EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02013R0609-20210428
Regulation (EU) No 609/2013 of the European Parliament and of the Council of 12 June 2013 on food intended for infants and young children, food for special medical purposes, and total diet replacement for weight control and repealing Council Directive 92/52/EEC, Commission Directives 96/8/EC, 1999/21/EC, 2006/125/EC and 2006/141/EC, Directive 2009/39/EC of the European Parliament and of the Council and Commission Regulations (EC) No 41/2009 and (EC) No 953/2009 (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02013R0609 — GA — 28.04.2021 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 609/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 181 29.6.2013, lch. 35) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2017/1091 of 10 April 2017 (*) |
L 158 |
5 |
21.6.2017 |
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/571 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Eanáir 2021 |
L 120 |
1 |
8.4.2021 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 609/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Meitheamh 2013
maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais chomhdhéanaimh agus faisnéise i ndáil leis na catagóirí bia seo a leanas:
bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach;
bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin;
bia chun críocha speisialta míochaine;
ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
na sainmhínithe ar “bia”, “oibreoir gnó bia”, “miondíol” agus ar “cur ar an margadh” a leagtar amach faoi seach in Airteagal 2 agus i bpointe (3), pointe (7) agus pointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
na sainmhínithe ar “bia réamhphacáilte”, ar “lipéadú” agus ar “nana-ábhar monaraithe” a leagtar amach faoi seach i bpointe (e) (j) agus (t) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;
na sainmhínithe ar “maíomh cothaithe” agus ar “maíomh sláinte” a leagtar amach faoi seach i bpointe (4) agus i bpointe (5) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.
Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “naíonán” leanbh faoi aois 12 mhí;
ciallaíonn “leanbh óg” leanbh idir aon bhliain agus trí bliana d’aois;
ciallaíonn “bainne foirmle do naíonáin” bia atá ceaptha lena úsáid ag naíonáin sna chéad mhíonna i ndiaidh a mbreithe agus a chomhlíonann, leis féin, ceanglais chothaitheacha na naíonán sin go dtí go dtugtar isteach beathú comhlántach iomchuí;
ciallaíonn “bainne foirmle leantach” bia atá ceaptha lena úsáid ag naíonáin nuair a thugtar isteach beathú comhlántach iomchuí agus arb éard é an phríomhghné leachtach d’aiste bia atá á héagsúlú de réir a chéile do na naíonáin sin;
ciallaíonn “bia gránachbhunaithe próiseáilte”:
bia atá ceaptha lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe naíonán a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh le linn iad a scoitheadh den chíoch, agus bia atá ceaptha lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe leanaí óga a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh ar bia é a chuireann lena réim bia; agus/nó bia a thugtar dóibh chun go rachaidh siad i dtaithí de réir a chéile ar ghnáthbhia; agus
bia a bhaineann le ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
ciallaíonn “bia do naíonáin” bia a cheaptar lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe naíonán a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh le linn iad a scoitheadh den chíoch, agus bia a cheaptar lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe leanaí óga a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh a chuireann lena n-aiste bia agus/nó chun go rachaidh siad i dtaithí de réir a chéile ar ghnáthbhia, seachas:
bia gránachbhunaithe próiseáilte; agus
deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do leanaí óga;
ciallaíonn “bia chun críocha speisialta míochaine” bia atá próiseáilte nó foirmlithe go sonrach agus a cheaptar lena úsáid mar bhia chun aiste bia othar, lena n-áirítear naíonáin, a bhainistiú agus atá le húsáid faoi chúram leighis agus atá ceaptha lena úsáid do bheathú eisiach nó páirteach othar a bhfuil cumas teoranta, lagaithe nó suaite acu maidir le gnáthbhia nó cothaithigh áirithe sa ghnáthbhia nó meitibilítí a ghlacadh, a dhíleá, a ionsú, a mheitibiliú nó a dhíchur, nó othar a bhfuil ceanglais chothaíochais eile acu arna gcinneadh ag an lucht leighis, ar othair iad nach féidir a n-aiste bia a bhainistiú tríd an ngnáthaiste bia amháin a mhodhnú;
ciallaíonn “ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú” bia atá foirmlithe go sonrach le go n-úsáidfear é in aistí bia fuinneamhshrianta chun meáchan a laghdú, ar bia é a ghabhann ionad na haiste bia laethúla iomláine nuair a úsáidtear é i gcomhréir le treoracha an oibreora ghnó bhia.
