This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02013R0575-20180101
Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council of 26 June 2013 on prudential requirements for credit institutions and investment firms and amending Regulation (EU) No 648/2012 (Text with EEA relevance)
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02013R0575 — GA — 01.01.2018 — 003.004
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 176 27.6.2013, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2015/62 of 10 October 2014 (*) |
L 11 |
37 |
17.1.2015 |
|
RIALACHÁN (AE) 2016/1014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Meitheamh 2016 |
L 171 |
153 |
29.6.2016 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2017/2188 of 11 August 2017 (*) |
L 310 |
1 |
25.11.2017 |
|
RIALACHÁN (AE) 2017/2395 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 12 Nollaig 2017 |
L 345 |
27 |
27.12.2017 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2018/405 of 21 November 2017 (*) |
L 74 |
3 |
16.3.2018 |
Arna cheartú le:
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meitheamh 2013
maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CUID A hAON
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Raon Feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta a gcaithfidh institiúidí atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de priacal creidmheasa, priacal margaidh, priacal oibriúcháin, agus de priacal socraíochta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
(b) ceanglais a chuireann teorainneacha le risíochtaí móra;
(c) tar éis don ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 444 teacht i bhfeidhm, ceanglais leachtachta a bhaineann le gnéithe de priacal leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
(d) ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c) agus le luamhánú;
(e) ceanglais maidir le nochtadh poiblí.
Ní rialaíonn an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar atá leagtha amach i dTreoir 2013/36/AE (AE).
Airteagal 2
Cumhachtaí maoirseachta
D'fhonn a chinntiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis inniúla atá leagtha amach i dTreoir (2013/36/AE agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti.
Airteagal 3
Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí
Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar institiúidí cistí dílse agus a gcomhpháirteanna de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn 'institiúid chreidmheasa' gnóthas a bhfuil sé de ghnó aige taiscí nó cistí inaisíoctha eile a fháil ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá chuntas féin;
(2) ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta' duine faoi mar a shainmhínítear é bpointe (1) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE, atá faoi réir na gceanglas a fhorchuirtear leis an Treoir sin, seachas iad seo a leanas:
(a) institiúidí creidmheasa;
(b) gnólachtaí áitiúla;
(c) gnólachtaí nach bhfuil údaraithe an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nach soláthraíonn ach ceann amháin de na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus nach bhfuil cead acu airgead nó urrúis atá faoi úinéireacht ag a gcuid cliant a bheith ina seilbh acu, agus nach bhféadfaidh, ar an ábhar sin, a bheith i bhfiacha leis na cliaint sin tráth ar bith.
(3) ciallaíonn 'institiúid' institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta
(4) ciallaíonn 'gnólacht áitiúil' gnólacht a dhéileálann, dá chuntas féin, todhchaíochtaí nó roghanna airgeadais nó díorthaigh eile ar na margaí airgid tirim agus gan d'aidhm acu ach fálú a dhéanamh ar shuímh sna margaí díorthach, nó gnólacht a dhéileálann ar son cuntas ball eile de na margaí sin agus ráthú aige ó bhaill imréitigh de na margaí céanna, i gcás ina nglacann baill imréitigh na margaí céanna freagracht as feidhmíocht na gconarthaí a dhéanann an gnólacht sin;
(5) ciallaíonn 'gnóthas árachais' gnóthas áracháis mar a shainmhínítear faoi phointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) ( 1 );
(6) ciallaíonn 'gnóthas athárachais' gnóthas árachais mar a shainmhínítear faoi phointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
(7) ciallaíonn 'gnóthas comhinfheistíochta' nó '(GC)' Gnóthas le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI)mar atá sainmhínithe in Airteagal1 de Threoir 2009/65/AE an 13 Iúil 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) ( 2 ), lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí cosúla, atá faoi réir maoirseachta de bhun dhlí an Aontais nó dhlíthe tríú tíre a chuireann ceanglais maoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, Ciste Infheistíochta Malartach (CIM) mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha ( 3 ), nó CIM neamh-AE faoi mar a shainítear é in Airteagal 4(1)(aa) den Treoir sin.
