Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02016R0399-20240710

Consolidated text: Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (téacs códaithe)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/399/2024-07-10

02016R0399 — GA — 10.07.2024 — 005.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

(téacs códaithe)

(IO L 077 23.3.2016, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2016/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 14 Meán Fómhair 2016

  L 251

1

16.9.2016

►M2

RIALACHÁN (AE) 2017/458 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE  an 15 Márta 2017

  L 74

1

18.3.2017

►M3

RIALACHÁN (AE) 2017/2225 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE  an 30 Samhain 2017

  L 327

1

9.12.2017

►M4

RIALACHÁN (AE) 2019/817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Bealtaine 2019

  L 135

27

22.5.2019

►M5

RIALACHÁN (AE) 2021/1134Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 7 Iúil 2021

  L 248

11

13.7.2021

►M6

RIALACHÁN (AE) 2024/1717 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE  an 13 Meitheamh 2024

  L 1717

1

20.6.2024


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 312, 7.12.2018, lch.  107 (2017/2225)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

(téacs códaithe)



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus prionsabail

Déanann an Rialachán seo foráil nach ndéanfar rialú teorann ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha inmheánacha atá idir Ballstáit an Aontais.

Leagtar síos leis rialacha lena rialaítear rialú teorann daoine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. 

ciallaíonn “teorainneacha inmheánacha”:

(a) 

comhtheorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha;

(b) 

aerfoirt na mBallstát le haghaidh eitiltí inmheánacha;

(c) 

calafoirt fharraige, abhann agus locha na mBallstát i gcás nasc inmheánach rialta bád farantóireachta;

2. 

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a n-aerfoirt, calafoirt abhann, calafoirt farraige agus calafoirt locha, ar choinníoll nach teorainneacha inmheánacha iad;

3. 

ciallaíonn “eitilt inmheánach” aon eitilt a théann ó chríocha na mBallstát nó chucu nach dtuirlingíonn ar chríoch tríú tír, agus na heitiltí sin amháin;

4. 

ciallaíonn “nasc rialta inmheánach bád farantóireachta” aon nasc bád farantóireachta idir an dá chalafort chéanna nó níos mó atá suite ar chríoch na mBallstát, gan dul isteach in aon chalafoirt nach bhfuil suite ar chríoch na mBallstát, agus arb éard atá ann paisinéirí agus feithiclí a iompar de réir amchlár foilsithe;

5. 

ciallaíonn “daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais”:

(a) 

saoránaigh de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, agus náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a fheidhmíonn a chearta nó a cearta chun saorghluaiseachta a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) ina leith;

(b) 

náisiúnaigh tríú tír agus baill dá dteaghlach, cibé a náisiúntacht, a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta acu arb ionann iad agus cearta shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar lámh amháin, agus na tríú tíortha sin, ar lámh eile;

6. 

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í, de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus nach gcumhdaítear faoi phointe 5 den Airteagal seo;

7. 

ciallaíonn “daoine a bhfuil foláireamh eisithe ina leith ar mhaithe le cead isteach a dhiúltú dóibh” aon náisiúnach tríú tír a bhfuil foláireamh eisithe ina leith i gCóras Faisnéise Schengen (CFS) i gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus chun na gcríoch atá leagtha síos sna hAirteagail sin;

8. 

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú;

9. 

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann roinnte” aon phointe trasnaithe teorann lonnaithe ar chríoch Bhallstáit nó ar chríoch tríú tír, ag a ndéanfaidh gardaí teorann an Bhallstáit agus gardaí teorann an tríú tír, i ndiaidh a chéile, seiceálacha ar imeacht agus seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus de bhun comhaontú déthaobhach;

10. 

ciallaíonn “rialú ag teorainneacha” an ghníomhaíocht a dhéantar ag teorainn, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus chun críocha an Rialacháin seo, mar fhreagairt eisiach ar rún an teorainn sin a thrasnú, nó ar thrasnú na teorann sin, beag beann ar aon chúinse eile, a bhfuil seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha mar chuid de;

11. 

ciallaíonn “seiceálacha teorann” na seiceálacha a dhéantar ag pointí trasnaithe teorann, lena n-áirithiú go bhféadfar daoine, lena n-áirítear a modh iompair agus na hábhair atá ina seilbh, a údarú le dul isteach ar chríoch na mBallstát nó imeacht uaithi;

▼M6

12. 

ciallaíonn “faireachas ar theorainneacha” an faireachas a dhéantar ar theorainneacha idir pointí trasnaithe teorann agus an faireachas a dhéantar ar phointí trasnaithe teorann lasmuigh d’uaireanta oscailte seasta, lena n-áirítear bearta coisctheacha, chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe nó daoine ag teacht timpeall ar sheiceálacha teorann a chosc agus a bhrath, chun rannchuidiú le feasacht ar dhálaí a ardú, chun coireacht trasteorann a chomhrac agus chun bearta a dhéanamh i gcoinne daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach;

▼B

13. 

ciallaíonn “seiceáil ar an dara líne” seiceáil sa bhreis is féidir a dhéanamh in ionad speisialta ar leataobh ón ionad ina seiceáiltear gach aon duine (an chéad líne);

14. 

ciallaíonn “garda teorann” aon oifigeach poiblí atá sannta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, do phointe trasnaithe teorann nó feadh na teorann nó díreach taobh leis an teorainn sin agus a dhéanann, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta, cúraimí rialaithe teorann;

15. 

ciallaíonn “iompróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghairm daoine a iompar;

16. 

ciallaíonn “cead cónaithe”:

(a) 

gach cead cónaithe a eisíonn na Ballstáit de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle ( 3 ) agus cártaí cónaithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(b) 

na doiciméid eile ar fad a eisíonn Ballstát chuig náisiúnaigh tríú tíortha a n-údaraítear tréimhse fanachta ar a gcríoch leo, ar doiciméid iad a bhí faoi réir fógra agus foilsiú ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 39, cé is moite den mhéid seo a leanas:

(i) 

ceadanna sealadacha a eisítear ar feitheamh an chéad iarratas ar chead cónaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) nó iarratas ar thearmann a scrúdú; agus

(ii) 

víosaí a eisíonn na Ballstáit san fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle ( 4 );

17. 

ciallaíonn “long chúrsála” long a leanann clár taistil áirithe i gcomhréir le clár réamhshocraithe, ina n-áirítear clár de ghníomhaíochtaí turasóireachta i gcalafoirt éagsúla, ach nach dtugann paisinéirí ar bord le linn an turais, de ghnáth, ná nach ligeann do phaisinéirí tuirlingt le linn an turais;

18. 

ciallaíonn “bádóireacht phléisiúir” úsáid bád pléisiúir chun críocha spóirt nó tuarasóireachta;

19. 

ciallaíonn “iascaireacht chósta” iascaireacht a dhéanann soithigh a théann i dtír gach lá nó laistigh de 36 huaire an chloig go calafort atá suite ar chríoch Ballstáit gan dul isteach in aon chalafort atá i dtríú tír;

20. 

ciallaíonn “oibrí amach ón gcósta” duine atá ag obair ar láthair amach ón gcósta ach atá lonnaithe in uiscí teorann na mBallstát nó i limistéar dúshaothraithe eacnamaíche eisíche muirí i gcomhair úsáid na mBallstát faoi mar a shainmhínítear faoi dhlí idirnáisiúnta na mara, agus a fhilleann go rialta ar chríoch na mBallstát, bíodh taisteal ar muir nó ar tír i gceist leis;

21. 

ciallaíonn “baol don tsláinte phoiblí” aon ghalar a mbaineann baol eipidéime leis mar atá sainmhínithe i Rialacha Sláinte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus galair thógálacha nó galair sheadánacha ghabhálacha eile má tá siad faoi réir forálacha cosanta is infheidhme maidir le náisiúnaigh na mBallstát;

▼M3

22. 

ciallaíonn “Córas Dul Isteach/Imeachta” (EES) an córas arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

23. 

ciallaíonn “córas féinfhreastail” córas uathoibrithe a dhéanann na seiceálacha teorann uile, nó cuid díobh, atá infheidhme maidir le duine agus a fhéadfar a úsáid chun sonraí a réamhchlárú in EES;

24. 

ciallaíonn “ríomhgheata” bonneagar a oibrítear go leictreonach san áit a dtrasnaítear go hiarbhír teorainn sheachtrach nó teorainn inmheánach nach bhfuil deireadh curtha le rialuithe fós ann;

25. 

ciallaíonn “córas um rialú uathoibrithe teorann” córas faoinar féidir teorainn a thrasnú ar bhealach uathoibrithe, arb é atá ann córas féinfhreastail agus ríomhgheata;

26. 

ciallaíonn “deimhniú ar bharántúlacht agus sláine shonraí na slise” an próiseas lena bhfíoraítear, trí úsáid a bhaint as teastais deimhniúcháin, gur ón údarás eisiúna a d’eascair na sonraí atá ar an meán leictreonach stórála (slis) agus nár athraíodh í;

▼M6

27. 

ciallaíonn “éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála” éigeandáil sláinte poiblí, a aithníonn an Coimisiún ar leibhéal an Aontais, agus faisnéis ó údaráis náisiúnta inniúla á cur san áireamh, i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí mórscála a bheith ag baol tromchúiseach trasteorann don tsláinte maidir le feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta;

28. 

ciallaíonn “taisteal riachtanach” taisteal a dhéanann duine atá díolmhaithe ó shrianta ar dhul isteach de bhun Airteagal 21a(4) nó (5), i ndáil le feidhm nó gá riachtanach, agus aon oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát á gcur san áireamh;

29. 

ciallaíonn “taisteal neamhriachtanach” taisteal seachas taisteal riachtanach;

30. 

ciallaíonn “moil iompair” aerfoirt, calafoirt farraige nó abhann, stáisiúin traenach nó bus agus críochfoirt lasta.

▼B

Airteagal 3

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon duine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha nó seachtracha na mBallstát, gan dochar don mhéid seo a leanas:

(a) 

cearta daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b) 

cearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le non-refoulement.

Airteagal 4

Cearta Bunúsacha

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán acu, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (“Coinbhinsiún na Ginéive”), oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus cearta bunúsacha. I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, is ar bhonn indibhidiúil a dhéanfar cinntí faoin Rialachán seo.

TEIDEAL II

TEORAINNEACHA SEACHTRACHA

CAIBIDIL I

Teorainneacha seachtracha a thrasnú agus coinníollacha maidir le dul isteach

Airteagal 5

Teorainneacha seachtracha a thrasnú

1.  
Ní fhéadfar teorainneacha seachtracha a thrasnú ach ag pointí trasnaithe teorann agus le linn na n-uaireanta oscailte seasta. Beidh na huaireanta oscailte ar taispeáint go soiléir ag pointí trasnaithe teorann nach bhfuil oscailte 24 uair an chloig.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi liosta na bpointí trasnaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 39.

2.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfar eisceachtaí a cheadú ón oibleagáid teorainneacha seachtracha a thrasnú ag pointí trasnaithe teorann amháin agus ag na huaireanta oscailte seasta amháin:

(a) 

i gcás daoine aonair nó grúpaí daoine, nuair atá gá speisialta le teorainneacha seachtracha a thrasnú lasmuigh de phointí trasnaithe teorann ó am go ham nó lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chomh fada agus go bhfuil na ceadanna atá de cheangal orthu de réir dlí náisiúnta ina seilbh acu, agus nach bhfuil coimhlint ann le leasanna bheartas poiblí agus shlándáil inmheánach na mBallstát. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a dhéanamh i gcomhaontuithe déthaobhacha. Maidir le heisceachtaí ginearálta dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta agus le comhaontuithe déthaobhacha, tábharfar fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 39;

(b) 

le haghaidh daoine aonair nó grúpaí daoine i gcás staid éigeandála gan choinne;

(c) 

i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 19 agus in Airteagal 20 i gcomhcheangal le hIarscríbhinn VI agus le hIarscríbhinn VII.

3.  
Gan dochar do na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 2 nó dá n-oibleagáidí maidir le cosaint idirnáisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit pionóis isteach, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, i gcás trasnú neamhúdaraithe teorainneacha seachtracha ag áiteanna seachas ag pointí trasnaithe teorann agus ag amanna seachas na hamanna oscailte seasta. Beidh na píonóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

▼M6

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann líon mór imirceach iarracht a dteorainneacha seachtracha a thrasnú ar bhealach neamhúdaraithe, en masse agus forneart á úsáid, na bearta is gá a dhéanamh chun an tslándáil, an dlí agus an t-ord a chaomhnú.

4.  
Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), an chéad abairt, de Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), pointí trasnaithe teorann sonracha a dhúnadh go sealadach, nó srian a chur lena n-uaireanta oscailte, mar a fhógraítear de bhun mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, i gcás ina n-éilítear sin leis na himthosca.

Aon bhearta de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo, cuirfear chun feidhme iad ar bhealach comhréireach agus ar bhealach lena gcuirtear san áireamh go hiomlán cearta na ndaoine seo a leanas:

(a) 

daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b) 

náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi Threoir 2003/109/CE ón gComhairle ( 7 ), daoine a bhfuil a gceart chun cónaithe acu ó ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta nó daoine a bhfuil víosaí fadfhanachta náisiúnta acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin faoi seach; agus

(c) 

náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.

▼B

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír

1.  

I gcás tréimhsí beartaithe fanachta ar chríoch na mBallstát ar tréimhsí iad nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, eadhon fad ar ina leith a fhéachtar ar an tréimhse 180 lá a thagann roimh gach lá fanachta, is iad seo a leanas na coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tíortha:

(a) 

tá doiciméad taistil bailí ina seilbh acu lena gceadófar don sealbhóir an teorainn a thrasnú agus na critéir seo a leanas á sásamh aige:

(i) 

beidh sé bailí fós trí mhí ar a laghad tar éis an dáta beartaithe imeachta ó chríoch na mBallstát. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás éigeandáil a bhfuil bonn cirt leis;

(ii) 

is doiciméad é a eisíodh sna 10 mbliana roimhe sin;

(b) 

tá víosa bailí ina seilbh acu, má cheanglaítear amhlaidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle ( 8 ), ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta bailí acu;

(c) 

tugann siad údar cuí do chuspóir agus coinníollacha na tréimhse fanachta atá beartaithe, agus tá cóir leordhóthanach mhaireachtála acu d’fhad na tréimhse fanachta agus chun filleadh ar a dtír bhunaidh nó chun aistriú go tríú tír áit a bhfuil siad cinnte go dtabharfar cead isteach dóibh, nó a mbeidh siad in ann an chóir mhaireachtála sin a fháil go dleathach;

(d) 

ní daoine iad a bhfuil foláireamh eisithe ina leith in CFS chun cead isteach a dhiúltú;

(e) 

ní mheastar gur baol do bheartas poiblí, slándáil inmheánach, sláinte phoiblí ná caidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit iad, go háirithe i gcás nach bhfuil foláireamh eisithe i mbunachair shonraí náisiúnta na mBallstát chun cead isteach a dhiúltú ar an mbonn céanna;

▼M3

(f) 

cuireann siad sonraí bithmhéadracha ar fáil, más gá sin chun:

(i) 

an sainchomhad a chruthú in EES i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(ii) 

seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(3)(a)(i) agus (g)(i) den Rialachán seo, le hAirteagal 23(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, nuair is infheidhme, le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ).

1a.  
Déanfar an tréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh mar thréimhse amháin do na Ballstáit sin a oibríonn EES ar bhonn Rialachán (AE) 2017/2226. Déanfar an tréimhse sin a ríomh ar leithligh i gcás gach ceann de na Ballstáit nach n-oibríonn EES.

▼B

2.  
Chun críocha mír 1 a chur chun feidhme, measfar gurb é an lá a rachfar isteach an chéad lá den fhanacht ar chríoch na mBallstát agus measfar gurb é an lá a fhágtar an lá deireanach den fhanacht ar chríoch na mBallstát. Ní áireofar tréimhsí fanachta atá údaraithe faoi chead cónaithe nó faoi víosa fadfhanachta agus tréimhse fanachta ar chríoch na mBallstát á ríomh.
3.  
Áirítear in Iarscríbhinn I liosta neamh-uileghabhálach de dhoiciméid tacaíochta a fhéadfaidh an garda teorann a iarraidh ar an náisiúnach tríú tír chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1(c) a fhíorú.
4.  
Deanfar cóir mhaireachtála a mheas i gcomhréir le fad agus cuspóir na fanachta agus trí thagairt a dhéanamh do na meánphraghsanna sa Bhallstát lena mbaineann nó sna Ballstáit lena mbaineann le haghaidh bia agus lóistín i gcóiríocht bheagchostais, arna n-iolrú faoin líon laethanta a fhanfar.

Cuirfear na méideanna tagartha a leagann na Ballstáit síos in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39.

Féadfar an measúnú ar chóir leordhóthanach mhaireachtála a bhunú ar luach an airgid thirim, na seiceanna taistil agus na gcártaí creidmheasa atá i seilbh an náisiúnaigh tríú tír. Glacfar le dearbhuithe urraíochta, i gcás ina ndéantar foráil maidir le dearbhuithe den chineál sin sa dlí náisiúnta, agus le litreacha deimhniúcháin ó óstaigh, mar atá sainmhínithe sa dlí náisiúnta, i gcás ina bhfuil an náisiúnach tríú tír ag fanacht le hóstach, glacfar leo sin mar fhianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála.

5.  

De mhaolú ar mhír 1:

(a) 

maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcomhlíonann na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 1 ach a mbeidh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, údarófar dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát eile chun críocha idirthurais ionas go bhféadfaidh siad críoch an Bhallstáit inar eisíodh an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a bhaint amach, mura rud é go mbeidh a n-ainmneacha ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit arb iad a theorainneacha seachtracha atá uathu a thrasnú agus go mbeidh treoracha ag gabháil leis an bhfoláireamh á rá nach mór dul isteach nó idirthuras a dhiúltú;

(b) 

maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, seachas na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b), agus a chuirfidh iad féin in iúl ag an teorainn, féadfar údarú dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát, má eisítear víosa ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ).

Cuirfidh na Ballstáit staidreamh le chéile maidir leis na víosaí a eisítear ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis.

Mura bhfuil sé indéanta víosa a ghreamú den doiciméad, déanfar é a ghreamú, go heisceachtúil, de bhileog ar leith a chuirfear isteach sa doiciméad. I gcás den sórt sin, úsáidfear an fhormáid aonfhoirmeach le haghaidh foirmeacha chun an víosa a ghreamú, arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle ( 11 );

(c) 

féadfaidh Ballstát náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 a údarú le dul isteach ar a chríoch ar fhorais daonnúla, ar fhorais leasa náisiúnta nó i ngeall ar oibleagáidí idirnáisiúnta. I gcás gur ábhar foláirimh amhail dá dtagraítear i mír 1(d) an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, cuirfidh an Ballstát a thugann údarú dó nó di dul isteach ar a chríoch na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin.

▼M3

Airteagal 6a

Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil sonraí le hiontráil in EES ina leith

1.  

Ar dhul isteach agus ar imeacht, déanfar sonraí ar na catagóirí seo a leanas de dhaoine a iontráil in EES i gcomhréir le hAirteagail 16, 17, 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2017/2226:

(a) 

náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta de bhun Airteagal 6(1) den Rialachán seo;

(b) 

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis agus nach bhfuil cárta cónaithe acu de bhun na Treorach sin;

(c) 

náisiúnaigh tríú tír:

(i) 

ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile; agus

(ii) 

nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (AE) 1030/2002 ina seilbh acu.

2.  
Sonraí náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, déanfar na sonraí sin a iontráil in EES i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226.
3.  

Ní iontrálfar sonraí ar na catagóirí daoine seo a leanas in EES:

(a) 

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo agus a bhfuil cárta cónaithe ina seilbh acu de bhun na Treorach sin, bíodh nó ná bíodh go dtagann siad in éineacht leis an saoránach sin den Aontas nó go dtagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh;

(b) 

náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír, bíodh nó ná bíodh go dtagann siad in éineacht leis an náisiúnach tríú tír sin nó go dtagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh, sa chás:

(i) 

go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta ag an náisiúnach tríú tír sin atá coibhéiseach le ceart saoránach de chuid an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus

(ii) 

go bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE nó cead cónaithe de bhun Rialachán (AE) 1030/2002 i seilbh na náisiúnach tríú tír sin;

(c) 

sealbhóirí na gceadanna cónaithe dá dtagraítear i bpointe 16 d’Airteagal 2 seachas iad siúd a chumhdaítear le pointe (a) agus le pointe (b) den mhír seo;

(d) 

sealbhóirí víosaí fadfhanachta;

(e) 

náisiúnaigh tríú tír a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) nó le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 );

(f) 

náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne agus ►C1  sealbhóirí pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine nó an Suí Naofa; ◄

(g) 

daoine nó catagóirí daoine atá díolmhaithe ó sheiceálacha teorann nó a bhaineann tairbhe as rialacha sonracha maidir le seiceálacha teorann, eadhon:

(i) 

Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga, i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn VII;

(ii) 

píolótaí aerárthaí agus baill eile den chriú i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn VII;

(iii) 

maraithe i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn VII, agus maraithe nach bhfuil i láthair ar chríoch Ballstáit ach amháin nuair a thagann a long i dtír agus i limistéar an chalafoirt amháin;

(iv) 

oibrithe trasteorann i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn VII;

(v) 

seirbhísí tarrthála, póilíní, briogáidí dóiteáin agus iad ag gníomhú i gcás éigeandála agus gardaí teorann, i gcomhréir le pointe 7 d’Iarscríbhinn VII;

(vi) 

oibrithe amach ón gcósta i gcomhréir le pointe 8 d’Iarscríbhinn VII;

(vii) 

baill den chriú agus paisinéirí long cúrsála i gcomhréir le pointe 3.2.1, le pointe 3.2.2 agus le pointe 3.2.3 d’Iarscríbhinn VI;

(viii) 

daoine atá ar bord bád pléisiúir nach bhfuil faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le pointe 3.2.4, le pointe 3.2.5 agus le pointe 3.2.6 d’Iarscríbhinn VI;

(h) 

daoine a bhaineann tairbhe as maolú ón oibleagáid gan teorainneacha seachtracha a thrasnú ach ag pointí trasnaithe teorann agus le linn na n-uaireanta oscailte seasta a leagtar síos de bhun Airteagal 5(2);

(i) 

daoine a thaispeánann cead tráchta teorann áitiúil atá bailí chun go dtrasnóidh siad an teorainn i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 );

(j) 

baill de chriú traenacha paisinéirí agus earraí agus iad ar naisc idirnáisiúnta;

(k) 

daoine a thaispeánann, chun an teorainn a thrasnú:

(i) 

Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe atá bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle ( *4 ); nó

(ii) 

Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe atá bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, ar choinníoll go ndéanann siad a n-idirthuras d’iarnród agus nach dtuirlingíonn siad laistigh de chríoch Ballstáit.