Airteagal 3
Cinntí maidir le léirithe
D’fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
an dtagann bia ar leith faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
cén chatagóir shonrach bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) lena mbaineann bia ar leith.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
Airteagal 4
Bia a chur ar an margadh
Airteagal 5
Prionsabal an réamhchúraim
D’fhonn ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú maidir leis na daoine a bhfuil an bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo ceaptha dóibh, beidh feidhm ag prionsabal an réamhchúraim de réir mar a leagtar amach é in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
CAIBIDIL II
CEANGLAIS CHOMHSHUÍMH AGUS FAISNÉISE
ROINN 1
Ceanglais ghinearálta
Airteagal 6
Forálacha ginearálta
Airteagal 7
Tuairimí an Údaráis
Soláthróidh an tÚdarás tuairimí eolaíocha i gcomhréir le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 chun críche chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh na tuairimí sin ina mbonn eolaíoch d’aon bheart a ghlacfaidh an tAontas de bhun an Rialacháin seo ar dócha go mbeidh éifeacht aige ar shláinte an phobail.
Airteagal 8
Rochtain ar dhoiciméid
Cuirfidh an Coimisiún Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ( 1 ) i bhfeidhm i gcás iarratas ar rochtain ar aon doiciméad a chumhdófar leis an Rialachán seo.
Airteagal 9
Ceanglais ghinearálta maidir le comhdhéanamh agus le faisnéis
Maidir le substaintí ar nana-ábhair monaraithe iad, déanfar comhlíonadh na gceanglas sa chéad fhomhír a léiriú ar bhonn modhanna tástála leordhóthanacha, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 10
Ceanglais bhreise le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach
Gan dochar don chéad fhomhír, ceadófar léirithe grafacha chun an bainne foirmle do naíonáin agus an bainne foirmle leantach a aithint go héasca agus chun modhanna ullmhúcháin a léiriú.
ROINN 2
Ceanglais shonracha
Airteagal 11
Ceanglais shonracha maidir le comhdhéanamh agus le faisnéis
Faoi réir na gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 9, faoi réir cheanglais bhreise Airteagal 10 agus an dul chun cinn ábhartha teicniúil agus eolaíoch a bheidh déanta á chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18, i ndáil leis an méid seo a leanas:
na ceanglais shonracha chomhdhéanaimh is infheidhme maidir leis an mbia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), cé is moite do na ceanglais mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn;
na ceanglais shonracha maidir le húsáid lotnaidicídí i dtáirgí a cheaptar le haghaidh tháirgeadh bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus maidir le hiarmhar lotnaidicídí sa bhia sin. Maidir leis na ceanglais shonracha do na catagóirí bia dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) agus do bhia chun críocha speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh, déanfar iad a nuashonrú go rialta agus áireofar iontu, inter alia, forálacha chun srian a chur ar úsáid lotnaidicídí a mhéid is féidir;
na ceanglais shonracha maidir le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), lena n-áirítear údarú maíomh maidir le cothú agus maidir le sláinte i dtaca leis an mbia sin;
na ceanglais i dtaca le fógra a thabhairt chun bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur ar an margadh chun faireachán oifigiúil éifeachtach an bhia sin a éascú agus ar a bhonn a dtabharfaidh oibreoirí gnó bia fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an bia sin á mhargú;
na ceanglais a bhaineann le cleachtais tionscnaimh agus tráchtála a bhaineann le bainne foirmle do naíonáin; agus
na ceanglais a bhaineann le faisnéis a bheidh le soláthar i ndáil le beathú naíonán agus leanaí óga chun a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach ann ar chleachtais bheathaithe iomchuí;
na ceanglais shonracha, do bhia chun críocha speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais chomhdhéanaimh agus ceanglais i dtaca le lotnaidicídí agus iarmhairtí lotnaidicídí a úsáid i dtáirgí atá beartaithe chun bia den sórt sin a tháirgeadh, lipéadú, cur i láthair, fógraíocht, agus cleachtais tionscnaimh agus tráchtála, mar is iomchuí.
Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin tráth faoin 20 Iúil 2015.
I gcás rioscaí don tsláinte a bheith ag teacht chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith á éileamh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na míre seo.
Airteagal 12
Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do leanaí óga
Faoin 20 Iúil 2015, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an ngá, más ann dó, atá le forálacha speisialta do dheochanna bainnebhunaithe agus do tháirgí comhchosúla atá ceaptha do leanaí óga, i ndáil le ceanglais chomhdhéanaimh agus lipéadaithe agus, más iomchuí, cineálacha eile ceanglas. Breithneoidh an Coimisiún sa tuarascáil, inter alia, ceanglais chothaitheacha leanaí óga, ról na dtáirgí sin in aiste bia leanaí óga agus an mbaineann sochair chothaíochais leis na táirgí sin i gcomparáid le gnáthaiste bia linbh a bheadh á scoitheadh den chíoch nó nach mbaineann. Féadfaidh togra iomchuí reachtach a bheith i dteannta na tuarascála sin, mas gá.
Airteagal 13
Bianna a cheaptar do lucht spóirt
Faoin 20 Iúil 2015, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i ndiaidh dó dul i mbun comhairliúcháin leis an Údarás, ar tuarascáil í maidir leis an ngá, más ann dó, atá le forálacha a dhéanamh do bhia atá ceaptha do lucht spóirt. Féadfaidh togra iomchuí reachtach a bheith i dteannta na tuarascála sin, mas gá.
Airteagal 14
Treoirlínte teicniúla
Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla a ghlacadh chun cabhrú leis na hoibreoirí gnóthaí bia, go háirithe na FBManna, Caibidil II agus III a chomhlíonadh.
CAIBIDIL III
LIOSTA AN AONTAIS
Airteagal 15
Liosta an Aontais
Féadfar substaintí a bhaineann leis na catagóirí substaintí a leanas a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ar choinníoll go mbeidh na substaintí sin ar áireamh i liosta an Aontais, a leagtar amach san Iarscríbhinn agus go gcomhlíonann siad na gnéithe atá i liosta an Aontais i gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin:
vitimíní;
mianraí;
aimínaigéid;
carnaítín agus táirín;
núicléitídí;
coilín agus ionóisíotól.
Beidh na gnéithe seo a leanas i liosta an Aontais:
an chatagóir bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) lena bhféadfar substaintí a bhaineann leis na catagóirí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a áireamh;
ainm na substainte agus tuairisc uirthi agus i gcás inarb iomchuí, sonrú ar a fhoirm;
i gcás inarb iomchuí, coinníollacha úsáide na substainte;
i gcás inarb iomchuí, critéir íonachta is infheidhme maidir leis an tsubstaint.
Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choinneáil ina leagfar síos critéir íonachta níos doichte.
Chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha nó sláinte tomhaltóirí a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i ndáil leis na catagóirí substaintí atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 maidir leis an méid seo a leanas:
catagóir substaintí a bhaint;
catagóir substaintí a bhfuil éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu a chur isteach.
Airteagal 16
Liosta an Aontais a nuashonrú
Faoi réir na gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 9 agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir na gceanglas sonrach a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 11, agus chun an dul chun cinn teicniúil, na forbairtí eolaíocha nó cosaint sláinte na dtomhaltóirí a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18, chun an Iarscríbhinn a leasú, i ndáil leis an méid seo a leanas:
substaint a chur le liosta an Aontais;
substaint a bhaint de liosta an Aontais;
na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) a chur isteach, a bhaint nó a leasú.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 17
An nós imeachta coiste
I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.
Airteagal 18
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 19
Nós imeachta práinne
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 20
Aisghairm
I gcás ina mbeidh coimhlint idir Rialachán (CE) Uimh. 953/2009, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE agus an Rialachán seo, is é an Rialachán seo a sheasfaidh.