(8) ciallaíonn 'eintiteas earnála poiblí' comhlacht riaracháin neamh-thráchtála atá freagrach do rialtais láir, do rialtais áitiúla nó d'údaráis áitiúla, nó d'údaráis a fheidhmíonn na freagrachtaí céanna a fheidhmíonn rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla; nó gnóthas neamh-thráchtála atá faoi úinéireacht nó bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla agus ag a bhfuil socruithe ráthaíochta follasacha, agus féadfaidh comhlachtaí féinriartha arna rialú ag dlí atá faoi mhaoirseach phoiblí a áireamh leo;
(9) ciallaíonn 'comhlacht bainistíochta' comhlacht bainistíochta mara shainmhínítear é i bpointe 7 d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)
(10) ciallaíonn 'bainistíocht shinsearach' bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (9) Airteagal 43(1) de Threoir 2013/36/(AE);
(11) ciallaíonn "priacal sistéamach" priacal sistéamach mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)
(12) ciallaíonn "priacal samhla" priacal samhla mar a shainmhíntear éi bpointe (11) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE);
(13) ciallaíonn 'tionscnóir' a bhfuil an méid a leanas fíor ina leith:
(a) eintiteas a bhí páirteach, tríd an eintiteas féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaithe, nó an fhéichiúnaithe ionchais, as ar tháinig an risíocht arna urrúsú;
(b) eintiteas a cheannaíonn risíochtaí tríú páirtí dá chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin;
(14) ciallaíonn 'urraitheoir' institiúid seachas institiúid tionscnóra a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-fhothaithe nó scéim urrúsaithe eile a cheannaíonn risíochtaí ó eintitis tríú páirtí;
(15) ciallaíonn 'máthairghnóthas':
(a) máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;
(b) chun críocha Chuid 2 de Chaibidlí 3 agus 4 de Theideal VII, agus Theideal VIII de Threoir 2013/36/(AE) agus Chuid a Cúig den Rialachán seo, máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas a bhfuil tionchar ceannasach aige ar aon ghnóthas eile;
(16) ciallaíonn 'fochuideachta':
(a) gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;
(b) gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas ar a bhfuil tionchar ceannasach ag máthairghnóthas;
Fochuideachtaí de chuid fochuideachta, measfar gur fochuideachta í de chuid an ghnóthais atá ina mháthairghnóthas bunaidh aici;
(17) ciallaíonn 'brainse' áit ghnó atá ina cuid spleách de réir dlí d'institiúid agus a dhéanann go díreach na hidirbhearta uile nó cuid díobh ar cuid dhílis iad de ghnó na n-institiúidí;
(18) ciallaíonn 'gnóthas seirbhísí coimhdeacha' gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúid creidmheasa amháin nó níos mó;
(19) ciallaíonn 'cuideachta bhainistíochta sócmhainní' cuideachta bhainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear í i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE nó BCIM mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla agus atá faoi réir dhlíthe tríú tír a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;
(20) ciallaíonn 'cuideachta shealbhaíochta airgeadais' institiúid airgeadais ar institiúidí airgeadais a fochuideachtaí uile nó an chuid is mó díobh, a bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fochuideachtaí sin ina institiúid, agus nach bhfuil ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
(21) ciallaíonn 'cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha' cuideacht sealbhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear í i bpointe 15 d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE;
(22) ciallaíonn 'cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha' máthairghnóthas nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais ná institiúid ná cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í, a bhfuil institiúid amháin ar a laghad i measc a fochuideachtaí
(23) ciallaíonn 'gnóthas árachais tríú tír' gnóthas árachais tríú tír mar a shainmhínítear é i bpointe (6) d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;
(24) ciallaíonn 'gnóthas athárachais tríú tír' gnóthas athárachais tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;
(25) ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta aitheanta de chuid tríú tíortha' gnólacht a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) bheadh sé cumhdaithe ag an sainmhíniú ar ghnólacht infheistíochta, dá mbeadh sé bunaithe laistigh den Aontas;
(b) tá sé údaraithe i dtríú tír;
(c) tá sé faoi réir rialacha stuamachta a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ar a laghad chomh dian leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo nó le Treoir2013/36/AE agus a chomhlíonann na rialacha sin;
(26) ciallaíonn 'institiúid airgeadais' gnóthas seachas institiúid, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchas a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachtasealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid íocaíochta laistigh de bhrí Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach ( 4 ), agus cuideachtabainistíochta sócmhainní, ►C2 ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (f) agus i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE faoi seach iad; ◄
(27) ciallaíonn 'eintiteas earnála airgeadais' aon cheann díobh seo a leanas:
(a) institiúid;
(b) institiúid airgeadais;
(c) gnóthas seirbhísí coimhdeacha a áirítear i staid chomhdhlúite airgeadais institiúide;
(d) gnóthas árachais;
(e) gnóthas árachais tríú tír;
(f) gnóthas athárachais;
(g) gnóthas athárachais tríú tír;
(h) cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear i bpointe (f) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE í;
(k) gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin;
(l) gnóthas tríú tíre a bhfuil príomhghnó aige atá inchomparáide le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go (k) thuas.
(28) ciallaíonn 'máthairinstitiúid i mBallstát' institiúid i mBallstáit a bhfuil institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta aici, a bhfuil rannpháirtíocht aici in institiúid den chineál sin nó in institiúid airgeadais agus nach bhfuil ina fochuideachta de chuid institiúide eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.