▼B

CAIBIDIL II

Teorainneacha seachtracha a rialú agus cead isteach a dhiúltú

Airteagal 7

Seoladh na seiceálacha teorann

1.  
Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh gardaí teorann dínit an duine a urramú go hiomlán, go háirithe i gcásanna a bhaineann le daoine soghonta.

Beidh aon bheart a dhéantar i bhfeidhmiú a ndualgas comhréireach leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

2.  
Fad a bheidh seiceálacha teorann á ndéanamh acu, ní dhéanfaidh gardaí teorann idirdhealú ar dhaoine ar bhonn gnéis, bunadh ciníoch nó eithneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonadh gnéis.

Airteagal 8

Seiceálacha teorann ar dhaoine

1.  
Beidh gluaiseacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha faoi réir seiceálacha ag na gardaí teorann. Déanfar seiceálacha i gcomhréir leis an gcaibidil seo.

Mar chuid de na seiceálacha féadfar seiceáil a dhéanamh freisin ar an modh iompair agus na hábhair atá i seilbh na ndaoine atá ag trasnú na teorann. Beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit lena mbaineann maidir le haon chuardach a dhéanfar.

▼M2

2.  

Ar theacht isteach agus ar imeacht amach dóibh, beidh daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais faoi réir na seiceálacha seo a leanas:

(a) 

fíorú ar chéannacht agus ar náisiúntacht an duine agus ar bharántúlacht agus ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, lena n-áirítear trí na bunachair sonraí ábhartha a cheadú, iad seo a leanas go háirithe:

(1) 

CFS;

(2) 

bunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a Goideadh agus a Cailleadh (DTGC);

(3) 

bunachair sonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mí-leithghabháladh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí.

▼M3

Má tá meán leictreonach stórála (slis) sa doiciméad taistil, deimhneofar barántúlacht agus sláine shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí, ach amháin mura bhfuil sin indéanta go teicniúil nó, i gcás doiciméad taistil arna eisiúint ag tríú tír, mura bhfuil sé indéanta toisc nach bhfuil deimhnithe bailí ar fáil.

▼M2

(b) 

fíorú nach meastar duine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige nó aici faoi dhlí an Aontais a bheith ina bhagairt nó ina bagairt do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach, do shláinte phoiblí nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, lena n-áirítear trí CFS agus bunachair sonraí ábhartha eile de chuid an Aontais a cheadú. Tá an méid sin gan dochar do bhunachair sonraí náisiúnta agus do bhunachair sonraí Interpol a cheadú.

I gcás ina bhfuil amhras faoi bharántúlacht an doiciméid taistil nó faoi chéannacht a shealbhóra, déanfar fíorú ar cheann amháin ar a laghad de na sainaitheantóirí bithmhéadracha atá ionchorpraithe sna pasanna agus sna doiciméid taistil a eisítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004. I gcás inar féidir é, déanfar fíorú den sórt sin freisin maidir le doiciméid taistil nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin.

▼M3

Maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorófar a gcéannacht i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, más infheidhme, déanfar sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Rialachán sin.

▼M2

2a.  

Dá mba rud é go bhféadfadh na seiceálacha sna bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 tionchar díréireach a imirt ar an sreabhadh tráchta, féadfaidh Ballstát a chinneadh na seiceálacha sin a dhéanamh ar bhonn spriocdhírithe ag pointí trasnaithe teorann sonracha, tar éis measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le beartas poiblí, le slándáil inmheánach, le sláinte phoiblí nó le caidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit.

Ní rachaidh raon feidhme ná fad an laghdaithe shealadaigh go dtí seiceálacha spriocdhírithe sna bunachair sonraí thar a bhfuil fíor-riachtanach agus saineofar an raon feidhme agus an fad sin i gcomhréir le measúnú riosca arna dhéanamh ag an mBallstát lena mbaineann. Luafar sa mheasúnú riosca na cúiseanna atá leis an laghdú sealadach go dtí seiceálacha spriocdhírithe sna bunachair sonraí agus cuirfear san áireamh ann, inter alia, an tionchar díréireach a bheadh ar an sreabhadh tráchta agus déanfar foráil maidir le staidreamh i ndáil le paisinéirí agus i ndáil le teagmhais a bhaineann le coireacht trasteorann. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

Maidir le daoine nach bhfuil, i bprionsabal, faoi réir seiceálacha spriocdhírithe sna bunachair sonraí, beidh siad ar a laghad faoi réir seiceáil d’fhonn a gcéannacht a bhunú ar bhonn doiciméid taistil a thabhairt ar aird nó a thíolacadh. Is é a bheidh i gceist le seiceáil den sórt sin fíorú pras éasca ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, agus fíorú i dtaobh an bhfuil comharthaí falsaithe nó góchumtha air, i gcás inarb iomchuí trí fheistí teicniúla a úsáid, agus, i gcásanna ina bhfuil amhras faoin doiciméad taistil nó ina léirítear go bhféadfadh an duine sin beartas poiblí, slándáil inmheánach, sláinte phoiblí nó caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chur i mbaol, déanfaidh an garda cósta na bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 a cheadú.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann a mheasúnú riosca agus aon nuashonrú a dhéanfar air chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Gníomhaireacht”), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), gan mhoill agus gach sé mhí tuairisceoidh sé don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht i dtaobh chur i bhfeidhm na seiceálacha sna bunachair sonraí a rinneadh ar bhonn spriocdhírithe. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh an measúnú riosca nó codanna de a aicmiú.

2b.  

I gcás ina bhfuil rún ag Ballstát seiceálacha spriocdhírithe a dhéanamh sna bunachair sonraí de bhun mhír 2a, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún dá réir sin gan mhoill. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh an fógra nó codanna de a aicmiú.

I gcás inarb ábhar imní do na Ballstáit, don Ghníomhaireacht nó don Choimisiún an rún seiceálacha spriocdhírithe a dhéanamh sna bunachair sonraí, tabharfaidh siad fógra faoin ábhar imní sin don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-ábhar imní sin a chur san áireamh.

2c.  
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 8 Aibreán 2019, meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar iarmhairtí mhír 2 a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
2d.  

Maidir le teorainneacha aeir, beidh feidhm ag mír 2a agus ag mír 2b maidir leo ar feadh idirthréimhse uasta sé mhí ón 7 Aibreán 2017.

I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina bhfuil deacrachtaí sonracha bonneagair ann ag aerfort áirithe a éilíonn tréimhse ama níos faide i gcomhair oiriúnuithe d’fhonn go mbeifear in ann seiceálacha córasacha a dhéanamh sna bunachair sonraí gan tionchar díréireach a bheith aige sin ar an sreabhadh tráchta, féadfar an idirthréimhse sé mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú don aerfort áirithe sin suas go dtí uastréimhse 18 mí i gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear sa tríú fomhír.

Chun na críche sin, déanfaidh an Ballstát, ar a dhéanaí trí mhí roimh dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, fógra a thabhairt don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile faoi na deacrachtaí sonracha bonneagair san aerfort lena mbaineann, na bearta atá beartaithe chun iad a leigheas agus an tréimhse ama a éilítear dá gcur chun feidhme.

I gcás ina bhfuil deacrachtaí sonracha bonneagair ann a éilíonn tréimhse ama níos faide i gcomhair oiriúnuithe, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí amháin tar éis an fógra dá dtagraítear sa tríú fomhír a fháil agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, an Ballstát lena mbaineann a údarú an idirthréimhse a fhadú don aerfort lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, leagfaidh sé síos tréimhse an fhadaithe sin.

2e.  

Féadfar na seiceálacha sna bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 a dhéanamh roimh ré ar bhonn sonraí faoi phaisinéirí a fhaightear i gcomhréir le Treoir 2004/82/CE ón gComhairle ( 13 ) nó i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile.

I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin roimh ré ar bhonn sonraí den sórt sin faoi phaisinéirí, déanfar na sonraí a fuarthas roimh ré a sheiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann i gcomparáid leis na sonraí sa doiciméad taistil. Déanfar céannacht agus náisiúntacht an duine lena mbaineann, mar aon le barántúlacht agus bailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, a fhíorú freisin.

2f.  
De mhaolú ar mhír 2, maidir leis na daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha talún na mBallstát ar ina leith atá an fíorú i gcomhréir le nósanna imeachta meastóireachta is infheidhme Schengen curtha i gcrích cheana féin, ach nár glacadh an cinneadh go fóill i dtaobh rialuithe ar a dteorainneacha inmheánacha a ardú de bhun fhorálacha ábhartha na nIonstraimí Aontachais ábhartha, ní fhéadfaidh siad bheith faoi réir na seiceálacha ar theacht amach dóibh dá dtagraítear i mír 2 ach amháin ar bhonn neamhchórasach, bunaithe ar mheasúnú riosca.

▼B

3.  

Beidh náisiúnaithe tríú tír faoi réir na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh mar seo a leanas:

(a) 

beidh fíorú ar na coinníollacha a rialaíonn dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) agus, nuair is infheidhme, ar na doiciméid a údaraíonn cónaí agus saothrú gníomhaíochta gairmiúla, mar chuid de na seiceálacha críochnúla a dhéanfar ar dhul isteach dóibh. Áireofar leis sin scrúdú mionsonraithe a chumhdaíonn na gnéithe seo a leanas:

▼M2

(i) 

fíorú ar chéannacht agus ar náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír agus ar bharántúlacht agus ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, lena n-áirítear trí na bunachair sonraí ábhartha a cheadú, iad seo a leanas go háirithe:

(1) 

CFS;

(2) 

bunachar sonraí Interpol faoi DTCG;

(3) 

bunachair sonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mí-leithghabháladh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí.

▼M3

I gcás pasanna agus doiciméid taistil ina bhfuil meán leictreonach stórála (slis), déanfar barántúlacht agus sláine shonraí na slise a sheiceáil, faoi réir infhaighteacht deimhnithe bailí.

Cé is moite de na náisiúnaigh tríú tír ar cláraíodh sainchomhad ina leith cheana in EES, i gcás ina bhfuil íomhá d’aghaidh sa doiciméad taistil a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil rochtain a fháil ar an íomhá den aghaidh sin, beidh sé ina chuid den fhíorú sin an íomhá sin den aghaidh a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh go leictreonach idir an íomhá sin den aghaidh agus an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. Más indéanta go teicniúil agus go dleathach é, is féidir an fíorú sin a dhéanamh trí fhíorú a dhéanamh ar na méarloirg bheo i gcomparáid leis na méarloirg a taifeadadh sa mheán leictreonach stórála (slis);

▼M2

(ii) 

fíorú go bhfuil an víosa nó an cead cónaithe atá riachtanach ag gabháil leis an doiciméad taistil, i gcás inarb infheidhme;

▼M3

(iii) 

maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach nó diúltú a gcead isteach faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorófar a gcéannacht i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, más infheidhme, déanfar iad a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Rialachán sin;

▼M3

(iiia) 

maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach nó diúltú a gcead isteach faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú nach bhfuil uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát sroichte ag an náisiúnach tríú tír ná nár fhan sé níos faide ná an fad sin agus, i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó ina seilbh acu, fíorú gur chloígh siad leis an uaslíon uaireanta a n-údaraítear dóibh dul isteach, trí EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2226;

▼B

(iv) 

fíorú maidir leis an bpointe imeachta agus ceann scríbe an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus cuspóir na fanachta beartaithe, trí sheiceáil a dhéanamh, más gá, ar na doiciméid tacaíochta chomhfhreagracha;

(v) 

fíorú go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann d’fhad agus cuspóir na tréimhse fanachta atá beartaithe, chun filleadh ar a thír bhunaidh nó ar a tír bhunaidh nó chun aistriú chuig tríú tír áit a bhfuil sé nó sí cinnte go dtabharfar cead isteach dó nó di, nó a mbeidh sé nó sí in ann an chóir mhaireachtála sin a fháil go dleathach;

▼M2

(vi) 

fíorú nach dócha go gcuirfidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, ná a mhodh taistil nó a modh taistil agus na hábhair atá á n-iompar aige nó aici, beartas poiblí, slándáil inmheánach, sláinte phoiblí ná caidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit i mbaol. Mar chuid d’fhíorú den sórt sin, déanfar na sonraí agus foláirimh maidir le daoine a cheadú go díreach chomh maith le hábhair atá san áireamh in CFS agus i mbunachair sonraí ábhartha eile de chuid an Aontais, nuair is gá, agus an beart atá le déanamh, más ann dó, mar thoradh ar fholáireamh. Tá an méid sin gan dochar do bhunachair sonraí náisiúnta agus do bhunachair sonraí Interpol a cheadú;

▼B

(b) 

má bhíonn víosa dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) ina sheilbh ag náisiúnach tríú tír,.is éard a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach go bhfíorófar céannacht shealbhóir an víosa agus barántúlacht an víosa, trí bhíthin an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

▼M5

(bb) 

i gcás ina mbíonn víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ar seilbh ag náisiúnach tríú tír, is é a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach go bhfíorófar céannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe agus barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe trí VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 22g de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

In imthosca ina dteipfidh ar an bhfíorú ar chéannacht shealbhóir na víosa fadfhanachta nó an cheada chónaithe nó ar fhíorú bharántúlacht nó bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada chónaithe, nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra nó le barántúlacht na víosa fadfhanachta nó an cheada chónaithe nó an doiciméid taistil, déanfaidh foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil sin an tslis doiciméid a fhíorú;

▼M5 —————

▼B

(g) 

mar chuid de na seiceálacha críochnúla ar imeacht beidh:

▼M3

(i) 

fíorú ar chéannacht agus ar náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír agus ar bharántúlacht agus ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, lena n-áirítear trí na bunachair sonraí ábhartha a cheadú, iad seo a leanas go háirithe:

(1) 

SIS;

(2) 

bunachar sonraí SLTD Interpol;

(3) 

bunachair sonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí.

I gcás pasanna agus doiciméid taistil ina bhfuil meán leictreonach stórála (slis), déanfar barántúlacht agus sláine shonraí na slise a sheiceáil, faoi réir infhaighteacht deimhnithe bailí.

Cé is moite de na náisiúnaigh tríú tír a gcláraítear sainchomhad ina leith cheana in EES, i gcás ina bhfuil íomhá d’aghaidh sa doiciméad taistil a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus má tá sé indéanta go teicniúil rochtain a fháil ar an íomhá sin den aghaidh, beidh sé ina chuid den fhíorú sin an íomhá sin den aghaidh a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh go leictreonach idir an íomhá sin den aghaidh agus an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. Más indéanta go teicniúil agus go dleathach é, is féidir an fíorú sin a dhéanamh trí fhíorú a dhéanamh ar na méarloirg bheo i gcomparáid leis na méarloirg a taifeadadh sa mheán leictreonach stórála (slis);

▼M2

(ii) 

fíorú nach meastar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a bheith ina bhagairt nó ina bagairt do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach, do shláinte phoiblí ná do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, lena n-áirítear trí CFS agus bunachair sonraí ábhartha eile de chuid an Aontais a cheadú. Tá an méid sin gan dochar do bhunachair sonraí náisiúnta agus do bhunachair sonraí Interpol a cheadú;

▼M3

(iii) 

maidir le daoine a bhfuil a n-imeacht faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú ar a gcéannacht i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, más infheidhme, déanfar sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Rialachán sin;

(iv) 

maidir le daoine a bhfuil a n-imeacht faoi réir clárú in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú nár fhan an náisiúnach tríú tír níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát, trí EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (AE) 2017/2226;

▼B

(h) 

sa bhreis ar na seiceálacha dá dtagraítear i bpointe (g), féadfar a áireamh i seiceálacha críochnúla ar imeacht an méid seo a leanas:

(i) 

fíorú go bhfuil víosa bhailí i seilbh an duine, más gá de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí aige nó aici; féadfaidh sé go gceadófar VIS san fhíorú sin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

▼M3 —————

▼M2 —————

▼M3

(i) 

chun críche aon duine a shainaithint nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, féadfar VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus féadfar EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2017/2226;

▼M2

(ia) 

féadfar na seiceálacha sna bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus (vi) agus i bpointe (g) a dhéanamh roimh ré ar bhonn sonraí faoi phaisinéirí a fhaightear i gcomhréir le Treoir 2004/82/CE nó le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile.

I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin roimh ré ar bhonn sonraí den sórt sin faoi phaisinéirí, déanfar na sonraí a fuarthas roimh ré a sheiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann i gcomparáid leis na sonraí sa doiciméad taistil. Déanfar céannacht agus náisiúntacht an duine lena mbaineann, mar aon le barántúlacht agus bailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, a fhíorú freisin;

(ib) 

i gcás ina bhfuil amhras faoi bharántúlacht an doiciméid taistil nó faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, áireofar ar na seiceálacha, i gcás inar féidir, fíorú ar cheann amháin ar a laghad de na sainaitheantóirí bithmhéadracha atá ionchorpraithe sna doiciméid taistil.

▼B

4.  
I gcás ina bhfuil na saoráidí ann agus ina n-iarrann an náisiúnach tríú tír amhlaidh, déanfar na seiceálacha críochnúla sin in áit phríobháideach.

▼M4

4a.  
I gcás, agus duine ag dul isteach nó ag imeacht dó, inarb é nasc buí an toradh a bheidh le ceadú na mbunachar sonraí ábhartha lena n-áirítear an brathadóir ilchéannachtaí tríd an tairseach cuardaigh Eorpaigh a bunaíodh in Airteagal 25(1) agus Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) nó ina mbraitear nasc dearg, rachfaidh an garda teorann i gcomhairle leis an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) den Rialachán sin nó SIS nó an dá rud chun na difríochtaí sna sonraí céannachta nó i sonraí an doiciméid taistil atá nasctha a mheasúnú. Déanfaidh an garda teorann aon fhíorú breise is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le stádas agus dath an naisc.

I gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2019/817, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin ó thús oibríochtaí an bhrathadóra ilchéannachtaí faoi Airteagal 72(4) den Rialachán sin.

▼B

5.  
Gan dochar don dara fomhír, tabharfar faisnéis i scríbhinn do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir seiceáil chuimsitheach ar an dara líne ar faisnéis í maidir le cuspóir agus nós imeachta na seiceála sin, agus tabharfar an fhaisnéis sin dóibh i dteanga a thuigeann siad nó arb fhéidir glacadh leis ar bhonn réasúnta go bhfuil siad in ann an teanga sin a thuiscint, nó tabharfar an fhaisnéis sin dóibh ar bhealach éifeachtach eile.

Beidh an fhaisnéis sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus i dteanga nó teangacha na tíre nó na dtíortha a bhfuil teorainn acu leis an mBallstát lena mbaineann, agus luafar inti go bhféadfaidh an náisiúnach tríú tír ainm nó uimhir aitheantais seirbhíse na ngardaí teorann a dhéanann an tseiceáil chríochnúil ag an dara líne, ainm an phointe trasnaithe teorann agus an dáta a trasnaíodh an teorainn a iarraidh.

6.  
Is i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE a dhéanfar seiceálacha ar dhuine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais.
7.  
Leagtar síos in Iarscríbhinn II rialacha mionsonraithe a rialaíonn an fhaisnéis atá le clárú.
8.  
I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 5(2)(a) nó (b), féadfaidh na Ballstáit maoluithe a thabhairt ar na rialacha atá leagtha amach san Airteagal seo freisin.

▼M3

9.  
Cuirfear na náisiúnaigh tríú tír ar an eolas faoi uaslíon laethanta na tréimhse fanachta údaraithe, lena gcuirfear san áireamh líon na mbabhtaí dul isteach agus fad an fhanachta arna údarú leis an víosa. Soláthróidh an garda teorann an fhaisnéis sin tráth na seiceálacha teorann nó is féidir í a sholáthar trí bhíthin trealamh suiteáilte ag an bpointe trasnaithe teorann lena bhféadfaidh an náisiúnach tríú tír an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 a cheadú.

Airteagal 8a

Córais féinfhreastail a úsáid chun sonraí a réamhchlárú in EES

1.  

Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES, i gcomhréir le hAirteagal 6a, féadfaidh siad córais féinfhreastail a úsáid chun críche na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (4) den Airteagal seo a réamhchlárú in EES, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá sa doiciméad taistil meán leictreonach stórála (slis), agus deimhnítear barántúlacht agus sláine shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b) 

tá sa doiciméad taistil íomhá den aghaidh a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus a bhfuil sé indéanta go teicniúil don chóras féinfhreastail rochtain a fháil uirthi sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa mheán leictreonach stórála (slis) agus an íomhá bheo dá aghaidh nó dá haghaidh; más indéanta go teicniúil agus go dleathach é, is féidir an fíorú sin a dhéanamh trí fhíorú a dhéanamh ar na méarloirg bheo i gcomparáid leis na méarloirg a taifeadadh sa mheán leictreonach stórála (slis) atá sa doiciméad taistil.

2.  
De bhun mhír 1 den Airteagal seo, fíorófar leis an gcóras féinfhreastail ar cláraíodh an duine in EES roimhe sin agus fíorófar céannacht an náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226.
3.  
I gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, déanfar sainaithint leis an gcóras féinfhreastail i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán sin.

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, i gcás ina ndéantar sainaithint in EES:

(a) 

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, má léiríonn an cuardach i VIS a dhéantar ar bhonn na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 go bhfuil taifead ar an duine i VIS, déanfar fíorú méarlorg i gcomparáid le sonraí VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. I gcás nach bhfuil aon toradh ar fhíorú an duine de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfar sonraí VIS a rochtain chun sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b) 

maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus nach n-aimsítear sonraí ina leith in EES de thoradh an chuardaigh aitheantais arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2017/2226, ceadófar VIS i gcomhréir le hAirteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

4.  

I gcás nach bhfuil sonraí a bhaineann leis an duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar taifead in EES de bhun mhír 2 agus mhír 3:

(a) 

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, réamhchláróidh siad in EES tríd an gcóras féinfhreastail na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 16(1) agus Airteagal 16(2)(c) go (f) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus, i gcás inarb ábhartha, na sonraí dá dtagraítear faoi Airteagal 16(6) den Rialachán sin, agus maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, réamhchláróidh siad in EES tríd an gcóras féinfhreastail na sonraí a liostaítear faoi Airteagal 17(1)(a), (b) agus (c) agus in Airteagal 16(2)(c) den Rialachán sin agus, i gcás inarb ábhartha, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17 (1)(d) den Rialachán sin;

(b) 

ina dhiaidh sin, cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann agus déanfaidh an garda teorann:

(i) 

na sonraí lena mbaineann a réamhchlárú, i gcás nárbh fhéidir na sonraí riachtanacha go léir a bhailiú tríd an gcóras féinfhreastail,

(ii) 

a fhíorú:

— 
gurb ionann an doiciméad taistil a úsáideadh ag an gcóras féinfhreastail agus an doiciméad taistil atá ag an duine atá os comhair an gharda teorann amach,
— 
gurb ionann an íomhá bheo d’aghaidh an duine lena mbaineann agus an íomhá den aghaidh a bailíodh tríd an gcóras féinfhreastail, agus
— 
i gcás daoine nach bhfuil víosa acu a cheanglaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, gurb ionann méarloirg bheo an duine lena mbaineann agus na méarloirg a bailíodh tríd an gcóras féinfhreastail;
(iii) 

nuair a bheidh an cinneadh déanta cé acu a údarófar an cead isteach nó a dhiúltófar é, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a dheimhniú agus iontrálfaidh an garda teorann in EES na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(2)(a) agus (b) agus in Airteagal 18(6)(a), (b), (c) agus (d) de Rialachán (AE) 2017/2226.