Airteagal 21
Bearta idirthréimhseacha
I gcás ina mbeidh dáta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Rialachán seo tar éis an 20 Iúil 2016, maidir le bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chomhlíonann an Rialachán seo, Rialachán (CE) Uimh. 953/2009, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE, de réir mar is infheidhme, ach nach gcomhlíonann na gníomhartha tarmligthe sin, agus a chuirtear ar an margadh nó a gcuirtear lipéad air roimh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe sin, féadfar leanúint dá mhargú tar éis an dáta sin go dtí go mbeidh stoic an bhia sin ídithe.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 20 Iúil 2016, seachas i gcás na n-eisceachtaí seo a leanas:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
Liosta an Aontais amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(1)
Substaint |
An catagóir bia |
|||||
Bainnefoirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach |
Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia naíonán |
Bia chun críocha speisialta míochaine |
Ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú |
|||
Vitimíní |
|
|
|
|
|
|
Vitimín A |
|
|
|
|
|
|
reiteanól |
X |
X |
X |
X |
||
aicéatáit retinile |
X |
X |
X |
X |
||
palmatáit retinile |
X |
X |
X |
X |
||
béite-charaitéin |
|
X |
X |
X |
||
Vitimín D |
|
|
|
|
|
|
eargacailciféaról |
X |
X |
X |
X |
||
colacailciféaról |
X |
X |
X |
X |
||
Vitimín E |
|
|
|
|
|
|
tócaifearól D-alfa |
X |
X |
X |
X |
||
tócaifearól DL-alfa |
X |
X |
X |
X |
||
aicéatáit tócaifeirile D-alfa |
X |
X |
X |
X |
||
aicéatáit tócaifeirile DL-alfa |
X |
X |
X |
X |
||
sucsainéit aigéid tócaifeirile D-alfa |
|
|
X |
X |
||
sucsainéit ghliocóil-1000 phoileitiléin tócaifeirile D-alfa (TPGS) |
|
|
X |
|
||
Vitimín K |
|
|
|
|
|
|
filleacuineon (fíteameanaidé-ón) |
X |
X |
X |
X |
||
Meineacuineon (1) |
|
|
X |
X |
||
Vitimín C |
|
|
|
|
|
|
L-aigéad ascorbach |
X |
X |
X |
X |
||
sóidiam-L-ascorbáit |
X |
X |
X |
X |
||
cailciam-L-ascorbáit |
X |
X |
X |
X |
||
potaisiam-L-ascorbáit |
X |
X |
X |
X |
||
L-ascorbail 6-palmatáit |
X |
X |
X |
X |
||
Tiaimín |
|
|
|
|
|
|
hidreaclóiríd tiaimín |
X |
X |
X |
X |
||
monainíotráit tiaimín |
X |
X |
X |
X |
||
Ribeaflaivin |
|
|
|
|
|
|
ribeaflaivin |
X |
X |
X |
X |
||
ribeaflaivin 5’ - fosfáit, sóidiam |
X |
X |
X |
X |
||
Niaicin |
|
|
|
|
|
|
aigéad nicitíneach |
X |
X |
X |
X |
||
nicitíonaimíd |
X |
X |
X |
X |
||
Vitimín B6 |
|
|
|
|
|
|
hidreaclóiríd phireadocsaín |
X |
X |
X |
X |
||
ribeaflaivin 5’ - fosfáit |
X |
X |
X |
X |
||
déphalmatáit phireadocsaín |
|
X |
X |
X |
||
Fóláit |
|
|
|
|
|
|
aigéad fólach (aigéad tearóilmhonaghlútamach) |
X |
X |
X |
X |
||
L-meitiolfóláit chailciam |
X |
X |
X |
X |
||
Vitimín B12 |
|
|
|
|
|
|
cianacóbalaimín |
X |
X |
X |
X |
||
cianacóbalaimín |
X |
X |
X |
X |
||