(29) ciallaíonn 'máthairinstitiúid AE' máthairinstitiúid i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe in aon Bhallstát;
(30) ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát' cuideachta shealbhaíochta airgeadais nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna;
(31) ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE' máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;
(32) ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát' cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.
(33) ciallaíonn 'máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha AE' máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;
(34) ciallaíonn 'contrapháirtí lárnach' nó 'CL' CL mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;
(35) ciallaíonn 'rannpháirtíocht' rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte in Airteagal 17 de Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí ( 5 ), nó úinéireacht, díreach nó indíreach, 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;
(36) ciallaíonn 'sealúchas cáilitheach' sealúchas díreach nó indíreach i ngnóthas arb ionann é agus 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an ghnóthais sin;
(37) ciallaíonn 'rialú' an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle nó na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;
(38) ciallaíonn 'dlúthnaisc' staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dlítheanacha, nó níos mó, nasctha le chéile ar cheann de na bealaí seo a leanas:
(a) rannpháirtíocht i bhfoirm úinéireachta, bíodh sé díreach nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais;
(b) smacht;
(c) an dá duine nádúrtha nó dlítheanacha nó iad go léir a bheith buan-nasctha leis an tríú duine trí ghaolmhaireacht rialaithe;
(39) ciallaíonn 'grúpa cliant nasctha' aon cheann díobh seo a leanas:
(a) dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, ar aon priacal amháin iad, mura léirítear a mhalairt, toisc go bhfuil rialú ag duine acu, go díreach nó go hindíreach, ar an duine nó ar na daoine eile;
(b) dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nach bhfuil aon ghaol rialaithe den chineál a dtagraítear dó i bpointe (a) eatarthu, ach atá le meas mar aon priacal amháin toisc go bhfuil an nasc chomh dlúth sin eatarthu gur dócha, dá mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine amháin acu, go háirithe deacrachtaí maoinithe nó aisíocaíochta, go mbeadh deacrachtaí airgeadais ag an duine eile nó ag na daoine eile go léir;
D'ainneoin phointe (a) agus do phointe (b),sa chás go bhfuil rialú díreach ag rialtas láir ar níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó go bhfuil sé idirnasctha go díreach leo, féadfar, maidir leis an tacar arb éard atá ann an rialtas láir agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoina rialú díreach nó indíreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis i gcomhréir le pointe (b), an tacar sin a mheas mar ghrúpa nach bhfuil cliaint nasctha ann. Ina ionad sin, féadfar measúnú ar leith a dhéanamh, ina measfaí an ann do ghrúpa cliant nasctha ina bhfuil an rialtas láir agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ar measúnú do gach duine ar leith é atá faoina rialú díreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha go díreach leis i gcomhréir le pointe (b), agus do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoi rialú an duine sin i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis an duine sin i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear an rialtas láir. Tá feidhm ag an méid sin freisin i gcás rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil a bhfuil feidhm ag Airteagal 115(2) ina leith;
(40) ciallaíonn 'udarás inniúil' údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta, agus a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht dó maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann;
(41) ciallaíonn 'maoirseoir comhdhlúthaithe' údarás inniúil atá freagrach as feidhmiú na maoirseachta, ar bhonn comhdhlúite, ar mháthairinstitiúidí an AE agus ar institiúidí arna rialú ag máthairinstitiúidí cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais an AE nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an AE;
(42) ciallaíonn 'údarú' ionstraim arna heisiúint i bhfoirm ar bith ag na húdaráis ar ar deonaíodh an ceart an gnó a dhéanamh;
(43) ciallaíonn 'Ballstát baile' an Ballstát ar tugadh údarú d'institiúid ann;
(44) ciallaíonn 'Ballstát óstaigh' an Ballstát a bhfuil brainse ag institiúid ann nó ina gcuireann sí seirbhísí ar fáil;
(45) ciallaíonn 'bainc cheannais CEBC' na bainc cheannais náisiúnta atá ina gcomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE);
(46) ciallaíonn 'bainc cheannais' bainc cheannais CEBC agus bainc cheannais tríú tíortha
(47) ciallaíonn 'cás comhdhlúite' an cás a thagann as ceanglais an rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II de Chaibidil 2 ar institiúid amhail dá mba institiúid amháin í agus eintiteas amháin eile nó níos mó;
(48) ciallaíonn 'bonn comhdhlúite' ar bhonn an cháis chomhdhlúite;
(49) ciallaíonn 'ar bhonn fo-chomhdhlúite' ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha gan fo-ghrúpa eintiteas san áireamh nó ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nach an mháthairinstitiúid dheiridh, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais dheiridh nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha dheiridh í.
