EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02013R1311-20200417

Consolidated text: Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1311/2020-04-17

02013R1311 — GA — 17.04.2020 — 003.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013

an 2 Nollaig 2013

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

(IO L 347 20.12.2013, lch. 884)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COUNCIL REGULATION (EU, Euratom) 2015/623 of 21 April 2015 (*)

  L 103

1

22.4.2015

►M2

COUNCIL REGULATION (EU, Euratom) 2017/1123 of 20 June 2017 (*)

  L 163

1

24.6.2017

►M3

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/538 ÓN GCOMHAIRLE an 17 Aibreán 2020

  L 119I

1

17.4.2020



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013

an 2 Nollaig 2013

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020



CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Creat Airgeadais Ilbhliantúil

Leagtar amach an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020 ("CAI") san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Athscrúdú/athbhreithniú meántéarma ar CAI

Faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí, tíolacfaidh an Coimisiún athscrúdú ar fheidhmiú CAI agus an staid eacnamaíoch ag an tráth sin á chur san áireamh ina hiomláine chomh maith leis na réamh-mheastacháin maicreacnamaíocha is déanaí. Maidir leis an athscrúdú éigeantach seo, beidh togra reachtach le haghaidh athbhreithnithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i CFAE, de réir mar is iomchuí. Gan dochar d'Airteagal 7 den Rialachán seo, ní laghdófar na himchlúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte trí athbhreithniú den sórt sin.

Airteagal 3

Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh

1.  
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, le linn gach nós imeachta bhuiséadaigh agus tráth a mbeidh an buiséad don bhliain lena mbaineann á chur chun feidhme acu, na huasteorainneacha bliantúla caiteachais a leagtar amach i CAI a chomhlíonadh.

Bunaítear an fho-uasteorainn do Cheannteideal 2 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn í gan dochar don tsolúbthacht idir dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Déanfar an uasteorainn choigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm ar cholún 1 CBT tar éis na n-aistrithe idir an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus íocaíochtaí díreacha a leagan síos sa ghníomh ábhartha dlíthiúil agus déanfar CAI a choigeartú dá réir sin faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo.

▼M2

2.  
The special instruments provided for in Articles 9 to 15 shall ensure the flexibility of the MFF and shall be laid down in order to allow the budget procedure to run smoothly. ►M3  Féadfar na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí a chur isteach sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha na gceannteideal ábhartha a leagtar síos in CAI i gcás inar gá leas a bhaint as na hacmhainní ón gCúlchiste um Chabhair Éigeandála, ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, ón Ionstraim Sholúbthachta, ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, ón gCorrlach Teagmhasach, ón tsolúbthacht shonrach chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun taighde a neartú agus ón gCorrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 2012/2002 ón gComhairle ( 1 ), le Rialachán (AE) Uimh.1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), agus leis an gComhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais ( 3 ). ◄

▼B

3.  
I gcás nach mór go slógfaí ráthaíocht le haghaidh iasachta a chumhdaítear le buiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 nó le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010, beidh sí de bhreis ar na huasteorainneacha a leagtar síos i CAI.

Airteagal 4

Uasteorainn na n-acmhainní dílse a urramú

1.  
I ndáil le gach ceann de na blianta a chumhdaítear le CAI, ní eascróidh ráta glaoite isteach d'acmhainní dílse lena rachfar thar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom, as na leithreasaí iomlána do na híocaíochtaí a éilítear, tar éis an choigeartaithe bhliantúil agus tar éis aon choigeartuithe agus athbhreithnithe eile, chomh maith le cur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3 d'Airteagal 3, a chur san áireamh.
2.  
I gcás inar gá, déanfar na huasteorainneacha a leagfar síos i CAI a ísliú trí athbhreithniú lena áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom.

Airteagal 5

Corrlach foriomlán d'íocaíochtaí

1.  
Gach bliain, ag tosú in 2015, mar chuid den choigeartú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfaidh an Coimisiún an uasteorainn íocaíochta do na blianta 2015-2020 ar aghaidh a choigeartú suas le méid a bheidh coibhéiseach leis an difríocht idir na híocaíochtaí a chuirtear chun feidhme agus uasteorainn íocaíochta CAI bhliain n-1.

▼M2

2.  