Bitin |
|
|
|
|
|
|
D-bitin |
X |
X |
X |
X |
||
Aigéad pantaitéineach |
|
|
|
|
|
|
D-pantaitéanáit, cailciam |
X |
X |
X |
X |
||
D-pantaitéanáit, sóidiam |
X |
X |
X |
X |
||
deaspantanól |
X |
X |
X |
X |
||
Mianraí |
|
|
|
|
|
|
Potaisiam |
|
|
|
|
|
|
décharbónáit photaisiam |
X |
|
X |
X |
||
carbónáit photaisiam |
X |
|
X |
X |
||
clóiríd photaisiam |
X |
X |
X |
X |
||
ciotráit photaisiam |
X |
X |
X |
X |
||
glúcónáit photaisiam |
X |
X |
X |
X |
||
glicreafosáit photaisiam |
|
X |
X |
X |
||
lachtáit photaisiam |
X |
X |
X |
X |
||
hiodrocaíd photaisiam |
X |
|
X |
X |
||
salainn photaisiam d’aigéad fosfarach |
X |
|
X |
X |
||
ciotráit mhaighnéisiam photaisiam |
|
|
X |
X |
||
Cailciam |
|
|
|
|
|
|
carbónáit chailciam |
X |
X |
X |
X |
||
clóiríd chailciam |
X |
X |
X |
X |
||
salainn chailciam d’aigéad citreach |
X |
X |
X |
X |
||
glúcónáit chailciam |
X |
X |
X |
X |
||
glicreafosfáit chailciam |
X |
X |
X |
X |
||
lachtáit chailciam |
X |
X |
X |
X |
||
salainn chailciam d’aigéad fosfarach |
X |
X |
X |
X |
||
hiodrocsaíd chailciam |
X |
X |
X |
X |
||
ocsaíd chailciam |
|
X |
X |
X |
||
sulfáit chailciam |
|
|
X |
X |
||
bios-gliceanáit chailciam |
|
|
X |
X |
||
ciotráit mhaláite chailciam |
|
|
X |
X |
||
maláit chailciam |
|
|
X |
X |
||
L-pidoláit chailciam |
|
|
X |
X |
||
calcium phosphoryl oligosaccharides |
|
|
X |
|
||
Maignéisiam |
|
|
|
|
|
|
aicéatáit mhaignéisiam |
|
|
X |
X |
||
carbónáit mhaignéisiam |
X |
X |
X |
X |
||
clóiríd mhaignéisiam |
X |
X |
X |
X |
||
salainn mhaignéisiam d’aigéad citreach |
X |
X |
X |
X |
||
glúcónáit mhaignéisiam |
X |
X |
X |
X |
||
glicreafosáit mhaignéisiam |
|
X |
X |
X |
||
salainn mhaignéisiam d’aigéad fosfarach |
X |
X |
X |
X |
||
lachtáit mhaignéisiam |
|
X |
X |
X |
||
hiodrocsaíd mhaignéisiam |
X |
X |
X |
X |
||
ocsaíd mhaignéisiam |
X |
X |
X |
X |
||
sulfáit mhaignéisiam |
X |
X |
X |
X |
||
L-aspartáit mhaighnéísiam |
|
|
X |
|
||
bios-gliceanáit mhaignéisiam |
|
|
X |
X |
||
L-pidoláit mhaighnéisiam |
|
|
X |
X |
||
ciotráit mhaighnéisiam photaisiam |
|
|
X |
X |
||
Iarann |
|
|
|
|
|
|
carbónáit fheiriúil |
|
X |
X |
X |
||
ciotráit fheiriúil |
X |
X |
X |
X |
||
ciotráit amóiniam feireach |
X |
X |
X |
X |
||
glúcónáit fheiriúil |
X |
X |
X |
X |
||
fúmaráit fheiriúil |
X |
X |
X |
X |
||
défhosfáit sóidiam fheireach |
|
X |
X |
X |
||
lachtáit fheiriúil |
X |
X |
X |
X |
||
sulfáit fheiriúil |
X |
X |
X |
X |
||
fosfáit amóiniam fheiriúil |
|
|
X |
X |
||
EDTA shóidiam fheirigh |
|
|
X |
X |
||
défhosfáit fheireach (pireafosfáit fheireach) |
X |
X |
X |
X |
||
siúcráit fheireach |
|
X |
X |
X |
||
iarann eiliminteach (carbóinil + leictrealaíoch + hidrigin-chaolaithe |
|
X |
X |
X |
||
ferrous bisglycinate |
X |
X |
X |
X |
||
L-pidoláit fheiriúil |
|
|
X |
X |
||
Sinc |
|
|
|
|
|
|
aicéatáit since |
X |
X |
X |
X |
||