5.  
I gcás ina léiríonn na hoibríochtaí dá bhforáiltear i mír 2 agus i mír 3 go bhfuil sonraí maidir leis an duine dá dtagraítear i mír 1 ar taifead in EES, déanfar measúnú tríd an gcóras féinfhreastail an gá aon cheann de na sonraí dá dtagraítear i mír (4)(a) a nuashonrú.
6.  

I gcás ina léirítear leis an measúnú dá dtagraítear i mír 5 go bhfuil sainchomhad i leith an duine dá dtagraítear i mír 1 cláraithe in EES ach gur gá a chuid nó a cuid sonraí a nuashonrú, tarlóidh na nithe seo a leanas:

(a) 

déanfaidh an duine na sonraí a nuashonrú in EES trí iad a réamhchlárú tríd an gcóras féinfhreastail;

(b) 

cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann a fhíoróidh cirte an nuashonraithe faoi phointe (a) den mhír seo agus, nuair a bheidh an cinneadh déanta cé acu a údarófar an cead isteach nó a dhiúltófar é, a nuashonróidh an sainchomhad i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2017/2226.

7.  
Feidhmeofar córais féinfhreastail faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air nó uirthi aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó mhínormálta a bhainfear as an gcóras féinfhreastail a bhrath.

Airteagal 8b

Úsáid córas féinfhreastail agus ríomhgheataí do thrasnú teorann arna dhéanamh ag daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES

1.  

Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a, féadfar a cheadú dóibh córas féinfhreastail a úsáid lena gcuid seiceálacha teorann a dhéanamh sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá sa doiciméad taistil meán leictreonach stórála (slis), agus deimhnítear barántúlacht agus sláine shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b) 

tá sa doiciméad taistil íomhá den aghaidh a bhfuil taifead uirthi sa mheán leictreonach stórála (slis) agus a bhfuil sé indéanta go teicniúil don chóras féinfhreastail rochtain a fháil uirthi sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá sin den aghaidh leis an íomhá bheo dá aghaidh nó dá haghaidh; agus

(c) 

tá an duine cláraithe nó réamhchláraithe cheana féin in EES.

2.  
I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, na seiceálacha teorann ar dhul isteach dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus na seiceálacha teorann ar imeacht dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 8(3)(g) agus (h), féadfar iad a dhéanamh trí chóras féinfhreastail. Nuair is trí chóras um rialú uathoibrithe teorann a dhéantar iad, beidh san áireamh leis na seiceálacha teorann arna ndéanamh ar imeacht na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 8(3)(h).

I gcás ina dtugtar rochtain do dhuine ar chlár éascaithe náisiúnta arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 8d, féadfar, leis na seiceálacha teorann arna ndéanamh trí chóras féinfhreastail ar dhul isteach, gan scrúdú ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(a)(iv) agus (v) a chur san áireamh nuair a thrasnaíonn an duine sin teorainneacha seachtracha an Bhallstáit sin nó teorainneacha seachtracha Ballstáit a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aige leis an mBallstát a thug an rochtain dá dtagraítear faoi Airteagal 8d(9).

3.  
Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear ar fáil do gharda teorann torthaí na seiceálacha teorann a rinneadh tríd an gcóras féinfhreastail. Déanfaidh an garda teorann sin faireachán ar thorthaí na seiceálacha teorann agus, na torthaí sin á gcur san áireamh aige, údaróidh an garda teorann an dul isteach nó an imeacht nó, mar mhalairt, cuirfidh an garda teorann an duine ar aghaidh chuig garda teorann a dhéanfaidh tuilleadh seiceálacha.
4.  

Cuirfear an duine atá i gceist ar aghaidh chuig garda teorann de bhun mhír 3 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó roinnt de na coinníollacha a liostaítear faoi mhír1;

(b) 

i gcás ina léiríonn na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht dá bhforáiltear i mír 2 nach gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha maidir le dul isteach nó imeacht, nó níos mó ná ceann amháin díobh;

(c) 

i gcás ina ndéanann torthaí na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht dá bhforailtear i mír 2 amhras a chaitheamh ar chéannacht an duine nó nuair a léiríonn siad go meastar gur bagairt é an duine ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon Bhallstáit nó ar an tsláinte phoiblí;

(d) 

i gcás amhrais;

(e) 

i gcás nach bhfuil aon ríomhgheataí ar fáil.

5.  
Sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an garda teorann atá ag maoirsiú an trasnaithe teorann cinneadh a dhéanamh, ar chúiseanna eile, na daoine atá ag úsáid an chórais fhéinfhreastail a chur ar aghaidh chuig garda teorann.
6.  
Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(1) agus a d’úsáid córas féinfhreastail chun a seiceálacha teorann a dhéanamh, féadfar údarú dóibh ríomhgheata a úsáid. I gcás ina n-úsáidfear ríomhgheata, is le linn don teorainn a bheith á trasnú tríd an ríomhgheata a dhéanfar clárú comhfhreagrach an taifid ar dhul isteach/imeacht agus nascadh an taifid sin leis an sainchomhad comhfhreagrach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/2226. I gcás ina bhfuil an ríomhgheata agus an córas féinfhreastail scartha go fisiciúil, fíorófar céannacht an úsáideora ag an ríomhgheata chun a fhíorú gurb ionann an duine atá ag úsáid an ríomhgheata agus an duine a d’úsáid an córas féinfhreastail. Déanfar an fíorú trí úsáid a bhaint as aitheantóir bithmhéadrach amháin ar a laghad.
7.  
I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, nó a liostaítear iontu araon, féadfar cuid de na seiceálacha teorann ar dhul isteach de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus cuid de na seiceálacha teorann ar imeacht de bhun Airteagal 8(3)(g) agus (h) a dhéanamh trí chóras féinfhreastail. Ní fhéadfaidh an garda teorann a dhéanamh d’fhíoruithe ach na fíoruithe sin de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus Airteagal 8(3)(g) agus (h) nárbh fhéidir a dhéanamh tríd an gcóras féinfhreastail. Ina theannta sin, fíoróidh an garda teorann gurb ionann an doiciméad taistil a úsáideadh ag an gcóras féinfhreastail agus an doiciméad taistil atá ag an duine atá os comhair an gharda teorann sin amach.
8.  
Feidhmeofar córais féinfhreastail agus ríomhgheataí faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air nó uirthi aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó mhínormálta a bhainfear as an gcóras féinfhreastail, as an ríomhgheata, nó astu araon, a bhrath.
9.  
Tá an tAirteagal seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit cead a thabhairt do shaoránaigh de chuid an Aontais, do shaoránaigh Stáit de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, do shaoránaigh na hEilvéise agus do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir clárú in EES úsáid a bhaint as córais féinfhreastail, as ríomhgheataí, nó astu araon, i gcomhair trasnú teorann.

Airteagal 8c

Caighdeáin le haghaidh córais um rialú uathoibrithe teorann

A mhéid is féidir, ceapfar córais um rialú uathoibrithe teorann ar bhealach ina bhféadfaidh gach duine úsáid a bhaint astu, cé is moite de leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois. Ceapfar iad freisin ar bhealach a n-urramaítear dínit an duine ina hiomláine, go háirithe i gcásanna a bhaineann le daoine leochaileacha. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit ar chórais um rialú uathoibrithe teorann a úsáid, áiritheoidh siad go mbeidh foireann leordhóthanach i láthair chun cabhrú le daoine córais den sórt sin a úsáid.

Airteagal 8d

Cláir éascaithe náisiúnta

1.  
Féadfaidh gach Ballstát clár deonach a bhunú (“clár éascaithe náisiúnta”) chun cead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír, nó do náisiúnaigh tríú tír shonrach, nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais tairbhe a bhaint as éascú arna dhéanamh de bhun mhír 2 agus iad ag trasnú teorainn sheachtrach Ballstáit.
2.  
De mhaolú ar Airteagal 8(3)(a), náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dtugtar rochtain ar an gclár éascaithe náisiúnta dóibh, ní gá go mbeadh sé ina chuid de na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(a)(iv) agus (v) nuair a thrasnaíonn na náisiúnaigh tríú tír sin teorainn sheachtrach Ballstáit.
3.  
Déanfaidh an Ballstát réamh-ghrinnfhiosrúchán ar náisiúnaigh tríú tír atá ag cur isteach ar an gclár éascaithe náisiúnta, go háirithe lena fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4.

Is iad gardaí teorann, údaráis víosaí mar a shainmhínítear iad i bpointe 3 d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nó údaráis inimirce mar a shainmhínítear iad i bpointe (4) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 a dhéanfaidh an réamh-ghrinnfhiosrúchán ar náisiúnaigh tríú tír den sórt sin;

4.  

Ní thabharfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 rochtain do dhuine ar an gclár éascaithe náisiúnta ach amháin sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

comhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6(1);

(b) 

tá doiciméad taistil an iarrthóra agus, i gcás inarb infheidhme, víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe an iarrthóra bailí agus níl siad bréagach, góchumtha ná brionnaithe;

(c) 

cruthaíonn an t-iarratasóir gur gá dó nó di bheith ag taisteal go minic nó go rialta nó tugann sé nó sí údar maith leis an rún atá aige nó aici bheith ag taisteal go minic nó go rialta;

(d) 

cruthaíonn an t-iarratasóir a ionracas agus a iontaofacht nó a hionracas agus a hiontaofacht, go háirithe, i gcás inarb infheidhme, úsáid dhleathach víosaí roimhe sin nó víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, a staid eacnamaíoch sa tír thionscnaimh agus an rún a bheidh aige nó aici, dáiríre, críoch na mBallstát a fhágáil sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse údaraithe fanachta. I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2017/2226, beidh rochtain ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar EES chun a fhíorú nár fhan an t-iarratasóir níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát roimhe sin;

(e) 

tugann an t-iarratasóir údar le cuspóir agus coinníollacha na bhfanachtaí atá beartaithe;

(f) 

tá ag an iarratasóir cóir mhaireachtála leordhóthanach d’fhad na bhfanachtaí atá beartaithe agus don fhilleadh ar a thír thionscnaimh nó chónaithe araon, nó tá sé ar chumas an iarratasóra an chóir sin a fháil go dleathach;

(g) 

ceadaítear SIS.

5.  
Is go ceann 1 bhliain amháin ar a mhéid a thabharfar an chéad rochtain ar an gclár éascaithe náisiúnta. Féadfar rochtain a shíneadh go ceann 5 bliana breise ar a mhéid nó go dtí deireadh thréimhse bailíochta an doiciméid taistil nó aon víosaí dul isteach iolrach, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a eisíodh, cibé acu is giorra de na tréimhsí sin.

I gcás síneadh, déanfaidh an Ballstát athbhreithniú gach bliain ar staid gach náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rochtain tugtha ar an gclár éascaithe náisiúnta dó, d’fhonn deimhin a dhéanamh de go léiríonn an fhaisnéis nuashonraithe go bhfuil an náisiúnach tríú tír sin fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 4. Féadfar an t-athbhreithniú sin a dhéanamh nuair a dhéantar seiceálacha teorann.

6.  
Na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b), agus ar imeacht de bhun Airteagal 8(3)(g), cuimseofar iontu freisin fíorú gur rochtain bhailí í an rochtain atá ag an náisiúnach tríú tír ar an gclár éascaithe náisiúnta.

Féadfaidh gardaí teorann an fíorú a dhéanamh ar an náisiúnach tríú tír atá ag baint tairbhe as an gclár éascaithe náisiúnta ar dhul isteach de bhun Airteagal 8(3)(a) agus (b) agus ar imeacht de bhun Airteagal 8(3)(g) gan bithmhéadracht a chur i gcomparáid go leictreonach ach tríd an íomhá den aghaidh a thógfar ón meán leictreonach stórála (slis) agus an íomhá den aghaidh i sainchomhad EES an náisiúnaigh tríú tír a chur i gcomparáid le haghaidh an náisiúnaigh tríú tír. Déanfar fíorú iomlán go randamach, bunaithe ar anailís riosca.

7.  
Déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 an rochtain a tugadh don náisiúnach tríú tír ar an gclár éascaithe náisiúnta a chúlghairm láithreach i gcás ina léirítear nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le rochtain a thabhairt ar an gclár sin nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.
8.  
Agus fíorú á dhéanamh, i gcomhréir le mír 3, cibé an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, cuimhneofar go háirithe ar a mheas an bhfuil baol na hinimirce neamhdhlíthiúla nó baol do shlándáil aon cheann de na Ballstáit ag roinnt leis an iarratasóir agus an bhfuil rún ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil le linn an fhanachta údaraithe.

Is de réir fhad agus chuspóir an fhanachta nó na bhfanachtaí atá beartaithe agus de réir meánphraghsanna cothaithe agus iostais i gcóiríocht bheagchostais sna Ballstáit lena mbaineann a mheasfar, ar bhonn na méideanna tagartha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(c), an chóir mhaireachtála do na fanachtaí atá beartaithe. Féadfaidh cruthúnas ar urraíocht nó ar chóiríocht phríobháideach, nó iad araon, a bheith ina fhianaise ar chóir mhaireachtála leordhóthanach.

Is ar bharántúlacht agus ar iontaofacht na ndoiciméad a cuireadh isteach agus ar fhírinneacht agus ar iontaofacht na ráiteas a rinne an t-iarratasóir, go háirithe, a bhunófar scrúdú iarratais. Má tá aon amhras faoin iarratasóir ar Bhallstát atá freagrach as iarratas a scrúdú, faoi ráitis a thug sé nó faoi dhoiciméid tacaíochta a cuireadh ar fáil, féadfaidh an Ballstát sin dul i gcomhairle le Ballstáit eile sula ndéanfar aon chinneadh faoin iarratas.

9.  
Dhá Bhallstát nó níos mó a bhfuil clár éascaithe náisiúnta dá gcuid féin curtha ar bun acu de bhun an Airteagail seo, féadfaidh siad comhaontú a dhéanamh le chéile chun a áirithiú go bhféadfaidh tairbhithe dá gcuid clár éascaithe náisiúnta tairbhe a bhaint as aon éascú a aithnítear faoi chlár éascaithe náisiúnta eile. Laistigh de theorainn ama aon mhí amháin ó thráth chur i gcrích an chomhaontaithe, tarchuirfear cóip den chomhaontú chuig an gCoimisiún.
10.  
Agus clár éascaithe náisiúnta á bhunú acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an córas atá acu chun an clár a oibriú na caighdeáin slándála sonraí a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/2226. Déanfaidh na Ballstáit measúnú cuí faisnéise ar an riosca slándála agus beidh na freagrachtaí maidir le slándáil soiléir sna céimeanna ar fad atá sa phróiseas.
11.  
Roimh dheireadh an tríú bliain de chur i bhfeidhm an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a chur chun feidhme a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I bhfianaise na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh clár de chuid an Aontais a bhunú do náisiúnaigh tríú tír a bhíonn ag taisteal go minic agus a bhfuil réamh-ghrinnfhiosrúcháin déanta ina leith.

▼B

Airteagal 9

Seiceálacha teorann a mhaolú

1.  
Féadfar seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha a mhaolú mar thoradh ar chúinsí eisceachtúla gan choinne. Measfar gur cúinsí eisceachtúla gan choinne iad cúinsí a mbeadh an oiread sin tráchta mar thoradh orthu go mbeadh an tréimhse feithimh ag an bpointe trasnaithe teorann iomarcach, agus a mbeadh na hacmhainní uile ídithe ó thaobh foirne, saoráidí agus eagrúcháin de.
2.  
I gcás ina ndéantar seiceálacha teorann a mhaolú i gcomhréir le mír 1, i bprionsabal, beidh tosaíocht ag seiceálacha teorann ar ghluaiseachtaí isteach ar sheiceálacha teorann ar ghluaiseachtaí imeachta.

Is é an garda teorann a bheidh i gceannas ag an bpointe trasnaithe teorann a dhéanfaidh an cinneadh seiceálacha a mhaolú.

Ar bhonn sealadach a dhéanfar an maolú sin ar sheiceálacha, cuirfear in oiriúint é do chúinsí atá mar údar leis agus tabharfar isteach de réir a chéile é.

▼M3

3.  
Fiú amháin i gcás ina ndéanfar na seiceálacha a mhaolú, iontrálfaidh an garda teorann na sonraí in EES, i gcomhréir le hAirteagal 6a. I gcás nach féidir na sonraí a iontráil go leictreonach, iontrálfar de láimh iad.

▼M3

3a.  

I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil sonraí a iontráil i Lárchóras EES nó i gcás chliseadh Lárchóras EES, beidh feidhm ag na forálacha uile seo a leanas:

(i) 

de mhaolú ar Airteagal 6a den Rialachán seo, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16 go hAirteagal 20 de Rialachán(AE) 2017/2226 a stóráil go sealadach sa Chomhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 7 den Rialachán sin. I gcás nach bhfuil sin indéanta, stórálfar na sonraí go háitiúil ar bhonn sealadach i bhformáid leictreonach. Sa dá chás sin, déanfar na sonraí a iontráil i Lárchóras EES a luaithe a leigheasfar an deacracht theicniúil nó an cliseadh. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí agus úsáidfidh siad an bonneagar, an trealamh agus na hacmhainní is gá chun a áirithiú go bhféadfar an stóráil shealadach áitiúil sin a dhéanamh tráth ar bith agus d’aon cheann dá gcuid pointí trasnaithe teorann.

Gan dochar don oibleagáid seiceálacha teorann a dhéanamh faoin Rialachán seo, sa chás eisceachtúil nach mbeadh sé indéanta go teicniúil sonraí a chur i Lárchóras EES agus sa Chomhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta agus nach mbeadh sé indéanta go teicniúil sonraí a stóráil go háitiúil i bhformáid leictreonach, déanfaidh an garda teorann na sonraí maidir le dul isteach/imeacht a stóráil de láimh i gcomhréir le hAirteagal 16 go hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/2226, cé is moite de na sonraí bithmhéadracha, agus greamóidh sé stampa iontrála nó imeachta de dhoiciméad taistil an náisiúnaigh tríú tír. Déanfar na sonraí sin a iontráil i Lárchóras EES a luaithe is féidir sin go teicniúil.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, faoi stampáil doiciméad taistil sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear sa dara fomhír den phointe seo;

(ii) 

de mhaolú ar Airteagal 8(3)(a)(iii) agus (g)(iv) den Rialachán seo, maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa dá dtagraítear in Airteagal 6(1)b acu, déanfar céannacht shealbhóir na víosa a fhíorú trí VIS a cheadú go díreach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil.

▼B

4.  
Uair sa bhliain, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 10

Lánaí ar leith agus faisnéis ar chomharthaí

1.  
Cuirfidh na Ballstáit lánaí ar leith ar fáil, go háirithe ag pointí trasnaithe teorann aeir chun seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine, i gcomhréir le hAirteagal 8. Déanfar idirdhealú idir na lánaí sin trí chomharthaí a chur suas ar a mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

Féadfaidh na Ballstáit lánaí ar leith a chur ar fáil ag na pointí trasnaithe teorann farraige agus talún agus ag na teorainneacha idir na Ballstáit sin nach gcuireann Airteagal 22 i bhfeidhm ag a gcomhtheorainneacha. Úsáidfear na comharthaí ar a mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn III má chuireann na Ballstáit lánaí ar leith ar fáil ag na teorainneacha sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil comharthaí soiléire ar na lánaí sin, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na rialacha a bhaineann le húsáid na lánaí éagsúla a tharscaoileadh faoi mar a fhoráiltear i mír 4, d’fhonn a áirithiú go mbeidh an sreabhadh is mó daoine is féidir ag trasnú na teorann.

2.  
Maidir le daoine a mbeidh ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, beidh siad i dteideal na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gCuid A d’Iarscríbhinn III (“AE, LEE, CH”). Féadfaidh siad freisin na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gCuid B1 (“níl víosa riachtanach”) agus i gcuid B2 (“gach cineál pas”) d’Iarscríbhinn III.

Maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus náisiúnaigh tríú tíortha a mbeidh cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, féadfaidh siad na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gCuid B1 d’Iarscríbhinn III (“níl víosa riachtanach”) a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh siad freisin feidhm a bhaint as na lánaí a bheidh léirithe leis an gcomhartha (“gach cineál pas”) a thaispeántar i gcuid B2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Úsáidfidh gach duine eile na lánaí a bheidh léirithe leis an gcomhartha (“gach cineál pas”) a thaispeántar i gcuid B2 d’Iarscríbhinn III.

Féadfar an fhaisnéis atá ar na comharthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír a léiriú i gcibé teanga nó teangacha a mheasfaidh gach Ballstát a bheith oiriúnach.

Níl sé éigeantach lánaí ar leith a sholáthar a bheidh léirithe leis an gcomhartha a thaispeántar i gcuid B1 d’Iarscríbhinn III (“níl víosa riachtanach”). Cinnfidh na Ballstáit an ndéanfaidh siad na lánaí sin a sholáthar agus cinnfidh siad na pointí trasnaithe teorann i gcomhréir le riachtanais phraiticiúla.

3.  
Ag pointí trasnaithe teorann farraige agus talún, féadfaidh na Ballstát feithiclí a roinnt idir lánaí éagsúla le haghaidh feithiclí éadroma agus troma agus busanna trí na comharthaí a thaispeántar i gcuid C d’Iarscríbhinn III a úsáid.

Féadfaidh na Ballstáit faisnéis éagsúil a bheith acu ar na comharthaí sin nuair is iomchuí, i bhfianaise cúinsí áitiúla.

▼M3

3a.  
I gcás ina gcinnfidh Ballstáit ríomhgheataí, córais féinfhreastail nó córais um rialú uathoibrithe teorann a úsáid, bainfidh siad úsáid as na comharthaí dá bhforáiltear i gCuid D d’Iarscríbhinn III leis na lánaí éagsúla a aithint.
3b.  
I gcás ina gcinnfidh Ballstáit clár éascaithe náisiúnta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8d, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh lánaí ar leith a úsáid do na náisiúnaigh tríú tír a bhaineann tairbhe as clár éascaithe náisiúnta den sórt sin. Bainfidh siad úsáid as na comharthaí dá bhforáiltear i gcuid E d’Iarscríbhinn III leis na lánaí éagsúla a aithint.

▼B

4.  
I gcás míchothromaíocht shealadach i sreafaí tráchta ag pointe trasnaithe teorann áirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla na rialacha a bhaineann le húsáid na lánaí éagsúla a tharscaoileadh ar feadh an ama is gá chun an mhíchothromaíocht sin a réiteach.

