Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02013R1308-20230101

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/2023-01-01

02013R1308 — GA — 01.01.2023 — 008.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

▼C2

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1308/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle

▼B

(IO L 347 20.12.2013, lch. 671)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1310/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE  an 17 Nollaig 2013

  L 347

865

20.12.2013

►M2

RIALACHÁN (AE) 2016/791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 11 Bealtaine 2016

  L 135

1

24.5.2016

►M3

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2016/1166 of 17 May 2016  (*)

  L 193

17

19.7.2016

►M4

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2016/1226 of 4 May 2016  (*)

  L 202

5

28.7.2016

►M5

RIALACHÁN (AE) 2017/2393 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2017

  L 350

15

29.12.2017

►M6

RIALACHÁN (AE) 2020/2220 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 23 Nollaig 2020

  L 437

1

28.12.2020

►M7

RIALACHÁN (AE) 2021/2117 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 2 Nollaig 2021

  L 435

262

6.12.2021


Arna cheartú le:

 C1

Ceartúchán, IO L 189, 27.6.2014, lch.  164 (Uimh. 1308/2013)

►C2

Ceartúchán, IO L 130, 19.5.2016, lch.  14 (1308/2013)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

▼C2

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1308/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle

▼B



CUID I

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Raon Feidhme

1.  
Bunaítear leis an Rialachán seo comheagrú na margaí i gcás táirgí talmhaíochta, lena gcuimseofar na táirgí ar fad a ►C2  liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar a shainmhínítear iad i ngníomhartha reachtacha an Aontais maidir le comheagrú an mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. ◄
2.  

Déanfar táirgí talmhaíochta mar atá sainithe i mír 1 a roinnt idir na hearnálacha a leanas mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I:

(a) 

gránaigh, Cuid I;

(b) 

rís, Cuid II;

(c) 

siúcra, Cuid III;

(d) 

farae triomaithe, Cuid IV;

(e) 

síolta, Cuid V;

(f) 

leannlusanna, Cuid VI;

(g) 

ola olóige agus ológa boird, Cuid VII;

(h) 

líon agus cnáib, Cuid VIII;

(i) 

torthaí agus glasraí, Cuid IX

(j) 

táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte, Cuid X;

(k) 

bananaí, Cuid XI;

(l) 

fíon, Cuid XII;

(m) 

crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach, Cuid XIII;

(n) 

tobac, Cuid XIV;

(o) 

mairteoil agus laofheoil, Cuid XV;

(p) 

bainne agus táirgí bainne, Cuid XVI;

(q) 

muiceoil, Cuid XVII;

(r) 

caoireoil agus feoil ghabhair, Cuid XVIII;

(s) 

uibheacha, Cuid XIX;

(t) 

feoil éanlaithe clóis, Cuid XX;

(u) 

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, Cuid XXI;

(v) 

táirgí beachadóireachta, Cuid XXII;

(w) 

seiriceáin, Cuid XXIII;

(x) 

táirgí eile, Cuid XXIV.

▼M7

Airteagal 2

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

▼B

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe maidir le hearnálacha áirithe mar atá siad leagtha amach in Iarscríbhinn II.

▼M7 —————

▼M7

3.  
Chun críocha an Rialacháin seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2116 agus i Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).
4.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leasaítear na sainmhínithe a bhaineann leis na hearnálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a mhéid is gá chun na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh gan sainmhínithe nua a chur isteach.

▼B

5.  

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) 

ciallaíonn “réigiúin lagfhorbartha” na réigiúin sin atá sainithe amhlaidh i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).

(b) 

ciallaíonn 'teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha' aimsir amhail sioc, cloichshneachta, leac oighir, báisteach nó triomach a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil feirmeora ar leith sna trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar thréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an ceann is ísle a áireamh.

Airteagal 4

Coigeartuithe ar ainmníocht na Comhtharaife Custaim a úsáidtear i gcás táirgí talmhaíochta

I gcás inar gá chun leasuithe ar an ainmníocht chomhcheangailte a chur san áireamh, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena ndéanfar coigeartú ar thuairisc táirgí agus ar thuairisc na dtagairtí sa Rialachán seo do cheannteidil nó d'fho-cheannteidil na hainmníochta comhcheangailte.

▼M7

Airteagal 5

Rátaí comhshó i gcomhair ríse

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rátaí comhshó a shocrú i gcomhair ríse ag staideanna éagsúla dá próiseáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 6

Blianta margaíochta

Bunófar na blianta margaíochta seo a leanas:

(a) 

an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de bhliain áirithe i gcomhair earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí;

(b) 

an 1 Aibreán go dtí 31 Márta na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fharae thriomaithe agus earnáil na seiriceán;

(c) 

an 1 Iúil go dtí 30 Meitheamh na bliana dár gcionn i gcomhair:

(i) 

earnáil na ngránach;

(ii) 

earnáil na síolta;

(iii) 

earnáil an lín agus na cnáibe;

(iv) 

earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(d) 

an 1 Lúnasa go dtí 31 Iúil na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fhíona;

(e) 

an 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil na ríse agus i ndáil le hológa boird;

(f) 

an 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an tsiúcra agus i ndáil le hola ológa.

▼B

Airteagal 7

Tairseacha tagartha

1.  

Tá na tairseacha tagartha seo a leanas socraithe:

(a) 

maidir le hearnáil na ngránach, EUR 101,31 in aghaidh an tonna, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(b) 

maidir le rís gan scilligeadh, EUR 150 in aghaidh an tonna i gcás na cáilíochta caighdeánaí atá sainithe i bpointe A d'Iarscríbhinn III, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(c) 

maidir le siúcra de cháilíocht chaighdeánach atá sainithe i bpointe B d'Iarscríbhinn IV, i ndáil le siúcra nach bhfuil pacáilte, ón monarcha:

(i) 

i gcás siúcra bháin: EUR 404,4 in aghaidh an tona;

(ii) 

i gcás siúcra amh: EUR 335,2 in aghaidh an tona;

(d) 

maidir le hearnáil na mairteola agus na laofheola, EUR 2 224 in aghaidh an tona i gcomhair conablach bó-ainmhithe fireanna de ghrád aicme crutha/clúdach saille R3 mar a leagtar síos i scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine dá dtagraítear i bpointe A d'Iarscríbhinn IV;

(e) 

maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne:

(i) 

EUR 246,39 in aghaidh 100 cileagram i gcomhair ime;

(ii) 

EUR 169,80 in aghaidh 100 cileagram i gcomhair púdair bhainne bhearrtha;

(f) 

maidir le muiceoil, EUR 1 509,39 in aghaidh an tona i gcomhair conablach muc de cháilíocht chaighdeánach arna sainiú i dtéarmaí meáchain agus cion feola trua mar atá leagtha síos i scála an Aontais um aicmiú conablach muc dá dtagraítear i bpointe B d'Iarscríbhinn IV mar seo a leanas:

(i) 

conablaigh a bhfuil idir 60 agus níos lú ná 120 cileagram iontu: grád E;

(ii) 

conablaigh a bhfuil idir 120 agus 180 cileagram iontu: grádR;

(g) 

maidir le hearnáil na hola olóige:

(i) 

EUR 1 779 / an tona i gcomhair ola olóige úríon;

(ii) 

EUR 1 710 /an tona i gcomhair ola olóige íon;

(iii) 

EUR 1 524 i gcomhair ola olóige lampante a bhfuil dhá chéim saoraigéadachta inti arna laghdú faoi EUR 36,70 in aghaidh an tona i gcás gach céim aigéadachta bhreise eile.

2.  
Coimeádfaidh an Coimisiún na tairseacha tagartha dá bhforáiltear i mír 1 faoi athbhreithniú, agus cuirfidh sé na critéir oibiachtúla san áireamh, go háirithe forbairtí i dtáirgeadh, i gcostais táirgeachta (go háirithe ionchuir) agus i dtreochtaí an mhargaidh. Más gá, déanfar na tairseacha tagartha sin a nuashonrú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachta i bhfianaise na bhforbairtí i dtáirgeadh agus sna margaí.

CUID II

AN MARGADH INMHEÁNACH

TEIDEAL I

IDIRGHABHÁIL MHARGAIDH

CAIBIDIL I

Idirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórálá príobháidí

Roinn 1

Forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórálá príobháidí

Airteagal 8

Raon Feidhme

Leagtar síos sa Chaibidil seo rialacha maidir le hidirghabháil mhargaidh i dtaobh an méid seo a leanas:

(a) 

idirghabháil phoiblí, i gcás ina gceannaíonn údaráis inniúla na mBallstát táirgí isteach agus stórálann siad iad go dtí go ndiúscraítear iad, agus

(b) 

deonú cabhrach le haghaidh stórála táirgí ag oibreoirí príobháideacha.

Airteagal 9

Áit tionscnaimh táirgí incháilithe

Táirgí atá incháilithe i gcomhair a gceannaithe isteach faoi idirghabháil phoiblí nó i gcomhair deonú cabhrach le haghaidh stórála príobháidí, beidh siad de thionscnamh an Aontais. Ina theannta sin, má thagann siad ó bharra, beidh na barra sin arna mbuaineadh agus má thagann siad ó bhainne, beidh an bainne sin arna tháirgeadh san Aontas.

Airteagal 10

Scála an Aontais um aicmiú conablach muc

Beidh feidhm ag scálaí an Aontais um aicmiú conablach i gcomhréir le pointe A agus pointe B faoi seach d'Iarscríbhinn IV in earnálacha na mairteola agus na laofheola maidir le conablaigh bó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine agus in earnáil na muicfheola maidir le muca seachas iad sin a úsáideadh chun críche síolrúcháin.

In earnáil na caoireola agus na feola gabhair, féadfaidh Ballstáit scála an Aontais maidir le haicmiú conablach caorach a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i bpointe C d'Iarscríbhinn IV.

Roinn 2

Idirghabháil phoiblí

Airteagal 11

Táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí

Beidh feidhm ag idirghabháil phoiblí maidir leis na táirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus le haon cheanglas agus coinníoll breise a d'fhéadfaí a bheith le cinneadh ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 19 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 20,

(a) 

gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar Indiach;

(b) 

rís gan scilligeadh;

(c) 

feoil úr nó fuaraithe ó earnáil na mairteola agus na laofheola a thagann faoi réim chóid AC 0201 10 00 agus 0201 20 20 go 0201 20 50 ;

(d) 

im a táirgeadh go díreach ó uachtar paistéartha agus uaidh sin amháin a fuarthas go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion saille ime íosta 82 % de réir meáchain agus cion uisce uasta 16 % de réir meáchain inti;

(e) 

púdar bainne bhearrtha den chaighdeán is airde a táirgeadh trí spraephróiseas ó bhainne bó i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion próitéine íosta 34,0 % de réir meáchain ann san ábhar tirim saor ó shaill.

▼M7

Airteagal 12

Tréimhsí idirghabhála poiblí

Beidh idirghabháil phoiblí le fáil i gcomhair an méid seo a leanas:

(a) 

cruithneacht bhog, ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Bealtaine;

(b) 

cruithneacht dúraim, eorna agus arbhar Indiach, ar feadh na bliana;

(c) 

rís gan scilligeadh, ar feadh na bliana;

(d) 

mairteoil agus laofheoil, ar feadh na bliana;

(e) 

im agus bainne bearrtha triomaithe, ón 1 Feabhra go 30 Meán Fómhair.

▼B

Airteagal 13

Idirghabháil phoiblí a oscailt agus a dhúnadh

▼C2

1.  

Maidir le hidirghabháil phoiblí, i gcaitheamh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 12:

▼B

(a) 

beidh sí ar oscailt i gcomhair gnáthchruithneachta, ime agus púdair bhainne bhearrtha;

(b) 

féadfaidh an Coimisiún í a oscailt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhair cruithneachta crua (durum), eorna, arbhair indigh agus ríse gan scilleagadh (lena n-áirítear cineálacha nó tíopaí sonracha ríse gan scilleagadh), más gá de bharr staid an mhargaidh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2);

(c) 

féadfaidh an Coimisiún í a oscailt i gcomhair mairteola agus laofheola, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, más rud é gur lú ná 85 % den tairseach tagartha a leagtar síos i bpointe (d) d'Airteagal 7(1) meánphraghas an mhargaidh in imeacht tréimhse ionadaíche arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20 i mBallstát nó i réigiún i mBallstát agus arna thaifeadadh ar bhonn scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe A d'Iarscríbhinn IV.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndúntar idirghabháil phoiblí i gcomhair earnáil na mairteola agus na laofheola, i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh, thar thréimhse ionadaíoch arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20, na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Airteagal 14

Ceannach isteach ar phraghas socruithe nó trí thairiscintí

I gcás ina bhfuil idirghabháil phoiblí ar oscailt de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, bearta chun na praghsanna don cheannach isteach a shocrú do na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus, i gcás inarb iomchuí, bearta maidir le srianta cainníochtúla i gcás ina ndéantar an ceannach isteach ar phraghas socraithe.

Airteagal 15

Praghasidirghabhála poiblí

1.  

Ciallaíonn praghas idirghabhála poiblí an méid seo a leanas:

(a) 

an praghas ar a gceannófar táirgí isteach faoi idirghabháil phoiblí i gcás ina ndéanfar sin ar phraghas socruithe; nó

(b) 

an t-uasphraghas ar ar féidir táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí a cheannach isteach i gcás ina ndéanfar sin trí thairiscintí.

2.  
Déanfaidh an Chomhairle na bearta chun leibhéal phraghas na hidirghabhála poiblí a shocrú, lena n-áirítear méid na méaduithe agus na laghduithe, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CAE.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta maidir le diúscairt ó idirghabháil phoiblí

1.  

Déanfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt ar bhealach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a) 

aon suaitheadh sa mhargadh a sheachaint,

(b) 

rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann ceannaitheoirí a áirithiú agus

(c) 

na gealltanais a chomhlíonadh a thagann as comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

2.  
Féadfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt trína gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas amhail a leagtar amach sma gníomrartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. ►C2  I gcásanna den sórt sin, beidh luach cuntasaíochta na dtáirgí sin ar an leibhéal céanna leis an bpraghas socraithe idirghabhála poiblí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán seo. ◄

▼M7

2a.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin bhfaisnéis go léir is gá chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal a leagtar síos i mír 1.

▼M7

3.  
Foilseoidh an Coimisiún sonraí gach bliain faoi na coinníollacha faoinar ceannaíodh, nó faoinar ceannaíodh nó faoinar díoladh táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí an bhliain roimhe sin. Áireofar ar na sonraí sin na méideanna ábhartha agus na praghsanna ceannaigh agus díola.

▼B

Cuid 3

Cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 17

Táirgí cáilithe

Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh stórála príobháidí i gcás na dtáirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus le haon cheanglas agus le haon choinníoll eile atá le glacadh ag an gCoimsiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 18(1) nó Airteagal 19 agus gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 18(2) nó Airteagal 20:

(a) 

siúcra bán;

▼M7

(b) 

ola olóige agus ológa boird;

▼B

(c) 

snáithín lín;

(d) 

feoil úr nó fuaraithe ó bhó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine;

(e) 

im a táirgeadh go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin;

(f) 

cáis;

(g) 

púdar bainne bhearrtha a rinneadh as bainne bó;

(h) 

muiceoil;

(i) 

caoireoil agus feoil ghabhair.

Tá pointe (f) den chéad mhír srianta do cháis a bheidh ag tairbhiú ►C2  d'ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Rialachán (EU) Uimh. 1151/2012, ar cáis é a stóráiltear níos sia ná an tréimhse aibiúcháin a leagtar síos sa tsonraíocht táirge i gcás an táirge dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin agus/nó, más iomchuí, ar feadh tréimhse aibiúcháin a chuireann le luach na cáise.

Airteagal 18

Coinníollacha maidir le deonú

1.  

D'fhonn trédhearcacht sa mhargadh a sholáthar, nuair is gá, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir leis cinneadh a dhéanamh cabhair stórála príobháidí a dheonú le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 17, agus an méid seo a leanas á gcur san áireamh:

(a) 

meánphraghsanna taifeadta an mhargaidh san Aontas na tairseacha tagartha agus na costais táirgthe le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann; agus/nó

(b) 

an gá freagairt a thabhairt go tráthúil ar staid an-achrannach sa mhargadh nó ar dhálaí eacnamaíocha a bhfuil an-drochthionchar acu ar chorrlaigh san earnáil sin.

2.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a) 

lena ndeonaítear cabhair stórála príobháidí le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 17, ag cur na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san áireamh;

(b) 

lena gcuirtear srian ar dheonú cabhrach don stóráil phríobháideach

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

3.  
Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir leis na méideanna cabhrach a shocrú don stóráil phríobháideach i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Roinn 4

Forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 19

Cumhachtaí tarmligthe

1.  

D'fhonn a áirithiú go mbeidh táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí nó atá faoi réir cabhrach le haghaidh stórála príobháidí oiriúnach chun a stórála fadtéarmaí agus gur de cháilíocht chothrom, fhónta agus indíolta a bheidh siad agus chun saintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh chun feidhmiú costéifeachtach na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na ceanglais agus na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na táirgí sin, de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Leis na ceanglais agus leis na coinníollacha sin, féachfar leis an méid a leanas a ráthú, i leith na dtáirgí a cheannaítear isteach agus a stóráiltear:

(a) 

a gcáilíocht maidir le paraiméadair cháilíochta, grúpaí cáilíochta, gráid cháilíochta, catagóirí, saintréithe táirgí agus maidir le haoiseanna;

(b) 

a gcáilitheacht, maidir le cainníochtaí, pacáistiú lena n-áirítear lipéadú, caomhnú, réamhchonarthaí stórála, formheas gnóthas agus céim na dtáirgí lena mbaineann na praghsanna idirghabhála poiblí agus an chabhair le haghaidh stórála príobháidí.

2.  
Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha earnáil na ngránach agus earnáil na ríse gan scilligeadh a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos na critéir cháilíochta i ndáil le gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua, eorna, arbhar indiach agus rís gan scilleagadh a cheannach isteach agus a dhíol araon.
3.  

D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

(a) 

na ceanglais atá le comhlíonadh ag áiteanna stórála do na táirgí uile a bheidh faoi réir na hidirghabhála poiblí;

(b) 

rialacha maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as cóireáil na dtáirgí sin maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoin CBT.

4.  

D'fhonn a áirithiú go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag stóráil phríobháideach ar an margadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

(a) 

na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme i gcás inar lú an chainníocht atá á stóráil ná an chainníocht atá ar conradh;

(b) 

na coinníollacha faoina ndeonófar réamhíocaíocht den chabhair sin;

(c) 

na coinníollacha faoina bhféadfar cinneadh a dhéanamh go bhféadfar táirgí a chumhdaítear le conarthaí príobháideacha stórála a athmhargú nó a dhiúscairt.

5.  

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh córais na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí mar is cuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a) 

lena bhforáiltear d'úsáid nósanna imeachta tairisceana lena ráthaítear rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann d'oibreoirí;

(b) 

lena leagtar síos na coinníollacha breise atá le comhlíonadh ag oibreoirí le gur fusa a bheidh sé do na Ballstáit agus do na hoibreoirí an córas a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach;

(c) 

lena leagtar síos an ceanglas ar oibreoirí urrús a thaisceadh lena ráthaítear go gcuirfear a gcuid oibleagáidí i gcrích.

6.  

Chun na forbairtí teicniúla agus riachtanais na n-earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur san áireamh, chomh maith leis an ngá go ndéanfar cur i láthair na dtáirgí difriúla a chaighdeánú chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, ar thaifeadadh praghsanna agus ar chur i bhfeidhm na mbeart idirghabhála sa mhargadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena gcuirfear in oiriúint agus lena dtabharfar suas chun dáta forálacha Iarscríbhinn IIIa maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh a aicmiú, a shainiú agus a chur i láthair agus:

(a) 

lena ndéantar fórálacha Iarscríbhinn IV maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh a aicmiú, a shainiú agus a chur i láthair a mhodhnú agus a uasdatú;

(b) 

lena leagtar síos forálacha breise maidir le haicmiú, lena n-áirítear aicmiú á dhéanamh ag aicmitheoirí cáilithe, grádú lena n-áirítear grádú á dhéanamh le teicnící uathoibritheacha grádaithe, sainiú, meá agus marcáil conablach, agus maidir le ríomh gnáthphraghsanna an Aontais agus na comhéifeachtaí ualaitheacha a úsáidtear chun na praghsanna sin a ríomh;

(c) 

lena leagtar síos maoluithe ó fhorálacha agus maoluithe sonracha a d'fhéadfadh na Ballstáit a thabhairt do sheamlais nach maraítear ach líon beag bó-ainmhí iontu, agus forálacha breise i leith na dtáirgí lena mbaineann, lena n-áirítear na haicmí comhlíonta agus clúdaigh shaille in earnálacha na mairteola agus na laofheola agus in earnáil na caoireola, agus forálacha breise maidir le meáchan, dath na feola agus an chlúdaigh shaille agus na critéir aicmithe do chaoirigh éadroma;

(d) 

údarú a thabhairt do na Ballstáit gan an scála grádaithe a chur i bhfeidhm maidir le haicmiú conablach muc agus chun critéir mheasúnaithe a úsáid mar aon le meáchan agus leis an gcion feola trua measta nó lena leagtar síos maoluithe ón scála sin.

Airteagal 20

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos na bearta is gá chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach. Féadfaidh baint a bheith ag na bearta sin leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

na costais is iníoctha ag an oibreoir i gcás nach gcomhlíontar, le táirgí a sheachadtar le haghaidh idirghabhála poiblí, na híoscheanglais cháilíochta;

(b) 

íostoilleadh stórála a shocrú d'áiteanna stórála idirghabhála;

(c) 

na tréimhsí, na margaí agus na praghsanna margaí ionadaíocha is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm;

(d) 

seachadadh na dtáirgí atá le ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí, na costais iompair atá le híoc ag an tairgeoir, gabháil ar láimh na dtáirgí ag na gníomhaireachtaí íocaíochta agus an íocaíocht;

(e) 

na hoibríochtaí éagsúla a bhaineann leis an bpróiseas díchnámhaithe i gcás earnáil na mairteola agus na laofheola;

(f) 

na socruithe praiticiúla do tháirgí a phacáistiú, a mhargú agus a lipéadú;

(g) 

na nósanna imeachta chun gnóthais a tháirgeann im agus púdar bainne bearrtha chun críocha na Caibidile seo;

(h) 

aon údarú ar stóráil lasmuigh de chríoch an Bhallstáit inar ceannaíodh isteach agus inar stóráladh na táirgí;

(i) 

díol nó diúscairt táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí, go háirithe, maidir le praghsanna díolta, na coinníollacha maidir leis na táirgí a bhaint ó stóras, úsáid nó ceann scríbe iardain na dtáirgí a scaoiltear, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le táirgí a chuirtear ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim dá dtagraítear in Airteagal 16(2), lena n-áirítear aistrithe idir Ballstáit;

(j) 

i leith táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil poiblí, na forálacha maidir le díol cainníochtaí beaga atá fós á stóráil nó cainníochtaí nach féidir a athphacáistiú a thuilleadh nó atá meathlaithe sna Ballstáit, atá le cur i gcrích faoina gcúram féin;

(k) 

maidir le stóráil phríobháideach, tabhairt i gcrích agus ábhar na gconarthaí idir údarás inniúil an Bhallstáit agus na hiarratasóirí;

(l) 

táirgí a chur agus a choimeád i stóráil phríobháideach agus iad a bhaint amach ón stóras;

(m) 

fad na tréimhse stórála príobháidí agus na forálacha ar dá réir a fhéadfar tréimhsí den sórt sin, ach iad a bheith sonraithe sna conarthaí, a chiorrú nó a fhadú;

(n) 

na nósanna imeachta atá le leanúint chun ceannach isteach ar phraghas socraithe, lena n-áirítear na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin nó do chabhair a réamhshocraítear a dheonú do stóráil phríobháideach;

(o) 

úsáid nósanna imeachta tairisceana, i gcomhair idirghabhála poiblí agus stórála príobháidí, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

forthairiscintí nó tairiscintí a chur isteach, agus an t-íosmhéid i gcomhair iarratais nó tíolactha;

(ii) 

na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin; agus

(iii) 

tairiscintí a roghnú lena n-áiritear go dtabharfar tús áite do na cinn sin is fabhraí ó thaobh an Aontais de, ach a cheadú nach gá go mbronnfar conradh dá bharr.