The annual adjustments shall not exceed the following maximum amounts (in 2011 prices) for the years 2018-2020 as compared to the original payment ceiling of the relevant years:

2018 — EUR 7 billion
2019 — EUR 11 billion
2020 — EUR 13 billion.

▼B

3.  
Déanfar aon choigeartú suas a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach a dhéanfar ar an uasteorainn íocaíochta do bhliain n-1.

Airteagal 6

Coigeartuithe teicniúla

1.  

Déanfaidh an Coimisiún na coigeartaithe teicniúla seo a leanas ar CAI gach bliain, ag gníomhú dó sula gcuirfear an nós imeachta buiséadach do bhliain n+1 i bhfeidhm:

(a) 

athluacháil, ag praghsanna bhliain n+1, ar na huasteorainneacha agus ar na figiúirí foriomlána do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus do leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí;

(b) 

ríomhfaidh sé an corrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom;

(c) 

ríomhfaidh sé dearbhmhéid an Chorrlaigh Theagmhasaigh dá bhforáiltear in Airteagal 13;

(d) 

ríomhfaidh sé an corrlach foriomlán d'íocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5;

(e) 

ríomhfaidh sé an corrlach foriomlán d'oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14;

▼M2

(f) 

calculation of the amounts to be made available to the Flexibility Instrument under the second subparagraph of Article 11(1).

▼B

2.  
Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn díbhoilsceora shocraithe 2 % in aghaidh na bliana.
3.  
Cuirfidh an Coimisiún torthaí na gcoigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1, chomh maith leis na bun- réamhaisnéisí eacnamaíocha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
4.  
Gan dochar d'Airteagal 7 agus d'Airteagal 8, ní dhéanfar aon choigeartuithe teicniúla eile i ndáil leis an mbliain lena mbaineann, le linn na bliana nó mar cheartúcháin ex-post sna blianta ina dhiaidh sin.

Airteagal 7

Coigeartú a dhéanamh ar na himchlúdaigh beartais chomhtháthaithe

1.  
D'fhonn cás an-deacair na mBallstát atá thíos leis an ngéarchéim a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, in 2016, i dteannta leis an gcoigeartú teicniúil don bhliain 2017, athscrúdú ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile faoin sprioc "Infheistíocht le haghaidh fáis agus post" atá sa bheartas comhtháthaithe do na blianta 2017 go 2020, agus an modh leithdháilte a shainmhínítear sa ghníomh bunúsach ábhartha ar bhonn an staidrimh ba dhéanaí a bhí ar fáil ag an am sin agus ar bhonn na comparáide, do na Ballstáit chaidhpeáilte, idir OTI náisiúnta carnaithe breathnaithe do na blianta 2014 agus 2015 agus OTI náisiúnta carnaithe a measadh sa bhliain 2012. Déanfaidh sé na leithdháiltí iomlána sin a choigeartú aon uair a bheidh éagsúlacht charnach níos mó ná +/-5 % ann.
2.  
Déanfar na coigeartuithe a éilítear a leathadh i gcodanna cothroma thar na blianta 2017 go 2020 agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a mhodhnú dá réir. Déanfar na huasteorainneacha le haghaidh íocaíochta a mhodhnú dá réir freisin le forchéimniú ordúil a áirithiú maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí.
3.  
Sa choigeartú teicniúil a dhéanfaidh an Coimisiún do 2017, tar éis an athscrúdaithe meántéarma ar incháilitheacht na mBallstát le haghaidh an Chiste Comhtháthaithe dá bhforáiltear in Airteagal 90(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), i gcás ina mbeidh Ballstát incháilithe go húrnua le haghaidh an Chiste Comhtháthaithe nó ina gcaillfidh sé an incháilitheacht a bhí aige cheana, cuirfidh an Coimisiún na méideanna a bheidh ann mar thoradh air sin leis na cistí a leithdháilfear ar an mBallstát do na blianta 2017 go 2020 nó bainfidh sé na méideanna sin ó na cistí sin.
4.  
Déanfar na coigeartuithe a éilítear, atá mar thoradh ar mhír 3, a leathadh i gcodanna cothroma thar na blianta 2017 go 2020 agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a mhodhnú dá réir. Déanfar na huasteorainneacha le haghaidh íocaíochta a mhodhnú freisin chun forchéimniú ordúil a áirithiú maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí.
5.  
Ní rachaidh glanéifeacht iomlán na gcoigeartuithe, dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3, thar EUR 4 billiún, bíodh an éifeacht sin dearfach nó diúltach.