▼M3

Airteagal 11

Doiciméid taistil a stampáil

1.  
I gcás ina bhforáiltear go sainráite ina dhlí náisiúnta féin, féadfaidh Ballstát, ar dhul isteach agus ar imeacht, stampáil a dhéanamh ar dhoiciméad taistil na náisiúnach tríú tír sin a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta acu a d’eisigh an Ballstát sin.
2.  
Doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, ina sheilbh aige nó aici, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht. Thairis sin, doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil Doiciméad Idirthurais Éascaithe bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, ina sheilbh aige nó aici, a dhéanann idirthuras d’iarnród agus nach dtuirlingíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht.
3.  
I gcás Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, stampálfar doiciméid taistil náisiúnach tríú tír ag dul isteach dóibh ar chríoch Ballstáit den sórt sin nó ag imeacht aisti, ar bhonn víosa ghearrfhanachta náisiúnta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó.
4.  
Leagtar amach na socruithe praiticiúla maidir le stampáil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 12

Toimhde maidir leis na coinníollacha i dtaobh fad gearrfhanachta a chomhlíonadh

1.  
Gan dochar d’Airteagal 12a, más rud é nach bhfuil sainchomhad cruthaithe do náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch Ballstáit in EES nó nach bhfuil sa taifead ar dhul isteach/imeacht don náisiúnach tríú tír dáta imeachta atá i ndiaidh dháta éaga an fhanachta údaraithe, féadfaidh na húdaráis inniúla a thoimhdiú nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír sin na coinníollacha a bhaineann le fad an fhanachta údaraithe laistigh de chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh iad.
2.  
Ní bheidh feidhm ag an toimhde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le náisiúnach tríú tír atá in ann, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte a chur ar fáil a léiríonn go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige nó aici faoi dhlí an Aontais nó go bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta aige nó aici. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm ag Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2017/2226.
3.  
Féadfar an toimhde dá dtagraítear i mír 1 a bhréagnú i gcás ina gcuirfidh an náisiúnach tríú tír ar fáil, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte, amhail ticéid taistil nó cruthúnas go raibh an náisiúnach tríú tír lasmuigh de chríoch na mBallstát nó fianaise ar dháta éaga ceada chónaithe nó víosa fadfhanachta, a bhí aige nó aici roimhe sin, a léiríonn gur urramaigh sé nó sí na coinníollacha a bhaineann le fad gearrfhanachta.

I gcás bréagnaithe, cruthóidh na húdaráis inniúla sainchomhad in EES más gá nó cuirfidh siad in iúl in EES an dáta agus an áit ar thrasnaigh an náisiúnach tríú tír teorainn sheachtrach ceann de na Ballstáit nó teorainn inmheánach ceann de na Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/2226.

4.  
I gcás nach mbréagnófar an toimhde dá dtagraítear i mír 1, féadfar náisiúnach tríú tír a bheidh i láthair ar chríoch na mBallstát a fhilleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *5 ).

Maidir le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais, is i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE, agus i gcomhréir léi sin amháin, ar féidir é nó í a fhilleadh.

▼M3

Airteagal 12a

Idirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha

1.  
Go ceann tréimhse 180 lá tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, chun a fhíorú ar dhul isteach agus ar imeacht nár fhan daoine ar ligeadh isteach iad le haghaidh gearrfhanachta níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe agus, i gcás inarb ábhartha, chun a fhíorú ar dhul isteach nár sháraigh daoine líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach leis an víosa ghearrfhanachta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó, cuirfidh na gardaí teorann san áireamh na fanachtaí ar chríoch na mBallstát le linn an 180 lá roimh an dul isteach nó roimh an imeacht ní hamháin trí na sonraí dul isteach/imeachta atá ar taifead in EES a sheiceáil ach trí na stampaí sna doiciméid taistil a sheiceáil freisin.
2.  
I gcás ina ndeachaigh duine isteach ar chríoch na mBallstát sula gcuirtear tús le hoibríochtaí EES agus go n-imíonn an duine sin as críoch na mBallstát tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, cruthófar sainchomhad in EES ar imeacht an duine sin agus iontrálfar dáta an dul isteach sin sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/2226. Ní bheidh cur i bhfeidhm na míre seo teoranta don tréimhse 180 lá tar éis do EES tús a chur le hoibríochtaí, mar a thagraítear i mír 1. I gcás ina bhfuil neamhréir idir dáta an stampa dul isteach agus na sonraí atá ar taifead in EES, is ag an dáta an stampa dul isteach a bheidh tosaíocht.

▼M6

Airteagal 13

Faireachas ar theorainneacha

1.  
Is é an príomhchuspóir atá leis an bhfaireachas ar theorainneacha trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó a bhrath, rannchuidiú le feasacht ar dhálaí a ardú, an choireacht trasteorann a chomhrac agus bearta a dhéanamh i gcoinne daoine a thrasnaigh an teorainn go neamhdhleathach. Is é a bheidh sé i gceist leis freisin anailísí riosca a dhéanamh. Gan dochar d’Airteagail 3 agus 4, déanfar duine a thrasnaigh teorainn go neamhrialta agus nach bhfuil aon cheart aige nó aici fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann a ghabháil agus a chur faoi réir nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.
2.  
Bainfidh na gardaí teorann úsáid as na hacmhainní uile is gá, lena n-áirítear aonaid dho-aistrithe nó shoghluaiste, chun faireachas ar theorainneacha a dhéanamh. Déanfar faireachas ar theorainneacha ar bhealach lena gcuirfear cosc ar dhaoine trasnuithe teorann neamhúdaraithe a dhéanamh idir pointí trasnaithe teorann nó dul timpeall ar na seiceálacha atá ag na pointí trasnaithe teorann, agus a dhéanfar daoine a dhíspreagadh déanamh amhlaidh, agus déanfar é agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 á gcomhlíonadh go hiomlán.
3.  
Gardaí teorann a ndéanfar a líon agus modhanna a oiriúnú do na rioscaí atá ann agus don bhaol atá ann nó do rioscaí a thuartar agus do bhaol a thuartar, is iadsan a dhéanfaidh an faireachas idir pointí trasnaithe teorann. Bainfidh sé úsáid as léargas ar dhálaí, chun gur fearr a bheifear in ann laghdú a dhéanamh ar líon na n-imirceach a fhaigheann bás ag na teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh. Beidh athruithe minice agus tobanna ar thréimhsí faireachais agus ar mhodhanna nó teicnící eile i gceist leis, chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó a bhrath ar bhealach éifeachtach.
4.  
Aonaid dho-aistrithe nó shoghluaiste a dhéanann a gcúraimí trí phatról a dhéanamh nó bheith suite in áiteanna a n-aithnítear iad a bheith leochaileach nó a cheaptar iad a bheith amhlaidh, is iadsan a dhéanfaidh an faireachas. Is é is aidhm d’fhaireachas den sórt sin trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó daoine aonair a ghabháil i dtaca le trasnú neamhúdaraithe na teorann seachtraí. Féadfar faireachas a dhéanamh freisin trí úsáid a bhaint as modhanna teicniúla, lena n-áirítear modhanna leictreonacha, trealamh, córais faireachais agus, i gcás inarb iomchuí, gach cineál bonneagair dho-aistrithe agus shoghluaiste.
5.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo maidir le bearta breise lena rialaítear faireachas, lena n-áirítear íoschaighdeáin choiteanna a fhorbairt le haghaidh faireachas ar theorainneacha. Leis na híoschaighdeáin choiteanna sin, cuirfear san áireamh na cineálacha teorainneacha, i.e. teorainneacha talún, mara nó aeir, na leibhéil tionchair a shanntar do gach cuid den teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ) agus tosca ábhartha eile, amhail saintréithe geografacha.

▼B

Airteagal 14

Cead isteach a dhiúltú

1.  
Diúltófar cead isteach ar chríocha na mBallstát do náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach ar fad atá leagtha síos in Airteagal 6(1) agus nach mbaineann leis na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(5). Beidh an méid sin gan dochar d’fhorálacha speisialta a chur i bhfeidhm maidir leis an gceart chun tearmainn agus cosaint idirnáisiúnta nó ceist na víosaí fadfhanachta.
2.  
Ní fhéadfar cead isteach a dhiúltú ach de thoradh cinneadh cruthaithe ina luaitear cúiseanna beachta an diúltaithe. Údarás arna chumhachtú ag an dlí náisiúnta a dhéanfaidh an cinneadh. Beidh feidhm aige láithreach.

Tabharfar an cinneadh cruthaithe ina mbeidh cúiseanna beachta an diúltaithe ar fhoirm chaighdeánach, mar atá leagtha amach i gcuid B d’Iarscríbhinn V arna líonadh isteach ag an údarás arna chumhachtú ag an dlí náisiúnta le cead isteach a dhiúltú. Tabharfar an fhoirm chaighdeánach agus í líonta isteach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann, agus aithneoidh sé go bhfuair sé an cinneadh cead isteach a dhiúltú trí bhíthin na foirme sin.

▼M3

Sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta, déanfar iad a chlárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(2) den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226.

▼B

3.  
Beidh an ceart chun achomhairc ag daoine dá ndiúltaítear cead isteach. Déanfar na hachomhairc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Tabharfar i scríbhinn don náisiúnach tríú tír freisin na pointí teagmhála is féidir faisnéis a sholáthar ar ionadaithe is inniúil le gníomhú ar son náisiúnach tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Má dhéantar achomharc, ní chuirfidh sé ar fionraí cinneadh cead isteach a dhiúltú.

▼M3

Gan dochar d’aon chúiteamh arna dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, i gcás inarb é conclúid an achomhairc nach raibh bunús leis an gcinneadh cead isteach a dhiúltú, i dteideal cheartú na sonraí a iontráladh in EES nó cheartú an stampa iontrála a cealaíodh, nó an dá rud, agus beidh an náisiúnach tríú tír i dteideal cheartú aon rud eile arna chur ar ceal nó arna chur isteach ag an mBallstát a dhiúltaigh an cead isteach.

▼B

4.  
Áiritheoidh na gardaí teorann nach dtiocfaidh náisiúnach tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dó isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.
5.  
Baileoidh na Ballstáit staidreamh ar líon na ndaoine a ndiúltaítear dul isteach dóibh, ar an mbonn leis an diúltú sin, ar náisiúntacht na ndaoine a diúltaíodh dul isteach dóibh agus ar an gcineál teorann (teorainn ar thalamh, san aer, cois farraige) ag ar diúltaíodh dul isteach dóibh agus cuirfidh siad an staidreamh sin faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) ar bhonn bliantúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ).
6.  
Tá rialacha mionsonraithe a rialaíonn diúltú cead isteach i gcuid A d’Iarscríbhinn V.

CAIBIDIL III

Foireann agus acmhainní le haghaidh rialú ag teorainneacha agus comhar idir na Ballstáit

Airteagal 15

Foireann agus acmhainní le haghaidh rialú ag teorainneacha

Úsáidfidh na Ballstáit líon leordhóthanach foirne iomchuí agus acmhainní iomchuí le rialú teorann a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha, i gcomhréir le hAirteagail 7 go 14, sa chaoi go n-áiritheofar ardleibhéal éifeachtúil aonfhoirmeach rialaithe ag na teorainneacha seachtracha.

Airteagal 16

Rialú a chur chun feidhme

1.  
Is iad gardaí teorann a dhéanfaidh an rialú ag teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagail 7 go 14 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus leis an dlí náisiúnta.

Agus an rialú teorann sin á dhéanamh, ní dhéanfar difear do chumhachtaí na ngardaí teorann, cumhachtaí a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta agus nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, imeachtaí coiriúla a thionscnamh.

Áiritheoidh na Ballstáit gur gairmithe speisialaithe a mbeidh oiliúint chuí orthu na gardaí teorann, agus cuirfear san áireamh lárchuraclaim choiteanna le haghaidh gardaí teorann, ar lár churaclaim iad a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát (“an Ghníomhaireacht”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a bhunú agus a fhorbairt. Áireofar sna curaclaim oiliúna oiliúint speisialaithe chun cásanna leochaileacha a bhrath agus chun déileáil leo, ar cásanna iad a bhaineann le daoine soghonta amhail mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh gáinneála. Le tacaíocht ón nGníomhaireacht, spreagfaidh na Ballstáit gardaí teorann chun na teangacha a fhoghlaim arb iad na teangacha a bheidh riachtanach chun a gcúraimí a chur i gcrích.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún liosta na seirbhísí náisiúnta a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu faoina ndlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 39.
3.  
Chun teorainneacha a rialú go héifeachtúil, áiritheoidh gach Ballstát dlúthchomhar seasmhach idir na seirbhísí náisiúnta ina thír a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu.

Airteagal 17

Comhar idir na Ballstáit

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile agus cothóidh siad dlúthchomhar seasmhach d’fhonn rialú ag teorainneacha a chur chun feidhme go héifeachtach, i gcomhréir le hAirteagail 7 go 16. Malartóidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad is gá.
2.  
Is í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh comhar oibríochtúil idir na Ballstáit a chomhordú i ndáil le teorainneacha seachtracha a bhainistiú.
3.  
Gan dochar d’inniúlachtaí na Gníomhaireachta, féadfaidh na Ballstáit leanúint leis an gcomhar oibríochtúil le Ballstáit eile agus/nó le tríú tíortha ag teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oifigigh idirchaidrimh a mhalartú, nuair a chomhlánaíonn an comhar sin bearta na Gníomhaireachta.

Staonfaidh na Ballstáit ó ghníomhaíocht ar bith a d’fhéadfadh feidhmiú na Gníomhaireachta nó baint amach a cuspóirí a chur i mbaol.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid na Gníomhaireachta maidir leis an gcomhar oibríochtúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le hoiliúint i ndáil leis na rialacha maidir le rialú ag teorainneacha agus le cearta bunúsacha. Chuige sin, tabharfar aird ar na comhchaighdeáin oiliúna mar atá bunaithe agus forbartha tuilleadh ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 18

Comhrialú

1.  
Féadfaidh na Ballstáit nach gcuireann i bhfeidhm Airteagal 22 ag a gcomhtheorainneacha talún, suas go dtí an dáta a chuirtear an tAirteagal sin i bhfeidhm, comhrialú a dhéanamh ar na comhtheorainneacha sin agus sa chás sin ní féidir duine a stopadh ach uair amháin chun seiceálacha ar dhul isteach agus ar imeacht a dhéanamh, gan dochar do fhreagracht aonair na mBallstáit a eascraíonn as Airteagal 7 go 14.

Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit socruithe déthaobhacha a thabhairt chun críche eatarthu féin.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar aon eolas faoi aon socruithe a thugtar chun críche i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL IV

Rialacha sonracha maidir le seiceálacha teorann

Airteagal 19

Rialacha sonracha maidir le cineálacha éagsúla teorainneacha agus modhanna éagsúla iompair a úsáidtear chun teorainneacha seachtracha a thrasnú

Beidh feidhm ag na rialacha sonracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI maidir leis na seiceálacha a dhéantar ag cineálacha éagsúla teorainneacha agus ar mhodhanna éagsúla iompair a úsáidtear chun pointí trasnaithe teorann a thrasnú.

Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus ó Airteagal 8 go hAirteagal 14 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin.

Airteagal 20

Rialacha sonracha maidir le seiceálacha ar chatagóirí áirithe daoine

1.  

Beidh feidhm ag na rialacha sonracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII maidir le seiceálacha ar na catagóirí daoine seo a leanas:

▼M3

(a) 

Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga;

▼B

(b) 

píolótaí aerárthach agus baill eile den chriú;

(c) 

maraithe;

(d) 

sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, oifigiúla nó seirbhíse agus baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(e) 

oibrithe trasteorann;

(f) 

mionaoisigh;

(g) 

seirbhísí tarrthála, póilíní agus briogáidí dóiteáin agus gardaí teorann;

(h) 

oibrithe amach ón gcósta.

Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus ó Airteagal 8 go hAirteagal 14 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na samhailchartaí a eisíonn a nAireachtaí Gnóthaí Eachtracha chuig baill chreidiúnaithe de mhisin taidhleoireachta agus chuig ionadaithe consalachta agus baill dá dteaghlach i gcomhréir le hAirteagal 39.

CAIBIDIL V

▼M6

Bearta sonracha a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha

▼B

Airteagal 21

Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ón nGníomhaireacht

1.  

I gcás ina n-aithneofar easnaimh thromchúiseacha chun rialú ar theorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, agus d’fhonn go gcomhlíonfar na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go ndéanfaidh Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, bearta sonracha áirithe a ghlacadh, lena n-áirítear ceann amháin nó an dá cheann de na bearta seo a leanas:

(a) 

tús a chur le himlonnú foirne Eorpacha gardaí teorann i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(b) 

a pleananna straitéiseacha, arna mbunú ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le himlonnú pearsanra agus feistis, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar mhaithe lena tuairim a fháil.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 38(2).

2.  
Cuirfidh an Coimisiún an coiste a bhunaítear de bhun Airteagal 38(1) ar an eolas go rialta maidir leis an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir lena thionchar ar na heasnaimh a sonraíodh.

Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas chomh maith.

3.  
I gcás ina bhfuil cinneadh déanta sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil faillí thromchúiseach déanta ag an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air maidir lena oibleagáidí agus nach mór dó dá bhrí sin tuairisciú maidir leis an bplean gníomhaíochta ábhartha a chur chun feidhme taobh istigh de thrí mhí i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, agus nuair a fhaigheann an Coimisiún amach, tar éis na tréimhse trí mhí sin, gurb é sin an cás go fóill, féadfaidh sé cur i bhfeidhm an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 29 den Rialachán seo a chur ar bun, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad chun sin a dhéanamh.

▼M6

Airteagal 21a

Srianta sealadacha ar thaisteal chuig an Aontas

1.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le héigeandálaí sláinte poiblí mórscála.
2.  
Féadfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, rialachán cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforáiltear do shrianta sealadacha ar thaisteal chuig na Ballstáit atá le cur i bhfeidhm ag na teorainneacha seachtracha.

Féadfar a áireamh i srianta sealadacha ar thaisteal srianta ar dhul isteach sna Ballstáit agus srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte atá riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Féadfar a áireamh sna srianta sealadacha sin a bhaineann leis an tsláinte tástáil, coraintín agus féin-leithlisiú.

Beidh na srianta sealadacha ar thaisteal chuig an Aontas comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina nglacann Ballstát srianta níos déine ná iad siúd a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme, ní bheidh tionchar diúltach ag na srianta sin ar fheidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Le srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte a chuirtear ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, comhlíonfar Treoir 2004/38/CE i gcónaí.

3.  

Beidh na catagóirí daoine seo a leanas díolmhaithe ó na srianta ar dhul isteach, gan beann ar chuspóir a dtaistil:

(a) 

daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b) 

náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi Threoir 2003/109/CE, daoine a bhfuil a gceart chun cónaithe acu ó ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta, lena n-áirítear tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta nó daoine a bhfuil víosaí fadfhanachta náisiúnta acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin faoi seach.

4.  
Beidh catagóirí daoine a liostaítear in Iarscríbhinn XI, Cuid A, díolmhaithe ó shrianta ar dul isteach.
5.  
Beidh aon chatagóir daoine a liostaítear in Iarscríbhinn XI, Cuid B, díolmhaithe ó shrianta ar dhul isteach i gcás ina n-áirítear an catagóir sin sa Rialachán cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.
6.  

Leis an rialachán cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, déanfar an méid seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a) 

i gcás inar gá de bharr chineál na héigeandála sláinte poiblí ar mórscála, na catagóirí daoine a shainaithint atá i mbun taisteal riachtanach a liostaítear in Iarscríbhinn XI, Cuid B, atá le díolmhú ó shrianta ar dhul isteach;

(b) 

cinneadh a dhéanamh maidir le haon limistéir gheografacha nó aon tríú tír óna bhféadfaidh taisteal a bheith faoi réir srianta nó díolúintí ó shrianta, agus nós imeachta a bhunú chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar staid limistéar nó tíortha den sórt sin agus ar na srianta ar thaisteal a forchuirtear ar bhonn modheolaíocht oibiachtúil agus critéir oibiachtúla, lena n-áirítear, go háirithe, an staid eipidéimeolaíoch;

(c) 

na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar srian a chur le taisteal neamhriachtanach nó é a dhíolmhú ó shrianta, lena n-áirítear cruthúnas atá le taispeáint chun tacú leis an díolúine agus na coinníollacha a bhaineann le fad agus cineál na tréimhse fanachta sna limistéir nó sna tíortha dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

tagairt a dhéanamh d’íos-srianta sealadacha a bhaineann leis an tsláinte a bhféadfar daoine dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), a bheith faoina réir;

(e) 

de mhaolú ar mhíreanna 4 agus 5, na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar srianta taistil a fhorchur ar dhaoine atá i mbun taisteal riachtanach.

7.  
Ní dhéanfar srianta ar dhul isteach sna Ballstáit do dhaoine atá i mbun taisteal riachtanach a fhorchur ach amháin go heisceachtúil, ar feadh tréimhse atá teoranta go docht, go dtí go mbeidh faisnéis leordhóthanach faoi na héigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála dá dtagraítear i mír 1 ar fáil agus go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, srianta malartacha a bhaineann leis an tsláinte a shainaithint agus a ghlacadh, ar srianta iad atá riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus atá le cur i bhfeidhm maidir leis na daoine sin.

▼B

TEIDEAL III

TEORAINNEACHA INMHEÁNACHA

CAIBIDIL I

Éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha

Airteagal 22

Teorainneacha inmheánacha a thrasnú

Féadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú ag aon phointe gan seiceáil teorann a dhéanamh ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht.

▼M6

Airteagal 23

Seiceálacha laistigh den chríoch

Ní dhéanfaidh éagmais rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

(a) 

feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ná cumhachtaí poiblí eile ag údaráis inniúla na mBallstát ar a gcríoch, lena n-áirítear ina limistéir teorann inmheánaí, mar a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil éifeacht choibhéiseach ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann. Féadfar a áireamh i bhfeidhmiú cumhachtaí den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, úsáid teicneolaíochtaí faireacháin agus faireachais a úsáidtear go ginearálta ar an gcríoch chun aghaidh a thabhairt ar bhaol don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí. Ní mheasfar, go háirithe, go bhfuil feidhmiú a gcumhachtaí ag údaráis inniúla coibhéiseach le feidhmiú seiceálacha teorann nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas leis na bearta:

(i) 

ní rialú ag teorainneacha is cuspóir leo;

(ii) 

tá siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta phóilíneachta nó, i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leo leathadh galar tógálach a shrianadh, ar fhaisnéis sláinte poiblí, agus ar thaithí na n-údarás inniúil maidir le baol a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí agus tá sé d’aidhm acu, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

— 
an choireacht trasteorann a chomhrac;
— 
an inimirce neamhdhleathach a laghdú; nó
— 
leathadh galair thógálaigh a mbaineann baol eipidéime leis a shrianadh, arna shainaithint ag an Lárionad Eorpach um Rialú Galar;
(iii) 

ceaptar agus déantar iad ar bhealach ar léir é a bheith éagsúil le seiceálacha córasacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar iad ag moil iompair nó go díreach ar bord seirbhísí iompair paisinéirí agus ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe ar mheasúnú riosca;

(b) 

an fhéidearthacht atá ag údaráis inniúla Ballstáit nó ag iompróirí seiceálacha slándála a dhéanamh ar dhaoine ag moil iompair i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll go ndéantar seiceálacha den sórt sin freisin ar dhaoine atá ag taisteal laistigh de Bhallstát;

(c) 

an fhéidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí maidir le hoibleagáid páipéir agus doiciméid a shealbhú nó a iompar;

(d) 

an fhéidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí maidir le hoibleagáid ar náisiúnaigh tríú tír a láithreacht ar a chríoch a thuairisciú agus oibleagáid ar bhainisteoirí bunaíochtaí a sholáthraíonn cóiríocht a áirithiú go ndéanann náisiúnaigh tríú tíortha foirmeacha clárúcháin a chomhlánú agus a shíniú, cé is moite de chéilí tionlacain nó mionaoisigh tionlacain nó comhaltaí de ghrúpaí taistil, de bhun fhorálacha Airteagail 22 agus 45, faoi seach, den Choinbhinsiúin lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (“Coinbhinsiún Schengen”).