(p) 

scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caoracha a aicmiú a chur chun feidhme;

(q) 

cur i láthair eile conablach agus leathchonablach seachas an ceann a leagtar síos i bpointe A.IV d'Iarscríbhinn IV chun praghsanna margaidh a chinneadh;

(r) 

na fachtóirí ceartaitheacha atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit a úsáidfear do chur i láthair difriúil conablach mairteola agus caorach i gcás nach n-úsáidtear an cur i láthair tagartha;

(s) 

na socruithe praiticiúla chun conablaigh aicmithe a mharcáil agus le go ríomhfaidh an Coimisiún meánphraghas ualaithe an Aontais do chonablaigh mairt, muc agus caorach;

(t) 

a údarú do Bhallstáit go bhforálfaí, i ndáil le muca a mharaítear ina gcríoch féin, go bhféadfaí conablaigh muc a chur i láthair ar bhealach eile seachas an cur i láthair a leagtar amach i bpointe B.III d'Iarscríbhinn IV, má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

má tá an gnáthchleachtas tráchtála ar a gcríoch difriúil ón gcur i láthair caighdeánach a shainmhínítear sa chéad fhomhír de phointe B III d'Iarscríbhinn IV;

(ii) 

má dhlíonn na ceanglais theicniúla é;

(iii) 

má dhéantar seithe conablach a bhaint ar bhealach aonfhoirmeach.

(u) 

na forálacha go ndéanfadh coiste de chuid an Aontais, ar a mbeidh saineolaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit, athbhreithniú ar an láthair ar chur i bhfeidhm aicmiú conablach sna Ballstáit, chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú i leith aicmiú conablach. Leis na forálacha sin, féadfar a fhoráil gurb é an tAontas a íocfaidh na costais a bheidh ann de bharr an athbhreithnithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 21

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme chun údarú a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le huain ar lú meáchan a gconablach ná 13 kg, na critéir a leanas a úsáid don aicmiú, de mhaolú ar phointe C.III d'Iarscríbhinn IV:

(a) 

meáchan an chonablaigh;

(b) 

dath na feola;

(c) 

clúdach saille.

Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

▼M7

CAIBIDIL II

Cabhair i dtaca le torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais

▼M7 —————

▼M2

Airteagal 22

Spriocghrúpa

An scéim cabhrach atá ceaptha le feabhas a chur ar dháileadh táirgí talmhaíochta agus ar nósanna itheacháin i measc páistí, tá sí dírithe ar pháistí a fhreastalaíonn go rialta ar naíonraí, réamhscoileanna nó ar fhorais oideachais bunscoile nó dara leibhéil atá á riaradh ag údaráis inniúla na mBallstát nó a bhfuil aitheantas acu uathu.

Airteagal 23

Cabhair i dtaca le soláthar torthaí agus glasraí do scoileanna, agus soláthar bainne do scoileanna, bearta tionlacain oideachais agus na costais ghaolmhara

1.  

Deonófar cabhair ón Aontas le haghaidh leanaí sna forais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 22:

(a) 

maidir le soláthar agus dáileadh táirgí incháilithe dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo;

(b) 

maidir le bearta tionlacain oideachais; agus

(c) 

chun costais ghaolmhara a chumhdach a bhaineann le trealamh, le poiblíocht, le faireachán agus le meastóireacht, agus, a mhéid is nach bhfuil na costais sin cumhdaithe faoi phointe (a) den fhomhír seo, le cúrsaí lóistíochta agus le dáileacháin.

Leagfaidh an Chomhairle síos teorainneacha, i gcomhréir le Airteagal 43(3) CFAE, maidir leis an gcion de chabhair ón Aontas a chlúdóidh na bearta agus na costais dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.

2.  

Chun críocha na Roinne seo:

(a) 

ciallaíonn “torthaí agus glasraí do scoileanna” na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 agus i bpointe (a) de mhír 4;

(b) 

ciallaíonn “bainne do scoileanna” na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 agus i bpointe (b) de mhír 4, chomh maith leis na táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.

3.  

Na Ballstáit sin ar mhian leo a bheith rannpháirteach sa scéim cabhrach a bunaíodh de bhun mhír 1 (“an scéim scoilev”) agus a iarrann an chabhair chomhfhreagrach ón Aontas, agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, tabharfaidh siad tosaíocht do dháileadh na dtáirgí as an ngrúpa seo a leanas nó as an dá ghrúpa seo a leanas:

(a) 

torthaí agus glasraí agus táirgí úra ó earnáil na mbananaí;

(b) 

bainne óil agus leaganacha saor ó lachtós de.

4.  

D'ainneoin mhír 3, chun tomhaltas táirgí sonracha a chur chun cinn agus/nó chun freagairt do riachtanais áirithe chothaithe atá ag leanaí ar a gcríoch, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do tháirgí as ceann den dá ghrúpa seo a leanas a dháileadh:

(a) 

táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte, sa bhreis ar na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3;

(b) 

cáis, gruth, iógart agus táirgí eile bainne coipthe nó aigéadaithe nach bhfuil blaistiú, torthaí, cnónna nó cócó breise curtha leo, chomh maith leis na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3.

5.  
I gcásanna ina measann na Ballstáit gur gá sin chun go mbainfear amach cuspóirí na scéime scoile agus na spriocanna a leagtar síos sna straitéisí dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh siad dáileadh na dtáirgí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a chomhlánú le táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn V.

I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar an chabhair ón Aontas a íoc ach i leith chomhchuid an bhainne den táirge dáilte. Ní bheidh comhchuid an bhainne sin faoi bhun 90 % de réir meáchain do tháirgí Chatagóir I d'Iarscríbhinn V agus 75 % de réir meáchain do tháirgí Chatagóir II d'Iarscríbhinn V.

Déanfaidh an Chomhairle leibhéal na cabhrach ón Aontas do chomhchuid an bhainne a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

6.  

Na táirgí a dháilfear faoin scéim scoile, ní bheidh aon cheann de na nithe seo a leanas iontu:

(a) 

siúcraí breise,

(b) 

salann breise,

(c) 

saill bhreise,

(d) 

milseoirí breise,

(e) 

na méadaitheoirí blastachta saorga E 620 go E 650 a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).

D'aineoinn na chéad fhomhíre den mhír seo, féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, tar éis dó an t-údarú iomchuí a fháil óna údaráis náisiúnta atá freagrach as sláinte agus cothú i gcomhréir lena chuid nósanna imeachta náisiúnta, go bhféadfaidh cainníochtaí teoranta de shiúcra breise, salann breise agus/nó saill bhreise a bheith i dtáirgí incháilithe dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5.

7.  
De bhreis ar na táirgí dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chuimsiú táirgí talmhaíochta eile faoi na bearta tionlacain oideachais, go háirithe iad siúd a liostaítear i bpointe (g) agus i bpointe (v) d'Airteagal 1(2).
8.  
Mar choinníoll dá rannpháirtíocht sa scéim scoile agus sula mbeidh sé rannpháirteach sa scéim scoile, déanfaidh Ballstát straitéis a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh chur chun feidhme na scéime agus déanfar sin gach sé bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh an t-údarás atá freagrach as í a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach an straitéis a leasú, go háirithe i bhfianaise faireachán agus meastóireacht a bheith déanta agus i bhfianaise na dtorthaí a baineadh amach. Sa straitéis sin, sainaithneofar ar a laghad na riachtanais is gá a chomhlíonadh, ord tosaíochta na riachtanas i dtéarmaí tosaíochtaí, an spriocghrúpa, na torthaí a bhfuiltear ag súil lena mbaint amach, agus, má tá siad ar fáil, na spriocanna cainníochtaithe atá le baint amach i ndáil leis an staid tosaigh, agus leagfar síos na hionstraimí agus na gníomhaíochtaí is iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Féadfar gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme na scéime scoile a bheith sa straitéis, lena n-áirítear iad sin atá ceaptha chun bainistiú na scéime a shimpliú.

9.  
Cinnfidh na Ballstáit ina gcuid straitéisí liosta na dtáirgí ar fad atá le soláthar faoin scéim scoile trí ghnáthdháileadh nó faoi bhearta tionlacain oideachais. Gan dochar do mhír 6, nuair a tharraingeofar suas an liosta sin, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh baint iomchuí ag a n-údaráis náisiúnta atá freagrach as sláinte agus cothú, nó go dtabharfaidh na húdaráis sin an t-údarú iomchuí maidir leis an liosta sin, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta.
10.  
Ionas go mbeidh éifeacht ag an scéim scoile, deanfaidh na Ballstáit foráil freisin do bhearta tionlacain oideachais, lenar féidir a áirithiú, inter alia, bearta agus gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar shuim leanaí sa talmhaíocht a athmhúscailt trí ghníomhaíochtaí amhail cuairteanna ar fheirmeacha, agus lena ndáilfear réimse níos leithne táirgí talmhaíochta de réir mar a dtagraítear dó sin i mír 7. Féadfar na bearta sin a cheapadh le hoideachas a chur ar leanaí faoi shaincheisteanna gaolmhara, amhail nósanna itheacháin sláintiúla, slabhraí bia áitiúla, feirmeoireacht orgánach, táirgiúlacht inbhuanaithe nó an comhrac i gcoinne cur amú bia.

▼M7

11.  
Roghnóidh na Ballstáit na táirgí a bheidh le dáileadh nó a bheidh le háireamh i mbearta tionlacain oideachais ar bhonn critéir oibiachtúla ar a n-áireofar ceann amháin nó níos mó den mhéid a leanas: cúrsaí sláinte agus comhshaoil, séasúracht, éagsúlacht táirgí áitiúla nó réigiúnacha agus iad a bheith ar fáil, agus tabharfar tús áite a mhéid is féidir do tháirgí de thionscnamh an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit ceannach táirgí áitiúla nó réigiúnacha, táirgí orgánacha, slabhraí gearra soláthair nó tairbhí don chomhshaol, an phacáistíocht inbhuanaithe san áireamh, agus, más iomchuí, táirgí a aithnítear faoi na scéimeanna cáilíochta arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, a spreagadh go háirithe.

Féadfaidh na Ballstáit a mheas ina gcuid straitéisí, tús áite a thabhairt d’inbhuaine agus trádáil chóir a áireamh.

▼M2

Airteagal 23a

Forálacha maidir le maoiniú

▼M7

1.  

Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, an chabhair faoin scéim scoile a leithdháilfear ar dháileadh táirgí, na bearta tionlacain oideachais agus na costais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 23(1), ní bheidh siad níos mó ná EUR 220 804 135 in aghaidh na scoilbhliana. Laistigh den teorainn fhoriomlán sin, ní bheidh an chabhair níos mó ná na méideanna seo a leanas:

(a) 

le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna: EUR 130 608 466 in aghaidh na scoilbhliana;

(b) 

le haghaidh bainne do scoileanna: EUR 90 195 669 in aghaidh na scoilbhliana.

▼M2

2.  

Leithdháilfear an chabhair dá dtagraítear i mír 1 ar gach Ballstát agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

líon na leanaí idir sé bliana agus deich mbliana d'aois sa Bhallstát i dtrácht;

(b) 

a fhorbartha agus atá na réigiúin laistigh den Bhallstát i dtrácht lena áirithiú go leithdháiltear níos mó cabhrach do réigiúin lagfhorbartha agus do na hOileáin bheaga Aeigéacha de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013; agus

(c) 

maidir le bainne do scoileanna, chomh maith leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), an leas a baineadh as an gcabhair ón Aontas le haghaidh soláthar bainne agus tairgí bainne do leanaí.

Leis na leithdháiltí le haghaidh na mBallstát lena mbaineann, áiritheofar go leithdháilfear níos mó cabhrach ar na réigiúin is forimeallaí a liostaítear in Airteagal 349 CFAE, chun go gcuirfear san áireamh staid shonrach na réigiún sin i dtaca le foinsiú na dtáirgí agus chun go gcuirfear chun cinn foinsiú den sórt sin idir réigiúin is forimeallaí atá gar dá chéile go geografach.

Na leithdháiltí le haghaidh bainne do scoileanna, ar leithdháiltí iad a thig as na critéir a leagtar síos sa mhír seo a chur i bhfeidhm, áiritheofar leo go mbeidh na Ballstáit go léir i dteideal íosmhéid de chabhair ón Aontas ar a laghad a fháil in aghaidh an linbh san aoisghrúpa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír. ►M7  ————— ◄

Glacfaidh an Chomhairle bearta i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE maidir le leithdháiltí táscacha agus críochnaitheacha a shocrú agus maidir le cabhair ón Aontas i dtaca le torthaí agus glasraí do scoileanna agus i dtaca le bainne do scoileanna a ath-leithdháileadh.

3.  
Cuirfidh na Ballstáit ar mhian leo a bheith rannpháirteach sa scéim scoile a n-iarraidh isteach gach bliain ar chabhair ón Aontas, agus sonrófar an méid a iarrtar le haghaidh na dtorthaí agus na nglasraí do scoileanna, agus an méid a iarrtar le haghaidh an bhainne do scoileanna arb iad na méideanna is mian leo a dháileadh.

▼M7

4.  
Gan dul thar an teorainn fhoriomlán de EUR 220 804 135 a leagtar síos i mír 1, féadfaidh aon Bhallstát suas le 20 % de cheann amháin nó de cheann eile dá leithdháiltí táscacha a aistriú aon uair amháin in aghaidh na scoilbhliana.

▼M2

Féadfar an céatadán sin a mhéadú suas le 25 % do na Ballstáit leis na réigiúin is forimeallaí mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo, mar shampla i gcás inar gá do Bhallstát aghaidh a thabhairt ar staid shonrach margaidh san earnáil a chumhdaítear leis an scéim scoile, ar chaitheamh íseal ceann amháin nó ceann eile de na grúpaí táirgí ar údar imní ar leith dó an caitheamh sin, nó ar athruithe eile a tháinig ar an tsochaí.

Féadfar aistrithe a dhéanamh mar a leanas:

(a) 

roimh na leithdháiltí cinntitheacha a shocrú le haghaidh na bliana scoile dár gcionn, idir leithdháiltí táscacha an Bhallstáit; nó

(b) 

tar éis thús na bliana scoile, idir leithdháiltí críochnaitheacha an Bhallstáit, i gcás inar socraíodh leithdháiltí den sórt sin don Bhallstát i dtrácht.

Ní fhéadfar na haistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den tríú fomhír a dhéanamh ón leithdháileadh táscach i gcomhair an ghrúpa táirgí a bhfuil iarraidh curtha isteach ag an mBallstát lena mbaineann ar mhéid atá níos mó ná a leithdháileadh táscach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh méid aon aistrithe idir leithdháiltí táscacha.

5.  
Beidh an scéim scoile gan dochar d'aon scéimeanna eile náisiúnta scoile a luíonn le reachtaíocht an Aontais. Féadfar leas a bhaint as an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 23 chun cur le raon feidhme nó éifeachtacht aon scéimeanna náisiúnta do scoileanna nó aon scéimeanna dáiliúcháin do scoileanna, ar scéimeanna iad atá ann cheana agus lena soláthraítear torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna ach ní thiocfaidh an chabhair sin in ionad cistiú le haghaidh na scéimeanna náisiúnta sin atá ann cheana, ach amháin i gcás béilí a dháileadh saor in aisce ar leanaí i bhforais oideachais. Más rud é go gcinneann Ballstát raon feidhme scéime náisiúnta scoileanna atá ann cheana féin a leathnú nó é a dhéanamh níos éifeachtaí trí chabhair ón Aontas a iarraidh, cuirfidh sé in iúl sa straitéis dá dtagraítear in Airteagal 23(8) an chaoi a ndéanfar é sin a bhaint amach.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit, de bhreis ar chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a thabhairt le haghaidh mhaoiniú na scéime scoile.

Féadfaidh na Ballstáit an chabhair sin a mhaoiniú trí thobhach a ghearradh ar an earnáil lena mbaineann nó trí bhíthin aon ranníocaíocht eile ón earnáil phríobháideach.

7.  
Féadfaidh an tAontas maoiniú a thabhairt freisin, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, chun bearta faisnéise, poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta a dhéanamh i ndáil leis an scéim scoile, lena n-áirítear bearta le feasacht an phobail ar chuspóirí na scéime a ardú, agus bearta líonraithe gaolmhara lena ndírítear ar mhalartú na taithí agus na gcleachtas is fearr chun cur chun feidhme agus bainistiú na scéime a éascú.

Féadfaidh an Coimisiún forbairt a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) den Rialachán seo, ar chomh-aitheantóir nó ar ghnéithe grafacha chun go gcuirfear feabhas ar infheictheacht na scéime scoile.

8.  
Cuirfidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa scéim scoile in iúl go poiblí ar áitribh scoile nó in áiteanna ábhartha eile go bhfuil siad páirteach sa scéim agus go bhfuil fóirdheontas á fháil ón Aontas. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as aon uirlisí poiblíochta oiriúnacha, ar féidir póstaeir, suíomhanna tiomnaithe gréasáin, ábhar grafach faisnéiseach agus feachtais ardaithe faisnéise agus feasachta a áireamh. Áiritheoidh na Ballstáit breisluach agus infheictheacht scéim scoile an Aontais le hais soláthair béilí eile i bhforais oideachais.

Airteagal 24

Cumhachtaí tarmligthe

1.  

Chun nósanna itheacháin sláintiúla leanaí a chur chun cinn agus lena áirithiú go mbeidh an chabhair faoin scéim scoile dírithe ar leanaí atá sa spriocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaobh rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na critéir bhreise maidir le hincháilitheacht an spriocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22;

(b) 

na hiarratasóirí ar chabhair a bheith á bhformheas agus á roghnú ag na Ballstáit;

(c) 

rialacha maidir le tarraingt suas na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha agus maidir le bearta tionlacain oideachais.

2.  

Chun a áirithiú go mbainfear leas éifeachtúil agus spriocdhírithe as cistí an Aontais agus chun go n-éascófar cur chun feidhme na scéime scoile, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

sainaithint na gcostas agus na mbeart atá incháilithe cabhair a fháil ón Aontas;

(b) 

an oibleagáid atá ar na Ballstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna scoile.

3.  
D'fhonn forbairtí eolaíocha a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 leis an liosta de mhéadaitheoirí blastachta saorga dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 23(6) a fhorlíonadh.

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a dháiltear i gcomhréir le hAirteagal 23(3), (4) agus (5) cuspóirí na scéime scoile, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 leis na leibhéil uasta a shainiú do shiúcra bhreise, do shalainn bhreise agus do shaill bhreise a fhéadfaidh na Ballstáit a cheadú faoin dara fomhír d'Airteagal 23(6) agus ar gá ar bhonn teicniúil iad chun go n-ullmhófar táirgí próiseáilte nó go ndéanfar iad a mhonarú.

4.  

Chun go gcuirfear feasacht ar an scéim scoile chun cinn agus chun go méadófar infheictheacht na cabhrach ón Aontas, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena n-éilítear ar na Ballstáit atá rannpháirteach sa scéim scoile a phoibliú go soiléir go bhfuil tacaíocht ón Aontas á fáil acu leis an scéim a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

más iomchuí, bunú critéar sonrach maidir le cur i láthair, comhdhéanamh, méid agus dearadh an chomh-aitheantóra nó na ngnéithe grafacha;

(b) 

na critéir shonracha a bhaineann le húsáid uirlisí poiblíochta.

5.  
Chun breisluach agus infheictheacht na scéime scoile a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaobh rialacha a bhaineann le dáileadh táirgí le hais soláthair béilí eile i bhforais oideachais.
6.  
Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú gur léir tionchar na cabhrach ón Aontas sna praghsanna ar a gcuirtear na táirgí ar fáil faoin scéim scoile, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena n-éilítear ar na Ballstáit míniú a thabhairt, ina gcuid straitéisí, ar an gcaoi ina mbainfear an méid sin amach.

Airteagal 25

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh chun an Roinn seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis atá le háireamh i straitéisí na mBallstát;

(b) 

na hiarratais ar chabhair agus na híocaíochtaí cabhrach, lena n-áirítear simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a eascraíonn as an gcomhchreat don scéim scoile;

(c) 

na modhanna poiblithe, agus bearta líonraithe i leith na scéime scoile;

(d) 

tíolacadh, formáid agus inneachar na n-iarrataí bliantúla ar chabhair, agus na dtuarascálacha ar fhaireachán agus ar mheastóireacht a sholáthraíonn na Ballstáit atá rannpháirteach sa scéim scoile;

(e) 

cur i bhfeidhm Airteagal 23a(4), lena n-áirítear maidir leis na spriocdhátaí le haghaidh na n-aistrithe agus maidir le tíolacadh, formáid agus inneachar na bhfógraí faoi aistriú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

▼M7 —————

▼B

CAIBIDIL III

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

▼M7

Airteagal 61

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2045, agus déanfaidh an Coimisiún dhá athbhreithniú meántéarma in 2028 agus 2040 chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh.

▼B

Roinn 1

Bainistiú scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 62

Údaruithe

►C2  1.  
Féadfar fíniúnacha de chineálacha fíonchaor arna n-aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 81(2) a phlandú nó a athphlandú ◄ má thugtar údarú i gcomhréir le hAirteagal 64, le hAirteagal 66 agus le hAirteagal 68 faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.
2.  
Deonóidh na Ballstáit an t-údarú dá dtagraítear i mír 1, a chomhfhreagraíonn do limistéar sonrach arna léiriú i heicteáir, ar iarratas a chur isteach ó tháirgeoirí a chomhlíonann an sprioc agus critéir neamh-idirdhealaitheacha maidir le hincháilitheacht. Déanfar an t-údarú sin a dheonú gan táille a ghearradh ar na táirgeoirí.
3.  
Beidh na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1 bailí ar feadh trí bliana ón dáta ar deonaíodh iad. Táirgeoir nach mbainfidh leas as údarú a deonaíodh le linn tréimhse bailíochta an údaraithe sin, beidh sé faoi réir pionós riaracháin mar a fhoráiltear in Airteagal 89(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

▼M7

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 66(1) bailí ar feadh 6 bliana ón dáta ar deonaíodh iad nuair a tharlóidh athphlandú ar an dáileacht chéanna nó ar na dáileachtaí céanna ar a ndearnadh an grafadh. Sonróidh na húdaraithe sin go soiléir an dáileacht nó na dáileachtaí ar a ndéanfar an grafadh nó an t-athphlandú.

▼M7

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cuirfear síneadh ama le bailíocht na n-údaruithe a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 66(1), a rachaidh in éag sna blianta 2020 agus 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022.

Táirgeoirí a bhfuil údaruithe ina seilbh acu i gcomhréir le hAirteagal 64 agus Airteagal 66(1) den Rialachán seo, a rachaidh in éag in 2020 agus in 2021, ní bheidh siad, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoi réir an phionóis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 89(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ar choinníoll go gcuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin 28 Feabhra 2022 nach bhfuil rún acu úsáid a bhaint as a n-údarú agus nach mian leo leas a bhaint as síneadh a mbailíochta dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo. I gcás táirgeoirí a bhfuil údaruithe ina seilbh acu ar cuireadh síneadh ama lena mbailíocht go dtí an 31 Nollaig 2021, a bhfuil sé dearbhaithe acu don an údarás inniúil faoin 28 Feabhra 2021 nach bhfuil sé de rún acu úsáid a bhaint as na húdaruithe sin, ligfear dóibh a ndearbhuithe a tharraingt siar trí theachtaireacht i scríbhinn a sheoladh chuig an údarás inniúil faoin 28 Feabhra 2022 agus beidh siad in ann úsáid a bhaint as a n-údaruithe laistigh den tréimhse bhailíochta fhadaithe dá bhforáiltear sa tríú fomhír.