Airteagal 8

Coigeartuithe a bhaineann le bearta lena nasctar éifeachtacht cistí le rialachas eacnamaíoch fónta

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n-oibleagáidí buiséadacha a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe nó leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh i gcomhthéacs bearta lena nasctar éifeachtacht cistí le rialachas eacnamaíoch fónta, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an ngníomh bunúsach ábhartha, na hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí a aistriú go dtí na blianta ina dhiaidh sin. Maidir le hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí agus a bhaineann le bliain n, ní fhéadfar buiséad a athdhéanamh dóibh i ndiaidh bhliain n+3.



CAIBIDIL 2

Ionstraimí speisialta

Airteagal 9

An Cúlchiste um Chabhair Éigeandála

1.  
Beartaítear leis an gCúlchiste um Chabhair Éigeandála go mbeifear in ann freagairt mhear a thabhairt ar riachtanais shonracha chabhrach na dtríú tíortha tar éis imeachtaí nach bhféadfaí a réamh-mheas nuair a bunaíodh an buiséad, le haghaidh oibríochtaí daonnúla ar an gcéad dul síos, ach le haghaidh bhainistiú géarchéime sibhialta agus chosaint shibhialta freisin, agus le haghaidh cásanna a mbeidh brú faoi leith ag baint leo a eascróidh as sreafaí imirce ag teorainneacha seachtracha an Aontais i gcás ina n-éileofar sin leis na himthosca.

▼M2

2.  
The annual amount of the Reserve is fixed at EUR 300 million (2011 prices) and may be used up to year n + 1 in accordance with the Financial Regulation. The Reserve shall be entered in the general budget of the Union as a provision. The portion of the annual amount stemming from the previous year shall be drawn on first. That portion of the annual amount from year n which is not used in year n + 1 shall lapse.

▼B

Airteagal 10

Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

1.  
Beartaítear le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh cúnamh airgeadais a thabhairt i gcás ina dtarlóidh tubaistí ollmhóra ar chríoch Bhallstáit nó tíre iarrthóra, mar a shainmhínítear sa ghníomh ábhartha bunúsach. Beidh uasteorainn EUR 500 milliún (i bpraghsanna 2011) ar an méid bliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh an Chiste sin. An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, beidh ar a laghad an ceathrú cuid den uasmhéid bliantúil fós ar fáil d'fhonn na riachtanais a thiocfaidh chun cinn i míonna deiridh na bliana sin a chumhdach. Féadfar an chuid den mhéid bliantúil nach gcuirfear sa bhuiséad a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Rachaidh an chuid sin den mhéid bliaintúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1 in éag.
2.  
I gcásanna eisceachtúla agus mura mbeidh na hacmhainní airgeadais a bheidh fós ar fáil faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh sa bhliain a tharlóidh an tubaiste, mar a shainmhínítear sa ghníomh ábhartha bunúsach é, leordhóthanach chun an méid cúnaimh a measfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeidh gá leis a chumhdach, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar an difríocht a mhaoiniú trí na méideanna bliantúla a bheidh ar fáil don bhliain ina dhiaidh sin.

▼M2

Article 11

Flexibility Instrument

1.  
The Flexibility Instrument is intended to allow the financing, for a given financial year, of clearly identified expenditure which could not be financed within the limits of the ceilings available for one or more other headings. Subject to the second subparagraph, there shall be a ceiling on the annual amount available for the Flexibility Instrument of EUR 600 million (2011 prices).

Each year, starting in 2017, the annual amount available for the Flexibility Instrument shall be increased by:

(a) 

an amount equivalent to the portion of the annual amount for the European Union Solidarity Fund which has lapsed in the previous year in accordance with Article 10(1);

(b) 

an amount equivalent to the portion of the annual amount for the European Globalisation Adjustment Fund which has lapsed in the previous year.

Amounts made available to the Flexibility Instrument in accordance with the second subparagraph shall be used in accordance with the conditions set out in this Article.