(50) ciallaíonn 'ionstraim airgeadais' aon cheann díobh seo a leanas:
(a) conradh a bhfuil mar thoradh air sócmhainn airgeadais i gcás páirtí amháin agus dliteanas airgeadais nó ionstraim cothromais i gcás an pháirtí eile;
(b) ionstraim a shainítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;
(c) ionstraim airgeadais dhíorthach;
(d) ionstraim phríomhúil airgeadais;
(e) ionstraim airgid.
Ní ionstraimí airgeadais na hionstraimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ach amháin sa chás go ndíorthaítear a luach ó phraghas ionstraime airgeadais fholuitigh, ó ítim eile fholuiteach, ó ráta, nó ó innéacs;
(51) ciallaíonn 'caipiteal tosaigh' suim agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE i dtaca le hinstitiúidí creidmheasa agus i dTeideal IV den Treoir sin i dtaca le gnólachtaí infheistíochta;
(52) ciallaíonn 'priacal oibriúcháin' an priacal caillteanais a eascraíonn ó chórais, ó dhaoine nó ó phróisis inmheánaigh ar theip orthu nó nach raibh leormhaith, nó ó theagmhais sheachtracha, agus tá priacal dlíthiúil san áireamh freisin;
(53) ciallaíonn 'priacal caolúcháin' an priacal go laghdófaí suim infhála trí chreidmheasanna airgid nó neamh-airgid chuig an bhféichiúnaí;
(54) ciallaíonn 'dóchúlacht mainneachtana' nó 'DM' an dóchúlacht mainneachtana a bhaineann le contrapháirtí ar feadh tréimhse bliana;
(55) ciallaíonn 'caillteanas i gcás mainneachtana' nó LGD cóimheas an chaillteanais ar risíocht de thoradh mainneachtana chontrapháirtí leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;
(56) ciallaíonn 'fachtóir coinbhéartaithe' cóimheas mhéid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill agus a d'fhéadfaí a tharraingt agus a bheadh gan íoc, dá bhrí sin, tráth na mainneachtana, le méid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill. Is í an teorainn mholta a chinnfidh fairsinge an ghealltanais, ach amháin má tá an teorainn neamh-mholta níos airde;
(57) ciallaíonn 'maolú priacal creidmheasa' teicníc a úsáideann institiúid chun an priacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó risíochtaí atá fós i seilbh na hinstitiúide a laghdú;
(58) ciallaíonn 'cosaint creidmheasa chistithe' teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as ceart na hinstitiúide sin,i gcás mainneachtana an chontrapháirtí nó i gcás teagmhais chreidmheasa sainithe eile a bhaineann leis an gcontrapháirtí,sócmhainní nó méideanna áirithe a leachtú nó iad a chur á n-aistriú nó á leithreasú, iad a choinneáil, nó an risíocht orthu a laghdú, nó an difear idir méid na risíochta agus méid éilimh ar an institiúid a chur ina n-ionad;
(59) ciallaíonn 'cosaint neamhchistithe creidmheasa' teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as oibleagáid tríú páirtí suim a íoc i gcás mainneachtana an iasachtaí nó i gcás teagmhas creidmheasa sainithe eile;
(60) ciallaíonn 'ionstraim chomhshamhlaithe airgid' deimhniú corrlaigh, banna lena n-áirítear banna faoi chumhdach nó aon ionstraim neamh-fho-ordaithe eile atá eisithe ag institiúid, a bhfuil íocaíocht iomlán faighte ag an institiúid ina leith cheana féin agus a aisíocfar gan choinníoll ag a luach ainmniúil;
(61) ciallaíonn 'urrúsú' idirbheart nó scéim ina ndéantar tráinsiú ar an bpriacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó comhthiomsú risíochtaí, lena mbaineann an dá thréith seo a leanas:
(a) tá na híocaíochtaí san idirbheart nó sa scéim ag brath ar fheidhmíocht na risíochta nó an chomhthiomsaithe risíochtaí;
(b) cinneann fo-ordú na dtráinsí dáileadh na gcaillteanas ar feadh shaolré leanúnach na hidirbhearta nó na scéime;
(62) ciallaíonn 'suíomh urrúsúcháin' risíocht ar urrúsúcháin;
(63) ciallaíonn 'ath-urrúsú' urrúsú ina bhfuil an priacal a bhaineann le comhthiomsú bunúsach risíochtaí ina thráinsí agus go bhfuil ar a laghad ceann amháin de na risíochtaí fholuiteacha ina suíomh urrúsúcháin;
(64) ciallaíonn 'suíomh ath-urrúsúcháin' risíocht ar ath-urrúsúchán;
(65) ciallaíonn 'feabhsú creidmheasa' socrú conarthach trína ndéantar cáilíocht chreidmheasa suímh atá in urrúsú a fheabhsú le hais mar a bheadh sé murach sin, lena n-áirítear feabhsú a thagann as tráinsí níos sóisearaí san urrúsú agus as cineálacha eile cosanta creidmheasa;
(66) ciallaíonn 'eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó 'SSPE' iontaobhas corparáide nó eintiteas eile, seachas institiúid, arna eagrú chun urrúsú a dhéanamh, a bhfuil a ghníomhaíochtaí teoranta do na gníomhaíochtaí sin is iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach, a bhfuil a struchtúr ceaptha oibleagáidí an SSPE a scaradh ó oibleagáidí na hinstitiúide tionscnóra, agus ina bhfuil sé de cheart ag sealbhóirí leasanna tairbhiúla na leasa sin a ghealladh nó a mhalartú gan srian;