4.  
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le limistéir a phlandú nó a athphlandú, ar limistéir iad atá beartaithe chun críocha turgnamhacha, chun bailiúcháin de chineálacha fíniúna a chur ar bun atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú nó do phlandlanna beangaithe, ná maidir le limistéir a bhfuil a gcuid fíona nó a gcuid táirgí fíniúnacha beartaithe lena gcaitheamh ag teaghlach an saothraí fíona amháin ná maidir le limistéir atá le plandú as an nua mar thoradh ar cheannach éigeantach ar mhaithe le leas an phobail faoin dlí náisiúnta.

▼M5

5.  
Féadfaidh na Ballstáit an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le limistéir ina dtáirgtear fíon atá oiriúnach do tháirgeacht biotáillí fíona lena ngabhann tásc geografach arna chlárú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ). Chun críocha na Caibidle seo, féadfar caitheamh leis na limistéir sin mar limistéir inar féidir fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu a tháirgeadh.

▼B

Airteagal 63

Sásra cosanta do phlanduithe nua

▼M7

1.  

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil, gach bliain, údaruithe i gcomhair planduithe nua a bheidh de réir ceann amháin díobh seo a leanas:

(a) 

1 % den achar iomlán dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha, agus an t-achar sin arna thomhas an 31 Iúil an bhliain roimhe sin; nó

(b) 

1 % d’achar arb é a bheidh ann an t-achar dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha agus an t-achar sin arna thomhas an 31 Iúil 2015, agus iomlán an achair arna chumhdach ag na cearta um plandú a dheonaítear do tháirgeoirí ar a gcríocha i gcomhréir le hAirteagail 85h, 85i nó 85k de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a raibh fáil orthu lena dtiontú ina n-údaruithe an 1 Eanáir 2016, mar a thagraítear dó in Airteagal 68 den Rialachán seo.

▼B

2.  

Déanfaidh na Ballstáit:

(a) 

céatadán níos ísle a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta ná an céatadán atá leagtha amach i mír 1;

(b) 

teorainn a chur le húdaruithe a eisiúint ar an leibhéal réigiúnach, do limistéir shonracha atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint, do limistéir atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi thásc geografach faoi chosaint, nó do limistéir gan tásc geografach.

▼M7

Maidir leis na Ballstáit a chuireann teorainn le heisiúint údaruithe ar an leibhéal réigiúnach, i gcás limistéir shonracha atá incháilithe le haghaidh fíonta lena ngabhann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a tháirgeadh nó i gcás limistéir atá incháilithe le haghaidh fíonta lena ngabhann tásc geografach faoi chosaint a tháirgeadh, i gcomhréir leis)an gcéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh siad a cheangal go n-úsáidfí údaruithe den sórt sin sna réigiúin sin.

▼B

3.  

Aon cheann de na teorainneacha dá dtagraítear i mhír 2, cuideoidh siad le fás ordúil phlanduithe fíniúnacha, socrófar iad ar leibhéal a bheidh os cionn 0 % agus beidh bonn cirt leo ar cheann amháin nó níos mó de na forais sonracha seo a leanas:

(a) 

chun riosca dea-léirithe de rósholáthar táirgí fíona a sheachaint maidir le hionchais don mhargadh i leith na dtáirgí sin, gan níos mó ná an méid a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh;

▼M7

(b) 

chun riosca dea-léirithe díluachála a sheachaint i gcás sonrúchán tionscnaimh áirithe faoi chosaint nó tásc geografach áirithe faoi chosaint;

▼M7

(c) 

chun rannchuidiú le forbairt na dtáirgí atá i gceist agus cáilíocht na dtáirgí seo á cothú ag an am céanna.

3a.  
Féadfaidh na Ballstáit aon bhearta rialála is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar oibreoirí dul timpeall ar na bearta srianta arna ndéanamh de bhun mhír 2 agus mhír 3.

▼B

4.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl go poiblí aon chinntí a ghlactar de bhun mhír 2, agus tabharfar bonn cirt cuí leis na cinntí sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na cinntí agus na boinn chirt sin.

Airteagal 64

Údaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua

1.  
Mura rachaidh méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe i mbliain ar leith thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, glacfar leis na hiarratais sin ar fad.

▼M7

Féadfaidh na Ballstáit, chun críoch an Airteagail seo, ceann amháin nó níos mó de na critéir incháilitheachta, atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

▼B

(a) 

beidh limistéar talmhaíochta ag an iarratasóir nach lú é ná an limistéar a bhfuil an t-údarú á lorg aige ina leith;

(b) 

beidh scileanna gairme agus inniúlacht ghairme leordhóthanach ag an iarratasóir;

(c) 

ní baol go ndéanfar mí-leithreasú ar chlú na ►C2  n-ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi leith atá faoi chosaint i ngeall ar an iarratas, rud a nglactar leis mura léiríonn na húdaráis phoiblí gurb ann don riosca sin;

▼M5

(ca) 

níl fíniúnacha plandaithe ag an iarratasóir gan údarú dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo nó gan ceart plandaithe dá dtagraítear in Airteagal 85a agus in Airteagal 85b de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007;

▼B

(d) 

má tá bonn cirt cuí leis, ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

▼M7

2.  

Má tá méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe dá dtagraítear i mír 1, i mbliain ar leith, thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, deonófar údaruithe, de réir dháileadh pro-rata na heicteár, do na hiarratasóirí go léir ar bhonn an limistéir a ndearna siad iarratas ar údarú ina leith. Tríd an deonú sin, féadfar limistéar íosta agus/nó uasta a bhunú de réir iarratasóra agus féadfar é a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán freisin i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha thosaíochta seo a leanas a bhféadfadh feidhm a bheith aige ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

▼B

(a) 

táirgeoirí atá ag dul i mbun na hoibre den chéad uair, agus arb iad ceann a ngabháltais iad (iontrálaithe nua);

▼M7

(b) 

limistéir ina chuireann fíonghoirt le caomhnú na timpeallachta nó le caomhnú na n-acmhainní géiniteacha fíniúna;

▼B

(c) 

limistéir atá nua-phlandaithe i gcomhthéacs tionscadal um chomhdhlúthú talún;

(d) 

limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile le sárú acu

(e) 

inbhuanaitheacht tionscadail forbraíochta nó athphlandaithe bunaithe ar mheastóireacht eacnamaíoch;

▼M7

(f) 

limistéir a bheidh le plandú as an nua agus a rannchuideoidh leis an méadú ar tháirgeadh na ngabháltas in earnáil an fhíonsaothrúcháin, lena léirítear méadú ar chost-éifeachtúlacht nó iomaíochas nó láithreacht ar na margaí;

▼B

(g) 

tionscadail lena bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht na dtáirgí le tásca geografacha;

▼M7

(h) 

limistéir a bheidh le plandú as an nua i gcomhthéacs gabháltais bheaga agus mheánmhéide finiúna a mhéadú;

▼M5

2a.  
Má chinneann an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Ballstát an coinníoll breise a chur leis go mbeidh an t-iarratasóir ina dhuine nádúrtha nach bhfuil os cionn 40 bliain d'aois an bhliain a dtíolactar an t-iarratas.

▼M7

2b.  
Féadfaidh na Ballstáit aon bhearta rialála is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar oibreoirí dul timpeall ar na critéir shriantacha a chuirtear i bhfeidhm de bhun mhíreanna 1, 2 agus 2a.

▼M5

3.  
Poibleoidh na Ballstáit na critéir dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 2a a bheidh á gcur i bhfeidhm acu agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoi na critéir sin.

▼B

Airteagal 65

Ról na n-eagraíochtaí gairmiúla

▼M7

Agus Airteagal 63(2) á chur i bhfeidhm aige, cuirfidh an Ballstát na moltaí a thíolaic eagraíochtaí gairmiúla aitheanta a fheidhmíonn in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagail 152, 156 agus 157 san áireamh, nó na cinn a thíolaic grúpaí táirgeoirí leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 95, nó cineálacha eile eagraíochtaí gairmiúla arna sainaithint ar bhonn reachtaíocht an Bhallstáit sin, ar choinníoll go dtiocfaidh na páirtithe ionadaíochta ábhartha sa limistéar geografach tagartha ar chomhaontú roimh ré.

▼B

Ní bheidh feidhm ag na moltaí sin ar feadh níos mó ná trí bliana.

Airteagal 66

Athphlandú

1.  
Deonóidh na Ballstáit údarú go huathoibríoch do tháirgeoirí a chuireann iarratas isteach a bhfuil limistéar grafta acu ar limistéar é a bhí faoi fhíniúnacha amhail ón 1 Eanáir 2016. Beidh údarú den sórt sin ar aon dul le coibhéis an limistéir sin ó thaobh bairr iarbhír de. Ní ríomhfar na limistéir a chumhdaítear le húdaruithe den sórt sin chun críocha Airteagal 63.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit údarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú do tháirgeoirí a thugann orthu féin limistéar a ghrafadh atá faoi fhíniúnacha má dhéantar grafadh an limistéir gheallta faoi dheireadh na ceathrú bliana ar a dhéanaí ón dáta ar cuireadh na fíniúnacha nua síos.
3.  
Úsáidfear an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ar an ngabháltas céanna ar a ndearnadh an grafadh. Féadfaidh na Ballstáit, i limistéir fíona a tháirgeadh atá i dteideal ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ atá faoi chosaint nó tásca geografacha atá faoi chosaint, srian a chur ar an athphlandú, bunaithe ar mholadh ó eagraíocht ghairmiúil i gcomhréir le hAirteagal 65, agus é a theorannú go fíniúnacha a bhfuil an tsonraíocht chéanna acu, maidir le ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ atá faoi chosaint nó tásc geografach atá faoi chosaint, is atá ag an limistéar a grafadh.
4.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás planduithe neamhúdaraithe a ghrafadh

Airteagal 67

De minimis

1.  
Ní bheidh feidhm ag scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo sna Ballstáit sin nach raibh feidhm an 31 Nollaig 2007 ag an gcóras idirthréimhseach do chearta um plandú a bunaíodh i bhForoinn II de Roinn IVa de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.
2.  
Na Ballstáit sin ina raibh feidhm ag an gcóras dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig 2007, agus nach mó ná 10 000 heicteár na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i láthair na huaire, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo a chur chun feidhme.

Airteagal 68

Forálacha idirthréimhseacha

1.  
Cearta um plandú a dheonaítear do tháirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimhir 1234/2007 roimh an 31 Nollaig 2015, nár úsáid na táirgeoirí sin agus atá fós bailí faoin dáta sin, féadfar iad a thiontú ina n-údaruithe faoin gCaibidil seo amhail ón 1 Eanáir 2016.

▼M6

Tarlóidh tiontú den sórt sin arna iarraidh sin do na táirgeoirí sin roimh an 31 Nollaig 2015. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cead a thabhairt do tháirgeoirí an iarraidh sin a chur isteach ar chearta a thiontú ina n-údaruithe go dtí an 31 Nollaig 2022.

2.  
Na húdaruithe a dheonaítear de bhun mhír 1, beidh an tréimhse bailíochta chéanna acu is atá ag na cearta um plandú dá dtagraítear i mír 1. Mura mbaintear leas as na húdaruithe sin, rachaidh siad in éag ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2018, nó, más rud é go mbeidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 glactha ag Ballstát, ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2025.

▼M7

2a.  
Ón 1 Eanáir 2023, limistéar atá coibhéiseach leis an limistéar a chumhdaítear le cearta um plandú a bhí incháilithe le haghaidh cearta plandaithe a thiontú ina n- údaruithe plandála an 31 Nollaig 2022 ach nár tiontaíodh go fóill ina n-údaruithe i gcomhréir le mír 1, beidh sé ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann agus féadfaidh siad údaruithe a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 64 faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí.

▼M7

3.  
Ní ríomhfar chun críoch Airteagal 63 na limistéir a chumhdaítear le húdaruithe arna ndeonú de bhun mhíreanna 1 agus 2a den Airteagal seo.

▼B

Airteagal 69

Cumhachtaí tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

na coinníollacha maidir leis an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 62(4) a chur i bhfeidhm;

(b) 

na rialacha a bhaineann leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 64(1) agus (2);

(c) 

critéir a chur leis na cinn atá liostaithe in Airteagal 64 (1) (2);

(d) 

fíniúnacha ar gheall an táirgeoir go ndéanfadh sé iad a ghrafadh a bheith ann taobh le fíniúnacha nua-phlandaithe de bhun Airteagal 66(2);

(e) 

an bunús atá le cinntí na mBallstát faoi Airteagal 66(3).

Airteagal 70

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta riachtanacha maidir leis:

(a) 

na nósanna imeachta maidir le húdaruithe a dheonú;

(b) 

na taifid le coinneáil ag na Ballstáit agus na fógraí le cur chuig an gCoimisiún.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Rialú scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 71

Planduithe neamhúdaraithe

1.  
Déanfaidh táirgeoirí grafadh ar a gcostas féin ar na limistéir a cuireadh faoi fhíniúnacha gan údarú.
2.  
Mura ndéanfaidh táirgeoirí grafadh laistigh de cheithre mhí ón dáta a fuair siad fógra faoi neamhrialtacht, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na planduithe neamh-údaraithe sin a ghrafadh laistigh de dhá bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ceithre mhí. Gearrfar an costas ábhartha ar na táirgeoirí lena mbaineann.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain méid iomlán na limistéar ar fionnadh gur cuireadh faoi fhíniúnacha iad gan údarú tar éis an 1 Eanáir 2016, chomh maith leis na limistéir a grafadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.
4.  
I gcás nár chomhlíon táirgeoir na hoibleagáidí atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo, beidh sé faoi réir pionóis a bheidh le leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013
5.  
Ní bhainfidh limistéir ar cuireadh fíniúnacha iontu gan údarú leas as aon bhearta tacaíochta náisiúnta nó aon bhearta tacaíochta de chuid an Aontais.

Airteagal 72

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta riachtanacha lena leagtar amach na sonraí faoi riachtanais chumarsáide atá le comhlíonadh ag na mBallstáit, lena n-áirítear laghduithe a d'fhéadfaí a bheith i gceist ar uasteorainneacha buiséadacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI i gcás neamhchomhlíonta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

TEIDEAL II

RIALACHA MAIDIR LE MARGAÍOCHT AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ

CAIBIDIL I

Rialacha maidir le margaíocht

Roinn 1

Caighdeáin mhargaíochta

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 73

Raon Feidhme

Gan dochar d'aon fhorálacha eile is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, agus gan dochar do na forálacha a glacadh in earnáil na tréidliachta, san earnáil fíteashláintíochta agus in earnáil an bhia lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí caighdeáin sláinteachais agus sláinte agus chun sláinte ainmhithe, plandaí agus daoine a chosaint, leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir leis na caighdeáin mhargaíochta Roinnfear na rialacha éigeantacha agus ina dtéarmaí roghnacha forchoimeádta do tháirgí talmhaíochta.

Foroinn 2

Foroinn iii caighdeáin mhargaíochta de réir earnálacha nó táirgí

Airteagal 74

Prionsabal ginearálta

Ní fhéadfar na táirgí a bhfuil caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí leagtha síos ina leith i gcomhréir leis an Roinn seo a chur ar an margadh san Aontas ach má tá siad i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Airteagal 75

Bunú agus ábhar

1.  

Féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin mhargaíochta maidir le ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha agus/nó de na táirgí seo a leanas:

(a) 

ola olóige agus ológa boird;

(b) 

torthaí agus glasraí;

(c) 

táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte;

(d) 

earnáil na mbananaí;

(e) 

plandaí beo;

(f) 

uibheacha;

(g) 

feoil éanlaithe;

(h) 

saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(i) 

leannlusanna;

2.  
Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí thalmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 4 den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim sa mhargú, chomh maith le maoluithe agus díolúintí ó na caighdeáin sin chun iad a chur in oiriúint do dhálaí síorathraitheacha an mhargaidh, do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, d'fhorbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus ionas nach gcruthófar constaicí do nuáil táirgí.
3.  

Gan dochar d'Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), féadfaidh na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin nó níos mó de nanithe seo a leanas a chuimsiú, ar nithe iad atá le cinneadh ar bhonn earnála nó táirge agus atá bunaithe ar shaintréithe gach earnála, an gá chun an margú a rialáil agus na coinníollacha atá sainithe i mír 5 den Airteagal seo:

(a) 

na sainmhínithe teicniúla, an sonrúchán agus tuairiscí díolacháin d'earnálacha seachas na hearnálacha a leagtar amach in Airteagal 78;

(b) 

critéir aicmithe amhail grádú in aicmí, i meáchain, i méideanna, in aois agus i gcatagóirí;

(c) 

an speiceas, cineál an phlanda nó cine an ainmhí nó an cineál tráchtála;

(d) 

an cur i láthair, lipéadú a bhaineann le caighdeáin éigeantacha mhargaíochta, pacáistiú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le hionaid phacála, marcáil, bliain na buainte agus úsáid téarmaí sonracha, gan dochar d'Airteagail 92 go 123;

(e) 

critéir amhail cruth, comhsheasmhacht, comhlíonadh, saintréithe an táirge agus céatadán an chion uisce;

(f) 

substaintí sonracha a úsáidtear i dtáirgeadh, nó comhpháirteanna nó comhábhair, lena n-áirítear a gcion cainníochtúil, a n-íonacht agus a n-aitheantas;

(g) 

cineál na feirmeoireachta agus an modh táirgeachta lena n-áirítear cleachtais fhíoneolaíocha agus ardchórais táirgthe inbhuanaithe;

(h) 

cumasc úrfhíona agus fíona lena n-áirítear sainmhínithe ar an gcumasc sin, meascadh agus srianta ar an meascadh sin;

(i) 

an mhiníocht lena mbailítear, lena seachadtar, an leasú agus an láimhseáil, an modh caomhnaithe agus an teocht, an stóráil agus an t-iompar;

(j) 

an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó an áit tionscnaimh, gan feoil éanlaithe ná saillte inleata a áireamh;

(k) 

srianta maidir le húsáid substaintí agus cleachtas áirithe;

(l) 

úsáid shonrach;

(m) 

na coinníollacha a rialaíonn diúscairt, coimeád, cúrsaíocht agus úsáid táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta arna nglacadh de bhun mhír 1 agus na sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 78, chomh maith le diúscairt fotháirgí.

4.  
De theannta ar mhír 1, féadfaidh feidhm a bheith ag na caighdeáin margaíochta maidir le hearnáil an fhíonaBeidh feidhm ag pointí (f), (g), (h), (k) agus (m) de mhír 3 maidir leis an earnáil sin.
5.  

Déanfar na caighdeáin mhargaíochta a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo a leagan síos gan dochar d' Airteagail 84 go 88 agus d'Iarscríbhinn IX agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

saintréithe sonracha an táirge lena mbaineann;

(b) 

an gá lena áirithiú go bhfuil na dálaí lena gcabhrófar leis na táirgí sin a chur ar an margadh;

(c) 

leas na dtáirgeoirí saintréithe an táirge agus na feirmeoireachta a chur in iúl, agus leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, lena n-áirítear an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht atá le cinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na costais agus ar na hualaí riaracháin a chuirfear ar oibreoirí go háirithe, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh;

(d) 

na modhanna atá ar fáil chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí a chinneadh;

(e) 

na moltaí caighdeánacha a ghlac comhlachtaí idirnáisiúnta;

(f) 

an gá atá ann saintréithe nádúrtha bunúsacha na dtáirgí a chaomhnú agus gan athrú substaintiúil a dhéanamh ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann.

6.  
Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon leis an ngá atá ann na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun liosta na n-earnálacha i mír 1 a mhodhnú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann de thoradh ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, agus beidh siad faoi réir Thuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéanfar meastóireacht, go háirithe, ar riachtanais an tomhaltóra, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí lena n-áirítear an tionchar ar an margadh inmheánach agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh.

Airteagal 76

Ceanglais bhreise chun táirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a mhargú

1.  
Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75, ní fhéadfar táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá ceaptha lena ndíol leis an tomhaltóir agus iad úr, a mhargú ach amháin má tá siad de cháilíocht shlán chóir agus indíolta agus má léirítear an tír tionscnaimh.
2.  
Na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1, agus aon chaighdeán margaíochta is infheidhme maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí a leagtar síos i gcomhréir leis an bhforoinn seo, beidh feidhm acu ag gach céim mhargaíochta lena n-áirítear allmhairiú agus onnmhairiú, agus féadfar cáilíocht, aicmiú, meáchan, toirt, pacáil, pacáistiú, stóráil, iompar, cur i láthair agus margú a chumhdach leo.
3.  
Ní chuirfidh sealbhóir táirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a chumhdaítear le caighdeáin mhargaíochta na táirgí sin ar taispeáint, ní dhíolfaidh sé iad ná ní dhéanfaidh sé iad a sheachadadh ná a mhargú ar aon bhealach laistigh den Aontas ach amháin i gcomhréir leis na caighdeáin sin agus beidh sé freagrach as a áirithiú go gcloífear leis na caighdeáin sin.
4.  
D'fhonn cur i bhfeidhm chuí na gceanglas atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe sonracha ón Airteagal seo atá riachtanach chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gceart.

Airteagal 77

Deimhniú leannlusanna

1.  
Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíochta infheidhme, beidh táirgí de chuid earnáil na leannlusanna faoi réir nós imeachta deimhniúcháin faoin Airteagal seo.
2.  
Ní fhéadfar deimhnithe a eisiúint ach amháin i gcás táirgí a bhfuil na saintréithe íosta cáilíochta acu atá oiriúnach do chéim shonrach mhargaíochta. I gcás púdair leannlusanna, púdair leannlusanna a bhfuil cion níos airde lúpailin ann, eastóscán leannlusanna, agus táirgí leannlusanna measctha, ní fhéadfar an deimhniú a eisiúint ach amháin mura bhfuil cion aigéid alfa na dtáirgí sin níos ísle ná cion aigéid alfa na leannlusanna ónar ullmhaíodh iad.
3.  

Léireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna deimhnithe:

(a) 

an áit/na háiteanna a dtáirgtear na leannlusanna;

(b) 

an bhliain/na blianta a saothraíodh iad;

(c) 

an cineál nó na cineálacha.

4.  
Ní fhéadfar táirgí earnáil na leannlusanna a mhargú ná a onnmhairiú ach amháin má chumhdaítear iad le deimhniú a eisíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás táirgí earnáil na leannlusanna a allmhairítear, measfar go mbeidh an fianú dá bhforáiltear in Airteagal 190(2) coibhéiseach leis an deimhniú sin.

5.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun bearta a leagan síos mar mhaolú ó mhír 4 den Airteagal seo:

(a) 

chun ceanglais trádála tríú tíortha áirithe a chomhlíonadh; nó

(b) 

i gcás táirgí a mbainfear úsáid speisialta astu.

Na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(i) 

beidh siad gan dochar do ghnáthmhargú na dtáirgí ar eisíodh deimhniú ina leith; agus

(ii) 

beidh ráthaíochtaí ag gabháil leo chun aon mhearbhall maidir leis na táirgí sin a sheachaint.

Airteagal 78

Sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin i gcomhair earnálacha agus táirgí áirithe

1.  

Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíocht, beidh feidhm ag na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII maidir leis na hearnálacha agus na táirgí seo a leanas:

(a) 

mairteoil agus laofheoil;

(b) 

fíon;

(c) 

bainne agus táirgí bainne atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(d) 

feoil éanlaithe

(e) 

uibheacha;

(f) 

saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine; agus

(g) 

ola olóige agus ológa ológa boird

2.  
Ní fhéadfar na sainmhínithe, sonrúcháin nó tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII a úsáid san Aontas ach amháin le haghaidh margaíocht táirge a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.
3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le leasuithe, maoluithe nó díolúintí i ndáil leis na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teorannta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann agus ar toradh iad ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an gá atá le nuálaíocht táirgí.
4.  
Chun a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir cheart ag oibritheoirí agus ag na Ballstáit ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na rialacha dá sonrúchán agus dá gcur i bhfeidhm.
5.  
D'fhonn ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon le forbairt an mhargaidh do tháirgí bainne, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena sonrófar na táirgí bainne a luafar an speiceas ainmhí óna dtagann an bainne ina leith, mura bó-ainmhí atá i gceist, agus chun na rialacha riachtanacha a leagan síos.