▼M6

Airteagal 23a

Nós imeachta maidir le daoine a ghabhtar i limistéir teorann inmheánaí a aistriú

1.  

Gan dochar d’Airteagal 22, leagtar síos san Airteagal seo an nós imeachta maidir le náisiúnach tríú tír a ghabhtar i limistéir teorann dá dtagraítear in Airteagal 23 a aistriú, i gcásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gabhtar an náisiúnach tríú tír le linn seiceálacha lena bhfuil baint ag údaráis inniúla an dá Bhallstát faoi chuimsiú an chomhair dhéthaobhaigh, lena bhféadfar patróil chomhpháirteacha phóilíneachta a áireamh, go háirithe, ar choinníoll go gcomhaontaíonn na Ballstáit nós imeachta den sórt sin a úsáid faoi chuimsiú an chomhair dhéthaobhaigh sin; agus

(b) 

tá tásca soiléire ann gur tháinig an náisiúnach tríú tír go díreach ón mBallstát eile, agus i gcás ina suitear nach bhfuil aon cheart ag an náisiúnach tríú tír fanacht ar chríoch an Bhallstáit inar tháinig sé nó sí, ar bhonn faisnéis atá ar fáil láithreach do na húdaráis ghabhála, lena n-áirítear ráitis ón duine lena mbaineann, doiciméid chéannachta, doiciméid taistil nó doiciméid eile a aimsíodh ar an duine sin nó torthaí na gcuardach a rinneadh i mbunachair sonraí náisiúnta ábhartha agus i mbunachair sonraí ábhartha de chuid an Aontais.

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 maidir le hiarratasóirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe(13), de Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ), ná maidir le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2024/1374 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ).

Agus náisiúnach tríú tír a thoimhdíonn an Ballstát aistritheach a bheith ina mhionaoiseach nó ina mionaoiseach á aistriú nó á haistriú aige, cuirfidh an Ballstát aistritheach sin an Ballstát is faighteoir ar an eolas faoin toimhde sin agus áiritheoidh an dá Bhallstát go ndéanfar gach beart ar chun leas an linbh agus i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta faoi seach.

2.  
De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115/CE, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, a chinneadh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a aistriú láithreach chuig an mBallstát ónar tháinig an duine isteach, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.
3.  
Beidh an ceart ar achomharc ag náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar i limistéir teorann agus a aistrítear faoin nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo. Déanfar achomhairc i gcoinne an chinnidh aistrithe i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aistrithigh. Tabharfar leigheas éifeachtach do na náisiúnaigh tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt. Ina theannta sin, tabharfaidh an Ballstát aistritheach léiriú i scríbhinn dóibh ar phointí teagmhála atá in ann faisnéis a thabhairt faoi ionadaithe atá inniúil chun gníomhú ar a son i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus tabharfar an fhaisnéis sin dóibh i dteanga a thuigeann siad nó a cheaptar le réasún go dtuigfidh siad. Má dhéantar achomharc, ní bheidh éifeacht fionraíochta aige sin.
4.  
I gcás ina gcuireann Ballstát aistritheach an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm, beidh sé de cheangal ar an mBallstát is faighteoir gach beart is gá a dhéanamh chun an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha uile Threoir 2008/115/CE sa Bhallstát is faighteoir.
5.  
Saineoidh na Ballstáit socruithe praiticiúla faoina gcreataí comhair dhéthaobhaigh, lena n-áirítear d’fhonn, mar riail ghinearálta, úsáid an nós imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo a sheachaint, go háirithe maidir leis na codanna de na teorainneacha inmheánacha ina ndearnadh rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú.
6.  
Ní dochar an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo do na comhaontuithe déthaobhacha nó do na socruithe déthaobhacha atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 2008/115/CE.
7.  
Ón 11 Iúil 2025 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na sonraí arna dtaifeadadh i gcomhréir le Iarscríbhinn XII, Cuid A, pointe 4.

▼B

Airteagal 24

Bacainní ar thrácht a bhaint ag pointí trasnaithe bóthair ag teorainneacha inmheánacha

▼M6

Bainfidh na Ballstáit na bacainní ar fad atá ar shreabhadh éasca tráchta ag pointí trasnaithe bóthair ag teorainneacha inmheánacha, go háirithe aon luasteorainn nach bhfuil bunaithe go heisiach ar cheisteanna slándála bóthair nó nach bhfuil gá leo chun na teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 23, pointe (a), a úsáid.

▼B

San am céanna, beidh na Ballstáit ullamh foráil a dhéanamh maidir le saoráidí a chur ar fáil do sheiceálacha i gcás go ndéantar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú.

CAIBIDIL II

Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach

▼M6

Airteagal 25

Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach

1.  
I gcás, sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, ina bhfuil baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú ag teorainneacha a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha díobh.

Féadfar a mheas gur as na nithe seo a leanas, go háirithe, a thagann baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach:

(a) 

teagmhais nó baol sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear baol a bhaineann leis an gcoireacht eagraithe thromchúiseach;

(b) 

éigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála;

(c) 

staid eisceachtúil arb é a príomhthréith gluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála tobanna náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, lena gcuirtear brú suntasach ar acmhainní foriomlána agus acmhainneachtaí údarás inniúil atá dea-ullmhaithe agus ar dócha go gcuirfidh sí feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol, mar a léirítear le hanailís faisnéise agus leis na sonraí uile atá ar fáil, lena n-áirítear ó ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais;

(d) 

imeachtaí idirnáisiúnta mórscála nó ardphróifíle.

2.  
I ngach cás, ní dhéanfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ach mar rogha dheiridh. Ní rachaidh raon feidhme ná fad athbhunú sealadach an rialaithe ag teorainneacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach a sainaithníodh.

Ní fhéadfar rialú ag teorainneacha a athbhunú ná a fhadú ach amháin de bhun Airteagail 25a agus 28 i gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát go bhfuil beart den sórt sin riachtanach agus comhréireach, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26(1) á gcur san áireamh, agus, i gcás ina ndéantar rialú den sórt sin a fhadú, an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 26(2) á chur san áireamh freisin. Féadfar rialú ag teorainneacha a athbhunú freisin i gcomhréir le hAirteagal 29, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 30 á gcur san áireamh.

3.  
I gcás inarb ann don bhaol tromchúiseach céanna fós, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 25a nó 29, nó, i gcás ina mbaineann an baol le héigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála, le hAirteagal 28.

Measfar gurb ann don bhaol tromchúiseach céanna fós i gcás ina bhfuil an bonn cirt atá curtha chun cinn ag an mBallstát maidir le rialú ag teorainneacha bunaithe a fhadú bunaithe ar na forais chéanna leis na forais a bhí ina mbonn cirt leis an rialú ag teorainneacha a athbhunú ar dtús.

▼M6

Airteagal 25a

Nós imeachta maidir le cásanna ina n-éilítear gníomhaíocht i ngeall ar imeachtaí neamh-intuartha nó intuartha

1.  
I gcás nach féidir baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát a thuar agus ina n-éilítear gníomhaíocht láithreach dá barr, féadfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach.
2.  
An tráth céanna le rialú teorann ag teorainneacha a athbhunú faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an Ballstát fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi athbhunú an rialaithe ag teorainneacha, i gcomhréir le hAirteagal 27(1).
3.  
I gcás ina n-athbhunaíonn Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha faoi mhír 1, leanfaidh an rialú teorann de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná mí amháin. Má mhaireann an baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach níos faide ná an tréimhse sin, féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh tréimhsí breise, suas le huastréimhse nach faide ná 3 mhí.
4.  
I gcás inar féidir baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát a thuar, tabharfaidh an Ballstát fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 27(1), 4 seachtaine ar a dhéanaí roimh athbhunú an rialaithe ag teorainneacha atá beartaithe, nó a luaithe is féidir i gcás ina bhfuil an Ballstát eolach faoi na himthosca is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú níos lú ná 4 seachtaine roimh an athbhunú atá beartaithe.
5.  
I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 4 den Airteagal sin, agus gan dochar do mhír 6, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse suas le 6 mhí. I gcás inarb ann don baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach fós tar éis na tréimhse sin, féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh tréimhsí in-athnuaite suas le 6 mhí. Cuirfear aon fhadú in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 27 agus laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Faoi réir mhír 6 den Airteagal seo, ní rachaidh uasfhad an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar 2 bhliain.
6.  

I gcás ina measann Ballstát go bhfuil mórchás eisceachtúil i gceist maidir le baol tromchúiseach leanúnach atá mar bhonn cirt leis an ngá leanúnach le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha de bhreis ar an uastréimhse dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin rún atá aige rialú ag teorainneacha inmheánacha a fhadú go ceann tréimhse bhreise suas le 6 mhí. Tabharfar an fógra sin ar a dhéanaí 4 seachtaine roimh an bhfadú atá beartaithe agus áireofar inti, agus an tuairim ón gCoimisiún arna heisiúint de bhun Airteagal 27a(3) á cur san áireamh, measúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 26(2):

(a) 

lena dtugtar bunús leis an mbaol leanúnach don bheartas poiblí agus don tslándáil inmheánach;

(b) 

lena dtugtar bunús leis go meastar, nó go bhfuarthas go raibh, bearta malartacha chun an baol a leigheas neamhéifeachtach tráth an fhógra;

(c) 

lena gcuirtear i láthair na bearta maolaitheacha a mheastar a bheith ag gabháil leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha;

(d) 

lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cur i láthair ar na modhanna, na gníomhaíochtaí, na coinníollacha agus an amlíne a mheastar d’fhonn deireadh a chur leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha.

Laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, eiseoidh an Coimisiún tuairim nua maidir le riachtanas agus comhréireacht fhadú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Tar éis dó an fógra sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, tús a chur le próiseas comhairliúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 27(1), nó déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát a ndéantar difear dó go díreach, tús a chur le próiseas den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 27a(1).

I gcás ina ndearbhaítear, i mórchás eisceachtúil, go bhfuil gá leanúnach le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha mar thoradh ar an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír seo, ach nach leor an tréimhse bhreise 6 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun a áirithiú go mbeidh bearta malartacha éifeachtacha ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol leanúnach, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú go ceann tréimhse bhreise deiridh suas le 6 mhí, i gcomhréir leis an measúnú riosca dá dtagraítear sa dara fomhír. I gcás ina gcinneann Ballstát é sin a dhéanamh, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún gan mhoill faoin rún atá aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú. Glacfaidh an Coimisiún gan mhoill moladh maidir le comhoiriúnacht fadaithe deiridh den sórt sin leis na Conarthaí, go háirithe le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Sainaithneofar sa mholadh sin freisin, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le Ballstáit eile, na bearta cúitimh éifeachtacha atá le cur chun feidhme.

▼M6

Airteagal 26

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus a fhadú ar bhonn sealadach

1.  

Chun a shuí an bhfuil sé riachtanach agus comhréireach rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 25(2), déanfaidh Ballstát measúnú ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) 

a oiriúnaí atá sé rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ag féachaint do chineál an bhaoil thromchúisigh a sainaithníodh agus go háirithe, an dócha go réiteoidh athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha an baol don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ar bhealach leormhaith agus i dtaobh an bhféadfaí na cuspóirí a shaothraítear le hathbhunú den sórt sin a bhaint amach tríd an méid a leanas:

(i) 

úsáid beart malartach amhail seiceálacha comhréireacha a dhéantar i gcomhthéacs seiceálacha laistigh den chríoch dá dtagraítear in Airteagal 23, pointe (a);

(ii) 

úsáid an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 23a;

(iii) 

cineálacha eile comhair póilíneachta dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;

(iv) 

comhbhearta maidir le srianta sealadacha ar thaisteal chuig na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 21a(2);

(b) 

an tionchar is dócha a bheidh ag beart den sórt sin ar an méid seo a leanas:

(i) 

gluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha; agus

(ii) 

feidhmiú na réigiún trasteorann, agus na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha eatarthu á gcur san áireamh.

2.  
I gcás ina bhfuil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm le 6 mhí i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), déanfaidh an Ballstát lena mbaineann measúnú riosca, agus áireofar leis freisin, sa bhreis ar na heilimintí atá in Airteagal 27, míreanna 2 agus 3, athmheasúnú ar na critéir a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.
3.  
I gcás ina ndearnadh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go mbeidh bearta iomchuí ag gabháil leis lena maolaítear an tionchar atá ag athbhunú rialaithe ag teorainneacha ar dhaoine agus ar iompar earraí, agus aird ar leith á tabhairt ar na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha idir réigiúin trasteorann, agus ar dhaoine atá i mbun taisteal riachtanach.

Airteagal 27

Fógra a thabhairt maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach agus measúnú riosca

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna fógraí a thugann na Ballstáit maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú:

(a) 

na cúiseanna atá leis an athbhunú nó leis an bhfadú, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na himeachtaí is cúis le baol tromchúiseach dá mbeartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach;

(b) 

raon feidhme an athbhunaithe nó an fhadaithe atá beartaithe, lena sonraítear an chuid nó na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhfuil an rialú teorann ag teorainneacha le hathbhunú nó le fadú;

(c) 

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

(d) 

dáta agus fad an athbhunaithe nó an fhadaithe atá beartaithe;

(e) 

an measúnú ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus, i gcás fadaithe, in Airteagal 26(2);

(f) 

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le déanamh ag Ballstáit eile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra a thíolacadh le chéile.

Tíolacfaidh na Ballstáit an fógra trí úsáid a bhaint as teimpléad atá le bunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 6.

2.  
I gcás ina bhfuil rialú ag teorainneacha i bhfeidhm le 6 mhí i gcomhréir le hAirteagal 25a(5), áireofar measúnú riosca in aon fhógra ina dhiaidh sin maidir le rialú den sórt sin a fhadú. Cuirfear i láthair sa mheasúnú riosca scála agus éabhlóid réamh-mheasta an bhaoil thromchúisigh sainaitheanta, go háirithe an fad a mheastar a mhairfidh an baol tromchúiseach sainaitheanta agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, mar aon le faisnéis maidir le bearta comhordúcháin leis na Ballstáit eile a bhfuil tionchar ag bearta den sórt sin orthu nó ar dócha go mbeidh tionchar ag an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha orthu.
3.  
I gcás ina ndéanann na Ballstáit rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú mar gheall ar chás dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (c), áireofar freisin sa mheasúnú a cheanglaítear le mír 1, pointe (e), den Airteagal seo measúnú riosca agus faisnéis faoi na gluaiseachtaí tobanna neamhúdaraithe ar mórscála, lena n-áirítear aon fhaisnéis a fhaightear ó ghníomhaíochtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus ó anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha.
4.  
Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin, don Choimisiún aon fhaisnéis bhreise, lena n-áirítear faoi na bearta comhordúcháin leis na Ballstáit a ndéanann an fadú atá beartaithe ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh mar aon leis an bhfaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid fhéideartha na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 23a.
5.  
Ní cheanglófar ar na Ballstáit an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo a sholáthar i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais slándála poiblí, á tabhairt san áireamh rúndacht imscrúduithe leanúnacha. Ballstáit a thugann fógra faoi mhír 1 nó 2, féadfaidh siad a chinneadh, más gá sin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an fhaisnéis a tugadh fógra fúithi a aicmiú ina iomláine, nó codanna di a aicmiú, go háirithe na measúnuithe riosca. Le haicmiú sin, ní fhágfar nach mbeidh Ballstáit eile a ndéanann athbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis trí bhealaí iomchuí slána. Le haicmiú den sórt sin, ní fhágfar nach mbeidh na Ballstáit in ann faisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Ní áireofar na measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 2 i dtarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad arna dtarchur chuig Parlaimint na hEorpa faoin Airteagal seo agus comhlíonfar, leis an tarchur agus láimhseáil sin, na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil.
6.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun an teimpléad dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a bhunú agus cuirfidh sé an teimpléad ar fáil ar líne. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

▼M6

Airteagal 27a

Comhairliúchán leis na Ballstáit agus tuairim ón gCoimisiún

1.  
Tar éis fógraí a fháil, ar fógraí iad arna dtíolacadh faoi Airteagal 27(1), féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, próiseas comhairliúcháin a bhunú, nó, arna iarraidh sin do Bhallstát a ndéanann rialú teorann ag teorainneacha difear dó go díreach, bunóidh sé próiseas comhairliúcháin, lena n-áirítear cruinnithe comhpháirteacha idir an Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, agus na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a ndéanann bearta den sórt sin difear dóibh go díreach, agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

Is é an cuspóir a bheidh ag an gcomhairliúchán scrúdú a dhéanamh ar an mbaol don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, ar riachtanas agus comhréireacht an athbhunaithe atá beartaithe maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, á chur san áireamh a oiriúnaí atá bearta malartacha, agus, má tá rialú ag teorainneacha athbhunaithe cheana féin, ar thionchar an mhéid sin, chomh maith leis na bealaí chun cur chun feidhme an chomhair fhrithpháirtigh idir na Ballstáit a áirithiú i ndáil le hathbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha.

An Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, cuirfidh sé san áireamh torthaí chomhairliúcháin den sórt sin nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige an ndéanfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú agus nuair a bheidh an rialú teorann ag an teorainn inmheánach á dhéanamh aige.

2.  
Tar éis fógraí a fháil, ar fógraí iad arna dtíolacadh i ndáil le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú, déanfaidh an Coimisiún, nó féadfaidh aon Bhallstát eile, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE, tuairim a eisiúint, más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra agus sa mheasúnú riosca, i gcás inarb iomchuí, nó ar aon fhaisnéis bhreise, go bhfuil imní orthu maidir le riachtanas nó comhréireacht athbhunú nó fhadú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha atá beartaithe.
3.  
Tar éis fógraí a fháil arna dtíolacadh i ndáil le rialú teorann ag an teorainn inmheánach a fhadú faoi Airteagal 25a(4) arb é is toradh air go leantar den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh 12 mhí ar an iomlán, eiseoidh an Coimisiún tuairim maidir le riachtanas agus comhréireacht rialaithe den sórt sin ag teorainneacha.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuairim ón gCoimisiún:

(a) 

measúnú i dtaobh an gcomhlíonann athbhunú nó fadú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta;

(b) 

measúnú i dtaobh an ndearnadh iniúchadh leordhóthanach ar bhearta malartacha chun an baol tromchúiseach a leigheas.

I gcás ina ndéantar measúnú ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus ina meastar go gcomhlíontar leis prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, beidh moltaí sa tuairim, i gcás inarb iomchuí, maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit chun tionchar an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a theorannú agus chun cuidiú leis an mbaol leanúnach a laghdú.

4.  
I gcás ina n-eisítear tuairim dá dtagraítear i mír 2 nó 3, déanfaidh an Coimisiún próiseas comhairliúcháin a bunú, i gcomhréir le mír 1, chun an tuairim a phlé leis na Ballstáit.

▼M6

Airteagal 28

Sásra sonrach i gcás ina gcuireann éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.  
I gcás ina suíonn an Coimisiún gurb ann d’éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála lena ndéantar difear do roinnt Ballstát, agus feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha á chur i mbaol, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údaraítear do na Ballstáit rialú ag teorainneacha a athbhunú, lena n-áirítear aon bhearta iomchuí maolúcháin atá le bunú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, i gcás nach leor na bearta atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagail 21a agus 23 chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a chur faoi bhráid na Comhairle.
2.  
Cumhdófar leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 tréimhse suas le 6 mhí agus féadfar é a athnuachan, ar thogra ón gCoimisiún, ar feadh tréimhsí breise suas le 6 mhí fad a mhairfidh an éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála, agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh.
3.  
I gcás ina ndéanann na Ballstáit rialú ag teorainneacha a athbhunú nó a fhadú mar thoradh ar an éigeandáil sláinte poiblí ar mórscála dá dtagraítear i mír 1, beidh an rialú teorainn sin, ón tráth a thiocfaidh an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, bunaithe ar an gcinneadh sin.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar éabhlóid na héigeandála sláinte poiblí ar mórscála dá dtagraítear i mír 1 agus ar thionchar na mbeart arna nglacadh i gcomhréir leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear sa mhír sin, d’fhonn measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil bonn cirt fós leis na bearta sin agus, mura bhfuil, d’fhonn a mholadh go gcuirfear deireadh leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a luaithe is féidir.
5.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le rialú ag teorainneacha a athbhunú i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit bearta eile a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 23, chun raon feidhme an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a theorannú. Cuirfidh an Coimisiún na bearta sin san áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

▼B

Airteagal 29

Nós imeachta sonrach i gcás ina mbeidh cúinsí eisceachtúla ann lena gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

▼M1

1.  
In imthosca eisceachtúla ina gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol mar thoradh ar easnaimh thromchúiseacha leanúnacha a bhaineann le rialú teorann seachtraí dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo nó de thoradh Ballstát gan cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ) a chomhlíonadh, agus a mhéid is baol tromchúiseach na himthosca sin do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha nó i gcodanna de, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar feadh tréimhse sé mhí ar a mhéad. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh, trí huaire ar a mhéad, go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí más ann do na cúinsí eisceachtúla fós.

▼B

2.  
Féadfaidh an Chomhairle mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 21(1), gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh a dhéanamh go ndéanfadh Ballstát amháin nó níos mó díobh cinneadh rialú teorann a athbhunú ag a dteorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá dteorainneacha inmheánacha. Bunófar moladh na Comhairle ar thogra ón gCoimisiún. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún togra mar sin a chur faoi bhráid na Comhairle chun moladh a fháil.

Ina moladh, léireoidh an Chomhairle ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1)(a) go (e).

Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.

Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.

3.  
Sa chás nach gcuirfidh Ballstát an moladh dá dtagraítear i mír 2 chun feidhme, cuirfidh an Ballstát sin na cúiseanna in iúl don Choimisiún gan mhoill i scríbhinn.

Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar na cúiseanna a chuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil agus na hiarmhairtí a bhaineann le comhleasanna an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chosaint.

