunú agus scaipeadh na lotnaide sin a chosc.
2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh nach bhfuil gá leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 nuair is eol go mbíonn lotnaid shonrach i láthair i limistéar. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh sin.
3.  
Nuair a fhaigheann oibreoir gairmiúil deimhniú oifigiúil maidir le láithreacht lotnaide coraintín de chuid an Aontais i bplandaí, i dtáirgí plandaí nó réada eile atá faoi rialú an oibreora sin, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanfar agus leanfaidh sé ar aghaidh, de réir mar is infheidhme, leis na bearta dá dtagraítear i mír 4 go dtí mír 7.
4.  
Déanfaidh an t-oibreoir gairmiúil na bearta riachtanacha láithreach chun scaipeadh na lotnaide sin a chosc. I gcás gur chuir an t-údarás inniúil treoracha ar fail maidir leis na bearta sin, gníomhóidh an t-oibreoir gairmiúil i gcomhréir leis na treoracha sin.
5.  
Nuair a thugann an t-údarás inniúil treoracha amhlaidh, déanfaidh an t-oibreoir gairmiúil na bearta riachtanacha chun an lotnaid a dhíothú ó na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann agus ó áitreabh, ó thalamh, ó ithir, ó uisce nó ó nithe inmhíolaithe eile an oibreora sin atá faoina rialú.
6.  
Muna dtugann an t-údarás inniúil a mhalairt de threoracha, déanfaidh an t-oibreoir gairmiúil na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile atá faoi rialú an oibreora sin agus a bhféadfadh an lotnaid a bheith iontu a tharraingt siar ón margadh láithreach.

Nuair atá na plandaí, na táirgí planda nó na réada eile sin tar éis imeacht ó rialú an oibreora gairmiúil, déanfaidh an t-oibreoir gairmiúil, muna dtugann an t-údarás inniúil treoracha malartacha, an méid seo a leanas láithreach:

(a) 

na daoine sa slabhra trádála ar soláthraíodh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile dóibh a chur ar an eolas maidir le láithreacht na lotnaide;

(b) 

na daoine sin a sholáthar le treoirlínte i ndail leis na bearta is gá a ghlacadh agus na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile á loingsiú chun an baol go leathfadh an galar liostaithe nó go n-éalódh na lotnaidí lena mbaineann a laghdú; agus

(c) 

na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile sin a aisghairm.

7.  
I gcás go bhfuil feidhm ag mír 1, 3, 4, 5 nó 6 den Airteagal seo, soláthróidh an t-oibreoir gairmiúil, ar iarraidh ón údarás inniúil, an fhaisnéis go léir atá ábhartha do baill an phobail. Gan dochar d'Airteagal 13, má tá gá le gníomh maidir leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile ina bhféadfadh an lotnaid sin a bheith cuirfidh an t-údarás inniúil an pobal ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi sin.

Airteagal 15

Bearta atá le déanamh ag daoine seachas oibreoirí gairmiúla

1.  
I gcás go dtugann duine ar bith, seachas oibreoir gairmiúil, faoi deara go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais i láthair, nó má tá cúis amhrais aige i leith láithreacht den sórt sin, cuirfidh an duine sin an t-údarás inniúil ar an eolas láithreach. I gcás nach ndéantar an fógra sin i scríbhinn, déanfaidh an t-údarás inniúil taifead oifigiúil de. Má iarrann an t-údarás inniúil amhlaidh, cuirfidh an duine sin ar fáil don údarás an fhaisnéis atá ina sheilbh maidir leis an láithreacht sin.
2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach bhfuil gá leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 i gcás gurb eol go bhfuil lotnaid shonrach i láthair i limistéar.
3.  
Rachaidh an duine a rinne an fógra dá dtagraítear i mír 1 i gcomhairle leis an údarás inniúil maidir leis an ngníomh a dhéanfar agus i gcomhréir leis na treoracha ón údarás inniúil, déanfaidh an duine sin na bearta is gá chun scaipeadh na lotnaide sin a chosc agus an lotnaid a dhíchur ó na plandaí, na táirgí planda agus na réada eile lena mbaineann agus, nuair is infheidhme, ó áitreabh an duine sin.

Airteagal 16

Maoluithe ar oibleagáidí i ndáil le fógra

Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí i ndáil le fógra dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bhraitear a bheith i láthair sa limistéar inmhíolaithe de limistéar críochaithe arna bhunú chun an lotnaid sin a shrianadh, amhail dá dtagraitear in Airteagal 18(2);

(b) 

lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bhraitear a bheith i láthair sa limistéar inmhíolaithe de limistéar críochaithe agus atá faoi réir bearta díothaithe a mhairfidh ar a laghad ocht mbliana, le linn thréimhse na chéad ocht mbliana sin.

Airteagal 17

Díothú lotnaidí coraintín de chuid an Aontais

1.  
I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil ceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad mhír d'Airteagal 11 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta fíteashláintíochta go léir atá riachtanach chun an lotnaid choraintín ábhartha de chuid an Aontais a dhíothú ón limistéar lena mbaineann. Déanfar na bearta seo i gcomhréir le hIarscríbhinn II i ndáil le bearta agus prionsabail le haghaidh rioscaí lotnaidí a bhainistiú.

An oibleagáid sin maidir le díothú ní bheidh feidhm aici nuair a dheantar foráil i ngníomh cur chun feidhme dona mhalairt maidir leis an lotnaid sin, a ghlactar de bhun Airteagal 28(2).

2.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil foinse láithreacht lotnaide coraintín de chuid an Aontais a imscrúdú gan mhoill, go háirithe sa chás go bhféadfadh an láithreacht sin a bheith bainteach le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile, agus go bhfuil seans ann go bhfuil an lotnaid chéanna tar éis scaipeadh go plandaí, táirgí plandaí nó réada eile breise trí na gluaiseachtaí sin.
3.  
Sa chás go mbaineann na bearta dá dtagraítear i mír 1 le tabhairt isteach, nó gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na bearta sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill.
4.  
Déanfar na bearta dá dtagraítear i mír 1, agus an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 2, beag beann ar cé acu an lotnaid a bheith i láthair ar áitreabh poiblí nó ar áitreabh príobháideach.

Airteagal 18

Limistéar críochaithe a bhunú

1.  
I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil ceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad mhír d'Airteagal 11 a fháil, bunóidh an t-údarás inniúil limistéar amháin nó níos mó láithreach (ina ndéanfar na bearta chun críche an díothaithe dá dtagraítear in Airteagal 17(1) (“limistéar críochaithe”).

Cuimseoidh an limistéar críochaithe crios inmhíolaithe, agus crios maolánach.

2.  

De réir mar is infheidhme, cuimseoidh an crios inmhíolaithe

(a) 

gach planda arb eol é a bheith inmhíolaithe ag an lotnaid lena mbaineann;

(b) 

gach planda a léiríonn comharthaí nó airíonna a thugann le fios go bhféadfadh sé bheith inmhíolaithe ag an lotnaid sin;

(c) 

gach planda eile a bhí inéillithe nó a d'fhéadfadh a bheith éillithe nó inmhíolaithe ag an lotnaid sin, lena n-áirítear plandaí a d'fhéadfadh a bheith inmhíolaithe mar gheall ar a soghabháltacht i leith na lotnaide sin agus toisc iad a bheith gar do phlandaí inmhíolaithe, nó do chomhfhoinse táirgthe ina bhfuil plandaí inmhíolaithe nó plandaí a fhástar astu, más eol go bhfuil an fhoinse sin ann;

(d) 

talamh, ithir, uiscebhealaí nó nithe eile atá inmhíolaithe nó a d'fhéadfadh a bheith inmhíolaithe ag an lotnaid.

3.  
Beidh an crios maolánach in aice leis an gcrios inmhíolaithe agus beidh sé thart timpeall air.

Beidh a mhéid iomchuí i bhfianaise riosca na lotnaide a bheith ag scaipeadh amach as an gcrios inmhíolaithe go nádúrtha, nó trí ghníomhaíochtaí daoine sa chrios inmhíolaithe agus thart timpeall air, agus cinnfear é i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II.

Ach nuair a dhéantar an riosca go scaipfeadh an lotnaid amach as an gcrios inmhíolaithe a dhíothú nó a laghdú chuig leibhéal atá inghlactha, trí bhacainní nádúrtha nó saorga, ní bheidh sé de cheangal crios maolánach a bhunú.

4.  
De mhaolú ar mhír 1, nuair a mheasann an t-údarás inniúil leis an scrúdú tosaigh, i bhfianaise chineál na lotnaide, an phlanda, an táirge plandaí nó an réad eile, agus i bhfianaise an tsuímh ar a bhfuarthas í, gur féidir an lotnaid lena mbaineann a dhíothú láithreach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh gan limistéar críochaithe a bhunú.

Sa chás sin, déanfaidh sé suirbhé le cinneadh an bhfuil nó nach bhfuil tuilleadh plandaí nó táirgí plandaí inmhíolaithe. Ar bhonn an tsuirbhé sin, cinnfidh an t-údarás inniúil cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le limistéar críochaithe a bhunú.

5.  
I gcás ina leathnófar limistéar críochaithe isteach i gcríoch Ballstáit eile i gcomhréir le mír 2 agus mír 3, cuirfidh an Ballstát ina bhfuarthas an lotnaid lena mbaineann an Ballstát ina leathnófar an limistéar críochaithe isteach ina chríoch ar an eolas láithreach, le go mbeidh an Ballstát sin in ann na gníomhartha cuí a dhéanamh, amhail dá dtagraítear i mír 1 go mír 4.

▼C3

6.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, faoin 30 Aibreán gach bliain, faoi líon agus suíomh na limistéar críochaithe a bunaíodh, na lotnaidí lena mbaineann agus na bearta faoi seach a rinneadh i rith na bliana féilire roimhe sin.

▼B

Beidh feidhm ag an mír seo gan dochar d'aon oibleagáid i ndáil le fógra a thabhairt maidir le limistéir chríochaithe a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 104.

Airteagal 19

Suirbhéanna agus athraithe a rinneadh ar na limistéir chríochaithe, agus deireadh a chur leis na srianta

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar a laghad suirbhé ar gach limistéar críochaithe maidir le staid láithreachta na lotnaide lena mbaineann.

Déanfar na suirbhéanna sin i gcomhréir le hAirteagal 22(2).

2.  
I gcás go n-aimsíonn údarás inniúil, bíodh nó ná bíodh sé sin de thoradh suirbhé amhail dá dtagraítear i mír 1, gurb ann don lotnaid lena mbaineann sa chrios maolánach, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
3.  
Athróidh na húdaráis inniúla teorainneacha na gcriosanna inmhíolaithe, na gcriosanna maolánacha agus na limistéar críochaithe, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1.
4.  

Féadfaidh na húdaráis inniúla deireadh a chur le limistéar críochaithe agus deireadh a chur leis na bearta díothaithe faoi seach, i gcás ina dhéantar stádas saor ó lotnaidí an limistéir sin a fhíorú. Beidh an méid sin fíor i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

gur léirigh an suirbhé dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil an limistéar sin saor ón lotnaid lena mbaineann; agus

(b) 

nár aimsíodh an lotnaid lena mbaineann sa limistéar críochaithe sin le tréimhse atá fada a dhóthain.

5.  

Nuair a bhíonn na hathruithe dá dtagraítear i mír 3 á gcinneadh nó nuair a bhíonn sé á chinneadh deireadh a chur leis an limistéar críochaithe dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh, na fachtóirí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

bitheolaíocht na lotnaide agus an veicteora lena mbaineann;

(b) 

láithreacht plandaí óstacha;

(c) 

na dálaí éicea-aeráide; agus

(d) 

an dóchúlacht gur éirigh leis na bearta díothaithe.

6.  

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh gá le suirbhéanna bliantúla a dhéanamh sa chrios inmhíolaithe sna limistéir chríochaithe arna mbunú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

lotnaidí atá faoi réir bearta díothaithe lena n-éilítear ocht mbliana nó níos faide;

(b) 

lotnaidí atá faoi réir na mbeart srianta dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

7.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán trí na lotnaidí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 6 den Airteagal seo agus i bpointe (b) d'Airteagal 16 agus na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na maoluithe sin a shonrú tuilleadh.

Airteagal 20

Tuarascálacha ar bhearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19.

1.  
Sa chás go ndéanann Ballstát na bearta i limistéar atá in aice leis an teorainn le Ballstát eile, seolfar tuarascáil chuig an dara Ballstát sin maidir leis na bearta a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19.
2.  
Nuair a iarrann an Coimisiún nó Ballstát eile amhlaidh, cuirfidh an Ballstát tuarascáil isteach maidir leis na bearta sonracha a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19.

Airteagal 21

Leasú ar Iarscríbhinn II

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105, lena leasófar Iarscríbhinn II d'fhonn na bearta agus na prionsabail sin a oiriúnú d'fhorbairt an eolais eolaíochta agus theicniúil agus na gcaighdeán idirnáisiúnta is ábhartha.

Airteagal 22

Suirbhéanna ar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus lotnaidí atá cáilithe mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais ar bhonn sealadach

1.  

Déanfaidh na Ballstáit suirbhéanna rioscabhunaithe, i rith tréimhsí ama ar leith, chun seiceáil a dhéanamh ar an méid a leanas ar a laghad:

(a) 

láithreacht aon lotnaide coraintín de chuid an Aontais; agus

(b) 

comharthaí nó siomptóim aon lotnaide atá faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 29 nó faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1).

Déanfar na suirbhéanna sin sna limistéir go léir nárbh eol go raibh an lotnaid lena mbaineann i láthair.

Ní bheidh gá leis na suirbhéanna sin a chur i gcrích maidir le lotnaidí a mbaintear de thátal sainráite ina leith nach féidir iad a bhunú nó a leathnú sa Bhallstát lena mbaineann, mar gheall ar na dálaí éicea-aeráide nó toisc nach ann don speiceas óstach.

2.  
Bunófar leagan amach na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1 ar an riosca gurbh ann don lotnaid sa limistéar a chumhdaítear le gach suirbhé. Is éard a bheidh iontu, ar a laghad, scrúdúcháin amhairc á gcur i gcrích ag an údarás inniúil agus i gcás inarb iomchuí, bailiú samplaí agus tástáil. Cuirfear na suirbhéanna sin i gcrích i ngach suíomh cuí agus áireofar iontu, de réir mar is cuí, áitreabh, feithiclí, innealra agus pacáistiú arna n-úsáid ag oibreoirí gairmiúla agus ag daoine eile. Beidh siad bunaithe ar phrionsabail stuama eolaíocha agus theicniúla agus déanfar iad ag tráth cuí le gur féidir an lotnaid áirithe a bhrath.

Sna suirbhéanna sin, cuirfear fianaise eolaíoch agus theicniúil san áireamh, chomh maith le haon fhaisnéis iomchuí eile maidir le láithreacht na lotnaidí sin.

3.  
Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi 30 Aibreán gach bliain faoi thorthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana féilire roimhe sin. Áireofar sna tuarascálacha sin faisnéis maidir le cá háit a rinneadh na suirbhéanna, tráthúlacht na suirbhéanna, na plandaí, na táirgí planda agus na réada eile lenar bhain siad, líon na gcigireachtaí agus na samplaí a glacadh, agus na torthaí i ndáil le gach lotnaid lenar bhain.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, formáid na dtuarascálacha sin a leagan amach, mar aon le treoracha chun é sin a líonadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Airteagal 23

Cláir ilbhliantúla suirbhéireachta agus bailiú faisnéise

1.  
Bunóidh Ballstáit cláir ilbhliantúla suirbhéireachta ina leagfar amach ábhair na suirbhéanna atá le cur i gcrích de bhun Airteagal 22. Leis na cláir sin déanfar foráil maidir leis an bhfianaise eolaíoch agus theicniúil a bhailiú agus a thaifeadadh mar aon le faisnéis eile dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 22(2).

Áireofar sna cláir ilbhliantúla suirbhéireachta na heilimintí seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 22(2):

(a) 

cuspóir sonrach gach suirbhé;

(b) 

raon feidhme gach suirbhé maidir leis an réimse lena mbaineann agus leis an scála ama a chumhdaítear, na lotnaidí, plandaí agus tráchtearraí a bhfuiltear ag díriú orthu;

(c) 

modheolaíocht na suirbhéanna agus an bainistiú cáilíochta, lena n-áirítear cur síos ar na nósanna imeachta le haghaidh scrúdúchán amhairc, samplála agus tástála agus an chúis theicniúil atá leo;

(d) 

uainiú, minicíocht agus líon na scrúdúchán amhairc, na samplaí agus na dtástálacha sceidealta; agus

(e) 

modhanna taifeadta agus tuairisciú na faisnéise a bailíodh.

Beidh na cláir ilbhliantúla suirbhéireachta ar siúl ar feadh tréimhse cúig go seacht mbliana.

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir lena gcláir ilbhliantúla suirbhéireachta, tráth a mbunaítear iad.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar formáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla do chur i bhfeidhm na n-eilimintí a leagtar amach i mír 1 i ndáil leis na rioscaí sonracha fíteashláintíochta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Airteagal 24

Suirbhéanna ar lotnaidí tosaíochta

1.  
Maidir le gach lotnaid tosaíochta, déanfaidh na Ballstáit suirbhé ar leith ar bhonn bliantúil, mar a leagtar amach in Airteagal 22(1) agus (2) iad. Cuimseoidh na suirbhéanna sin líon mór leordhóthanach scrúdúchán amhairc, samplála agus tástálacha, de réir mar is iomchuí i leith gach lotnaid tosaíochta, d'fhonn a áirithiú, a mhéid is féidir i ndáil le bitheolaíocht na lotnaide lena mbaineann nó leis na dálaí éice-aeráide, le leibhéal ard muiníne go mbraithfear na lotnaidí sin in am tráthúil a mhéid is indéanta.

Ní bheidh sé de cheangal na suirbhéanna sin a chur i gcrích maidir le lotnaidí a mbaintear de thátal sainráite ina leith nach féidir iad a bhunú nó a leathnú sa Bhallstát lena mbaineann, mar gheall ar a dhálaí éice-aeráide faoi seach nó toisc nach ann don speiceas óstach.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin 30 Aibreán gach bliain maidir le torthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 25

Pleananna teagmhasacha le haghaidh lotnaidí tosaíochta

1.  
Le haghaidh gach lotnaide tosaíochta a d'fhéadfadh teacht isteach agus bunú fúithi i gcríoch an Bhallstáit, nó i gcuid di, dréachtóidh gach Ballstát plean ar leithligh, ina mbeidh faisnéis maidir leis na próisis, nósanna imeachta agus na prótacail chinnteoireachta a leanfar, agus an leibhéal íosta acmhainní a chuirfear ar fáil, agus nósanna imeachta chun tuilleadh acmhainní a chur ar fáil i gcás ina ndeimhneofar go hoifigiúil nó i gcás ina mbeidh amhras ann gurb ann don lotnaid sin lena mbaineann (an “plean teagmhais”).

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle, ag tráth iomchuí, leis na páirtithe leasmhara ar fad i bpróiseas dréachtaithe agus nuashonraithe na bpleananna teagmhais.

Ní bheidh sé de cheangal aon phleananna teagmhais a tharraingt suas le haghaidh lotnaidí a mbaintear de thátal sainráite ina leith nach bhféadfaí iad a bhunú nó a leathnú sa Bhallstát lena mbaineann, mar gheall ar a dhálaí éice-aeráide faoi seach nó toisc nach ann don speiceas óstach.

2.  

Áireofar sa phlean teagmhais na nithe seo a leanas:

▼M1

(a) 

róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí a bhaineann le cur i gcrích an phlean, má dheimhnítear nó má cheaptar go bhfuil lotnaid tosaíochta i láthair, chomh maith leis an slabhra ceannais agus na nósanna imeachta le haghaidh comhordú gníomhaíochtaía bheidh le déanamh ag údaráis inniúla, údaráis phoiblí eile, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ , na comhlachtaí tarmligthe nó na daoine nádúrtha atá i gceist, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán sin, saotharlanna agus oibreoirí gairmiúla, lena n-áirítear comhordú le Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta, más iomchuí;

▼B

(b) 

rochtain na n-údarás inniúil ar áitribh oibreoirí gairmiúla, oibreoirí ábhartha eile agus daoine nádúrtha;

(c) 

rochtain na n-údarás inniúil, más gá, ar shaotharlanna, trealamh, pearsanra, saineolas agus acmhainní seachtracha a bhfuil gá leo le haghaidh díothú tapa agus éifeachtach, nó más iomchuí, srianadh na lotnaide tosaíochta lena mbaineann;

(d) 

bearta atá le déanamh maidir le faisnéis an Choimisiúin, na mBallstát eile, na n-oibreoirí gairmiúla lena mbaineann agus an phobail, maidir le láithreacht na lotnaide tosaíochta lena mbaineann agus na bearta a ghlacfar ina coinne, má dheimhnítear nó má cheaptar go hoifigiúil go bhfuil an lotnaid lena mbaineann i láthair;

(e) 

socruithe le haghaidh torthaí a thaifeadadh ar láithreacht na lotnaide tosaíochta mbaineann;

(f) 

an measúnú atá ar fáil mar a leagtar amach in Airteagal 6(2) agus aon mheasúnú ar an mBallstát maidir le riosca na lotnaide tosaíochta lena mbaineann dá chríoch siúd;

(g) 

na bearta bainistithe riosca atá le glacadh maidir leis an lotnaid tosaíochta lena mbaineann, i gcomhréir le Roinn 1 d'Iarscríbhinn II agus na nósanna imeachta a leanfar;

(h) 

prionsabail le haghaidh críochú geografach na limistéar atá críochaithe;

(i) 

prótacail a dhéanann cur síos ar mhodhanna scrúdúchán amhairc, samplála agus tástála saotharlainne; agus

(j) 

prionsabail maidir le pearsanra na n-údarás inniúil agus, de réir mar is iomchuí, na comhlachtaí, na húdaráis phoiblí, saotharlanna, oibreoirí gairmiúla agus daoine eile dá dtagraítear i bpointe (a) a oiliúint.

Beidh na hítimí dá dtagraítear i bpointe (d) go pointe (j) den chéad fomhír i bhfoirm lámhleabhair threorach, i gcás inarb iomchuí.

3.  
Féadfar pleananna teagmhais dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal le haghaidh lotnaidí tosaíochta iolracha ag a bhfuil bitheolaíocht agus raon speiceas óstach comhchosúil acu. Sna cásanna sin, is é a bheidh sa phlean teagmhais cuid ghinearálta atá comónta do gach lotnaid tosaíochta a chumhdaítear ann agus codanna sainiúla le haghaidh gach ceann de na lotnaidí tosaíochta lena mbaineann.
4.  
Taobh istigh de cheithre bliana ó dháta bhunú liosta na lotnaidí tosaíochta, bunóidh na Ballstáit plean teagmhais maidir leis na lotnaidí tosaíochta a chuimsítear sa liosta sin.

Taobh istigh de bhliain amháin ó dháta chuimsiú aon lotnaide bhreise lena mbaineann sa liosta lotnaidí tosaíochta sin, bunóidh na Ballstáit plean teagmhais maidir leis an lotnaid tosaíochta sin.

Déanfaidh Ballstáit athbhreithniú rialta, agus nuashonróidh siad a gcuid pleananna teagmhais i gcás inarb iomchuí.

5.  
Cuirfidh na Ballstáit, arna iarradh sin dóibh, a bpleananna teagmhasacha i bhfios don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, agus cuirfidh siad iad in iúl do gach oibreoir proifisiúnta ábhartha trína bhfoilsiú ar an idirlíon.

Airteagal 26

Cleachtaí ionsamhlúcháin le haghaidh lotnaidí tosaíochta

1.  
Déanfaidh na Ballstáit cleachtaí ionsamhlúcháin a bhaineann le cur i bhfeidhm na bpleananna teagmhais ag eatraimh a leagfar amach de réir bhitheolaíocht na lotnaide tosaíochta nó na lotnaidí tosaíochta lena mbaineann mar aon leis an riosca a bhaineann leis an lotnaid nó na lotnaidí sin.

Déanfar na cleachtaí sin maidir leis na lotnaidí tosaíochta go léir lena mbaineann laistigh de thréimhse réasúnta ama agus le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha.

Ní bheidh gá na cleachtaí sin a chur i gcrích i gcás go bhfuil bearta glactha cheana le gairid ag an mBallstát ábhartha faoi thuairim an lotnaid nó na lotnaidí sin a dhíothú uaidh.

2.  
Féadfar cleachtaí ionsamhlúcháin a dhéanamh maidir le lotnaidí tosaíochta a bhféadfadh tionchar a bheith ag a láithreacht i mBallstát amháin ar Bhallstáit chomharsanachta, féadfaidh iad a dhéanamh le chéile ar bhonn na bpleananna teagmhais faoi seach atá acu.

Más iomchuí, féadfaidh na Ballstáit na cleachtaí ionsamhlúcháin sin a dhéanamh le tríú tíortha comharsanachta.

3.  
Cuirfidh Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, ar iarratas, maidir le torthaí gach cleachtadh ionsamhlúcháin.

Airteagal 27

Pleananna gníomhaíochta le haghaidh lotnaidí tosaíochta

1.  
Nuair a dheimhnítear go hoifigiúil de bhun Airteagal 10 go bhfuil láithreacht ag lotnaid tosaíochta i gcríoch Bhallstáit, glacfaidh an t-údarás inniúil plean láithreach (“an plean gníomhaíochta”) ina leagfar amach na bearta le haghaidh díothú na lotnaide sin, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19, nó le haghaidh a shrianadh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 28(2), chomh maith le sceideal ama le haghaidh na bearta sin a chur i bhfeidhm.

Cuimseofar sa phlean gníomhaíochta cur síos ar dhearadh agus ar eagrú na suirbhéanna a dhéanfar agus leagfar amach ann líon na scrúdúchán amhairc a dhéanfar, samplaí a gheofar agus tástálacha saotharlainne a dhéanfar, chomh maith leis an modheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm don scrúdú, don tsampláil agus don tástáil.

Beidh an plean gníomhaíochta bunaithe ar an bplean ábhartha teagmhais agus cuirfidh an t-údarás inniúil na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann ar an eolas faoi láithreach.

2.  
Tabharfaidh gach Ballstát, arna iarraidh sin dóibh, fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na pleananna gníomhaíochta atá glactha acu.

Airteagal 28

Bearta an Aontais i ndáil le lotnaidí sonracha coraintín de chuid an Aontais

1.  

Tá cead ag an gCoimisiún bearta a leagan amach in aghaidh lotnaidí sonracha coraintín de chuid an Aontais, trí ghníomhartha cur chun feidhme. Leis na bearta sin cuirfear ceann amháin nó níos mó de na forálacha seo a leanas i bhfeidhm go sonrach le haghaidh gach ceann de na lotnaidí lena mbaineann:

(a) 

Airteagal 10 i ndáil le bearta i gcás ina mbeidh amhras ann agus deimhniú oifigiúil ó údaráis inniúla go bhfuil an lotnaid choraintín sin de chuid an Aontais i láthair;

(b) 

Airteagal 14 i ndáil le bearta atá le glacadh láithreach ag oibreoirí gairmiúla;

(c) 

Airteagal 15 i ndáil le bearta atá le glacadh ag daoine seachas oibreoirí gairmiúla;

(d) 

Airteagal 17 i ndáil le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a dhíothú;

(e) 

Airteagal 18 i ndáil le bunú limistéar críochaithe;

(f) 

Airteagal 19 i ndáil le suirbhéanna agus mionathruithe na limistéar atá críochaithe agus cur i leataobh na srianta;

(g) 

Airteagal 22 i ndáil le suirbhéanna ar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus lotnaidí ag cáiliú go sealadach mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais;

(h) 

Airteagal 24 i ndáil le suirbhéanna ar lotnaidí tosaíochta, maidir le líon na scrúdúchán amhairc, samplaí agus tástálacha i gcás lotnaidí tosaíochta áirithe;

(i) 

Airteagal 25 i ndáil le pleananna teagmhais do lotnaidí tosaíochta;

(j) 

Airteagal 26 i ndáil le cleachtaí ionsamhlúcháin do lotnaidí tosaíochta;

(k) 

Airteagal 27 i ndáil le pleananna gníomhaíochta do lotnaidí tosaíochta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

2.  
De mhaolú ar Airteagal 17, sa chás, go bhfuiltear den tuairim, i bhfianaise na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 19 nó fianaise eile, nach féidir an lotnaid choraintín sin de chuid an Aontais a dhíothú i limistéar críochaithe, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ina leagtar amach bearta arb é an chuspóir atá leo ná srianadh.

Chun críche teacht ar an tuairim sin glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, na gníomhartha riachtanacha is gá tar éis don Bhallstát lena mbaineann nó aon fhoinse eile an fhianaise ábhartha a thíolacadh.

3.  
Nuair a cheapann an Coimisiún go bhfuil gá leis na bearta coiscthe in áiteanna lasmuigh de na limistéir chríochaithe chun an chuid de chríoch an Aontais nach bhfuil an lotnaid choraintín sin de chuid an Aontais ann a chosaint, tá cead aige gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, dá dtagraítear i mír 1, ina leagtar amach bearta den sórt sin.
4.  
Déanfar na bearta dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir le hIarscríbhinn II, agus cuirfear san áireamh sainrioscaí lotnaidí ábhartha coraintín de chuid an Aontais, na dálaí sonracha éice-aeráide agus na rioscaí do na Ballstát ábhartha agus an gá atá leis na bearta riachtanacha maolaithe riosca a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe san Aontas.
5.  
Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún beart, beidh cead ag an mBallstát leanúint d'aon bhearta atá glactha aige idir an dá linn.
6.  
Ar mhórfhorais phráinne chuí-réasúnaithe d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach ó lotnaid, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha infheidhme cur chun feidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3). Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir le hIarscríbhinn II, agus cuirfear san áireamh rioscaí sonracha lotnaidí coraintín an Aontais lena mbaineann, na dálaí sonracha éice-aeráide agus na rioscaí do na Ballstáit lena mbaineann agus an gá atá leis na bearta riachtanacha maolaithe riosca a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe san Aontas.
7.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103, faoi chásanna ar bith de neamhchomhlíonadh a bheith á dhéanamh maidir leis na bearta a glacadh de bhun an Airteagail seo, i gcás ina gcothaítear riosca go leathnófar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais.