Airteagal 79

Lamháltas

1.  
Chun saintréithe sonracha gach táirge nó earnála a chur san áireamh, mar aon leis na céimeanna difriúla margaíochta, na coinníollacha teicniúla, aon mhórdheacracht phraiticiúil a d'fhéadfadh a bheith ann, agus cruinneas agus in-atrialltacht na modhanna anailíse, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le lamháltas le haghaidh ceann amháin nó níos mó de chaighdeáin shonracha faoina bhféadfaí a mheas go raibh ag teip ar bhaisc iomlán na dtáirgí an caighdeán sin a chomhlíonadh.
2.  
Agus na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá ann gan saintréithe intreacha an táirge a athrú agus gan cáilíocht a tháirgí a laghdú.

Airteagal 80

Cleachtais fhíoneolaíocha agus modhanna anailíse

1.  
Ní úsáidfear ach cleachtais fhíoneolaíocha atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII agus dá bhforáiltear i bpointe (g) d'Airteagal 75(3) agus in in Airteagal 83(2) agus (3) i dtáirgeadh agus i gcaomhnú na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII san Aontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

(a) 

sú fíonchaor agus sú fíonchaor tiubhaithe; ná

(b) 

úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe atá beartaithe le haghaidh sú fíonchaor a ullmhú.

Ní úsáidfear cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe ach amháin chun fíonóireacht cheart, leasú ceart nó míníneacht cheart an táirge a áirithiú.

Déanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a tháirgeadh san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

2.  

Ní dhéanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a mhargú san Aontas i gcás:

(a) 

inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe de chuid an Aontais i bhfeidhm orthu;

(b) 

inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe náisiúnta i bhfeidhm orthu; nó

(c) 

nach gcomhlíonann siad na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

Scriosfar na táirgí fíniúnacha sin nach féidir a mhargú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhaolú ar an riail sin, féadfaidh na Ballstáit a údarú go n-úsáidfeadh driogairí nó monarchana fínéagair táirgí áirithe, a saineoidh siad na saintréithe a bheidh acu, chun críocha tionsclaíocha, ar choinníoll nach dreasacht é an t-údarú sin chun táirgí finiúna a tháirgeadh trí bhíthin cleachtas neamhúdaraithe fíoneolaíoch.

3.  

Agus cleachtais fhíoneolaíocha i gcomhair fíona dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 75(3) á n-údarú aige, déanfaidh an Coimisiún mar seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sé san áireamh na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse atá molta agus foilsithe ag an OIV agus torthaí úsáide turgnamhaí cleachtas fíoneolaíoch atá fós gan údarú;

(b) 

cuirfidh sé cosaint shláinte an duine san áireamh;

(c) 

cuirfidh sé san áireamh an baol go bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú mar gheall ar na barúlacha seanbhunaithe atá acu faoin táirge agus mar gheall ar na hionchais chomhfhreagracha atá acu, ag féachaint d'infhaighteacht agus indéantacht modhanna faisnéise chun a leithéid de bhaol a eisiamh;

(d) 

ceadóidh sé go gcaomhnófar saintréithe nádúrtha bunúsacha an fhíona agus ní bheidh sé ina chúis go ndéanfar athrú substaintiúil ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann;

(e) 

áiritheoidh sé leibhéal inghlactha íosta cúraim don chomhshaol;

(f) 

urramóidh sé na rialacha ginearálta i dtaobh cleachtas fíoneolaíoch agus na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

4.  
Chun a áirithiú go ndéanfar táirgí neamh-inmhargaithe fíona a chóireáil mar is ceart, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha i leith na nósanna imeachta náisiúnta dá dagraítear sa dara fhomhír den dara mír den Airteagal seo agus leis na maoluithe a ghabhann leo i ndáil le táirgí fíona a tharraingt siar nó a scriosadh más táirgí iad nach gcomhlíonann na ceanglais
5.  
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na modhanna dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 75(5) do tháirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII Beidh na modhanna sin bunaithe ar aon mhodhanna ábhartha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag an OIV, mura mbeadh siad neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Go dtí go nglacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin, is iad na modhanna agus na rialacha a bheidh le húsáid na modhanna a cheadaíonn an Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 81

Cineálacha fíonchaor

1.  
I gcás na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII agus a tháirgtear san Aontas, is de chineálacha fíonchaor ar féidir iad a aicmiú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a dhéanfar iad.
2.  
Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun fíon a tháirgeadh.

Ní fhéadfaidh Ballstáit ach na cineálacha fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a aicmiú:

(a) 

is cineálacha iad a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera nó a fhaightear nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis;

(b) 

ní ceann de na cineálacha seo a leanas iad: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont.

I gcás ina scriostar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh laistigh de 15 bliana ó thráth a scriosta.

3.  
Tabharfar díolúine ón oibleagáid aicmithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 2 do na Ballstáit sin nach sáraíonn a dtáirgeadh fíona 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana fíona arna ríomh ar bhonn mheántáirgeadh na gcúig bliana fíona roimhe sin.

Mar sin féin, sna Ballstáit sin freisinní cheadófar ach cineálacha fíonchaor a chomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 a phlandú, a athphlandú nó a bheangú chun fíon a tháirgeadh.

4.  

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an tríú fomhír de mhír 2 agus ar an dara fomhír de mhír 3 ceadóidh na Ballstáit plandú, athphlandú nó beangú na gcineálacha fíonchaor a leanas ar mhaithe le taighde eolaíoch agus chun críoch turgnamhach:

(a) 

cineálacha fíonchaor nach n-aicmítear i gcás Ballstáit seachas na Ballstáit sin dá tagraítear i mír 3;

(b) 

cineálacha fíonchaor nach gcomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 fad is a bhaineann le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3.

5.  
Maidir le limistéir a bhfuil cineálacha fíonchaor curtha iontu chun fíon a tháirgeadh, agus sin ag sárú mhír 2, mhír 3 agus mhír 4, déanfar na limistéir sin a ghrafadh.

Mar sin féin, ní bheidh aon dualgas na limistéir sin a ghrafadh nuair atá an táirgeadh ábhartha beartaithe lena thomhailt ag teaghlaigh na dtáirgeoirí fíona féin amháin.

▼M7

6.  
Maidir le limistéir ina gcuirtear cineálacha fíniúna nach bhfuil aicmithe chun críocha eile seachas táirgeadh fíona, i gcás Ballstát seachas na Ballstáit sin dá dtagraítear i mír 3,i gcás Ballstát dá dtagraítear i mír 3, nach gcomhlíonann mír 2, an dara fomhír, ní bheidh siad faoi réir oibleagáid grafa.

Maidir le plandú agus athphlandú na gcineálacha fíniúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun críocha seachas táirgeadh fíona, ní bheidh siad faoi réir na scéime údaraithe i gcomhair plandú fíniúnacha a leagtar síos i gCuid II, Teideal I, Caibidil III.

▼B

Airteagal 82

Úsáid shonrach fíona nach gcomhlíonann na catagóirí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII

Seachas fíon buidéalaithe a bhfuil fianaise ann gur cuireadh i mbuidéal é roimh an 1 Meán Fómhair 1971, ní úsáidfear fíon a táirgeadh ó na cineálacha fíonchaor atá liostaithe san aicmiú arna tharraingt suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 81(2) ach nach gcomhlíonann ceann de na catagóirí atá leagtha síos i gCuid II d'Iarscríbhinn VII ach amháin lena chaitheamh ag teaghlaigh táirgeoirí fíona indibhidiúla, nó chun fínéagar fíona a tháirgeadh nó lena dhriogadh.

Airteagal 83

Rialacha náisiúnta i gcomhair táirgí agus earnálacha áirithe

1.  
D'ainneoin Airteagal 75(2), féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena leagtar síos leibhéil éagsúla caighdeáin i gcomhair saillte inleata. Leis na rialacha sin féadfar na leibhéil cháilíochta sin a mheasúnú ar bhonn critéar a bhaineann go háirithe leis na hamhábhair a úsáidtear, saintréithe orgánaileipteacha na dtáirgí agus a gcobhsaíocht fhisiciúil agus mhicreabhitheolaíoch.

Maidir le Ballstáit atá ag baint úsáide as an rogha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad gur féidir le táirgí Ballstát eile a chomhlíonann na critéir a leagtar síos leis na rialacha náisiúnta sin, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, úsáid a bhaint as téarmaí a shonraíonn go gcloítear leis na critéir sin.

2.  
Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíoch áirithe nó na cleachtais sin a thoirmeasc agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le rialacha níos déine i gcás fíonta atá údaraithe faoi dhlí an Aontais agus a tháirgtear ina gcríocha chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta ag a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint agus chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta súilíneacha agus fíonta licéir.
3.  
Féadfaidh Ballstáit úsáid thurgnamhach cleachtas fíoneolaíoch neamhúdaraithe a cheadú.
4.  
Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar bhealach ceart agus trédhearcach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar amach na coinníollacha faoina gcuirfear mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm, chomh maith leis na coinníollacha maidir le coimeád, cúrsaíocht agus úsáid na dtáirgí a fhaightear ó na cleachtais thurgnamhacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
5.  
Ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha breise náisiúnta a ghlacadh ná a chothabháil i gcás táirgí a chumhdaítear le caighdeán margaíochta de chuid an Aontais ach amháin má chomhlíonann na forálacha sin dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na saorghluaiseachta earraí, agus faoi réir Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).

Foroinn 3

Téarmaí roghnacha coimeádta

Airteagal 84

Foráil ghinearálta

Bunófar scéim do théarmaí roghnacha forchoimeádta de réir earnála nó táirgí le gurbh fhusa do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó cáilíochtaí luach-bhreisitheacha acu na saintréithe nó na cáilíochtaí sin a chur in iúl laistigh den mhargadh inmheánach, agus go háirithe chun tacú leis na caighdeáin shonracha mhargaíochta agus chun iad a chomhlánú.

Ní bheidh feidhm ag an bhForoinn seo maidir le táirgí fíona dá dtagraítear in Airteagal 92(1).

Airteagal 85

Téarmaí roghnacha coimeádta atá ann cheana

1.  
Na téarmaí roghnacha coimeádta atá cumhdaithe faoin scéim 17 Nollaig 2013 sin, liostaítear iad in Iarscríbhinn IX agus leagfar síos a gcoinníollacha úsáide de bhun pointe (a) d'Airteagal 86.
2.  
Leanfaidh na téarmaí roghnacha coimeádta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo d'fheidhm a bheith acu, faoi réir a leasaithe, mura gcuirfear ar ceal iad de bhun Airteagal 86.

▼M7

Airteagal 86

Forchoimeád, leasú agus cealú na dtéarmaí roghnacha coimeádta

Chun ionchais na dtomhaltóirí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le modhanna táirgthe agus inbhuanaitheacht an tslabhra soláthair, forbairtí san eolas eolaíoch agus teicniúil, an staid sa mhargadh agus forbairtí sna caighdeáin mhargaíochta agus na caighdeáin idirnáisiúnta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a) 

téarma roghnach coimeádta breise a fhorchoimeád, lena leagtar síos a choinníollacha úsáide;

(b) 

lena leasófar coinníollacha úsáide téarma roghnaigh choimeádta; nó

(c) 

téarma roghnach coimeádta a chur ar ceal.

▼B

Airteagal 87

Téarmaí roghnacha coimeádta breise

1.  

Beidhbheidh téarma incháilithe mar théarma roghnach coimeádta breise ach amháin má chomhlíonann sé gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a) 

baineann an téarma le saintréith de chuid táirge nó le cáilíocht feirmeoireachta nó próiseála agus baineann sé le hearnáil nó le táirge;

(b) 

le húsáid an téarma is féidir breisluach an táirge de bharr a saintréithe sonracha nó de bharr a cháilíochta ar leith feirmeoireachta nó próiseála a chur in iúl ar bhealach níos soiléire;

(c) 

gur inaitheanta saintréith nó cáilíocht an táirge dá dtagraítear i bpointe (a), nuair a chuirtear ar an margadh é, do thomhaltóirí i roinnt Ballstát;

(d) 

go bhfuil na coinníollacha agus úsáid an téarma i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) nó le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Agus téarma roghnach coimeádta breise á chur isteach aige, cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeán ábhartha idirnáisiúnta san áireamh chomh maith leis na téarmaí coimeádta atá ann cheana i gcás na dtáirgí nó na n-earnálacha lena mbaineann.

2.  
Chun saintréithe earnálacha ar leith a chur san áireamh, chomh maith le hionchais na dtomhaltóirí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos mionsonraí breise i ndáil leis na ceanglais ó thaobh téarma coimeádta breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt isteach.

Airteagal 88

Srianta ar úsáid na dtéarmaí roghnacha coimeádta

1.  
Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí lena áirithiú nach gcruthóidh lipéadú an táirge mearbhall maidir le téarmaí roghnacha forcoimeádta.
3.  
Chun a áirithiú go mbeidh na táirgí a ndéantar tuairisc orthu le téarmaí roghnacha coimeádta i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide infheidhme, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha breise i ndáil le húsáid téarmaí roghnacha coimeádta.

Foroinn 4

Caighdeáin mhargaíochta maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú

Airteagal 89

Forálacha ginearálta

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus nádúr speisialta roinnt táirgí talmhaíochta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis:

(a) 

na coinníollacha faoina meastar go bhfuil leibhéal comhionann comhréireachta ag táirgí allmhairithe le caighdeáin mhargaíochta an Aontais agus le coinníollacha lena bhféadfar maolú ó Airteagal 74;

(b) 

na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán margaíochta ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas.

Airteagal 90

Forálacha speisialta i gcás allmhairí fíona

▼M7

1.  
Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh sonrúchán tionscnaimh agus tásca geografacha agus lipéadú fíona a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, agus sna sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 78 den Rialachán seo, maidir le táirgí a allmhairítear isteach san Aontas agus a thagann faoi chóid AC 2009 61 , 2009 69 , 2204 agus, i gcás inarb infheidhme, ex 2202 99 19 , (fíon dí-alcólaithe eile a bhfuil neart alcóil de réir toirte nach mó ná 0,5 % ann.)

▼B

2.  
Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, déanfar táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tháirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíocha atá údaraithe ag an Aontas de bhun an Rialacháin seo nó, sula ndeonaítear an t-údárú de bhun Airteagal 80(3), déanfar iad a tháirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíocha atá molta agus foilsithe ag an OIV.

▼M7

3.  

Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le CFAE, beidh allmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an mhéid seo a thaispeáint:

▼B

(a) 

deimhniú lena léirítear go gcomhlíontar na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar deimhniú é arna tharraingt suas ag comhlacht inniúil a bheidh san áireamh ar liosta a phoibleoidh an Coimisiún, i dtír thionscnaimh an táirge;

(b) 

tuarascáil anailíse arna tarraingt suas ag comhlacht arna cheapadh nó roinn arna ceapadh ag tír thionscnaimh an táirge, a mhéid is atá an táirge ceaptha lena chaitheamh go díreach ag an duine.

▼M7

Foroinn 4a

Seiceálacha agus pionóis

Airteagal 90a

Seiceálacha agus pionóis a bhaineann le rialacha margaíochta

1.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 119(1) agus nach bhfuil an lipéadú orthu i gcomhréir leis an rialachán seo, nó i gcás inar cuireadh ar an margadh iad cheana féin, go dtarraingeofar siar iad ón margadh.
2.  
Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh, beidh allmhairí isteach san Aontas de na táirgí a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 189(1) faoi réir seiceálacha le cinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, chun a fhíorú an gcomhlíontar, leis na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), na rialacha a leagtar síos sa roinn seo agus cuirfidh siad i bhfeidhm pionóis riaracháin de réir mar is iomchuí.
4.  
Gan dochar do ghníomhartha maidir le hearnáil an fhíona a glacadh de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/2116 [an Rialachán Cothrománach], i gcás sárú ar rialacha de chuid an Aontais in earnáil an fhíona, cuirfidh na Ballstáit pionóis riaracháin i bhfeidhm a bheidh comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach i gcomhréir le Caibidil I de Theideal IV den Rialachán sin Ní chuirfidh na Ballstáit pionóis den sórt sin i bhfeidhm i gcás nach mbeidh i gceist ach neamhchomhlíonadh fánach.
5.  

Chun cistí ón Aontas agus céannacht, áit tionscnaimh agus cáilíocht fhíon an Aontais a chosaint, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena bhforlíonfar an Rialachán seo i dtaobh an mhéid seo a leanas:

(a) 

bunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha a bhunú nó a chothabháil a chuideoidh le calaois a bhrath agus a dhéanfar a chur i dtoll a chéile ar bhonn samplaí arna mbailiú ag na Ballstáit;

(b) 

rialacha lena rialófar comhlachtaí rialaithe agus an cúnamh frithpháirteach eatarthu;

(c) 

rialacha lena rialófar úsáid choiteann thorthaí taighde na mBallstát.

6.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfaidh sé síos na bearta uile is gá chun iad seo a leanas:

(a) 

na nósanna imeachta a bhaineann le bainc sonraí na mBallstát faoi seach agus leis na bainc sonraí anailíseacha de shonraí iseatópacha dá dtagraítear i mír 5, pointe (a);

(b) 

na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhar agus leis an gcúnamh a bhíonn ann idir údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe;

(c) 

a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 3, na rialacha maidir le seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán margaíochta, rialacha lena rialaítear na húdaráis atá freagrach as na seiceálacha a dhéanamh, agus rialacha maidir le hábhar agus, le minicíocht na seiceálacha sin agus leis an gcéim mhargaíochta a mbeidh feidhm ag na seiceálacha sin maidir leo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

▼B

Roinn 5

Forálacha coiteanna

Airteagal 91

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

►C2  (a) 

lena mbunaítear liosta an bhainne agus na dtáirgí bainne dá dtagraítear sa dara mír de phointe 5 de Chuid III d'Iarscríbhinn VII, mar aon le liosta na saillte inleata dá dtagraítear i bpointe (a) den séú mír de phointe I de Chuid VII d'Iarscríbhinn VII ◄ , ar bhonn liostaí táscacha táirgí a measann Ballstáit go gcomhfhreagraíonn siad ina gcríocha do na forálacha sin agus ar liostaí iad a sheolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún;

(b) 

lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán margaíochta de réir earnála nó de réir táirge;

(c) 

lena leagtar síos rialacha chun a chinneadh ar cuireadh próisis a sháraíonn na cleachtais údaraithe fhíoneolaíocha i bhfeidhm ar tháirgí;

(d) 

lena leagtar síos rialacha do na modhanna anailíse chun saintréithe táirgí a chinneadh;

(e) 

lena leagtar síos rialacha maidir leis an leibhéal lamháltais a shocrú;

(f) 

lena leagtar síos rialacha chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 89 a chur chun feidhme;

(g) 

lena leagtar síos rialacha maidir le haithint nó clárú an táirgeora agus/nó na saoráidí tionsclaíocha inar ullmhaíodh nó inar próiseáladh an táirge, na nósanna imeachta deimhniúcháin agus na doiciméid tráchtála, na doiciméid tionlacain agus na taifid a choimeádfar.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 92

Raon Feidhme

1.  
Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ , tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta atá leagtha síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII.

▼M7

Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha a leagtar síos sa roinn seo maidir le táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II, pointí (1), (4), (5), (6), (8) agus (9) i gcás ina mbeidh cóireáil iomlán dí-alcólúcaithe déanta ar na táirgí sin i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E.

▼B

2.  

Bunófar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 ar na nithe seo a leanas:

(a) 

leasanna dlisteanacha tomhaltóirí agus táirgeoirí a chosaint;

(b) 

feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh sna táirgí i gceist a áirithiú; agus

(c) 

táirgeadh táirgí ardchaighdeáin dá dtagraítear sa Roinn seo a chur chun cinn agus bearta maidir le beartais náisiúnta cháilíochta a cheadú ag an am céanna.

Foroinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

Airteagal 93

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M7

(a) 

ciallaíonn “sonrúchán tionscnaimh” ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, a dhéanann sainaithint ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

(i) 

ar timpeallacht gheografach ar leith agus a gnéithe dúchasacha nádúrtha agus a gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

(ii) 

de thionscnamh áit, réigiún nó, i gcásanna eisceachtúla, tír ar leith;

(iii) 

a rinneadh le fíonchaora de thionscnamh eisiach an limistéir gheografaigh sin;

(iv) 

ar sa limistéar geografach sin a dhéantar é a tháirgeadh; agus

(v) 

ar ó chineál fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera é nó ó chrosáil na speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

(b) 

ciallaíonn “tásc geografach” ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) agus ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

(i) 

tá a cháilíocht, a cháil nó saintréithe eile de incurtha i leith a thionscnamh gheografaigh;

(ii) 

tá sé de thionscnamh áit, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;

(iii) 

is ón limistéar geografach sin amháin a thagann 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáideadh lena tháirgeadh;

(iv) 

táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(v) 

is ó chineál fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera é nó ó chrosáil na speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

▼M7 —————

▼B

3.  
Beidh ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ agus tásca geografacha, lena n-áirítear cinn a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tíortha, cáilithe chun cosaint a fháil san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

▼M7

4.  
Áirítear ar táirgeadh dá dtagraítear i bpointí (a)(iv) agus (b)(iv) de mhír 1, gach oibríocht a bheidh bainteach, ó bhaint na bhfíonchaor go críoch na bpróiseas déanta fíona, cé is moite de shaothrú fíonchaor nach as an limistéar geografach lena mbaineann dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(iii) agus cé is moite d'aon phróisis iartháirgthe.

▼B

5.  
Chun críche chur i bhfeidhm phointe (b)(ii) de mhír 1, eascróidh an sciar uasta de 15 % na bhfíonchaora ar féidir leo teacht de bhunadh a bheidh lasmuigh den limistéar críochaithe ón mBallstát nó ón tríú tír ina bhfuil an limistéar críochaithe suite.

Airteagal 94

Iarratais ar chosaint

1.  

►M7  Sna hiarratais ar chosaint ainmneacha mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha, beidh an méid seo a leanas: ◄

(a) 

an t-ainm atá le cosaint;

(b) 

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(c) 

sonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2; agus

(d) 

doiciméad aonair ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

2.  
Cuirfidh an tsonraíocht táirge ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe i ndail leis an ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó an táisc gheografaigh a fhíorú.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tsonraíocht táirge:

(a) 

an t-ainm atá le cosaint;

(b) 

tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

(i) 

cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ acu;

(ii) 

cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha mar aon le meastóireacht nó tásc ar a dtréithe orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil tásc geografach acu;

(c) 

nuair is infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh mar aon leis na srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

(d) 

teorainneacha an limistéir gheografaigh lena mbaineann;

(e) 

an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

(f) 

tásc faoin gcineál fíonchaoire nó faoi na cineálacha fíonchaoire óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta;

▼M7

(g) 

na mionsonraí a dhearbhaíonn an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i), nó, de réir mar a bheidh, i bpointe (b)(i):

(i) 

a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i); cé go bhféadfar na mionsonraí a bhaineann le gnéithe daonna na timpeallachta geografaí sin, i gcás inarb ábhartha, a theorannú do thuairisc ar an ithreach, ar ábhar plandaí agus ar bhainistiú tírdhreach, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le gnéithe nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear sa phointe sin;

(ii) 

a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht ar leith, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (b)(i);

▼B

(h) 

na ceanglais is infheidhme arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta, nó nuair a dhéanann Ballstát foráil amhlaidh, ag eagraíocht a bhainistíonn an ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, ag féachaint dó go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus ag luí le dlí an Aontais;

(i) 

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn gur comhlíonadh forálacha na sonraíochta táirge agus a gcuid cúraimí sonracha.