4.  
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cuí leo, i gcásanna nach eol na cúiseanna leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, i gcomhréir le mír 2, ach taobh istigh de 10 lá roimh dheireadh na tréimhse roimhe sin maidir le rialú ag teorainneacha a thabhairt isteach arís, féadfaidh an Coimisiún aon mholtaí riachtanacha a ghlacadh láithreach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38(3). Laistigh de 14 lá tar éis moltaí den sórt sin a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle agus moladh á iarraidh ina leith i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
5.  
Beidh an tAirteagal seo gan dochar do bhearta a fhéadfaidh an Ballstát a ghlacadh i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach faoi Airteagal 25, Airteagal 27 agus Airteagal 28.

Airteagal 30

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach nuair a chuireann cúinsí eisceachtúla feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.  

I gcás ina molann an Chomhairle, mar rogha dheiridh, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ag codanna de na teorainneacha sin, measfaidh sí a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha ar bhealach leordhóthanach, agus measfaidh sí comhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin. Beidh an measúnú sin bunaithe ar an bhfaisnéis mhionsonraithe a bheidh curtha isteach ag an mBallstát/ag na Ballstáit lena mbaineann agus ag an gCoimisiún, agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear faoi bhun mhír 2 den Airteagal seo. Agus measúnú den sórt sin á dhéanamh, cuirfear an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a) 

an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó ar an dá cheann, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail an Ghníomhaireacht, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ) nó an Oifig Eorpach Póilíní (“Europol”), a bunaíodh le Cinneadh 2009/371/CGB, agus a mhéad is dóigh a réiteoidh na bearta sin go leordhóthanach an baol atá ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha;

(b) 

an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs na meastóireachtaí a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus a mhéad ar baol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha iad easnaimh thromchúiseacha mar sin;

(c) 

an tionchar is dóigh a bheidh ag athbhunú rialú teorann ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

2.  

Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh sula nglacfaidh sé togra le haghaidh moladh ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 29(2):

(a) 

iarraidh ar na Ballstáit, ar an nGníomhaireacht, ar Europol nó ar chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais tuilleadh faisnéise a thabhairt dó;

(b) 

cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais, chun faisnéis ábhartha a fháil nó a fhíorú maidir leis an moladh sin.

Airteagal 31

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d’fhéadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 25 go hAirteagal 30 a chur ar bun.

Airteagal 32

Forálacha atá le cur i bhfeidhm in áiteanna ina n-athbhunaítear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha

I gcás ina n-athbhunaítear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Theideal II mutatis mutandis.

▼M6

Airteagal 33

Tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú

1.  
Laistigh de 4 seachtaine ón uair a chuirfear deireadh le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, cuirfidh na Ballstáit a rinne rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú.
2.  
Gan dochar do mhír 1, i gcás ina ndéantar rialú ag teorainneacha a fhadú dá dtagraítear in Airteagal 25a(5), tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil tráth a rachaidh 12 mhí in éag agus 12 mhí ina dhiaidh sin má choinnítear ar bun rialú ag teorainneacha ar bhonn eisceachtúil.
3.  
Leagfar amach sa tuarascáil, go háirithe, an measúnú tosaigh agus an measúnú leantach ar riachtanas agus comhréireacht an rialaithe ag teorainneacha, comhlíonadh na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 26, feidhmiú na seiceálacha, an comhar praiticiúil le Ballstáit chomharsanachta, an tionchar a bheidh dá bharr sin ar shaorghluaiseacht daoine go háirithe sna réigiúin trasteorann, éifeachtacht athbhunú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear measúnú ex post ar riachtanas agus comhréireacht athbhunú an rialaithe ag teorainneacha.
4.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun formáid aonfhoirmeach do thuarascáil den sórt sin a bhunú agus cuirfidh sé ar fáil ar líne í. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).
5.  
Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an measúnú ex post sin ar rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ar chodanna díobh.
6.  
Uair sa bhliain ar a laghad, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhpháirt maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha (“an tuarascáil ar Staid Schengen”). Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisiún an tuarascáil ar Staid Schengen a phlé ar leithligh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Áireofar sa tuarascáil liosta de na cinntí go léir a rinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na bliana ábhartha, chomh maith leis na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil ar rialú ag teorainneacha a bhí i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí. Áireofar inti freisin measúnú ar riachtanas agus comhréireacht athbhunú agus fhadú an rialaithe ag teorainneacha sa tréimhse arna cumhdach leis an tuarascáil sin, chomh maith le faisnéis faoi na treochtaí laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír, agus faisnéis atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha á gcur san áireamh.

▼B

Airteagal 34

An pobal a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann an pobal ar an eolas, ar bhealach comhordaithe, maidir le cinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, agus léireoidh sé go háirithe dáta tosaigh agus dáta deiridh an bhirt sin, ach amháin má tá cúiseanna sáraitheacha slándála gan a leithéid a dhéanamh.

Airteagal 35

Rúndacht

Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, urramóidh na Ballstáit eile, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise arna soláthar i ndáil le rialú ag teorainneacha a athbhunú agus a fhadú, agus na tuarascála arna tarraingt suas faoi Airteagal 33.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

▼M6

Airteagal 36

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinní III, IV agus VIII.
2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chatagóirí daoine atá i mbun taisteal riachtanach a chur le hIarscríbhinn XI, Cuid B.
3.  
Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maidir le cineál na héigeandála sláinte poiblí ar mórscála, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 37a maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagail seo.

▼B

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(5) agus in Airteagal 36 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 13(5) agus Airteagal 36 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(5) agus Airteagal 36 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼M6

Airteagal 37a

Nós imeachta práinne

1.  
Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 37(5). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

▼B

Airteagal 38

An nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 39

Fógraí

1.  

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi:

(a) 

liosta na gceadanna cónaithe agus idirdhealú á dhéanamh idir iad siúd a chumhdaítear le hAirteagal 2(16)(a) agus iad siúd a chumhdaítear le hAirteagal 2(16)(b) agus a mbeidh sampla le haghaidh ceadanna arna gcumhdach le hAirteagal 2(16)(b) ag gabháil leo. Cártaí cónaithe a eiseofar i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE, léireofar go soiléir gurb é an cineál sin ceada a bheidh i gceist agus cuirfear cóipeanna samplacha ar fáil i leith na gcártaí cónaithe sin nár eisíodh i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002;

(b) 

liosta na bpointí trasnaithe teorann;

(c) 

na méideanna tagartha is gá chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, arna leagan síos ar bhonn bliantúil ag na húdaráis náisiúnta;

(d) 

liosta na seirbhísí náisiúnta a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu;

(e) 

sampla de na samhailchartaí arna n-eisiúint ag Aireachtaí Gnóthaí Eachtracha;

(f) 

na heisceachtaí ó na rialacha maidir leis na teorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a) a thrasnú;

(g) 

an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 11(3);

▼M6

(h) 

na limistéir a mheastar a bheith ina réigiúin trasteorann agus aon athruithe ábhartha orthu.

▼B

2.  
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhfuair siad fógra fúithi i gcomhréir le mír 1 ar fáil do na Ballstáit agus don phobal trína foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, agus trí aon mheán iomchuí eile.

Airteagal 40

Trácht teorann áitiúil

Beidh an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais maidir le trácht teorann áitiúil agus do chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana maidir le trácht teorann áitiúil.

Airteagal 41

Ceuta agus Melilla

Ní dhéanfaidh forálacha an Rialacháin seo difear do na rialacha speisialta is infheidhme maidir le cathracha Ceuta agus Melilla, mar atá sainithe i nDearbhú Ríocht na Spáinne maidir le cathracha Ceuta agus Melille in Ionstraim Chríochnaitheach an Chomhaontaithe maidir le hAontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 ( 21 ).

Airteagal 42

Fógra faoi fhaisnéis ó na Ballstáit

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha náisiúnta a bhaineann le hAirteagal 23(c) agus (d), maidir leis na pionóis amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus maidir leis na comhaontuithe déthaobhacha a údaraítear leis an Rialachán seo. Déanfar fógra maidir le hathruithe dá éis ar na forálacha sin a thabhairt laistigh de chúig lá oibre.

Foilseofar an fhaisnéis a dtabharfaidh na Ballstáit fógra fúithi in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C.

▼M3

Airteagal 42a

Bearta idirthréimhseacha do na Ballstáit nach n-oibríonn EES fós

1.  
Stampálfar go córasach doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh nuair a thrasnaíonn siad teorainneacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Stampálfar doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 6a(1)(b) agus (c) den Rialachán seo ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh nuair a thrasnaíonn siad teorainneacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2017/2226.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí stampála sin freisin nuair a mhaolófar seiceálacha teorann i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo.

2.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfear stampa ar dhoiciméid taistil na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 6a(3)(a), (b) agus (f), Airteagal 6a(3)(g)(i), (ii), (iii) agus (vii) agus Airteagal 6a(3)(j).
3.  
Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le stampaí dul isteach agus imeachta ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le sonraí dul isteach/imeachta atá ar taifead in EES agus leis na sonraí sin a bheith in easnamh in EES, go háirithe Airteagal 8(3)(a)(iiia) agus (g)(iv), Airteagal 8d(4)(d) agus Airteagal 12.
4.  
Nuair a bhréagnaítear toimhde i ndáil leis na coinníollacha i dtaobh tréimhse fanachta a chomhlíonadh i gcomhréir le Airteagal 12(2), beidh náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch Ballstáit nach n-oibríonn EES fós i dteideal comhartha a fháil ar an doiciméad taistil atá aige nó aici lena sonrófar an dáta agus an áit ar thrasnaigh sé nó sí teorainn sheachtrach nó teorainn inmheánach an Bhallstáit sin. Féadfar foirm mar a léirítear in Iarscríbhinn VIII a thabhairt don náisiúnach tríú tír freisin.
5.  
Beidh feidhm ag na forálacha i dtaca le stampáil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
6.  
Stampálfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír nuair a dhiúltaítear cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta dóibh ag a dteorainn. Déanfar an stampáil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V, cuid A, pointe (d).
7.  
Beidh feidhm ag na hoibleagáidí stampála faoi mhír 1 go mír 6 go dtí an dáta a dtosófar oibríochtaí EES sa Bhallstát lena mbaineann.

▼M6

Airteagal 42b

Fógra a thabhairt faoi réigiúin trasteorann

Faoin 11 Eanáir 2025, cinnfidh gach Ballstát a bhfuil comhtheorainneacha inmheánacha acu, i ndlúthchomhar lena chéile, na limistéir dá gcríoch a mheastar a bheith ina réigiúin trasteorann, agus na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha atá eatarthu á gcur san áireamh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin maidir le haon athruithe ábhartha orthu.

▼B

Airteagal 43

Sásra meastóireachta

1.  
I gcomhréir leis na Conarthaí agus gan dochar do na forálacha iontu maidir le nósanna imeachta sáraithe, déanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ag gach Ballstát trí shásra meastóireachta.
2.  
Sonraítear na rialacha maidir leis an sásra meastóireachta i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013. I gcomhréir leis an sásra meastóireachta sin, tá na Ballstáit agus an Coimisiún le meastóireachtaí rialta, oibiachtúla agus neamhchlaonta a dhéanamh go comhpháirteach d’fhonn cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a fhíorú agus tá an Coimisiún leis na meastóireachtaí a chomhordú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Faoin sásra sin, déanfaidh foireann bheag ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit meastóireacht ar gach Ballstát ar a laghad gach cúig bliana.

Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a d’fhógrófaí agus nach bhfógrófaí ag teorainneacha seachtracha nó ag teorainneacha inmheánacha bheith i gceist le meastóireachtaí.

I gcomhréir leis an sásra meastóireachta sin, beidh sé de chúram ar an gCoimisiún na cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus na cláir mheastóireachta bhliantúla a ghlacadh mar aon leis na tuarascálacha meastóireachta.

3.  
I gcás na moltaí maidir le heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha, féadfar iad a dhíriú ar na Ballstáit lena mbaineann.

I gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích a shainaithnítear i dtuarascáil mheastóireachta arna glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, beidh feidhm ag Airteagal 21 agus ag Airteagal 29 den Rialachán seo.

4.  
Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ag gach céim den mheastóireacht agus cuirfear na doiciméid ábhartha chucu, i gcomhréir leis na rialacha maidir le doiciméid rúnda.
5.  
Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach bonn agus go hiomlán maidir le haon togra chun na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a leasú nó a athchur.

Airteagal 44

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn X.

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.




IARSCRÍBHINN I

Doiciméid tacaíochta a fhíoraíonn go bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach comhlíonta

Féadfar a áireamh san fhianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 6(3) an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás turais ghnó:

(i) 

cuireadh ó ghnólacht nó ó údarás freastal ar chruinnithe, comhdhálacha nó imeachtaí a bhfuil baint acu le trádáil, tionscal nó obair;

(ii) 

doiciméid eile ina léirítear gurb ann do chaidreamh trádála nó caidreamh chun críocha oibre;

(iii) 

ticéid isteach le haghaidh margaí ag comhdhálacha má táthar ag freastal orthu;

(b) 

i gcás turais arna ndéanamh chun críocha staidéir nó cineálacha eile oiliúna:

(i) 

deimhniú go bhfuiltear ar an rolla in institiúid teagaisc chun freastal ar chúrsaí gairmoiliúna nó teoiriciúla faoi chuimsiú oiliúint bhunúsach agus breisoiliúna;

(ii) 

cártaí mac línn nó teastais do na cúrsaí ar freastalaíodh orthu;

(c) 

i gcás turais arna ndéanamh chun críocha turasóireachta nó ar chúiseanna pearsanta:

(i) 

doiciméid tacaíochta a bhaineann le lóistín:

— 
cuireadh ón óstach, más ann dó,
— 
doiciméad tacaíochta ón mbunaíocht a chuireann lóistín ar fáil nó aon doiciméad oiriúnach ina luaitear an lóistín atá beartaithe;
(ii) 

doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an gclár taistil:

— 
dearbhú go bhfuil turas eagraithe curtha in áirithint nó aon doiciméad iomchuí eile ina léirítear na pleananna taistil atá beartaithe;
(iii) 

doiciméid tacaíochta a bhaineann le filleadh:

— 
ticéad fillte nó dé-aistir.
(d) 

i gcás turais arna ndéanamh chun críocha polaitiúla, eolaíocha, cultúrtha, spóirt nó creidimh, nó chun críocha eile:

cuiridh, ticéid isteach, clárúcháin nó cláracha ina luaitear, nuair is féidir, ainm na heagraíochta óstaí agus fad an fhanachta nó aon doiciméad iomchuí eile ina luaitear cuspóir na cuairte.




IARSCRÍBHINN II

Faisnéis a chlárú

Ag gach pointe trasnaithe teorann, déanfar an fhaisnéis seirbhíse uile agus aon fhaisnéis thábhachtach eile a chlárú de láimh nó go leictreonach. Ar an bhfaisnéis arna clárú beidh an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

ainmneacha na ngardaí teorann a bhfuil an cúram orthu go háitiúil seiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha agus ainmneacha na n-oifigeach eile i ngach foireann;

(b) 

maolú ar na seiceálacha ar dhaoine, arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9;

(c) 

na doiciméid a eisítear in áit pasanna agus víosaí ag an teorainn;

(d) 

na daoine a ghabhtar agus gearáin (cionta coiriúla agus sáruithe riaracháin);

(e) 

na daoine a ndiúltaítear cead isteach dóibh i gcomhréir le hAirteagal 14 (an bonn leis an diúltú agus náisiúntachtaí);

(f) 

cóid slándála dul isteach agus imeachta, cé na gardaí teorann a sanntar stampa áirithe dóibh ag am nó seal áirithe agus an fhaisnéis a bhaineann le stampaí a chailltear nó a ghoidtear;

(g) 

gearáin ó dhaoine atá faoi réir seiceálacha;

(h) 

aon bhearta póilíneachta nó breithiúnacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo;

(i) 

tarluithe ar leith.




IARSCRÍBHINN III

Samhlacha de chomharthaí ar na lánaí ag pointí trasnaithe teorann

CUID A

image

 ( 22 )

CUID B1: “níl víosa riachtanach”;

image

CUID B2: “gach cineál pas”.

image

CUID C

image

 (22) 

image

 (22) 

image

 (22) 

image image image image image image

▼M3

CUID D

Cuid D1: Lánaí le haghaidh rialú uathoibrithe teorann do shaoránaigh AE/LEE/CH

image image

Níl gá le réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua ná don Íoslainn

Cuid D2: Lánaí le haghaidh rialú uathoibrithe teorann do náisiúnaigh tríú tír

image image

Cuid D3: Lánaí le haghaidh rialú uathoibrithe teorann do gach cineál pas

image image

Cuid E: Lánaí le haghaidh Taistealaithe Cláraithe

image

▼B




IARSCRÍBHINN IV

Stampaí a ghreamú

▼M3

1. Doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe aige nó aici, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht dó nó di. Doiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil Doiciméad Idirthurais Éascaithe bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003, a dhéanann a idirthuras nó a hidirthuras d’iarnród agus nach dtuirlingíonn laistigh de chríoch Ballstáit, déanfar é a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht dó nó di freisin. Thairis sin, i gcás ina mbeidh foráil déanta go sainráite maidir leis ina dhlí náisiúnta féin, féadfaidh Ballstát stampáil a dhéanamh ar dhul isteach agus ar imeacht dó nó di ar dhoiciméad taistil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta aige nó aici a d’eisigh an Ballstát céanna i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.

I gcás Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós ach a oibríonn EES, stampálfar doiciméid taistil náisiúnaigh tríú tír ag dul isteach dó ar chríoch an Bhallstáit nó ag imeacht aisti, ar bhonn víosa ghearrfhanachta náisiúnta arna heisiúint chun dul isteach uair amháin nó faoi dhó.

▼M3

1a. Leagtar síos mionsonraí na stampaí sin i gCinneadh SCH/COM-EX (94) 16 rev ó Choiste Feidhmiúcháin Schengen agus in SCH/Gem-Handb (93) 15 (RÚNDA).

▼B

2. Athrófar na cóid slándála ar na stampaí go rialta, ní fhágfar ach mí ar a mhéd iad.

▼M3

2a. Ar dhul isteach agus ar imeacht do náisiúnaigh tríú tír a bheidh faoi réir na hoibleagáide víosa agus na hoibleagáide stampála, déanfar an stampa a ghreamú den leathanach ar aghaidh an leathanaigh ar a mbeidh an víosa greamaithe. Mura féidir an leathanach sin a úsáid, áfach, cuirfear an stampa ar an gcéad leathanach eile. Ní chuirfear stampa ar an gcuid atá meaisín-inléite.

▼M3 —————

▼B

4. Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta a bhfuil de chúram orthu faisnéis a mhalartú maidir le cóid slándála na stampaí dul isteach agus imeachta arna n-úsáid ag pointí trasnaithe teorann, agus cuirfidh siad na Ballstáit eile, Ardrúnaíocht na Comhairle agus an Coimisiún ar an eolas ina leith sin. Beidh rochtain láithreach ag na pointí teagmhála sin ar fhaisnéis maidir le stampaí coiteanna dul isteach agus imeachta arna n-úsáid ag teorainn sheachtrach an Bhallstáit lena mbaineann, agus go háirithe ar fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an pointe trasnaithe teorann a bhfuil stampa áirithe sannta do;

(b) 

cé an garda teorann a sanntar stampa áirithe dó ag am áirithe;

(c) 

cód slándála stampa áirithe ag am áirithe.

Cuirfear aon fhiosrúcháin maidir le stampaí coiteanna dul isteach agus imeachta trí na pointí teagmhála náisiúnta thuasluaite.

Cuirfidh na pointí teagmhála náisiúnta ar aghaidh láithreach chuig na pointí teagmhála eile, chuig Ardrúnaíocht na Comhairle agus chuig an gCoimisiún faisnéis maidir le hathrú ar na pointí teagmhála agus ar stampaí a chailltear nó a ghoidtear.




IARSCRÍBHINN V

CUID A

Nósanna imeachta maidir le cead isteach a dhiúltú ag an teorainn

1. Agus cead isteach á dhiúltú aige, déanfaidh an garda teorann inniúil an méid seo a leanas:

(a) 

an fhoirm chaighdeánach chun cead isteach a dhiúltú, mar atá i gCuid B, a líonadh. Síneoidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an fhoirm agus tabharfar cóip den fhoirm sínithe dó. I gcás ina ndiúltaíonn an náisiúnach tríú tír an fhoirm a shíniú, luafaidh an garda teorann an diúltú sin ar an bhfoirm faoin roinn dar teideal “Nótaí”;

▼M3

(b) 

i dtaca le náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta, na sonraí faoi dhiúltú cead isteach a chlárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(2) den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226;

▼B

(c) 

na víosaí a neamhniú nó a chúlghairm, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;

▼M3

(d) 

i dtaca le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil clárú le déanamh in EES gur diúltaíodh cead dul isteach dóibh, stampa dul isteach a ghreamú den phas, arna chealú le cros scríofa i ndúch dubh doscriosta, agus an litir nó na litreacha a bhaineann leis an gcúis nó leis na cúiseanna le cead dul isteach a dhiúltú, a bhfuil liosta an chéanna luaite ar an bhfoirm chaighdeánach maidir le cead dul isteach a dhiúltú mar atá léirithe i gCuid B den Iarscríbhinn seo, a scríobh os a chomhair ar thaobh na láimhe deise, i ndúch doscriosta arís. Ina theannta sin, i gcás na gcatagóirí seo daoine, déanfaidh an garda teorann gach diúltú cead dul isteach a thaifeadadh i gclár nó ar liosta ina sonraítear céannacht agus náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, mar aon le tagairtí an doiciméid lena n-údaraítear an náisiúnach tríú tír leis an teorainn a thrasnú agus an chúis atá le cead dul isteach a dhiúltú, agus dáta an diúltaithe.

▼M3

Leagtar amach na socruithe praiticiúla maidir le stampáil in Iarscríbhinn IV.

▼B

2. Más rud é gur thug iompróir chuig an teorainn an náisiúnach tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dó, déanfaidh an t-údarás freagrach an méid seo a leanas:

(a) 

ordú a thabhairt don iompróir cúram an náisiúnaigh tríú tír a ghlacadh air féin agus é a iompar gan mhoill chuig an tríú tír ónar tógadh é, go dtí an tríú tír a d’eisigh an doiciméad lenar údaraíodh dó an teorainn a thrasnú, nó aon tríú tír eile a bhfuil cead isteach aige ann, nó modh iompair ar aghaidh a aimsiú dó i gcomhréir le hAirteagal 26 de Choinbhinsiún Schengen agus Treoir 2001/51/CE ón gComhairle ( 23 );

(b) 

ar feitheamh iompar ar aghaidh, na bearta iomchuí a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus ag féachaint do na cúinsí áitiúla, chun cosc a chur ar náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh cead isteach dóibh dul isteach go mídhleathach.

