EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02016R0589-20190731

Consolidated text: Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/2019-07-31

02016R0589 — GA — 31.07.2019 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/589 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Aibreán 2016

maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 107 22.4.2016, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/1149 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 186

21

11.7.2019




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/589 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Aibreán 2016

maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear creat don chomhar leis an Rialachán seo chun go n-éascófar saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45 CFAE, trí phrionsabail agus rialacha a leagan síos maidir leis an méid a leanas:

▼M1

(a) eagrú líonra EURES idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit;

(b) comhar idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit faoi na sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna a roinnt;

▼B

(c) bearta ó na Ballstáit agus bearta a dhéantar eatarthu chun cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t-éileamh i margadh an tsaothair, d'fhonn leibhéal ard fostaíochta ar ardchaighdeán a bhaint amach;

(d) feidhmiú líonra EURES, lena n-áirítear comhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus rannpháirtíocht gníomhaithe eile;

(e) na seirbhísí tacaíochta don tsoghluaisteacht a bhaineann le feidhmiú líonra EURES atá le cur ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí, trína ndéanfar freisin an tsoghluaisteacht a chur chun cinn ar bhonn cothrom;

▼M1

(f) cur chun cinn líonra EURES ar leibhéal an Aontais trí bhearta éifeachtacha cumarsáide arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag an Údarás Eorpach Saothair agus ag na Ballstáit.

▼B

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit agus le saoránaigh an Aontais, ach sin gan dochar d'Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “seirbhísí poiblí fostaíochta” nó “SPFanna” eagraíochtaí na mBallstát, agus iad mar chuid d'aireachtaí ábhartha, de chomhlachtaí poiblí nó de chorparáidí a thagann faoin dlí poiblí, atá freagrach as beartais ghníomhacha i ndáil le margadh an tsaothair a chur chun feidhme agus as seirbhísí fostaíochta ar ardchaighdeán a chur ar fáil chun leas an phobail;

(2) ciallaíonn “seirbhísí fostaíochta” eintiteas dlíthiúil atá ag oibriú go dleathach i mBallstát, a chuireann seirbhísí ar fáil d'oibrithe a bhfuil fostaíocht á lorg acu agus d'fhostóirí atá ag iarraidh oibrithe a earcú;

(3) ciallaíonn “folúntas” tairiscint ar fhostaíocht lena gceadófaí don iarratasóir a n-éireodh leis dul i mbun caidreamh fostaíochta lena gcáileofaí an t-iarratasóir sin mar oibrí chun críoch Airteagal 45 CFAE;

(4) ciallaíonn “imréiteach” an malartú faisnéise agus an phróiseáil ar fholúntais, iarratais ar phost agus CVanna;

(5) ciallaíonn “ardán coiteann TF” an bonneagar TF agus ardáin lena mbaineann a bhunaítear ar leibhéal an Aontais chun críche trédhearcacht agus imréiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(6) ciallaíonn “oibrí teorann” oibrí a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát agus atá ag cur faoi i mBallstát eile a bhfilleann an t-oibrí sin air gach lá nó uair sa tseachtain ar a laghad de ghnáth.

(7) ciallaíonn “comhpháirtíocht trasteorann EURES” grúpáil Comhaltaí nó Comhpháirtithe EURES agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí eile lasmuigh de líonra EURES, agus arb é is cuspóir léi comhar fadtéarmach a dhéanamh i struchtúir réigiúnacha; déantar comhpháirtíochtaí trasteorann de chuid EURES a bhunú i réigiúin trasteorann idir na dreamanna seo a leanas: na seirbhísí fostaíochta ar an leibhéal réigiúnach, áitiúil agus, i gcás inarb iomchuí, náisiúnta; na comhpháirtithe sóisialta; agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile, de chuid dhá Bhallstát ar a laghad nó de chuid Ballstáit agus tír eile atá rannpháirteach in ionstraimí an Aontais atá dírithe ar thacú le líonra EURES;

▼M1

(8) ciallaíonn “an tÚdarás Eorpach Saothair” an comhlacht arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).

▼B

Airteagal 4

Inrochtaineacht

1.  Beidh na seirbhísí faoin Rialachán seo ar fáil do na hoibrithe agus fostóirí uile ar fud an Aontais, agus urramófar prionsabal na córa comhionainne.

▼M1

2.  Áireofar an inrochtaineacht ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar thairseach EURES agus ar na seirbhísí tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta do dhaoine atá faoi mhíchumas. Cinnfidh an Coimisiún, an Oifig Eorpach Comhordúcháin agus Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES na modhanna chun é sin a áirithiú maidir lena n-oibleagáidí faoi seach.

▼B



CAIBIDIL II

AN LÍONRA EURES A ATHBHUNÚ

Airteagal 5

Athbhunú líonra EURES

1.  Athbhunaítear, leis seo, líonra EURES.

2.  Cuirtear an Rialachán seo in ionad an chreata rialála maidir le EURES mar a leagtar amach é i gCaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún a ghlactar ar bhonn Airteagal 38 den Rialachán sin.

Airteagal 6

Cuspóirí líonra EURES

Faoi chuimsiú a réimse gníomhaíochtaí, cuideoidh líonra EURES i ndáil leis na cuspóirí a leanas:

(a) cabhrú le feidhmiú na gceart a bhronntar le hAirteagal 45 CFAE agus le Rialachán (AE) Uimh. 492/2011;

(b) cur chun feidhme na straitéise comhordaithe don fhostaíocht agus, go háirithe, ar mhaithe le fórsa saothair sciliúil oilte agus solúbtha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 145 CFAE, a chur chun cinn;

(c) feidhmiú, comhtháthú agus teacht le chéile na margaí saothair san Aontas, lena n-áirítear ar leibhéal trasteorann;

(d) soghluaisteacht dheonach ó thaobh geografaíochta agus gairme de a chur chun cinn san Aontas, lena n-áirítear i réigiúin trasteorann, ar bhonn cothrom agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta;

(e) tacú leis an aistriú isteach i margadh an tsaothair, lena gcuirfí leis an obair i ndáil leis na cuspóirí sóisialta agus fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 CAE.

Airteagal 7

Comhdhéanamh líonra EURES

1.  Beidh líonra EURES comhdhéanta de na catagóirí eagraíochtaí seo a leanas:

▼M1

(a) Oifig Eorpach Comhordúcháin a bhunófar laistigh den Údarás Eorpach Saothair agus a bheidh freagrach as cúnamh a thabhairt do líonra EURES a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích;

▼B

(b) Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin (ONCanna) a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa Bhallstát sin, a ainmneoidh an Ballstát agus a bhféadfadh gurb ionann iad agus a SPF;

(c) comhaltaí EURES, eadhon:

(i) SPFanna faoi mar a cheapann na Ballstáit iad i gcomhréir le hAirteagal 10; agus

(ii) na heagraíochtaí a ligtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, nó ar feadh idirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 40, le tacaíocht a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, do sheirbhísí imréitigh agus tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí;

(d) comhpháirtíochtaí EURES ar eagraíochtaí iad a ligtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, agus go háirithe le mír (2) agus le mír (4) de, nó ar feadh idirthréimhse, i gcomhréir le hAirteagal 40, le tacaíocht a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, do sheirbhísí imréitigh nó tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí;

▼M1

(e) an Coimisiún.