▼M7

Féadfaidh tuairisc a bheith sa tsonraíocht táirge ar rannchuidiú an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh leis an bhforbairt inbhuanaithe.

I gcás ina mbeidh an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe, beidh sa tsonraíocht táirge freisin tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta páirt-dhí-alcólaithe i gcomhréir leis an dara fomhír, pointe (b), mutatis mutandis agus, i gcás inarb infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta páirt-dhí-alcólaithe a dhéanamh, chomh maith leis na srianta ábhartha maidir lena ndéanamh.

▼B

3.  
I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, beidh istigh ann, i dteannta na nithe dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2, cruthúnas go bhfuil an t-ainm lena mbaineann faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

Airteagal 95

Iarratasóirí

1.  
Féadfaidh aon ghrúpa leasmhar táirgeoirí, nó táirgeoir aonair i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, cur isteach ar chosaint ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ nó táisc gheografaigh. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh san iarratas.
2.  
Féadfaidh táirgeoirí cur isteach ar chosaint i gcomhair na bhfíonta a tháirgeann siad féin agus ina gcomhair siúd amháin.
3.  
Féadfar comhiarratas a thíolacadh i gcás ainm a shonraíonn limistéar geografach trasteorann nó ainm traidisiúnta a bhaineann le limistéar geografach trasteorann.

Airteagal 96

Réamh-nós imeachta náisiúnta

1.  
Iarratais ar chosaint ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ nó táisc gheografaigh d'fhíonta a thionscnaítear san Aontas, beidh siad faoi réir réamh-nós imeachta náisiúnta.
2.  
Déanfar an t-iarratas ar chosaint a chomhdú sa Bhallstát sin a dtionscnaíonn an ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó an tásc geografach ina chríocha.
3.  
Scrúdóidh an Ballstát an t-iarratas ar chosaint le fíorú an gcomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach san Fhoroinn seo.

Leanfaidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an t-iarratas go leordhóthanach agus lena ndéantar foráil do thréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta fhoilsiú an iarratais ina bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige sa chás agus atá ina chónaí nó bunaithe ar chríocha an Bhallstáit agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas a bhfuil bonn maith údair leis a thaisceadh leis an mBallstát.

4.  
Má mheasann an Ballstát atá ag déanamh measúnú ar an iarratas nach gcomhlíonann an ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó an tásc geografach na coinníollacha a leagtar síos san Fhoroinn seo nó nach bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais, diúltóidh sé an t-iarratas.

▼M7

5.  
Má mheasann an Ballstát atá ag déanamh measúnú ar an iarratas go gcomhlíontar na ceanglais, seolfaidh sé nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an tsonraíocht táirge go leordhóthanach ar a laghad ar an Idirlíon agus seolfaidh sé an t-iarratas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

Nuair a bheidh iarratas ar chosaint á chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin gcéad fhomhír den mhír seo, áireoidh an Ballstát dearbhú go measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an iarratasóir na coinníollacha ar chosaint faoin Roinn seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun agus go ndeimhníonn sé gur achoimre dhílis ar an tsonraíocht táirge é an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d).

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhreasúraí inghlactha arna dtíolacadh faoin nós imeachta náisiúnta.

▼M7

6.  
Má thionscnaítear imeachtaí os comhair cúirt náisiúnta nó comhlacht poiblí náisiúnta eile, ar nós imeachta é a bhaineann le hiarratas ar chosaint a chuir an Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan mhoill, agus má dhéantar an t-iarratais ar chosaint a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach.

▼B

Airteagal 97

Grinnscrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún

1.  
Fógróidh an Coimisiún don phobal an dáta a gcuirfear an t-iarratas isteach ar chosaint an ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ nó an táisc gheografaigh.

▼M7

2.  
Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na hiarratais ar chosaint a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 96(5). Déanfaidh an Coimisiún a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis riachtanach sna hiarratais agus nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu, agus toradh an réamh-nós imeachta náisiúnta a rinne an Ballstát lena mbaineann á chur san áireamh aige. Díreofar sa ghrinnscrúdú sin go háirithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d).

Níor cheart gurbh fhaide ná 6 mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an ghrinnscrúdaithe, agus an tréimhse sin arna tomhas ón dáta a fhaightear an t-iarratas ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn do na hiarratasóirí.

3.  

Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don iarratasóir i gcás ina bhfaigheann sé teachtaireacht ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú arna thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 96(5), ar teachtaireacht í:

(a) 

ina gcuirtear in iúl don Choimisiún gur cuireadh an t-iarratas ó bhail ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é; nó,

(b) 

ina n-iarrtar ar an gCoimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí breithiúnacha náisiúnta chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus go measann na Ballstáit go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.

Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.

4.  
I gcás ina measann an Coimisiún, ar bhonn an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh aige ar bhonn mhír 2 den Airteagal seo, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 93, 100 agus 101, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme maidir le foilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d) agus na tagartha d'fhoilsiú na sonraíochta táirge a rinneadh le linn an nóis imeachta náisiúnta um réamhrialú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh aige de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 93, 100 agus 101, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 98

An nós imeachta agóide

1.  
Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1), pointe (d), in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Ballstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i dtríú tír, agus a bhfuil leas dlisteanach aige nó aici, ráiteas réasúnaithe agóide a chur faoi bhráid an Choimisiúin ag cur in aghaidh na cosanta atá molta.

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát nach ionann agus an Ballstát a chuir ar aghaidh an t-iarratas ar chosaint agus a bhfuil leas dlisteanach aige, féadfaidh sé an ráiteas agóide a chur isteach trí údaráis an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air nó ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeifear in ann ráiteas agóide a chur isteach roimh an teorainn ama de bhun na chéad fhomhíre.

2.  
Má mheasann an Coimisiún go bhfuil an agóid inghlactha, iarrfaidh sé ar an údarás nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a thaisc an agóid agus ar an údarás nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a thaisc an t-iarratas ar chosaint dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnaithe nach mbeidh níos faide ná 3 mhí. Foilseofar an cuireadh laistigh de thréimhse 5 mhí ón dáta a fhoilseofar an t-iarratas ar chosaint, lena mbaineann an ráiteas agóide cuí-réasúnaithe, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh cóip den ráiteas agóide réasúnaithe ag gabháil leis. Tráth ar bith le linn na 3 mhí sin, féadfaidh an Coimisiún, 3 mhí ar a mhéad a chur leis an spriocdháta le haghaidh na gcomhairliúchán, arna iarraidh sin don údarás nó don duine nádúrtha nó dlítheanach a thaisc an t-iarratas.
3.  
Tionscnóidh an t-údarás nó an duine a thaisc an t-agóid agus an t-údarás nó an duine a thaisc an t-iarratas ar chosaint na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis riachtanach ar fáil dá chéile chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-iarratas ar chosaint an Rialachán seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun.
4.  
Má thagann an t-údarás nó an duine a thaisc an agóid agus an t-údarás nó an duine a thaisc an t-iarratas ar chosaint ar chomhaontú, déanfaidh an t-iarratasóir atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír ónar taisceadh an t-iarratas ar chosaint fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le torthaí na gcomhairliúchán agus maidir leis na tosca uile lenar chuidigh teacht ar an gcomhaontú sin, lena n-áirítear tuairimí na bpáirtithe. Más rud é go ndearnadh na mionsonraí arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 97(4) a leasú go substaintiúil, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 97(2) an athuair tar éis nós imeachta náisiúnta lena n-áiritheofar go bhfoilseofar go leordhóthanach na sonraí leasaithe sin a bheith curtha i gcrích. Más rud é, tar éis an chomhaontaithe, nach ndéantar aon leasuithe ar an tsonraíocht táirge nó i gcás nach leasuithe substaintiúla ar an tsonraíocht táirge iad, glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 99(1) lena dtabharfar cosaint don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach d’ainneoin ráiteas agóide inghlactha a bheith faighte.
5.  
Mura dtagtar ar chomhaontú, déanfaidh an t-iarratasóir atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír ónar taisceadh an t-iarratas ar chosaint fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh agus maidir leis an bhfaisnéis agus na doiciméid uile lena mbaineann. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 99(2) lena mbronnfar an chosaint nó lena ndiúltófar an t-iarratas.

Airteagal 99

Cinneadh maidir le cosaint

1.  
I gcás nach bhfaighidh an Coimisiún aon ráiteas agóide inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 98, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena mbronnfar an chosaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.
2.  
I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún ráiteas agóide inghlactha, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena mbronnfar an chosaint nó lena ndiúltófar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).
3.  
Ní dochar cosaint a thabharfar faoin Airteagal seo, don oibleagáid atá ag táirgeoirí chun le rialacha eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh, le margaíocht agus le lipéadú bia, a chomhlíonadh.

▼B

Airteagal 100

Comhainmneacha

1.  
I gcás ainm a dtíolactar iarratas ina leith agus atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach le hainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin ag tabhairt aird chuí ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d'fhéadfadh a bheith ann.

Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreideann sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.

Ní fhéadfar ainm comhainmneach cláraithe a úsáid ach amháin más leor an t-idirdhealú sa chleachtas idir an t-ainm atá sa chlár cheana féin agus an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann gan an tomhaltóir a chur amú.

2.  
Beidh feidhm ag mír 1 mutatis mutandis má tá ainm a bhfuil iarratas tíolactha ina leith, comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.
3.  
I gcás ina bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint in ainm cineáil fíonchaor nó inarb é ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint atá san ainm sin, ní úsáidfear an t-ainm sin chun táirgí talmhaíochta a lipéadú.

Chun na cleachtais lipéadaithe atá ann cheana a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos eisceachtaí ón riail sin.

4.  
Beidh cosaint ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ agus tásca geografacha táirgí atá cumhdaithe ag Airteagal 93 den Rialachán seo gan dochar do na tásca geografacha faoi chosaint a bhfuil feidhm acu maidir le deochanna biotáileacha mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ).

Airteagal 101

Forais bhreise maidir le diúltú cosanta

1.  
Ní dhéanfar ainm a tháinig chun bheith cineálach a chosaint mar ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó mar thásc geografach.

Chun críocha na Roinne seo, ciallóidh “ainm a tháinig chun bheith cineálach” ainm fíona, agus bíodh is go mbaineann sé leis an áit nó an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge sin ar dtús, is ainm coitianta fíona anois é san Aontas.

Le suíomh cibé atá ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil cuirfear na tosca ábhartha san áireamh, go háirithe:

(a) 

an staid mar atá sé san Aontas, go mór mór i réimsí tomhaltais;

(b) 

dlí ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2.  
Ní dhéanfar ainm a chosaint mar ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfadh an chosaint sin an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an fhíona.

▼M7

Airteagal 102

Gaol le trádmharcanna

1.  
I gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach cláraithe faoin Rialachán seo, diúltófar do chlárú trádmhairc a sháródh aon úsáid a bhaintear as Airteagal 103(2), agus a bhaineann le táirge a thagann faoi cheann de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II, más rud é go ndearnadh an t-iarratas ar chlárú trádmhairc a thíolacadh tar éis an dáta a thíolactar an t-iarratas ar chlárú i ndáil leis an sonrúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach leis an gCoimisiún.

Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír a dhéanamh neamhbhailí.

2.  
Gan dochar d’Airteagal 101(2) den Rialachán seo, maidir le trádmharc a sáraíonn a úsáid Airteagal 103(2) den Rialachán seo, agus a ndearnadh iarratas ina leith, a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid, agus má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta a cuireadh isteach an t-iarratas ar chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan d’ainneoin clárú sonrúchán tionscnaimh nó clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó faoi Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ).

I gcásanna den sórt sin, féadfar an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach a úsáid chomh maith leis na trádmharcanna ábhartha.

▼B

Airteagal 103

Cosaint

1.  
Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú fíona ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a úsáid má táirgeadh an fíon i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.
2.  

Déanfar ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint agus an fíon a úsáideann an t-ainm sin faoi chosaint i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge a chosaint in aghaidh:

▼M7

(a) 

aon úsáid thráchtála dhíreach nó indíreach a bhainfear as an ainm faoi chosaint sin, lena n-áirítear úsáid le haghaidh táirgí a úsáidtear mar chomhábhair:

(i) 

ag táirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó

(ii) 

a mhéid is a dtagann úsáid den sórt sin i dtír ar chlú sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, nó a mhéid is a lagaítear nó a chaolaítear léi é;

(b) 

aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse le fios nó má aistrítear, má thras-scríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear in”, “aithris”, “blas”, “cosúil” nó rud éigin comhchosúil, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhair;

▼B

(c) 

aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, agus pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d'fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(d) 

ar chleachtas ar bith eile a d'fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3.  
Ní thiocfaidh ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 101(1).

▼M7

4.  

Tá feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a) 

earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de chríoch chustaim an Aontais; agus

(b) 

earraí a dhíoltar trí bhíthin modhanna ciandíola, amhail ríomhthráchtáil.

Maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear sa tsaorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin, beidh an grúpa táirgeoirí nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina bhfuil orthu, gan údarú, an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.

▼B

Airteagal 104

An Clár

Bunóidh agus coimeádfaidh an Coimisiún clár leictreonach ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint i gcomhair fíona agus beidh rochtain ag an bpobal air. Féadfar ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ agus tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chlárú sa chlár. Clárófar ainmneacha den sórt sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ faoi chosaint faoin Rialachán seo.

▼M7

Airteagal 105

Leasuithe ar shonraíochtaí táirge

1.  
Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásc gheografaigh faoi chosaint aige, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun críochú an limistéir gheografaigh dá dtagraítear in Airteagal 94(2), an dara fomhír, pointe (d) a leasú. Tabharfar tuairisc sna hiarratais ar na leasuithe sin atá á n-iarraidh agus luafar na cúiseanna atá leo.
2.  
Ina dhá gcatagóir a aicmeofar leasuithe ar shonraíocht táirge a mhéid a bhaineann lena dtábhacht: leasuithe ar leibhéal an Aontais a dteastaíonn nós imeachta agóide lena n-aghaidh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe caighdeánacha a bhfuiltear le déileáil leo ar leibhéal an Bhallstáit nó an tríú tír.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “leasú ar leibhéal an Aontais” leasú ar shonraíocht táirge ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

tá, mar chuid de, athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(b) 

is éard atá ann athrú, scriosadh nó cur le catagóir táirgí fíniúna dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II;

(c) 

tá an baol ann go ndéanfaidh sé an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (a)(i), i dtaca le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, nó an nasc dá dtagraítear in Airteagal 93(1), pointe (b)(i), i dtaca le tásca geografacha faoi chosaint a chealú; nó

(d) 

gabhann tuilleadh srianta leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

Ciallaíonn “leasú caighdeánach” aon leasú ar shonrúchán tionscnaimh táirge nach leasú ar leibhéal an Aontais é.

Ciallaíonn “leasú sealadach” leasú caighdeánach a bhaineann le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge a tharla toisc gur fhorchuir údaráis phoiblí bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó toisc é a bheith bainteach le tubaistí nádúrtha nó drochaimsir arna sainaithint go foirmiúil ag na húdaráis inniúla.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún leasuithe ar leibhéal an Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasta nan nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 94 agus in Airteagail 96 go 99, mutatis mutandis.

Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais a fhormheas arna dtíolacadh ag tríú tíortha nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas iontu go gcomhlíontar, leis an leasú atá iarrtha, na dlíthe maidir le cosaint sonrúchán tionscnaimh nó tásca geografacha atá i bhfeidhm sa tríú tír sin.

Bainfidh iarratais ar fhormheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais le leasuithe ar leibhéal an Aontais go heisiach. Má bhaineann iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais le leasuithe caighdeánacha freisin, measfar nár cuireadh isteach na codanna a bhaineann leis na leasuithe caighdeánacha, agus ní bheidh feidhm ag an nós imeachta maidir le leasuithe ar leibhéal an Aontais ach amháin maidir leis na codanna a bhaineann leis an leasú sin ar leibhéal an Aontais.

Leis an ngrinnscrúdú ar iarratais den sórt sin, beifear ag díriú ar na leasuithe atá molta ar leibhéal an Aontais.

4.  
Is iad na Ballstáit ina bhfuil limistéar geografach an táirge lena mbaineann lonnaithe a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha agus a phoibleoidh iad agus a chuirfidh iad in iúl don Choimisiún.

A mhéid a bhaineann le tríú tíortha, déanfar leasuithe a fhormheas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 106

Cealú

Ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar, féadfaidh an Coimisiún, i gceann amháin nó níos mó de na cúinsí seo a leanas, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófaí an chosaint atá ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach:

(a) 

i gcás nach bhfuil comhlíonadh na sonraíochta táirge comhfhreagraí á ráthú a thuilleadh;

(b) 

i gcás nár cuireadh ar an margadh ar feadh 7 mbliana as a chéile, ar a laghad, táirge lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach;

(c) 

i gcás ina ndéanfadh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 a dhearbhú nach mian leis a thuilleadh an chosaint a bheith ag an sonrúchán tionscnaimh nó ag an tásc geografach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

▼M7

Airteagal 106a

Lipéadú sealadach agus cur i láthair sealadach

Tar éis iarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, féadfaidh táirgeoirí an t-iarratas sin a léiriú i lipéadú agus i gcur i láthair an táirge gur cuireadh iarratas isteachagus féadfaidh siad úsáid a bhaint as lógónna agus tásca náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Maidir le siombailí an Aontais lena gcuirtear in iúl an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint agus na tásca ón Aontas “sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint”, ní fhéadfaidh siad bheith le feiceáil ar an lipéadú ach amháin tar éis fhoilsiú an chinnidh lena dtugtar cosaint don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach sin.

I gcás ina ndiúltófar d’iarratas, aon táirgí fíniúna ar bith a lipéadaíodh i gcomhréir leis an gcéad mhír, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

▼B

Airteagal 107

Ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin

1.  
Ainmneacha fíonta dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle ( 12 ) agus in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 753/2002 ón gCoimisiún ( 13 ),beidh siad cosanta go huathoibríochfaoin Rialachán seo. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá ndéantar foráil in Airteagal 104 den Rialachán seo.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún an beart comhfhreagrach foirmeálta, eadhon ainmneacha fíonta a bhfuil feidhm ag Airteagal 118s(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007 maidir leo a bhaint den chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81 den Rialachán seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
3.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 106 maidir le hainmneacha cosanta fíonta atá ann cheana agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Go dtí an 31 Nollaig 2014 féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar cosaint ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mura gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 93.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

4.  
I gcás na Cróite, beidh na hainmneacha fíonta a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ( 14 ) cosanta faoin Rialachán seo, faoi réir toraidh fhabhraigh a bheith ann ar an nós imeachta agóide. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81.

Airteagal 108

Táillí

Féadfaidh Ballstáit táillí a ghearradh chun a gcostais a chlúdach, lena n-áirítear na cinn a thabhaíonn siad ag scrúdú iarratas um chosaint, ráiteas agóide, iarratas ar leasuithe agus iarrataí ar chealuithe faoin bhForoinn seo.

Airteagal 109

Cumhachtaí tarmligthe

1.  

Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiúngníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos s:

(a) 

na critéir bhreise maidir le críochú an limistéir gheografaigh a ghlacadh, agus

(b) 

na srianta agus na maoluithe maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe.

2.  
Chun saintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir ceanglais bhreise a áireamh sna sonrúcháin táirge.
3.  

Chun cosaint cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

an cineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ nó táisc gheografaigh;

(b) 

na coinníollacha atá le comhlíonadh i ndáil le hiarratas ar chosaint ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ nó táisc gheografaigh, grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún, an nós imeachta agóide, agus nós imeachta maidir le leasú, cealú agus tiontú ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c) 

na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann;

(d) 

na coinníollacha i gcomhair iarratas a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tír;

(e) 

an dáta óna mbeidh feidhm ag cosaint nó ag leasú ar chosaint;

(f) 

na coinníollacha a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí.

4.  
Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le srianta i ndáil leis an ainm faoi chosaint.
5.  

Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le srianta i ndáil leis an ainm faoi chosaint. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm na Foroinne seo dochar míchuí d'oibreoirí eacnamaíocha ná d'údaráis inniúla a mhéid is a bhaineann le hainmneacha fíonta dár deonaíodh cosaint roimh an 1 Lúnasa 2009 nó a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

ainmneacha fíonta a d'aithnigh Ballstáit mar ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ nó mar thásca geografacha faoin 1 Lúnasa 2009 agus ainmneacha fíonta a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin;

(b) 

fíonta a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh dháta sonrach;

(c) 

leasuithe ar na sonraíochtaí táirgí.

Airteagal 110

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síosna bearta riachtanacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge maidir leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh;

(b) 

cinntí maidir le cosaint nó diúltú a chur ar fáil don phobal;

(c) 

an clár dá dtagraítear in Airteagal 104 a bhunú agus a choimeád;

(d) 

an tiontú ó ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint go tásc geografach faoi chosaint;

(e) 

iarratais trasteorann a chur isteach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta riachtanachamaidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh leasú ar ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó ar thásc geografach a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid, ar chealú, nó ar thiontú, agus le haghaidh faisnéis a chur isteach a bhaineann le hainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin, go háirithe maidir le:

(a) 

teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b) 

teorainneacha ama;

(c) 

mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú le hiarratas nó le hiarraidh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

▼M7 —————

▼B

Foroinn 3

Téarmaí traidisiúnta

Airteagal 112

Sainmhíniú

Ciallaíonn “téarma traidisiúnta” téarma a úsáidtear go traidisiúnta i mBallstáit i gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

(a) 

le sonrú go bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ag an táirge sin faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta;

(b) 

leis an modh táirgthe nó an modh aosaithe, nó cáilíocht nó dath an táirge, nó cineál áite nó imeacht faoi leith a bhfuil baint aici le stair an táirge a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige a shonrú.

Airteagal 113

Cosaint

1.  
Ní fhéadfar téarma traidisiúnta faoi chosaint a úsáid ach amháin i gcomhair táirge a táirgeadh i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 112(1).

Cosnófar téarmaí traidisiúnta in aghaidh úsáide neamhdhleathaí.

2.  

Ní chosnófar téarmaí traidisiúnta i gcoinne na nithe seo a leanas ach amháin sa teanga agus sna catagóirí táirgí fíniúnacha a éilítear ar an iarratas:

(a) 

mí-úsáid an téarma atá faoi chosaint, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil nath amhail 'stíl', 'cineál', 'modh', 'faoi mar a tháirgtear i', 'aithris', 'blas', 'cosúil le' nó nath ar a chuma ag gabháil leis;

(b) 

aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le nádúr, saintréithe nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, a chuirtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis;

(c) 

aon chleachtas eile ar dóigh dó tomhaltóirí a chur amú, go háirithe lena thabhairt le tuiscint go bhfuil an fíon incháilithe le haghaidh an téarma thraidisiúnta faoi chosaint.

3.  
Ní thiocfaidh téarmaí traidisiúnta chun bheith cineálach san Aontas.

Airteagal 114

Cumhachtaí tarmligthe

1.  
Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le teanga agus litriú an téarma traidisiúnta atá le cosaint.
2.  

Chun cosaint cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagfar amach:

(a) 

na cineálacha iarratasóirí a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint téarma traidisiúnta;

(b) 

coinníollacha bailíochta iarratais ar chosaint téarma traidisiúnta;

(c) 

na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne aitheantais bheartaithe le haghaidh téarma traidisiúnta;

(d) 

raon feidhme na cosanta, an gaol le trádmharcanna, téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, comhainmneacha, nó ainmneacha áirithe fíonchaor;

(e) 

na forais le cealú téarma traidisiúnta;

(f) 

an dáta a gcuirfear isteach iarratas nó iarraidh ar agóid nó ar chealú;

(g) 

na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta, lena n-áirítear grinnscrúdú atá le déanamh ag an gCoimisiún, na nósanna imeachta agóide agus na nósanna imeachta maidir le cealú agus modhnú.