3. Má tá bunús le cead isteach a dhiúltú do náisiúnach tríú tír agus é a ghabháil, rachaidh an garda teorann i dteagmháil leis na húdaráis atá freagrach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbeart atá le déanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

CUID B

An fhoirm chaighdeánach chun cead isteach ag an teorainn a dhiúltú

image

►(1)(2) M3  




IARSCRÍBHINN VI

Rialacha sonracha i dtaobh cineálacha éagsúla teorainneacha agus modhanna éagsúla iompair a úsáidtear chun teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú

1.    Teorainneacha talún

1.1.    Seiceálacha ar thrácht ar bhóithre

1.1.1.

Chun a áirithiú go ndéantar seiceálacha éifeachtacha ar dhaoine, agus sreabhadh slán agus rianúil tráchta ar bhóithre á áirithiú, déanfar gluaiseachtaí ag pointí trasnaithe teorann a rialú ar bhealach iomchuí. Nuair is gá, féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt chun críche chun trácht a dhíriú agus a bhlocáil. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin de bhun Airteagal 42.

1.1.2.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina gceapann siad gurb iomchuí agus ag brath ar na cúinsí, lánaí ar leith a chur isteach nó a oibriú ag pointí trasnaithe teorann áirithe ag teorainneacha talún, i gcomhréir le hAirteagal 10.

Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát fáil réidh le lánaí ar leith am ar bith, i gcás cúinsí eisceachtúla agus i gcás ina n-éilíonn dálaí tráchta agus bonneagair a leithéid.

Féadfaidh na Ballstáit oibriú i gcomhar le tíortha comharsanachta d’fhonn lánaí ar leith a chur isteach ag pointí trasnaithe teorann seachtraí.

1.1.3.

Go hiondúil, féadfaidh daoine atá ag taisteal i bhfeithiclí fanacht iontu le linn seiceálacha. Mar sin féin, i gcás ina n-éilíonn cúinsí a leithéid, féadfar iarraidh ar dhaoine tuirlingt dá bhfeithiclí. Déanfar seiceálacha críochnúla, ag brath ar chúinsí áitiúla, in ionaid atá ainmnithe chun na críche sin. Ar mhaithe le slándáil na foirne, beirt ghardaí teorann a dhéanfaidh na seiceálacha sin, nuair is féidir.

1.1.4.

Pointí trasnaithe teorann roinnte

1.1.4.1. Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích nó a choinneáil ar bun le tríú tíortha comharsanachta maidir le pointí trasnaithe teorann roinnte a bhunú ag a ndéanfaidh gardaí teorann an Bhallstáit agus gardaí teorann an tríú tír, i ndiaidh a chéile, seiceálacha ar imeacht agus seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, ar chríoch an pháirtí eile. Féadfaidh pointí trasnaithe teorann roinnte a bheith suite ar chríoch an Bhallstáit nó ar chríoch tríú tír.

1.1.4.2. Pointí trasnaithe teorann roinnte suite ar chríoch Ballstáit: beidh údarú do ghardaí teorann tríú tír a gcúraimí a fheidhmiú sa Bhallstát sna comhaontuithe déthaobhacha lena mbunaítear pointí trasnaithe teorann roinnte ar chríoch Ballstáit, agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:

(a) 

Cosaint idirnáisiúnta: tabharfar rochtain ar nósanna imeachta ábhartha an Bhallstáit do náisiúnach tríú tír atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta ar chríoch Ballstáit i gcomhréir le acquis an Aontais maidir le tearmann.

(b) 

Duine a ghabháil nó maoin a urghabháil: má thagann gardaí teorann tríú tír ar an eolas faoi fhíricí a bhfuil bonn cirt leo leis an duine a ghabháil nó an duine a chur faoi chosaint nó le maoin a urghabháil, cuirfidh siad údaráis an Bhallstáit ar an eolas faoi na fíricí sin agus áiritheoidh údaráis an Bhallstáit go ndéanfar gníomh leantach iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais, agus leis an dlí idirnáisiúnta, go neamhspleách ar náisiúntacht an duine lena mbaineann.

(c) 

Daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais atá ag dul isteach i gcríoch an Aontais: ní chuirfidh gardaí teorann tríú tír cosc ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais dul isteach i gcríoch an Aontais. Má tá cúiseanna ann a bhfuil bonn cirt leo le himeacht ón tríú tír lena mbaineann a dhiúltú, cuirfidh gardaí teorann tríú tír údaráis an Bhallstáit ar an eolas faoi na cúiseanna sin agus áiritheoidh údaráis an Bhallstáit go ndéanfar gníomh leantach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta.

1.1.4.3. Pointí trasnaithe teorann roinnte suite ar chríoch tríú tír: beidh údarú do ghardaí teorann an Bhallstáit a gcúraimí a chomhlíonadh sa tríú tír sna comhaontuithe déthaobhacha lena mbunaítear pointí trasnaithe teorann roinnte ar chríoch tríú tír. Chun críche an Rialacháin seo, féachfar ar sheiceálacha a dhéanann gardaí teorann aon Bhallstáit ag pointe trasnaithe teorann roinnte ach atá suite ar chríoch tríú tír mar sheiceálacha a rinneadh ar chríoch an Bhallstáit a bheidh i gceist. Tabharfaidh gardaí teorann Bhallstáit faoina gcuid cúraimí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:

(a) 

Cosaint idirnáisiúnta: tabharfar rochtain ar nósanna imeachta ábhartha Ballstáit i gcomhréir le acquis an Aontais maidir le tearmann do náisiúnach tríú tír atá imithe thar rialú imeachta arna fheidhmiú ag gardaí teorann tríú tír agus a iarann, ina dhiaidh sin, cosaint idirnáisiúnta ar ghardaí teorann an Bhallstáit atá i láthair sa tríú tír. Glacfaidh údaráis tríú tír le haistriú an duine lena mbaineann go críoch an Bhallstáit.

(b) 

Duine a ghabháil nó maoin a urghabháil: má thagann gardaí teorann Ballstáit ar an eolas faoi fhíricí a bhfuil bonn cirt leo le duine a ghabháil nó a chur faoi chosaint nó le maoin a urghabháil, gníomhóidh siad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Glacfaidh údaráis tríú tír le haistriú an duine nó an ní lena mbaineann go críoch an Bhallstáit.

(c) 

Rochtain ar chórais TF: i gcomhréir le hAirteagal 8, beidh cead ag gardaí teorainn Ballstáit córais faisnéise phróiseála sonraí pearsanta a úsáid maidir le faisnéis. Beidh cead ag Ballstáit na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla a cheanglaítear le dlí an Aontais a bhunú d’fhonn sonraí pearsanta a chosaint ar scrios de thaisme nó mídhleathach nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh nó ar rochtain neamhúdaraithe, lena n-áirítear rochtain ag údaráis tríú tír.

1.1.4.4. Sula dtabharfar i gcrích nó sula leasófar aon chomhaontú déthaobhach le tríú tír comharsanachta i ndáil le pointí trasnaithe teorann roinnte, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht an chomhaontaithe le dlí an Aontais. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chomhaontú déthaobhach atá ann cheana faoin 20 Eanáir 2014.

Más dóigh leis an gCoimisiún nach bhfuil an comhaontú comhoiriúnach le dlí an Aontais, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Glacfaidh an Ballstát na céimeanna uile is iomchuí chun an comhaontú a leasú laistigh de thréimhse réasúnta ionas go bhfaighfear réidh leis na neamh-chomhoiriúnachtaí sin.

1.2.    Seiceálacha ar thrácht ar iarnróid

1.2.1.

Déanfar seiceálacha ar phaisinéirí traenach agus ar fhoireann iarnróid araon ar thraenacha a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha, lena náirítear traenacha earraí nó traenacha folmha. Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha nó comhaontuithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích maidir leis an mbealach chun na seiceálacha sin a dhéanamh agus na prionsabail a leagtar amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú. Déanfar na seiceálacha sin ar cheann de na bealaí seo a leanas:

— 
sa chéad stáisiún a dtiocfaidh an traein isteach ann nó an stáisiún deireanach a n-imeoidh sí uaidh ar chríoch Ballstáit;
— 
ar bord na traenach, le linn idirthurais idir an stáisiún deireanach a n-imeoidh sí uaidh i dtríú tír agus an chéad stáisiún a dtiocfaidh sí isteach ann ar chríoch Ballstáit, nó vice versa;
— 
sa stáisiún deireanach a n-imeoidh an traein uaidh nó sa chéad stáisiún a dtiocfaidh sí isteach ann ar chríoch tríú tír.

1.2.2.

Ina theannta sin, d’fhonn sreafaí tráchta iarnróid na dtraenacha paisinéirí ardluais a éascú, féadfaidh na Ballstáit a bheidh ar chúrsa taistil na dtraenacha sin ó thríú tíortha a chinneadh freisin, i gcomhaontú leis na tríú tíortha lena mbaineann agus na prionsabail a leagtar amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú acu, seiceálacha ar dhul isteach a dhéanamh ar dhaoine i dtraenacha ó thríú tíortha ar cheann ar bith de na bealaí seo a leanas:

— 
sna stáisiúin i dtríú tír ag a dtiocfaidh daoine ar an traein;
— 
sna stáisiúin ag a dtuirlingeoidh daoine den traein, laistigh de chríoch na mBallstát;
— 
ar bord na traenach le linn idirthurais idir na stáisiúin ar chríoch tríú tír agus stáisiúin ar chríoch na mBallstát, ar choinníoll go bhfanfaidh na daoine ar bord na traenach.

1.2.3.

Maidir le traenacha ardluais ó thríú tíortha a stopann roinnt uaireanta ar chríoch na mBallstát, más féidir leis an iompróir iarnróid paisinéirí a thógáil ar bord don chuid dheireanach den turas atá ar chríoch na mBallstát agus di sin amháin, beidh na paisinéirí sin faoi réir seiceálacha ar an traein nó ag an stáisiún ceann scríbe ach amháin i gcás ina ndearnadh seiceálacha faoi bhun phointí 1.2.1 nó 1.2.2 an chéad fhleasc.

Maidir le daoine ar mhaith leo dul ar an traein don chuid dheireanach den turas atá ar chríoch na mBallstát agus di sin amháin, gheobhaidh siad fógra soiléir sula bhfágfaidh an traein go mbeidh siad faoi réir seiceálacha ar dhul isteach le linn an turais nó ag an stáisiún ceann scríbe.

1.2.4.

Beidh na daoine ar bord na traenach faoi réir seiceálacha ar imeacht dóibh faoi shocruithe comhchosúla agus an traein ag taisteal ina malairt treo.

1.2.5.

Féadfaidh an garda teorann ordú a thabhairt cuasanna na gcaráistí a scrúdú más gá, le cúnamh ón gcigire traenach, lena áirithiú nach bhfuil daoine ná ábhair atá faoi réir seiceálacha teorann i bhfolach iontu.

1.2.6.

I gcás ina bhfuil cúiseanna ann a chreidiúint go bhfuil i bhfolach ar thraein daoine a bhfuil tuairisc orthu go ndearna siad coir nó a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad coir, nó náisiúnaigh tríú tír a bhfuil sé beartaithe acu dul isteach go mídhleathach, cuirfidh an garda teorann, mura féidir leis nó léi gníomhú i gcomhréir lena fhorálacha náisiúnta nó lena forálacha náisiúnta, an méid sin in iúl do na Ballstáit sin a bhfuil an traein ag gluaiseacht ina dtreo, nó a bhfuil sí ag gluaiseacht ar a gcríoch.

2.    Teorainneacha aeir

2.1.    Nósanna imeachta maidir le seiceálacha ag aerfoirt idirnáisiúnta

2.1.1. Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát go ndéanfaidh an t-oibreoir aerfoirt na bearta is gá chun na sreafaí paisinéirí ar eitiltí inmheánacha a scaradh go fisiceach ó na sreafaí paisinéirí ar eitiltí eile. Cuirfear an bonneagar iomchuí in áit chuige sin i ngach aerfort idirnáisiúnta.

2.1.2. Cinnfear an áit ina ndéanfar na seiceálacha teorann i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:

(a) 

beidh paisinéirí ar eitilt ó thríú tír a théann ar bord eitilt inmheánach faoi réir seiceáil ar dhul isteach san aerfort a dtiocfaidh an eitilt isteach ann ó thríú tír. Beidh paisinéirí ar eitilt inmheánach a théann ar bord eitilt chuig tríú tír (paisinéirí traschuir) faoi réir seiceála ar imeacht ag aerfort imeachta na heitilte chuig tríú tír;

(b) 

i gcás eitiltí ó thríú tíortha nó chucu nach bhfuil aon phaisinéirí traschuir ar bord agus eitiltí a stopann níos mó ná uair amháin ag aerfoirt na mBallstát ach nach n-athraítear an t-aerárthach:

(i) 

paisinéirí ar eitiltí ó thríú tíortha nó chucu nach raibh aon tarchur roimhe nó nach mbeidh ina ndiaidh ar chríoch na Ballstát, beidh siad faoi réir seiceála ar dhul isteach san aerfort dul isteach agus seiceála ar imeacht san aerfort imeachta;

(ii) 

paisinéirí ar eitiltí ó thríú tíortha nó chucu a stopann níos mó ná uair amháin ar chríoch na mBallstát áit nach n-athraítear an t-aerárthach (paisinéirí idirthurais), agus ar chuntar nach féidir leis na paisinéirí an t-aerárthach a bhordáil don chuid sin den turas atá ar chríoch an Bhallstáit, beidh na paisinéirí sin faoi réir seiceála ar dhul isteach san aerfort dul isteach agus seiceála ar imeacht san aerfort imeachta;

(iii) 

i gcás ina bhféadfaidh aerlíne, i gcás eitiltí ó thríú tíortha a stopfaidh níos mó ná uair amháin ar chríoch na mBallstát, paisinéirí a thabhairt ar bord don chéim dheireanach den turas ar an gcríoch sin, agus don chuid sin amháin, beidh na paisinéirí sin faoi réir seiceála ar imeacht san aerfort imeachta agus faoi réir seiceála ar dhul isteach san aerfort dul isteach.

Maidir le paisinéirí a bheidh ar bord an aerárthaigh cheana féin ag na stopanna sin agus nach ndeachaigh ar bord ar chríoch na mBallstát, déanfar seiceálacha orthu i gcomhréir le pointe (ii). Beidh an nós imeachta malartach i bhfeidhm ar an gcatagóir eitiltí sin nuair is tríú tír an tír is ceann scríbe.

2.1.3. De ghnáth ní dhéanfar seiceálacha teorann ar an aerárthach ná ag an ngeata, ach amháin má tá bunús leo ar bhonn measúnú ar na rioscaí a bhaineann le slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach. D’fhonn a áirithiú go ndéanfar seiceálacha ag na haerfoirt atá ainmnithe ina bpointí trasnaithe teorann ar dhaoine i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 7 go hAirteagal 14, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis na n-aerfort na bearta is gá chun trácht paisinéirí a dhíriú i dtreo na saoráidí atá curtha i leataobh chun seiceálacha a dhéanamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-oibreoir aerfoirt na bearta is gá chun cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe dul isteach agus imeacht ó na limistéir atá curtha i leataobh, an limistéar idirthurais mar shampla. De ghnáth ní dhéanfar seiceálacha sa limistéar idirthurais, ach amháin má tá bunús leo ar bhonn measúnú ar na rioscaí a bhaineann le slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach; maidir le seiceálacha sa limistéar seo go háirithe, féadfar iad a dhéanamh ar dhaoine atá faoi réir víosa idirthurais aerfoirt chun a sheiceáil go bhfuil víosa den chineál sin ina seilbh acu.

2.1.4. Más rud é, i gcásanna force majeure nó garbhaoil nó ar threoracha ó na húdaráis, go mbíonn ar eitilt ó thríú tír tuirlingt in áit nach pointe trasnaithe teorann é, ní fhéadfaidh an t-aerárthach sin leanúint den eitilt go dtí go bhfaighfear údarú ó na gardaí teorann agus ó lucht custaim. Beidh an rud céanna i bhfeidhm i gcás ina dtuirlingíonn aerárthach atá ag eitilt ó thríú tír gan chead. Ar aon chaoi, beidh feidhm ag Airteagal 7 go hAirteagal 14 maidir le seiceálacha ar na daoine atá ar na haerárthaigh sin.

2.2.    Nósanna imeachta maidir le seiceálacha in aeradróim

2.2.1. Áiritheofar freisin go ndéanfar daoine a sheiceáil, i gcomhréir le hAirteagal 7 go hAirteagal 14, in aerfoirt nach bhfuil stádas aerfoirt idirnáisiúnta acu faoin dlí náisiúnta ábhartha (aeradróim) ach go n-údaraítear eitiltí ó thríú tíortha uathu nó chucu.

2.2.2. De mhaolú ar phointe 2.1.1, ní bheidh gá na socruithe iomchuí a dhéanamh in aeradróim chun a áirithiú go ndéanfar sreafaí paisinéirí ó eitiltí inmheánacha agus ó eitiltí eile a scaradh go fisiceach, gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ). Ina theannta sin, nuair is beag an méid tráchta atá ann, ní gá do na gardaí teorann a bheith i láthair i gcónaí, ar chuntar go ráthaítear go mbeidh an fhoireann is gá ar fáil in am trátha más gá.

2.2.3. I gcás nach cinnte go mbeidh na gardaí teorann i láthair i gcónaí san aeradróm, tabharfaidh bainisteoir an aeradróim fógra leordhóthanach do na gardaí teorann faoi aerárthaigh a bheith ag teacht agus ag imeacht ó thríú tíortha agus chucu.

2.3.    Seiceálacha ar dhaoine ar eitiltí príobháideacha.

2.3.1. I gcás eitiltí príobháideacha ó thríú tíortha nó chucu, cuirfidh an captaen dearbhú ginearálta chuig gardaí teorann an Bhallstáit ceann scríbe agus, nuair is iomchuí, an Ballstát a dtéitear isteach ann den chéad uair, sula n-éiríonn an eitilt den talamh ina mbeidh, inter alia, plean na heitilte i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta agus cuirfidh an captaen chucu freisin faisnéis i ndáil le céannacht na bpaisinéirí.

2.3.2. I gcás ina stopann eitiltí príobháideacha ó thríú tír a bhfuil Ballstát mar cheann scríbe acu ar chríoch Ballstáit eile, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit dul isteach seiceálacha teorann agus greamóidh siad stampa dul isteach den dearbhú ginearálta dá dtagraítear in 2.3.1.

2.3.3. I gcás nach bhfuiltear cinnte an bhfuil eitilt ag teacht caol díreach ó chríocha na mBallstát nó ag dul caol díreach chucu gan stopadh ar chríoch tríú tír, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ar dhaoine in aerfoirt agus in aeradróim i gcomhréir le pointí 2.1 go 2.2.

2.3.4. Maidir leis na socruithe maidir le dul isteach agus imeacht faoileoirí, mionaerárthaí, héileacaptair, aerárthaigh beaga nach bhfuil in ann turais rófhada a dhéanamh, agus aerlonga, leagfar síos sa dlí náisiúnta agus, nuair is infheidhme, i gcomhaontuithe déthaobhacha, iad.

3.    Teorainneacha farraige

3.1.    Nósanna imeachta seiceála ginearálta maidir le muirthrácht

3.1.1 Déanfar seiceálacha ar longa ag an gcalafort teacht isteach nó imeachta, nó i limistéar a chuirtear ar fáil go sonrach chun na críche sin agus a bheidh suite díreach taobh leis an árthach nó ar bord loinge sna huiscí teorann arna sainmhíniú ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe a thabhairt i gcrích agus féadfar seiceálacha a dhéanamh freisin i gcomhréir leis na comhaontuithe sin le linn trasnuithe nó, ar theacht i dtír nó ar imeacht na loinge, i gcríoch tríú tír, agus na prionsabail a leagtar amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú.

3.1.2. Déanfaidh an máistir, gníomhaire na loinge nó duine éigin eile arna údarú go cuí ag an máistir nó a fhíordheimhneofar ar bhealach a bheidh inghlactha don údarás poiblí lena mbaineann (dá ngairfear, sa dá chás an “máistir” anseo feasta), liosta den chriú agus d’aon phaisinéirí a bheidh ann a tharraingt suas, ar liosta é ar a mbeidh an fhaisnéis a bheidh de dhíth i bhfoirm 5 (liosta an chriú) agus i bhfoirm 6 (liosta na bpaisinéirí) den Choinbhinsiún maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú (Coinbhinsiún FAL) agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir an víosa nó an cheada chónaithe:

— 
ar a dhéanaí ceithre uair an chloig is fiche sula sroichfear an calafort, nó
— 
ar a dhéanaí, nuair a fhágfaidh an long an calafort roimhe sin más turas níos lú ná ceithre uair an chloig is fiche atá i gceist, nó
— 
murab eol an calafort cuarda nó má athraítear le linn an turais é, a luaithe is a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

Cuirfidh an máistir an liosta/na liostaí in iúl do na gardaí teorann nó, má fhoráiltear dó sin sa dlí náisiúnta, d’údaráis ábhartha eile a chuirfidh an liosta/na liostaí ar aghaidh chuig na gardaí teorann gan mhoill.

3.1.3. Déanfaidh na gardaí teorann nó na húdaráis dá dtagraítear i bpointe 3.1.2. daingniúchán a chur ar ais chuig an máistir go bhfuarthas an liosta/na liostaí (cóip shínithe den liosta/de na liostaí nó dearbhú leictreonach go bhfuarthas na liostaí) agus soláthróidh sé é arna iarraidh sin dó agus an long sa chalafort.

3.1.4. Déanfaidh an máistir aon athrú ar chomhdhéanamh an chriú nó ar líon na bpaisinéirí a thuairisciú don údarás inniúil gan mhoill.

Ina theannta sin, tabharfaidh an máistir fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill, agus laistigh den teorainn ama a leagtar amach i bpointe 3.1.2., má tá folachánaithe ar bord. Fanann folachánaithe faoi fhreagracht an mháistir, áfach.

De mhaolú ar Airteagal 5 agus ar Airteagal 8, ní dhéanfar aon seiceálacha córasacha teorann ar dhaoine a bheidh ag fanacht ar bord. Mar sin féin, ní chuardóidh na gardaí teorann an long ná ní dhéanfaidh siad seiceálacha ar na daoine a bheidh ag fanacht ar bord ach amháin nuair a bheidh bonn cirt leis sin ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach.

3.1.5. Tabharfaidh an máistir fógra don údaras inniúil faoi imeacht na loinge in am cuí agus i gcomhréir leis na rialacha a bheidh i bhfeidhm sa chalafort lena mbaineann.

3.2.    Nósanna imeachta sonracha maidir le seiceáil le haghaidh cineálacha ar leith loingseoireachta

Longa cúrsála

3.2.1. Cuirfidh máistir na loinge cúrsála clár taistil agus clár na cúrsála chuig an údarás inniúil, a luaithe a shuífear iad agus tráth nach déanaí ná tráth laistigh den teorainn ama atá leagtha amach i bpointe 3.1.2.

3.2.2. Mura bhfuil ar chlár taistil loinge cúrsála ach calafoirt atá suite ar chríoch na mBallstát, de mhaolú ar Airteagal 5 agus Airteagal 8, ní dhéanfar aon seiceálacha teorann agus féadfaidh an long chúrsála teacht le cé i gcalafoirt nach bhfuil ag pointí trasnaithe teorann.