Airteagal 29

Bearta na mBallstát i ndáil le lotnaidí nach liostaítear mar lotnaidí coraintín an Aontais

1.  
I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil go bhfuil lotnaid i láthair gcríoch Ballstáit, nach gcuimsítear i liosta lotnaidí coraintín an Aontais agus i gcás ina meastar don Bhallstát lena mbaineann go bhféadfadh an lotnaid sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun bheith san áireamh ar liosta lotnaidí coraintín an Aontais, déanfaidh sé measúnú láithreach ar cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an lotnaid critéir a leagtar amach i bhFhoroinn 1 de Roinn 3 d'Iarscríbhinn I. Má chreideann sé go gcomhlíontar na critéir sin, glacfaidh sé bearta díothaithe láithreach i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Beidh feidhm ag Airteagal 17 go hAirteagal 20.

I gcás ina meastar, ar bhonn na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 19 nó ar fhianaise eile, go bhfuil sé dodhéanta lotnaid i limistéar críochaithe a dhíothú, beidh feidhm ag Airteagal 28(2) mutatis mutadis.

I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil go bhfuil lotnaid a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear sa chéad fhoroinn i láthair i gcoinsíneacht plandaí, i dtáirgí planda nó earraí eile a thugtar isteach nó a aistrítear timpeall i gcríoch Bhallstáit, glacfaidh an Ballstát sin na bearta is gá chun bealach isteach, bunú nó leathadh na lotnaide sin ar chríoch an Aontais a chosc.

I gcás ina bhfuil Ballstát in amhras go bhfuil lotnaid ina chríoch a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh feidhm ag Airteagal 10 mutatis mutandis.

Go dtí go ndeimhnítear láithreacht na lotnaide sin go hoifigiúil, déanfaidh an Ballstát, i gcás inarb iomchuí, bearta fíteashláintíochta a ghlacadh chun riosca a leathnaithe a mhaolú.

2.  
Tar éis na mbeart dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát measúnú ar cibé an gcomhlíonann an lotnaid lena mbaineann na critéir maidir le lotnaidí coraintín a leagtar amach i Roinn 1 d'Iarscríbhinn I.
3.  
Cuirfidh an t-údarás ábhartha inniúil an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi láithreacht na lotnaide dá dtagraítear i mhír 1. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas freisin faoin measúnú dá dtagraítear i mír 1, na bearta a ghlactar agus an fhianaise atá mar bhonn leis na bearta sin.

Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá bhliain ó dheimhniú oifigiúil láithreacht na lotnaide sin.

Tíolacfar fógraí faoi láithreacht na lotnaide sin tríd an gcóras leictreonach fógartha dá dtagraítear in Airteagal 103.

Airteagal 30

Bearta de chuid an Aontais i ndáil le lotnaidí nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín an Aontais

1.  
Má fhaigheann an Coimisiún fógra amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 29(3), nó má tá fianaise eile aige faoi lotnaid a bheith i láthair i gcríoch an Aontais nó gur baolach go bhféadfadh sí teacht isteach nó leathadh inti, ar lotnaid í nach bhfuil san áireamh ar liosta lotnaidí coraintín an Aontais, agus go meastar dó go bhféadfadh an lotnaid sin na coinníollacha a chomhlíonadh lena bheith san áireamh ar an liosta sin, déanfaidh sé measúnú láithreach ar cibé an gcomhlíonann an lotnaid sin na critéir a leagtar amach i bhForoinn 2 de Roinn 3 d'Iarscríbhinn II maidir le críoch an Aontais.

Má cheapann an Coimisiún go gcomhlíontar na critéir sin, glacfaidh sé bearta ar an toirt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar feadh achar teoranta ama maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an lotnaid sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Leis na bearta sin cuirfear chun feidhme ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) den chéad fhomhír d'Airteagal 28(1) maidir le gach lotnaid lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí.

2.  
Tar éis na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, measúnóidh an Coimisiún an gcomhlíonann an lotnaid lena mbaineann, a mhéid a bhaineann le críoch an Aontais, na critéir maidir le lotnaidí coraintín a leagtar amach i Roinn 1 d'iarscríbhinn I iad.
3.  
I gcás go gceaptar, ar bhonn na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 19 agus in Airteagal 22, nó fianaise eile, nach bhféadfar an lotnaid lena mbaineann i limistéar críochaithe a dhíothú, féadfar, leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, bearta a leagan amach arb é an chuspóir a bheidh leo ná srianadh.
4.  
I gcás ina gceaptar go bhfuil gá le bearta coiscthe i limistéir lasmuigh de na limistéir chríochaithe chun go gcosnófar an chuid sin de chríoch an Aontais nach bhfuil an lotnaid lena mbaineann i láthair inti, féadfar bearta den sórt sin a leagan amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1.
5.  
Glacfar na bearta dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 i gcomhréir le hIarscríbhinn II, agus cuirfear san áireamh na rioscaí ar leith a bhaineann leis na lotnaidí atá i gceist agus an gá atá leis na bearta riachtanacha maolaithe riosca a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe san Aontas.
6.  
Go dtí go mbeidh bearta glactha ag an gCoimisiún, beidh cead ag an mBallstát lena mbaineann leanúint de na bearta atá glactha aige de bhun Airteagal 29.
7.  
Ar mhórfhorais phráinne chuí-réasúnaithe d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach ó lotnaid, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha infheidhme cur chun feidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3). Glacfar na bearta dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 i gcomhréir le hIarscríbhinn II, agus cuirfear san áireamh iontu na rioscaí ar leith a bhaineann leis na lotnaidí lena mbaineann agus an gá atá leis na bearta riachtanacha maolaithe riosca a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe san Aontas.
8.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas tríd an gcóras leictreonach fógartha dá dtagraítear in Airteagal 103, faoi chásanna ar bith de neamh-chomhlíonadh maidir leis na bearta a ghlactar de bhun an Airteagail seo, i gcás ina gcothaítear riosca go leathnóidh na lotnaidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 31

Ceanglais níos déine arna nglacadh ag Ballstáit

1.  
Féadfaidh Ballstáit bearta níos déine a chur i bhfeidhm laistigh dá gcríocha féin ná na bearta sin a ghlactar de bhun Airteagal 28(1), (2) agus (3) agus Airteagal 30(1), agus (3) agus (4), más cúis mhaith é cuspóir na cosanta fíteashláintíochta lena dhéanamh agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II.

Ní chuirfidh na bearta níos déine sin aon bhac nó srianta ar thabhairt isteach nó ar gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí ná réad eile laistigh de chríoch an Aontais nó tríthi, nó ní bheidh na bearta mar thoradh orthu, seachas na cinn sin a fhorchuirtear le hAirteagal 40 go hAirteagal 58 agus Airteagal 71 go hAirteagal 102.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi bhearta atá tógtha acu i gcomhréir le mír 1.

Seolfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil, ar iarratas, chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile maidir leis na bearta a dhéantar i gcomhréir le mír 1.



Roinn 3

Lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta

Airteagal 32

Aithint na gcriosanna cosanta

1.  
Nuair atá lotnaid choraintín i láthair i gcríoch an Aontais, ach mura bhfuil sí i láthair i gcríoch Bhallstáit nó cuid di, agus murar lotnaid choraintín de chuid an Aontais í, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas an Bhallstáit sin de bhun mhír 4, críoch den sórt sin nó cuid di a aithint mar chrios cosanta i gcomhréir le mír 3 maidir leis an lotnaid choraintín sin (“lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta”).
2.  
Ní thabharfar isteach ná ní ghluaisfear lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta laistigh den chrios cosanta faoi seach, nó ní choinneofar í, ní iolrófar í ná ní scaoilfear í laistigh den chrios cosanta sin.

Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag Airteagal 8 maidir le lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus maidir lena ngluaiseacht, lena gcoinneáil agus lena n-iolrú sna criosanna cosanta sin.

3.  
Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, liosta de chriosanna cosanta agus de lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta faoi seach. Cuimseofar sa liosta sin na criosanna cosanta a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de phointe (h) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE, na lotnaidí faoi seach a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I agus i gCuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE, agus cóid a shanntar go sonrach do na lotnaidí sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme lena leasaítear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, criosanna breise cosanta a aithint i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a athchur chun críche leasuithe comhdhlúthúcháin.

Glacfar na gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

4.  

In éineacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann:

(a) 

cur síos ar theorainneacha an chreasa chosanta mholta, lena n-áirítear léarscáileanna;

(b) 

torthaí na suirbhéanna lena léirítear nach raibh láithreacht ag an lotnaid choraintín lena mbaineann sa chríoch atá i gceist i rith ar a laghad na trí bliana roimh an iarratas; agus

(c) 

fianaise go gcomhlíonann an lotnaid choraintín lena mbaineann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 i ndáil leis an gcrios cosanta molta.

5.  
Déanfar na suirbhéanna sin dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 ag tráthanna cuí agus beidh an déine chuí i gceist leo sa chaoi go bhféadfaí láithreacht na lotnaide coraintín lena mbaineann a bhrath, má tá. Beidh siad bunaithe ar phrionsabail fhónta eolaíochta agus theicniúla, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh iontu.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha mionsonraithe a leagan síos do na suirbhéanna sin. Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir le forbairt an eolais theicniúil agus eolaíochta, agus na caighdeáin infheidhme idirnáisiúnta.

6.  
Féadfaidh an Coimisiún criosanna cosanta sealadacha a aithint. Chun na críche sin beidh coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus i mír 4 agus an chéad fhomhír de mhír 5 infheidhme mutatis mutandis. De mhaolú ar an gceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4, rinneadh an suirbhé thar tréimhse ar a bliana amháin roimh an iarratas.

Ní mhairfidh an t-aitheantas a thugtar do chrios cosanta sealadach níos faide ná trí bliana tar éis é a aithint, agus rachaidh sé in éag go huathoibríoch tar éis trí bliana.

7.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus cuirfidh siad na hoibreoirí gairmiúla ar an eolas trí faisnéis a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil faoi theorainneacha na gcriosanna cosanta ina gcríocha féin, lena n-áirítear trí bhíthin léarscáileanna.

Airteagal 33

Oibleagáidí ginearálta i ndáil le criosanna cosanta

1.  
Maidir le crios cosanta, beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9 go hAirteagal 19 seo a leanas maidir le lotnaid coraintín na gcriosanna cosanta faoi seach.
2.  
Ní ceadmhach planda, táirge planda nó réad eile a bhfuil a bhunús i limistéar críochaithe a bunaíodh i gcrios cosanta le haghaidh lotnaide coraintín na gcriosanna cosanta lena mbaineann, ní dhéanfar é a ghluaiseacht ón limistéar críochaithe sin isteach sa chuid eile den chrios cosanta sin nó isteach i gcrios cosanta eile ar bith a bunaíodh le haghaidh lotnaide coraintín sin na gcriosanna cosanta.

De mhaolú ón gcéad fhomhír, féadfar an planda, táirge an phlanda nó aon réad eile a ghluaiseacht amach as an limistéar críochaithe sin agus amach as an gcrios cosanta, i gcás go bpacáistítear agus go ngluaistear é i gcaoi is nach mbeidh aon bhaol ann go scaipfear an lotnaid choraintín faoi seach, ar lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta í, laistigh den gcrios cosanta sin agus sa chás sin amháin.

3.  
Cuirfear na limistéir chríochaithe a bhunaítear laistigh den chrios cosanta agus na bearta díothaithe a dhéanfar sna limistéir sin de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19, cuirfear in iúl iad láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Airteagal 34

Suirbhéanna maidir le lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil suirbhéanna bliantúla ar gach crios cosanta maidir le láithreacht na lotnaide coraintín lena mbaineann, ar lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta í. Beidh feidhm ag Airteagal 22(2) mutatis mutandis maidir leis na suirbhéanna sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha mionsonraithe a leagan síos d'ullmhúchán agus inneachar na suirbhéanna sin.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, faoin 30 Aibreán gach bliain, faoi thorthaí na suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 35

Leasú ar mhéid na gcriosanna cosanta agus aitheantas na gcriosanna cosanta a chúlghairm

1.  
Tá cead ag an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar mhéid na gcriosanna cosanta, ar iarratas ón mBallstát a bhfuil a chríoch siúd i gceist.

I gcás go mbaineann an leasú sin le síneadh creasa chosanta, beidh feidhm ag Airteagal 32 mutatis mutandis.

2.  
Ar iarratas ón mBallstát dá dtagraítear i mír 1, cúlghairfidh an Coimisiún aitheantas creasa chosanta nó laghdóidh sé a mhéid.
3.  
Cúlghairfidh an Coimisiún aitheantas creasa chosanta i gcás nach ndéantar na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 34 i gcomhréir leis an Airteagal sin.
4.  

Cúlghairfidh an Coimisiún aitheantas creasa chosanta, i gcás go bhfuarthas go bhfuil an lotnaid choraintín faoi seach, ar lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta í, i láthair sa chrios sin agus go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

níl aon limistéar críochaithe curtha ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 33(1), laistigh de thrí mhí ó dheimhniú oifigiúil an lotnaid a bheith ann;

(b) 

ní éiríonn leis na bearta díothaithe a glacadh i limistéar críochaithe de bhun Airteagal 33(1) laistigh de 24 mí ó dheimhniú oifigiúil an lotnaid a bheith ann, nó laistigh de thréimhse níos faide ná 24 mí i gcás ina dtugann bitheolaíocht na lotnaide údar maith leis sin agus go leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 32(3) an tréimhse sin;

(c) 

léiríonn an t-eolas atá ar fáil don Choimisiún, maidir le cur i bhfeidhm beart de bhun agus de bhua Airteagal 33(1), go dtí Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19, léiríonn sé freagairt neamartach thromchúiseach do láithreacht na lotnaide sin sa chrios cosanta atá i gceist.

5.  
Déanfaidh an Coimisiún an t-aitheantas a tugadh do chrios cosanta de bhun mhír 2 agus mhír 3 nó mír 4 den Airteagal sin a aisghairm nó a méid a laghdú, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme lena leasaítear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 32(3) a leasú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107 (2).



CAIBIDIL III

Lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais

Airteagal 36

Lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a shainmhíniú

Is “lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais” é lotnaid má chomhlíonann sí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas agus má áirítear í sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 37:

(a) 

bunaítear a haitheantas i gcomhréir le pointe (1) de Roinn 4 d'Iarscríbhinn I;

(b) 

tá sí i láthair i gcríoch an Aontais;

(c) 

ní lotnaid choraintín de chuid an Aontais í ná ní lotnaid í atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1);

(d) 

aistrítear timpeall í go háirithe trí phlandaí sonracha le haghaidh plandú, i gcomhréir le pointe (2) de Roinn 4 d'Iarscríbhinn I;

(e) 

tá tionchar do-ghlactha eacnamaíoch ag a láithreacht ar na plandaí sin le haghaidh plandú, i ndáil le húsáid bheartaithe na bplandaí sin le haghaidh plandú, de réir phointe (3) de Roinn 4 d'Iarscríbhinn II;

(f) 

tá bearta indéanta agus éifeachtacha ar fáil chun a láithreacht ar na plandaí le haghaidh plandú ábhartha a chosc.

Airteagal 37

Toirmeasc ar thabhairt isteach agus ar ghluaiseacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais ar phlandaí le haghaidh plandú

1.  
Ní dhéanfaidh oibreoirí gairmiúla lotnaid neamhchoraintín rialáilte a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ná an lotnaid sin a ghluaiseacht laistigh den chríoch sin ar na plandaí le haghaidh plandú trína n-aistrítear í, mar a shonraítear sa liosta dá dtagraítear i mír 2.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos sa chéad fhomhír sna cásanna seo leanas:

(a) 

déantar plandaí le haghaidh plandú a ghluaiseacht laistigh d'áitreabh an oibreora ghairmiúil lena mbaineann nó idir na háitribh;

(b) 

déantar plandaí le haghaidh plandú a ghluaiseacht toisc gur gá iad a dhífhabhtú.

2.  
Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta ina sonrófar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais agus na plandaí sonracha le haghaidh plandú, amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36, más iomchuí, leis na catagóirí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo agus na tairseacha dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.
3.  

Áireofar sa liosta dá dtagraítear i mír 2 na lotnaidí agus na plandaí ábhartha le haghaidh plandú, mar a leagtar amach sna gníomhartha seo a leanas:

(a) 

Roinn II de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE;

(b) 

pointe (3) agus (6) d'Iarscríbhinn I agus pointe (3) d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 66/402/CEE;

(c) 

Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 68/193/CEE;

(d) 

na gníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 5(5) de Threoir 98/56/CE ón gComhairle ( 2 );

(e) 

Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/55/CE;

(f) 

Iarscríbhinn I agus pointe B d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/56/CE, agus na gníomhartha a glacadh de bhun phointe (c) d'Airteagal 18 den Treoir sin;

(g) 

pointe (4) d'Iarscríbhinn I agus pointe (5) d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/57/CE;

(h) 

na gníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4 de Threoir 2008/90/CE; agus

(i) 

na gníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4 de Threoir 2008/90/CE.

Ní áireofar sa liosta sin lotnaidí in Iarscríbhinn I, agus i Roinn I de Chuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn II de Threoir 2000/29/CE agus a liostaítear mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo chomh maith le lotnaidí faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán seo.

4.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, bearta a leagan amach chun láithreacht lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a chosc ar na plandaí lena mbaineann le haghaidh plandú, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 36 den Rialachán seo. Bainfidh na bearta sin, mar is iomchuí, le tabhairt isteach agus le gluaiseacht na bplandaí sin laistigh den Aontas. Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le prionsabail le haghaidh rioscaí lotnaidí a bhainistiú. Beidh feidhm ag na bearta sin gan dochar do na bearta a ghlactar de bhun na dTreoracha seo a leanas: 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 98/56/CE, Treoir 1999/105/CE ( 3 ) ón gComhairle agus Treoracha 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE.
5.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 den Airteagal seo a leasú, i gcás ina bhfuil fianaise measúnachta ann:

(a) 

go gcomhlíonann lotnaid nach liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 36,

(b) 

nach gcomhlíonann lotnaid a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 36;

(c) 

gur gá leasuithe ar an liosta sin maidir leis na catagóirí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó tairseacha dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo; nó

(d) 

gur gá leasuithe ar bhearta arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit gan mhoill.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 den Airteagal seo a athchur chun críche leasuithe comhdhlúthúcháin.

6.  
Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, mír 4 agus mír 5 glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).
7.  
Sa chás nach bhfuil pointe (e) d'Airteagal 36 á chomhlíonadh ach i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na hábhair réamh-bhunúsacha, bhunúsacha, nó deimhnithe, de na síolta nó na prátaí síl, nó de na hábhair chaighdeánacha nó de na hábhair nó na síolta de chuid an Choimisiúin Codex Alimentarius (CAC), amhail dá dtagraítear i dTreoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE,2008/72/CE agus 2008/90/CE, leagfar amach sa liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na catagóirí sin ina sainítear nach bhfuil feidhm ag an toirmeasc maidir le tabhairt isteach agus le gluaiseacht, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ach maidir leis na catagóirí sin amháin.
8.  
Sa chás nach bhfuil pointe (e) d'Airteagal 36 á chomhlíonadh ach má tá láithreacht na lotnaide i gceist ag ráta os cionn tairseach áirithe atá níos airde ná náid, sonrófar sa liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an tairseach sin agus sonrófar ann freisin go mbaineann an toirmeasc atá luaite leis an tabhairt isteach agus leis an ngluaiseacht, dá dtagraítear i mír 1, le lotnaidí a bhfuil an tairseach sin sáraithe acu.

Ní shuífear tairseach den sórt sin ach amháin sa chás go gcomhlíontar an dá phointe seo a leanas:

(a) 

is féidir le hoibreoirí gairmiúla a áirithiú nach sáraíonn ráta na lotnaide neamhchoraintín rialáilte sin de chuid an Aontais an tairseach sin;

(b) 

is féidir a fhíorú cibé an bhfuil nó nach bhfuil an tairseach sin sáraithe i luchtóga na bplandaí sin le haghaidh plandú.

Beidh feidhm ag na prionsabail a bhaineann le bainistiú riosca lotnaidí a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II.

9.  
Beidh feidhm ag Airteagal 31 mutatis mutandis maidir leis na bearta a ghlacfaidh an Ballstáit maidir le lotnaidí neamhchoráintín rialáilte agus na plandaí ábhartha le haghaidh plandú.

Airteagal 38

Leasú ar Roinn 4 d'Iarscríbhinn I

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear Roinn 4 d'Iarscríbhinn I d'fhonn é a oiriúnú d'eolas eolaíoch agus teicniúil a fhorbairt mar aon le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha.

Airteagal 39

Lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a úsáidtear chun críocha eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil, porú nó taispeántais

Ní bhaineann an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 37 le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais atá ar na plandaí le haghaidh plandú, nó atá in úsáid chun críocha eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil, pórú nó taispeántais.



CAIBIDIL IV

Bearta i ndáil le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile



Roinn 1

Bearta i ndáil le críoch an Aontais trí chéile

Airteagal 40

Toirmeasc ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.  
Ní thabharfar plandaí áirithe, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais más rud é gur ó gach tríú tír nó gach tríú críoch nó ó thríú tír nó ó thríú críoch áirithe a thagann siad.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina mbeidh na plandaí, na táirgí plandaí agus réada eile dá dtagraítear i mír 1 a bhfuil toirmeasc ar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar aon le tríú tíortha, grúpaí de thríú tíortha nó limistéir shonracha de thríú tíortha a bhfuil feidhm ag an toirmeasc maidir leo.

Áireofar sa chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin, na plandaí, na táirgí plandaí agus réada eile mar aon lena dtíortha tionscnaimh mar a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2000/29/CE.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2) den Rialachán seo.

Sa liosta atá bunaithe leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile bunaithe ar a ról faoi seach i gcomhréir leis an rangú san Ainmníocht Chomhcheangailte mar a shonraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 4 ) (“Cód AC”: anseo ina dhiaidh), i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil. Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

3.  
Maidir le planda, táirge plandaí nó réad eile, a thagann ó thríú tír nó arna sheoladh ó thríú tír, i gcás go mbeidh riosca lotnaide ag roinnt leis ar leibhéal do-ghlactha de bharr na dóchúlachta go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, agus nach féidir an riosca lotnaide sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn II, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 dá réir d'fhonn an planda, an táirge planda nó an réad eile sin agus na tríú tíortha grúpaí de thríú tíortha nó limistéir shonracha de thríú tíortha lena mbaineann a chur san áireamh ann.

I gcás nach ionann planda, táirge plandaí nó réad eile san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin agus riosca lotnaide ar leibhéal do-ghlactha, nó sa chás gurb ionann é agus riosca den sórt sin ach gur féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn II, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme sin de réir mar is iomchuí.

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca lotnaide sin a mheas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II, más iomchuí, ag féachaint do cheann amháin nó níos mó de na tríú tíortha sonracha sin.

Glacfar leis na leasuithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Ar mhórfhorais phráinne chuí-réasúnaithe d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach lotnaide, glacfaidh an Coimisiún leis na leasuithe sin trí ghníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

4.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil plandaí, táirgí plandaí agus réada eile tugtha isteach i gcríoch an Aontais de shárú ar mhír 1.

Más infheidhme, cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas freisin.

Airteagal 41

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile faoi réir ceanglais speisialta agus coibhéiseacha

1.  
Ní fhéadfar plandaí áirithe, táirgí áirithe plandaí nó réada áirithe eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais nó a ghluaiseacht ann ach amháin má chomhlíontar ceanglais speisialta, nó ceanglais choibhéiseacha. D'fhéadfadh sé gur ó thríú tíortha nó ó laistigh de chríoch an Aontais a thiocfadh na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile sin.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina mbeidh na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile agus a gceanglais speisialta chomhfhreagracha amhail dá dtagraítear i mír 1. Áireofar sa liosta sin, i gcás inarb infheidhme, an tríú tír, an grúpaí de thríú tíortha nó na limistéir shonracha laistigh de thríú tíortha lena mbaineann.

Áireofar sa chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin na plandaí, na táirgí plandaí agus réada eile, na ceanglais speisialta agus, i gcás inarb infheidhme, a dtríú tír tionscnaimh mar a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2000/29/CE.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2) den Rialachán seo.

Sa liosta a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile freisin trína gcód AC faoi seach, i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil. Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

3.  
I gcás planda, táirge planda nó réad eile a chothaíonn riosca lotnaide ar leibhéal do-ghlactha de bharr na dóchúlachta go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, agus gur féidir an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn II, leasóidh an Coimisiún, de réir mar is cuí, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, d'fhonn an planda, táirge planda nó réad eile agus na bearta atá le cur i bhfeidhm a chur san áireamh. Tagraítear do na bearta seo agus na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 (“ceanglais speisialta”).

Féadfar gurb ionann na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ceanglais shonracha, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 44(1), d'fhonn plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais arb ionann iad agus ceanglais speisialta a bhaineann leis na plandaí, na táirgí plandaí nó na réad eile a thabhairt isteach agus lena ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais (“ceanglais choibhéiseacha”).

Maidir le planda, táirge planda nó réad eile a áirítear sa ghníomh cur chun feidhme sin, i gcás nach mbeidh riosca lotnaide ag roinnt leis ar leibhéal do-ghlactha, nó go bhfuil an riosca sin ag roinnt leis ach nach féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha leis na ceanglais speisialta, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme sin dá réir sin tríd an bplanda sin, an táirge planda sin nó an réad eile sin a bhaint ón liosta nó a chur ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca lotnaide sin a mheas, agus glacfar na bearta chun an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha, i gcomhréir leis na bprionsabal a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II más iomchuí ag féachaint do cheann amháin nó níos mó de na tríú tíortha sonracha sin.

Glacfar leis na leasuithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Ar mhórfhorais phráinne chuí-réasúnaithe d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach ó lotnaid, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha infheidhme cur chun feidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

▼M1

4.  
I gcás ina bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile tugtha isteach i gcríoch an Aontais, nó bogtha laistigh de, de shárú ar mhír 1 den Airteagal seo, glacfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas tríd an gcóras fógartha leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas freisin.

▼B

Airteagal 42

Srianta ar bhonn réamh-mheasúnú do phlandaí, táirgí plandaí nó réada eile ardriosca a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.  
I gcás, bunaithe ar bunaithe ar réamh-mheasúnú go mbaineann riosca lotnaide ar leibhéal atá do-ghlactha do chríoch an Aontais le planda, le táirge plandaí nó le réad eile de thionscnamh tríú tír, agus nach bhfuil liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 40 nó nach bhfuil sách cumhdaithe leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 41 nó nach bhfuil faoi réir na bearta sealadacha in Airteagal 49, tagrófar dó mar “phlanda ardriosca”, “táirge plandaí ardriosca” nó mar “réad eile ardriosca” (“plandaí ardriosca, táirgí plandaí ardriosca nó réada eile ardriosca anseo feasta”).

Cuirfear na critéar a leagtar amach in Iarscríbhinn III san áireamh sa réamh-mheasúnú sin, mar is iomchuí don phlanda, don táirge plandaí nó don réad eile lena mbaineann.

2.  
Ní thabharfar plandaí ardriosca, táirgí plandaí ardriosca nó réada eile ardriosca a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear dó i mír 3 isteach i gcríoch an Aontais ó na tríú tíortha, grúpaí de thríú tíortha nó limistéir shonracha de thríú tíortha tionscnaimh, a bhfuil tionchar ag an liostú sin uirthi.
3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, ina liostálfar go sealadach, ar an leibhéal tacsanomaíoch iomchuí, ar feitheamh an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 4, na plandaí ardriosca, na táirgí plandaí ardriosca nó na réada eile ardriosca dá dtagraítear i mír 1, agus, i gcás inarb iomchuí, na tríú tíortha, na grúpaí tríú tíortha nó na limistéir shonracha den tríú tír lena mbaineann.

Glacfar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 14 Nollaig 2018.

Sa liosta atá bunaithe ag na gníomhartha cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile freisin, i gcás inarb infheidhme, trína gcód AC faoi seach, i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil. Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

4.  
Maidir le planda, táirge plandaí nó réad eile, de thionscnamh na dtríú tíortha, grúpaí de thríú tíortha nó limistéir shonracha de thríú tíortha lena mbaineann, dá dtagraítear i mír 2 a bheith ar an leibhéal tacsanomaíoch mar a liostaítear sa gníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 3 nó faoi bhun an leibhéil sin, má fhaightear ina leith, bunaithe ar mheasúnú riosca, nach mbaineann riosca ar leibhéal do-ghlactha lena dhóchúlacht go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbainfear an planda, an táirge plandaí nó an réad eile sin den liosta dá dtagraítear sa mhír sin do na tríú tíortha lena mbaineann.

Maidir leis an bplanda, táirge plandaí nó réad eile, de thionscnamh na dtríú tíortha, grúpaí de thríú tíortha nó limistéir shonracha de thríú tíortha lena mbaineann, dá dtagraítear i mír 2, má fhaightear ina leith, bunaithe ar mheasúnú riosca, go mbaineann riosca do-ghlactha de bharr na dóchúlachta go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, agus nach bhféadfaí an riosca lotnaide a laghdú go leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sin a chur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn II, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbainfear an planda, an táirge plandaí nó an réad eile sin den liosta dá dtagraítear i mír 2 do na tríú tíortha lena mbaineann agus cuirfear é leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 40.

Maidir leis an bplanda, táirge plandaí nó réad eile, de thionscnamh na dtríú tíortha, grúpaí de thríú tíortha nó limistéir shonracha de thríú tíortha lena mbaineann, dá dtagraítear i mír 2, má fhaightear ina leith, bunaithe ar mheasúnú riosca, go mbaineann riosca do-ghlactha leis, ach go bhféadfaí an riosca sin a laghdú go leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta sin a chur i bhfeidhm a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV maidir le bearta agus prionsabail chun rioscaí lotnaidí a bhainistiú, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbainfear an planda, an táirge plandaí nó an réad eile sin den liosta dá dtagraítear i mír 2 do na tríú tíortha, grúpaí de thríú tíortha nó limistéir shonracha de thríú tíortha lena mbaineann agus cuirfear é leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41.

5.  
Ar choinníoll go n-aithnítear éileamh ar onnmhairiú plandaí, táirgí plandaí nó réad eile a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, déanfar an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 4 in imeacht thréimhse iomchuí réasúnta ama.

I gcás inarb iomchuí, féadfar an measúnú sin a theorannú do phlandaí, táirgí plandaí nó réada eile ó thríú tír shonrach thionscnaimh nó seolta, nó ó grúpaí de thríú tíortha sonracha tionscnaimh nó seolta.

6.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sonracha a leagan síos maidir leis an nós imeachta a leanfar chun an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 4 a dhéanamh.
7.  
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 6 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Airteagal 43

Coinníollacha sonracha onnmhairithe chun ábhar pacáistíochta adhmaid a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.  

Maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid, bíodh sé in úsáid in iompar réad de gach cineál nó ná bíodh, ní thabharfar é isteach i gcríoch an Aontais ach amháin sa chás go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

bhí sé faoi réir ceann amháin nó níos mó de na cóireálacha formheasta, agus comhlíontar leis na ceanglais is infheidhme faoi seach, a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCaighdeán Idirnáisiúnta do Bhearta Fíteashláintíochta Uimh. 15 dar teideal Ábhar Pacáistíochta Adhmaid sa Trádáil Idirnáisiúnta a rialáil (CIBF 15);

(b) 

go bhfuil sé marcáilte leis an marc dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2 de CIBF15, lena léirítear go raibh sé faoi réir na gcóireálacha dá dtagraítear i bpointe (a).

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid atá faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear i CIBF15.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a leasú nó a fhorlíonadh chun forbairt caighdeáin idirnáisiúnta agus go háirithe CIBF15 a chur san áireamh.

Féadfar a chinneadh leis na gníomhartha tarmligthe sin go mbeidh díolúine ag ábhar pacáistíochta adhmaid nach bhfuil faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear i CIBF15, ó cheanglais mhír 1 den Airteagal seo, nó go mbeidh sé faoi réir ceanglas nach mbeidh chomh dian céanna.

Airteagal 44

Leagan amach na gceanglas coibhéiseach

1.  

Leagfaidh an Coimisiún amach ceanglais choibhéiseacha, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ar iarratas ó thríú tír ar leith, má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

cinntíonn an tríú tír i gceist, trí chur i bhfeidhm beart sonraithe amháin nó níos mó faoina rialú oifigiúil, leibhéal de chosaint fíteashláintíochta atá comhionann leis na ceanglais speisialta i ndáil le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais;

(b) 

tugann an tríú tír lena mbaineann léiriú oibiachtúil don Choimisiún go gcomhlíonann na bearta sonraithe dá dtagraítear i bpointe (a) an leibhéal cosanta fíteashláintíochta dá dtagraítear sa phointe sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta um scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2)

▼M1

2.  
Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún imscrúduithe, sa tríú tír lena mbaineann, agus i gcomhréir le hAirteagal 120 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ , lena fhíorú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh.

▼B

Airteagal 45

Faisnéis le soláthar do thaistealaithe agus do chliaint na seirbhísí poist

1.  
Soláthróidh Ballstáit, calafoirt agus aerfoirt, agus oibreoirí idirnáisiúnta iompair faisnéis do phaisinéirí maidir leis na toirmisc, dá dtagraítear in Airteagal 40(2), leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 41(2) agus Airteagal 42(3), agus an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 75(2), maidir le plandaí, le táirgí plandaí agus le réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

Soláthróidh siad an fhaisnéis sin i bhfoirm póstaer nó bróisiúr, agus, de réir mar is infheidhme, ar a suíomh gréasáin.

Soláthróidh na seirbhísí poist agus oibreoirí gairmiúla a bhfuil baint acu le díolachán trí chianchonarthaí an fhaisnéis sin maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír dá gcliaint tríd an idirlíon ar a laghad.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe a leagan amach i ndáil leis na póstaeir agus na bróisiúir sin a chur i láthair. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

2.  
Soláthróidh Ballstáit, arna iarraidh sin díobh, tuarascáil don Choimisiún ina mbeidh achoimre den fhaisnéis a chuirtear ar fáil de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 46

Eisceacht ó thoirmisc agus ceanglais do chriosanna teorann

1.  

De mhaolú ar Airteagal 40(1), Airteagal 41(1) agus Airteagal 42(2), féadfaidh Ballstáit tabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réada eile i gcríoch an Aontais a údarú, sa chás go gcomhlíonann na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile na coinníollacha seo a leanas uile:

(a) 

tá siad á bhfás agus á dtáirgeadh i réimsí tríú tíortha atá cóngarach lena dteorainn talún le Ballstáit (“criosanna teorann tríú tír”);

(b) 

go bhfuil siad á dtabhairt isteach i limistéir na mBallstát atá díreach trasna na teorann sin (“criosanna teorann Ballstáit”);

(c) 

beidh siad faoi réir próiseála i gcriosanna teorann na mBallstát sin ar shlí a chiallaíonn nach ann don riosca lotnaide a thuilleadh;

(d) 

ní bhaineann riosca leo i ndáil le leathadh lotnaidí coraintín an Aontais nó lotnaidí faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) a bhaineann le gluaiseachtaí laistigh den chrios teorann.

Ní dhéanfar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile sin a ghluaiseacht ach amháin isteach chuig chriosanna teorann an Bhallstáit agus laistigh díobh, agus faoi rialú oifigiúil an údaráis inniúil.

2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an méid seo a leanas a leagan amach:

(a) 

uasleithead criosanna teorann tríú tír agus criosanna teorann Ballstáit, de réir mar is iomchuí do phlandaí sonracha, táirgí plandaí agus réada eile;

(b) 

uasmhéid gluaiseachta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile lena mbaineann laistigh de chriosanna teorann tríú tír agus criosanna teorann Ballstáit; agus

(c) 

na nósanna imeachta a bhaineann le húdarú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt isteach agus a ghluaiseacht laistigh de chriosanna teorann an Bhallstáit.

Cinnteoidh leithead na gcriosanna seo nach ionann tabhairt isteach agus gluaiseacht na bplandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais agus rioscaí lotnaide do chríoch an Aontais nó páirteanna den Aontas.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha nó bearta sonracha a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach chuig criosanna teorann Ballstáit a shonrú, mar aon le tríú tíortha sonracha, atá faoi réir an Airteagail seo a chinneadh.

Glacfar leis na gníomhartha sin i gcomhréir le Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt saineolais eolaíoch agus theicniúil agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

4.  
Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras leictreonach fógra dá dtagraítear in Airteagal 103, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cá bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile tugtha isteach nó gluaiste laistigh de chriosanna teorann Bhallstát nó chriosanna teorann tríú tíortha de shárú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3 den Airteagal seo.

Déanfar an tríú tír ónar tugadh na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile isteach sa chrios teorann lena mbaineann a chur ar an eolas freisin.

Airteagal 47

Ceanglais d'iompar fíteashláintíochta

1.  

De mhaolú ar Airteagail 40(1), 41(1), 42(2), 72(1) agus Airteagal 73, féadfar plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, agus a aistriú tríd, go tríú tír, i bhfoirm iompair nó lastais (“iompar fíteashláintíochta”), má chomhlíonann siad an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá dearbhú sínithe an oibreora ghairmiúil atá i mbun na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile leo, dearbhú ina sonraítear go bhfuil na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile faoi réir iompair fíteashláintíochta;

(b) 

tá siad pacáistithe agus gluaiste ar shlí nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh lotnaidí coraintín de chuid an Aontais á leathadh acu i rith a dtabhairt isteach agus a n-iompar trí chríoch an Aontais.

2.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla cosc ar iompar fíteashláintíochta, mura gcomhlíonann na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile lena mbaineann mír 1 nó má tá fianaise réasúnta ann nach gcomhlíonfaidh siad í.

Airteagal 48

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a úsáidtear chun críocha tástála oifigiúla, eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil nó pórú

1.  
De mhaolú ar Airteagal 40(1), ar Airteagal 41(1)agus ar Airteagal 42(2) féadfaidh Ballstáit, ar iarratas, a údarú go sealadach, go dtabharfaí isteach agus go ngluaisfí ina gcríoch plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a úsáidtear chun críocha, tástála oifigiúla, eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil nó pórú.

Ní thabharfar an t-údarú sin don ghníomhaíocht lena mbaineann ach amháin má fhorchuirtear srianta oiriúnacha chun a áirithiú i gcás nach mbeidh láithreacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile lena mbaineann mar bhonn le riosca do-ghlactha de leathadh lotnaid choraintín de chuid an Aontais nó lotnaide atá faoi réir na mbeart a glacadh de bhun Airteagal 30(1), agus aitheantas, bitheolaíocht agus modhanna scaipthe lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, an ghníomhaíocht a dhéanfar, idirghníomhaíocht leis an gcomhshaol agus fachtóirí ábhartha eile a bhaineann leis an riosca lotnaide atá ag eascairt ó na plandaí, ó na táirgí plandaí nó ó na réada eile sin á gcur san áireamh.

2.  

Sa chás go dtugtar údarú i gcomhréir le mír 1, beidh na coinníollacha seo ar fad san áireamh ann:

(a) 

coimeádfar na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile i gceist in áit agus faoi choinníollacha a mheasann na húdaráis inniúla a bheith oiriúnach agus dá dtagraítear san údarú;

(b) 

tá an ghníomhaíocht a bhaineann leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile le cur i gcrích i stáisiún coraintín, nó i saoráid ghaibhniúcháin, atá ainmnithe ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 60 agus dá dtagraítear san údarú;

(c) 

tá an ghníomhaíocht a bhaineann leis na plandaí, leis na táirgí plandaí nó leis na réada eile sin le cur i gcrích ag pearsanra a measann an t-údarás inniúil a n-inniúlacht eolaíochta agus teicniúla a bheith oiriúnach agus dá dtagraítear san údarú;

(d) 

ní mór go mbeadh an t-údarú i dteannta na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile nuair a bhíonn siad á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais nó á ngluaiseacht laistigh di.

3.  
Beidh an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 teoranta don mhéid atá oiriúnach don ghníomhaíocht atá i gceist agus ní shárófar acmhainn an stáisiúin choraintín ainmnithe nó na saoráide gaibhniúcháin.

Áireofar ann na srianta atá oiriúnach chun deireadh a chur leis an riosca leata a bhaineann le lotnaidí coraintín ábhartha de chuid an Aontais nó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) faoi seach ar bhealach leordhóthanach.

4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus an teorannú agus na srianta dá dtagraítear i mír 3 agus déanfar cibé gníomh is cuí i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha, an teorannú nó na srianta sin.

I gcás inarb iomchuí, is é cúlghairm an údaraithe dá dtagraítear i mír 1 an gníomh a bheidh i gceist.

5.  

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha mionsonraithe a leagan amach i ndáil le:

(a) 

malartú faisnéise idir Ballstáit agus an Coimisiún maidir le tabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais agus maidir lena ngluaiseacht laistigh di;

(b) 

an nós imeachta agus na coinníollacha maidir leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt; agus

(c) 

na ceanglais maidir leis an bhfaireachán ar chomhlíonadh agus na gníomhartha a dhéanfar i gcás neamh-chomhlíonta, amhail dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 49

Bearta sealadacha maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ar dócha go mbeidh rioscaí nua-aitheanta lotnaidí ag roinnt leo nó go bhféadfadh rioscaí fíteashláintíochta eile a bheith ag roinnt leo

1.  

Féadfaidh an Coimisiún bearta sealadacha a ghlacadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ó thríú tíortha a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus a ghluaiseacht laistigh di, sa chás go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

is dócha go mbeidh rioscaí nua-aitheanta lotnaidí ag roinnt leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile nach gcumhdaítear go leordhóthanach le haon bhearta de chuid an Aontais agus nach bhfuil nasctha, nó nach féidir fós a nascadh le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1);

(b) 

níl a dhóthain taithí fíteashláintíochta ann, amhail i ndáil le speicis plandaí nua nó conairí nua, maidir le trádáil sna plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile sin lena mbaineann ag teacht nó á seoladh óna tríú tíortha lena mbaineann;

(c) 

níl measúnú déanta ar na rioscaí nua-aitheanta lotnaidí atá ann do chríoch an Aontais i ndáil leis na plandaí, leis na táirgí plandaí nó leis na réada eile sin óna tríú tíortha lena mbaineann.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

2.  
Agus na bearta sealadacha dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfear san áireamh Roinn 2 d'Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV.

Forálfar leo do cheann amháin nó níos mó acu seo a leanas, de réir mar a bheidh riachtanach sa chás ar leith:

(a) 

dian-iniúchadh córasach agus diansampláil chórasach, ag pointe tabhairt isteach, ar gach luchtóg plandaí, táirge plandaí nó réad eile a thugtar isteach i gcríoch an Aontais agus tástáil samplaí;

(b) 

tréimhse choraintín, laistigh de stáisiún coraintín nó saoráid ghaibhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 60, chun neamhláithreacht an riosca nua-aitheanta lotnaidí lena mbaineann sna plandaí, táirgí plandaí nó réada eile sin a fhíorú;

(c) 

toirmeasc ar na plandaí, ar na táirgí plandaí nó ar na réada eile sin a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír, féadfar a leagan amach leis an ngníomh cur chur feidhme dá dtagraítear i mír 1 bearta sonracha a ghlacfar chun na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile sin a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

3.  
Beidh na bearta sealadacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse iomchuí agus réasúnta, ar feitheamh go sainaithneofar na lotnaidí a bhfuil cosúlacht ann go mbeidh baint acu leis na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile ó thríú tíortha agus ar feitheamh an mheasúnaithe iomláin ar na rioscaí a bhaineann leis na lotnaidí sin i gcomhréir le Roinn 1 d'Iarscríbhinn I.
4.  
Ar mhórfhhorais phráinne chuí-réasúnaithe d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach nua-aitheanta lotnaidí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha infheidhme cur chun feidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3). Glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II.
5.  
De mhaolú ar na bearta a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 48 maidir le plandaí, le táirgí plandaí nó le réada eile a úsáidtear chun críocha tástála oifigiúla, eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil nó pórú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus iad a ghluaiseacht laistigh di.
6.  
Tíolacfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiúin agus do na Ballstáit eile faoin 30 Aibreán gach bliain maidir le cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den dara fhomhír de mhír 2, i gcaitheamh na bliana féilire roimhe sin.

Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do Bhallstáit eile, i ndiaidh cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de dara fhomhír de mhír 2, go bhfuil lotnaid aimsithe ar dócha a bheidh mar bhonn le rioscaí nua-aitheanta lotnaidí.

▼M1

Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógartha leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103 den Rialachán seo, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile i aon chás inar diúltaíodh do thabhairt isteach planda, táirge planda nó réada eile i gcríoch an Aontais, nó inar cuireadh toirmeasc ar a ghluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, de bhrí gur mheas an Ballstát lena mbaineann gur sáraíodh an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo. Más iomchuí, áireofar san fhógra sin na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit maidir leis na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile de bhun Airteagal 66(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .

▼B

Más iomchuí, ba cheart an tríú tír ónar seoladh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a chur ar an eolas.

Airteagal 50

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le forfheidhmiú agus éifeachtacht na mbearta a bhaineann le hallmhairiú isteach i gcríoch an Aontais

Faoin 14 Nollaig 2021, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le forfheidhmiú agus éifeachtacht na mbeart a bhaineann le hallmhairiú isteach i gcríoch an Aontais, ina mbeidh anailís costais agus tairbhe, agus, más iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach.

Airteagal 51

Leasú ar Iarscríbhinn III agus ar Iarscríbhinn IV

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV d'fhonn iad a oiriúnú d'fhorbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil agus do chaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

Airteagal 52

Bearta sealadacha ó na Ballstáit maidir le gar-chontúirt

1.  
I gcás go meastar do Bhallstát go mbaineann leibhéal do-ghlactha riosca lotnaide le plandaí, táirgí plandaí, nó réada eile ó thríú tíortha áirithe nó ó Bhallstáit áirithe eile a thabhairt isteach ina chríoch nó a ghluaiseacht laistigh di maidir le lotnaid choraintín de chuid an Aontais nó lotnaid a meastar ina leith go gcomhlíonann sí na coinníollacha chun go mbeadh sí san áireamh i liosta an Aontais de lotnaidí coraintín a theacht isteach ina chríoch, agus a bhunú agus a leathadh inti, agus nach maolaítear an riosca sin go leordhóthanach leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus Airteagal 17(2), Airteagal 18(1), Airteagal 19(1), Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2), Airteagal 29(1), Airteagal 30(1) agus Airteagal 30(3), Airteagal 40(2) agus Airteagal 40(3), Airteagal 41(2) agus Airteagal 41(3), Airteagal 42(3), Airteagal 49(1) agus Airteagal 53, cuirfidh an Ballstát sin in iúl i scríbhinn don Choimisiún agus do Bhallstáit eile an Aontais na bearta ba mhaith leis go nglacfaí, mar aon leis an mbonn cirt teicniúil nó eolaíochta a bhaineann leis na bearta sin.
2.  
Má mheasann Ballstát nach bhfuil na bearta Aontais dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh, nó nach bhféadfar iad a dhéanamh in am trátha chun an riosca dá dtagraítear sa mhír sin a mhaolú, féadfaidh sé bearta sealadacha a ghlacadh chun a chríoch a chosaint i gcoinne na gar-chontúirte. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas láithreach maidir leis na bearta sealadacha sin agus an bonn cirt teicniúil a bhaineann leo.
3.  
I gcás go bhfaigheann an Coimisiún an fógra dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé measúnú láithreach chun a fháil amach cibé an maolaítear ar bhealach leordhóthanach an riosca dá dtagraítear i mír 1 leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus Airteagal 17(2), Airteagal 18(1), Airteagal 19(1), Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2), Airteagal 29(1), Airteagal 30(1) agus Airteagal 30(3), Airteagal 40(2) agus Airteagal 40(3), Airteagal 41(2) agus Airteagal 41(3), Airteagal 42(3),Airteagal 49(1) agus Airteagal 53, nó ar ghá aon bheart nua a ghlacadh de bhun na nAirteagal sin.
4.  
I gcás go measann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 3, nach ndéantar an riosca dá dtagraítear i mír 1 a mhaolú ar bhealach leordhóthanach leis na bearta sealadacha, a ghlac an Ballstát de bhun mhír 2, nó i gcás ina mbeidh na bearta sin díréireach nó gan bonn cirt leordhóthanach, féadfaidh sé cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go n-aisghairfear nó go leasófar na bearta sin. Go dtí go mbeidh beart cur chun feidhme den sórt sin glactha ag an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát leanúint na bearta atá glactha aige a choimeád.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).



Roinn 2

Bearta i ndáil le criosanna cosanta

Airteagal 53

Toirmeasc ar thabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcriosanna cosanta

1.  
Ní thabharfar plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a thagann ó thríú tíortha nó ó laistigh de chríoch an Aontais isteach i gcriosanna áirithe cosanta.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina mbeidh na plandaí, na táirgí plandaí agus réada eile dá dtagraítear i mír 1, a bhfuil toirmeasc ar iad a thabhairt isteach i gcriosanna áirithe cosanta. Áireofar sa chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin na plandaí, na táirgí plandaí agus réada eile, agus a gcuid criosanna cosanta faoi seach agus, i gcás inarb infheidhme, a dtír tionscnaimh mar a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2000/29/CE.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2) den Rialachán seo.

Sa liosta atá bunaithe ag an ngníomh cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile freisin trína gcód AC faoi seach, i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil. Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

3.  
I gcás planda, táirge planda nó réada eile, a thagann ó lasmuigh de chrios cosanta, a chothaíonn riosca lotnaide ar leibhéal do-ghlactha mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta faoi seach, agus nach féidir an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn II maidir le bearta chun rioscaí agus conairí lotnaidí coraintín a bhainistiú, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 dá réir, d'fhonn an planda, táirge planda nó réad eile agus an crios nó na criosanna cosanta i gceist a chur san áireamh ann.

Sa chás nach ionann planda, táirge planda nó réad eile a áirítear sa ghníomh cur chun feidhme sin agus riosca lotnaide ar leibhéal do-ghlactha, nó sa chás gurb ionann é agus riosca den sórt sin ach gur féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn II, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme sin dá réir sin.

Glacfar leis na leasuithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca lotnaide sin a mheas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II.

Ar mhórfhorais phráinne chuí-réasúnaithe d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach lotnaidí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha infheidhme cur chun feidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

4.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103, aon chásanna inar tugadh plandaí, táirgí planda nó réada eile isteach sa chrios cosanta lena mbaineann nó inar aistríodh laistigh de iad, de shárú ar na toirmisc a glacadh de bhun an Airteagail seo.

Más infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún fógra don tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach sa chrios cosanta lena mbaineann.

Airteagal 54

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile faoi réir ceanglas speisialta le haghaidh criosanna cosanta

1.  
Ní féidir plandaí áirithe, táirgí planda áirithe nó na réada eile a thabhairt isteach i gcriosanna áirithe cosanta nó a ghluaiseacht laistigh de na criosanna sin ach amháin má chomhlíontar ceanglais speisialta le haghaidh na gcriosanna cosanta sin.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta ar a mbeidh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, a gcriosanna cosanta faoi seach agus na ceanglais speisialta chomhfhreagracha le haghaidh criosanna cosanta. Áireofar sa chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, na criosanna cosanta faoi seach agus na ceanglais speisialta le haghaidh criosanna cosanta mar a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn IV de Threoir 2000/29/CE.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2) den Rialachán seo.

Sa liosta atá bunaithe ag na gníomhartha cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile freisin trína gcód AC faoi seach, i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil. Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

3.  
Maidir le planda, táirge planda nó réad eile, a thagann ó lasmuigh den chrios cosanta lena mbaineann, i gcás gur dócha go mbeidh riosca lotnaide ag roinnt leis ar leibhéal do-ghlactha don chrios cosanta sin mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh sé ag feidhmiú mar óstach do lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, agus gur féidir an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 de Roinn 1 d'Iarscríbhinn II, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, d'fhonn an planda, an táirge planda nó an réad eile sin agus na bearta atá le cur i bhfeidhm maidir leis a chur san áireamh. Na bearta sin agus na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, is “ceanglais speisialta do chriosanna cosanta” iad.

I gcás nach ionann planda, táirge planda nó réad eile a áirítear sa ghníomh cur chun feidhme sin agus riosca lotnaide ar leibhéal do-ghlactha don chrios cosanta lena mbaineann, nó sa chás gurb ionann é agus riosca den sórt sin ach nach féidir an riosca sin a laghdú chun leibhéal inghlactha trí cheann amháin nó níos mó de na ceanglais speisialta do chriosanna cosanta, leasóidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá réir.

Glacfar na leasuithe sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Déanfar inghlacthacht leibhéal an riosca lotnaide a mheas, agus glacfar na bearta chun an riosca sin a laghdú chuig leibhéal inghlactha, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II.

Ar mhórfhorais phráinne chuí-réasúnaithe d'fhonn déileáil le riosca tromchúiseach lotnaidí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha infheidhme cur chun feidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107(3).

4.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógra leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile cár tugadh plandaí, táirgí planda nó réada eile isteach nó cár aistríodh plandaí laistigh den chrios cosanta lena mbaineann, de shárú ar na bearta a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Más infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún fógra freisin don tríú tír ónar tugadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcríoch an Aontais.

Airteagal 55

Faisnéis le soláthar do thaistealaithe agus do chliaint na seirbhísí poist i ndáil le criosanna cosanta

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 45 maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach i gcriosanna cosanta nó a aistriú laistigh díobh.

Airteagal 56

Eisceacht ó thoirmisc agus ceanglais do chriosanna teorann i ndáil le criosanna cosanta

Beidh feidhm ag Airteagal 44 mutatis mutandis i ndáil leis na plandaí, leis na táirgí plandaí agus leis na réada eile a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) agus (3) agus Airteagal 54(2) agus (3) a thugtar isteach ó chrios teorann tríú tír chuig na criosanna cosanta faoi seach a bhfuil teorainn acu leis an gcrios teorann sin.

Airteagal 57

Ceanglais d'iompar fíteashláintíochta i ndáil le criosanna cosanta

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 47 i ndáil le hiompar fíteashláintíochta na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) agus (3) agus Airteagal 54(2) agus (3) trí chriosanna cosanta.

Airteagal 58

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a úsáidtear chun críocha tástála oifigiúla, eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil nó pórú i ndáil le criosanna cosanta

De mhaolú ar na toirmisc agus ar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 53(1) agus in Airteagal 54(1), beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 48 i ndáil le tabhairt isteach agus gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) agus (3) agus Airteagal 54(2) agus (3) laistigh de chriosanna cosanta atá á n-úsáid chun críocha, tástála oifigiúla, eolaíochta nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil nó pórú.



Roinn 3

Bearta eile a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile

Airteagal 59

Ceanglais ghinearálta maidir le feithiclí, le hinnealra agus le hábhar pacáistíochta

1.  
Maidir le feithiclí, innealra agus ábhar pacáistíochta a úsáidfear do phlandaí, táirgí plandaí nó réada eile, dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 28(1) agus (2), Airteagal 30(1) agus (3), Airteagal 40(2), Airteagal 41(2) agus (3), Airteagal 42(3) agus Airteagal 49(1), agus a bheidh ag gluaiseacht chuig nó laistigh de chríoch an Aontais, nó trí chríoch an Aontais de bhun Airteagal 47, beidh siad saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, agus ó na lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1).
2.  
Beidh feidhm ag mír 1 maidir le criosanna cosanta i ndáil le lotnaidí coraintín faoi seach na gcriosanna cosanta.

Airteagal 60

Ainmniú stáisiún coraintín agus saoráidí gaibhniúcháin

1.  

Chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 58, déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas, agus an riosca lotnaide ábhartha á chur san áireamh:

(a) 

ainmneoidh siad stáisiúin choraintín nó saoráidí gaibhniúcháin ina gcríoch;

(b) 

údaróidh siad úsáid a bhaint as stáisiúin choraintín ainmnithe nó as saoráidí gaibhniúcháin ainmnithe i mBallstát eile, ar choinníoll go mbeidh toiliú tugtha, más infheidhme, ag an mBallstát eile sin maidir le húdarú den sórt sin;

(c) 

ainmneoidh siad ar bhonn sealadach áitreabh oibreoirí gairmiúla nó daoine eile mar shaoráidí gaibhniúcháin do lotnaidí, do phlandaí, do tháirgí plandaí nó do réada eile agus an úsáid ábhartha a bhainfear astu mar a leagtar amach in Airteagal 8, in Airteagal 48 agus in Airteagal 49.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, liosta de na stáisiúin choraintín ainmnithe agus de na saoráidí gaibhniúcháin ainmnithe ina gcríoch féin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Airteagal 61

Ceanglais ar stáisiúin choraintín agus ar shaoráidí gaibhniúcháin

1.  

Comhlíonfaidh stáisiúin choraintín agus saoráidí gaibhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 60 na ceanglais a leanas d'fhonn leathadh lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a chosc:

(a) 

soláthraíonn siad leithlisiú fisiceach na lotnaidí, na bplandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá le coinneáil i gcoraintín nó faoi ghaibhniú agus áirithíonn siad nach féidir rochtain a fháil orthu nó iad a thógáil as na stáisiúin sin ná as na saoráidí sin gan toiliú a fháil ón údarás inniúil;

(b) 

tá córais acu, nó tá teacht acu ar chórais, le haghaidh steiriliú, díshalú agus scriosadh plandaí, táirgí plandaí agus réad, dramhaíola agus trealaimh atá inmhíolaithe sula dtógtar as na stáisiúin nó as na saoráidí iad;

(c) 

tá teacht acu ar chur síos ar na cúraimí a bhíonn ar na stáisiúin sin agus ar na saoráidí sin, sainaithnítear na daoine atá freagrach as na cúraimí sin a chur i gcrích agus na coinníollacha faoina rachaidh siad i mbun na gcúraimí sin;

(d) 

tá go leor pearsanra acu a bhfuil an cháilíocht, an oiliúint agus an taithí chuí acu; agus

(e) 

tá plean teagmhasach ar fáil dóibh lena bhféadfar láithreacht neamhbheartaithe lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) a dhíothú go héifeachtach agus a leathadh a chosc.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sonracha a leagan síos d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm a chur ar fáil i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 maidir le cineál plandaí, táirgí plandaí agus réad eile agus an riosca iarbhír nó a d'fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear ceanglais shonracha maidir le críocha tástála oifigiúla,, eolaíochta, nó oideachasúla, trialacha, roghanna cineáil, nó pórú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Airteagal 62

Oibriú stáisiún coraintín agus saoráidí gaibhniúcháin

1.  
Déanfaidh an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín nó as an tsaoráid ghabhniúcháin faireachán ar an stáisiún sin nó ar an tsaoráid sin agus ar fhíorchóngar an stáisiúin sin nó na saoráide sin d'fhonn a fháil amach an bhfuil lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) i láthair go neamhbheartaithe.
2.  
Sa chás go bhfuil láthreacht neamhbheartaithe lotnaid dá dtagraítear i mír 1, nó sa chás go bhfuil amhras faoi, déanfaidh an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín nó as an tsaoráid ghaibhniúcháin lena mbaineann an ghníomhaíocht iomchuí, bunaithe ar an bplean teagmhasach dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 61(1). Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar síos le haghaidh oibreoirí gairmiúla in Airteagal 14 maidir leis an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín nó as an tsaoráid ghaibhniúcháin.
3.  

Coinneoidh an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín nó as an tsaoráid ghaibhniúcháin taifid maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an pearsanra atá fostaithe;

(b) 

na cuairteoirí a bhfuil rochtain acu ar an stáisiún nó ar an tsaoráid;

(c) 

Na lotnaidí, na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a thagann isteach sa stáisiún nó sa tsaoráid agus a fhágann é/í;

(d) 

áit tionscnaimh plandaí den sórt sin, táirgí plandaí den sórt sin agus réad eile den sórt sin; agus

(e) 

breathnóireachtaí a bhaineann le láithreacht lotnaidí ar phlandaí den sórt sin, na dtáirgí plandaí agus na réada eile sin istigh sa stáisiún coraintín nó sa tsaoráid ghaibhniúcháin agus fíorchóngar dóibh.

Coimeádfar na taifid sin ar feadh tréimhse trí bliana.

Airteagal 63

Maoirsiú na stáisiún coraintín agus na saoráidí gaibhniúcháin agus cúlghairm an ainmnithe

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil cigireacht rialta ar na stáisiúin choraintín agus ar na saoráidí gaibhniúcháin d'fhonn a fhíorú an bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 61 agus na coinníollacha oibriúcháin a leagtar amach in Airteagal 62 á gcomhlíonadh acu.

Cinnfidh sé minicíocht na gcigireachtaí sin de réir an riosca lotnaide a bhaineann le hoibriú na stáisiún coraintín nó na saoráidí gaibhniúcháin.

2.  
Ar bhonn na cigireachta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a chur de cheanglas ar an duine atá freagrach as an stáisiún coraintín nó as an tsaoráid ghaibhniúcháin gníomhartha ceartaitheacha a chur chun feidhme láithreach nó laistigh de thréimhse sonraithe, maidir le comhlíonadh Airteagal 61 agus Airteagal 62 a áirithiú.