3.  
Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfar téarmaí traidisiúnta a úsáid ar tháirgí ó thríú tíortha agus lena bhforálfar do mhaoluithe ó Airteagal 112 agus Airteagal 113.

Airteagal 115

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síosna bearta riachtanacha maidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh modhnú ar théarma traidisiúnta a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid nó ar chealú, go háirithe maidir le:

(a) 

teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b) 

teorainneacha ama;

(c) 

mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú leis an iarratas nó leis an iarraidh;

(d) 

rialacha mionsonraithe maidir le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint a chur ar fáil don phobal.

2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena nglacfar le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta nó lena ndiúltófar an t-iarratas sin nó lena nglacfar le hiarraidh ar mhodhnú an téarma faoi chosaint nó ar chosaint téarma traidisiúnta a chealú nó lena ndiúltofar an iarraidh sin.
3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhmelena bhforáilfear go gcosnófar téarmaí traidisiúnta ar glacadh leis an iarratas ar chosaint ina leith, go háirithe trína n-aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 112 agus trí shainmhíniú agus/nó na coinníollacha úsáide a fhoilsiú.
4.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 116

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

I gcás ina measfar agóid a bheith neamh-inghlactha, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndiúltofar ítoisc í a bheith neamh-inghlactha. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a fheidhmiú.

▼M7

Foroinn 4

Seiceálacha maidir le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta

Airteagal 116a

Seiceálacha

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na dtéarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear sa Rialachán seo.
2.  
Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as seiceálacha a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa roinn seo. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 4(2), agus (4), agus Airteagal 5(1), 5(4) agus 5(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).
3.  
Laistigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, ag feidhmiú dóibh mar chomhlacht deimhnithe táirge i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil III den Rialachán sin, a fhíorú go bhfuil sonraíochtaí táirge á comhlíonadh ar bhonn bliantúil, le linn tháirgeadh an fhíona agus le linn a chomhoiriúnaithe nó ina dhiaidh araon.
4.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an chumarsáid a bheidh le déanamh ag na Ballstáit leis an gCoimisiún;

(b) 

rialacha lena rialófar an t-údarás atá freagrach as comhlíonadh sonraíochtaí táirge a fhíorú, lena n-áirítear an cás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír;

(c) 

na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta faoi chosaint;

(d) 

na seiceálacha agus an fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear an tástáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

▼B

Roinn 3

Lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona

Airteagal 117

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo:

(a) 

ciallaionn “lipéadú” aon fhocail, sonraí, trádmharcanna, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a chuirtear ar aon phacáistiú, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a ghabhann le táirge faoi leith nó a thagraíonn dó;

(b) 

ciallaíonn “cur i láthair” aon fhaisnéis a chuirtear in iúl do thomhaltóirí de bhua phacáistiú an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear cruth agus cineál na mbuidéal.

Airteagal 118

Infheidhmeacht rialacha cothrománacha

Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir 89/396/CEE ón gComhairle ( 16 ), Treoir 2000/13/CE, Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ), Treoir 2008/95/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir leis an lipéadú agus an cur i láthair.

Ní fheádfar cur le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII trí aon sonraíochtaí seachas iadsan dá bhforáiltear sa Rialachán seo mura gcomhlíonfaidh na sonraíochtaí sin riachtanais Threoir 2000/13/CE nó Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Airteagal 119

Sonraí éigeantacha

1.  

Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú:

▼M7

(a) 

an sonrúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, Cuid II. Maidir le catagóirí táirgí fíniúna a shainmhínítear faoi Iarscríbhinn VII, Cuid II, pointe (1) agus pointe (4) go (9), i gcás ina ndearnadh cóireáil dhí-alcólúcháin ar tháirgí den sórt sin i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le sonrúchán na catagóire:

(i) 

an téarma “dí-alcólaithe” mura bhfuilneart alcóil iarbhír an táirge níos mó ná 0,5 % de réir toirte, nó

(ii) 

an téarma “páirt-dhí-alcólaithe” mura bhfuil táneart alcóil iarbhír an táirge os cionn 0,5 % de réir toirte, agus faoi bhun íosneart alcóil iarbhír na catagóire roimh dhí-alcólú.

▼B

(b) 

i gcomhair fíonta a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu:

(i) 

an téarma “ ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint”;

(ii) 

ainm an ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c) 

an neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(d) 

tásc maidir le foinse;

(e) 

tásc maidir leis an mbuidéalaí nó, i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, ainm an táirgeora nó an díoltóra;

(f) 

tásc maidir leis an allmhaireoir i gcás fíonta allmhairithe;

(g) 

i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, tásc maidir leis an gcion siúcra.

▼M7

2.  
De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), maidir le táirgí fíniúna seachas na táirgí sin a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, Cuid I, Roinn E, féadfar an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár i gcás fíonta a bhfuil ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint ar áireamh ar a lipéid.

▼B

3.  

De mhaolú ar mhír 1(b) féadfar an tagairt do na téarmaí “ ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint” a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil téarma traidisiúnta atá i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 94(2);

(b) 

in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 227 chun go n-áiritheofar go gcomhlíontar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana.

Airteagal 120

Sonraí roghnacha

1.  

Féadfaidh na sonraí roghnacha seo a leanas a bheith ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII:

(a) 

bliain fhómhar an fhíona;

(b) 

ainm chineál fíonchaoire amháin nó níos mó;

(c) 

i gcás fíonta seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 119(1), téarmaí lena léirítear an cion siúcra;

(d) 

i gcás fíonta a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, téarmaí traidisiúnta i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 112;

(e) 

siombail an Aontais lena léirítear an ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint;

(f) 

téarmaí lena dtagraítear do mhodhanna áirithe táirgthe;

(g) 

i gcás fíonta a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, ainm aonaid gheografaigh eile atá níos lú nó níos mó ná an limistéar atá i gceist leis an ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó an tásc geografach.

2.  

Gan dochar d'Airteagal 100(3), maidir le húsáid na sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) den Airteagal seo i gcás fíonta gan ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint:

(a) 

tabharfaidh Ballstáit isteach dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin lena áirithiú go mbeidh nósanna imeachta maidir le deimhniú, formheas agus fíorú ann lena ráthú gur fíor an fhaisnéis lena mbaineann;

(b) 

féadfaidh Ballstáit, ar bhonn critéar neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil agus aird chuí á tabhairt ar iomaíocht chothrom, liostaí de na cineálacha sin fíonchaor a eisiatar a tharraingt suas i gcomhair fíona a tháirgtear ó chineálacha fíonchaor ina gcríocha, sna cásanna seo a leanas go háirithe:

(i) 

má tá riosca ann go gcuirfear mearbhall ar thomhaltóirí maidir le fíorthionscnamh an fhíona toisc go bhfuil an cineál fíonchaoire sin ina dhlúthchuid ►C2  d'ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint atá ann cheana;

(ii) 

más rud é nach mbeadh seiceálacha éifeachtach ó thaobh costais de toisc gur cuid an-bheag d'fhíonghort an Bhallstáit an cineál fíonchaoire sin;

(c) 

ní chuirfear ainm an chineáil fíonchaoire ar an lipéad má mheasctar fíonta ó Bhallstáit éagsúla ach amháin má aontaíonn na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt agus má áirithíonn siad go bhfuil na nósanna imeachta ábhartha maidir le deimhniú, formheas agus fíorú indéanta.

Airteagal 121

Teangacha

1.  
Beidh na sonraí éigeantacha agus na sonraí roghnacha dá dtagraítear in Airteagal 119 agus Airteagal 120 le feiceáil i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó níos mó i gcás ina gcuirtear in iúl i bhfocail iad.
2.  
D'ainneoin mhír 1 beidh ainm ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó téarma traidisiúnta mar a thagraítear dóibh i bpointe (b) d'Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha lena mbaineann an chosaint. I gcás ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó sonrúcháin shonraigh náisiúnta scríofa in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar an t-ainm a thaispeáint freisin i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 122

Cumhachtaí tarmligthe

1.  

Chun saintréithe sonracha na hearnála fíona a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha agus srianta i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a) 

cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Roinn seo;

(b) 

sonraí éigeantacha maidir le:

(i) 

téarmaí atá le húsáid chun na sonraí éigeantacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

▼M7 —————

▼B

(iii) 

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí éigeantacha a leagan síos;

(iv) 

forálacha lena n-údaraítear maoluithe breise i dteannta na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 119(2) maidir leis an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár; agus

(v) 

forálacha ar úsáid teangacha;

▼M7

(vi) 

rialacha maidir le sonrúchán agus ainmniú na gcomhábhar chun Airteagal 119(1), pointe (i) a chur i bhfeidhm.

▼B

(c) 

sonraí roghnacha maidir le:

(i) 

téarmaí atá le húsáid chun na sonraí roghnacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(ii) 

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí roghnacha a leagan síos;

▼M7

(iii) 

téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus na coinníollacha a ghabhann lena n-úsáid.

▼B

(d) 

an cur i láthair:

▼M7

(i) 

na coinníollacha úsáide a ghabhann le cruthanna áirithe buidéal agus le stopalláin, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;

▼B

(ii) 

coinníollacha úsáide buidéal agus iamh den chineál a úsáidtear i gcomhair fíona shúilínigh;

(iii) 

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le cur i láthair a leagan síos;

(iv) 

forálacha ar úsáid teangacha;

2.  
Chun cosaint leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le lipéadú agus cur i láthair sealadach fíonta a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an ►C2  t-ainmniúchán tionscnaimh ◄ nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.
3.  
Chun leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le forálacha idirthréimhseacha maidir le fíonta a chuirtear ar an margadh agus atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2009.
4.  
Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe ón Roinn seo i ndáil le táirgí atá le honnmhairiú i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 123

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na bearta riachtanacha maidir leis na nósanna imeachta agus na critéir theicniúla is infheidhme maidir leis an Roinn seo, lena n-áirítear na bearta riachtanach do na nósanna imeachta deimhniúcháin, formheasta agus fíoraithe atá infheidhme maidir le fíonta nach bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL II

Forálacha sonracha d'earnálacha indibhidiúla

Roinn 1

Siúcra

▼M7 —————

▼B

Airteagal 125

Comhaontuithe in earnáil an tsiúcra

1.  
Is trí chomhaontuithe scríofa a dhéanfar laistigh den earnáil idir, ar láimh amháin, saothraithe Aontais biatais siúcra agus siúcra cána, nó na heagraíochtaí a bhfuil ballraíocht acu iontu a ndéanfar thar a son iad, agus, ar an láimh eile, gnóthais siúcra Aontais nó na heagraíochtaí a bhfuil ballraíocht acu iontu a ndéanfar thar a son iad, a rialófar na téarmaí maidir le ceannach biatiais siúcra agus siúcra cána, lena n-áirítear conarthaí réamhchurtha seachadta.
2.  
Comhaontuithe a dhéanfar laistigh den earnáil faoi mar atá tuairisc orthu i bpointe 6 de Roinn A de Chuid II d'Iarscríbhinn II, tabharfaidh na gnóthais fógra fúthu d'údaráis inniúla an Bhallstáit ina dtáirgeann siad siúcra.

▼M7

3.  
Beidh comhaontuithe laistigh den trádáil i gcomhréir leis na téarmaí ceannaigh a leagtar síos in Iarscríbhinn X.

▼B

4.  

Chun saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra agus forbairt na hearnála sa tréimhse i ndiaidh dheireadh na gcuótaí táirgeachta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 le go ndéanfaí an méid seo a leanas:

(a) 

nuashonrú na dtéarmaí dá dtagraítear i Roinn A de chuid II d'Iarscríbhinn II;

(b) 

nuashonrú na dtéarmaí ceannaigh do bhiatais dá dtagraítear in Iarscríbhinn X;

(c) 

tuilleadh rialacha a leagan síos maidir le cinntí i dtaca le hollmheáchan, táir agus cion siúcra biatais siúcra a sheachadtar chuig gnóthas chomh maith le rialacha maidir le laíon biatais.

5.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, lena n-áirítear maidir le nósanna imeachta, fógraíocht, agus cúnamh riaracháin i gcás comhaontuithe a dhéantar laistigh den earnáil lena gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin. Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 126

Tuairisciú praghsanna i margadh an tsiúcra

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear córas chun praghsanna i margadh an tsiúcra a thuairisciú, lena n-áirítear socruithe chun leibhéil na bpraghsanna don mhargadh sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Beidh an córas dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraíonn gnóthais a tháirgeann siúcra bán nó oibreoirí eile a bhfuil baint acu le trádáil siúcra. Déileálfar leis an bhfaisnéis seo mar fhaisnéis rúnda.

Áiritheoidh an Coimisiún nach bhfoilseofar praghsanna ar leith nó ainmneacha oibreoirí eacnamaíocha aonair.

▼M7 —————

▼B

Roinn 2

Fíon

Airteagal 145

Clár agus fardal ar acmhainn táirgthe fíonghort

1.  
Coimeádfaidh Ballstáit clár fíonghort ina mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an acmhainneacht táirgthe. Ón 1 Eanáir 2016 ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin i gcás go gcuireann na Ballstáit an scéim d'údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal I i bhfeidhm nó go gcuireann siad clár náisiúnta tacaíochta i bhfeidhm.
2.  
Go dtí an 31 Nollaig 2015, maidir le Ballstáit ar lú ná 500 heicteár an limistéar iomlán iontu atá faoi fhíniúnacha de chineálacha fíonchaor atá aicmithe i gcomhréir le hAirteagal 81(2), ní bheidh siad faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.
3.  
►M7  Na Ballstáit a dhéanann foráil ina gcuid pleananna straitéiseacha CBT d’athstruchtúrú agus d’athchóiriú fíonghort i gcomhréir le d'Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad fardal nuashonraithe, ar bhonn an chláir fíonghort, dá n-acmhainneacht táirgthe a thíolacadh don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain. ◄ Amhail ón 1 Eanáir 2016, is de bhíthin gníomhartha chur chun feidhme a leagfar síos ag an Coimisiún na sonraí maidir le teachtaireachtaí chuig an gCoimisiún maidir le limistéir fíonsaothrúcháin. Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2)
4.  
Chun gur fusa do na Ballstáit faireachán agus fíorú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgthe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaca le rialacha maidir le hábhar an chláir fíonghort agus maidir le díolúintí a ghabhann leis.

Airteagal 146

Údaráis náisiúnta inniúla le haghaidh earnáil an fhíona

1.  
Gan dochar d'aon fhorálacha eile den Rialachán seo maidir le húdaráis náisiúnta inniúla a chinneadh, ceapfaidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó a bheidh freagrach as comhlíonadh rialacha an Aontais a áirithiú in earnáil an fhíona. Go háirithe, ceapfaidh na Ballstáit na saotharlanna atá údaraithe chun anailís oifigiúil a dhéanamh in earnáil an fhíona. Comhlíonfaidh na saotharlanna atá ceaptha na critéir ghinearálta atá leagtha amach in ISO/IEC 17025 maidir le hoibriú saotharlann.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás agus na saotharlann dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé cothrom le dáta í ó am go chéile.

Airteagal 147

Doiciméid faoi iamh agus clár

1.  
Cuirfear táirgí earnáil an fhíona i gcúrsaíocht laistigh den Aontas mar aon le doiciméad atá údaraithe go hoifigiúil ag gabháil leo.
2.  
Maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó grúpaí daoine a bhfuil a gcuid trádála á feidhmiú acu ar cuid de táirgí atá ina seilbh atá cumhdaithe faoi earnáil an fhíona, go háirithe táirgeoirí, buidéalaithe, próiseálaithe agus ceannaithe, coimeádfaidh siad cláir isteach agus cláir amach i dtaobh na dtáirgí sin.
3.  

Chun gur fusa do na Ballstáit táirgí fíona a iompar agus a fhíorú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

rialacha maidir leis an doiciméad faoi iamh agus a úsáid;

(b) 

na coinníollacha faoina measfar go ndeimhnítear ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ nó tásca geografacha faoi chosaint le doiciméad faoi iamh;

(c) 

oibleagáid clár a choimeád agus úsáid an chláir sin;

(d) 

cé a bhfuil sé de cheangal air clár a choimeád agus díolúintí ón oibleagáid sin;

(e) 

na hoibríochtaí atá le bheith ar áireamh sa chlár.

4.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear:

(a) 

rialacha maidir le comhdhéanamh na gcháir, na táirgí atá le bheith sa chlár, spriocanna d'iontrálacha i gcláir agus clabhsúr clár;

(b) 

bearta lena gcuirtear de cheangal ar Bhallstáit na céatadáin uasta is inghlactha i gcomhair caillteanas a chinneadh;

(c) 

forálacha ginearálta agus idirthréimhseacha do choimeád clár;

(d) 

rialacha lena gcinntear cá fhad a bhfuil doiciméid faoi iamh agus cláir le coimeád.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

▼M7

Airteagal 147a

Moilleanna íocaíochta le haghaidh díolacháin fíona ar an mórchóir

De mhaolú ar Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/633, ar iarraidh ó eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 den Rialachán seo agus atá ag oibriú in earnáil an fhíona, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/633 maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh idir táirgeoirí nó athdhíoltóirí fíona agus a gceannaitheoirí díreacha faoi chomhaontuithe soláthair le haghaidh idirbhearta díolacháin a bhaineann le fíon ar an mórchóir, ar choinníoll:

(a) 

go n-áireofar téarmaí sonracha lena ligtear íocaíochtaí a dhéanamh tar éis 60 lá i gconarthaí caighdeánacha le haghaidh idirbhearta díolacháin a bhaineann le fíon ar an mórchóir a rinne an Ballstát ceangailteach de bhun Airteagal 164 den Rialachán seo roimh an 30 Deireadh Fómhair 2021 agus go ndéanfaidh na Ballstáit síneadh na gconarthaí caighdeánacha seo a athnuachan ón dáta sin gan aon athruithe suntasacha ar na téarmaí íocaíochta a d'fhágfadh soláthraithe fíona ar an mórchóir faoi mhíbhuntáiste; agus

(b) 

comhaontuithe ilbhliantúla iad na comhaontuithe soláthair idir soláthraithe fíona ar an mórchóir agus a gceannaitheoirí díreacha nó go dtiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaontuithe ilbhliantúla.

▼B

Roinn 3

Bainne agus táirgí bainne

Airteagal 148

Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.  
I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór gach seachadadh bainne amh a dhéantar ar a chríoch ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe, agus/nó go gcinnfidh sé nach mór do chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh maidir le bainne amh a bheith á sheachadadh ag na feirmeoirí, comhlíonfaidh conradh den sórt sin agus/nó tairiscint den sórt sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór seachadtaí bainne ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe ag an gconradh sin má dhéantar seachadadh an bhainne amh trí bhailitheoir amháin nó níos mó ná sin.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn 'bailitheoir' gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás.

▼M5

1a.  
Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a cheangal go mbeidh aon bhainne amh a bheidh á sheachadadh faoi réir conradh scríofa idir na páirtithe agus/nó go mbeidh sé faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.

▼M5

2.  

Maidir leis an gconradh agus/nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a:

▼B

(a) 

déanfar é roimh an seachadadh,

(b) 

déanfar i scríbhinn é, agus

(c) 

áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

▼M7

(i) 

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

— 
a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradhnó
— 
a ríomhfar trí fhachtóirí éagsúla a chur le chéile a leagfar amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí oibiachtúla, innéacsanna agus modhanna ríofa an phraghais deiridh a bheith ar áireamh iontu, atá inrochtana go héasca agus sothuigthe agus a léiríonn athruithe ar dhálaí an mhargaidh, an toirt a seachadadh agus cáilíocht nó comhdhéanamh an bhainne amh a seachadadh; féadfaidh na táscairí sin a bheith bunaithe ar phraghasanna ábhartha, ar chostais táirgthe agus ar chostais an mhargaidh; chuige sin, féadfaidh na Ballstáit táscairí a chinneadh, i gcomhréir le critéir oibiachtúla bunaithe ar staidéir arna ndéanamh ar tháirgeadh agus ar shlabhra an tsoláthair bia, tá sé de shaoirse ag na páirtithe sna conarthaí tagairt a dhéanamh do na táscairí sin nó d’aon táscairí eile a mheasann siad a bheith ábhartha,

▼B

(ii) 

toirt an bhainne amh a fhéadfar a sheachadadh agus/nó nach mór a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin,

(iii) 

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó éiginnte le clásail foircinn a bheith i gceist leis,

(iv) 

mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(v) 

socruithe maidir leis an mbainne amh a bhailiú nó a sheachadadh, agus

(vi) 

na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

▼M5

3.  
De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 1a, ní bheidh gá le conradh agus/nó tairiscint ar chonradh i gcás ina seachadfaidh comhalta comharchumainn bainne amh don chomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn as na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2.

▼B

4.  
Déanfar caibidlíocht gan dua idir na páirtithe ar eilimintí uile na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh a chuirfidh feirmeoirí, bailitheoirí nó próiseálaithe bainne amh i gcrích, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2.

▼M5

D'ainneoin na chéad fhomhíre, beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

(a) 

i gcás ina gcinnfidh Ballstát conradh i scríbhinn maidir le seachadadh bainne amh a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé an méid seo a leanas a bhunú:

(i) 

oibleagáid do na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le gaol idir cainníocht áirithe a sheachadtar agus an praghas is iníoctha ar an seachadadh sin;

(ii) 

fad íosta, nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir feirmeoir agus céad-cheannaitheoir an bhainne amh; 6 mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

▼B

(b) 

i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir an bhainne amh tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don fheirmeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chuige sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an fheirmeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. I gcásanna den sórt sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2(c).

5.  
Déanfaidh na Ballstáit a úsáidfidh na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ina gcuirtear i bhfeidhm iad.
6.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2 agus de mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 149

Caibidlíocht chonarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

▼M5

1.  
Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í a aithnítear faoi Airteagal 161(1), na conarthaí sin maidir le seachadadh bainne amh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir de réir bhrí an tríú fomhír d'Airteagal 148(1), a chaibidil ar son a gcomhaltaí ar feirmeoirí iad, i dtaca le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad.

▼B

2.  

Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a) 

cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b) 

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad, nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad;

(c) 

ar choinníoll, i gcás eagraíochta áirithe táirgeoirí, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

▼M7

(i) 

nach mó ná 4 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin,

▼B

(ii) 

maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í, agus

(iii) 

maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, ní mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í,

(d) 

ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na bhfeirmeoirí freisin, mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sini gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla ag feirmeoirí;

(e) 

ar choinníoll nach mbeidh an bainne amh cumhdaithe ag aon oibleagáid chun seachadta a eascróidh ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(f) 

ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin.

3.  
In aineoinn na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) (ii) agus (iii) de mhír 2, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidliú de bhun mhír 1 ar choinníoll, maidir leis an eagraíocht táirgeoirí sin, nach mó ná 45 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin toirt an bhainne amh, arna chumhdú sa chaibidlíocht sin, ar bainne é a tháirgtear nó a sheachadtar i mBallstát a bhfuil táirgeadh bainne amh bliantúil is lú ná 5 000 000 tona aige.
4.  
Chun críocha an Airteagail seo, áireofar le tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin chomh maith.
5.  
Chun críocha pointe (c) de mhír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, ar cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid an bhainne amh a tháirgtear san Aontas agus sna Ballstáit ag baint úsáide as an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil.
6.  
De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2 agus ar mhír 3, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun damáiste tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar FBManna iad a sheachaint ina chríoch.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin i ngach cás eile.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

7.  

Chun críocha an Airteagail seo:

(a) 

ciallaíonn “údarás náisiúnta iomaíochta” an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle ( 18 );

(b) 

ciallaíonn “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

8.  
Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (f) de mhír 2 agus de mhír 6.

▼M7 —————

▼B

Airteagal 151

Dearbhuithe éigeantacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

▼M7

Dearbhóidh céad cheannaitheoirí an bhainne amh don údarás náisiúnta inniúil cainníocht an bhainne amh a sheachadtar orthu gach mí agus an meánphraghas a íoctar. Déanfar idirdhealú idir bainne orgánach agus bainne neamhorgánach.