Mar sin féin, ní dhéanfar seiceálacha ar chriú ná ar phaisinéirí na long sin ach amháin nuair a bheidh bonn cirt leis sin ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach.

3.2.3. Más cuid de chlár taistil loinge cúrsála dhá chalafort atá suite ar chríoch na mBallstát agus calafoirt atá lonnaithe i dtríú tíortha, de mhaolú ar Airteagal 8, déanfar seiceálacha teorann mar seo a leanas:

(a) 

i gcás ina dtagann an long chúrsála ó chalafort atá suite i dtríú tír agus go dtéann sí i dtír den chéad uair ag calafort atá suite ar chríoch Ballstáit, beidh an criú agus na paisinéirí faoi réir seiceálacha ar dhul isteach ar bhonn liostaí ainmniúla an chriú agus na bpaisinéirí, dá dtagraítear i bpointe 3.1.2.

Beidh paisinéirí a théann i dtír faoi réir aon seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir le hAirteagal 8 ach amháin má léiríonn measúnú ar na rioscaí a bhaineann le slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach nach gá na seiceálacha sin a dhéanamh;

(b) 

i gcás ina dtagann an long chúrsála ó chalafort atá suite i dtríú tír agus go dtéann sí i dtír arís i gcalafort atá suite ar chríoch Ballstáit, beidh an criú agus na paisinéirí faoi réir seiceálacha ar dhul isteach ar bhonn liostaí ainmniúla an chriú agus na bpaisinéirí, dá dtagraítear i bpointe 3.1.2., i gcás inar athraíodh na liostaí sin ó chuaigh an long chúrsála i dtír ag an gcalafort roimhe sin atá suite ar chríoch Ballstáit.

Beidh paisinéirí a théann i dtír faoi réir seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir le hAirteagal 8 ach amháin má léiríonn measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an tslándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach nach gá na seiceálacha sin a dhéanamh;

(c) 

i gcás ina dtagann an long chúrsála ó chalafort atá lonnaithe i mBallstát agus go dtéann sí i dtír ag calafort atá lonnaithe i mBallstát, beidh na paisinéirí a théann i dtír faoi réir seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir le hAirteagal 8 má léiríonn measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an tslándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach gur gá sin;

(d) 

i gcás ina n-imíonn long chúrsála ó chalafort atá lonnaithe i mBallstát go dtí calafort i dtríú tír, beidh an criú agus na paisinéirí faoi réir seiceálacha ar imeacht ar bhonn liostaí ainmniúla an chriú agus na bpaisinéirí.

Má léiríonn measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an tslándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach gur gá sin, beidh paisinéirí atá ag dul ar bord faoi réir seiceálacha ar imeacht i gcomhréir le hAirteagal 8;

(e) 

i gcás ina n-imíonn long chúrsála ó chalafort atá lonnaithe i mBallstát chuig calafort atá lonnaithe i mBallstát, ní dhéanfar aon seiceálacha ar imeacht.

Mar sin féin, ní dhéanfar seiceálacha ar chriú ná ar phaisinéirí na long sin ach amháin nuair a bheidh bonn cirt leis sin ar bhonn measúnú ar na rioscaí i dtaobh slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach.

Bádóireacht phléisiúir

3.2.4. De mhaolú ar Airteagal 5 agus Airteagal 8, ní bheidh daoine atá ar bord bád pléisiúir atá ag teacht ó chalafort atá lonnaithe i mBallstát nó atá ag dul chuige, ní bheidh siad faoi réir seiceálacha teorann agus féadfaidh siad dul i dtír ag calafort nach pointe trasnaithe teorann é.

Mar sin féin, de réir an mheasúnaithe ar na rioscaí i dtaobh inimirce mhídhleathach, agus go háirithe i gcás ina bhfuil cósta tríú tír suite go díreach in aice le críoch an Bhallstáit lena mbaineann, déanfar seiceálacha ar na daoine sin agus/nó cuardach fisiceach ar an mbád pléisiúir.

3.2.5. De mhaolú ar Airteagal 5, féadfaidh bád pléisiúir ó thríú tír, go heisceachtúil, teacht i dtír ag calafort nach pointe trasnaithe teorann é. Sa chás sin, cuirfidh na daoine atá ar bord an méid sin in iúl d’údaráis an chalafoirt chun go dtabharfar údarú dóibh dul isteach sa chalafort sin. Rachaidh údaráis an chalafoirt i dteagmháil leis na húdaráis sa chalafort is giorra atá ainmnithe ina phointe trasnaithe teorann d’fhonn tuairisc a thabhairt ar theacht an tsoithigh sin. Déanfar an dearbhú maidir leis na paisinéirí trí liosta de na daoine atá ar bord a thabhairt d’údaráis an chalafoirt. Cuirfear an liosta sin ar fáil do na gardaí teorann, ar theacht i dtír don bhád ar a dhéanaí.

Ar an ábhar céanna, más rud é, ar chúiseanna force majeure, go bhfuil ar bhád pléisiúir atá ag teacht ó thríú tír teacht le cé i gcalafort nach pointe trasnaithe teorann é, rachaidh údaráis an chalafoirt i dteagmháil leis na húdaráis sa chalafort is giorra atá ainmnithe ina phointe trasnaithe teorann d’fhonn tuairisc a thabhairt go bhfuil an soitheach ann.

3.2.6. Le linn na seicéalacha sin, cuirfear doiciméad ina bhfuil mionsonraí teicniúla an tsoithigh agus ainmneacha na ndaoine atá ar bord ar fáil. Tabharfar cóip den doiciméad sin do na húdaráis sna calafoirt dul isteach agus imeachta. Chomh fada agus go bhfuil an soitheach in uiscí críochacha ceann de na Ballstáit, beidh cóip den doiciméad sin i measc pháipéir na loinge.

Iascaireacht chósta

3.2.7. De mhaolú ar Airteagal 5 agus Airteagal 8, ní dhéanfar seiceáil chórasach ar chriúnna soitheach iascaireachta cósta a théann i dtír gach lá nó laistigh de 36 uair an chloig go dtí calafort an chlárúcháin nó go dtí aon chalafort eile atá suite ar chríoch na mBallstát, gan teacht i gcé ag calafort atá suite ar chríoch tríú tír. Mar sin féin, cuirfear san áireamh an measúnú ar na rioscaí i dtaobh inimirce mhídhleathach, go háirithe i gcás ina bhfuil cósta tríú tír suite go díreach in aice le críoch an Bhallstáit lena mbaineann, d’fhonn minicíocht na seiceálacha a bheidh le déanamh a chinneadh. De réir na rioscaí sin, déanfar seiceálacha ar dhaoine agus/nó cuardach fisiceach ar an soitheach.

3.2.8. Déanfar criúnna soitheach iascaireachta cósta nach bhfuil cláraithe i gcalafort atá suite ar chríoch Ballstáit a sheiceáil i gcomhréir leis na forálacha maidir le maraithe.

Naisc bád farantóireachta

3.2.9. Déanfar seiceálacha ar dhaoine atá ar bord bád farantóireachta atá nasctha le calafoirt atá lonnaithe i dtríú tíortha. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

nuair is féidir, cuirfidh na Ballstáit lánaí ar leith ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 10;

(b) 

déanfar seiceálacha ar phaisinéirí coise duine ar dhuine;

(c) 

déanfar seiceálacha ar phaisinéirí i bhfeithiclí fad atá siad san fheithicil;

(d) 

measfar gur paisinéirí coise iad paisinéirí bád farantóireachta atá ag taisteal i gcóiste. Tuirlingeoidh na paisinéirí sin den chóiste le haghaidh na seiceálacha;

(e) 

déanfar seiceálacha ar thiománaithe feithiclí earraí troma agus aon duine atá ag gabháil leo fad is atá siad san fheithicil. I bprionsabal, déanfar na seiceálacha sin i leataobh ó na seiceálacha ar na paisinéirí eile;

(f) 

d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na seiceálacha go tapa, beidh líon leordhóthanach geataí ann;

(g) 

d’fhonn inimiricigh mhídhleathacha go háirithe a aimsiú, déanfar cuardaigh gan choinne ar an modh iompair atá in úsáid ag na paisinéirí, agus nuair is infheidhme ar na hualaí agus ar earraí eile atá stuáilte sa mhodh iompair;

(h) 

pléifear le baill criú báid farantóireachta amhail gur baill criú loinge tráchtála iad;

(i) 

pointe 3.1.2. (oibleagáid liostaí paisinéirí agus criú a chur isteach) — níl feidhm aige. Más gá liosta na ndaoine a bheidh ar bord a tharraingt suas i gcomhréir le Treoir 98/41/CE ón gComhairle ( 25 ), cuirfidh an máistir cóip den liosta sin ar aghaidh tráth nach déanaí ná tríocha nóiméad tar éis imeacht ó chalafort tríú tír chuig údarás inniúil an chalafoirt a dtiocfaidh an long i dtír ann i gcríoch na mBallstát.

3.2.10. I gcás nach ndéanann bád farantóireachta a thiocfaidh ó thríú tír, a stopfaidh níos mó ná uair amháin laistigh de chríoch na mBallstát, paisinéirí a thabhairt ar bord ach amháin don chéim dheireanach den turas laistigh den chríoch sin, beidh na paisinéirí sin faoi réir seiceála ar imeacht ag an gcalafort a n-imeoidh an bád uaidh agus faoi réir seiceála ar dhul isteach ag an gcalafort a dtiocfaidh sé i dtír ann.

Maidir le daoine a bheidh ar bord an bháid farantóireachta cheana féin ag na stopanna sin agus nár tháinig ar bord i gcríoch na mBallstát, déanfar seiceálacha orthu ag an gcalafort ina dtiocfaidh an bád farantóireachta i dtír. Beidh an nós imeachta malartach i bhfeidhm nuair is tríú tír í an tír is ceann scríbe.

Naisc lasta idir Ballstáit

3.2.11. De mhaolú ar Airteagal 8, ní dhéanfar aon seiceálacha teorann ar naisc lasta idir an dá chalafort chéanna, nó níos mó ná dhá chalafort, atá suite ar chríoch na mBallstát, nach stopfaidh ag calafort ar bith lasmuigh de chríoch na mBallstát agus arb é iompar earraí a bheidh i gceist leo.

Mar sin féin, ní dhéanfar seiceálacha ar chriú ná ar phaisinéirí na long sin ach amháin nuair a bheidh bonn cirt leis sin ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach.

4.    Loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre

4.1. Cumhdaíonn “loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre áit a dtrasnaítear teorainn sheachtrach” úsáid, chun críocha gnó nó pléisiúir, gach cineál bád agus soitheach ar snámh ar aibhneacha, canálacha agus locha.

4.2. Maidir le báid arna n-úsáid chun críocha gnó, measfar gur baill criú nó a gcomhionann iad an captaen agus na daoine atá fostaithe ar bord atá ar an liosta criú, agus baill theaghlaigh na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu ar bord.

4.3. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha phointí 3.1 go 3.2 mutatis mutandis maidir le seiceálacha ar loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre.




IARSCRÍBHINN VII

Rialacha speisialta maidir le catagóirí áirithe daoine

▼M3

1.    Cinn Stáit

Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga.

De mhaolú ar Airteagal 6 agus Airteagal 8 go hAirteagal 14, ní bheidh Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta agus na céilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireacht oifigiúil, agus flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga, ar thug rialtais na mBallstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críche oifigiúla agus ar fógraíodh a dteacht agus a n-imeacht go hoifigiúil trí chainéil taidhleoireachta, ní bheidh na daoine sin faoi réir seiceálacha teorann.

▼B

2.    Píolótaí aerárthach agus baill eile den chriú

2.1. De mhaolú ar Airteagal 6, féadfaidh sealbhóirí ceadúnais píolóta nó teastas ball d’aerchriú mar a fhoráiltear dóibh in Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiú um Eitlíocht Shibhialta an 7 Nollaig 1944, an méid seo a leanas a dhéanamh i bhfeidhmiú a ndualgas agus ar bhonn na ndoiciméad sin:

(a) 

dul ar bord agus tuirlingt san aerfort ag a stopann an t-aerárthach nó san aerfort teacht isteach atá suite ar chríoch Ballstáit;

(b) 

dul isteach ar chríoch bhardas an aerfoirt ag a stopann an t-aerárthach nó san aerfort teacht isteach atá suite ar chríoch Ballstáit;

(c) 

dul, trí mhodh iompair ar bith, go haerfort atá suite ar chríoch Ballstáit d’fhonn dul ar bord aerárthaigh atá ag imeacht ón aerfort sin.

I ngach cás eile, comhlíonfar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6(1).

2.2. Beidh feidhm ag Airteagal 7 go hAirteagal 14 maidir le seiceálacha ar bhaill criú aerárthach. Nuair is féidir, tabharfar tosaíocht do sheiceálacha ar chriúnna aerárthach. Go sonrach, déanfar iad a sheiceáil sula ndéanfar seiceáil ar na paisinéirí nó in ionaid speisialta atá curtha i leataobh chun na críche sin. De mhaolú ar Airteagal 8, ní dhéanfar ach seiceálacha gan choinne ar bhaill foirne ar a bhfuil aithne ag an bhfoireann a bhfuil cúraimí rialaithe teorann orthu i bhfeidhmiú a ndualgas.

3.    Maraithe

De mhaolú ar Airteagal 5 agus Airteagal 8, féadfaidh Ballstáit maraithe a mbeidh doiciméad aitheantais maraí acu, a eiseofar i gcomhréir le Coinbhinsiún na Maraithe de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Doiciméid Aitheantais, Uimh. 108 (1958) nó Uimh. 185 (2003), le Coinbhinsiún maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú (Coinbhinsiún FAL), nó leis an dlí ábhartha náisiúnta, a údarú le dul isteach i gcríoch na mBallstát trí dhul i dtír chun fanacht i gceantar an chalafoirt chuarda nó i mbardais taobh leis, nó le himeacht ó chríoch na mBallstát trí dhul ar ais go dtí a gcuid long, gan iad féin a chur in iúl ag pointe trasnaithe teorann, ar choinníoll go mbeidh a n-ainmneacha ar liosta chriú na loinge a mbainfidh siad léi, liosta a bheidh curtha faoi bhráid na n-údarás inniúil cheana féin d’fhonn seiceálacha a dhéanamh.

Ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándáil inmheánach agus inimirce mhídhleathach, áfach, beidh maraithe faoi réir seiceála ag na gardaí teorann, i gcomhréir le hAirteagal 8, sula rachaidh siad i dtír.

4.    Sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, oifigiúla nó seirbhíse agus baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta

4.1. I bhfianaise na bpribhléidí nó na ndíolúintí speisialta atá acu, i gcás sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, oifigiúla nó seirbhíse arna n-eisiúint ag tríú tíortha nó ag Rialtais tríú tír, ar doiciméid iad atá aitheanta ag na Ballstáit, chomh maith le sealbhóirí doiciméad arna n-eisiúint ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá liostaithe i bpointe 4.4 atá i mbun taistil le linn fheidhmiú a gcuid dualgas, féadfar tosaíocht a thabhairt dóibh ar thaistealaithe eile ag pointí trasnaithe teorann cé go mbeidh siad fós, nuair is infheidhme, faoi réir an cheanglais víosa a bheith acu.

De mhaolú ar Airteagal 6 (1)(c), ní cheanglófar ar dhaoine a bhfuil na doiciméid sin ina seilbh acu a chruthú go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála acu.

4.2. Más rud é go ndéanann duine atá ag an teorainn sheachtrach pribhléidí, díolúintí agus eisceachtaí a agairt, féadfaidh an garda teorann a cheangal air fianaise a chur ar fáil ar a stádas trí na doiciméid ábhartha a sholáthar, go háirithe teastais arna n-eisiúint ag an Stát a thug an creidiúnú, nó pas taidhleoireachta nó doiciméid éigin eile. Má tá amhras ar an ngarda teorann, féadfaidh sé, má tá gá práinneach leis, dul i dteagmháil go díreach leis an Aireacht Gnóthaí Eachtracha.

4.3. Féadfaidh baill chreidiúnaithe misean taidhleoireachta agus ionadaíochtaí consalacha agus a dteaghlach dul isteach ar chríoch na mBallstát má thaispeánann siad an cárta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) dóibh mar aon leis an doiciméad a thugann údarú dóibh an teorainn a thrasnú. Ina theannta sin, de mhaolú ar Airteagal 14 ní fhéadfaidh gardaí teorann cead isteach ar chríoch na mBallstát a dhiúltú do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, oifigiúla nó seirbhíse gan dul i gcomhairle ar an gcéad dul síos leis na húdaráis náisiúnta iomchuí. Beidh feidhm ag an méid sin freisin i gcás foláireamh a bheith in CFS do na daoine sin.

4.4. Is iad na doiciméid a eisíonn eagraíochtaí idirnáisiúnta chun na gcríoch atá sonraithe i bpointe 4.1 na doiciméid seo a leanas go háirithe:

— 
Laissez-passez na Náisiún Aontaithe arna eisiúint chuig foireann na Náisiún Aontaithe agus chuig foghníomhaireachtaí faoin gCoinbhinsiún maidir le Pribhléidí agus Díolúintí Gníomhaireachtaí Speisialaithe arna nglacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 21 Samhain 1947 i Nua Eabhrac.
— 
Laissez-passer an Aontais Eorpaigh (AE),
— 
Laissez-passer an Chomhphoabil Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach(Euratom),
— 
teastas dlisteanachta arna eisiúint ag Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa,
— 
doiciméid arna n-eisiúint de bhun mhír 2 d’Airteagal III den Chomhaontú idir Páirtithe Chonradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stádas a bhFórsa (cártaí aitheantais míleata agus ordú taistil, barántas taistil nó ordú gluaiseachta aonair nó ordú comhghluaiseachta) mar aon le doiciméid arna n-eisiúint faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht na Síochána.

5.    Oibrithe trasteorann

5.1. Tá na nósanna imeachta maidir le hoibrithe trasteorann a sheiceáil faoi rialú na rialacha ginearálta maidir le rialú teorann, go háirithe Airteagal 8 agus Airteagal 14.

5.2. De mhaolú ar Airteagal 8, ní dhéanfar ach seiceálacha randamacha ar oibrithe trasteorann a bhfuil aithne mhaith ag na gardaí teorann orthu i ngeall ar iad a bheith ag trasnú an phointe trasnaithe teorann chéanna go minic agus ar léirigh an chéad seiceáil orthu nach bhfuil foláireamh fúthu in CFS ná i gcomhad sonraí náisiúnta agus ní dhéanfar sna seiceálacha gan choinne sin ach a chinntiú go bhfuil doiciméad bailí ina seilbh acu a thugann údarú dóibh an teorainn a thrasnú agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha is gá maidir le dul isteach. Déanfar seiceálacha críochnúla ar na daoine sin ó am go ham, gan rabhadh a thabhairt agus ar bhonn mírialta.

5.3. Féadfar a chuimsiú faoi fhorálacha phointe 5.2 catagóirí eile de chomaitéirí a thrasnaíonn an teorainn go rialta.

▼M5

6.    Mionaoisigh

6.1. Tabharfaidh gardaí teorann aird ar leith ar mhionaoisigh, bídís ag taisteal faoi thionlacan nó gan tionlacan. Beidh mionaoisigh a thrasnaíonn teorainn sheachtrach faoi réir na seiceálacha céanna le daoine fásta ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh, dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

6.2. I gcás mionaoisigh thionlactha, seiceálfaidh an garda teorann go bhfuil cúram tuismitheora nó caomhnóireacht dhlíthiúil ag na daoine atá ag tionlacan mionaoiseach, go háirithe i gcás nach bhfuil ach duine fásta amháin ag tionlacan na mionaoiseach agus go bhfuil amhras mór ann go bhféadfadh sé gur baineadh na mionaoisigh go mídhleathach ó chúram na ndaoine a bhfuil cúram tuismitheora nó cúram caomhnóireacht dhlíthiúil acu orthu. Sa dara cás sin, déanfaidh an garda teorann imscrúdú eile chun aon mhíréireachtaí nó bréagnuithe san fhaisnéis a tugadh a aimsiú.

6.3. I gcás mionaoisigh atá ag taisteal gan tionlacan, áiritheoidh na gardaí teorann, trí bhíthin seiceálacha críochnúla ar dhoiciméid taistil agus ar dhoiciméid tacaíochta, nach n-imeoidh na mionaoisigh ón gcríoch in aghaidh thoil na ndaoine a bhfuil cúram tuismitheora nó caomhnóireacht dhlíthiúil acu orthu.

6.4. Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála náisiúnta sin ar fáil do na Ballstáit.

6.5. I gcás ina bhfuil amhras ann maidir le haon cheann de na himthosca a leagtar amach i bpointí 6.1, 6.2 agus 6.3, bainfidh na gardaí teorann úsáid as an liosta de phointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh.

6.6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint shonrach ag gardaí teorann a fhíoraíonn sonraí bithmhéadracha leanaí nó a dhéanann leanbh a shainaithint leo chun déanamh amhlaidh ar bhealach nach gcuireann as don leanbh agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an linbh, agus lánurraim á tabhairt do leasanna an linbh agus do na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Nuair a bheidh leanbh faoi thionlacan tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil, gabhfaidh an duine sin leis an leanbh nuair a bheidh na sonraí bithmhéadracha á bhfíorú nó nuair a úsáidfear iad chun sainaithint a dhéanamh. Ní úsáidfear forneart. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá, go ndéanfar an bonneagar ag pointí trasnaithe teorann a chur in oiriúint d'úsáid sonraí bithmhéadracha leanaí.

▼B

7.    Seirbhísí tarrthála, póilíní, briogáidí dóiteáin agus gardaí teorann

Leagfar síos sa dlí náisiúnta na socruithe maidir le dul isteach agus imeacht ball de sheirbhísí tarrthála, de na póilíní, briogáidí dóiteáin a bhíonn ag gníomhú i gcásanna éigeandála chomh maith le gardaí teorann a thrasnaíonn teorainn chun a gcúraimí proifisiúnta a fheidhmiú. Féadfaidh Ballstáit conarthaí déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le dul isteach agus imeacht na gcatagóirí daoine sin. Féadfaidh na socruithe sin agus na comhaontuithe déthaobhacha sin foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 8.

8.    Oibrithe amach ón gcósta

De mhaolú ar Airteagal 5 agus Airteagal 8, ní dhéanfar seiceáil chórasach ar oibrithe amach ón gcósta ar oibrithe iad a thiocfaidh ar ais go rialta ar muir nó trí aeriompar chuig críoch na mBallstát gan fanacht i gcríoch tríú tír.

Mar sin féin, cuirfear san áireamh measúnú ar na rioscaí i dtaobh inimirce mhídhleathach, go háirithe i gcás ina mbeidh imeallbhord tríú tír suite go díreach in aice le hionad amach ón gcósta, d’fhonn minicíocht na seiceálacha a bheidh le déanamh a chinneadh.




IARSCRÍBHINN VIII