Sa chás go dtagann an t-údarás inniúil ar an gconclúid gur theip ar an stáisiún coraintín nó ar an tsaoráid ghaibhniúcháin nó an duine atá freagrach as Airteagal 61 agus Airteagal 62 a chomhlíonadh, glacfaidh an t-údarás sin, gan mhoill, na bearta is gá lena áirithiú nach leanfar le neamh-chomhlíonadh na bhforálacha sin. Féadfar a áireamh ar an bearta sin, an t-ainmniúchán dá dtagraítear in Airteagal 60(1) a chúlghairm nó a chur ar fionraí.

3.  
Sa chás gur ghlac an t-údarás inniúil bearta eile i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, seachas an t-ainmniúchán dá dtagraítear in Airteagal 60(1) a chúlghairm, agus sa chás go leanann neamh-chomhlíonadh Airteagal 61 agus Airteagal 62, déanfaidh an t-údarás sin an t-ainmniúchán sin a chúlghairm gan mhoill.

Airteagal 64

Scaoileadh plandaí, táirgí plandaí agus réad eile as stáisiún coraintín agus as saoráidí gaibhniúcháin

1.  
Ní fhágfaidh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile na stáisiúin choraintín ná na saoráidí gaibhniúcháin, ach i ndiaidh údarú a fháil ó na húdaráis inniúla, má dhearbhaítear go bhfuil siad saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus ó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1), nó, más infheidhme, ó lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta.
2.  
Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile atá inmhíolaithe le lotnaid coraintín de chuid an Aontais nó le lotnaid atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1), féadfaidh an t-údaráis inniúil a údarú go bhféadfar iad a aistriú ó stáisiún coraintín amháin nó ó shaoráid ghaibhniúcháin amháin chuig stáisiún coraintín eile nó chuig saoráid ghaibhniúcháin eile, má tá bonn cirt leis ar chúiseanna eolaíochta nó tástála oifigiúla agus má dhéantar an t-aistriú sin faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an údarás inniúil.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, rialacha sonracha a leagan síos maidir le scaoileadh plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó stáisiúin choraintín agus ó shaoráidí gaibhniúcháin agus, más iomchuí, ceanglais maidir le lipéadú a bhaineann leis an scaoileadh sin nó leis an ngluaiseacht dá dtagraítear i mír 2.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).



CAIBIDIL V

Clárú na n-oibreoirí gairmiúla agus inrianaitheacht

Airteagal 65

Clár oifigiúil na n-oibreoirí gairmiúla

1.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil clár a choinneáil agus a nuashonrú ar a mbeidh na hoibreoirí gairmiúla a leanas, a oibríonn ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann:

(a) 

oibreoirí gairmiúla a thugann plandaí, táirgí plandaí agus réada eile isteach san Aontas, nó a ghluaiseann iad laistigh den Aontas, agus a bhfuil deimhniú fíteashláintíochta nó pas plandaí ag teastáil ina leith ar bhonn na ngníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 72(1), Airteagal 73, Airteagal 74(1), Airteagal 79(1) agus Airteagal 80(1);

(b) 

oibreoirí gairmiúla a bhfuil údarú acu pasanna plandaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 89;

(c) 

oibreoirí gairmiúla a iarrann ar an údarás inniúil na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 100, in Airteagal 101 agus in Airteagal 102 a eisiúint;

(d) 

oibreoirí gairmiúla a bhfuil údarú acu na marcálacha dá dtagraítear in Airteagal 98 a dhéanamh nó na fianuithe dá dtagraítear in Airteagal 99 a eisiúint, a chuireann faisnéis ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 45 nó Airteagal 55, a thugann plandaí, táirgí plandaí nó réada eile isteach i gcriosanna teorann i gcomhréir le hAirteagal 46(1) nó Airteagal 56, nó a mbaineann a ngníomhaíochtaí le plandaí ábhartha i limistéir chríochaithe, murar rud é go liostaítear na hoibreoirí sin i gclár oifigiúil eile a bhfuil rochtain air ag na húdaráis inniúla; agus

(e) 

oibreoirí gairmiúla seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den fhomhír seo, má éilítear sin leis an ngníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 28(1), Airteagal 30(1), Airteagal 41(2), Airteagal 49(1) nó Airteagal 53(2) nó Airteagal 54(2);

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gclárófar catagóirí eile saothróirí nó oibreoirí eile gairmiúla, má tá bonn cirt leis i ngeall ar an riosca lotnaide a bheadh ag baint leis na plandaí a bheadh á bhfás acu nó le haon ghníomhaíochtaí eile a bheadh ar bun acu.

2.  
Ní fhéadfaidh oibreoir gairmiúil a bheith cláraithe i gclár údarás inniúil ach an t-aon bhabhta amháin. I gcás inarb infheidhme, déanfar an clárú sin le tagairtí sainráite do gach ceann de na háitribh dhifriúla, dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 66(2).
3.  

Ní bhainfidh mír 1 den Airteagal seo le hoibreoir gairmiúil a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a) 

soláthraíonn sé líon beag plandaí, táirgí plandaí agus réad eile go heisiach agus go díreach d'úsáideoirí deiridh, trí mhodhanna eile seachas díolachán trí chianchonarthaí;

(b) 

soláthraíonn sé cainníochtaí beaga síolta, seachas na síolta atá faoi réir Airteagal 72, go heisiach agus go díreach d'úsáideoirí deiridh;

(c) 

tá a ghníomhaíocht ghairmiúil maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile teoranta do phlandaí, táirgí plandaí nó réada eile a iompar d'oibreoir gairmiúil eile;

(d) 

baineann a ghníomhaíocht ghairmiúil go eisiach le hiompar réad den uile chineál ag baint úsáide as ábhar pacáistíochta adhmaid.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an díolúine dá dtagraítear i bpointe (a) maidir le soláthróirí áirithe ná maidir le hoibreoirí gairmiúla eile a chur i bhfeidhm, má tá bonn cirt leis i ngeall ar an riosca lotnaide a bheadh ag baint leis na plandaí a bheadh á bhfás acu nó atá bainteach le haon ghníomhaíochtaí eile a bheadh ar bun acu.

4.  

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 maidir le ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) 

an Rialachán seo a leasú trí tuilleadh catagóirí d'oibreoirí gairmiúla atá le díolúnú ó chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo a chur leis, i gcás gurb ionann an clárú sin agus ualach riaracháin a bheadh díréireach dóibh i gcomparáid leis an riosca íseal lotnaide a bhaineann lena ngníomhaíochtaí gairmiúla;

(b) 

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ceanglais áirithe a leagan amach do chlárú catagóirí áirithe oibreoirí gairmiúla, agus an cineál gníomhaíochta a bhíonn ar bun nó an cineál planda, táirge planda nó réad eile atá i gceist á chur san áireamh;

(c) 

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na figiúirí uasta a leagan amach do chainníochtaí beaga de phlandaí, de tháirgí plandaí nó de réada eile ar leith amhail dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 3. Suífear na figiúirí sin de réir mar is iomchuí don phlanda, don táirge plandaí nó do réad eile lena mbaineann agus do na rioscaí lotnaidí faoi seach.

Airteagal 66

Nós imeachta clárúcháin

1.  
Soláthróidh oibreoirí gairmiúla a thagann faoi raon feidhme Airteagal 65(1) iarratas do na húdaráis inniúla maidir le clárú.
2.  

Beidh na heilimintí seo a leanas san áireamh san iarratas le clárú:

(a) 

ainm an oibreora ghairmiúil, a sheoladh sa Bhallstát ina ndéantar an clárú agus a chuid sonraí teagmhála;

(b) 

ráiteas maidir le rún an oibreora ghairmiúil dul i mbun cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 65(1) a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile;

(c) 

ráiteas maidir le rún an oibreora ghairmiúil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích, de réir mar is infheidhme:

(i) 

pasanna plandaí a eisiúint do phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, de bhun Airteagal 84(1);

(ii) 

marc a chur ar ábhar pacáistíochta adhmaid, dá dtagraítear in Airteagal 96(1);

(iii) 

aon fhianú eile, dá dtagraítear in Airteagal 99(1) a eisiúint;

(d) 

seoladh an áitribh agus de réir mar is infheidhme, suíomh na bplásán a bhíonn á n-úsáid ag an oibreoir gairmiúil sa Bhallstát lena mbaineann chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 65(1) a chur i gcrích chun críche an chlárúcháin; agus

(e) 

cineálacha tráchtearraí, finte, genera, nó speiceas na bplandaí agus na dtáirgí plandaí, agus, más iomchuí, cineál na réad eile, a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí an oibreora ghairmiúil orthu, amhail dá dtagraítear in Airteagal 65(1).

3.  
Cláróidh na húdaráis inniúla oibreoir gairmiúil gan mhoill sa chás go bhfuil eilimintí a leagtar amach i mír 2 san áireamh san iarratas cláraithe.
4.  
De mhaolú ar mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, cláróidh údarás inniúil oibreoir gairmiúil gan iarratas maidir le clárú a bheith curtha isteach, má chláraítear an t-oibreoir sin i gcomhréir le fomhír 3 d'Airteagal 6(5), le hAirteagal 6(6) nó pointe (b) d'Airteagal 13c(1) de Threoir 2000/29/CE nó le rialacha náisiúnta maidir le sláinte plandaí, agus go bhfuil na heilimintí go léir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo ar fáil don údarás inniúil sin. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an t-oibreoir gairmiúil lena mbaineann na heilimintí sin isteach agus déanfaidh sé iad a nuashonrú faoin 14 Márta 2020.
5.  
Cuirfidh oibreoirí cláraithe, más ábhartha, nuashonrú isteach gach bliain maidir le hathrú ar bith ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) de mhír 2, agus na ráitis dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2. Cuirfear isteach an nuashonrú sin faoin 30 Aibreán gach bliain agus sonraí na bliana roimhe sin á nuashonrú.

Cuirfear isteach an t-iarratas sin maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a nuashonrú tráth nach déanaí ná 30 lá ón uair a thagann athrú ar na sonraí sin.

6.  
Sa chás gur léir don údarás inniúil nach bhfuil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 65(1) á gcur i gcrích ag an oibreoir cláraithe níos mó, nó nach bhfuil na heilimintí a áirítear san iarratas curtha isteach ag an oibreoir gairmiúil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ceart, iarrfaidh sé ar an oibreoir na heilimintí sin a cheartú láithreach nó laistigh de thréimhse ama sonraithe.

Sa chás nach gceartaíonn an t-oibreoir cláraithe na heilimintí sin laistigh den tréimhse ama atá sonraithe ag an údarás inniúil, déanfaidh an t-údarás inniúil sin, de réir mar is iomchuí, clárú an oibreora sin a leasú nó a chúlghairm.

Airteagal 67

Ábhar an chláir

Beidh na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d'Airteagal 66(2) mar aon leis na heilimintí seo a leanas le fáil sa chlár:

(a) 

an uimhir chlárúcháin oifigiúil, a áireoidh an cód dhá litir léirithe i bhfoirm ISO 3166-1-alpha-2 ( 5 ) don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir gairmiúil cláraithe;

(b) 

de réir mar is infheidhme, comhartha maidir le cé acu de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 66(2) a bhfuil údarú faighte ina leith ag an oibreoir gairmiúil, agus, de réir mar is infheidhme, na plandaí sonracha, na táirgí sonracha plandaí nó na réada sonracha eile lena mbaineann.

Airteagal 68

Infhaighteacht fhaisnéis na gclár oifigiúil

1.  
Soláthróidh an Ballstát a bhfuil an clár á choimeád aige, ar iarratas réasúnaithe, an fhaisnéis atá ann do na Ballstáit eile nó don Choimisiún, dá n-úsáid féin.
2.  
Soláthróidh an Ballstát a bhfuil an clár á choimeád aige, ar iarratas cuí-réasúnaithe, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 66(2) agus i bpointe (b) d'Airteagal 67, i dtaca le hoibreoir cláraithe ar leith, d'oibreoir gairmiúil ar bith atá bunaithe san Aontas, dá úsáid féin.
3.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do rialacha náisiúnta ná do rialacha an Aontais maidir le rúndacht, le rochtain ar fhaisnéis agus le cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 69

Inrianaitheacht

1.  
Coinneoidh oibreoir gairmiúil a bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile á soláthar dó atá faoi réir ceanglas nó coinníollacha de bhun phointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 28(1), agus Airteagal 28(2) agus (3), Airteagal 30(1), (3) agus (4), Airteagal 37(2), Airteagal 41(2) agus (3), Airteagal 46(1) agus (3), Airteagal 48(1) agus (2), Airteagal 49(1), Airteagal 54(2) agus (3), Airteagal 56, 57, 58 agus Airteagal 79(1) taifead le haghaidh gach aonad trádála planda, táirge planda nó réada eile soláthartha, lena gcuirtear ar chumas an oibreora sin na hoibreoirí gairmiúla a bhfuil an t-ábhar cuí á sholáthar acu a shainaithint.
2.  
Coinneoidh oibreoir gairmiúil a bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile á soláthar aige atá faoi réir ceanglas nó coinníollacha de bhun phointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 28(1) agus 28(2) agus (3), Airteagal 30(1), (3), (4), Airteagal 37(2), Airteagal 41(2) agus (3), Airteagal 46(1) agus (3), Airteagal 48(1) agus (2), Airteagal 49(1), Airteagal 54(2) agus (3), Airteagail 56, 57 agus 58 agus Airteagal 79(1) taifead le haghaidh gach aonad trádála planda, táirge planda nó réada eile soláthartha, lena gcuirtear ar chumas an oibreora sin na hoibreoirí gairmiúla lenar soláthraíodh an t-ábhar cuí a shainaithint.
3.  

I gcás ina n-eisíonn oibreoir údaraithe pas plandaí de bhun Airteagal 84(1), agus i gcás ina n-eisíonn an t-údarás inniúil pas plandaí d'oibreoir cláraithe de bhun Airteagal 84(2), áiritheoidh an t-oibreoir sin, chun an inrianaitheacht a áirithiú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, go ndéanfaidh sé taifead don fhaisnéis a leanas i dtaca leis an bpas plandaí sin:

(a) 

i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir gairmiúil a sholáthair an t-aonad trádála lena mbaineann;

(b) 

an t-oibreoir gairmiúil ar dó a soláthraíodh an t-aonad trádála lena mbaineann;

(c) 

faisnéis ábhartha a bhaineann leis an bpas plandaí.

4.  
Coinneoidh oibreoirí gairmiúla na taifid dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 2 ar feadh trí bliana ar a laghad ón dáta ar soláthraíodh nó ar sholáthair siad an planda, an táirge planda nó an réad eile lena mbaineann.
5.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na heilimintí a leanas a leagan amach:

(a) 

íostréimhse níos giorra nó níos faide ná an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 i ndáil le plandaí sonracha, má tá bonn cirt leis i ngeall ar thréimhse saothraithe na bplandaí sin; agus

(b) 

ceanglais maidir le hinfhaighteacht na dtaifead a bheidh le coimeád ag na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

6.  
Arna iarraidh sin, cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear i mír 4 an fhaisnéis atá sna taifid dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus 3 in iúl don údarás inniúil.
7.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 65(3).

Airteagal 70

Gluaiseachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh d'áitreabh an oibreora ghairmiúil agus idir a áitribh sin

1.  
Beidh córais nó nósanna imeachta inrianaitheachta i bhfeidhm ag na hoibreoirí gairmiúla a soláthraítear na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile dá dtagraítear in Airteagal 69(1) agus (2) dóibh nó a sholáthraíonn na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada sin, ionas gur féidir leo gluaiseachtaí na bplandaí sin laistigh dá n-áitreabh féin, agus idir a n-áitreabh, a shainaithint.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na hoibreoirí gairmiúla dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 65(3).

2.  
Cuirfear an fhaisnéis, a aithníonn na córais nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, maidir le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile idir áitribh na n-oibreoirí gairmiúla dá dtagraítear sa mhír sin ar fáil don údarás inniúil ar iarratas.



CAIBIDIL VI

Deimhniú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile



Roinn 1

Deimhnithe fíteashláintíochta riachtanach do thabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais

Airteagal 71

Deimhniú fíteashláintíochta do thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

1.  

Is éard a bheidh i ndeimhniú fíteashláintíochta do thabhairt isteach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile i gcríoch an Aontais, ná doiciméad a d'eisigh tríú tír, a bhfuil coinníollacha Airteagal 76 á gcomhlíonadh aici, ag a bhfuil an t-inneachar a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn V, nó, más infheidhme, Cuid B d'Iarscríbhinn V, agus a dheimhníonn go bhfuil na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh ag an bplanda, táirge planda nó réad eile i gceist:

(a) 

tá sé saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus ó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1);

(b) 

tá forálacha Airteagal 37(1) maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoráintín rialáilte de chuid an Aontais ar phlandaí le haghaidh plandú á gcomhlíonadh;

(c) 

tá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 41(2) agus (3) nó, más infheidhme, in Airteagal 54(2), (3) á gcomhlíonadh;

(d) 

más infheidhme, tá na rialacha a glacadh i gcomhréir leis na forálacha a glacadh de bhun Airteagal phointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 28(1), Airteagal 28(2) agus Airteagal 30(1).

2.  
Sonrófar sa deimhniú fíteashláintíochta faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”, cé acu ceanglas sonrach atá á chomhlíonadh, cibé uair ar féidir rogha a dhéanamh idir roghanna éagsúla i leith ceanglas den sórt sin i gcomhréir leis na ngníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 28(1) agus (2), Airteagal 30(1) agus (3), Airteagal 37(2), Airteagal 41(2) agus (3), Airteagal 54(2) agus (3). San áireamh sa tsonraíocht sin beidh foclaíocht iomlán an cheanglais ábhartha.
3.  
Más infheidhme, sonrófar sa deimhniú fíteashláintíochta go bhfuil na bearta fíteashláintíochta atá aitheanta mar bhearta coibhéiseacha á gcomhlíonadh ag na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile lena mbaineann, de bhun Airteagal 44, i ndáil le ceanglais an ghnímh chur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 41(3).
4.  
Tugtar de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 105, ina leasófar Cuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn V chun iad a chur in oiriúint d'fhorbairt na gcaighdeán ábhartha idirnáisiúnta.

Airteagal 72

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta riachtanach ina leith

1.  
Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, agus na tríú tíortha bunaidh nó seolta a bhaineann leo, lena dteastaíonn deimhniú fíteashláintíochta chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

Áireoidh an liosta sin:

(a) 

plandaí uile le haghaidh plandú, seachas síolta;

(b) 

na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear i bPointe I de Chuid B d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/29/CE;

(c) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ar glacadh ceanglais ina leith de bhun phointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 28(1) agus Airteagal 30(1) a bhaineann lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais;

(d) 

síolta nó, de réir mar is infheidhme, prátaí síl a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) den Rialachán seo atá faoi réir cinntí coibhéiseachta a glacadh de bhun Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 98/56/CE, 1999/105/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE agus 2002/57/CE;

(e) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 41(2) agus (3); agus

(f) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile atá faoi réir phointe (a) agus phointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 49(2).

Ní bheidh feidhm le pointe (a) ná le pointe (e) den chéad fhomhír agus ní cheanglófar deimhniú fíteashláintíochta sa chás go n-éilíonn an gníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun phointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 28(1), Airteagal 30(1) nó Airteagal 41(2) agus (3) fianaise ar chomhlíonadh i bhfoirm marc oifigiúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 96(1), nó fianú oifigiúil eile, amhail dá dtagraítear in Airteagal 99(1).

Sa liosta atá bunaithe leis an ngníomh cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile freisin trína gcód AC faoi seach, i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil. Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

2.  

Leasóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, a liostaítear sa ghníomh sin, pointe (c), pointe (d) nó pointe (e) den chéad fhomhír de mhír 1;

(b) 

sa chás go gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, nach liostaítear sa ghníomh sin, pointe (c), pointe (d) nó pointe (e) den chéad fhomhír de mhír 1.

3.  
De bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II, a leasú, sa chás go bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais nó lotnaid atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nach liostaítear sa ghníomh sin, nó sa chás, maidir le planda, táirge planda nó réad eile a liostaítear sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.
4.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).
5.  
De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, ní theastóidh aon deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagail 46, 47, 48 agus 75(1).

Airteagal 73

Plandaí eile a n-éilítear deimhnithe fíteashláintíochta ina leith

Forálfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go mbeidh gá le deimhniú fíteashláintíochta i gcás plandaí, seachas na plandaí a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 72(1), chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

Mar sin féin, forálfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin nach gá deimhniú fíteashláintíochta do phlandaí sin i gcás ina léirítear le measúnú, a bheidh bunaithe ar fhianaise faoi rioscaí lotnaidí agus ar thaithí ar thrádáil, nach gá deimhniú den sórt sin. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. De réir mar is iomchuí, ní bhainfidh an measúnú sin ach le plandaí ó thríú tír bhunaidh ar leith nó ó thríú tír seolta ar leith, nó ó ghrúpa de thríú tíortha bunaidh nó de thríú tíortha seolta.

Sa liosta atá bunaithe leis na ngníomhartha cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí freisin trína gcód AC faoi seach, i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil.

Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2). Glacfar an chéad cheann de na gníomhartha sin a ghlacadh faoin 14 Nollaig 2018.

Airteagal 74

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil dá dtabhairt isteach i gcrios cosanta

1.  
Tá deimhnithe fíteashláintíochta ina gceangal, le cois na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 72 (1), (2) agus (3), chun roinnt plandaí, táirgí planda nó réada eile a thabhairt isteach i gcriosanna áirithe cosanta ó thríú tíortha tionscnaimh nó seolta áirithe.

Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, liosta de na plandaí sin, táirgí plandaí agus réada eile, agus na tríú tíortha bunaidh nó seolta a bhaineann leo dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Áireoidh an liosta sin:

(a) 

sa chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin, na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear i bPointe II de Chuid B d'Iarscríbhinn V le Treoir 2000/29/CE;

(b) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 54(2) nó (3) den Rialachán seo.

Sa liosta atá bunaithe leis na ngníomhartha cur chun feidhme sin, aithneofar na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile freisin trína gcód AC faoi seach, i gcás ina mbeidh an cód sin ar fáil. Déanfar tagairt do chóid eile, a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais, chomh maith i gcás ina sonrófar níos fearr leo cód AC is infheidhme i gcomhair planda, táirge planda nó réad eile ar leith.

Ní cheanglófar deimhniú fíteashláintíochta do phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile ar an liosta sin i gcás ina n-éilítear leis an ngníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 54(2) nó (3) cruthúnas ar chomhlíonadh i bhfoirm marc oifigiúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 96(1), nó fianú oifigiúil eile, amhail dá dtagraítear in Airteagal 99(1).

2.  

Leasóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh sin, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme sin, pointe (b) den tríú fomhír de mhír 1;

(b) 

sa chás go gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, nach liostaítear sa ghníomh sin, pointe (b) den tríú fomhír de mhír 1.

3.  
De bhreis ar na cásanna a luaitear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II, a leasú, sa chás go bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta faoi seach ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, nó i gcás planda, táirge planda nó réad eile atá liostaithe sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.
4.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).
5.  
De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, ní theastóidh aon deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagail 56, 57, agus 58 agus Airteagal 75(1).

Airteagal 75

Eisceachtaí i ndáil le bagáiste taistealaithe

1.  

D'fhéadfaí cainníochtaí beaga plandaí áirithe, seachas plandaí le haghaidh plandú, agus táirgí plandaí agus réad áirithe eile ó thríú tír a dhíolmhú ón gceanglas a bhaineann le deimhniú fíteashláintíochta mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 72(1), in Airteagal 73 agus in Airteagal 74(1) é, má tá na coinníollacha seo a leanas ar fad á gcomhlíonadh acu:

(a) 

tá siad á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar chuid de bhagáiste pearsanta taistealaithe;

(b) 

níl siad le húsáid chun críocha gairmiúla nó tráchtála;

(c) 

tá siad liostaithe i ngníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

2.  
Liostóidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile dá dtagraítear i mír 1 agus na tríú tíortha lena mbaineann, agus sonróidh sé uasmhéid, de réir mar is cuí, na bplandaí, táirgí plandaí, agus réad eile i gceist le bheith faoi réir dhíolúine na míre sin agus, más iomchuí, ceann amháin nó níos mó de na bearta bainistithe riosca a leagtar amach i Roinn 1 d'Iarscríbhinn II.

Déanfar cinneadh maidir leis an liostú sin agus an chainníocht íosta atá i gceist a leagan amach agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis na bearta bainistithe riosca, bunaithe ar an riosca lotnaide a eascraíonn as cainníochtaí beaga na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Airteagal 76

Coinníollacha le comhlíonadh le deimhniú fíteashláintíochta

1.  
Gan dochar do na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí (IPPC), agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil ach le deimhniú fíteashláintíochta atá le plandaí, táirgí plandaí nó réada eile atá le tabhairt isteach ó thríú tír, má tá Cuid A d'Iarscríbhinn V á comhlíonadh ag an deimhniú sin. I gcás ina bhfuil na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile le tabhairt isteach ó thríú tír nach de thionscnamh na tíre sin iad, ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil ach le deimhniú fíteashláintíochta a bhfuil Cuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn V á comhlíonadh acu.

Ní ghlacfaidh sé leis an deimhniú fíteashláintíochta sin sa chás nach bhfuil an dearbhú breise dá dtagraítear in Airteagal 71(2), más infheidhme, i láthair agus i gceart, agus sa chás nach ann don ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 71(3), más infheidhme.

Ní ghlacfaidh sé le deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú mura mbeidh an bundeimhniú fíteshláintíochta le haghaidh onnmhairiú, nó cóip dheimhnithe den bhundeimhniú, ag gabháil leis an deimhniú fíteashláintíochta sin.

2.  

Ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil ach le deimhniú fíteashláintíochta má tá na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

tá sé eisithe i gceann amháin, ar a laghad, de theangacha oifigiúla an Aontais;

(b) 

tá sé dírithe ar eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí de chuid Ballstáit; agus

(c) 

níor eisíodh é níos mó ná 14 lá roimh an dáta a d'fhág na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a chumhdaíonn sé an tríú tír inar eisíodh é.

3.  
I gcás tríú tír atá ina páirtí conarthach in IPPC (an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí), ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil ach leis na deimhnithe fíteashláintíochta eisithe ag eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí an tríú tír sin nó, faoina fhreagracht/freagracht, ag oifigeach poiblí a bhfuil na cáilíochtaí teicniúla aige/aici agus atá údaraithe go cuí ag an eagraíocht oifigiúil náisiúnta cosanta plandaí sin.

▼M1

4.  
I gcás tríú tír nach bhfuil ina páirtí conarthach in IPPC, ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil ach leis na deimhnithe fíteashláintíochta a bheidh eisithe ag na húdaráis atá inniúil i gcomhréir le rialacha náisiúnta an tríú tír sin agus curtha in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na fógraí a fuarthas in iúl do na Ballstáit agus do na hoibreoirí, tríd an gcóras fógartha leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 132 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 105, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na coinníollacha glactha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, d’fhonn iontaofacht na ndeimhnithe sin a áirithiú.

5.  
Ní ghlacfar le deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta ach amháin nuair a sholáthraítear iad trí CBFRO nó i bhfoirm malartú leictreonach leis dá dtagraítear in Airteagal 131(1) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .

▼B

Airteagal 77

Neamhbhailíochtú deimhnithe fíteashláintíochta

▼M1

1.  
Sa chás go bhfuil deimhniú fíteashláintíochta eisithe i gcomhréir le hAirteagal 71(1), (2) agus (3), agus go gcinneann an t-údarás inniúil lena mbaineann nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 76 á gcomhlíonadh, déanfaidh sé an deimhniú fíteashláintíochta a neamhbhailíochtú agus áiritheoidh sé nach mbeidh deimhniú den sórt sin luaite leis na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann níos mó. Sa chás sin, agus i ndáil leis na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann, glacfaidh an t-údarás inniúil ceann de na bearta a leagtar amach in Airteagal 66(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .

▼B

Nuair a bheidh an deimhniú neamhbhailíochtaithe, beidh stampa triantánach dearg ar a aghaidh, ar taispeáint in áit fheiceálach, ar a mbeidh “deimhniú cealaithe” marcáilte ón údarás inniúil faoi seach, in éineacht lena ainmníocht agus leis an dáta neamhbhailíochtaithe. Beidh sé i gceannlitreacha, agus i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

2.  
Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras leictreonach fógartha dá dtagraítear in Airteagal 103, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile na cásanna sin ina ndearnadh deimhniú fíteashláintíochta a neamhbhailíochtú de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an tríú tír, a d'eisigh an deimhniú fíteashláintíochta sin, ar an eolas freisin.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe teicniúla a leagan amach maidir leis na deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta a neamhbhailíochtú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 76(5). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).



Roinn 2

Pasanna plandaí riachtanach le haghaidh gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais

Airteagal 78

Pasanna plandaí

Lipéad oifigiúil le haghaidh gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais a bheidh sa phas plandaí agus, más infheidhme, isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, arb ionann é agus fianú ar chomhlíonadh na gceanglas uile a leagtar amach in Airteagal 85 agus, le haghaidh gluaiseacht isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, Airteagal 86, agus beidh an t-inneachar agus an fhormáid a leagtar amach in Airteagal 83 aige.

Airteagal 79

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil pas plandaí riachtanach ina leith le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais

1.  
Tá pasanna plandaí riachtanach le haghaidh gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile áirithe laistigh de chríoch an Aontais. Bunóidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, liosta de na plandaí sin, táirgí plandaí agus réada eile, a bhfuil pas plandaí ag teastáil dá ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais.

Áireofar sa liosta sin:

(a) 

plandaí uile le haghaidh plandú, seachas síolta;

(b) 

sa chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin, na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear i bpointe (I) de Chuid (A) d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/29/CE ar choinníoll nach bhfuil siad cumhdaithe faoi phointe (a) den fhomhír seo cheana féin;

(c) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil ceanglais glactha ina leith de bhun Airteagal 28(1), (2) nó (3) nó Airteagal 30(1), (3) nó (4) a bhaineann lena ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais;

(d) 

síolta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 37(2); agus

(e) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 41(2) agus (3) maidir lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, ach amháin plandaí le haghaidh plandú, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil lipéad sonrach eile nó cineál eile d'fhianú riachtanach ina leith de bhun an Airteagail sin.

2.  

Leasóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

sa chás go gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, pointe (c), pointe (d) nó pointe (e) den dara fomhír de mhír 1; nó

(b) 

sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, atá liostaithe sa ghníomh sin, pointe (c), pointe (d) nó phointe (e) den dara fomhír de mhír 1.

3.  
De bhreis ar an cásanna i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, i gcomhreir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II, a leasú, sa chás go bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín de chuid an Aontais ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, nó i gcás planda, táirge planda nó réad eile atá liostaithe sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.
4.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).
5.  
De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, ní theastóidh pas plandaí le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagal 46, Airteagal 47, Airteagal 48 agus Airteagal 75.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 14 Nollaig 2021, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an taithí a fuarthas as an gcóras pas plandaí a leathnú chuig gach gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh de chríoch an Aontais lena n-áirítear anailís shoiléir buntáistí costais do na hoibreoirí, lena ngabhann más iomchuí, togra reachtach.

Airteagal 80

Plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil pas plandaí riachtanach ina leith lena dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus dá ngluaiseacht laistigh díobh

1.  
Tá pasanna plandaí riachtanach le haghaidh plandaí, táirgí plandaí agus réada eile áirithe atá á dtabhairt isteach i gcriosanna áirithe cosanta nó atá á ngluaiseacht laistigh de na criosanna sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile sin, a bhfuil pas plandaí riachtanach dá dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe agus dá ngluaiseacht laistigh de na criosanna sin, a bhunú.

Áireoidh an liosta sin:

(a) 

sa chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin, na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear i bpointe (II) de Chuid (A) d'Iarscríbhinn V le Treoir 2000/29/CE;

(b) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 54(3) den Rialachán seo.

2.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, a leasú sna cásanna seo a leanas:

(a) 

sa chás go gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, pointe (b) den tríú fhomhír de mhír 1; nó

(b) 

sa chás nach gcomhlíonann planda, táirge planda nó réad eile, liostaithe sa ghníomh sin, pointe (b) den tríú fhomhír de mhír 1.

3.  
De bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i gcomhréir le prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d'Iarscríbhinn II, a leasú, i gcás ina bhfuil riosca ann go bhfuil lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta faoi seach ar phlanda, táirge planda nó réad eile, nach bhfuil liostaithe sa ghníomh sin, nó, i gcás planda, táirge planda nó réad eile atá liostaithe sa ghníomh sin, nach ann don riosca sin níos mó.
4.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).
5.  
De mhaolú ar mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, ní theastóidh pas plandaí le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réad eile atá faoi réir Airteagal 56, Airteagal 57 agus Airteagal 58.

Airteagal 81

Eisceacht do sholáthar díreach d'úsáideoirí deiridh

1.  
Ní bheidh aon phas plandaí riachtanach le haghaidh gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí nó réad eile a sholáthrófar go díreach d'úsáideoir deiridh, lena n-áirítear garraíodóirí baile.

Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

úsáideoirí deiridh a mbeidh na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile sin á bhfáil acu trí bhíthin díolachán trí chianchonarthaí; nó

(b) 

úsáideoirí deiridh plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a bhfuil pas plandaí riachtanach ina leith le haghaidh criosanna cosanta de bhun Airteagal 80.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a shonrú nach mbeidh feidhm ag ceanglais phointe (b) den dara fomhír ach amháin i gcomhair lotnaidí ar leith de chuid na gcriosanna cosanta, plandaí, táirgí plandaí nó réada eile ar leith. Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na cásanna na leagan amach, i ndáil le plandaí, táirgí plandaí nó réada ar leith, nach mbeidh feidhm ag eisceacht mhír 1 den Airteagal seo ach amháin maidir le cainníochtaí beaga. Saineofar leis na gníomhartha tarmligthe sin na cainníochtaí sin in aghaidh na tréimhse ama de réir mar is iomchuí don phlanda, don táirge planda nó do réad eile lena mbaineann agus do na rioscaí lotnaidí faoi seach.

Airteagal 82

Eisceachtaí le haghaidh gluaiseachtaí laistigh d'áitribh oibreora chláraithe agus idir a áitribh

Ní theastóidh pas plandaí le haghaidh gluaiseachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réada eile laistigh d'áitribh an oibreora chláraithe chéanna, atá an-ghar dá chéile, ná idir na háitribh sin.

Féadfaidh na Ballstáit sainiú breise a thabhairt ar soghabháltacht ina gcríocha faoi seach agus cibé an mbeidh gá le doiciméid ar bith a eisiúint le haghaidh na ngluaiseachtaí sin in ionad an phas plandaí nó nach mbeidh.

I gcás ina ndéanfar gluaiseachtaí den sórt sin laistigh de dhá Bhallstát nó níos mó, ceanglófar ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an eisceacht ón gceanglas le haghaidh pas plandaí a fhormheas.

Airteagal 83

Ábhar agus formáid an phas plandaí

1.  
Lipéad ar leith a bheidh sa phas plandaí, a dhéanfar ar aon substráit a bheidh oiriúnach chun na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 a phriontáil, ar choinníoll go mbeidh an pas plandaí so-aitheanta go soiléir ó aon fhaisnéis nó lipéad eile a d'fhéadfadh a bheith luaite ar an tsubstráit sin freisin.

Beidh an pas plandaí sofheicthe agus soléite, agus beidh an fhaisnéis air do-athraithe agus buan.

2.  
Beidh na heilimintí a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn VII san áireamh sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais.

De mhaolú ar phointe 1(e) de Chuid A d'Iarscríbhinn VII, ní bheidh an cód inrianaitheachta ag teastáil, i gcás ina gcomhlíonfaidh plandaí le haghaidh plandú na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

ullmhaítear iad ar bhealach a mbeidh siad réidh le díol le húsáideoirí deiridh gan aon ullmhúchán breise agus níl aon riosca ann go scaipfear lotnaidí coraintín de chuid an Aonaid nó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1);

(b) 

ní bhaineann siad le cineálacha ná le speicis a liostaítear i ngníomh dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo.

3.  
Sainaithneoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme cineálacha agus speicis plandaí le haghaidh plandú nach mbeidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 2 ina leith. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).
4.  
Beidh na heilimintí a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn VII san áireamh sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach agus gluaiseacht laistigh de chrios cosanta.
5.  
I gcás plandaí le haghaidh plandú atá táirgthe, nó curtha ar fáil ar an margadh, mar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nó síol nó prátaí síl réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe, dá dtagraítear i dTreoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE agus 2008/90/CE, áireofar an pas plandaí, i bhfoirm ar leith, ar an lipéad oifigiúil táirgthe i gcomhréir le forálacha na dTreoracha sin faoi seach.

I gcás ina mbeidh feidhme ag an mír seo, áireofar na heilimintí a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais.

I gcás ina mbeidh feidhme ag an mír seo, áireofar na heilimintí a leagtar amach i gCuid D d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach agus gluaiseacht laistigh de chrios cosanta.

6.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105, ina leasófar Codanna A, B, C agus D d'Iarscríbhinn VII, chun na heilimintí a leagtar amach ann a chur in oiriúint, más infheidhme, d'eolas eolaíochta agus teicniúil a fhorbairt.
7.  
Faoin 14 Nollaig 2017, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide an phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais agus an pas plandaí do thabhairt isteach agus le haghaidh gluaiseacht laistigh de chrios cosanta, maidir leis na pasanna plandaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír de mhír 2 agus sa dara agus sa tríú fomhír de mhír 5. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

I gcás ina n-éilítear le cineál plandaí, táirgí plandaí nó réad eile ar leith, féadfar sonraíochtaí sonracha méid a leagan amach don phas plandaí i gcomhair plandaí den sórt sin, táirgí plandaí den sórt sin nó réad eile den sórt sin.

8.  
Féadfar pas plandaí a eisiúint freisin i bhfoirm leictreonach (“pas leictreonach plandaí”), ar choinníoll go mbeidh na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 2 ann, agus gur leagadh amach na socruithe teicniúla trí na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe teicniúla a leagan amach le pasanna leictreonacha plandaí a eisiúint, lena áirithiú go gcomhlíonfar leo forálacha an Airteagail seo agus go ndéanfar na pasanna plandaí sin a eisiúint ar mhodh iomchuí, inchreidte agus éifeachtach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).

Airteagal 84

Eisiúint pasanna plandaí ó oibreoirí údaraithe gairmiúla agus ó údaráis inniúla

1.  
Eiseoidh oibreoirí údaraithe pasanna plandaí, faoi mhaoirsiú na n-údarás inniúil.

Eiseoidh oibreoirí údaraithe pasanna plandaí do na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a bhfuil siad freagrach astu.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla pasanna plandaí a eisiúint, freisin.
3.  
Ní eiseoidh oibreoirí údaraithe pasanna plandaí ach amháin sna háitribh, sna trádstórais chomhchoiteanna agus sna hionaid seolta a bhfuil siad freagrach astu agus a fhógraíonn siad de bhun pointe (d) d'Airteagal 66(2), nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 94(1), in ionad eile má údaraíonn an t-údarás inniúil amhlaidh.

Airteagal 85

Ceanglais shubstainteacha do phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais

Eiseofar pas plandaí le haghaidh gluaiseacht planda, táirge planda nó réada eile laistigh de chríoch an Aontais, a bhfuil na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh aige:

(a) 

tá sé saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó ó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1);

(b) 

tá forálacha Airteagal 37(1) maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais ar phlandaí le haghaidh plandú á gcomhlíonadh, mar aon le forálacha Airteagal 37(4) maidir leis na bearta atá le glacadh;

(c) 

tá na ceanglais, maidir lena ghluaiseacht laistigh den Aontas, amhail dá dtagraítear in Airteagal 41(2) agus (3) á gcomhlíonadh;

(d) 

más infheidhme, tá na rialacha ana nglacadh i gcomhréir leis na bearta ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 17(3), phointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 28(1), Airteagal 28(2) agus Airteagal 30(1) agus (3) á gcomhlíonadh; agus

(e) 

más infheidhme, tá na bearta glactha ag na húdaráis inniúla do dhíothú lotnaidí coraintín an Aontais de bhun Airteagal 17(1) nó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) agus díothú lotnaidí atá cáilithe go sealadach mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais de bhun Airteagal 29(1) á gcomhlíonadh.

Airteagal 86

Ceanglais shubstainteacha do phas plandaí le haghaidh gluaiseacht isteach i gcrios cosanta agus laistigh de

1.  

Eiseofar pas plandaí chun planda, táirge planda nó réad eile, a thabhairt isteach i gcrios cosanta nó dá ngluaiseacht laistigh de, agus na ceanglais uile d'Airteagal 85 á gcomhlíonadh acu, chomh maith leis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

tá sé saor ón lotnaid choraintín de chuid na gcriosanna cosanta faoi seach; agus

(b) 

tá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 54(2) agus (3) á gcomhlíonadh.

2.  
Sa chás go bhfuil feidhm ag Airteagal 33(2), ní eiseofar an pas plandaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réada eile de thionscnamh an limistéir chríochnaithe lena mbaineann agus a fhéadfaidh lotnaid a gcriosanna cosanta lena mbaineann a bheith orthu.

Airteagal 87

Scrúduithe le haghaidh pasanna plandaí

1.  
Ní fhéadfar ach pas plandaí a eisiúint do phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil léiriú faighte i ndiaidh scrúdú mionchúiseach a dhéanamh i gcomhréir le mír 2, mír 3, agus mír 4 go bhfuil ceanglais Airteagal 85, agus, más infheidhme, Airteagal 86 á gcomhlíonadh acu.

Féadfar plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a scrúdú ar bhonn aonair nó trí shamplaí ionadaíocha. San áireamh sa scrúdú seo freisin beidh an t-ábhar pacáistíochta do na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile i gceist.

2.  

Is é an t-oibreoir údaraithe a dhéanfaidh an scrúdú. Mar sin féin, sna cásanna seo a leanas, is é an t-údarás inniúil a chuirfidh an scrúdú i gcrích:

(a) 

nuair a bheidh feidhm ag pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo maidir le hiniúchtaí, le sampláil agus le tástáil;

(b) 

nuair a bheidh feidhm ag Airteagal 84(2); nó

(c) 

nuair a dhéanfar scrúdú san fhíorchóngar, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chead fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, agus nuair nach mbeidh rochtain ag an oibreoir údaraithe ar an bhfíorchóngar sin.

3.  

Comhlíonfaidh an scrúdú na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

déanfar an scrúdú ag amanna oiriúnacha agus cuirfear na rioscaí lena mbaineann san áireamh;

(b) 

déanfar an scrúdú san áitreabh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 66(2). I gcás ina n-éileofar leis na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 28(1), Airteagal 30(1), Airteagal 37(4), Airteagal 41(2), nó Airteagal 54(2), déanfar scrúdú freisin i bhfíorchóngar ionad táirgthe na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó an réada eile lena mbaineann;

(c) 

déanfar é ar a laghad trí scrúdú amhairc, agus déanfar mar chomhlánú leis:

(i) 

iniúchtaí, sampláil agus tástáil ag an údarás inniúil i gcás ina bhfuil amhras faoi láithreacht lotnaid choraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1), nó i gcás ina bhfuil amhras faoi láithreacht lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta sa chrios cosanta faoi seach; nó

(ii) 

sampláil agus tástáil i gcás ina bhfuil amhras faoi láithreacht lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais, más infheidhme os cionn na dtairseach faoi seach;

(d) 

déanfar na torthaí air a thaifeadadh agus a stóráil go ceann trí bliana ar a laghad.

Déanfar an scrúdú sin gan dochar d'aon cheanglais shonracha scrúdaithe nó do bhearta a ghlactar i gcomhréir le hAirteagail 28(1), (2) nó (3), Airteagal 30(1), (3) nó (4), Airteagal 37(4), Airteagal 41(2) nó (3), nó Airteagal 54(2) nó (3). I gcás ina n-éileofar leis na ceanglais scrúdúcháin nó leis na bearta scrúdúcháin sin go gcuirfidh an t-údarás inniúil an scrúdú sin i gcrích, ní hé an t-oibreoir údaraithe, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a dhéanfaidh an scrúdú sin.

4.  
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí bhearta mionsonraithe a leagan amach a bhaineann le scrúdú amhairc, sampláil agus tástáil, agus minicíocht agus uainiú na scrúduithe, dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo i ndáil le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile sonracha, bunaithe ar na rioscaí lotnaide ar leith a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo. Bainfidh na scrúduithe sin, más iomchuí, le plandaí áirithe le haghaidh plandú a chuimsítear le hábhar, síol nó prátaí síl atá réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nó le hábhar nó síol atá caighdeánach nó CAC, amhail dá dtagraítear faoi seach i dTreoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE.

I gcás go nglacann an Coimisiún gníomhartha tarmligthe den sórt sin do phlandaí sonracha le haghaidh plandú, agus go bhfuil na plandaí sin faoi réir scéimeanna deimhnithe de bhun Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE agus 2008/90/CE, leagfaidh an Coimisiún amach na ceanglais maidir leis na scrúduithe chun láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a aimsiú nó láithreacht lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán seo agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais agus maidir leis na scrúduithe i gcomhair tréithe eile na bplandaí le haghaidh plandú de bhun na dTreoracha sin i scéim deimhnithe aonair.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh, déanfaidh an Coimisiún forbairt eolais eolaíochta agus theicniúil agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh.

Airteagal 88

Na pasanna plandaí a cheangal

Is iad na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann a bheidh freagrach as na pasanna plandaí a cheangal le haonad trádála na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile lena mbaineann sula ndéantar iad a ghluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais de bhun Airteagal 79 nó isteach i gcrios cosanta nó laistigh di de bhun Airteagal 80. I gcás ina mbeidh plandaí, táirgí plandaí nó réada eile den sórt sin á ngluaiseacht i bpacáiste, beart nó coimeádán, beidh an pas plandaí i gceangal leis an bpacáiste, beart nó coimeádán sin.

Airteagal 89

Údarú na n-oibreoirí gairmiúla le pasanna plandaí a eisiúint

1.  

Tabharfaidh an t-údarás inniúil údarú d'oibreoir gairmiúil pasanna plandaí a eisiúint (“an t-údarú pasanna plandaí a eisiúint”) i gcomhair finte, genera nó speiceas áirithe, agus cineálacha tráchtearraí de phlandaí, de tháirgí plandaí agus de réada eile sa chás go bhfuil an dá choinníoll seo a leanas á gcomhlíonadh ag an oibreoir gairmiúil sin:

(a) 

tá an t-eolas cuí aige leis na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 87 a chur i gcrích a bhaineann le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó le lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1), lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile lena mbaineann, agus i ndáil le comharthaí láithreacht na lotnaidí sin,na siomptóim a bhfuil siad mar bhonn leo, agus an modh chun láithreacht agus leathadh na lotnaidí sin a chosc;

(b) 

tá córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm d'fhonn cur ar a chumas na hoibleagáidí a bhaineann le hinrianaitheacht de bhun Airteagal 69 agus 70 a chomhlíonadh.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí critéir a leagan síos a bheidh le comhlíonadh ag na hoibreoirí gairmiúla ionas go gcloífidh siad le coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo agus nósanna imeachta chun a áirithiú go mbeidh na critéir sin á gcomhlíonadh.

Airteagal 90

Oibleagáidí na n-oibreoirí údaraithe

1.  
I gcás go bhfuil sé beartaithe ag oibreoir údaraithe pas plandaí a eisiúint, aithneoidh sé agus déanfaidh sé faireachán ar phointí an phróisis táirgeachta, agus na pointí a bhaineann le gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, atá criticiúil i ndáil leis na rialacha a ghlactar de bhun Airteagail 28(1), (2) agus (3), 30(1), (3) agus (4) agus i gcás inarb infheidhme 37(4), chun Airteagal 37(1), 41(1), 85 agus Airteagal 87, agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagail 33(2), Airteagal 54(1) agus Airteagal 86 a chomhlíonadh.

Coinneoidh sé taifid maidir le sainaithint agus faireachán na bpointí seo go ceann trí bliana ar a laghad.

2.  
Áiritheoidh an t-oibreoir údaraithe dá dtagraítear i mír 1 go soláthrófar oiliúint chuí, nuair is gá, dá phearsanra a bhfuil baint acu leis na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 87, d'fhonn a áirithiú go bhfuil an t-eolas cuí ag an bpearsanra sin chun na scrúduithe sin a dhéanamh.

Airteagal 91

Pleananna bainistithe riosca lotnaide

1.  

Féadfaidh pleananna bainistithe riosca lotnaide a bheith i bhfeidhm ag oibreoirí údaraithe. Formheasfaidh an t-údarás inniúil na pleananna sin, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad leo:

(a) 

leagtar amach leo bearta atá iomchuí chun go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí sin na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 90(1);

(b) 

comhlíontar leo na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

▼M1

Féadfaidh oibreoirí údaraithe, a mbeidh plean bainistíochta riosca lotnaidí á chur chun feidhme acu, a bheith faoi réir cigireachtaí ar bhonn níos annaimhe, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 22(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .

▼B

2.  

Clúdófar leis na pleananna bainistithe riosca lotnaidí, i bhfoirm lámhleabhar nós imeachta chaighdeánaigh oibriúcháin nuair is iomchuí, na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an fhaisnéis a theastaíonn faoi Airteagal 66(2) a bhaineann le clárú an oibreora údaraithe;

(b) 

an fhaisnéis a theastaíonn faoi Airteagal 69(4) agus 70(1) a bhaineann le hinrianaitheacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile;

(c) 

cur síos ar phróisis táirgeachta an oibreora údaraithe agus a ghníomhaíochtaí a bhaineann le gluaiseacht agus díolachán plandaí, táirgí plandaí agus réad eile;

(d) 

anailís ar na pointí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 90(1) agus na bearta atá curtha i gcrích ag an oibreoir údaraithe chun na rioscaí lotnaidí a bhaineann leis na pointí criticiúla sin a mhaolú;

(e) 

na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus na gníomhaíochtaí réamhthuartha i gcás amhrais nó aimsiú lotnaidí coraintín, an t-amhras sin nó an t-aimsiú sin a thaifeadadh mar aon leis na gníomhaíochtaí curtha i gcrích a thaifeadadh;

(f) 

róil agus freagrachtaí an phearsanra a bhfuil baint acu leis na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 14, na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 87(1), eisiúint pasanna plandaí de bhun Airteagal 84(1), Airteagal 93(1) agus (2) agus Airteagal 94, agus ceangal pasanna plandaí de bhun Airteagal 88; agus

(g) 

an oiliúint arna soláthar don phearsanra dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír seo.

3.  
Sa chás gur léir don údarás inniúil nach bhfuil na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 á gcur i bhfeidhm ag an oibreoir gairmiúil, nó nach bhfuil plean bainistithe riosca lotnaidí cothrom le dáta a thuilleadh le haon cheann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, glacfaidh an t-údarás sin na bearta is gá, gan mhoill, chun a áirithiú nach leanfar ar aghaidh le neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha sin. Féadfar go n-aistarraingeofar formheasadh an phlean sin mar chuid de na bearta sin.

Sa chás go bhfuil bearta curtha i gcrích ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, seachas aistarraingt fhormheasadh an phlean, agus sa chás go leantar leis an neamh-chomhlíonadh, aistarraingeoidh an t-údarás sin an formheasadh sin gan mhoill.

Airteagal 92

Iniúchtaí agus aistarraingt údaraithe

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil iniúchtaí, ar a laghad uair sa bhliain, agus déanfaidh sé sampláil agus tástáil más iomchuí, chun a fhíorú an mbeidh na hoibreoirí údaraithe ag cloí le hAirteagal 83(1), (2), (4) nó (5), le hAirteagal 87, le hAirteagal 88, le hAirteagal 89(1), le hAirteagal 90 nó le hAirteagal 93(1), (2), (3) nó (5).
2.  
Sa chás gur léir don údarás inniúil nach bhfuil na forálacha dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh ag oibreoir údaraithe, nó nach bhfuil Airteagal 85, nó Airteagal 86 más infheidhme, á chomhlíonadh ag planda, táirge planda nó réad eile, a bhfuil pas plandaí eisithe ag an oibreoir gairmiúil ina leith, déanfaidh an t-údarás sin cibé beart is cuí d'fhonn a áirithiú nach leantar le neamh-chomhlíonadh na bhforálacha sin.

Féadfar a áireamh ar na bearta sin aistarraingt an údaraithe chun pasanna plandaí a eisiúint do phlandaí, do tháirgí plandaí agus do réada eile lena mbaineann.

3.  
Sa chás go bhfuil bearta curtha i gcrích ag an údarás inniúil i gcomhréir le mír 2, seachas aistarraingt an údaraithe pasanna a eisiúint do na plandaí, do tháirgí plandaí agus réada eile lena mbaineann, agus sa chás go leantar leis an neamh-chomhlíonadh Airteagal 85, nó i gcás inarb infheidhme, Airteagal 86, aistarraingeoidh an t-údarás sin an t-údarú sin gan mhoill.

Airteagal 93

Pas plandaí a athsholáthar

1.  
Féadfaidh oibreoir údaraithe a bhfuil aonad trádála plandaí, táirgí plandaí nó réad eile faighte aige, a bhfuil pas plandaí eisithe ina leith, nó an t-údarás inniúil atá ag gníomhú ar iarraidh ó oibreoir gairmiúil, pas plandaí nua a eisiúint don aonad trádála sin, ag teacht in ionad an phas plandaí a eisíodh i ndáil leis an ionad trádála sin ar dtús, ar choinníoll go bhfuil coinníollacha mhír 3 á gcomhlíonadh.
2.  
I gcás ina bhfuil aonad trádála plandaí, táirgí plandaí nó réad eile, a bhfuil pas plandaí eisithe ina leith, deighilte in dhá aonad trádála nua nó níos mó, féadfaidh an t-oibreoir údaraithe atá freagrach as na haonaid trádála nua sin, nó an t-údarás inniúil agus é ag gníomhú ar iarraidh ó oibreoir gairmiúil, pas plandaí a eisiúint do gach aonad trádála nua a eascraíonn as an deighilt, ar an gcoinníoll go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh. Tiocfaidh na pasanna plandaí sin in ionad an phas plandaí a eisíodh don chéad aonad trádála.
3.  

Ní féidir pas plandaí, amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2, a eisiúint ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas a gcomhlíonadh:

(a) 

comhlíontar na ceanglais inrianaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 69(3) maidir leis na plandaí, leis na táirgí plandaí nó le réada eile lena mbaineann;

(b) 

de réir mar is infheidhme, tá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 85 agus in Airteagal 86 á gcomhlíonadh ag na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile lena mbaineann; agus

(c) 

níor tháinig athrú ar shaintréithe na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile lena mbaineann.

4.  
Sa chás go n-eisítear pas plandaí de bhun mhír 1 nó mhír 2, ní bheidh gá leis an scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(1).
5.  
I ndiaidh pas plandaí amhail de bhun mhír 1 nó mhír 2 a athsholáthar, coinneoidh an t-oibreoir údaraithe lena mbaineann an pas plandaí athsholáthartha nó a inneachar ar feadh trí bliana ar a laghad.

I gcás inarb é an t-údarás inniúil a dhéanann pas plandaí amhail de bhun mhír 1 nó mhír 2 a athsholáthar, coinneoidh an t-oibreoir údaraithe an pas plandaí athsholáthartha nó a inneachar ar feadh trí bliana ar a laghad.

Féadfar an coimeád sin a dhéanamh tríd an bhfaisnéis atá sa phas plandaí a stóráil i mbunachar sonraí ríomhairithe, ar an gcoinníoll go n-áirítear uirthi sin an fhaisnéis atá in aon bharrachód inrianaitheachta, holagram, slis nó iompróir eile sonraí, lena bhféadfar an cód inrianaitheachta a fhorlíonadh, amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 94

Pasanna plandaí a athsholáthraítear in ionad deimhnithe fíteashláintíochta

▼M1

1.  
De mhaolú ar Airteagal 87 den Rialachán seo, i gcás ina dtugtar planda, táirge planda nó réad eile isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tír, a n-éilítear pas plandaí ina leith a ngluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais de bhun Airteagal 79(1) agus 80(1) den Rialachán seo, eiseofar an pas más rud é go bhi gcás ina bhfuil na seiceálacha a dhéantar de bhun Airteagal 49(1) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ a bhaineann lena thabhairt isteach curtha i gcrích go sásúil agus gurb é a baineadh de thátal as go gcomhlíonann na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann na ceanglais shubstainteacha maidir le pas plandaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 85 den Rialachán seo agus, más iomchuí, Airteagal 86 den Rialachán seo.

▼B

Féadfar pas plandaí a athsholáthar in ionad deimhniú fíteshláintíochta ag ceann scríbe an phlanda, an táirge planda nó an réada eile lena mbaineann, seachas ag an ionad iontrála, i gcás ina gceadaítear seiceáil a dhéanamh ag an gceann scríbe, amhail dá dtagraítear i reachtaíocht an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla.

2.  
De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cóip dheimhnithe den deimhniú fíteashláintíochta bunaidh a athsholáthar in ionad deimhniú fíteashláintíochta ag ionad iontrála an phlanda, an táirge planda nó réada eile lena baineann ar chríoch an Aontais.

Eiseoidh an t-údarás inniúil an cóip dheimhnithe sin den deimhniú fíteashláintíochta bunaidh agus gabhfaidh an deimhniú sin leis an bplanda, an táirge planda nó réad eile lena mbaineann agus é ag gluaiseacht, suas go dtí an pointe ag a n-eisítear an pas plandaí agus ar chríoch an Bhallstáit sin faoi seach agus ansin amháin.

3.  
Coinneoidh an t-údarás inniúil an deimhniú fíteashláintíochta ar feadh trí bliana ar a laghad. Féadfaidh an coimeád sin a dhéanamh tríd an bhfaisnéis atá sa deimhniú fíteashláintíochta a stóráil i mbunachar sonraí ríomhairithe.

I gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 101(2), déanfar cóip dheimhnithe den deimhniú fíteashláintíochta sin a athsholáthar ina ionad.

Airteagal 95

An pas plandaí a neamhbhailíochtú agus a bhaint

1.  
Neamhbhailíochtóidh an t-oibreoir gairmiúil a bhfuil aonad trádála plandaí, táirgí plandaí nó réada eile á rialú aige, an pas plandaí agus, i gcás inar féidir, bainfidh sé ón aonad trádála sin é, i gcás inar léir dó nach bhfuil aon cheann de na ceanglais a shonraítear in Airteagail 83 go 87, 89, 90, 93 nó 94 á gcomhlíonadh.

Gan dochar don oibleagáid fógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 14, tabharfaidh an t-oibreoir gairmiúil sin fógra freisin don údarás inniúil a bhfuil sé ag feidhmiú faoina inniúlacht.

2.  
Sa chás ina dteipeann ar an oibreoir gairmiúil mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil an pas plandaí a neamhbhailíochtú agus, i gcás inarb fhéidir, bainfidh siad é ón aonad trádála lena mbaineann.
3.  
I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1 agus ag mír 2, coinneoidh an t-oibreoir gairmiúil lena mbaineann an pas plandaí neamhbhailíochtaithe nó a inneachar ar feadh trí bliana ar a laghad.

Féadfaidh an coimeád sin a dhéanamh tríd an bhfaisnéis atá sa phas plandaí neamhbhailíochtaithe a stóráil i mbunachar sonraí ríomhairithe, ar an gcoinníoll go n-áirítear uirthi sin an fhaisnéis atá in aon bharrachód inrianaitheachta, holagraim, slis nó iompróir eile sonraí, lena bhféadfar an cód inrianaitheachta a fhorlíonadh, amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, agus ráiteas maidir leis an neamhbhailíochtú sin.

4.  
Sa chás go bhfuil feidhm le mír 1 agus mír 2, cuirfidh an t-oibreoir gairmiúil lena mbaineann an t-oibreoir údaraithe nó an t-údarás inniúil a d'eisigh an pas plandaí neamhbhailíochtaithe, ar an eolas.
5.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl, tríd an gcóras leictreonach fógartha dá dtagraítear in Airteagal 103, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile nuair a dhéantar pas plandaí a bhaint agus a neamhbhailíochtú de bhun mhír 2 den Airteagal seo.



Roinn 3

Fianuithe eile

Airteagal 96

Marcáil ar ábhar pacáistíochta adhmaid, ar adhmad nó ar réada eile

1.  