clóiríd since |
X |
X |
X |
X |
||
ciotráit since |
X |
X |
X |
X |
||
glúcónáit since |
X |
X |
X |
X |
||
lachtáit since |
X |
X |
X |
X |
||
ocsaíd since |
X |
X |
X |
X |
||
carbónáit since |
|
|
X |
X |
||
sulfáit since |
X |
X |
X |
X |
||
bios-gliceanáit since |
|
|
X |
X |
||
Copar |
|
|
|
|
|
|
carbónáit choprach |
X |
X |
X |
X |
||
ciotráit choprach |
X |
X |
X |
X |
||
glúcónáit choprach |
X |
X |
X |
X |
||
sulfáit choprach |
X |
X |
X |
X |
||
coimpléacs lísín copair |
X |
X |
X |
X |
||
Mangainéis |
|
|
|
|
|
|
carbónáit mhangainéise |
X |
X |
X |
X |
||
clóiríd mhangainéise |
X |
X |
X |
X |
||
ciotráit mhangainéise |
X |
X |
X |
X |
||
glúcónáit mhangainéise |
X |
X |
X |
X |
||
glicreafosáit mhangainéise |
|
X |
X |
X |
||
sulfáit mhangainéise |
X |
X |
X |
X |
||
Fluairíd |
|
|
|
|
|
|
fluairíd photaisiam |
|
|
X |
X |
||
fluairíd sóidiam |
|
|
X |
X |
||
Seiléiniam |
|
|
|
|
|
|
seiléanáit sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
seiléinít sóidiam hidrigine |
|
|
X |
X |
||
seiléinít sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
giosta breis seiléiniam (2) |
|
|
X |
X |
||
Cróimiam |
|
|
|
|
|
|
clóiríd chróimian (III) agus a heicsihiodráit |
|
|
X |
X |
||
sulfáit chróimian (III) agus a heicsihiodráit |
|
|
X |
X |
||
piocolanáit chróimiam |
|
|
X |
X |
||
Molaibdéineam |
|
|
|
|
|
|
molabdáit amóiniam |
|
|
X |
X |
||
molabdáit sóidiam |
|
|
X |
X |
||
Iaidín |
|
|
|
|
|
|
iaidíd photaisiam |
X |
X |
X |
X |
||
iadáit photaisiam |
X |
X |
X |
X |
||
iaidíd sóidiam |
X |
X |
X |
X |
||
iadáit sóidiam |
|
X |
X |
X |
||
Sóidiam |
|
|
|
|
|
|
décharbónáit sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
carbónáit sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
clóiríd sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
ciotráit sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
glúcónáit sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
lachtáit sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
hiodrocsaíd sóidiam |
X |
|
X |
X |
||
salainn sóidiam d’aigéad ortafosfarach |
X |
|
X |
X |
||
Bórón |
|
|
|
|
|
|
bóráít sóidiam |
|
|
X |
X |
||
aigéad bórach |
|
|
X |
X |
||
Aimínaigéid (3) |
|
|
|
|
|
|
L-alainín |
|
|
X |
X |
||
L-argainín |
X agus a hidreaclóiríd |
X agus a hidreaclóiríd |
X |
X |
||
L-aigéad aspartach |
|
|
X |
|
||
L-citrillín |
|
|
X |
|
||
L-cistéin |
X agus a hidreaclóiríd |
X agus a hidreaclóiríd |
X |
X |
||
Cistín (4) |
X agus a hidreaclóiríd |
X agus a hidreaclóiríd |
X |
X |
||
L-histidín |
X agus a hidreaclóiríd |
X agus a hidreaclóiríd |
X |
X |
||
L-aigéad glútamach |
|
|
X |
X |
||
L-glútaimín |
|
|
X |
X |
||
glicín |
|
|
X |
|
||
L-isileoicín |
X agus a hidreaclóiríd |
X agus a hidreaclóiríd |
X |
X |
||
L-leoicín |
X agus a hidreaclóiríd |
X agus a hidreaclóiríd |
X |
X |
||
L-lísín |
X agus a hidreaclóiríd |