(67) ciallaíonn 'tráinse' deighleog, arna bhunú de réir conartha, den priacal creidmheasa a bhaineann le neamhcosaint nó roinnt risíochtaí, i gcás ina mbaineann priacal caillteanais chreidmheasa le suíomh sa deighleog atá níos mó nó níos lú ná an priacal a bhaineann le suíomh dar méid chéanna i ngach deighleog eile den chineál céanna, gan aird a thabhairt ar chosaint creidmheasa arna chur ar fáil go díreach ag tríú páirtithe do shealbhóirí suíomh sa deighleog sin nó i ndeighleoga eile;
(68) ciallaíonn 'marcáil ón margadh' luacháil suíomh ag praghsanna thráth dúnta an mhargaidh atá ar fáil gan dua agus a bhfuil foinse neamhspleách acu, lena n-áirítear praghsanna malartaithe, praghsanna scáileáin nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha;
(69) ciallaíonn 'marcáil de réir samhla' aon luacháil is gá a thagarmharcáil, a eachtarshuí nó a ríomh ar bhealach eile ó ionchur margaidh amháin nó níos mó;
(70) ciallaíonn 'fíorú neamhspleách ar phraghsanna' próiseas ina ndéantar praghsanna an mhargaidh nó ionchuir marcáil de réir samhla a fhíorú go rialta maidir le cruinneas agus neamhspleáchas;
(71) ciallaíonn 'caipiteal incháilithe' na nithe seo a leanas:
(a) chun críocha Theideal III de Chuid a Dó, ciallaíonn sé suim na nithe seo a leanas:
(i) caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25, gan an asbhaint atá in Airteagal 36(1)(k)(i) a chur i bhfeidhm;
(ii) caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin faoi mar a ríomhtar é de bhun phointe (i) den phointe seo;
(b) chun críocha Airteagal 97 agus Chuid a Ceathair, ciallaíonn sé suim na nithe seo a leanas:
(i) Caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25;
(ii) Caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin.
(72) ciallaíonn 'malartán aitheanta' malartán a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a) is margadh rialáilte é;
(b) tá sásra imréitigh aige trína ndéantar conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur faoi réir ceanglas corrlaigh laethúil a chuireann cosaint iomchuí ar fáil, i dtuairim na n-údarás inniúil;
(73) ciallaíonn 'sochair phinsin lánroghnacha' sochair phinsin fheabhsaithe arna dtabhairt ar bhonn lánroghnach ag institiúid d'fhostaí mar chuid dá phacáiste luach saothair inathraithe, nach gcuimsíonn sochar fabhraithe a tugadh d'fhostaí faoi théarmaí scéim pinsean na cuideachta;
(74) ciallaíonn 'luach iasachta morgáiste' luach maoine dochorraithe arna chinneadh ag measúnú stuama ar indíoltacht na maoine sa todhchaí, ag cur san áireamh gnéithe inbhuanaithe fadtéarmacha na maoine, gnáthchoinníollacha an mhargaidh áitiúil, úsáid reatha agus úsáidí malartacha iomchuí na maoine;
(75) Ciallaíonn 'maoin chónaithe' áit chónaithe atá áitithe ag an úinéir nó ag léasaí na háite cónaithe, lena n-áirítear an ceart chun cónaí in árasán i gcomharchumainn tithíochtaatá lonnaithe sa tSualainn;
(76) ciallaíonn 'margadhluach', chun críocha maoine dochorraithe, an méid measta ba cheart a bheith ar an mhaoin ar í a mhalartú ar an dáta luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí tar éis margaíochta cuí ina raibh na páirtithe ag gníomhú go heolasach, go stuama agus gan bheith faoi éigeantas;
(77) ciallaíonn 'creat cuntasaíochta infheidhme' na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil an institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó Treoir 86/635/CCE;
(78) ciallaíonn 'ráta mainneachtana aon bhliana' cóimheas an lín mainneachtana a thit amach i rith tréimhse dar tús aon bhliain amháin roimh dáta T leis an líon féichiúnaithe a shanntar don ghrád nó don líon sin aon bhliain amháin roimh an dáta sin;
(79) ciallaíonn 'maoiniú amhantrach maoine dochorraithe' iasachtaí ar mhaithe le héadáil nó forbairt nó tógáil ar thalamh a bhaineann leis an maoin dhochorraithe sin, nó a bhaineann leis an maoin sin, d'fhonn í a athdhíol chun brabús a dhéanamh;
(80) ciallaíonn 'maoiniú trádála' maoiniú, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí trí tháirgí airgeadais d'aibíocht sheasta ghearrthéarmach, níos lú ná bliain amháin go hiondúil, gan tar-rolladh uathoibríoch,risíochtaí;
(81) Ciallaíonn 'creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil' iasachtaí nó creidmheasanna chun onnmhairiú earraí agus seirbhísí a mhaoiniú a sholáthraíonn gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil ráthaíochtaí, árachas nó maoiniú díreach ina leith;