▼B

2.  Féadfaidh eagraíochtaí de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta bheith i líonra EURES mar Chomhaltaí nó mar Chomhpháirtithe de chuid EURES i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 8

Freagrachtaí na hOifige Eorpaí Comhordúcháin

1.   ►M1  Tabharfaidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin cúnamh do líonra EURES agus a ghníomhaíochtaí á gcomhlíonadh aige, go háirithe, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a fhorbairt agus a sheoladh, i ndlúthchomhar leis na hoifigí náisiúnta comhordúcháin (ONCanna) agus leis an gCoimisiún: ◄

(a) creat comhleanúnach a fhoirmliú agus gníomhaíochtaí cothrománacha tacaíochta a sholáthar chun leas líonra EURES, lena n-áirítear:

▼M1

(i) mar úinéir an chórais i gcás thairseach EURES agus seirbhísí TF gaolmhara, riachtanais úsáideoirí agus ceanglais ghnó a shainiú a bheidh le tarchur chuig an gCoimisiún chun an tairseach a oibriú agus a fhorbairt, lena n-áirítear a chórais agus a nósanna imeachta chun malartú a dhéanamh ar fholúntais, ar iarratais ar phoist, ar CVanna agus ar dhoiciméid tacaíochta agus ar fhaisnéis eile, i gcomhar le seirbhísí nó líonraí faisnéise agus comhairleacha agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais;

▼B

(ii) gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le líonra EURES;

(iii) clár coitianta oiliúna agus forbairt ghairmiúil leantach d'fhoireann Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES agus d'fhoireann ONCanna, lena n-áirítear an saineolas riachtanach;

(iv) feidhm deisce cabhrach chun tacú le foireann Chomhaltaí agus Chomhpháirtíochtaí EURES agus na ONCanna, go háirithe an fhoireann a bhfuil teagmháil dhíreach acu le hoibrithe agus fostóirí;

(v) líonrú, malartú dea-chleachtais agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú laistigh de líonra EURES;

(b) anailís a dhéanamh ar an tsoghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil, agus na cúinsí éagsúla sna Ballstáit á gcur san áireamh;

(c) struchtúr oiriúnach don chomhar agus don imréiteach a fhorbairt laistigh den Aontas maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

▼M1

2.  Is é an tÚdarás Eorpach Saothair a dhéanfaidh bainistiú ar an Oifig Eorpach Comhordúcháin. Beidh idirphlé rialta ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin le hionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais.

3.  Dréachtóidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus leis an gCoimisiún, a cláir ilbhliantúla oibre.

▼B

Airteagal 9

Freagrachtaí na ONCanna

1.  Ainmneoidh na Ballstáit na ONCanna i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7(1)). Cuirfidh na Ballstáit an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas faoi na hainmniúcháin sin.

2.  Beidh gach ONC freagrach as an méid seo a leanas:

(a) obair a bhaineann le líonra EURES sa Bhallstát a eagrú, lena n-áirítear aistriú comhordaithe faisnéise faoi fholúntais, faoi iarratais ar phoist agus faoi CVanna chuig tairseach faisnéise EURES a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17, trí aon chainéal comhordaithe amháin;

▼M1

(b) comhar leis an gCoimisiún, leis an Údarás Eorpach Saothair agus leis na Ballstáit maidir leis an imréiteach laistigh den chreat a leagtar amach i gCaibidil III;

▼B

(c) aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le neamhréireachtaí idir líon na bhfolúntas a fhógraítear agus líon iomlán na bhfolúntas ar an leibhéal náisiúnta, a chur faoi bhráid na hOifige Eorpaí Comhordúcháin;

(d) na bearta a chomhordú laistigh den Bhallstát lena mbaineann agus in éineacht le Ballstáit eile i gcomhréir le Caibidil V.

3.  Eagróidh gach ONC cur chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, na ngníomhaíochtaí cothrománacha tacaíochta a chuireann an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar fáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin agus le ONCanna eile. Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna gníomhaíochta cothrománacha tacaíochta sin:

(a) chun críche foilsithe, go háirithe ar thairseach EURES, bailiú agus fíorú na faisnéise nuashonraithe maidir le Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES atá ag oibriú ar chríoch náisiúnta ONC, a gcuid gníomhaíochtaí agus raon feidhme na seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn siad d'oibrithe agus d'fhostóirí;

(b) soláthar na ngníomhaíochtaí réamhoiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí EURES agus roghnú na foirne a bheidh rannpháirteach sa chlár coiteann oiliúna agus i ngníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha;

(c) bailiú agus anailís na sonraí a bhaineann le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 32.

4.  Chun críche foilsithe, go háirithe ar thairseach EURES, déanann gach ONC, chun tairbhe oibrithe agus fostóirí, an fhaisnéis agus an treoir atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta a chur ar fáil, a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a scaipeadh go tráthúil maidir leis an gcás sa Bhallstát i ndáil leis an méid a leanas:

(a) dálaí maireachtála agus oibre, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir le slándáil shóisialta agus íocaíochtaí cánach;

(b) na nósanna imeachta ábhartha riaracháin maidir le fostaíocht, agus na rialacha atá infheidhme d'oibreoirí agus iad ag dul i mbun fostaíochta;

(c) a creat náisiúnta rialála maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna agus rialacha agus ionstraimí atá ann cheana de chuid an Aontais;

(d) gan dochar do phointe (b) d'Airteagal 17(2), an rochtain ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint;

(e) cás na n-oibrithe teorann, go háirithe i réigiúin trasteorann;

(f) cúnamh iar-earcaíochta i gcoitinne agus faisnéis faoi cá háit a bhfaightear an cúnamh sin laistigh de líonra EURES agus má tá faisnéis den sórt sin ar fáil, lasmuigh de líonra EURES.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na ONCanna faisnéis a chur ar fáil agus a scaipeadh i gcomhar lena seirbhísí agus líonraí agus comhlachtaí iomchuí faisnéise agus comhairleacha ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/54/AE.

5.  Malartóidh ONCanna faisnéis lena chéile maidir leis na meicníochtaí agus caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 17(5), agus maidir le caighdeáin i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí atá ábhartha don ardán coitianta TF. Comhoibreoidh siad lena chéile agus leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin, go háirithe i ndáil le gearáin agus folúntais a meastar nach bhfuil siad i gcomhréir leis na caighdeáin sin faoin dlí náisiúnta.

6.  Cuirfidh gach ONC tacaíocht ghinearálta ar fáil do Chomhaltaí agus do Chomhpháirtithe EURES maidir le comhoibriú lena gcontrapháirtithe EURES i mBallstáit eile, lena n-áirítear comhairle a thabhairt do Chomhaltaí agus do Chomhpháirtithe EURES faoin mbealach inar cheart gearáin a bhaineann le folúntais agus earcaíocht EURES a láimhseáil agus maidir le comhar leis na húdaráis phoiblí ábhartha. Má tá an fhaisnéis ar fáil don ONC, déanfar toradh na nósanna imeachta gearáin a tharchur chuig an Oifig Eorpach Comhordúcháin.