Leis an marc a chuirfear ar an ábhar pacáistíochta adhmaid, ar adhmad agus ar réada eile lena fhianú gur cuireadh cóireáil air i gcomhréir le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le CIBF15 comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le CIBF15, sna cásanna uile seo a leanas:

(a) 

ábhar pacáistíochta adhmaid a thugtar isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tír, amhail dá dtagraítear in Airteagal 43;

(b) 

ábhar adhmaid pacáistíochta a mharcáiltear laistigh de chríoch an Aontais, a bheidh ag gluaiseacht amach as críoch an Aontais;

(c) 

ábhar pacáistíochta adhmaid, adhmad nó réada eile a ghluaistear laistigh de chríoch an Aontais, má cheanglaítear sin trí ghníomh chur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagail 28, 30, 41 nó 54;

(d) 

ábhar pacáistíochta adhmaid, adhmad nó réada eile a mharcáiltear laistigh de chríoch an Aontais.

Ní dhéanfar an mharcáil sin ach i gcás inar cuireadh an t-ábhar pacáistíochta adhmaid, an t-adhmad nó réada eile faoi réir ceann amháin nó níos mó de na cóireálacha formheasta dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 de CIBF15, gan dochar do Rialachán (CE) Uimh.1005/2009 ( 6 ), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ( 7 ) agus Rialachán (CE) 528/2012 ( 8 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

I gcás ábhar pacáistíochta adhmaid, adhmad nó réada eile a mharcáiltear i gcríoch an Aontais, is oibreoir cláraithe atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 98 agus eisean amháin a dhéanfaidh an mharcáil.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) ná pointe (b) den chéad fhomhír maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid atá faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear in CIBF15.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, chun iad a chur in oiriúint d'fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta agus go háirithe do CIBF15.

Airteagal 97

An t-ábhar pacáistíochta adhmaid a dheisiú i gcríoch an Aontais

1.  

Ní dhéanfar an t-ábhar pacáistíochta adhmaid a mharcáiltear leis an marc dá dtagraítear in Airteagal 96 a dheisiú ach sa chás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas uile:

(a) 

is oibreoir cláraithe é an duine a dhéanann an deisiú, ar oibreoir é atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 98;

(b) 

tá an t-ábhar agus an chóireáil a úsáidtear incháilithe do dheisiú;

(c) 

déanfar an mharcáil arís, mar is iomchuí.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún a leagan amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe sonracha maidir leis an ábhar, leis an gcóireáil agus leis an marcáil dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2). Cuirfear san áireamh leis na gníomhartha cur chun feidhme sin caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus go háirithe CIBF15.
3.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 i gcás ina scriosann oibreoir gairmiúil, ar bhealach ar bith, gach rian den mharc sin a rinneadh roimhe sin ón ábhar pacáistíochta adhmaid.

Airteagal 98

Údarú agus maoirsiú na n-oibreoirí cláraithe agus ábhar pacáistíochta adhmaid á mharcáil acu i gcríoch an Aontais

1.  

Tabharfaidh an t-údarás inniúil údarú an mharcáil dá dtagraítear in Airteagal 96 a dhéanamh agus ábhar pacáistíochta adhmaid a dheisiú i gcomhréir le hAirteagal 97 d'oibritheoir cláraithe ar iarratas a fháil uaidh, ar choinníoll go gcomhlíonann an oibreoir cláraithe an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá an t-eolas aige atá riachtanach chun an chóireáil a dhéanamh ar an ábhar pacáistíochta adhmaid, ar an adhmad agus ar na réada eile mar a cheanglaítear de bhun na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 96 agus in Airteagal 97;

(b) 

tá áiseanna agus trealamh iomchuí aige chun an chóireáil sin a dhéanamh (“áiseanna cóireála”).

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 105 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na ceanglais maidir le húdarú a shonrú, i gcás inarb iomchuí i bhfianaise forbairt a dhéantar ar eolas eolaíochta agus teicniúil agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta.

2.  

Ar iarratas a fháil uaidh, tabharfaidh an t-údarás inniúil údarú an mharcáil dá dtagraítear in Airteagal 96 a dhéanamh agus an t-ábhar pacáistíochta adhmaid a dheisiú i gcomhréir le hAirteagal 97 d'oibreoir cláraithe, agus leas á bhaint as adhmad a ndearnadh cóireáil air i saoráid oibreora eile, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas uile i ndáil le hábhar pacáistíochta adhmaid a bhfuil an marc sin air:

(a) 

is adhmad amháin atá ann:

(i) 

ar adhmad é a ndearnadh ceann amháin nó níos mó de na cóireálacha formheasta dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 de CIBF 15 air agus a ndearnadh cóireáil air i saoráidí a bhí á n-oibriú ag oibreoir cláraithe údaraithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo; nó

(ii) 

ar adhmad é a ndearnadh ceann amháin nó níos mó de na cóireálacha formheasta dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 de CIBF15 air i saoráid chóireála i dtríú tír a d'fhormheas eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí an tríú tír sin;

(b) 

cinntíonn sé gur féidir an t-adhmad a úsáidtear chun na críche sin a rianú siar go dtí na saoráidí cóireála sin ar chríoch an Aontais nó chuig saoráidí cóireála an tríú tír lena mbaineann;

(c) 

i gcás inarb infheidhme de bhun Airteagail 28(1) agus (2), Airteagal 30(1) agus (3), Airteagal 41(2) agus (3) agus Airteagal 54(2) agus (3), ní úsáideann sé ach an t-adhmad dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a ngabhann pas plandaí nó aon doiciméad eile leis agus lena ráthaítear go bhfuil na ceanglais chóireála dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 de CIBF15 á gcomhlíonadh.

3.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil maoirseacht, ar a laghad uair sa bhliain, ar na hoibreoirí cláraithe atá údaraithe de bhun mhír 1 agus mhír 2, lena dheimhniú agus lena áirithiú go ndéanann siad ábhar pacáistíochta adhmaid, adhmad agus réada eile a chóireáil agus a mharcáil de réir mar is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 96(1) agus Airteagal 97 agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo faoi seach.
4.  
Sa chás go bhfeiceann údarás inniúil nach bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 á gcomhlíonadh ag oibreoir gairmiúil, déanfaidh an t-údarás sin na bearta is gá a dhéanamh gan mhoill lena áirithiú nach leantar leis an neamh-chomhlíonadh sin.

Sa chás go bhfuil an t-údarás inniúil tar éis na bearta sin a dhéanamh, seachas tarraingt siar an údaraithe dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, agus go leantar den neamh-chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás sin an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 nó mír 2 a aistarraingt gan mhoill.

Airteagal 99

Fianuithe seachas marc an ábhair phacáistíochta adhmaid

1.  
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na nithe a bheidh i bhfianuithe oifigiúla a leagan amach, ar fianuithe sonracha iad le haghaidh plandaí, táirgí plandaí nó réada eile, seachas ábhar pacáistíochta adhmaid, atá riachtanach de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme mar chruthúnas ar chur chun feidhme na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 28(1) nó (2), Airteagal 30(1) nó (3), Airteagal 41(2) nó (3), Airteagal 44, nó Airteagal 54(2) nó (3).
2.  

D'fhéadfadh ceanglais a bheith leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 chomh maith maidir le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) 

údarú oibreoirí gairmiúla maidir le heisiúint na bhfianuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

an mhaoirseacht a dhéanann an t-údarás inniúil ar na hoibreoirí gairmiúla a údaraítear de bhun phointe (a) den mhír seo;

(c) 

aistarraingt an údaraithe sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo.

3.  
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí formáide na bhfianuithe dá dtagraítear i mír 1 den mhír seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).



Roinn 4

Onnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó chríoch an Aontais

Airteagal 100

Deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiúón Aontas

1.  

I gcás ina gceanglaítear le ceanglais fíteashláintíochta maidir le hallmhairiú de chuid tríú tír, deimhniú fíteashláintíochta chun planda, táirge planda nó réad eile a onnmhairiú ó chríoch an Aontais go dtí an tríú tír sin (“deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú”), eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú sin, ar iarraidh ón oibreoir gairmiúil, nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil an t-oibreoir gairmiúil cláraithe ag an údarás inniúil sin i gcomhréir le hAirteagal 65;

(b) 

go bhfuil an planda, an táirge planda nó an réad eile atá le honnmhairiú faoi rialú an oibreora ghairmiúil;

(c) 

go n-áirithítear go gcomhlíonann an planda, an táirge planda nó an réad eile na ceanglais fíteashláintíochta maidir le honnmhairiú atá ag an tríú tír lena mbaineann.

Eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú ar iarraidh ó dhaoine seachas oibreoirí gairmiúla, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na dálaí a leagtar amach i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír.

Chun críocha na míre seo, ní tharmligfidh an t-údarás inniúil eisiúint an deimhnithe fhíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú d'aon duine eile.

2.  

Gan dochar do na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi IPPC, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, eiseofar an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú ar an gcoinníoll go mbeidh ar chumas an údaráis inniúil, leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil, a dheimhniú go gcomhlíonann an planda, an táirge planda nó an réad eile lena mbaineann ceanglais fíteashláintíochta na tríú tíre maidir le honnmhairiú. D'fhéadfadh an fhaisnéis sin teacht ó cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a) 

iniúchtaí, sampláil agus tástáil ar na plandaí, ar na táirgí plandaí nó ar na réada eile lena mbaineann, nó ar a n-ionad táirgthe agus ar a chomharsanacht;

(b) 

faisnéis oifigiúil maidir le stádas lotnaidí ar an láthair táirgthe, ar an ionad táirgthe, limistéar nó tír tionscnaimh na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile lena mbaineann;

(c) 

pas plandaí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 78, a ghabhfaidh leis na plandaí, leis na táirgí plandaí nó leis na réada eile lena mbaineann, i gcás ina bhfianaítear na torthaí ó iniúchtaí an údaráis inniúil leis an bpas plandaí sin;

(d) 

marc an ábhair pacáistíocht adhmaid amhail dá dtagraítear in Airteagal 96(1), nó an fianuithe dá dtagraítear in Airteagal 99(1);

(e) 

an fhaisnéis atá san áireamh sa deimhniú réamhonnmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 102;

(f) 

faisnéis oifigiúil atá ar áireamh sa deimhniú fíteashláintíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 71, sa chás gur tugadh na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tír.

3.  
Cloífidh an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú le cur síos agus le formáid na samhla a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn VIII.
4.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus i gCuid A d'Iarscríbhinn VIII chun iad a chur in oiriúint don fhorbairt a dhéantar ar na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

▼M1

5.  
Soláthrófar deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú tríd an gcóras ríomhairithe comhtháite nó i bhfoirm malartú leictreonach leis an CBFRO.

▼B

Airteagal 101

Deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú ón Aontas

1.  
Maidir le hathonnmhairiú planda, táirge planda nó réada eile a thagann ó thríú tír agus a tugadh isteach i gcríoch an Aontais ón tríú tír sin nó ó thríú tír eile, déanfar, i gcás inar féidir, deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú ón Aontas a eisiúint (“deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairithe”), a eisiúint in ionad an deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú.

Eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú ar iarraidh ón oibreoir gairmiúil, nuair a chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá an t-oibreoir gairmiúil sin cláraithe ag an údarás inniúil sin i gcomhréir le hAirteagal 65;

(b) 

tá an planda, an táirge planda nó an réad eile atá le hath-onnmhairiú faoi rialú an oibreora ghairmiúil,

(c) 

go n-áirithítear go gcomhlíonann an planda, an táirge planda nó an réad eile na ceanglais fíteashláintíochta maidir le honnmhairiú atá ag an tríú tír lena mbaineann.

Eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh ath-onnmhairiú ar iarraidh ó dhaoine seachas oibreoirí gairmiúla, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coiníollacha a leagtar amach i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fomhír.

Chun críocha na mír seo, ní tharmligfidh an t-údarás inniúil eisiúint an deimhnithe fhíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú d'aon duine eile.

2.  

Gan dochar do na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi IPPC, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, eiseofar an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú ar an gcoinníoll go bhfuiltear in ann a dheimhniú go bhfuil ceanglais fíteashláintíochta na tríú tíre lena mbaineann maidir le honnmhairiú á gcomhlíonadh leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá an bundeimhniú fíteashláintíochta a ghabhann leis an bplanda, táirge planda nó réad eile lena mbaineann ón tríú tír tionscnaimh, nó cóip deimhnithe de sin, ceangailte leis an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú;

(b) 

níor fásadh, níor táirgeadh ná níor próiseáladh an planda, an táirge planda nó an réad eile lena mbaineann lena chineál a athrú ó tugadh isteach ar chríoch an Aontais é;

(c) 

níor nochtadh an planda, an táirge planda ná an réad eile lena mbaineann do riosca inmhíolaithe nó éillithe le lotnaidí coraintín ar bith nó le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte ar bith, arna liostú mar sin ag an tríú tír atá mar cheann scríbe, le linn dó bheith á stóráil sa Bhallstát óna n-onnmhaireofar é chuig an tríú tír sin;

(d) 

coimeádadh aitheantas an phlanda, an táirge planda nó réada lena mbaineann.

3.  
Beidh feidhm ag Airteagal 100(2) mutatis mutandis.
4.  
Cloífidh an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú le cur síos agus le formáid na samhla a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn VIII.
5.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear Cuid B d'Iarscríbhinn VIII chun í a chur in oiriúint d'fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha.

▼M1

6.  
Soláthrófar deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh ath-onnmhairiú trí CBFRO.

▼B

Airteagal 102

Deimhnithe réamhonnmhairithe

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óna ndéantar na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile dá dtagraítear in Airteagal 100(1) a onnmhairiú agus údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndearnadh na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a fhás, a tháirgeadh, a stóráil nó a phróiseáil, an fhaisnéis riachtanach fíteashláintíochta a roinnt lena chéile mar bhonn chun an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú a eisiúint.
2.  

Déanfar roinnt na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 i bhfoirm doiciméid chomhchuibhithe (“deimhniú réamhonnmhairithe”), ina ndeimhníonn údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndearnadh na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a fhás, a tháirgeadh, a stóráil nó a phróiseáil, go gcomhlíonann na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile sin ceanglais shonracha fíteashláintíochta maidir le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) 

nach bhfuil lotnaidí áirithe sna plandaí, sna táirgí planda nó sna réada eile lena mbaineann nó go bhfuil siad iontu ach gur lú iad ná leibhéal áirithe;

(b) 

tionscnamh na bplandaí, na dtáirgí planda nó na réad eile lena mbaineann i ngort, láthair táirgthe, ionad táirgthe nó limistéar ar leith;

(c) 

an stádas lotnaidí sa ghort, ar an láthair táirgthe, san ionad táirgthe, i limistéar tionscnaimh nó i dtír tionscnaimh na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile lena mbaineann;

(d) 

torthaí iniúchtaí, shampláil agus thástáil na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile lena mbaineann;

(e) 

na nósanna imeachta fíteashláintíochta is infheidhme maidir le táirgeadh nó próiseáil plandaí, táirgí plandaí nó réad eile lena mbaineann.

3.  
Eiseoidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar fásadh, inar táirgeadh, inar stóráladh nó inar próiseáladh na plandaí, na táirgí planda nó na réada eile an deimhniú réamhonnmhairithe, arna iarraidh sin don oibreoir gairmiúil, fad is bheidh na plandaí, táirgí planda nó réada eile sin ar áitreabh an oibreora ghairmiúil lena mbaineann.

▼M1

4.  
Beidh an deimhniú réamh-onnmhairithe in éineacht leis na plandaí, leis na táirgí plandaí agus leis na réada eile lena mbaineann le linn dóibh a bheith á ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, mura ndéanann na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis atá ann a mhalartú trí CBFRO.

▼B

5.  
Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i mír 3, féadfar an deimhniú réamhonnmhairithe a eisiúint nuair a bheidh na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile imithe ó áitreabh an oibreora ghairmiúil lena mbaineann, ar an gcoinníoll go ndearnadh na hiniúchtaí, agus i gcás inar gá, an tsampláil, agus go ndeimhnítear leis an iniúchadh nó an tsampláil sin go gcomhlíonann na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada sin ceann amháin nó níos mó de na ceanglais shonracha fíteashláintíochta dá dtagraítear i mír 2.
6.  
Beidh na nithe a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn VIII sa deimhniú réamhonnmhairithe agus beidh sé san fhormáid a leagtar amach ansin freisin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 105 lena leasaítear Cuid C d'Iarscríbhinn VIII chun í a chur in oiriúint d'fhorbairt eolais eolaíochta agus teicniúla, agus d'fhorbairt na gcaighdeán ábhartha idirnáisiúnta.

7.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta a leagan síos maidir leis an deimhniú réamhonnmhairithe a eisiúint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).



CAIBIDIL VII

Bearta tacaíochta an Choimisiúin

▼M1

Airteagal 103

Bunú córais fógra leictreonach

Bunóidh an Coimisiún córas leictreonach lenar féidir leis na Ballstáit fógraí a thíolacadh.

Beidh an córas sin nasctha agus comhoiriúnach le CBFRO.

▼B

Airteagal 104

Míreanna faisnéise, formáid agus spriocdhátaí na bhfógraí, agus fógraí i gcás ina bhfuil drochamhras maidir le lotnaid a bheith ann

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sonracha a leagan síos maidir le tíolacadh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) and (2), Airteagal 11, Airteagal 17(3), Airteagal 18(6), Airteagal 19(2), Airteagal 28(7), an chéad fhomhír d'Airteagal 29(3), Airteagal 30(8), Airteagal 33(1), Airteagal 40(4), Airteagal 41(4), Airteagal 46(4), Airteagal 49(6), Airteagal 53(4), Airteagal 54(4), Airteagal 62(1), Airteagal 77(2) and Airteagal 95(5). Bainfidh na rialacha sin le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:

(a) 

na míreanna faisnéise atá le cur sna fógraí sin;

(b) 

formáid na bhfógraí sin agus treoracha chun an fhormáid sin a líonadh isteach;

(c) 

na spriocdhátaí faoinar gá na míreanna faisnéise faoi leith amhail dá dtagraítear i bpointe (a) a thíolacadh;

(d) 

tabharfar fógra faoi na cásanna ina bhfuil amhras maidir le lotnaid a bheith ann mar gheall ar an ngá atá le gníomhaíocht mhear i bhfianaise bhitheolaíocht na lotnaide agus na féidearthachta atá ann go spréifidh sí go gasta;

(e) 

tabharfar fógra faoi na cásanna neamh-chomhlíontachta i gcás ina gcruthaítear an baol leis an neamh-chomhlíontacht go scaipfidh lotnaid choraintín de chuid an Aontais nó lotnaid atá á cáiliú ar bhonn sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(2).



CAIBIDIL VIII

Forálacha deiridh

Airteagal 105

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7, Airteagal 8(5), Airteagal 19(7), Airteagal 21, Airteagal 32(5), Airteagal 34(1), Airteagal 38, Airteagal 43(2), Airteagal 46(2), Airteagal 48(5), Airteagal 51, Airteagal 65(4), Airteagal 71(4), Airteagal 76(4), Airteagal 81(2), Airteagal 83(6), Airteagal 87(4), Airteagal 89(2), Airteagal 96(2), Airteagal 98(1), Airteagal 99(1), Airteagal 100(4), Airteagal 101(5) agus Airteagal 102(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 13 Nollaig 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Fadófar tarmligean na cumhachta go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fhadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7, Airteagal 8(5), Airteagal 19(7), Airteagal 21, Airteagal 32(5), Airteagal 34(1), Airteagal 38, Airteagal 43(2), Airteagal 46(2), Airteagal 48(5), Airteagal 51, Airteagal 65(4), Airteagal 71(4), Airteagal 76(4), Airteagal 81(2), Airteagal 83(6), Airteagal 87(4), Airteagal 89(2), Airteagal 96(2), Airteagal 98(1), Airteagal 99(1), Airteagal 100(4), Airteagal 101(5) agus Airteagal 102(6) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2), Airteagal 7, Airteagal 8(5), Airteagal 19(7), Airteagal 21, Airteagal 32(5), Airteagal 34(1), Airteagal 38, Airteagal 43(2), Airteagal 46(2), Airteagal 48(5), Airteagal 51, Airteagal 65(4), Airteagal 71(4), Airteagal 76(4), Airteagal 81(2), Airteagal 83(6), Airteagal 87(4), Airteagal 89(2), Airteagal 96(2), Airteagal 98(1), Airteagal 99(1), Airteagal 100(4), Airteagal 101(5) agus Airteagal 102(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 106

Nós imeachta práinne

1.  
Tiocfaidh na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoin ngníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 105(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 107

Nós imeachta coiste

1.  
Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ). Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
3.  
Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 dá chuid freisin.

Airteagal 108

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 14 Nollaig 2019, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.

Airteagal 109

Aisghairmeacha

1.  
►M1  Aisghairtear Treoir 2000/29/CE, gan dochar d’Airteagal 165(2), (3) agus (4) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ . ◄
2.  

Aisghairtear na Treoracha seo a leanas:

(a) 

Treoir 69/464/CEE;

(b) 

Treoir 74/647/CEE;

(c) 

Treoir 93/85/CEE;

(d) 

Treoir 98/57/CE;

(e) 

Treoir 2006/91/CE;

(f) 

Treoir 2007/33/CE.

3.  
Glacfar le tagairtí do na gníomhartha arna n-aisghairm i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 110

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

In Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 cuirtear isteach an fomhír seo a leanas:

“Déanfar maoiniú an Aontais do na cláir chun lotnaidí a rialú sna réigiúin is forimeallaí den Aontas a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

Airteagal 111

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 652/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 1, tagann an méid seo a leanas in áit phointe (e):

“(e) maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí;”;

(2) 

in Airteagal 5(2), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c) na cláir chun lotnaidí a rialú sna réigiúin is forimeallaí den Aontas amhail dá dtagraítear in Airteagal 25;”;

(3) 

in Airteagal 16 (1), tagann an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):

“(a) 

bearta chun lotnaid a dhíothú ó limistéar inmhíolaithe, arna nglacadh ag na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 17(1), Airteagal 28(1), Airteagal 29(1) nó Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(b) 

bearta chun lotnaid tosaíochta a shrianadh, a liostaítear de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, ar glacadh bearta srianta de chuid an Aontais ina coinne de bhun Airteagal 28(2) den Rialachán sin, i limistéar inmhíolaithe nach féidir an lotnaid tosaíochta sin a dhíothú uaidh, sa chás go bhfuil na bearta sin riachtanach chun críoch an Aontais a chosaint i gcoinne leathadh breise na lotnaide tosaíochta sin. Bainfidh na bearta sin le díothú na lotnaide sin ón gcrios maolánach mórthimpeall an limistéir inmhíolaithe sa chás go bhfuil an lotnaid sa chrios maolánach sin; agus

(c) 

bearta coiscthe arna nglacadh i gcoinne leathadh lotnaide tosaíochta, a liostaítear de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031 ( *2 ), ar glacadh bearta de chuid an Aontais ina coinne de bhun Airteagal 28(3) den Rialachán sin, sa chás go bhfuil na bearta sin riachtanach chun críoch an Aontais a chosaint i gcoinne leathadh breise na lotnaide tosaíochta sin.

(4) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Coinníollacha

Féadfaidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16 a bheith incháilithe chun deontais a fháil ar choinníoll gur cuireadh iad i bhfeidhm láithreach agus gur comhlíonadh na forálacha infheidhme a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

baineann siad le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, a liostaítear de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, nach eol a bheith ar chríoch an Aontais;

(b) 

baineann siad le lotnaidí, nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, atá faoi réir beart arna ghlacadh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;

(c) 

baineann siad le lotnaidí, nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, a chumhdaítear le beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031;

(d) 

baineann siad le lotnaidí tosaíochta a liostaítear de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031.

Maidir le bearta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i bpointe (b) den chéad mhír, ní chumhdófar leis an deontas na costais arna dtabhú tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt arna ghlacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 nó arna dtabhú tar éis don bheart sin dul in éag. I gcás bearta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i bpointe (c) den chéad mhír, ní chumhdófar leis an deontas costais arna dtabhú tar éis don bheart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031 dul in éag.”

(5) 

I mír 1 d'Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d'úinéirí a bhfuil imní orthu faoi luach na bplandaí scriosta, na dtáirgí plandaí nó réada eile faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 16, teoranta do luach margaidh plandaí den sórt sin, táirgí plandaí den sórt sin agus réad eile den sórt sin amhail is nach ndearna na bearta sin difear dóibh; déanfar an luach tarrthála, más ann, a asbhaint as an gcúiteamh; agus”;

(6) 

Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit do chláir shuirbhéireachta bhliantúla agus ilbhliantúla a ritheann na Ballstáit sin maidir le lotnaidí a bheith ann (‘cláir shuirbhéireachta’), ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na cláir sin ar a laghad ceann de na trí choinníoll seo a leanas:

(a) 

baineann siad le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, a liostaítear de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, nach eol a bheith ar chríoch an Aontais;

(b) 

baineann siad le lotnaidí tosaíochta de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/2031; agus

(c) 

baineann siad le lotnaidí nach bhfuil liostaithe mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a chumhdaítear le beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.”;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na tríú míre:

“I gcás beart a chomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i bpointe (c) den chéad mhír, ní chumhdóidh an deonú costais a thabhaítear tar éis don bheart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 dul in éag.”;

(7) 

in Airteagal 20, cuirtear pointe nua isteach roimh pointe (a):

“(-a) costais do scrúduithe amhairc;”;

(8) 

In Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“(2) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15a

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le haon duine a bheidh eolach faoi lotnaid a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II a bheith i láthair nó lotnaid a chumhdaítear le beart de bhun Airteagal 16(2) nó de bhun Airteagal 16(3), nó ag a mbeidh cúis chun a bheith in amhras faoi láithreacht den sórt sin, go dtabharfaidh sé fógra ina leith láithreach don údarás inniúil agus, má iarrann an t-údarás inniúil sin amhlaidh, go gcuirfidh sé an fhaisnéis maidir leis an láithreacht sin ar fáil, ar fáisnéis í a bheidh ina sheilbh. I gcás nach gcuirtear fógra isteach i scríbhinn, déanfaidh an t-údarás inniúil taifead oifigiúil de.’.”

Airteagal 112

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh.1143/2014

In Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) lotnaidí plandaí a liostaítear de bhun Airteagal 5(2) nó Airteagal 32(3) nó atá faoi réir beart de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 );

Airteagal 113

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Nollaig 2019. Beidh feidhm, áfach, ag:

(a) 

pointe 8 d'Airteagal 111 ón 1 Eanáir 2017;

(b) 

Airteagal 100(3) agus Airteagal 101(4) ón 1 Eanáir 2021.

2.  
Aisghairfear le héifeacht ón 1 Eanáir 2022 na gníomhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (f) d'Airteagal 109(2). I gcás ina bhfuil coimhlint idir forálacha na ngníomhartha sin agus forálacha an Rialacháin seo, beidh tosaíocht ag forálacha an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

NA CRITÉIR MAIDIR LE hINCHÁILITHEACHT LOTNAIDÍ DE RÉIR AN RIOSCA A BHAINEANN LEO DO CHRÍOCH AN AONTAIS

ROINN 1

Critéir maidir le lotnaidí a cháilítear mar lotnaid choraintín a shainaithint, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 6(1), Airteagal 7, Airteagal 29(2), Airteagal 30(2) agus Airteagal 49(3)

(1)   Aitheantas na lotnaide

Déanfar aitheantas tacsanomaíoch na lotnaide a shainiú go soiléir nó, mar mhalairt air sin, taispeánfar gur tháirg an lotnaid comharthaí sóirt comhsheasmhacha agus go raibh sí in-tarchurtha.

Déanfar aitheantas tacsanomaíoch na lotnaide a shainiú ar leibhéal speiceas nó, mar mhalairt air sin, ar leibhéal tacsanomaíoch níos airde nó níos ísle, i gcás ina bhfuil an leibhéal tacsanomaíoch sin oiriúnach ar bhonn eolaíochta bunaithe ar chomh nimhneach leis, a raon óstaigh nó caidrimh veicteoireacha.

(2)   Láithreacht na lotnaide sa chríoch atá i gceist

Beidh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas i gceist:

(a) 

ní eol go bhfuil an lotnaid i láthair sa chríoch atá i gceist;

(b) 

ní eol go bhfuil an lotnaid i láthair sa chríoch atá i gceist, cé is moite de chuid theoranta de;

(c) 

ní eol go bhfuil an lotnaid i láthair sa chríoch atá i gceist, cé is moite de láithreachtaí ganna, mírialta, iargúlta agus ainmhinice ann.

I gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b) nó ag pointe (c), measfar nach bhfuil na lotnaidí scaipthe go forleathan.

(3)   Cumas iontrála, bunaithe agus leata na lotnaide sa chríoch atá i gceist

(a)   Cumas iontrála

Measfar go mbeidh cumas iontrála ag an lotnaid sa chríoch atá i gceist, nó, má tá sí i láthair ach gan a bheith scaipthe go forleathan, sa chuid sin den chríoch sin nach ann di, (“sa chuid ábhartha den limistéar i mbaol”), trí leathadh nádúrtha, nó má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

go bhfuil sí bainteach, maidir le plandaí, táirgí plandaí nó réada eile a ghluaistear isteach sa chríoch atá i gceist, leis na plandaí sin, táirgí plandaí agus réada eile sa chríoch ina bhfuil a mbunús acu nó ónar gluaiseadh iad isteach sa chríoch atá i gceist;

(ii) 

go maireann sí le linn iompair nó stórála;

(iii) 

gur féidir í a aistriú chuig planda óstaigh, táirge planda nó réad eile sa chríoch atá i gceist.

(b)   Cumas bunaithe

Measfar go mbeidh an lotnaid in ann “bunú” sa chríoch atá i gceist nó, má tá sí i láthair ach gan a bheith scaipthe go forleathan sa chuid den chríoch sin nach ann di, má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

go bhfuil óstaigh na lotnaide agus, nuair is ábhartha, veicteoirí chun an lotnaid a tharchur ar fáil;

(ii) 

go bhfuil na tosca cinntitheacha comhshaoil fabhrach don lotnaid lena mbaineann agus, nuair is infheidhme, a veicteoir, ag cur ar a cumas tréimhse brú aeráide a sheasamh agus a saolré a chur i gcrích;

(iii) 

go bhfuil na cleachtais saothraithe agus bearta rialaithe atá i bhfeidhm sa chríoch sin fabhrach;

(iv) 

go dtacaíonn modhanna marthana, straitéis atáirgthe, oiriúnacht ghéiniteach na lotnaide agus a híosmhéid inmharthana daonra lena bunú.