▼B

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 148, ciallaíonn “céad-cheannaitheoir” gnóthas nó grúpa a cheannaíonn bainne ó tháirgeoirí:

(a) 

chun é a bhailiú, a phacáil, a stóráil, a fhuarú nó a phróiseáil, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoi chonradh;

(b) 

chun é a dhíol le gnóthas amháin nó níos mó a dhéanann cóireáil nó próiseáil ar bhainne nó ar tháirgí eile bainne.

▼M7

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cainníochtaí an bhainne amh agus na meánphraghasanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

▼B

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha maidir le hábhar, le formáid agus le huainíocht na ndearbhuithe sin agus na bearta a bhaineann le fógraí a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL III

Eagraíochtaí agus comlachais táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe

Roinn 1

Sainiú agus aitheantas

Airteagal 152

Eagraíochtaí táirgeoirí

1.  

Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar eagraíochtaí iad:

(a) 

a bhfuil a gcomhdhéanamh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 153(2) ag táirgeoirí atá in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2);

▼M5

(b) 

a bunaíodh ar thionscnamh na dtáirgeoirí agus a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i) 

comhphróiseáil;

(ii) 

comhdháileadh, lena n-áirítear trí chomhardáin díola nó comhiompar;

(iii) 

comhphacáistiú, comhlipéadú nó cur chun cinn comhpháirteach;

(iv) 

comheagrú an rialaithe cháilíochta;

(v) 

comhúsáid trealaimh nó áiseanna stórais;

(vi) 

comhbhainistiú an fhuíll a bhaineann go díreach leis an táirgeadh;

(vii) 

comhsholáthar ionchuir;

(viii) 

aon ghníomhaíochtaí comhpháirteacha seirbhísí eile lena saothraítear ceann de na cuspóirí a liostaítear i bpointe (c) den mhír seo;

▼B

(c) 

a bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh inti:

(i) 

féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii) 

soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena n-áirítear trí mhargaíocht dhíreach;

(iii) 

na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú mar fhreagairt do chaighdeáin chomhshaoil agus leasa ainmhithe agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú;

(iv) 

taighde a dhéanamh agus tionscnaimh a fhorbairt i dtaca le modhanna táirgthe inbhuanaithe, le cleachtais nuálacha, le hiomaíochas eacnamaíoch agus le forbairtí sna margaí;

(v) 

cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar maidir le húsáid cleachtas saothraithe agus teicníochtaí táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, mar aon le cleachtais agus teicníochtaí fónta i dtaca le leas ainmhithe;

(vi) 

cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar i dtaca le caighdeáin tháirgthe a úsáid, feabhas a chur ar cháilíocht táirgí agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil ►C2  ainmniúchán tionscnaimh ◄ faoi chosaint acu, a bhfuil tásc geografach faoi chosaint acu nó a chumhdaítear le lipéad náisiúnta cáilíochta.

▼M7

(vii) 

bainistiú agus luacháil seachtháirgí, sreafaí iarmharacha agus dramhaíola, go háirithe chun cáilíocht an uisce, na hithreach, an tírdhreacha a chosaint, bithéagsúlacht a chaomhnú nó a chothú, agus ciorclaíocht a threisiú;

▼B

(viii) 

úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus maolú ar an athrú aeráide a chur chun cinn;

(ix) 

tionscnaimh a fhorbairt i réimse an dul chun cinn agus na margaíochta;

▼M7

(x) 

cistí frithpháirteacha a bhainistiú;

▼B

(xi) 

an cúnamh teicniúil a bhfuil gá leis a sholáthar maidir le húsáid na margaí todhchaíochtaí agus le scéimeanna árachais.

▼M5

1a.  
De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo táirgeacht a phleanáil, barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe agus conarthaí a chur ar an margadh agus a chaibidil chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, thar ceann a comhaltaí dá dtáirgeacht iomlán nó do chuid dá dtáirgeacht.

Féadfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh:

(a) 

ar choinníoll go bhfeidhmítear i ndáiríre ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b)(i) go (vii) de mhír 1, agus go gcuirtear, ar an gcaoi sin, le comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE;

(b) 

ar choinníoll go gcomhchruinníonn an eagraíocht táirgeoirí an soláthar agus go gcuireann sí táirgí a cuid comhaltaí ar an margadh, cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na táirgeoirí úinéireacht na dtáirgí talmhaíochta chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(c) 

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le táirgeadh comhiomlánaithe cuid de na comhaltaí, nó táirgeadh comhiomlánaithe na gcomhaltaí ar fad;

(d) 

ar choinníoll nach bhfuil na táirgeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chlúdaítear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(e) 

ar choinníoll nach mbeidh an táirge talmhaíochta cumhdaithe le haon oibleagáid maidir le seachadadh a eascraíonn ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann, nach ball é féin de na heagraíochtaí táirgeoirí lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomharchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn uathu.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den dara fomhír i gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla ag comhaltaí ar táirgeoirí iad agus go bhfuil na haonaid sin lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla;

1b.  
Chun críocha an Airteagail seo, áireofar freisin sna tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156(1) más rud é go gcomhlíonann na comhlachais sin na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
1c.  
Féadfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cinneadh a dhéanamh i gcásanna aonair, san am atá le teacht, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1a a mhodhnú, go gcuirfear deireadh leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí sin nó nach ndéanfar í nó iad ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó má mheasann sé go bhfuil na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE i mbaol.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Ag gníomhú dó faoin gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta fógra i scríbhinn don Choimisiún roimh thús a chur leis an gcéad bheart foirmiúil den imscrúdú nó gan mhoill ina dhiaidh sin agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cinntí a glacadh gan mhoill tar éis a nglactha.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

▼B

2.  
Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí atá aitheanta faoin mhír 1 aitheantas a fháil ar bhonn leanúnach má théann sí i mbun táirgí faoi chód CN ex  22 08 a mhargú, ar táirgí iad seachas na tairgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, ar choinníoll nach ionann na táirgí sin agus níos mó ná 49 % de luach iomlán tháirgeadh margaithe na heagraíochta tairgeoirí agus nach bhfaigheann na táirgí sin aon tairbhe ó thacaíocht ón Aontas. Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ní chuirtear na táirgí sin san áireamh nuair a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe chun críocha Airteagal 34(2).

▼M5 —————

▼B

Airteagal 153

Reachtanna eagraíochtaí táirgeoirí

1.  

Ceanglófar ar chomhaltaí ar táirgeoirí iad, le reacht eagraíochta táirgeoirí, an méid seo a leanas go háirithe, chun:

(a) 

na rialacha a chur i bhfeidhm arna nglacadh ag an eagraíocht táirgeoirí a bhaineann le tuairisciú táirgthe, táirgeadh, margaíocht agus cosaint an chomhshaoil;

(b) 

gan a bheith ina gcomhaltaí ach d'aon eagraíocht táirgeoirí amháin i dtaca le haon táirge áirithe den ghabháltas, féadfaidh Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sin áfach i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí acu go bhfuil dhá aonad táirgthe ar leith atá lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla i seilbh comhaltaí ar táirgeoirí iad;

(c) 

an fhaisnéis a sholáthar don eagraíocht táirgeoirí arna iarraidh sin di chun críocha staidrimh.

2.  

Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí déanfar foráil freisin don mhéid seo a leanas:

(a) 

nósanna imeachta maidir le bunú, glacadh agus leasú na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b) 

ranníocaíochtaí airgeadais a fhorchur ar chomhaltaí, ar ranníocaíochtaí iad atá riachtanach chun an eagraíocht táirgeoirí a mhaoiniú;

▼M7

(c) 

rialacha a chuirfidh ar chumas na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad a n-eagraíocht agus cinntí na heagraíochta sin, mar aon lena cuntais agus lena buiséid, a scrúdú go daonlathach;

▼B

(d) 

pionóis de bharr sáruithe oibleagáidí faoi na hairteagail chomhlachais, go háirithe neamhíoc ranníocaíochtaí airgeadais, nó de bharr shárú na rialacha atá leagtha síos ag an eagraíocht táirgeoirí;

(e) 

rialacha maidir le comhaltaí nua a ligean isteach, go háirithe maidir leis an tréimhse íosta comhaltais nach féidir a bheith níos gaire ná bliain amháin;

(f) 

na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha is gá i gcomhair fheidhmiú na heagraíochta.

▼M7

2a.  
Féadfar foráil a dhéanamh le reachtanna eagraíochta táirgeoirí go bhféadfaidh comhaltaí ar táirgeoirí iad a bheith i dteagmháil dhíreach le ceannaitheoirí, ar choinníoll nach gcuirfidh an teagmháil dhíreach sin comhchruinniú an tsoláthair agus cur ar an margadh na dtáirgí ag an eagraíocht táirgeoirí i gcontúirt. Measfar gur áirithíodh an comhchruinniú sin ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí gnéithe bunriachtanacha na ndíolachán amhail an praghas, an cháilíocht agus an méid a chaibidil agus a chinneadh.

▼M7

3.  
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 ná 2a maidir le heagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

▼B

Airteagal 154

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

1.  

I gcás go dtugann Ballstát aitheantas d'eagraíocht táirgeoirí, eintiteas dlíthiúil a bheidh san eagraíocht táirgeoirí a chuireann isteach ar an aitheantas sin nó cuid shoiléir shainmhínithe d'eintiteas dlíthiúil a bheidh ann ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

comhlíonann sé na ceanglais atá leagtha síos i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 152(1);

▼M7

(b) 

tá líon íosta comhaltaí aige agus/nó cumhdaíonn sé toirt nó luach íosta de tháirgeadh indíolta, a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos sa limistéar ina n-oibríonn sé; ní chuirfidh forálacha den sórt sin cosc ar aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí atá tiomnaithe do tháirgeadh ar mhionscála;

▼B

(c) 

cuirfidh sé dóthain fianaise ar fáil gur féidir leis a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí, i gcaitheamh an ama agus ó thaobh éifeachtachta agus tacaíochta daonna, ábhartha agus teicniúil araon a chur ar fáil dá chuid comhaltaí agus, de réir mar is iomchuí, ó thaobh chomhchruinniú an tsoláthair de;

(d) 

tá reachtanna aige atá i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

▼M5

1a.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, arna iarraidh sin, níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d'eagraíocht táirgeoirí a oibríonn i roinnt earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.

▼M5

2.  
I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad de bhun Airteagal 152.
3.  
I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 ach nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh na Ballstáit siar a n-aitheantas tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020.

▼B

4.  

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d'eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas a ngabhfaidh an fhianaise thacaíochta ábhartha ar fad leis, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b) 

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil an Chaibidil seo á comhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí;

(c) 

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus ar na comhlachais sin agus a chinneadh ar cheart, dá mba ghá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d) 

an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an 31 Márta faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Airteagal 155

Seachfhoinsiú

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d'eagraíocht aitheanta táirgeoirí nó do chomhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí sna hearnálacha a bheidh sonraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 173(1) aon chuid dá ngníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú ach amháin táirgeadh, lena n-áirítear seachfhoinsiú chuig fochuideachtaí, ar choinníoll go mbeidh an eagraíocht táirgeoirí nó an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí freagrach i gcónaí as cur i gcrích na gníomhaíochta seachfhoinsithe a áirithiú mar aon leis an rialú agus an mhaoirseacht foriomlán a dhéanfaidh an bhainistíocht ar an socrú tráchtála a bheidh ann i dtaca leis an ngníomh a chur i gcrích.

Airteagal 156

Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí

1.  
Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí de chuid earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2) agus a cuireadh ar bun ar thionscnamh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta.

Faoi réir na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 173, féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aon cheann de ghníomhaíochtaí nó d'fheidhmeanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, mar fhreagairt ar iarratas, aitheantas a thabhairt do chomhlachas d'eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne más rud é go measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil ar chumas an chomhlachais aon cheann de na gníomhaíochtaí de chuid eagraíocht aitheanta táirgeoirí a dhéanamh go héifeachtach agus más rud é go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 161(1).

Airteagal 157

Eagraíochtaí idirchraoibhe

▼M7

1.  

Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus ar leibhéal na limistéar eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 164(2), in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2), ar earnáil í:

▼B

(a) 

atá comhdhéanta d'ionadaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha leis an táirgeadh agus le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil táirgí in earnáil amháin nó níos mó, nó trádáil iontu, lena n-áirítear iad a dháileadh;

(b) 

atá bunaithe ar thionscnamh roinnt de na heagraíochtaí nó de na cumainn as a bhfuil siad comhdhéanta nó ar thionscnamh na n-eagraíochtaí nó na gcumann sin ar fad;

(c) 

a shaothraíonn aidhm ar leith, agus leasa a gcuid comhaltaí agus a gcuid tomhaltóirí á gcur san áireamh acu a n-áireofar orthu, go háirithe, ceann de na cuspóirí a leanas:

(i) 

feabhas a chur ar eolas ar an táirgeadh agus ar an margadh agus feabhas a chur ar thrédhearcacht, lena n-áirítear trí shonraí staidrimh comhbhailithe a fhoilsiú maidir le costais tairgthe, le praghsanna, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí innéacsanna praghsanna, le méideanna an táirgthe agus le fad na gconarthaí a tugadh i gcrích cheana, agus trí bhíthin anailís a chur ar fáil ar fhorbairtí a d'fhéadfadh tarlú sa mhargadh ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta amach anseo;

(ii) 

tuar a thabhairt i dtaca leis an acmhainneacht táirgthe, agus taifead a choimeád ar phraghsanna margaidh;

(iii) 

cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, go háirithe trí thaighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh;

(iv) 

margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

(v) 

gan dochar do na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 148 agus in Airteagal 168, leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le táirgí talmhaíochta a dhíol le ceannaitheoirí nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le dálaí cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh;

(vi) 

acmhainneacht na dtáirgí a shaothrú níos fearr, lena n-áirítear ar leibhéal na n-asraonta margaidh agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh lena gcuirfear neart le hiomaíochas eacnamaíoch agus leis an nuáil;

▼M7

(vii) 

an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a nuáil, a réasúnú, a fheabhsú agus a choigeartú chomh maith leis an bpróiseáil agus an margaíocht i gcás inarb iomchuí, chun go soláthrófar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus d'ionchais tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí, lena n-áirítear saintréithe sonracha na dtáirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, agus maidir le cosaint an chomhshaoil, gníomhú son na haeráide, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe;

▼B

(viii) 

bealaí a lorg chun srian a chur le húsáid táirgí sláinte ainmhithe nó táirgí cosanta plandaí, chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar ionchur eile, chun cáilíocht táirgí agus caomhnú ithir agus uisce a áirithiú, chun sábháilteacht bia a chur chun cinn, go háirithe trí inrianaitheacht táirgí, agus chun feabhas a chur ar shláinte agus leas ainmhithe;

(ix) 

modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus, i gcás inarb infheidhme, den phróiseáil agus den mhargaíocht;

(x) 

gach gníomh is féidir a ghlacadh chun seasamh le feirmeoireacht orgánach agus ►C2  ainmniúcháin tionscnaimh ◄ , lipéid cháilíochta agus tásca geografacha agus chun iad a chosaint agus a chur chun cinn;

(xi) 

táirgeadh comhtháite inbhuanaithe nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil a chur chun cinn agus taighde a dhéanamh ar na modhanna sin;

(xii) 

tomhaltas sláintiúil agus freagrach na dtáirgí ar an margadh inmheánach a spreagadh agus/nó faisnéis a chur in iúl maidir leis an díobháil a thagann as patrúin ghuaiseacha tomhaltais;

(xiii) 

tomhaltas táirgí atá ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí seachtracha a spreagadh, agus/nó faisnéis a chur ar fáil maidir leis na táirgí sin;

▼M7

(xiv) 

rannchuidiú le tionscnaimh a bhainistiú agus a fhorbairt chun seachtháirgí a luacháil agus chun dramhaíl a laghdú agus a bhainistiú;

▼M5

(xv) 

clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha a bhunú de réir bhrí Airteagal 172a, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar phraghsanna ábhartha margaí na dtáirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu;

▼M7

(xvi) 

bearta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, cosaint plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc, a rialú agus a bhainistiú, lena n-áirítear trí chistí frithpháirteacha a bhunú agus a bhainistiú nó trí ranníocaíocht a dhéanamh leis na cistí sin d’fhonn cúiteamh airgeadais a íoc le feirmeoirí ar na costais agus ar na caillteanais eacnamaíocha a eascraíonn as bearta den sórt sin a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;

1a.  
Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, a chinneadh níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d'eagraíocht idirchraoibhe a oibríonn i roinnt earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 i gcás gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.

▼B

2.  
I gcásanna a bhfuil bonn cirt leo féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn critéar oibíochtúil agus neamh-idirdhealaitheach, go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (c) d'Airteagal 158(1) trí theorainn a chur, ar bhonn réigiúnach nó náisiúnta, le líon na n-eagraíochtaí idirchraoibhe, sa chás go bhforáiltear dá leithéid sin leis na rialacha a bheidh ann roimh an 1 Eanáir 2014 agus i gcás nach ndéanann sin difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair.

▼M7 —————

▼B

Airteagal 158

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

1.  

Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe a chuireann isteach ar an aitheantas sin, ar choinníoll:

(a) 

go gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 157;

(b) 

go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí i réigiún amháin nó níos mó ar an gcríoch lena mbaineann;

(c) 

go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 157(1)(a);

▼M7

(ca) 

go ndéanann siad a ndícheall ionadaíocht chothrom a bhaint amach ar na heagraíochtaí sna céimeanna den slabhra soláthair dá dtagraítear in Airteagal 157(1), pointe (a), a chomhdhéanann an eagraíocht idirchraoibhe;

▼B

(d) 

ach amháin i gcásanna atá leagtha síos in Airteagal 162, nach dtéann siad féin i mbun táirgthe, próiseála ná trádála.

2.  
Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad de bhun Airteagal 157.
3.  
Eagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta agus nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta go dtí an 1 Eanáir 2015.

▼M7

4.  
Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe sna hearnálacha go léir a bhí ann roimh an 1 Eanáir 2014, is cuma má tugadh aitheantas dóibh arna iarraidh sin dóibh nó ar bunaíodh faoin dlí iad, fiú mura gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 157(1), pointe (b).

▼B

5.  

I gcás go dtugann na Ballstáit aitheantas d'eagraíocht idirchraoibhe i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 beidh iachall orthu maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas a mbeidh na doiciméid thacaíochta ábhartha ar fad leis; leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b) 

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha lena rialaítear a n-aitheantas á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe;

(c) 

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus a chinneadh ar cheart, más gá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d) 

aitheantas a tharraingt siar i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(e) 

an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Roinn 2

Rialacha breise d'earnálacha sonracha

Airteagal 159

▼M5

Aitheantas éigeantach

▼B

De mhaolú ar Airteagail 152 go 158 déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt:

(a) 

d'eagraíochtaí táirgeoirí:

(i) 

in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí i gcás táirge amháin nó níos mó den earnáil sin agus/nó na táirgí sin atá beartaithe le haghaidh próiseála amháin,

(ii) 

in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird,

(iii) 

in earnáil na seiriceán,

(iv) 

in earnáil na leannlusanna;

(b) 

d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil na hola olóige agus ológ boird agus in earnáil an tobac.

Airteagal 160

Eagraíochtaí na dtáirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

In earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, saothróidh na heagraíochtaí táirgeoirí ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach i bpointí (c)(i), (ii) agus (iii) d'Airteagal 152 (1).

Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ceanglófar ar a cuid comhaltaí a dtáirgeadh iomlán lena mbaineann a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí.

Measfar i gcás eagraíochtaí táirgeoirí agus cumainn d'eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí go bhfuil siad ag gníomhú, laistigh dá dtéarmaí tagartha, in ainm a gcomhaltaí agus thar ceann a gcomhaltaí i gcúrsaí eacnamaíocha.

Airteagal 161

Aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachais in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

▼M5

1.  

Tabharfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, aitheantas mar eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne do gach eintiteas dlíthiúil nó do chodanna d'eintitis dhlíthiúla mar sin atá sainithe go soiléir, ar choinníoll:

(a) 

gur táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne atá iontu agus gur ar a dtionscnamh a bhunaítear iad agus (go bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas nó níos mó ná sin a bheith ar áireamh inti:

(i) 

féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii) 

soláthar na dtáirgí a tháirgeann a gcomhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh;

(iii) 

na costais táirgthe a bharrfheabhsú agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú.

▼B

(b) 

go bhfuil líon íosta comhaltaí acu agus/nó go gcumhdaíonn siad toirt íosta de tháirgeadh indíolta, a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos, sa limistéar ina n-oibríonn siad;

(c) 

go bhfuil fianaise leordhóthanach ann gur féidir leo a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí i gcaitheamh an ama agus ó thaobh éifeachtacht agus chomhchruinniú an tsoláthair;

(d) 

go bhfuil reachtanna acu atá i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

▼M5

2.  
Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad.

▼B

3.  

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d'eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b) 

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhiorú go bhfuil forálacha na Caibidle seo á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus ag comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí;

(c) 

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus ar na comhlachais sin agus a chinneadh ar cheart, dá mba ghá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d) 

an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain, faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Airteagal 162

Eagraíochtaí idirchraoibhe in earnálacha na hola olóige, na n-ológ boird agus an tobac

I gcás eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil na hola olóige, earnáil na'n-ológ boird agus earnáil an tobac, féadfaidh ar a laghad ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh san aidhm shonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 157(1):

(a) 

soláthar agus margaíocht tháirgí a mball a chomhchruinniú agus a chomhordú;

(b) 

oibriú i gcomhar le chéile chun an táirgeadh agus an próiseáil a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh agus feabhas a chur ar an táirge;

(c) 

cuíchóiriú agus feabhsú an táirgthe agus na próiseála a chur chun cinn.

Airteagal 163

Aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

▼M7

1.  

Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar choinníoll go ndéanann na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 157;

(b) 

go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí i réigiún amháin nó níos mó ar an gcríoch lena mbaineann;

(c) 

go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 157(1), pointe (a);

(d) 

nach mbeidh páirt acu féin i dtáirgeadh, i bpróiseáil ná i dtrádáil na dtáirgí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

2.  
Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad faoi Airteagal 157(1).

▼B

3.  

I gcás ina n-úsáidfidh na Ballstáit an rogha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíocht idirchraoibhe i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, beidh iachall orthu maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt don eagraíocht idirchraoibhe laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b) 

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha lena rialaítear a n-aitheantas á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe;

(c) 

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus a chinneadh ar cheart, más gá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

▼M7

(d) 

aitheantas a tharraingt siar i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;

▼B

(e) 

an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Roinn 3

Síneadh na rialacha agus ranníocaíochtaí éigeantacha

Airteagal 164

Rialacha a shíneadh

1.  
I gcásanna ina measfar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí aitheanta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó eagraíocht idirchraoibhe aitheanta atá ag oibriú i limistéar sonrach eacnamaíoch nó limistéir shonracha eacnamaíocha de Bhallstát ionadaíoch do tháirgeadh, do thrádáil nó do phróiseáil táirge ar leith, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin don eagraíocht sin, roinnt de na comhaontuithe, de na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh den eagraíocht sin a chur de cheangal go ceann tréimhse teoranta ar oibreoirí eile atá ag oibriú sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha sin, bíodh daoine aonair nó grúpaí nó baill den eagraíocht nó den chomhlachas i gceist nach baill den eagraíocht nó den chomhlachas iad.

▼M7

2.  
Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn “limistéar eacnamaíoch” crios geografach arb é atá ann réigiúin táirgthe thadhlacha nó chomharsanacha ina bhfuil na dálaí táirgthe agus margaíochta aonchineálach, nó i gcás táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu a aithnítear faoi dhlí an Aontais, an crios geografach a shonrófarsa tsonraíocht táirge.

▼B

3.  