7.  Cuirfidh an ONC an comhoibriú le geallsealbhóirí chun cinn, geallsealbhóirí amhail na comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí gairmthreorach, institiúidí gairmoideachais agus ardoideachais, ionaid tráchtála, seirbhísí sóisialta agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí leochaileacha sa mhargadh saothair agus eagraíochtaí atá rannpháirteach i scéimeanna printíseachta agus i dtréimhsí oiliúna.

Airteagal 10

SPFanna a cheapadh mar Chomhaltaí de chuid EURES

1.  Ceapfaidh na Ballstáit an SPF nó na SPFanna atá ábhartha i ndáil le gníomhaíochtaí líonra EURES mar Chomhaltaí de chuid EURES. Cuirfidh na Ballstáit an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas faoi na ceapacháin sin. De bhua a gceaptha, beidh stádas speisialta laistigh de líonra EURES ag na SPFanna sin.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann na SPFanna, ina ról mar Chomhaltaí de chuid EURES, na hoibleagáidí ar fad atá leagtha síos sa Rialachán seo agus ar a laghad na híoschritéir chomhchoiteanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

3.  Féadfaidh SPF a n-oibleagáidí mar Chomhaltaí de chuid EURES a chomhlíonadh trí eagraíochtaí a fheidhmíonn faoi fhreagracht SPFanna, ar bhonn tarmligean, seachfhoinsiú nó comhaontuithe sonracha.

Airteagal 11

Ligean isteach mar Chomhaltaí de chuid EURES (nach SPFanna iad) agus mar Chomhpháirtithe de chuid EURES

1.  Gan moill mhíchuí ach ar a laghad faoin 13 Bealtaine 2018, beidh córas ar bun ag gach Ballstát, chun eagraíochtaí a ligean isteach le bheith ina gComhaltaí agus Comhpháirtithe de chuid EURES, chun faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí agus a mhéid a chomhlíonann siad an dlí infheidhme tráth a mbeidh an Rialachán seo á chur i bhfeidhm agus, i gcás inar gá, chun a ligean isteach a chúlghairm. Beidh an córas seo trédhearcach agus comhréireach agus déanfaidh sé prionsabail na córa comhionainne a urramú d'eagraíochtaí is iarratasóirí agus déanfaidh sé an próiseas cuí dlí a urramú agus cuirfidh sé réitigh leordhóthanacha ar fáil chun cosaint éifeachtach dlí a áirithiú.

2.  Chun críocha an chórais dá dtagraítear i mír 1, bunóidh na Ballstáit na ceanglais agus na critéir chun Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES a ligean isteach. Beidh ar a laghad na híoschritéir chomhchoiteanna a leagtar síos in Iarscríbhinn I sna ceanglais agus sna critéir sin. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais nó critéir bhreise a bhunú atá riachtanach ar mhaithe leis na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí na seirbhísí fostaíochta a chur i bhfeidhm i gceart agus ar mhaithe le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar bheartais an mhargaidh saothair ar a gcríoch.

3.  Eagraíochtaí atá ag feidhmiú go dleathach i mBallstát, féadfaidh siad iarratas a chur isteach lena bheith ina gComhaltaí de chuid EURES, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus faoi réir an chórais dá dtagraítear i mír 1. Eagraíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh aige le bheith ina Comhalta de chuid EURES, gabhfaidh sí de láimh ina hiarratas na hoibleagáidí uile a bhaineann le Comhaltaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear gach cúram dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 12(2) a chomhlíonadh.

4.  Eagraíocht atá ag oibriú go dleathach i mBallstát, is féidir léi iarratas a dhéanamh le bheith ina Comhpháirtí de chuid EURES faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus faoi réir an chórais dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll go léiríonn sí gur féidir léi dhá cheann ar a mhéid de na cúraimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 12(2) a chomhlíonadh, ar fhorais scála, acmhainní airgeadais agus cineál na seirbhísí a chuireann an eagraíocht nó an struchtúr eagrúcháin ar fáil de ghnáth, lena n-áirítear í a bheith ina heagraíocht neamhbhrabúis. Eagraíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh aici le bheith ina Comhpháirtí EURES, gabhfaidh sí de láimh ina hiarratas na ceanglais uile a bhfuil Comhpháirtithe de chuid EURES faoina réir faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear ar a laghad aon chúram amháin a chomhlíonadh de na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 12(2).

5.  Tabharfaidh na Ballstáit cead do na heagraíochtaí is iarratasóirí a bheith mar Chomhalta nó mar Chomhpháirtí EURES, más rud é go gcomhlíonann siad na critéir agus na ceanglais infheidhme dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4.

6.  Cuirfidh na ONCanna an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas maidir leis na córais dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na critéir agus na ceanglais bhreise amhail dá dtagraítear i mír 2, i leith Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES a ligtear isteach i gcomhréir leis an gcóras sin, agus maidir le haon diúltú iad a ligean isteach ar an mbonn nach gcomhlíontar pointe (1) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na ONCanna.

7.  Déanfaidh na Ballstáit ligean isteach Comhaltaí nó Comhpháirtithe de chuid EURES a chúlghairm, más rud é nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na critéir nó na ceanglais infheidhme dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4. Cuirfidh na ONCanna an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas faoi aon chúlghairm den sórt sin agus faoi na forais di. Cuirfidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na ONCanna eile.

8.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad a ghlacadh don tuairisc ar an gcóras náisiúnta agus do na nósanna imeachta maidir le faisnéis a chomhroinnt idir na Ballstáit maidir leis na córais dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 12

Freagrachtaí Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES

1.  Rannchuideoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES leis an líonra EURES i ndáil leis na gníomhaíochtaí a gceaptar iad ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10, nó a ligtear isteach iad ina leith i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus (4), nó, ar feadh idirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 40, agus comhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí eile faoin Rialachán seo.

2.  Beidh Comhaltaí EURES rannpháirteach i líonra EURES, lena n-áirítear trí na cúraimí go léir seo a leanas a chomhlíonadh, agus beidh Comhpháirtithe EURES rannpháirteach i líonra EURES, lena n-áirítear trí cheann amháin ar a laghad de na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) cur le líon na bhfolúntas i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 17(1);

(b) cur le líon na n-iarratas ar phoist agus na CVanna i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 17(1);

(c) seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d'oibreoirí agus d'fhostóirí i gcomhréir le hAirteagal 23 agus Airteagal 24, Airteagal 25(1), Airteagal 26 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 27.

3.  Soláthróidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb infheidhme, Comhpháirtithe EURES, chun críocha tairseach EURES, na folúntais uile a chuirtear ar fáil go poiblí leo chomh maith le gach iarratas ar phost agus gach CV i gcás inar thoiligh an t-oibrí go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil freisin ar thairseach EURES i gcomhréir le hAirteagal 17(3). Beidh feidhm ag an dara fomhír d'Airteagal 17(1) agus ag Airteagal 17(2) maidir le folúntais a chuirtear ar fáil go poiblí trí Chomhaltaí EURES agus, i gcás inarb infheidhme, le Comhpháirtithe EURES.