(c)   Cumas leata

Measfar go mbeidh an lotnaid in ann leathadh críochach a dhéanamh sa chríoch atá i gceist, nó, má tá sí i láthair ach gan a bheith scaipthe go forleathan, sa chuid sin den chríoch sin nach ann di, má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

go bhfuil an comhshaol oiriúnach le haghaidh leathadh nádúrtha na lotnaide;

(ii) 

nach leor na bacainní maidir le leathadh nádúrtha na lotnaide;

(iii) 

go gceadaítear gluaiseacht na lotnaide le tráchtearraí nó tíolacais;

(iv) 

go bhfuil óstaigh agus, nuair is ábhartha, veicteoirí na lotnaide i láthair;

(v) 

go bhfuil na cleachtais saothraithe agus bearta rialaithe atá i bhfeidhm sa chríoch sin fabhrach;

(vi) 

nach bhfuil naimhde agus coimhlinteoirí nádúrtha na lotnaide i láthair nó nach bhfuil siad in ann an lotnaid a shochtadh go leordhóthanach.

(4)   Tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil féideartha

Maidir le hiontráil, le bunú agus le leathadh na lotnaide sa chríoch atá i gceist, nó, má tá sí i láthair ach gan a bheith scaipthe go forleathan, sa chuid den chríoch sin nach ann di, beidh tionchar eacnamaíocha, sóisialta agus/nó comhshaoil do-ghlactha aige ar an gcríoch sin, nó don chuid den chríoch sin nach bhfuil sí scaipthe go forleathan, maidir le ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) 

caillteanais barr i dtéarmaí barr agus cáilíochta;

(b) 

costais na mbeart rialaithe;

(c) 

costais athphlandaithe agus/nó na caillteanais i ngeall ar an ngá plandaí malartacha a fhás;

(d) 

iarmhairtí ar chleachtais táirgeachta reatha;

(e) 

iarmhairtí ar chrainn sráide, ar pháirceanna agus ar limistéir nádúrtha agus plandaithe;

(f) 

iarmhairtí ar phlandaí dúchasacha, ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais;

(g) 

iarmhairtí ar bhunú, ar leathadh agus an tionchar a bhíonn ag lotnaidí eile, mar shampla i ngeall ar chumas na lotnaide lena mbaineann a bheith mar veicteoir do lotnaidí eile;

(h) 

athruithe ar chostais an táirgeora nó éilimh ionchuir, lena n-áirítear costais rialaithe agus costais díothaithe agus srianta;

(i) 

iarmhairtí ar bhrabúis an táirgeora mar gheall ar athruithe i gcáilíocht, i gcostais táirgthe, i mbarra nó ar leibhéil praghsanna;

(j) 

athruithe ar éileamh an tomhaltóra sa bhaile nó thar lear ar tháirge a d'eascair ó athruithe cáilíochta;

(k) 

iarmhairtí ar mhargaí baile agus onnmhairithe agus na praghsanna a íocadh, lena n-áirítear iarmhairtí ar rochtain an mhargaidh onnmhairithe agus an dóchúlacht go leagfaidh comhpháirtithe trádála srianta fíteashláintíochta síos;

(l) 

na hacmhainní a theastaíonn le haghaidh taighde agus comhairle bhreise;

(m) 

iarmhairtí comhshaoil agus iarmhairtí míchuibhiúla eile na mbeart rialaithe;

(n) 

iarmhairtí ar Natura 2000 nó ar limistéir eile faoi chosaint;

(o) 

athruithe ar phróisis éiceolaíochta agus ar struchtúr, ar chobhsaíocht nó ar phróisis éiceachórais, lena n-áirítear iarmhairtí breise ar speicis phlandaí, creimeadh, athruithe sa mhaoschlár, guaiseacha dóiteáin, timthriall cothaitheach;

(p) 

costais athchóirithe comhshaoil agus bearta coiscthe;

(q) 

iarmhairtí ar shlándáil bia agus ar shábháilteacht bia;

(r) 

iarmhairtí ar fhostaíocht;

(s) 

iarmhairtí ar cháilíocht uisce, ar áineas, ar thurasóireacht, ar oidhreacht tírdhreacha, ar innilt ainmhithe, ar shealgaireacht, ar iascaireacht.

ROINN 2

Critéir maidir le haitheantas lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a cháilíonn mar lotnaid tosaíochta, amhail dá dtagraítear in Airteagail 6(1) agus Airteagal 6(2)

Measfar go mbeidh ag lotnaidí coraintín de chuid an Aontais an tionchar eacnamaíoch, sóisialta nó comhshaoil déine i ndáil le críoch an Aontais, má chomhlíonann a n-iontráil, a mbunú agus a leathadh ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) 

Tionchar eacnamaíoch: go bhfuil sé de chumas ag an lotnaid caillteanais ollmhóra a chur faoi deara i dtéarmaí na n-iarmhairtí díreacha agus indíreacha dá dtagraítear i bpointe (4) de Roinn 1 i gcás plandaí a bhfuil luach eacnamaíoch suntasach acu ar chríoch an Aontais.

Féadfaidh gur crainn nach bhfuil táirgeadh á ndéanamh orthu atá sna plandaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

(b) 

Tionchar sóisialta: tá sé de chumas ag an lotnaid ceann amháin nó níos mó de na hiarmhairtí seo a leanas a chur faoi deara:

(i) 

laghdú suntasach fostaíochta in earnáil na talmhaíochta, na gairneoireachta nó na foraoiseachta lena mbaineann nó i dtionscail a bhaineann leis na hearnálacha sin, lena n-áirítear turasóireacht agus áineas;

(ii) 

rioscaí suntasacha do shlándáil bia nó do shábháilteacht bia;

(iii) 

go n-imíonn speicis thábhachtacha crann a fhásann nó a chuirtear i gcríoch an Aontais nó speicis crann a mbaineann an-tábhacht leo ó thaobh an tírdhreacha nó na hoidhreachta cultúrtha nó stairiúla don Aontas nó go ndéantar damáiste fad-téarmach ar scála mór dóibh.

(c) 

Tionchar comhshaoil: go bhfuil sé de chumas ag an lotnaid ceann amháin nó níos mó de na hiarmhairtí seo a leanas a chur faoi deara:

(i) 

iarmhairtí suntasacha ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear iarmhairtí ar speicis agus ar ghnáthóga a liostaítear faoi fhorálacha Threoir 92/43/CEE ón gComhairle ( 10 ) agus Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );

(ii) 

méaduithe suntasacha agus fadtéarmacha ar úsáid táirgí cosanta plandaí ar na plandaí lena mbaineann;

(iii) 

go n-imíonn príomhspeicis thábhachtacha crann a fhásann nó a chuirtear i gcríoch an Aontais nó speicis crann a mbaineann an-tábhacht leo ó thaobh an tírdhreacha nó na hoidhreachta cultúrtha nó stairiúla don Aontas nó go ndéantar damáiste fadtéarmach ar scála mór dóibh.

ROINN 3

Critéir chun réamh-mheasúnú a dhéanamh chun lotnaidí a shainaithint a cháilítear go sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais lena néilítear bearta sealadacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 29(1) agus in Airteagal 30(1)

Foroinn 1

Critéir chun réamh-mheasúnú a dhéanamh chun lotnaidí a shainaithint a cháilíonn go sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais lena néilítear bearta sealadacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 29(1)

(1)   Aitheantas na lotnaide

Comhlíonfaidh an lotnaid na critéir a shainítear i bpointe (1) de Roinn 1.

(2)   Láithreacht na lotnaide i gcríoch an Bhallstáit

Ní eol go raibh an lotnaid i láthair i gcríoch Ballstáit roimhe seo. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Bhallstát sin, ní eol ach an oiread go raibh an lotnaid i láthair i gcríoch an Aontais, nó go meastar go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (2)(b) nó (c) de Roinn 1 maidir le críoch an Aontais.

(3)   An dóchúlacht go mbunófar agus go ndéanfar an lotnaid a leathadh i gcríoch an Aontais, nó ar chuid (codanna) shonrach (sonracha) de chríoch an Aontais nach bhfuil sí i láthair

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Bhallstát, comhlíonann an lotnaid na critéir a shainítear i bpointe (3)(b) agus (c) de Roinn 1 maidir lena críoch agus, a mhéad is féidir leis an mBallstát é sin a mheas, maidir le críoch an Aontais.

(4)   An tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag an lotnaid

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Bhallstát, bheadh tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus/nó comhshaoil dho-ghlactha ag an lotnaid ar a críoch agus, a mhéid is féidir don Bhallstát é sin a mheas, críoch an Aontais, i gcás go mbunófaí agus go ndéanfaí í a leathadh sa chríoch sin.

Cuimseofar leis an tionchar sin ceann amháin ar a laghad nó níos mó de na hiarmhairtí a liostaítear faoi phointe (4)(a) go (g) de Roinn 1.

Foroinn 2

Critéir chun réamh-mheasúnú a dhéanamh chun lotnaidí a shainaithint a cháilíonn go sealadach mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais lena néilítear bearta sealadacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(1)

(1)   Aitheantas na lotnaide

Comhlíonfaidh an lotnaid na critéir a shainítear i bpointe (1) de Roinn 1.

(2)   Láithreacht na lotnaide i gcríoch an Aontais

Ní eol go raibh an lotnaid i láthair i gcríoch Aontais roimhe seo, nó go meastar go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (2)(b) nó (c) de Roinn 1 maidir le críoch an Aontais.

(3)   An dóchúlacht go mbunófar agus go ndéanfar an lotnaid a leathadh i gcríoch an Aontais, nó ar chuid (codanna) shonrach (sonracha) de chríoch an Aontais nach bhfuil sí i láthair

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Aontas, comhlíonann an lotnaid na critéir a shainítear i bpointí (3)(b) agus (c) de Roinn 1 maidir le críoch an Aontais.

(4)   An tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag an lotnaid

Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Aontas, bheadh tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus/nó comhshaoil do-ghlactha ag an lotnaid ar chríoch an Aontais, i gcás go mbunófaí agus go ndéanfaí í a leathadh sa chríoch sin.

Cuimseofar leis an tionchar sin ceann amháin ar a laghad nó níos mó de na hiarmhairtí a liostaítear faoi phointe (4)(a) go (g) de Roinn 1.

ROINN 4

Critéir maidir le lotnaidí a cháilítear mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 36 agus Airteagal 38, a shainaithint

(1)   Aitheantas na lotnaide

Comhlíonfaidh an lotnaid na critéir a shainítear i bpointe (1) de Roinn 1.

(2)   Dóchúlacht leata i gcríoch Aontais na lotnaide

Measfar gur trí phlandaí sonracha le haghaidh plandú, seachas trí leathadh nádúrtha nó trí ghluaiseacht na dtáirgí plandaí nó réad eile is mó a tharlaíonn tarchur na lotnaide.

Cuimseofar na gnéithe seo a leanas sa mheasúnú sin, de réir mar is cuí:

(a) 

líon shaolréanna na lotnaide ar na hóstaigh lena mbaineann;

(b) 

bitheolaíocht, eipidéimeolaíocht agus marthanacht na lotnaide;

(c) 

bealaí nádúrtha, daonna-cuidithe féideartha nó bealaí eile chun an lotnaid a tharchur chuig an óstach lena mbaineann agus éifeachtúlacht an bhealaigh sin, lena n-áirítear sásraí scaipthe agus ráta scaipthe;

(d) 

inmhíolú agus tarchur na lotnaide ina dhiaidh sin ón óstach lena mbaineann chuig plandaí eile agus a mhalairt;

(e) 

tosca aeráideolaíochta;

(f) 

cleachtais chultúrtha roimh gabháil agus ina dhiaidh sin;

(g) 

cineálacha ithreach;

(h) 

soghabháltacht an óstaigh lena mbaineann agus céimeanna ábhartha na bplandaí óstaigh;

(i) 

láithreacht veicteoirí don lotnaid;

(j) 

láithreacht naimhde agus coimhlinteoirí nádúrtha na lotnaidí;

(k) 

láithreacht óstach eile atá soghabhálach i leith na lotnaide;

(l) 

leitheadúlacht na lotnaide i gcríoch an Aontais;

(m) 

úsáid bheartaithe na bplandaí.

(3)   An tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh a bheith ag an lotnaid

Beidh tionchar eacnamaíoch do-ghlactha ag inmhíolú na bplandaí le plandú dá dtagraítear i bpointe (2) ar úsáid bheartaithe na bplandaí sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:

(a) 

caillteanais barr i dtéarmaí barr agus cáilíochta;

(b) 

costais bhreise na mbeart rialaithe;

(c) 

costais bhreise gabhála agus grádaithe;

(d) 

costais athphlandaithe;

(e) 

caillteanais i ngeall ar an ngá plandaí malartacha a fhás;

(f) 

iarmhairtí ar chleachtais táirgeachta reatha;

(g) 

iarmhairtí ar phlandaí óstaigh eile ag an ionad táirgthe;

(h) 

iarmhairtí ar bhunú, ar leathadh agus an tionchar a bhíonn ag lotnaidí eile, i ngeall ar chumas na lotnaide lena mbaineann a bheith mar veicteoir do na lotnaidí eile sin;

(i) 

iarmhairtí ar chostais an táirgeora nó éilimh ionchuir, lena n-áirítear costais rialaithe agus costais díothaithe agus srianta;

(j) 

iarmhairtí ar bhrabúis an táirgeora mar gheall ar athruithe i gcostais táirgthe, barra nó ar leibhéil praghsanna;

(k) 

athruithe ar éileamh an tomhaltóra sa bhaile nó thar lear ar tháirge a d'eascair ó athruithe cáilíochta;

(l) 

iarmhairtí ar mhargaí baile agus onnmhairithe agus ar na praghsanna a íocadh;

(m) 

iarmhairtí ar fhostaíocht.




IARSCRÍBHINN II

BEARTA AGUS PRIONSABAIL CHUN NA RIOSCAÍ A BHAINEANN LE LOTNAIDÍ A BHAINISTIÚ

ROINN 1

Bearta chun na rioscaí a bhaineann le lotnaidí coraintín a bhainistiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(1), Airteagal 21, Airteagal 25(2), Airteagal 28(4) agus (6), Airteagal 29(1), Airteagal 30(5) agus (7), Airteagal 40(3), Airteagal 41(3), Airteagal 42(4), Airteagal 46(3), Airteagal 53(3), Airteagal54(3) agus Airteagal 75(2)

Cuimseofar le bainistiú na rioscaí a bhaineann le lotnaidí coraintín ceann amháin nó níos mó, mar is iomchuí, de na bearta seo a leanas:

(1) 

Bearta lena ndírítear ar inmhíolú plandaí saothraithe agus plandaí fiáine a chosc agus ar dhíothú:

(a) 

srianta maidir le haitheantas, cineál, bunús, sinsearacht, bunáitíocht agus stair táirgthe plandaí saothraithe;

(b) 

srianta maidir le cur, baint agus úsáid plandaí;

(c) 

srianta maidir le húsáid táirgí plandaí, áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, saoráidí, innealra, trealamh agus réada eile;

(d) 

faireachas, iniúchadh amhairc, sampláil agus tástáil saotharlainne ar phlandaí, táirgí plandaí, áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, saoráidí, innealra, trealamh agus réada eile maidir le láithreacht lotnaidí coraintín;

(e) 

faireachas maidir le miondealú nó athrú ar éifeachtacht speiceas plandaí frithsheasmhach nó cineál planda a bhaineann le hathrú i gcomhdhéanamh na lotnaide coraintín nó a bitíopa, pataitíopa, cine nó grúpa nimhneach;

(f) 

cóireáil fhisiciúil, cheimiceach agus bhitheolaíoch ar phlandaí, táirgí plandaí, áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, saoráidí, innealra, trealamh agus réada eile, atá inmhíolaithe nó a d'fhéadfaí a inmhíolú le lotnaidí coraintín;

(g) 

scrios plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, inmhíolaithe nó a d'fhéadfaí a inmhíolú le lotnaidí coraintín nó chun críocha coiscthe;

(h) 

faisnéis, taifeadadh sonraí, cumarsáid agus oibleagáidí tuairiscithe;

(i) 

clárú na n-oibreoirí gairmiúla lena mbaineann.

Chun críocha phointe (b), féadfar ceanglais a áireamh leis na bearta sin maidir le speicis phlandaí agus cineálacha plandaí a thástáil ó thaobh a bhfrithsheasmhacht leis an lotnaid choraintín lena mbaineann agus liostú na speiceas plandaí agus na gcineálacha plandaí a mheastar a bheith frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide coraintín lena mbaineann.

Chun críocha phointe (f), féadfar ceanglais maidir leo seo a leanas a áireamh leis na bearta sin:

(i) 

clárú, údarú agus maoirseacht oifigiúil na n-oibreoirí gairmiúla a chuireann an chóireáil atá i gceist i bhfeidhm;

(ii) 

deimhniú fíteashláintíochta, pas plandaí, lipéad nó fianú oifigiúil eile a eisiúint le haghaidh na bplandaí cóireáilte, na dtáirgí plandaí nó na réad eile agus an marc dá dtagraítear in Airteagal 96(1) a chur orthu tar éis na cóireála atá i gceist a chur i bhfeidhm.

(2) 

Bearta lena ndírítear ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réada eile:

(a) 

srianta maidir le haitheantas, cineál, bunús, bunáitíocht, sinsearacht, modh táirgthe, stair táirgthe agus inrianaitheacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile;

(b) 

srianta maidir le tabhairt isteach, gluaiseacht, úsáid, láimhseáil, próiseáil, pacáistíocht, stóráil, dáileadh agus ceann scríbe plandaí, táirgí plandaí agus réad eile;

(c) 

faireachas, iniúchadh amhairc, sampláil, tástáil saotharlainne ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile maidir le láithreacht lotnaidí coraintín, lena n-áirítear trí chur trí nósanna imeachta coraintín agus trí chigireachtaí réamhonnmhairiúcháin i dtríú tíortha;

(d) 

cóireáil fhisiciúil, cheimiceach agus bhitheolaíoch agus, nuair is iomchuí, scrios plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, inmhíolaithe nó a d'fhéadfaí a inmhíolú le lotnaidí coraintín;

(e) 

faisnéis, taifeadadh sonraí, cumarsáid agus oibleagáidí tuairiscithe;

(f) 

clárú na n-oibreoirí gairmiúla lena mbaineann.

Chun críocha phointí (a) go (d), d'fhéadfaí ceanglais maidir leo seo a leanas a áireamh leis na bearta sin:

(i) 

deimhniú fíteashláintíochta, pas plandaí, lipéad nó fianú oifigiúil eile a eisiúint, lena n-áirítear an marc dá dtagraítear in Airteagal 96(1) a chur orthu chun comhlíonadh phointe (a) go pointe (d) a fhianú;

(ii) 

clárú, údarú agus maoirseacht oifigiúil na n-oibreoirí gairmiúla a chuireann an chóireáil dá dtagraítear i bpointe (d) i bhfeidhm.

(3) 

Bearta ina ndírítear ar bhealaí le haghaidh lotnaidí coraintín, seachas coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí nó réad eile:

(a) 

srianta ar thabhairt isteach agus ar ghluaiseacht lotnaidí coraintín mar thráchtearra;

(b) 

faireachas, iniúchadh amhairc, sampláil agus tástáil saotharlainne agus, i gcás inarb is iomchuí, lotnaidí coraintín mar thráchtearra a scriosadh;

(c) 

srianta ar phlandaí, táirgí plandaí agus ar réada eile a bhíonn á n-iompar ag taistealaithe;

(d) 

faireachas, iniúchadh amhairc, sampláil agus tástáil saotharlainne agus, nuair is iomchuí, cóireáil nó scrios plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a bhíonn á n-iompar ag taistealaithe;

(e) 

srianta ar fheithiclí, ar phacáistíocht agus ar réada eile a úsáidtear chun tráchtearraí a iompar;

(f) 

faireachas, iniúchadh amhairc, sampláil agus tástáil saotharlainne agus, nuair is iomchuí, cóireáil nó scrios feithiclí, pacáistíocht agus réada eile a úsáidtear chun tráchtearraí a iompar;

(g) 

faisnéis, taifeadadh sonraí, cumarsáid agus oibleagáidí tuairiscithe;

(h) 

clárú na n-oibreoirí gairmiúla lena mbaineann.

ROINN 2

Prionsabail chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le lotnaidí amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(1), Airteagal 18(3), Airteagal 21, Airteagal 28(4) agus (6), Airteagal 29(1), Airteagal 30(5) agus (7), Airteagal 31(1), Airteagal 37(4) agus (8), Airteagal 40(3), Airteagal 41(3), Airteagal 46(3), Airteaga 49(2) agus (4), Airteagal 53(3), Airteagal 54(3), Airteagal 72(3), Airteagal 74(3), Airteagal 75(2), Airteagal 79(3) agus Airteagal 80(3)

Urramaítear, leis an mbainistiú a dhéantar ar na rioscaí a bhaineann le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, le lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta agus le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais, na prionsabail seo a leanas:

(1) 

Riachtanas

Ní chuirfear bearta chun an riosca atá le lotnaid a bhainistiú i bhfeidhm ach i gcás ina bhfuil bearta den sórt sin riachtanach chun teacht isteach, bunú agus leathadh na lotnaide sin a chosc.

(2) 

Comhréireacht

Beidh bearta a ghlacfar chun an riosca atá le lotnaid a bhainistiú comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an lotnaid lena mbaineann agus le leibhéal na cosanta atá de dhíth.

(3) 

Tionchar íosta

Beidh bearta a ghlactar chun an riosca atá le lotnaid a bhainistiú ar na bearta is lú a bhfuil srian ag baint leo agus a mbíonn an bac is lú ar ghluaiseacht idirnáisiúnta daoine, tráchtearraí agus tíolacas dá mbarr.

(4) 

Neamh-idirdhealú

Ní chuirfear bearta a ghlactar chun an riosca atá le lotnaid a bhainistiú i bhfeidhm ar bhealach lena gcuimseofar modh treallach nó idirdhealú gan bonn cirt nó srian faoi cheilt, go háirithe maidir le trádáil idirnáisiúnta. Ní bheidh siad aon bhlas níos déine do thríú tíortha ná bearta a chuirfí i bhfeidhm ar an lotnaid chéanna dá mbeadh sí laistigh de chríoch an Aontais, má tá tríú tíortha in ann a léiriú go bhfuil an stádas fíteashláintíochta céanna acu agus go gcuireann siad bearta fíteashláintíochta mar an gcéanna nó coibhéiseacha i bhfeidhm.

(5) 

Bonn cirt teicniúil

Tabharfar bonn cirt teicniúil maidir le bearta a ghlactar chun an riosca atá le lotnaid a bhainistiú ar bhonn na gconclúidí a bhaintear amach trí anailís riosca iomchuí a úsáid nó, i gcás inarb infheidhme, trí iniúchadh agus meastóireacht inchomparáide eile ar fhaisnéis eolaíochta atá ar fáil. Ba cheart anailís riosca nó faisnéis eolaíoch nua nó cothrom le dáta a léiriú sna bearta sin, agus, nuair is iomchuí, ba cheart iad a mhodhnú nó a bhaint.

(6) 

Féidearthacht

Na bearta a ghlactar chun an riosca atá le lotnaid a bhainistiú, ba cheart gur dóichí leo go mbainfí amach cuspóir na mbeart sin.




IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR PHLANDAÍ, AR THÁIRGÍ PLANDAÍ NÓ AR RÉADA ARDRIOSCA EILE AMHAIL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 42

Is iad seo a leanas na critéir atá le cur san áireamh maidir leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 42:

(1) 

maidir le plandaí le haghaidh plandú, seachas síolta:

(a) 

tugtar isteach chuig an Aontas iad i bhfoirm toir nó crainn de ghnáth nó tá siad i láthair ar chríoch an Aontais i bhfoirm den sórt sin nó tá siad gaolta go tacsanomaíoch le plandaí den sórt sin;

(b) 

bailítear sa dúiche fhiáin iad nó fástar ó phlandaí a bhailítear sa dúiche fhiáin iad;

(c) 

fástar lasmuigh iad nó fástar ó phlandaí a fhástar lasmuigh iad sna tríú tíortha, i ngrúpa de thríú tíortha nó i limistéir shonracha de na tríú tíortha lena mbaineann;

(d) 

is eol go mbíonn lotnaidí a óstáiltear go minic le fáil orthu ar eol go mbíonn tionchar ollmhór acu ar speicis phlandaí a bhfuil tábhacht ollmhór eacnamaíoch, shóisialta nó chomhshaoil acu do chríoch an Aontais;

(e) 

is eol go mbíonn lotnaidí orthu de ghnáth ach nach dtugann siad aon chomharthaí ná comharthaí sóirt maidir leis na lotnaidí sin, nó a bhfuil tréimhse folaigh acu chun na comharthaí nó na comharthaí sóirt sin a léiriú, rud a thugann le fios gur dóigh nach dtugtar faoi deara na lotnaidí seo le linn cigireachta nuair a thugtar isteach i gcríoch an Aontais iad;

(f) 

is plandaí ilbhliantúla iad a dhéantar a thrádáil go minic mar shean-phlandaí;

(2) 

maidir le plandaí, táirgí plandaí nó réada eile:

(a) 

is eol go mbíonn lotnaidí a óstáiltear go minic le fáil orthu ar eol go mbíonn tionchar ollmhór acu ar speicis phlandaí a bhfuil tábhacht ollmhór eacnamaíoch, shóisialta nó chomhshaoil acu do chríoch an Aontais agus go gcuireann siad bealaí suntasacha ar fáil do na lotnaidí sin;

(b) 

is eol go mbíonn lotnaidí orthu de ghnáth ach nach dtugann siad aon chomharthaí ná comharthaí sóirt maidir leis na lotnaidí sin, nó a bhfuil tréimhse folaigh acu chun na comharthaí nó na comharthaí sóirt sin a léiriú, rud a thugann le fios gur dóigh nach dtugtar faoi deara na lotnaidí seo le linn cigireachta nuair a thugtar isteach i gcríoch an Aontais iad agus go gcuireann siad bealaí suntasacha ar fáil do na lotnaidí sin;




IARSCRÍBHINN IV

EILIMINTÍ D'FHONN PLANDAÍ NÓ TÁIRGÍ PLANDAÍ A SHAINAITHINT AR DÓCHA GO MBEIDHRIOSCA NUA-AITHEANTA LOTNAIDE NÓ RIOSCA FÍTEASHLÁINTÍOCHTA AMHRASTA EILE AG ROINNT LEO DO CHRÍOCH AN AONTAIS, AMHAIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 49

Measfar gur dóigh go mbeidh riosca lotnaidí do chríoch an Aontais ag baint le plandaí nó táirgí plandaí ó thríú tíortha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), i gcás go gcomhlíonann na plandaí sin nó táirgí plandaí trí cinn de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad, ina n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a thugtar i bpointí (1)(a), (b) agus (c):

(1) 

Saintréithe na bplandaí nó na dtáirgí plandaí;

(a) 

is le géineas plandaí nó fine iad a mbíonn lotnaidí le fáil orthu a ndéantar a rialú de ghnáth mar lotnaidí coraintín i gcríoch an Aontais nó i dtríú tíortha, nó déantar iad a tháirgeadh ó ghéineas nó ó fhine dá leithéid;

(b) 

is le géineas plandaí nó fine iad nó déantar iad a tháirgeadh ó ghéineas plandaí nó fine ar eol go mbíonn lotnaidí a óstáiltear go minic le fáil orthu, ar eol go mbíonn tionchar ollmhór acu ar speicis phlandaí a fhástar i gcríoch an Aontais a bhfuil tábhacht ollmhór eacnamaíoch, shóisialta nó chomhshaoil acu do chríoch an Aontais;

(c) 

is le géineas plandaí nó fine iad, nó déantar iad a tháirgeadh ó ghéineas nó fine, ar a mbíonn lotnaidí de ghnáth ach nach dtugann siad aon chomharthaí agus comharthaí sóirt maidir leis na lotnaidí sin, nó a bhfuil tréimhse folaigh de thrí mhí ar a laghad acu chun na comharthaí nó na comharthaí sóirt sin a léiriú, rud a thugann le fios gur dóigh nach dtugtar faoi deara na lotnaidí seo ar na plandaí nó táirgí plandaí sin le linn rialuithe oifigiúla nuair a thugtar isteach i gcríoch an Aontais iad, gan dul in iontaoibh samplála agus tástála nó cur isteach ar nósanna imeachta coraintín;

(d) 

fástar lasmuigh iad nó fástar ó phlandaí a fhástar lasmuigh iad sna tríú tíortha tionscnaimh;

(e) 

Ní dhéantar iad a sheoladh i gcomhéadain nó i bpacáistíocht dúnta, nó fiú amháin nuair a sheoltar iad ar an gcaoi sin, mar gheall ar a méid, ní féidir na lastais a oscailt in áitreabh dúnta chun críocha rialuithe oifigiúla nuair a thugtar isteach i gcríoch an Aontais iad;

(2) 

Tionscnamh na bplandaí nó na dtáirgí plandaí;

(a) 

tá a mbunús i dtríú tír, nó gluaistear as tríú tír iad as a dtagann fógraí atriallacha maidir le hidircheapadh lotnaidí coraintín nach bhfuil liostaithe de bhun Airteagal 5(2);

(b) 

tá a mbunús i dtríú tír, nó gluaistear as tríú tír iad nach bhfuil ina pháirtí conarthach de IPPC.




IARSCRÍBHINN V

ÁBHAR NA NDEIMHNITHE FÍTEASHLÁINTÍOCHTA DO THABHAIRT ISTEACH I GCRÍOCH AN AONTAIS

CUID A

Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 76(1)

image

image

CUID B

Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 76(1)

image

image




IARSCRÍBHINN VI

CRITÉIR CHUN PLANDAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 73 A SHAINAITHINT, NACH GÁ DEIMHNIÚ FÍTEASHLÁINTÍOCHTA INA LEITH

Leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 73 tabharfar na critéir seo a leanas san áireamh:

(1) 

ní óstálann na plandaí lotnaidí coraintín de chuid an Aontais ná lotnaidí atá faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30, nó lotnaidí a óstáiltear go minic a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar speicis plandaí a fhásann san Aontas;

(2) 

léiríodh gur chomhlíon na plandaí na ceanglais is ábhartha don tríú tír nó do na tríú tíortha tionscnaimh chun iad a thabhairt isteach i gcríoch ábhartha an Aontais;

(3) 

níl aon nasc idir tásc ar ráig leis na plandaí lena mbaineann a thabhairt isteach ó thriú tír amháin nó níos mó ná sin, agus níl na plandaí sin faoi réir idircheapadh leanúnach lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí atá faoi réir na mbeart a ghlactar de bhun Airteagal 30 agus iad á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais.