2.  
The unused portion of the annual amount of the Flexibility Instrument may be used up to year n + 3. The portion of the annual amount stemming from previous years shall be used first, in order of age. That portion of the annual amount from year n which is not used in year n + 3 shall lapse.

▼B

Airteagal 12

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

1.  
Ní rachaidh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, a sainmhínítear na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, thar uasmhéid bhliantúil EUR 150 milliún (i bpraghsanna 2011).
2.  
Déanfar na leithreasaí don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil.

Airteagal 13

An Corrlach Teagmhasach

1.  
Déanfar Corrlach Teagmhasach suas le 0.03 % d'Ollioncam Náisiúnta an Aontais a chruthú lasmuigh d'uasteorainneacha CAI, mar ionstraim a bheadh le húsáid mar an rogha deireanach chun freagairt d'imthosca gan choinne. Ní fhéadfar é a shlógadh ach i dtaca le buiséad leasaitheach nó le buiséad bliantúil.
2.  
An méid a rachfar ar iontaoibh an chorrlaigh theagmhasaigh, ní rachaidh sé, in aon bhliain ar leith, thar an uasmhéid dá bhforáiltear sa choigeartú teicniúil bliantúil a dhéanfar ar CAI agus beidh sé i gcomhréir le huasteorainn na n-acmhainní dílse.
3.  
Na méideanna a chuirfear ar fáil tríd an Corrlach Teagmhasach a shlógadh, déanfar iad a fhritháireamh go hiomlán i gcoinne na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de na ceannteidil CAI don bhliain reatha airgeadais nó do na blianta airgeadais amach anseo.
4.  
Na méideanna a dhéanfar a fhritháireamh amhlaidh, ní shlógfar iad a thuilleadh i gcomhthéacs CAI. I gcás ina rachfar ar iontaoibh an Chorrlaigh Theagmhasaigh, ní bheidh mar thoradh ar an dul ar iontaoibh sin go rachfar thar uasteorainneacha iomlána na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasaí le haghaidh íocaíochtaí a leagtar síos i CAI don bhliain reatha airgeadais agus do na blianta airgeadais amach anseo.

▼M2

Article 14

▼M3

Corrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí

1.  
Na corrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí, beidh siad ina gCorrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí a chuirfear ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha a bhunaítear san CAI le haghaidh na mblianta 2016 go 2020.

▼M2

2.  
Each year, as part of the technical adjustment provided for in Article 6, the Commission shall calculate the amount available. The Global MFF Margin or part thereof may be mobilised by the European Parliament and the Council in the framework of the budgetary procedure pursuant to Article 314 TFEU.

▼B

Airteagal 15

Solúbthacht shonrach chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun taighde a neartú

Féadfar suas le EUR 2 543 milliún (i bpraghsanna 2011) a thúsualú in 2014 agus in 2015, mar chuid den nós imeachta bliantúil buiséadach, do chuspóirí sonracha beartais a bhaineann leis an dífhostaíocht i measc an ógra, leis an taighde, le ERASMUS do phríntíseachtaí go háirithe, agus le Fiontair Bheagmhéide agus Mheánmhéide. Déanfar an méid sin a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh leithreasaí laistigh de cheannteidil agus/nó idir ceannteidil chun nach ndéanfar athrú ar na huasteorainneacha iomlána bliantúla don tréimhse 2014 go 2020 ná ar an leithdháileadh iomlán in aghaidh an cheannteidil nó in aghaidh an fho-cheannteidil le linn na tréimhse.

Airteagal 16

Ranníocaíocht le maoiniú tionscadal ar mhórscála

1.  
Beidh uasmhéid EUR 6 300 milliún (i bpraghsanna 2011) ar fáil do chláir Eorpacha loingseoireachta satailíte (EGNOS agus Galileo) ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse 2014 go 2020.
2.  
Beidh uasmhéid EUR 2,707 milliún (i bpraghsanna 2011) ar fáil don tionscadal d'Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITTI) ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse 2014 go 2020.
3.  
Beidh uasmhéid EUR 3,786 milliún (i bpraghsanna 2011) ar fáil do Copernicus (an Clár Eorpach um Fhaire na Cruinne) ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse 2014 go 2020.