4.  Ainmneoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES pointe teagmhála amháin nó níos mó, amhail oifigí socrúcháin agus earcaíochta, ionaid ghlaonna agus uirlisí féinfhreastail atá i gcomhréir leis na critéir náisiúnta, inar féidir le hoibrithe agus fostóirí tacaíocht a fháil i ndáil le himréiteach, le rochtain ar sheirbhísí tacaíochta, nó iad araon, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh na pointí teagmhála a bheith bunaithe freisin ar chláir mhalartaithe foirne nó ar oifigigh idirchaidrimh a chur ar iasacht, nó féadfaidh gníomhaireachtaí coiteanna socrúcháin a bheith rannpháirteach iontu.

5.  Áiritheoidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES, go léireoidh na pointí teagmhála a d'ainmnigh siad raon feidhme na seirbhísí tacaíochta a chuirtear ar fáil d'oibreoirí agus d'fhostóirí ar bhealach soiléir.

6.  I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, féadfaidh na Ballstáit, trína ONCanna a cheangal ar Chomhaltaí agus ar Chomhpháirtithe EURES rannchuidiú leis na nithe seo a leanas

(a) bailiú na faisnéise agus na treorach atá le foilsiú ar thairseach EURES dá dtagraítear in Airteagal 9(4);

(b) malartú na faisnéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 30;

(c) an timthriall clársceidealaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 31;

(d) bailiú sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 32.

Airteagal 13

Freagrachtaí comhpháirteacha

I gcomhréir lena róil agus freagrachtaí faoi seach, féachfaidh gach eagraíocht atá rannpháirteach i líonra EURES, i ndlúthchomhar lena chéile, leis na deiseanna a chuireann soghluaisteacht lucht saothair san Aontas ar fáil a chur chun cinn go gníomhach, agus féachfaidh siad le feabhas a chur ar na bealaí agus modhanna lena mbainfidh oibrithe agus fostóirí tairbhe as soghluaisteacht ar bhonn cothrom agus lena dtapóidh siad na deiseanna sin ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal naisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann.

Airteagal 14

Grúpa Comhordúcháin

▼M1

1.  Beidh an Grúpa Comhordúcháin comhdhéanta d’ionadaithe ar an leibhéal iomchuí ón gCoimisiún, ón Oifig Eorpach Comhordúcháin agus ó na ONCanna.

▼B

2.  Tacóidh an Grúpa Comhordúcháin le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí fhaisnéis a mhalartú agus trí threoir a fhorbairt. Go háirithe, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 11(8) agus in Airteagal 31(5), agus na dréachtchaighdeáin theicniúla agus na formáidí dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6) agus na mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha i ndáil le sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 32(3).

3.  Féadfaidh an Grúpa Comhordúcháin, inter alia, malartú dea-chleachtas a eagrú a bhaineann leis na córais náisiúnta don ligean isteach dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 23 go 27.

4.  Eagróidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin obair an Ghrúpa Comhordúcháin agus beidh sí ina cathaoirleach ar a chruinnithe. Coinneoidh sí na comhlachtaí nó na líonraí ábhartha eile ar an eolas faoin obair a dhéanann an Grúpa Comhordúcháin.

Beidh sé de cheart ag ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Chomhordúcháin.

5.  Oibreoidh an Grúpa Comhordúcháin i gcomhar le Bord líonra na SPFanna, go háirithe trína chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí líonra EURES agus trí dhea-chleachtais a mhalartú.

Airteagal 15

Sainaitheantas coiteann agus an trádmharc

1.  Úsáidfear an t-ainm “EURES” go heisiach i ndáil le gníomhaíochtaí laistigh de líonra EURES i gcomhréir leis an Rialachán seo. Léireofar é le lógó caighdeánach, a gcinnfear a úsáid le scéim dearaidh ghrafaigh arna ghlacadh ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin.

2.  Bainfidh na heagraíochtaí uile atá rannpháirteach i líonra EURES dá dtagraítear in Airteagal 7 úsáid as marc seirbhísí EURES agus as an lógó, ina ngníomhaíochtaí uile a bhaineann le líonra EURES d'fhonn sainaitheantas coiteann físeach a áirithiú.

3.  Áiritheoidh eagraíochtaí atá rannpháirteach i líonra EURES go bhfuil an fhaisnéis agus an t-ábhar fógraíochta a chuireann siad ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí foriomlána cumarsáide, agus le caighdeáin choiteanna cháilíochta líonra EURES agus leis an bhfaisnéis a thagann ón Oifig Eorpach Comhordúcháin.

4.  Cuirfidh na heagraíochtaí atá rannpháirteach i líonra EURES aon mhí-úsáid a bhainfidh tríú páirtí nó tríú tír as marc seirbhíse EURES, nó as an lógó a dtiocfaidh siadsan le bheith ar an eolas faoi, in iúl don Oifig Eorpach Comhordúcháin gan mhoill.

Airteagal 16

Comhoibriú agus bearta eile

1.  Éascóidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin an comhoibriú idir líonra EURES agus seirbhísí agus líonraí faisnéise agus comhairleacha eile an Aontais.

2.  Comhoibreoidh na ONCanna leis na seirbhísí agus líonraí dá dtagraítear i mír 1 ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d'fhonn sinéirgí a bhaint amach agus forluí a sheachaint agus, i gcás inarb iomchuí, beidh baint ag Comhaltaí agus ag Comhpháirtithe EURES leis an gcomhoibriú sin.

3.  Cabhróidh na ONCanna leis an gcomhoibriú a dhéanfaidh líonra EURES leis na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, trína áirithiú go ndéanfar idirphlé rialta leis na comhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta.

4.  Spreagfaidh na Ballstáit dlúthchomhar ar leibhéal trasteorann idir gníomhaithe réigiúnacha, áitiúla agus, i gcás inarb ábhartha, náisiúnta, gníomhaithe amhail na cleachtais agus na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí trasteorann EURES.

5.  Féachfaidh na Ballstáit le réitigh a fhorbairt de chineál aonionaid don chumarsáid, lena n-áirítear cumarsáid ar líne, le hoibrithe agus le fostóirí i ndáil le réimsí coiteanna gníomhaíochta EURES agus na seirbhísí agus na líonraí dá dtagraítear i mír 1.

▼M1

6.  Scrúdóidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin, na féidearthachtaí go léir chun tosaíocht a thabhairt do shaoránaigh an Aontais nuair a bheidh folúntais á líonadh, d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar saothair agus an t-éileamh ar shaothar san Aontas. Féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun na críche sin.

▼B



CAIBIDIL III

ARDÁN COITEANN TF

Airteagal 17

Eagrú ardán choiteann TF

1.  Chun folúntais agus iarratais ar phoist a thabhairt le chéile, cuirfidh gach Ballstát an méid seo a leanas ar fáil do thairseach EURES:

(a) na folúntais uile a chuirfear ar fáil go poiblí trí SPF, mar aon leis na folúntais sin a sholáthróidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES i gcomhréir le hAirteagal 12(3);

(b) gach iarratas ar phost agus gach CV atá ar fáil trí SPF chomh maith leis na cinn sin a sholáthraíonn Comhaltaí eile de chuid EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES, i gcomhréir le hAirteagal 12(3), ar an gcoinníoll gur thoiligh na hoibrithe lena mbaineann go mbeadh an fhaisnéis ar fáil ar thairseach EURES faoi na téarmaí atá sainithe i mír 3 den Airteagal seo.

Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit meicníocht a thabhairt isteach lena gceadófar d'fhostóirí roghnú gan folúntas a fhoilsiú ar thairseach EURES má tá údar maith leis an iarraidh sin de bharr na gceanglas a bhaineann leis an bpost ó thaobh scileanna agus inniúlachta de

2.  Agus sonraí maidir le folúntais á gcur ar fáil do thairseach EURES, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a eisiamh:

(a) folúntais nach bhfuil oscailte ach do shaoránaigh ó thír ar leith mar gheall ar an gcineál folúntais atá i gceist nó mar gheall ar rialacha náisiúnta;

(b) folúntais a bhaineann le catagóirí printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna arb é atá iontu, go príomha, gné foghlama, agus atá mar chuid de chórais náisiúnta oideachais nó a mhaoinítear go poiblí, mar chuid de bheartais ghníomhacha Ballstáit maidir leis an margadh saothair;

(c) folúntais eile mar chuid de bheartais ghníomhacha Ballstáit maidir leis an margadh saothair.

3.  Beidh toiliú na n-oibrithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 sainráite, soiléir, tugtha faoi shaoirse, sonrach agus feasach. Féadfaidh oibrithe, tráth ar bith, a dtoiliú a tharraingt siar agus scriosadh nó modhnú aon chuid de na sonraí, nó na sonraí uile, arna cur ar fáil, a éileamh. Féadfaidh oibrithe rogha a dhéanamh idir roghanna difriúla chun rochtain ar a gcuid sonraí nó ar airíonna áirithe díobh a shrianadh.

4.  Maidir le hoibrithe ar oibrithe mionaoiseacha iad, cuirfear a dtoiliú ar fáil i dteannta thoiliú a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí dlíthiúla.

5.  Beidh na meicníochtaí iomchuí agus na caighdeáin iomchuí is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit chun buncháilíocht agus cáilíocht theicniúil na sonraí maidir le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna a áirithiú.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar foinsí sonraí a rianú chun faireachán a dhéanamh ar an gcáilíocht a ghabhann leis na sonraí sin.

7.  Le go mbeifear in ann folúntais a mheaitseáil le hiarratais ar phoist agus le CVanna, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil i gcomhréir le córas aonfhoirmeach agus ar bhealach trédhearcach.

8.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla agus na formáidí teicniúla is gá d'fhonn an córas aonfhoirmeach dá dtagraítear i mír 7 a bhaint amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).

Airteagal 18

Rochtain ar an ardán coiteann TF ar an leibhéal náisiúnta

1.  Áiritheoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES go mbeidh tairseach EURES le feiceáil go soiléir agus go mbeifear in ann cuardach a dhéanamh go héasca uirthi trí gach tairseach cuardaigh poist atá á bainistiú acu, bíodh na tairseacha sin ar an leibhéal lárnach, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, agus áiritheoidh siad go mbeidh na tairseacha sin nasctha le tairseach EURES.

2.  Maidir le heagraíochtaí a fheidhmíonn faoina bhfreagracht, áiritheoidh na SPFanna go mbeidh nasc chuig tairseach EURES le feiceáil go soiléir ar thairseacha gréasáin a bhainistíonn na heagraíochtaí sin.

3.  Áiritheoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES go bhféadfaidh na baill foirne sin dá gcuid a mbíonn baint acu le líonra EURES rochtain a fháil go héasca ar gach folúntas, ar gach iarratas ar phost agus ar gach CV a chuirtear ar fáil ar thairseach líonra EURES.

4.  Maidir leis an bhfaisnéis i ndáil le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna dá dtagraítear faoi Airteagal 9(2)(a), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar í a aistriú trí bhealach comhordaithe aonair.

Airteagal 19

Meaitseáil uathoibríoch tríd an ardán coiteann TF

▼M1

1.  Rachaidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile agus leis an gCoimisiún agus leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin ó thaobh idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta agus an t-aicmiú Eorpach arna fhorbairt ag an gCoimisiún. Coinneoidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin bhforbairt a dhéantar ar an aicmiú Eorpach.

▼B

2.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta na scileanna, na n-inniúlachtaí agus na ngairmeacha atá mar chuid den aicmiú Eorpach, agus coinneoidh sé an liosta sin cothrom le dáta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3). I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  Chun críche meaitseáil uathoibríoch a dhéanamh tríd an ardán coiteann TF, déanfaidh gach Ballstát, gan aon mhoill mhíchuí ach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an dáta a nglacfar an liosta dá dtagraítear i mír 2, fardal tosaigh a bhunú chun a chórais náisiúnta aicmithe, a chórais réigiúnacha aicmithe agus a chórais earnálacha aicmithe a chur i gcomparáid leis an liosta sin agus, tar éis tús a chur leis an bhfardal a úsáid agus leas á bhaint as ríomhchlár a chuirfidh an Oifig Eorpach um Chomhordú ar fáil, déanfar é a nuashonrú le go mbeidh sé cothrom le dáta ó thaobh dul chun cinn sna seirbhísí earcaíochta.

4.  Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an t-aicmiú Eorpach a chur in ionad a gcóras náisiúnta aicmithe, tráth a mbeidh an t-aicmiú Eorpach tugtha chun críche, nó a gcórais náisiúnta idir-inoibritheacha aicmithe a choinneáil.

5.  Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus, i gcás inar féidir, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit sin nuair a bhunóidh siad an fardal de bhun mhír 3 agus do na Ballstáit sin a chinnfidh an t-aicmiú Eorpach a chur in ionad na gcóras náisiúnta aicmithe.

6.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla is gá agus na formáidí is gá chun an mheaitseáil uathoibríoch a dhéanamh tríd an ardán coiteann TF trí leas a bhaint as an aicmiú Eorpach agus as an idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta agus an t-aicmiú Eorpach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).

Airteagal 20

Meicníocht lena n-éascaítear rochtain d'oibrithe agus d'fhostóirí

1.  Déanfaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES, arna iarraidh sin, cúnamh a thabhairt d'oibrithe agus d'fhostóirí a bhaineann leas as a gcuid seirbhísí, maidir le clárú na n-oibrithe agus na bhfostóirí sin ar thairseach EURES. Beidh an cúnamh sin saor in aisce.

2.  Áiritheoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES go mbeidh na hoibrithe agus na fostóirí a bhaineann leas as a gcuid seirbhísí in ann teacht ar fhaisnéis ghinearálta faoin gcaoi, faoin am agus faoin áit ar féidir leo na sonraí lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta, a leasú agus a tharraingt siar.



CAIBIDIL IV

SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA

Airteagal 21

Prionsabail

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrithe agus fostóirí rochtain a fháil, gan aon mhoill mhíchuí bíodh sin ar líne nó as líne, ar sheirbhísí tacaíochta atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta.

2.  Tacóidh na Ballstáit le forbairt a dhéanamh ar chur chuige comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta maidir le seirbhísí tacaíochta.

Déanfar riachtanais réigiúnacha sonracha agus riachtanais áitiúla sonracha a chur san áireamh.

3.  Maidir leis na seirbhísí tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 22, Airteagal 25(1), Airteagal 26 agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 27, beidh siad saor in aisce.

Beidh na seirbhísí tacaíochta d'oibrithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 23 saor in aisce.

D'fhéadfadh seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 24 a bheith faoi réir táille.