IARSCRÍBHINN VII

PASANNA PLANDAÍ

CUID A

Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 83(2)

(1) Beidh na gnéithe seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais:

(a) 

na focail “Pas Plandaí” sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar barr, i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;

(b) 

bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar barr, priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán;

(c) 

an litir “A.”, á leanúint ag ainm luibheolaíoch na speiceas plandaí nó an tacsóin lena mbaineann, i gcás plandaí agus táirgí plandaí, nó, nuair is iomchuí, ainm an réada lena mbaineann, agus de rogha, ainm an chineáil;

(d) 

an litir “B.”, á leanúint ina dhiaidh sin ag an gcód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 67, don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir gairmiúil a d'eisigh an pas plandaí cláraithe, fleiscín agus uimhir chláraithe an oibreora ghairmiúil lena mbaineann a eisíonn an pas plandaí nó a n-eisíonn an t-údarás inniúil an pas plandaí ina leith;

(e) 

an litir “C.”, á leanúint ag cód inrianaitheachta an phlanda, an táirge planda nó an réada eile lena mbaineann;

(f) 

an litir “D.”, i gcás inarb infheidhme á leanúint ag an méid a leanas:

(i) 

ainm an tríú tír tionscnaimh, nó

(ii) 

cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 67, den Bhallstát tionscnaimh.

(2) Féadfar an cód inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe (1)(e) a fhorlíonadh freisin le tagairt do bharrachód uathúil inrianaitheachta, do holagram, do shlis nó d'iompróir eile sonraí, atá le feiceáil ar an aonad trádála.

CUID B

Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 83(2)

(1) Beidh na gnéithe seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht isteach i agus laistigh de chriosanna cosanta:

(a) 

na focail “Pas Plandaí — Crios Cosanta” sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar barr, i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;

(b) 

díreach faoi na focail sin, ainm(neacha) nó có(i)d eolaíoch(a) na lotnaide coraintín (na lotnaidí coraintín) faoi seach, ar lotnaid choraintín (lotnaidí coraintín) na gcriosanna cosanta í (iad), amhail dá dtagraítear in Airteagal 32(3);

(c) 

bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar barr, priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán;

(d) 

an litir “A.”, á leanúint ag ainm luibheolaíoch na speiceas plandaí nó an tacsóin lena mbaineann, i gcás plandaí agus táirgí plandaí, nó, nuair is iomchuí, ainm an réada lena mbaineann, agus de rogha, ainm an chineáil;

(e) 

an litir “B.”, á leanúint ina dhiaidh sin ag an gcód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 67, don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir gairmiúil a d'eisigh an pas plandaí cláraithe, fleiscín agus uimhir chláraithe an oibreora ghairmiúil lena mbaineann a eisíonn an pas plandaí nó a n-eisíonn an t-údarás inniúil an pas plandaí ina leith;

(f) 

an litir “C.”, á leanúint ag cód inrianaitheachta an phlanda, an táirge planda nó an réada eile lena mbaineann;

(g) 

an litir “D.”, nuair is iomchuí á leanúint ag an méid seo a leanas:

(i) 

ainm an tríú tír tionscnaimh, nó

(ii) 

cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 67, den Bhallstát tionscnaimh agus, i gcás ina ndéantar pas plandaí a athsholáthar, uimhir chláraithe an oibreora ghairmiúil lena mbaineann a d'eisigh an chéad phas plandaí nó ar eisigh an t-údarás inniúil an chéad phas plandaí ina leith dá dtagraítear in Airteagal 93(1) agus (2).

(2) Féadfar an cód inrianaitheachta dá dtagraítear i bpointe (1)(f) a fhorlíonadh freisin le tagairt do bharrachód uathúil inrianaitheachta, do holagram, do shlis nó d'iompróir eile sonraí, atá le feiceáil ar an aonad trádála.

CUID C

Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta le lipéad deimnithe, amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 83(5)

(1) Beidh na gnéithe seo a leanas i gceist leis an bpas plandaí do ghluaiseachtaí isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, i dteannta le comhlipéad leis an lipéad oifigiúil do shíolta nó d'ábhar eile iomadaithe dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 10(1) de Threoir 66/401/CEE, Airteagal 10(1) de Threoir 66/402/CEE, Airteagal 10(1) de Threoir 68/193/CEE, Airteagal 12 de Threoir 2002/54/CE, Airteagal 28(1) de Threoir 2002/55/CE, Airteagal 13(1) de Threoir 2002/56/CE, agus Airteagal 12(1) de Threoir 2002/57/CE, agus an lipéad d'ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) de Threoir 2008/90/CE:

(a) 

na focail “Pas Plandaí” sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an chomhlipéid, i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;

(b) 

bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar bharr an chomhlipéid priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán.

Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn, agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin.

(2) Beidh feidhm le pointe (2) de Chuid A dá réir sin.

CUID D

Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, i dteannta le lipéad deimhnithe, amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 83(5)

(1) Beidh na gnéithe seo a leanas i gceist leis an bpas plandaí do ghluaiseacht isteach i gcriosanna cosanta agus laistigh díobh, i dteannta le comhlipéad leis an lipéad oifigiúil do shíolta nó d'ábhar eile iomadaithe dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 10(1) de Threoir 66/401/CEE, Airteagal 10(1) de Threoir 66/402/CEE, Airteagal 10(1) de Threoir 68/193/CEE, Airteagal 12 de Threoir 2002/54/CE, Airteagal 28(1) de Threoir 2002/55/CE, Airteagal 13(1) de Threoir 2002/56/CE agus Airteagal 12(1) de Threoir 2002/57/CE, agus an lipéad d'ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) de Threoir 2008/90/CE:

(a) 

na focail “Pas Plandaí — Crios Cosanta” sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an chomhlipéid i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;

(b) 

díreach faoi na focail sin, ainm(neacha) nó có(i)d eolaíoch(a) lotnaid choraintín (lotnaidí coraintín) na gcriosanna cosanta lena mbaineann;

(c) 

bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar bharr an chomhlipéid priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán;

Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn, agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin, nó i gcás inarb iomchuí, leis an máistir-dheimhniú sin.

(2) Beidh feidhm ag pointe (2) de Chuid B de réir mar is cuí.




IARSCRÍBHINN VIII

INNEACHAR NA NDEIMHNITHE FÍTEASHLÁINTÍOCHTA LE HAGHAIDH ONNMHAIRIÚ, ATHONNMHAIRIÚ AGUS RÉAMHONNMHAIRIÚ AMHAIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 100(3), IN AIRTEAGAL 101(4) AGUS IN AIRTEAGAL 102(6)

CUID A

Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 100(3)

(1) Beidh na gnéithe seo a leanas sa deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh gluaiseacht amach as críoch an Aontais, chun críche onnmhairiú chuig tríú tír:

(a) 

na focail “Deimhniú fíteashláintíochta”, á leanúint ina dhiaidh sin ag:

(i) 

na litreacha “AE”;

(ii) 

an cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 67, don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir gairmiúil atá ag iarraidh an deimhniú fíteashláintíochta a eisiúint le haghaidh onnmhairiú cláraithe;

(iii) 

slais;

(iv) 

cód uathúil aitheantais don deimhniú, ina bhfuil uimhreacha nó meascán litreacha agus uimhreacha, agus, i gcás inarb infheidhme, cúige agus dúiche an Bhallstáit ina n-eisítear an deimhniú á léiriú leis na litreacha;

(b) 

na focail “Ainm agus seoladh an onnmhaireora”, á leanúint ag ainm agus seoladh an oibreora chláraithe, nó an duine phríobháidigh, ag iarraidh go n-eiseofaí an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú;

(c) 

na focail “Ainm dearbhaithe agus seoladh dearbhaithe an choinsíní”, á leanúint ag ainm dearbhaithe agus ag seoladh dearbhaithe an choinsíní;

(d) 

na focail “Eagraíocht Cosanta Plandaí de chuid”, á leanúint ag ainm an Bhallstáit ina n-eisíonn an eagraíocht cosanta plandaí an deimhniú, agus ina dhiaidh sin arís na focail “chuig an Eagraíocht/chuig na hEagraíochtaí Cosanta Plandaí de chuid”, á leanúint ag ainm na tíre cinn scríbe nó, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha na dtíortha cinn scríbe;

(e) 

na focail “Áit tionscnaimh”, á leanúint ag áit tionscnaimh nó ag áiteanna tionscnaimh na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile a áirítear sa choinsíneacht a n-eisítear an deimhniú ina leith. I ngach cás, ba cheart ainm na tíre tionscnaimh nó ainmneacha na dtíortha tionscnaimh a shonrú;

(f) 

bosca nach bhfuil uimhir leis, fágtar bán do lógó an Aontais é. De rogha, féadfar lógónna oifigiúla eile a chur san áireamh;

(g) 

na focail “Modhanna dearbhaithe iompair”, á leanúint ag modhanna dearbhaithe iompair na coinsíneachta sin;

(h) 

na focail “Pointe dearbhaithe iontrála”, á leanúint ag pointe dearbhaithe iontrála isteach i dtír chinn scríbe na coinsíneachta sin;

(i) 

na focail “Marcanna idirdhealaithe; líon na bpacáistí agus cur síos ina leith; ainm an táirge; ainm luibheolaíoch na bplandaí”, á leanúint ag cur síos ar an gcoinsíneacht, lena n-áireofar ainm luibheolaíoch na bplandaí nó ainm an táirge, marcanna idirdhealaithe agus líon agus cineál na bpacáistí atá sa choinsíneacht;

(j) 

na focail “Cainníocht dhearbhaithe”, á leanúint ag cainníocht na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile atá sa choinsíneacht sin, a shloinnfear mar líon nó mar mheáchan;

(k) 

na focail “Deimhnítear leis seo go ndearnadh cigireacht agus/nó tástáil ar na plandaí, táirgí plandaí nó ar réada rialaithe eile a bhfuil cur síos orthu anseo de réir na nósanna imeachtaí oifigiúla cuí agus go meastar iad a bheith saor ó na lotnaidí coraintín arna sonrú ag an bpáirtí conarthach allmhairithe agus gur chloígh siad le ceanglais fíteashláintíochta reatha an pháirtí chonarthaigh allmhairithe, lena n-áirítear na ceanglais le haghaidh lotnaidí neamhchoraintín rialáilte”. De rogha, is féidir an clásal seo a leanas a chur isteach: “Meastar go bhfuil siad saor a bheag nó a mhór ó lotnaidí eile.”;

(l) 

na focail “Dearbhú breise”, á leanúint ag an dearbhú breise dá dtagraítear in Airteagal 71(2) agus an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 71(3) agus, de rogha, aon fhaisnéis bhreise fhíteashláintíochta a bhaineann leis an gcoinsíneacht. I gcás nach mbeidh go leor spáis don dearbhú breise ina iomláine, féadfar ceangaltán a chur leis. Níor cheart ach an méid a éilítear sa deimhniú fíteashláintíochta a bheith san fhaisnéis sa cheangaltán. Ba cheart d'uimhir an deimhnithe fíteashláintíochta agus an dáta a bheith ar gach leathanach sa cheangaltán, agus ba cheart iad a shíniú agus a stampáil ar an tslí chéanna a éilítear leis an deimhniú fíteashláintíochta. Ba cheart tagairt d'aon cheangaltáin sa roinn iomchuí a dhéanamh leis an deimhniú fíteashláintíochta;

(m) 

na focail “Cóireáil dí-inmhíolaithe agus/nó cóireáil dífhabhtaithe”;

(n) 

an focal “Cóireáil”, á leanúint ag an gcóireáil a cuireadh i bhfeidhm ar an gcoinsíneacht sin;

(o) 

na focail “Ceimiceán (comhábhar gníomhach)”, á leanúint ag comhábhar gníomhach an cheimiceáin a úsáidtear le haghaidh na cóireála dá dtagraítear i bpointe (n);

(p) 

na focail “Fad agus teocht”, á leanúint ag fad agus, i gcás inarb infheidhme, ag teocht na cóireála sin;

(q) 

an focal “Tiúchan”, á leanúint ag tiúchan an cheimiceáin sin a sroicheadh le linn na cóireála sin;

(r) 

an focal “Dáta”, á leanúint ag an dáta ar cuireadh an chóireáil sin i bhfeidhm;

(s) 

an focal “Faisnéis bhreise”, á leanúint ag aon fhaisnéis bhreise is mian leis an údarás inniúil a áireamh sa deimhniú;

(t) 

na focail “Áit eisiúna”, á leanúint ag áit eisiúna an deimhnithe fíteashláintíochta;

(u) 

an focal “Dáta”, á leanúint ag dáta eisiúna an deimhnithe fíteashláintíochta;

(v) 

na focail “Ainm agus síniú an oifigigh údaraithe”, á leanúint ag ainm agus ag síniú an oifigigh a eisíonn agus a shíníonn an deimhniú fíteashláintíochta;

(w) 

na focail “Stampa na heagraíochta”, á leanúint ag stampa oifigiúil an údaráis inniúil a eisíonn an deimhniú fíteashláintíochta; agus

(x) 

de rogha, féadfar an abairt “Ní bheidh (ainm na hEagraíochta Cosanta Plandaí) ná aon duine dá hoifigigh ná dá hionadaithe faoi dhliteanas airgeadais” a chur leis an deimhniú faoin gcreat.

2. I gcás nach n-eiseofar an deimhniú fíteashláinitíochta go leictreonach, beidh mar shíniú ar an bpáipéar a úsáidtear comhartha uisce, séala cabhartha nó lógó cabhartha a chinnfidh an t-údarás inniúil. Dath glas a bheidh ar an téacs réamhphriontáilte, cé is moite d'uimhir an bhundeimhnithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) de mhír 1, a bhféadfaidh dath eile a bheith air.

image

image

CUID B

Deimhnithe fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 101(4)

(1) Beidh na gnéithe seo a leanas sa deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh gluaiseacht amach as críoch an Aontais, chun críche athonnmhairiú chuig tríú tír:

(a) 

na focail “Deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú”, á leanúint ina dhiaidh sin ag:

(i) 

na litreacha “AE”;

(ii) 

an cód dhá-litir, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 67, don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir gairmiúil atá ag iarraidh an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú a eisiúint cláraithe;

(iii) 

slais; agus

(iv) 

cód uathúil aitheantais don deimhniú, ina bhfuil uimhreacha nó meascán litreacha agus uimhreacha, agus, i gcás inarb infheidhme, cúige agus dúiche an Bhallstáit ina n-eisítear an deimhniú á léiriú leis na litreacha;

(b) 

na focail “Ainm agus seoladh an onnmhaireora”, á leanúint ag ainm agus ag seoladh an oibreora chláraithe atá ag iarraidh go n-eiseofar an deimhniú fíteashláintíochta le haghaidh athonnmhairiú;

(c) 

na focail “Ainm dearbhaithe agus seoladh dearbhaithe an choinsíní”, á leanúint ag ainm dearbhaithe agus ag seoladh dearbhaithe an choinsíní;

(d) 

na focail “Eagraíocht Cosanta Plandaí de chuid”, á leanúint ag ainm an Bhallstáit ina n-eisíonn an eagraíocht cosanta plandaí an deimhniú, agus ina dhiaidh sin arís na focail “chuig an Eagraíocht/chuig na hEagraíochtaí Cosanta Plandaí de chuid”, á leanúint ag ainm na tíre cinn scríbe nó, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha na dtíortha cinn scríbe;

(e) 

na focail “Áit tionscnaimh”, á leanúint ag áit tionscnaimh nó ag áiteanna tionscnaimh na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile a áirítear sa choinsíneacht a n-eisítear an deimhniú ina leith. I ngach cás, ba cheart ainm na tíre tionscnaimh nó ainmneacha na dtíortha tionscnaimh a shonrú;

(f) 

bosca nach bhfuil uimhir leis, fágtar bán do lógó an Aontais é. De rogha, féadfar lógónna oifigiúla eile a chur san áireamh;

(g) 

na focail “Modhanna dearbhaithe iompair”, á leanúint ag modhanna dearbhaithe iompair na coinsíneachta sin;

(h) 

na focail “Pointe dearbhaithe iontrála”, á leanúint ag pointe dearbhaithe iontrála isteach i dtír chinn scríbe na coinsíneachta sin;

(i) 

na focail “Marcanna idirdhealaithe; líon na bpacáistí agus cur síos ina leith; ainm an táirge; ainm luibheolaíoch na bplandaí”, á leanúint ag cur síos ar an gcoinsíneacht, lena n-áireofar ainm luibheolaíoch na bplandaí nó ainm an táirge, marcanna idirdhealaithe agus líon agus cineál na bpacáistí atá sa choinsíneacht;

(j) 

na focail “Cainníocht dhearbhaithe”, á leanúint ag cainníocht na bplandaí, na dtáirgí plandaí nó na réad eile atá sa choinsíneacht sin, a shloinnfear mar líon nó mar mheáchan;

(k) 

an téacs seo a leanas:

“Deimhnítear leis seo

— 
go ndearnadh na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada rialaithe eile a ndéantar cur síos orthu thuas a allmhairiú isteach go …(tír chonarthach/páirtí conarthach an athonnmhairithe) ó …(tír thionscnaimh/páirtí conarthach tionscnaimh) arna gcumhdach le deimhniú fíteashláintíochta Uimh. …
□an fhíorchóip bhunaidh □dheimhnithe atá i gceangal leis an deimhniú seo,
— 
go ndearnadh iad a phacáil a athphacáil i gcoimeádáin nua bhunaidh,
— 
bunaithe ar an
□mbundheimhniú fíteashláintíochta agus ar
□chigireacht bhreise,
go meastar go gcloíonn siad le ceanglais reatha fíteashláintíochta na tíre allmhairithe/an pháirtí chonarthaigh allmhairithe, agus
— 
nach raibh an choinsíneacht faoi réir an riosca a bhaineann le hinmhíolú nó le hionfhabhtú fad agus a bhí sí á stóráil i …( páirtí conarthach an athonnmhairithe).”

téacs ina gcuirfear isteach an fhaisnéis is gá agus ina gcuirfear tic sna boscaí is infheidhme;

(l) 

na focail “Dearbhú breise”, á leanúint ag an dearbhú breise dá dtagraítear in Airteagal 71(2) agus an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 71(3) agus, de rogha, aon fhaisnéis bhreise fíteashláintíochta a bhaineann leis an gcoinsíneacht. I gcás nach mbeidh go leor spáis don dearbhú breise ina iomláine, féadfar ceangaltán a chur leis. Níor cheart ach an méid a éilítear sa deimhniú fíteashláintíochta a bheith san fhaisnéis sa cheangaltán. Ba cheart d'uimhir an deimhnithe fíteashláintíochta agus an dáta a bheith ar gach leathanach sa cheangaltán, agus ba cheart iad a shíniú agus a stampáil ar an tslí chéanna a éilítear leis an deimhniú fíteashláintíochta. Ba cheart tagairt d'aon cheangaltáin sa roinn iomchuí a dhéanamh leis an deimhniú fíteashláintíochta;

(m) 

na focail “Cóireáil dí-inmhíolaithe agus/nó cóireáil dífhabhtaithe”;

(n) 

an focal “Cóireáil”, á leanúint ag an gcóireáil a cuireadh i bhfeidhm ar an gcoinsíneacht sin;

(o) 

na focail “Ceimiceán (comhábhar gníomhach)”, á leanúint ag comhábhar gníomhach an cheimiceáin a úsáidtear le haghaidh na cóireála dá dtagraítear i bpointe (n);

(p) 

na focail “Fad agus teocht”, á leanúint ag fad agus, i gcás inarb infheidhme, ag teocht na cóireála sin;

(q) 

an focal “Tiúchan”, á leanúint ag tiúchan an cheimiceáin sin a sroicheadh le linn na cóireála sin;

(r) 

an focal “Dáta”, á leanúint ag an dáta ar cuireadh an chóireáil sin i bhfeidhm;

(s) 

an focal “Faisnéis bhreise”, á leanúint ag aon fhaisnéis bhreise is mian leis an údarás inniúil a áireamh sa deimhniú;

(t) 

na focail “Áit eisiúna”, á leanúint ag áit eisiúna an deimhnithe fíteashláintíochta;

(u) 

an focal “Dáta”, á leanúint ag dáta eisiúna an deimhnithe fíteashláintíochta;

(v) 

na focail “Ainm agus síniú an oifigigh údaraithe”, á leanúint ag ainm agus ag síniú an oifigigh a eisíonn agus a shíníonn an deimhniú fíteashláintíochta;

(w) 

na focail “Stampa na heagraíochta”, á leanúint ag stampa oifigiúil an údaráis inniúil a eisíonn an deimhniú fíteashláintíochta; agus

(x) 

de rogha, féadfar an abairt “Ní bheidh (ainm na hEagraíochta Cosanta Plandaí) ná aon duine dá hoifigigh ná dá hionadaithe faoi dhliteanas airgeadais” a chur leis an deimhniú faoin gcreat.

2. I gcás nach n-eiseofar an deimhniú fíteashláinitíochta go leictreonach, beidh mar shíniú ar an bpáipéar a úsáidtear comhartha uisce, séala cabhartha nó lógó cabhartha a chinnfidh an t-údarás inniúil. Dath donn a bheidh ar an téacs réamhphriontáilte, cé is moite d'uimhir an bhundeimhnithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) de mhír 1, a bhféadfaidh dath eile a bheith air.

image

image

CUID C

Deimhnithe réamhonnmhairithe amhail dá dtagraítear in airteagal 102(6)

image

►(1) C2  

image




IARSCRÍBHINN IX

TÁBLA COMHGHAOIL



Treoir 69/464/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 28(1)

Airteagal 2

Airteagal 28(1)(e)

Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5

Airteagal 28(1)(d)

Airteagal 6

Airteagal 28(1)(f)

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal

Airteagal 31(1)

Airteagail 10 agus Airteagal 11

Airteagal 28(1)(d)

Airteagail 12 agus Airteagal 13



Treoir 93/85/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 28(1)

Airteagal 2

Airteagal 28(1)(g)

Airteagal 3

Airteagal 14(1) agus Airteagal 15(1)

Airteagail 4 go 8

Airteagal 28(1)(a) go (d)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 8

Airteagal 11

Airteagal 31

Airteagal 12

Airteagal 28(1)

Airteagail 13 go 15

Iarscríbhínn I go V

Airteagal 28(1)



Treoir 98/57/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 28(1)

Airteagal 2

Airteagal 28(1)(g)

Airteagal 3

Airteagal 14(1) go 15(1)

Airteagal 4 go 7

Airteagal 28(1)(a) go (c)

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 31

Airteagal 11

Airteagal 28(1)

Airteagail 12 go 14

Iarscríbhinn I go VII

Airteagal 28(1)



Treoir 2007/33/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 28(1)

Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 28(1) agus (2)

Airteagail 4 go 8

Airteagal 28(1)(g)

Airteagail 9 go 13

Airteagal 28(1) agus (2)

Airteagal 14

Airteagal 8

Airteagal 15

Airteagal 31

Airteagal 16

Airteagal 28(1)

Airteagal 17

Airteagal 107

Airteagail 18 go 20

Iarscríbhinn I go IV

Airteagal 28(1)



Treoir 2000/29/CÉ ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

— (*1)

Airteagal 1(5) agus (6)

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2(1)(b)

Airteagal 2, pointe (2), an chéad fhomhír

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 2(1)(e)

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 2(1)(f)

Airteagal 78

Airteagal 2(1)(g)

— (*1)

Airteagal 2(1)(h)

Airteagail 32 go 35

Airteagal 2(1)(i), an chéad fhomhír

Airteagal 76 (*1)

Airteagal 2(1)(i), an dara agus agus an tríú fomhír

— (*1)

Airteagal 2(1)(j) go (n)

— (*1)

Airteagal 2(1)(o)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 2(1)(p), (q) and (r)

— (*1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2, pointe (2), an dara fomhír

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 5(1), Airteagal 37(1) agus Airteagal 41(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 5(1) agus Airteagal 37(1)

Airteagal 3(5)

Airteagal 32(2) agus Airteagal 54(1)

Airteagal 3(6)

Airteagal 5(2) agus Airteagal 32(3)

Airteagal 3(7)

Airteagal 5(2) agus Airteagal (3), Airteagal 28(1) agus Airteagal 37(2)

Airteagal 3(8) agus Airteagal (9)

Airteagail 8, Airteagal 39, Airteagal 48 and Airteagal 58

Airteagal 4(1)

Airteagal 40(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 53(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 8, Airteagal 48 and Airteagal 58

Airteagal 4(6)

Airteagal 46

Airteagal 5(1)

Airteagal 40(1) agus 41(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 53(1)

Airteagal 5(3)

Airteagal 40(3) agus Airteagal 53(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 41(1) agus Airteagal 75

Airteagal 5(5)

Airteagail 8, 48 agus 58

Airteagal 5(6)

Airteagal 46

Airteagal 6(1) go (4)

Airteagal 87(1), Airteagal (2) agus Airteagal (3)

Airteagal 6(5), an chéad agus an dara fomhír

Airteagal 87(1), Airteagal (2) agus Airteagal (3)

Airteagal 6(5), an tríú fhomhír

Airteagal 65 agus Airteagal 68

Airteagal 6(5), an ceathrú fhomhír

Airteagal 9(3)

Airteagal 6(5), an cúigiú fhomhír

Airteagal 81

Airteagal 6(6)

Airteagal 65 agus Airteagal 69

Airteagal 6(7)

Airteagal 81

Airteagal 6(8), an chéad fhleasc

Airteagal 6(8), an dara fleasc

Airteagal 57

Airteagal 6(8), an tríú fleasc

Airteagal 87(4)

Airteagal 6(8), an ceathrú fleasc

Airteagal 66, Airteagal 69 agus Airteagal 90

Airteagal 6(8), an cúigiú fleasc

Airteagal 6(8), an séú fleasc

Airteagal 81

Airteagal 6(9)

Airteagal 66

Airteagal 10(1)

Airteagal 78, Airteagal 83(5), Airteagal 85, Airteagal 86 agus Airteagal 87

Airteagal 10(2)

Airteagal 79, Airteagal 80 and Airteagal 81

Airteagal 10(3)

Airteagal 93

Airteagal 10(4), an chéad fhleasc

Airteagal 83(7) agus (8)

Airteagal 10(4), an dara, an tríú agus an ceathrú fleasc

Airteagal 11(1)

Airteagal 87(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

— (*1)

Airteagal 11(4)

Airteagal 92(2) agus (3)

Airteagal 11(5)

Airteagal 92(2) agus (3)

Airteagal 12(1)

— (*1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 69(4), Airteagal 93(5) agus Airteagal 95(3) (*1)

Airteagal 12(3)

— (*1)

Airteagal 12(4)

Airteagal 41(4) agus Airteagal 95(5) (*1)

Airteagal 13(1) agus (2)

Airteagal 76(5) (*1)

Airteagal 13(3) agus (4)

— (*1)

Airteagal 13a(1) agus (2)

— (*1)

Airteagal 13a(3)

Airteagal 76 (*1)

Airteagal 13a(4)

Airteagal 76 (*1)

Airteagal 13a(5)

— (*1)

Airteagal 13b

— (*1)

Airteagal 13c(1)(a)

— (*1)

Airteagal 13c(1)(b)

Airteagal 65 (*1)

Airteagal 13c(1)(c)

— (*1)

Airteagal 13c(2) go (4)

— (*1)

Airteagal 13c(6)

Airteagal 94 (*1)

Airteagal 13c(7)

Airteagal 77 (*1))

Airteagal 13c(8)

Airteagal 40(4), Airteagal 41(4), Airteagal 53(4), Airteagal 54(4) agus Airteagal 103 (*1)

Airteagal 13d

— (*1)

Airteagal 13e

Airteagal 100 agus Airteagal 101

Airteagal 14

Airteagal 5(3) agus (4), Airteagal 32(3), Airteagal 37(2) agus (3), 40(2), 41(2), 53(3), 54(3), 72(2) agus (3), Airteagal 74(2) agus (3), Airteagal 79(2) agus (3) agus Airteagal 80(2) agus (3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 41(3), an chéad fhomhír

Airteagal 15(2)

Airteagal (3), an dara fomhír

Airteagal 15(3)

Airteagal 71(3)

Airteagal 15(4)

Airteagal 16(1)

Airteagal 9(1) and (2) agus Airteagal 17

Airteagal 16(2), an chéad fhomhír

Airteagal 29

Airteagal 16(2), an dara agus an tríu fhomhír

Airteagal 13

Airteagal 16(2), an ceathrú fhomhír

Airteagal 16(3)

Airteagal 30

Airteagal 16(4)

Airteagal 28(1), Airteagal 30(1) agus Airteagal 49(1)

Airteagal 16(5)

Airteagal 28(6), Airteagal 30(7) agus Airteagal 49(4)

Airteagal 18

Airteagal 107

Airteagal 20

Airteagal 21(1) go (5)

— (*1)

Airteagal 21(6)

Airteagal 103

Airteagal 21(7) agus (8)

Airteagal 27

Airteagal 27a

— (*1)

Airteagal 28 agus 29

Iarscríbhinn I, Cuid A

Airteagal 5(2)

Iarscríbhinn I, Cuid B

Airteagal 32(3)

Iarscríbhinn II, Cuid A, Roinn I

Airteagal (2)

Iarscríbhinn II, Cuid A, Roinn II

Airteagal (2)

Iarscríbhinn II, Cuid B

Airteagal 32(3)

Iarscríbhinn III, Cuid A

Airteagal 40(2)

Iarscríbhinn III, Cuid B

Airteagal 53(2)

Iarscríbhinn IV, Cuid A

Airteagal 41(2)

Iarscríbhinn IV, Cuid B

Airteagal 54(2)

Iarscríbhinn V, Cuid A, Pointe I

Airteagal 79(1)

Iarscríbhinn V, Cuid A, Pointe II

Airteagal 80(1)

Iarscríbhinn V, Cuid B, Pointe I

Airteagal 72

Iarscríbhinn V, Cuid B, Pointe II

Airteagal 74

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VIIIa

— (*1)

Iarscríbhinn IX

(*1)   

Féach Airteagal 109(1).



( 1 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ó gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ ).

( 2 ) Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha (IO L 226, 13.8.1998, lch. 16).

( 3 ) Treoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú (IO L 11, 15.1.2000, lch. 17).

( 4 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 faoin ainmníocht taraife agus staitistiúil agus faoin Taraif Chustaim Choiteann (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

( 5 ) ISO 3166-1:2006, Cóid chun ainmneacha tíortha agus a bhfo-rannáin a léiriú — Cuid 1: Cóid tíre. Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán, an Ghinéiv.

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/EEC ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).”.

( *2 ) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4)”

( *3 ) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí., lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).”

( 10 ) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

( 11 ) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

Top