CAIBIDIL 3

Athbhreithniú

Airteagal 17

Athbhreithniú ar CAI

1.  
Gan dochar d'Airteagal 4(2), d'Airteagal 18 go hAirteagal 22 agus d'Airteagal 25, má thagann imthosca gan choinne chun cinn, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar CAI i gcomhlíonadh uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom.
2.  
Mar riail ghinearálta, déanfar aon togra le haghaidh athbhreithnithe ar CAI i gcomhréir le mír 1 a thíolacadh agus a ghlacadh sula gcuirfear tús leis an nós imeachta buiséadach don bhliain nó don chéad cheann de na blianta lena mbaineann.
3.  
In aon togra le haghaidh athbhreithnithe ar CAI i gcomhréir le mír 1, scrúdófar an raon feidhme atá ann chun caiteachas a ath-leithdháileadh idir na cláir a chumhdaítear leis an gceannteideal lena mbaineann an t-athbhreithniú, agus tagairt faoi leith á déanamh d'aon tearcúsáid a mheastar a bhainfear as leithreasaí. Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir go mbeadh méid suntasach, i ndearbhthéarmaí agus mar chéatadán den chaiteachas nua a bheartófar, laistigh den uasteorainn atá ann cheana don cheannteideal.
4.  
Cuirfear san áireamh in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1, an raon feidhme atá ann chun aon ardú a dhéanfar ar an uasteorainn do cheannteideal amháin a fhritháireamh trí ísliú a dhéanamh ar an uasteorainn do cheannteideal eile.
5.  
Coimeádfar gaol iomchuí idir oibleagáidí agus íocaíochtaí in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 18

Athbhreithniú a bhaineann le cur chun feidhme

Nuair a bheidh fógra maidir le torthaí na gcoigeartuithe teicniúla ar CAI á thabhairt ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tíolacfaidh sé aon tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na leithreasaí iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, i bhfianaise an chur chun feidhme, lena áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta ar na huasteorainneacha íocaíochta bliantúla agus, go háirithe, go ndéanfar forchéimniú ar bhealach ordúil i ndáil leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir leis na tograí sin roimh 1 Bealtaine bhliain n.

Airteagal 19

Athbhreithniú mar thoradh ar rialacha nua nó ar chláir nua le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Comhtháthaithe, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh, an Chiste Tearmainn agus Imirce agus an Chiste Slándála Inmheánaí

1.  
I gcás ina nglacfar rialacha nua nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte tar éis an 1 Eanáir 2014 i ndáil leis na Cistí Struchtúracha, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, déanfar CAI a athbhreithniú chun go ndéanfar na leithdháiltí nár úsáideadh in 2014 a aistriú chuig na blianta ina dhiaidh sin, de bhreis ar na huasteorainneacha comhfhreagracha caiteachais.
2.  
Glacfar an t-athbhreithniú a bhaineann leis an leithdháileadh don bhliain 2014 nár úsáideadh a aistriú roimh an 1 Bealtaine 2015.

Airteagal 20

Athbhreithniú ar CAI i gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar na Conarthaí

Má dhéantar athbhreithniú ar na Conarthaí idir 2014 agus 2020, ar athbhreithniú é lena ngabhfaidh impleachtaí buiséadacha, déanfar CAI a athbhreithniú dá réir.

Airteagal 21

Athbhreithniú ar CAI i gcás ina méadófar an tAontas

Má tharlaíonn aontachas amháin nó níos mó leis an Aontas idir 2014 agus 2020, déanfar CAI a athbhreithniú chun na ceanglais chaiteachais a bheidh mar thoradh air sin a chur san áireamh.

Airteagal 22

Athbhreithniú ar CAI i gcás athaontú na Cipire

I gcás ina ndéanfar an Chipir a athaontú idir 2014 agus 2020, déanfar CAI a athbhreithniú chun go gcuirfear san áireamh an réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire agus na riachtanais bhreise airgeadais a bheidh mar thoradh ar an athaontú.

Airteagal 23

Comhar idirinstitiúideach sa nós imeacht buiséadach

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (dá ngairtear "na hinstitiúidí" anseo feasta) bearta chun an nós imeachta buiséadach bliantúil a éascú.