4.  Aon táille a ghearrfar ar sheirbhísí a chuireann Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES ar fáil faoin gCaibidil seo, ní bheidh sí níos airde ná na táillí sin is infheidhme maidir le seirbhísí inchomparáide eile a chuireann Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES ar fáil. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES oibrithe agus fostóirí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus beacht faoi aon chostas lena mbaineann.

5.  Déanfaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES lena mbaineann oibrithe agus fostóirí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir maidir leis an raon seirbhísí tacaíochta a chuireann siad ar fáil, leis an áit ar féidir rochtain a fháil ar na seirbhísí sin, leis an mbealach inar féidir teacht ar na seirbhísí sin, agus maidir leis na coinníollacha faoina gcuirtear rochtain ar fáil, agus úsáid á baint as na modhanna atá acu chun faisnéis a scaipeadh. Foilseofar an fhaisnéis sin ar thairseach EURES.

6.  Gan dochar d'Airteagal 11(2), ní fhéadfaidh Comhaltaí EURES dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 7(1)) ná Comhpháirtithe EURES a gcuid seirbhísí a chur ar fáil ach amháin ar líne.

Airteagal 22

Rochtain ar fhaisnéis bhunúsach

1.  Déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis bhunúsach a chur ar fáil ar bhealach a bheidh sothuigthe agus áisiúil d'oibrithe agus d'fhostóirí faoi thairseach EURES, lena n-áirítear an bunachar sonraí maidir le hiarratais ar phoist agus le CVanna, agus faoi líonra EURES, lena n-áirítear sonraí teagmhála Chomhaltaí ábhartha EURES agus Chomhpháirtithe ábhartha EURES ar an leibhéal náisiúnta, faisnéis faoi na modhanna earcaíochta a úsáideann siad (ríomhsheirbhísí, seirbhísí pearsantaithe, suíomh na bpointí teagmhála) agus na naisc ghréasáin ábhartha.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES oibrithe agus fostóirí a chur i dteagmháil le Comhalta eile de chuid EURES nó le Comhpháirtí eile de chuid EURES.

2.  Tacóidh an Oifig Eorpach um Chomhordú leis an bhforbairt a dhéanfar ar fhaisnéis bhunúsach faoin Airteagal seo agus cuideoidh sí leis na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar líon leordhóthanach teangacha, agus riachtanais na margaí saothair sna Ballstáit á gcur san áireamh.

Airteagal 23

Seirbhísí tacaíochta d'oibrithe

1.  Déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES an deis a thabhairt, gan aon mhoill mhíchuí, d'oibrithe a bhfuil fostaíocht á lorg acu rochtain a fháil ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

2.  Arna iarraidh sin d'oibrí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis agus treoracha a chur ar fáil maidir le deiseanna fostaíochta ar leith agus, go háirithe, cuirfidh siad na seirbhísí seo a leanas ar fáil don oibrí:

(a) faisnéis ghinearálta a chur ar fáil nó tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin maidir le dálaí maireachtála agus oibre sa tír chinn scríbe;

(b) cúnamh agus treoracha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(4) a fháil;

(c) i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt maidir le hiarratais ar phoist agus le CVanna a chur i dtoll a chéile d'fhonn comhréireacht leis na caighdeáin theicniúla Eorpacha agus leis na formáidí teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6) a áirithiú agus cúnamh a thabhairt maidir le huaslódáil iarratas ar phoist agus CVanna den sórt sin ar thairseach EURES;

(d) i gcás inarb iomchuí, machnamh a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir le socrúchán a bhunú laistigh den Aontas mar chuid de phlean gníomhaíochta aonair nó tacú le plean aonair um shoghluaisteacht a chur ar bun mar bhealach chun teacht ar shocrúchán laistigh den Aontas;

(e) i gcás inarb iomchuí, an t-oibrí a chur i dteagmháil le Comhalta eile de chuid EURES nó le Comhpháirtí eile de chuid EURES.

3.  Arna iarraidh sin go réasúnach d'oibrí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES tuilleadh cúnaimh a thabhairt maidir le post a chuardach agus cuirfidh siad seirbhísí breise eile ar fáil, agus riachtanais an oibrí á gcur san áireamh.

Airteagal 24

Seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí

1.  Déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES an deis a thabhairt, gan aon mhoill mhíchuí, d'fhostóirí a bhfuil suim acu oibrithe a earcú ó Bhallstáit eile rochtain a fháil ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

2.  Arna iarraidh sin d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis agus treoracha a chur ar fáil maidir le deiseanna earcaíochta agus, go háirithe, cuirfidh siad na seirbhísí seo a leanas ar fáil dóibh:

(a) faisnéis a chur ar fáil maidir le rialacha sonracha a bhaineann le hearcú ó Bhallstát eile agus maidir le gnéithe a d'fhéadfadh an t-earcú sin a éascú;

(b) i gcás inarb iomchuí, faisnéis a chur ar fáil maidir leis na riachtanais a bhaineann le post ar leith a cheapadh le haghaidh folúntais agus cúnamh a thabhairt maidir leis na riachtanais sin a cheapadh, agus faisnéis a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt maidir lena áirithiú go mbeidh an folúntas i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla Eorpacha agus leis na formáidí teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6).

3.  I gcás ina n-iarrfaidh fostóir tuilleadh cúnaimh agus i gcás ina bhfuil dóchúlacht réasúnta ann go n-earcófaí laistigh den Aontas, déanfaidh Comhaltaí EURES nó, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES tuilleadh cúnaimh a thabhairt agus seirbhísí breise a chur ar fáil, agus riachtanais an fhostóra á gcur san áireamh.

Arna iarraidh sin, déanfaidh Comhaltaí EURES nó, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES treoracha ar leith a thabhairt maidir le riachtanais a chumadh le haghaidh folúntas.

Airteagal 25

Cúnamh iar-earcaíochta

1.  Arna iarraidh sin d'oibrí nó d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a) faisnéis ghinearálta maidir le cúnamh iar-earcaíochta, amhail oiliúint maidir le cumarsáid idirchultúrtha, cúrsaí teanga agus tacaíocht i ndáil le comhtháthú, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir le deiseanna fostaíochta do bhaill teaghlaigh oibrí.

(b) i gcás inar féidir, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu.

2.  Gan dochar d'Airteagal 21(4), maidir le Comhaltaí agus le Comhpháirtithe EURES a chuireann cúnamh iar-earcaíochta ar fáil go díreach d'oibrithe nó d'fhostóirí, féadfaidh siad táille a ghearradh ar an gcúnamh sin.

Airteagal 26

Rochtain éascaithe ar fhaisnéis maidir le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíocht pinsin, le hárachas sláinte, le slándáil shóisialta agus maidir le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair

1.  Arna iarraidh sin d'oibrí nó d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES iarrataí ar fhaisnéis shonrach maidir leis na cearta a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíocht pinsin agus maidir le hárachas sláinte a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh siad na hiarrataí sin a chur faoi bhráid comhlachtaí iomchuí eile ar an leibhéal náisiúnta a thugann tacaíocht d'oibrithe a gcearta a fheidhmiú i gcomhthéacs na saoirse gluaiseachta, lena n-áirítear na comhlachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/54/AE.