(82) ciallaíonn 'comhaontú athcheannaigh' agus 'comhaontú athcheannaigh droim ar ais' aon chomhaontú ina n- aistríonn institiúid nó a contrapháirtí urrúis nó tráchtearraí nó cearta ráthaithe a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí nuair is malartán aitheanta a shealbhaíonn cearta na n-urrúis nó na dtráchtearraí a eisíonn an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugann an comhaontú cead don institiúid urrús nó tráchtearra ar leith a aistriú chuig níos mó ná contrapháirtí amháin san am céanna, faoi réir tiomantais iad a athcheannach, nó le hurrúis nó tráchtearraí athsholáthraithe den chineál céanna ag praghas agus ar dháta sa todhchaí atá sainithe ag an aistreoir, nó ag praghas agus ar dháta a shaineoidh sé, agus arb é atá iontu comhaontú athcheannaigh ag an institiúid atá ag díol na n-urrús nó na dtráchtearraí agus comhaontú ceannaigh droim ar ais ag an institiúid atá á gceannach;
(83) ciallaíonn 'idirbheart athcheannaigh' aon idirbheart arna rialú ag comhaontú athcheannaigh nó comhaontú athcheannaigh droim ar ais;
(84) ciallaíonn 'comhaontú simplí athcheannaigh' idirbheart athcheannaigh ar shócmhainn aonair nó ar shócmhainní chomhchosúla, neamhchasta seachas bascaed sócmhainní;
(85) ciallaíonn 'suímh arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil' aon cheann díobh seo a leanas:
(a) suímh dhílsithe agus suímh a eascraíonn ó sheirbhísiú cliaint agus ó dhéanamh margaí;
(b) suímh atá ceaptha lena n-athdhíol sa ghearrtéarma;
(c) suímh atá ceaptha leas a bhaint as difríochtaí praghais gearrthéarmacha iarbhír nó ionchais idir praghsanna ceannaigh agus praghsanna díola nó as athróga eile ar phraghsanna nó as athróga ar an ráta úis;]
(86) ciallaíonn 'leabhar trádála' gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála nó d'fhonn suímh arna sealbhú le hintinn trádála a fhálú;]
(87) ciallaíonn 'saoráid trádála iltaobhach' saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhíníter í i bpointe 15 d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;]
(88) ciallaíonn 'contrapháirtí lárnach cáilitheach' nó 'CLC' contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;
(89) ciallaíonn 'ciste mainneachtana' ciste arna bhunú ag contrapháirtí lárnach i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 agus arna úsáid i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán sin;
(90) ciallaíonn 'ranníocaíocht réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh' ranníocaíocht le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh a íocann institiúid;
►C2 (91) ciallaíonn 'risíocht trádála' risíocht reatha, lena n-áiritear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh nó don chliant ach nach bhfuarthas fós ◄ agus aon risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo de chuid chomhalta imréitigh nó de chuid chliaint ar chontrapháirtí lárnach a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1), pointí (a) go (e), mar aon le corrlach tosaigh;]
(92) ciallaíonn 'margadh rialáilte' margadh rialtáilte mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;
(93) ciallaíonn 'luamhánú' méid choibhneasta sócmhainní institiúide, oibleagáidí atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí teagmhasacha comhthaobhacht a íoc nó a sheachadadh nó a sholáthar, lena n-áirítear oibleagáidí ó mhaoiniú faighte, tiomantais déanta, díorthaigh nó comhaontuithe athcheannaigh, cé is moite d'oibleagáidí nach féidir a chur i bhfeidhm ach amháin le linn leachtú institiúide, i gcomparáid le cistí dílse na hinstitiúide sin;
(94) ciallaíonn "priacal luamhánaithe iomarcaigh" an priacal a eascraíonn as leochaileacht institiúide mar gheall ar luamhán nó ar luamhán teagmhasach lena bhféadfaí bearta ceartaitheacha neamhbheartaithe a éileamh i ndáil lena phlean gnó, lena n-áirítear díol tochsail sócmhainní a bhféadfadh caillteanais nó coigeartuithe luachála ar na sócmhainní atá fós aige a bheith mar thoradh air;
(95) ciallaíonn 'coigeartú ar priacal creidmheasa' méid an tsoláthair shonraigh agus ghinearálta do chaillteanas ar iasachtaí i gcomhair priacail creidmheasa, ar méid é ar tugadh aitheantas ina leith i ráitis airgeadais na hinstitiúide i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(96) ciallaíonn 'fálú inmheánach' suíomh lena fritháirítear na n-eilimintí priacal comhpháirte idir suíomh sa leabhar trádála agus suíomh sa leabhar neamhthrádála nó sraith suímh, ó thaobh ábhair de;
(97) ciallaíonn 'oibleagáid tagartha' oibleagáid a mbaintear úsáid aisti chun an luach socraíochta a bheidh ag díorthach creidmheasa a chinneadh.