X agus a hidreaclóiríd |
X |
X |
||
L-aicéatáit lísín |
|
|
X |
X |
||
L-meitiainín |
X |
X |
X |
X |
||
L-ornaitín |
|
|
X |
X |
||
L-feiniolalainín |
X |
X |
X |
X |
||
L-próilín |
|
|
X |
|
||
L-tréóinín |
X |
X |
X |
X |
||
L-tripteafan |
X |
X |
X |
X |
||
L-tirisín |
X |
X |
X |
X |
||
L-vailín |
X |
X |
X |
X |
||
L-séirín |
|
|
X |
|
||
L-argainín-L-aspartáit |
|
|
X |
|
||
L-lísín-L-aspartáit |
|
|
X |
|
||
L-lísín-L-glútamáit |
|
|
X |
|
||
N-aicéitil-L-cistéin |
|
|
X |
|
||
N-aicéitil-L-meitiainín |
|
|
X (i dtáirgí faoi chomhair daoine atá níos sine na 1 bhliain d’aois |
|
||
Carnaítín agus táirín |
|
|
|
|
|
|
L-carnaítín |
X |
X |
X |
X |
||
L-hidreaclóiríd charnaítín |
X |
X |
X |
X |
||
táirín |
X |
|
X |
X |
||
L-carnaítín-L-tartráit |
X |
|
X |
X |
||
Núicléitídí |
|
|
|
|
|
|
fosfáit adanóisín (AMP) |
X |
|
X |
X |
||
salainn sóidiam AMP |
X |
|
X |
X |
||
monofosfáit chítidín (CMP) |
X |
|
X |
X |
||
salainn sóidiam CMP |
X |
|
X |
X |
||
fosfáit ghuanóisín (GMP) |
X |
|
X |
X |
||
salainn sóidiam GMP |
X |
|
X |
X |
||
fosfáit ionóisín (IMP) |
X |
|
X |
X |
||
salainn sóidiam IMP |
X |
|
X |
X |
||
fosfáit úiridín (UMP) |
X |
|
X |
X |
||
salainn sóidiam UMP |
X |
|
X |
X |
||
Coilín agus ionóisíotól |
|
|
|
|
|
|
coilín |
X |
X |
X |
X |
||
clóiríd choilín |
X |
X |
X |
X |
||
déthartráit choilín |
X |
X |
X |
X |
||
ciotráit choilín |
X |
X |
X |
X |
||
ionóisíotól |
X |
X |
X |
X |
||
(1)
Meineacuineon, arb ann dó go príomha mar mheineacuineon-7 agus, go beag, mar mheineacuineon-6.
(2)
Giostaí breis seiléiniam a tháirgtear trí shaothrú i láthair seiléiníte sóidiam mar fhoinse seiléiniam agus ina bhfuil, sa bhfoirm triomaithe a chuirtear ar an margadh, nach mó ná 2,5 mg Se/g ann. Is é an speiceas de sheiléiniam orgánach is mó atá le fáil sa ghiosta ná seiléinomeitiainín (idir 60 agus 85 % den seiléiniam iomlán eastóctha sa táirge). Ní mór nach mó ábhar na gcomhábhar seiléiniam orgánach eile lena n-áirítear seiléinocistéin ná 10 % den seiléiniam iomlán eastóctha. Ní mór nach mó leibhéil an tseiléiniaim neamhorgánaigh ná 1 % den seiléiniam iomlán eastóctha.
(3)
I gcás aimínaigéad a úsáidtear i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbianna atá bunaithe ar ghránaigh phróiseáilte agus i mbia faoi chomhair leanaí, ní fhéadfar ach an hidreaclóiríd atá luaite go sonrach a úsáid. I gcás aimínaigéad a úsáidtear i mbia chun críocha speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, a mhéid is féidir, féadfar na salainn sóidiam, chailciam, photaisiam agus mhaighnéisiam, agus a hidreaclóiríd freisin, a úsáid.
(4)
I gcás a n-úsáide i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbianna atá bunaithe ar ghránaigh phróiseáilte agus i mbia faoi chomhair leanaí, ní fhéadfar ach an fhoirm L-cistín amháin a úsáid. |
( 1 ) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.