2.  Chun críche mhír 1, comhoibreoidh na ONCanna leis na húdaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 27

Seirbhísí tacaíochta i réigiúin trasteorann

1.  I gcás ina mbeidh Comhaltaí nó Comhpháirtithe EURES rannpháirteach, i réigiúin trasteorann, i struchtúir shonracha chomhair agus i struchtúir shonracha sheirbhíse, amhail comhpháirtíochtaí trasteorann, déanfaidh siad faisnéis maidir le staid shonrach oibrithe teorann atá ábhartha d'fhostóirí sna réigiúin sin a chur ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí teorann.

2.  Ar na cúraimí a bheidh ar na comhpháirtíochtaí trasteorann, d'fhéadfaí a áireamh seirbhísí socrúcháin agus seirbhísí earcaíochta, comhar idir na heagraíochtaí rannpháirteacha a chomhordú, agus gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann a chur i gcrích, lena n-áirítear faisnéis a chur ar fáil d'oibrithe teorann agus treoracha a thabhairt dóibh, agus aird ar leith á tabhairt ar sheirbhísí ilteangacha.

3.  Maidir le heagraíochtaí seachas Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES atá rannpháirteach i struchtúir dá dtagraítear i mír 1, ní mheasfar mar chuid de líonra EURES iad ar mhaithe lena bheith rannpháirteach ann.

4.  Sna réigiúin trasteorann dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit iarracht réitigh a fhorbairt agus úsáid á baint as ionad ilfhreastail chun faisnéis a chur ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí teorann.

Airteagal 28

Rochtain ar bhearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair

Ní chuirfidh na Ballstáit srian ar rochtain ar bhearta gníomhacha náisiúnta maidir leis an margadh saothair lena gcuirtear cúnamh cuardaigh poist ar fáil d'oibrithe gan d'fhoras a bheith leis an srianadh sin ach go bhfuil cúnamh á lorg ag oibrí fostaíocht a fháil ar chríoch Ballstáit eile.



CAIBIDIL V

FAISNÉIS A MHALARTÚ AGUS AN TIMTHRIALL CLÁRSCEIDEALAITHE

▼M1

Airteagal 29

Faisnéis a mhalartú maidir le sreabhadh agus patrúin

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán ar shreabhadh agus patrúin soghluaisteachta an lucht saothair san Aontas agus poibleoidh siad an sreabhadh agus na patrúin sin ar bhonn tuarascálacha ón Údarás Eorpach Saothair, ag úsáid staidreamh Eurostat agus na sonraí náisiúnta atá ar fáil.

▼B

Airteagal 30

Faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit

1.  Déanfaidh gach Ballstát, go háirithe, faisnéis atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus a anailísiú maidir leis an méid seo a leanas:

(a) ganntanas lucht saothair agus barrachas lucht saothair ar mhargaí saothair náisiúnta agus ar mhargaí saothair earnálacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na grúpaí is leochailí sa mhargadh saothair agus sna réigiúin is mó atá buailte leis an dífhostaíocht;

(b) gníomhaíochtaí de chuid EURES ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal trasteorann.

2.  Beidh na ONCanna freagrach as an bhfaisnéis atá ar fáil laistigh de líonra EURES a chomhroinnt agus as rannchuidiú leis an anailísiú comhpháirteach.

3.  Déanfaidh na Ballstáit an clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 31, agus aird á tabhairt ar an malartú faisnéise agus ar an anailísiú comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

4.  Déanfaidh an Oifig Eorpach um Chomhordú socruithe praiticiúla chun an malartú faisnéise a éascú i measc na ONCanna agus chun forbairt na hanailíse comhpháirtí a éascú.

Airteagal 31

Clársceidealú

1.  Déanfaidh na ONCanna cláir náisiúnta bhliantúla oibre a chur i dtoll a chéile le haghaidh gníomhaíochtaí líonra EURES ina mBallstáit.

2.  Sonrófar an méid seo a leanas sna cláir náisiúnta oibre:

(a) na príomhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh laistigh de líonra EURES ar an leibhéal náisiúnta tríd is tríd agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal trasteorann;

(b) na hacmhainní daonna foriomlána agus na hacmhainní airgeadais foriomlána a leithdháilfear chun iad a gcur chun feidhme;

(c) na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a bheartófar agus, i gcás inar gá, chun iad a thabhairt cothrom le dáta.

3.  Tabharfar an deis do na ONCanna agus don Oifig Eorpach um Chomhordú athbhreithniú a dhéanamh le chéile ar na dréachtchláir náisiúnta oibre go léir. Tar éis bailchríoch a chur ar an athbhreithniú sin, glacfaidh na ONCanna faoi seach na cláir náisiúnta oibre.

4.  Tabharfar an deis d'ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais atá rannpháirteach sa Ghrúpa um Chomhordú barúil a thabhairt maidir leis na dréachtchláir náisiúnta oibre.

5.  Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na teimpléid agus na nósanna imeachta is gá chun faisnéis a mhalartú maidir leis na cláir náisiúnta oibre ar leibhéal an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 32

Sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun sonraí a bhailiú maidir leis na réimsí gníomhaíochta seo a leanas de chuid EURES a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta:

(a) faisnéis agus treoracha ó líonra EURES, bunaithe ar an méid teagmhála a bheidh ag láimhseálaithe cásanna Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES le hoibrithe agus le fostóirí;

(b) feidhmíocht fostaíochta, lena n-airítear socrúcháin agus earcaíocht a eascraíonn ó ghníomhaíocht EURES, ar bhonn líon na bhfolúntas, na n-iarratas ar phoist agus na CVanna a láimhseálfaidh agus a phróiseálfaidh láimhseálaithe cásanna Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES, agus ar bhonn líon na n-oibrithe a earcófar i mBallstát eile dá réir sin, de réir mar is eol do na láimhseálaithe cáis sin nó, i gcás ina mbeidh fáil orthu, ar bhonn suirbhéanna;

(c) sástacht custaiméirí le líonra EURES a dhearbhófar, inter alia, trí leas a bhaint as suirbhéanna.

2.  Beidh an Oifig Eorpach um Chomhordú freagrach as sonraí a bhailiú maidir le tairseach EURES agus as comhar a fhorbairt maidir leis an imréiteach faoin Rialachán seo.

3.  Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus laistigh de réimsí gníomhaíochta de chuid EURES a shonraítear sa mhír sin, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha maidir le sonraí a bhailiú agus maidir le hanailís a dhéanamh orthu chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú líonra EURES. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 36 chun na réimsí a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhodhnú nó chun réimsí eile gníomhaíochta de chuid EURES a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta faoi chuimsiú an Rialacháin seo a chur leis an mír sin.

Airteagal 33

Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí EURES

Agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis a bailíodh amhail dá dtagraítear sa Chaibidil seo, déanfaidh an Coimisiún, gach ré bliain, tuarascáil ar ghníomhaíochtaí EURES a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

Go dtí go dtíolacfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 35, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo cur síos ar an staid mar atá maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

Sonraí pearsanta a chosaint

Déanfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Treoir 95/46/CE agus na bearta náisiúnta cur chun feidhme i ndáil léi, chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 35

Meastóireacht ex post

Faoin 13 Bealtaine 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le hoibriú agus le héifeachtaí an Rialacháin seo.