(98) Ciallaíonn institiúidí um measúnú creidmheasa seachtrach nó IMCS gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ( 6 ) nó banc ceannais a eisíonn rátálacha creidmheasa atá díolmhaithe ó fheidhm Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
(99) Ciallaíonn "IMCS ainmnithe" IMCS a ainmníonn institiúid;
(100) tá le 'ioncam cuimsitheach carntha eile' an bhrí atá leis faoin gCaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
(101) ciallaíonn 'cistí dílse bunúsacha' cistí dílse bunúsacha de réir bhrí Airteagal 88 de Threoir 2009/138/CE;
(102) ciallaíonn 'ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 1' ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
(103) ciallaíonn 'ítimí breise d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1' ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin mar chaipiteal Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 94(1) den Treoir sin, agus ina bhfuil teorainn ar áirithiú na hítimí sin de bhun ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 99 den Treoir sin;
(104) ciallaíonn 'ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 2' ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 2 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 2 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
(105) ciallaíonn 'ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 3' ítimí árachais bunúsacha chistí dílse ghnóthais atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 3 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 3 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
(106) tá le 'sócmhainní cánach iarchurtha' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(107) ciallaíonn ‘sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí sócmhainní cánach iarchurtha nach bhféadfar a luach todhchaí a réadú ach amháin sa chás go ngineann an institiúid brabús inchánach sa todhchaí;
(108) tá le 'dliteanais cánach iarchurtha' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme
(109) ciallaíonn 'sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe' sócmhainní ciste pinsean sainithe nó sócmhainní plean pinsean sainithe, de réir mar is infheidhme, arna ríomh tar éis iad a laghdú le méid na n-oibleagáidí faoin bplean nó faoin gciste sin;
(110) ciallaíonn 'dáileacháin' íocaíocht díbhinní nó leas i bhfoirm ar bith;
(111) tá le 'gnóthas airgeadais' an bhrí atá leis faoi phointí (b) agus (d) d'Airteagal 13(25) de Threoir 2009/138/CE;
(112) tá le 'cistí do priacail baincéireachta ginearálta' an bhrí atá leis faoi Airteagal 38 de Threoir 86/635/CEE;
(113) tá le 'cáilmheas' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(114) ciallaíonn 'sealúchas indíreach' risíocht ar bith d'eintiteas idirmheánach a bhfuil risíocht aige ar ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais más rud é, sa chás go ndíscríobhtar ionstraimí caipitil arna eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais go buan, nach mbeadh aon difear ábharach idir an caillteanas a thabhódh an institiúid mar thoradh ar an díscríobh agus an caillteanas a thabhódh an institiúid ó shealúchas díreach na n-ionstraimí caipitil sin arna n-eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais;
(115) tá le 'sócmhainní doláimhsithe' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus áirítear leis cáilmheas;
(116) ciallaíonn 'ionstraimí caipitil eile' ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis ábhartha san earnáil airgeadais nach gcáilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 2, ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1, ítimí breise d'árachas cistí dílse Leibhéal 1, ítimí d'árachas cistí dílse Leibhéal 2, ná ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 3;
(117) ciallaíonn 'cúlchistí eile' cúlchistí de réir bhrí an chreata cuntasaíochta is infheidhme nach foláir a nochtadh faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, cé is moite d'aon mhéideanna ar áireamh cheana féin in ioncam cuimsitheach carntha eile nó i dtuilleamh coimeádta;
(118) ciallaíonn 'cistí dílse' suim chaipiteal Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 2;
(119) ciallaíonn 'ionstraimí cistí dílse' ionstraimí chaipitil arna n-eisiúint ag an institiúid a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Breise Leibhéal 2;
(120) ciallaíonn 'leas mionlaigh' an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta institiúide atá inchurtha i leith duine nádúrtha nó dlítheanach seachas iad siúd a áirítear i raon feidhme comhdhlúthaithe stuamachta na hinstitiúide;
(121) tá le 'brabús' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(122) ciallaíonn 'tras-shealúchas cómhalartach' sealúchas chuid institiúide ar ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais i gcás ina bhfuil ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag an institiúid i seilbh na n-eintiteas sin freisin;
(123) ciallaíonn 'tuilleamh coimeádta' brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur chun feidhme deiridh an bhrabúis nó an chaillteanais faoi na creataí cuntasaíochta is infheidhme;
(124) tá le 'cuntas scairbhisigh' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(125) tá le 'difríochtaí sealadacha' an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
(126) ciallaíonn 'sealúchas sintéiseach' infheistíocht a dhéanfaidh institiúid in ionstraim airgeadais a bhfuil nasc díreach ag luach na hionstraime le luach na n-ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais.