Measfar go bhfuil eagraíocht nó comhlachais ionadaíoch más rud é, sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha den Bhallstát:

(a) 

gurb ionann é, mar chion de mhéid táirgthe nó trádála nó próiseála an táirge nó na dtáirgí atá i gceist agus:

(i) 

i gcás eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ar a laghad 60 %, nó

(ii) 

i gcásanna eile, ar a laghad dhá thrian, agus

(b) 

gurb ionann é, i gcás eagraíochtaí táirgeoirí, agus méid is mó ná 50 % de na táirgí lena mbaineann.

I gcás eagraíochtaí idirchraoibhe, áfach, agus go n-eascraíonn deacrachtaí praiticiúla as cion toirt an táirgthe lena mbaineann a chinneadh, nó as cion toirt na trádála sa táirge nó sna táirgí nó as cion toirt phróiseáil an táirge nó na dtáirgí, féadfaidh Ballstát rialacha náisiúnta a leagan síos lena chinnfear leibhéal sonraithe an ionadaíochais dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den chéad fhomhír.

I gcás ina ndéantar iarraidh ar rialacha a shíneadh chuig oibreoirí eile, má bhaineann sí le níos mó ná réigiún amháin, taispeánfaidh an eagraíocht nó an comhlachas go bhfuil an t-íosleibhéal ionadaíochta acu arna shainiú sa chéad fhomhír i gcás gach ceann de chraobhacha a ghrúpálann sé i ngach ceann de na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann.

4.  

Na rialacha faoina bhféadfar síneadh chuig oibreoirí eile a iarraidh dá bhforáiltear i mír 1, beidh ceann amháin de na haidhmeanna seo a leanas acu:

(a) 

tuairisciú táirgthe agus tuairisciú margaidh;

(b) 

rialacha táirgthe atá níos déine ná na rialacha atá leagtha síos i rialacha an Aontais nó i rialacha náisiúnta;

(c) 

conarthaí caighdeánacha atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(d) 

rialacha maidir le margaíocht;

(e) 

rialacha maidir le cosaint an chomhshaoil;

(f) 

bearta chun acmhainneacht táirgí a chur chun cinn agus leas a bhaint as an acmhainneacht sin;

(g) 

bearta chun feirmeoireacht orgánach chomh maith le ►C2  hainmniúcháin tionscnaimh ◄ , lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint;

(h) 

taighde chun breisluach a thabhairt do na táirgí, go háirithe trí úsáidí nua nach baol don tsláinte phoiblí iad a bhaint astu;

(i) 

staidéir ar conas cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú;

(j) 

taighde, go háirithe taighde ar mhodhanna saothraithe a d'fhágfadh nár ghá a oiread céanna táirgí cosanta plandaí ná táirgí sláinte ainmhithe a úsáid agus lena ráthófaí go gcaomhnófaí an ithir nó go gcuirfí feabhas ar an gcomhshaol;

(k) 

sainiú íoschaighdeán agus sainiú íoschaighdeán maidir le pacáistiú agus cur i láthair;

▼M7

(l) 

síol deimhnithe a úsáid seachas nuair a úsáidtear le haghaidh táirgeadh orgánach de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/848 é, agus faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na dtáirgí;

(m) 

cosc agus bainistiú rioscaí fíteashláintíochta, sláinte ainmhithe, sábháilteachta bia nó rioscaí comhshaoil;

(n) 

fotháirgí a bhainistiú agus a luacháil.

Ní dhéanfaidh na rialacha sin aon dochar d'oibreoirí eile, ná cosc a chur ar theacht isteach oibreoirí nua, sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas agus ní bheidh mar thoradh orthu aon cheann de na hiarmhairtí atá liostaithe in Airteagal 210(4) ná ní bheidh siad ar neamhréir ar aon slí eile le dlí an Aontais nó le rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm.

▼B

5.  
Caithfear na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi leathnú na rialacha dá dtagraítear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.
6.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinntí a ghlactar faoin Airteagal seo.

▼M7

Airteagal 165

Ranníocaíochtaí airgeadais ó neamhchomhaltaí

I gcás go leathnaítear faoi Airteagal 164 rialacha de chuid eagraíochta aitheanta táirgeoirí, de chuid comhlachais aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí, nó de chuid eagraíochta aitheanta idirchraoibhe agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na rialacha sin chun leasa ghinearálta eacnamaíoch oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann a ngníomhaíochtaí leis na táirgí lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát a thug an t-aitheantas, i gcás na n-oibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na ngrúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, tar éis dó dul i mbun comhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, a chinneadh gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, a íocfaidh leis an eagraíocht na ranníocaíochtaí airgeadais go léir nó cuid díobh a íocann comhaltaí na heagraíochta sin a mhéid atá na ranníocaíochtaí sin ceaptha costais a chlúdach a thabhaítear go díreach i ngeall ar a bheith ag gabháil do cheann amháin, nó níos mó, de na gníomhaíochtaí sin. Aon eagraíocht a fhaigheann ranníocaíochtaí ó neamhchomhaltaí faoin Airteagal seo, má iarann comhalta nó neamhchomhalta sin a dhéanann ranníocaíocht airgeadais le gníomhaíochtaí na heagraíochta, cuirfidh sí na codanna sin dá buiséad bliantúil ar fáil a bhaineann le saothrú na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 164(4).

▼B

Roinn 4

Oiriúnú an tsoláthair

Airteagal 166

Bearta chun oiriúnú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú

D'fhonn na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 152 go Airteagal 163 spreagadh chun gníomh a dhéanamh chun coigeartú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú, amach ó ghníomhaíocht a bhaineann le tarraingt siar ón margadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le bearta sna hearnálacha a liostaítear in Airteagal 1(2),

(a) 

lena gcuirtear feabhas ar an gcáilíocht;

(b) 

lena gcuirtear eagrú feabhsaithe an táirgthe, na próiseála agus na margaíochta chun cinn;

(c) 

lena ndéantar taifeadadh treochtaí i bpraghsanna an mhargaidha éascú;

(d) 

lena ndéantar bunú réamh-mheastachán gearrthéarmach agus fadtéarmach ar bhonn na modhanna táirgthe a úsáideadh a cheadú.

▼M7

Airteagal 166a

Rialáil an tsoláthair maidir le táirgí talmhaíochta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu

1.  
Gan dochar d’Airteagal 167 agus d’Airteagal 167a den Rialachán seo, arna iarraidh sin d’eagraíocht táirgeoirí nó do chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(1) nó 161(1) den Rialachán seo, d’eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(1) den Rialachán seo, do ghrúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó do ghrúpa táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1) den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos chun rialáil a dhéanamh ar sholáthar táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó faoi phointí (a) agus (b) d’Airteagal 93(1) den Rialachán seo.
2.  

Beidh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré agus atá le tabhairt i gcrích idir dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeoirí an táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó dá n-iondaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeadh an táirge sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó i bpointí (a)(iii) agus (b)(iv) d’Airteagal 93(1) den Rialachán seo i gcás fíona. I gcás ina mbaineann próiseáil le táirgeadh an táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus go sriantar foinsiú an amhábhair chuig limistéar geografach sonrach leis an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó in Airteagal 94(2) den Rialachán seo, chun críocha na rialacha, an méid seo a leanas a leagan síos de réir mhír 1 den Airteagal seo, ceanglóidh na Ballstáit:

(a) 

go rachfar i gcomhairle le táirgeoirí an amhábhair sa limistéar geografach sonrach, sula dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear sa mhír seo i gcrích; nó

(b) 

go bhfuil dhá thrian ar a laghad de na táirgeoirí don amhábhar nó a n-ionadaithe a ionadaíonn ar a laghad dhá thrian de tháirgeadh an amhábhair arna úsáid don phróiseas próiseála i limistéar geografach sonrach, ina bpáirtithe sa chomhaontú dá dtagraítear sa mhír seo freisin.

3.  
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, maidir le cáis a tháirgeadh a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, beidh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré idir dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeoirí an bhainne nó a n-ionadaithe a sheasann do dhá thrian ar a laghad den bhainne amh a úsáidfear chun an cháis sin a tháirgeadh agus, i gcás inarb ábhartha, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí na cáise sin nó a n-ionadaithe a sheasann do dhá thrian, ar a laghad, de tháirgeadh na cáise sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Chun críoch na chéad fhomhíre den mhír seo, maidir le cáis a thairbhíonn de thásc geografach faoi chosaint, is ionann limistéar geografach tionscnaimh an bhainne amh, arna socrú sa tsonraíocht táirge don cháis, agus an limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a bhaineann leis an gcáis sin.

4.  

Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

ní chumhdófar ach rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann leo agus, i gcás inarb infheidhme, an t-amhábhar agus beidh sé d'aidhm acu soláthar an táirge sin a oiriúnú don éileamh;

(b) 

ní bheidh éifeacht acu ach amháin ar an táirge agus, i gcás inarb infheidhme, ar an amhábhar lena mbaineann;

(c) 

ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná 3 bliana, ach féadfar iad a athnuachan tar éis na tréimhse sin, tar éis iarraidh nua a fháil, dá dtagraítear i mír 1;

(d) 

ní dhéanfar damáiste leo do thrádáil táirgí seachas trádáil na dtáirgí sin lena mbaineann na rialacha sin;

(e) 

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

(f) 

ní cheadófar leo socrú praghsanna, lena n-áirítear i gcás ina socraítear praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(g) 

ní fhágfaidh siad nach mbeidh fáil ar sciar iomarcach den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(h) 

ní chuirfear idirdhealú ar bun leo, nó ní bheidh siad ina mbac ar iontrálaithe nua sa mhargadh nó ní dhéanfar dochar do leasanna táirgeoirí beaga leo;

(i) 

rannchuideoidh siad le cáilíocht táirge lena mbaineann nó forbairt an táirge lena mbaineann.

(j) 

beidh siad gan dochar d'Airteagal 149 agus d'Airteagal 152(1a).

5.  
Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.
6.  
Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh.I gcás ina bhfaigheann na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.
7.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bheidh glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra i ndáil leis na rialacha sin.
8.  
Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 den Airteagal seo más léir don Choimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó go ndéantar saorthrádáil nó baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol leo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) agus (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

▼B

Airteagal 167

Rialacha margaíochta chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta a fheabhsú agus a chobhsú

1.  
Chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta, lena n-áirítear fíonchaora, úrfhíonta agus na fíonta óna ndéantar iad, a fheabhsú agus a chobhsú, féadfaidh Ballstáit ar táirgeoirí iad rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialú, go háirithe trí chinntí arna ndéanamh ag na heagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 157 agus Airteagal 158.

Beidh na rialacha sin i gcomhréir leis an gcuspóir atá á saothrú agus:

(a) 

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

(b) 

ní cheadóidh siad socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(c) 

ní áiritheoidh siad nach mbeidh fáil ar sciar rómhór d'fhómhar an fhíona a bheadh ar fáil murach iad;

(d) 

ní chuirfidh siad deis ar fáil chun go ndiúltófar deimhnithe náisiúnta agus deimhnithe Aontais a eisiúint a gá leo i gcomhair cúrsaíochta agus margaíochta fíonta i gcás ina mbeidh an mhargaíocht sin i gcomhréir leis na rialacha sin.

2.  
Déanfar na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo.

▼M6

Airteagal 167a

Rialacha margaíochta chun feidhmiú an chómhargaidh in olaí olóige a fheabhsú agus a chobhsú

1.  

Chun feidhmiú an chómhargaidh in olaí olóige, lena n-áirítear na hológa óna ndéantar iad, a fheabhsú agus a chobhsú, féadfaidh Ballstáit ar táirgeoirí iad rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialú.

Beidh na rialacha sin i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú agus:

(a) 

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

(b) 

ní cheadóidh siad socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(c) 

ní áiritheoidh siad nach mbeidh fáil ar sciar rómhór de tháirgeadh na bliana margaíochta a bheadh ar fáil murach iad.

2.  
Déanfar na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo.

▼B

Roinn 5

Córais chonarthaí

Airteagal 168

Caidreamh conarthach

1.  

Gan dochar d'Airteagal 148 maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ná d'Airteagal 125 maidir le hearnáil an tsiúcra, má chineann Ballstát, i dtaca le le táirgí feirmeoireachta ó earnáil seachas bainne agus táirgí bainne agus siúcra, ar táirgí iad a liostaítear in Airteagal 1(2), aon cheann de na nithe seo:

(a) 

nach mór aon seachadadh ar a chríocha a dhéanann táirgeoir chuig próiseálaí nó dáileoir a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe,

(b) 

nach mór do na chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh le haghaidh táirgí feirmeoireachta a bheith á seachadadh ar a chríocha ag an táirgeoir a fháil,

comhlíonfar, le conradh den sórt sin nó le tairiscint den sórt ar chonradh na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo.

▼M5

1a.  
Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, sa mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta in earnáil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) seachas earnáil an bhainne, na dtáirgí bainne agus an tsiúcra, a cheangal go mbeidh aon seachadadh táirgí dá chuid/dá cuid/dá gcuid chuig próiseálaí nó dáileoir faoi réir conradh i scríbhinn idir na páirtithe agus/nó go mbeidh siad faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus sa chéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.

▼B

2.  
I gcás ina gcinnfidh an Ballstát nach mór seachadtaí na dtáirgí ag táirgeoir ar phróiseálaí a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe leis an gconradh sin má dhéantar seachadadh na dtáirgí lena mbaineann trí idirghabhálaí amháin nó níos mó ná sin.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar dochar d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagann siad síos faoin Airteagal seo.

3.  
Sa chás a ndéantar tuairisc air i mír 2, féadfaidh an Ballstát sásra idirghabhála a bhunú le go gcumhdófar na cásanna sin nach féidir conradh den sórt sin a thabhairt chun críche ina leith de bhíthin comhaontuithe frithpháirteach, agus caidreamh cothrom conarthach a áirithiú dá bhrí sin.

▼M5

4.  

Maidir le haon chonradh nó tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a:

▼B

(a) 

déanfar é roimh an seachadadh;

(b) 

déanfar i scríbhinn é; agus

(c) 

áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

▼M7

(i) 

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

— 
a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó
— 
a ríomhfar trí fhachtóirí éagsúla a chur le chéile a leagtar amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí oibiachtúla, innéacsanna agus modhanna ríofa an phraghais deiridh a bheith ar áireamh iontu, atá inrochtana go héasca agus sothuigthe agus a léiríonn athruithe ar dhálaí an mhargaidh, an toirt a seachadadh agus cáilíocht nó comhdhéanamh na dtáirgí talmhaíochta arna seachadadh; d'fhéadfadh na táscairí sin a bheith bunaithe ar phraghsanna ábhartha, ar chostais táirgthe agus ar chostais an mhargaidh; chuige sin, féadfaidh na Ballstáit táscairí a chinneadh, i gcomhréir le critéir oibiachtúla bunaithe ar staidéir arna ndéanamh ar tháirgeadh agus ar shlabhra an tsoláthair bia; tá sé de shaoirse ag na páirtithe sna conarthaí tagairt a dhéanamh do na táscairí sin nó d’aon táscairí eile a mheasann siad a bheith ábhartha.

▼B

(iii) 

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó fad éiginnte le clásail foircinn a bheith san áireamh leis,

(iv) 

mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(v) 

socruithe maidir leis na táirgí feirmeoireachta a bhailiú nó a sheachadadh, agus

(vi) 

na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

▼M5

5.  
De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 1a, ní bheidh gá le conradh ná le tairiscint ar chonradh i gcás ina seachadfaidh comhalta comharchumainn na táirgí lena mbaineann don chomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de, más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann ó na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 4.

▼B

6.  
Caibidleofar go neamhshrianta idir na páirtithe gnéithe uile na gconarthaí maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta arna gcur i gcrích ag táirgeoirí, ag bailitheoirí, ag próiseálaithe nó ag dáileoirí, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.

Gan dochar don chéad fhomhír, beidh feidhm ag ceann amháin den mhéid seo a leanas, nó ag an dá cheann:

(a) 

i gcás ina gcinnfidh Ballstát na conarthaí i scríbhinn maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé fad íosta a bhunú nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir táirgeoir agus céad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(b) 

i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don táirgeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chun na críche sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an táirgeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. Sa chás sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.

7.  
Áiritheoidh na Ballstáit a bhaineann leas as na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo nach ndéanfar dochar d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagtar síos.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcaoi a chuireann siad i bhfeidhm aon bhearta a tugadh isteach faoin Airteagal seo.

8.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann i bpointe (a) agus (b) de mhír 2 agus de mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

▼M5 —————

▼M7 —————

▼M5

Roinn 5a

Clásail maidir le comhroint luacha

▼M7

Airteagal 172a

Comhroinnt luacha

Gan dochar d'aon chlásail shonracha maidir le comhroinnt luacha in earnáil an tsiúcra, féadfaidh feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, teacht ar chomhaontú le hoibreoirí iartheachtacha i ndáil le clásail maidir le comhroinnt luacha, lena n-áirítear bónais agus caillteanais margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar na praghsanna ábhartha margaí do na táirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu.

Airteagal 172b

Treoir ó eagraíochtaí idirchraoibhe maidir le díol fíonchaor le haghaidh fíonta le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint

De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 den Rialachán seo agus atá ag feidhmiú in earnáil an fhíona táscairí treorach neamhéigeantacha praghais maidir le fíonchaora a dhíol chun fíonta le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a tháirgeadh a sholáthar ar choinníoll nach gcuireann an treoir sin deireadh le hiomaíocht i ndáil le cion substaintiúil de na táirgí atá i gceist.

▼B

Roinn 6

Rialacha nós imeachta

Airteagal 173

Cumhachtaí tarmligthe

1.  

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí na dtáirgeoirí, agus eagraíochtaí idirchraoibhe a shainiú go soiléir chun cur lena éifeachtaí atá gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin gan ualach riaracháin míréireach agus gan baint de phrionsabail shaoirse an chomhlachais go háirithe i ndáil le neamhchomhaltaí na n-eagraíochtaí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na hábhair seo a leanas i ndáil le heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe agus eagraíochtaí oibreoirí le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó táirgí sonracha na n-earnálacha sin.

(a) 

na cuspóirí sonracha a fhéadfaidh eagraíochtaí agus comhlachais den sórt sin a shaothrú; agus, i gcás inarb infheidhme, a chuirtear leo siúd atá leagtha síos in Airteagal 152 go hAirteagal 163;

(b) 

rialacha na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin, reachtanna eagraíochtaí seachas eagraíochtaí táirgeoirí, na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnálacha áirithe, lena n-áirítear maoluithe ar [an oibleagáid an táirgeacht go léir a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 160, struchtúr, tréimhse ballraíochta, méid, cuntasacht agus gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin agus na gcomhlachas sin, na héifeachtaí a eascraíonn as an aitheantas, as aitheantas a tharraingt siar, agus as cumaisc;

(c) 

na coinníollacha maidir leis an aitheantas, le haitheantas a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, na héifeachtaí a thagann as an aitheantas, as aitheantas a tharraingt siar agus as é a chur ar fionraí chomh maith leis na ceanlais do na heagraíochtaí agus na comhlachais sin maidir le bearta feabhais a dhéanamh mura n-urramaítear na critéir aitheantais;

(d) 

eagraíochtaí agus comhlachais thrasnáisiúnacha lena n-áirítear na rialacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo;

(e) 

na rialacha a bhaineann le bunú an chúnaimh riaracháin agus le coinníollacha an chúnamh riaracháin a bheidh le tabhairt ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcás comhair thrasnáisiúnta;

►C2  (f) 

na hearnálacha a bhfuil feidhm ag Airteagal 155 maidir leo, ◄ na coinníollacha maidir le gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú, cineál na ngníomhaíochtaí a fhéadfar a sheachfhoinsiú agus soláthar acmhainní teicniúla ag eagraíochtaí nó comhlachais;

(g) 

an bonn ar a ríomhfar íosmhéid nó íosluach de tháirgeadh indíolta eagraíochtaí agus comhlachas;

(h) 

glacadh le comhaltaí nach táirgeoirí iad i gcás na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus nach eagraíochtaí táirgeoirí iad i gcás comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí;

(i) 

síneadh rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 164 chuig eagraíochtaí nach comhaltaí iad agus an íocaíocht éigeantach suibscríbhinní ó eagraíochtaí nach comhaltaí iad dá dtagraítear in Airteagal 165, lena n-áirítear úsáid agus leithdháileadh na n-íocaíochtaí sin ó na heagraíochtaí sin agus liosta de na rialacha níos déine táirgthe a fhéadfar a shíneadh faoi phointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 164(4), agus é á áirithiú go bhfuil eagraíochtaí den chineál sin trédhearcach agus cuntasach i leith neamhcomhaltaí go nach gcaitear níos fabharaí le comhaltaí d'eagraíochtaí den chineál sin ná mar a chaithfear le neamhchomhaltaí, go háirithe maidir le híocaíocht éigeantach síntiús a úsáid;

(j) 

breis ceanglas maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 164, na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann, lena n-áirítear scrúdú a bheith á dhéanamh ag an gCoimisiún ar shainiú na limistéar sin; íostréimhsí a mbeidh feidhm ag na rialacha lena linn sula gcuirfear síneadh leo, na daoine nó na heagraíochtaí a bhféadfar na rialacha nó na ranníocaíochtaí a chur i bhfeidhm maidir leo, agus na himthosca ina bhféadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndiúltófar nó go dtarraingeofar siar síneadh na rialacha nó na ranníocaíochtaí éigeantacha.

2.  

D'fhonn a áirithiú go saineofar go soiléir cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, chun cur le héifeachtacht ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin gan ualach míchuí a chur orthu, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos an méid seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus do chomhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí;

(b) 

na rialacha a bhaineann le bunú an chúnaimh riaracháin agus le coinníollacha an chúnamh riaracháin a bheidh le tabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí, lena n-áirítear comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcás comhair thrasnáisiúnta;

(c) 

rialacha breise maidir le ríomh thoirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidilíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 149(2) agus in Airteagal 149(3);

(d) 

rialacha maidir le síneadh rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 164 chuig eagraíochtaí nach comhaltaí iad agus an íocaíocht éigeantach suibscríbhinní ó eagraíochtaí nach comhaltaí iad dá dtagraítear in Airteagal 165.

Airteagal 174

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm, go háirithe:

(a) 

bearta chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus d'eagraíochtaí idirchraoibhe a leagtar amach in Airteagal 154 agus in Airteagal 158;

(b) 

nósanna imeachta i gcás ina ndéanfar cumasc idir eagraíochtaí táirgeoirí;

(c) 

nósanna imeachta a chinnfidh na Ballstáit maidir le híosmhéid agus maidir le híostréimhse ballraíochta;

(d) 

nósanna imeachta a bhaineann le síneadh rialacha agus ranníocaíocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 164 agus in Airteagal 165, go háirithe cur i bhfeidhm an choincheapa “limistéar eacnamaíoch” dá dtagraítear in Airteagal 164(2);

(e) 

nósanna imeachta maidir le cúnamh riaracháin;

(f) 

nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú;

(g) 

nósanna imeachta agus dálaí teicniúla a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 166.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.  

Mar mhaolú ar mhír 1, maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha chur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bheidh riachtanach do:

(a) 

cur chun feidhme na gcoinníollacha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus dá gcomhlachais agus d'eagraíochtaí idirchraoibhe a leagtar amach in Airteagal 161 agus in Airteagal 163;

(b) 

an fógra dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 149(2);

(c) 

na fógraí a dhéanfaidh na Ballstáit don Choimisiún i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 161(3), le pointe (e) d'Airteagal 163(3), le hAirteagal 149(8) agus le hAirteagal 150(7);

(d) 

na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh riaracháin i gcás comhair thrasnáisiúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 175

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún cinntí aonair a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

▼C2

(a) 

aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí atá i mbun gníomhaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin, de bhun na rialacha a ghlactar faoi phointe (d) d'Airteagal 173(1);

▼B

(b) 

agóid i gcoinne aitheantais ó Bhallstát ar eagraíocht idirchraoibhe nó sin a aistarraingt;

▼C2