Comhoibreoidh na hinstitiúidí de mheon macánta le linn an nós imeachta d'fhonn a seasaimh a thabhairt le chéile. Comhoibreoidh na hinstitiúidí, ag gach céim den nós imeachta, trí na teagmhálacha idirinstiúideacha iomchuí chun go ndéanfar faireachán ar dhul chun cinn na hoibre agus go ndéanfar anailís ar mhéid an chóineasaithe.

Áiritheoidh na hinstitiúidí go ndéanfar a bhféilirí oibre faoi seach a chomhordú a mhéid is féidir, chun go bhféadfar imeachtaí a sheoladh ar bhealach comhleanúnach agus cóineasaithe, agus go mbeidh glacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais mar thoradh air.

Féadfar cruinnithe tríthaobhacha a thionól ag gach céim den nós imeachta agus ag leibhéil éagsúla ionadaíochta, ag brath ar chineál an phlé a mbeifear ag súil leis. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú, a sainordú le haghaidh na gcaibidlíochtaí a shainiú agus na hinstitiúidí eile a chur ar an eolas in am trátha maidir leis na socruithe le haghaidh na gcruinnithe.

Airteagal 24

Aontacht an bhuiséid

Áireofar caiteachas agus ioncam uile an Aontais agus Euratom i mbuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear caiteachas a bheidh mar thoradh ar aon chinneadh ábhartha a dhéanfaidh an Chomhairle d'aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú Airteagal 332 CFAE.

Airteagal 25

Aistriú i dtreo an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Roimh an 1 Eanáir 2018, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh creata nua airgeadais ilbhliantúil.

Mura ndéanfar aon rialachán ón gComhairle a ghlacadh lena gcinnfear creat nua airgeadais ilbhliantúil roimh an 31 Nollaig 2020, déanfar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a chomhfreagraíonn don bhliain dheireanach de CAI a shíneadh go dtí go nglacfar rialachán lena gcinnfear creat nua airgeadais. Má aontaíonn Ballstát nua don Aontas tar éis 2020, déanfar an creat airgeadais sínithe a athbhreithniú, más gá, chun go gcuirfear an t-aontachas san áireamh.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M1




ANNEX



MULTIANNUAL FINANCIAL FRAMEWORK (EU-28)

(EUR million - 2011 prices)

COMMITMENT APPROPRIATIONS

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Total 2014-2020

1.  Smart and Inclusive Growth

49 713

72 047

62 771

64 277

65 528

67 214

69 004

450 554

1a:  Competitiveness for growth and jobs

15 605

16 321

16 726

17 693

18 490

19 700

21 079

125 614

1b:  Economic, social and territorial cohesion

34 108

55 726

46 045

46 584

47 038

47 514

47 925

324 940

2.  Sustainable Growth: Natural Resources

46 981

59 765

58 204

53 448

52 466

51 503

50 558

372 925

of which: Market related expenditure and direct payments

41 254

40 938

40 418

39 834

39 076

38 332

37 602

277 454

3.  Security and citizenship

1 637

2 269

2 306

2 289

2 312

2 391

2 469

15 673

4.  Global Europe

7 854

8 083

8 281

8 375

8 553

8 764

8 794

58 704

5.  Administration

8 218

8 385

8 589

8 807

9 007

9 206

9 417

61 629

of which: Administrative expenditure of the institutions

6 649

6 791

6 955

7 110

7 278

7 425

7 590

49 798

6.  Compensations

27

0

0

0

0

0

0

27

TOTAL COMMITMENT APPROPRIATIONS

114 430

150 549

140 151

137 196

137 866

139 078

140 242

959 512

as a percentage of GNI

0,88 %

1,13 %

1,03 %

1,00 %

0,99 %

0,98 %

0,98 %

1,00 %

 

TOTAL PAYMENT APPROPRIATIONS

128 030

131 095

131 046

126 777

129 778

130 893

130 781

908 400

as a percentage of GNI

0,98 %

0,98 %

0,97 %

0,92 %

0,93 %

0,93 %

0,91 %

0,95 %

Margin available

0,25 %

0,25 %

0,26 %

0,31 %

0,30 %

0,30 %

0,32 %

0,28 %

Own Resources Ceiling as a percentage of GNI

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %

1,23 %



►M3  ( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch 3).

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 855).

( 3 ) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 2 Nollaig 2013 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1). ◄

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna áirithe maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

Top