Féadfaidh tograí reachtacha lena leasaítear an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 36

Tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Coimisiún dá ghnáthchleachtas agus go rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 32(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis an 12 Bealtaine 2016. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 32(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó tiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus ag an Chomhairle in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 37

Nós imeachta coiste

1.  Beidh Coiste “EURES” a bhunaítear leis an Rialachán seo de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 38

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

(1)  Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 mar a leanas:

(a) Scriostar Airteagal 23

(b) In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

(1)“2.  Beidh rannpháirtíocht in ais EURES ar oscailt do na comhlachtaí, do na gníomhaithe, agus do na hinstitiúidí uile a ainmníonn Ballstát nó an Coimisiún agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i líonra EURES, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ). Ar na comhlachtaí, ar na gníomhaithe agus ar na hinstitiúidí sin, áireofar, go háirithe, na dreamanna seo a leanas:

(a) údaráis náisiúnta, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla;

(b) seirbhísí fostaíochta;

(c) eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus páirtithe leasmhara eile.

(2)  Déanfar tagairtí do na gníomhartha scriosta, amhail dá dtagraítear i bpointe (1)(a), a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 29 den Rialachán seo.

(3)  Beidh pointe (1)(b) den Airteagal seo gan dochar do na hiarratais ar mhaoiniú a thíolacfar faoi Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 roimh an 12 Bealtaine 2016.

Airteagal 39

Leasuithe ar Rialachán Uimh. 492/2011

(1)  Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 mar a leanas:

(a) Scriostar Airteagal 11 agus Airteagal 12, Airteagal 13(2), Airteagail 14 go 20 agus Airteagal 38.

(b) Scriostar Airteagal 13(1) le héifeacht ón 13 Bealtaine 2018.

(2)  Déanfar tagairtí do na forálacha scriosta a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 40

Forálacha idirthréimhseacha

Eagraíochtaí a ainmnítear mar “Chomhpháirtithe de chuid EURES” i gcomhréir le hAirteagal 3(c) de Chinneadh Cur chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún nó a chuireann seirbhísí teoranta ar fáil mar “Chomhpháirtithe Comhlachaithe de chuid EURES” i gcomhréir le hAirteagal 3(d) den Chinneadh sin an 12 Bealtaine 2016, féadfaidh siad, de mhaolú ar Airteagal 11 den Rialachán seo, a bheith rannpháirteach mar Chomhaltaí de chuid EURES dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(c)(ii) den Rialachán seo nó mar Chomhpháirtithe de chuid EURES dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(d) den Rialachán seo, go dtí an 13 Bealtaine 2019 ar choinníoll go ngabhfaidh siad de láimh na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás inar mian le ceann amháin de na heagraíochtaí sin a bheith rannpháirteach mar Chomhpháirtí de chuid EURES, cuirfidh sí in iúl don ONC cé acu de na cúraimí a chomhlíonfaidh sí de bhun Airteagal 11(4) den Rialachán seo. Cuirfidh an ONC ábhartha an Oifig Eorpach um Chomhordú ar an eolas faoi sin. Tar éis don idirthréimhse dul in éag, féadfaidh na heagraíochtaí lena mbaineann, d'fhonn fanacht i líonra EURES, iarratas a chur isteach chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 12(3) agus ag Airteagal 17(1) go (7) ón 13 Bealtaine 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Íoschritéir chomhchoiteanna

(amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 11(2))

Roinn 1.   SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR

1. Gealltanas go mbeidh meicníochtaí leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar fáil chun a fhíorú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na caighdeáin saothair agus na ceanglais dlí is infheidhme, agus aon chórais cheadúnúcháin agus aon scéimeanna údarúcháin atá ann cheana maidir le seirbhísí fostaíochta nach SPFanna iad á gcur san áireamh agus na seirbhísí á soláthar, lena n-áirítear an dlí is infheidhme maidir le sonraí a chosaint agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglais agus caighdeáin maidir le cáilíocht sonraí i ndáil le folúntais.

2. Cumas agus inniúlacht léirithe seirbhísí maidir le himréiteach, seirbhísí tacaíochta, nó iad araon, amhail dá dtagraítear sa Rialachán seo, a chur ar fáil.

3. Cumas seirbhísí a chur ar fáil trí bhealach inrochtana amháin nó níos mó, agus rochtain a bheith ann ar a laghad ar shuíomh gréasáin de chuid na heagraíochta.

4. Cumas agus inniúlacht oibrithe agus fostóirí a chur i dteagmháil le Comhaltaí eile de chuid EURES nó le Comhpháirtithe eile de chuid EURES agus/nó le comhlachtaí ag a bhfuil saineolas ar shaorghluaiseacht d'oibrithe.

5. Dearbhú go gcloífear leis an bprionsabal go mbeidh na seirbhísí tacaíochta saor in aisce d'oibrithe i gcomhréir leis an dara fomhór d'Airteagal 21(3).

Roinn 2.   PÁIRT A GHLACADH I LÍONRA EURES

1. Cumas agus gealltanas maidir lena áirithiú go ndéanfar na sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(6) a sholáthar go tráthúil agus ar bhealach iontaofa.

2. Gealltanas go gcloífear leis na caighdeáin theicniúla agus leis na formáidí teicniúla maidir le himréiteach agus le malartú faisnéise faoin Rialachán seo.

3. Cumas agus gealltanas maidir le cuidiú leis an gclársceidealú agus leis an tuairisciú chuig an ONC chomh maith le faisnéis a chur ar fáil don ONC maidir le soláthar agus le feidhmíocht seirbhísí i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4. Acmhainní daonna iomchuí a bheith á leithdháileadh do na cúraimí faoi seach nó gealltanas go n-áiritheofar an leithdháileadh sin.

5. Gealltanas go n-áiritheofar caighdeáin cháilíochta maidir le baill foirne agus go gclárófar na baill foirne do mhodúil ábhartha an chláir chomhchoitinn oiliúna amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d'Airteagal 8(1).

6. Gealltanas nach mbainfear leas as trádmharc EURES ach amháin do sheirbhísí agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le líonra EURES.




IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil



Rialachán (AE) Uimh. 492/2011

An Rialachán seo

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 30(1), pointe (a)

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 9(2), pointí (b) agus (d), agus 9(3) agus Airteagal 13

Airteagal 11(2)

Airteagal 9 agus 10

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(3), an chéad fhomhír

Airteagal 9(4)

Airteagal 12(3), an dara fomhír

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 12(3) agus Airteagal 17(1) go 17(6)

Airteagal 13(2)

Airteagal 17(7) go 17(8)

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 10(1) agus 10(2), Airteagal 12(1) go 12(3) agus Airteagal 13

Airteagal 15(2)

Airteagal 9(3), pointe (a), agus Article10(1)

Airteagal 16

Airteagal 17(1)

Airteagal 30

Airteagal 17(2)

Airteagal 16(6)

Airteagal 17(3)

Airteagal 33

Airteagal 18

Airteagal 7(1), pointe (a)

Airteagal 19(1)

Airteagal 8

Airteagal 19(2)

Airteagal 20

Airteagal 8(1), pointe (a) (iii) agus (v), agus Airteagal 9(3), pointe (b)

Airteagal 38



( 1 ) Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

( *1 ) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).”.

Top