(127) ciallaíonn 'scéim trasráthaíochta' scéim lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);
(b) tá na hinstitiúidí comhdhlúite go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(b), (c) nó (d) nó le hAirteagal1 (2) den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle maidir le cuntais chomhdhlúite agus áirítear iad sa mhaoirseacht a dhéantar, ar bhonn comhdhlúite, ar an institiúid arb é máthairinstitiúid i mBallstát é de réir Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon agus atá faoi réir an cheanglais cistí dílse;
(c) bunaítear máthairinstitiúid agus na fochuideachtaí sa Bhallstát céanna agus tá siad faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag an údarás inniúil céanna;
(d) tá comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil ag an máthairinstitiúid i mBallstát agus ag na fochuideachtaí a thugann cosaint do na hinstitiúidí sin agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint i gcás ina bhfuil gá sin a dhéanamh;
(e) tá socruithe i bhfeidhm lena áirithiú go gcuifear acmhainn airgeadais ar fáil go pras i dtéarmaí caipitil agus leachtachta más gá faoin gcomhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil dá dtagraítear i bpointe (d);
(f) déanann an t-údarás inniúil faireachán ar leordhóthanacht na socruithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) go rialta;
(g) tá íostréimhse fógartha10 mbliana ag fochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;
(h) tá sé de chumhacht ag an údarás inniúil cosc a chur ar fhochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;
(128) ciallaíonn 'ítimí indáilte' méid an bhrabúis ag deireadh na bliana airgeadais deireanaí móide aon bhrabús a thugtar ar aghaidh agus aon chúlchistí atá ar fáil chuige sin sula ndéanfar dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cistí dílse lúide aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh, brabúis atá neamh-indáilte de bhun na bhforálacha sa reachtaíocht nó fodhlíthe na n-institiúidí agus suimeanna a chuirtear i gcúlchistí neamh-indáilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme nó le reachtanna na hinstitiúideagus na caillteanais agus na cúlchistí sin á gcinneadh ar bhonn chuntas aonair na hinstitiúide seachas ar bhonn na gcuntas comhdhlúite.
2. I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do mhaoin dhochorraithe, do mhaoin chónaithe nó do mhaoin tráchtála dhochorraithe nó do mhorgáiste ar mhaoin den chineál sin, áireofar léi nó leis scaireanna i gcuideachtaí tithíochta chónaithe Fionlannacha i gcomhréir leis an dlí Fionlannach maidir le cuideachtaí tithíochta (1991), nó i gcomhréir le reachtaíocht choibéiseach iardain. Féadfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla a cheadú go láimhseálfar scaireanna atá ina sealúchais indíreacha mhaoine dochorraithe choibhéiseacha mar shealúchas díreach mhaoine dochorraithe ar an gcoinníoll go rialófar an sealúchas indíreach sin go sonrach i ndlí náisiúnta an Bhallstáit agus nuair a chuirfear i ngeall mar chomhthaobhacht é go soláthróidh sé cosaint choibhéiseach do chreidiúnaithe.
3. Bíonn maoiniú trádála mar dá dtagraítear i bpointe (80) de mhír 1 neamhcheangailteach de ghnáth agus éilíonn sé doiciméid tacaíochta idirbheartaíochta sásúla le haghaidh gach iarratais tarraingthe lena gceadófar an maoiniú a dhiúltú i gcás ina mbeidh amhras ar bith ann faoi hacmhainneacht creidmheasa nó faoi na doiciméid tacaíochta idirbheartaíochta. Bíonn aisíoc risíochtaí trádála airgeadais neamhspleách ón iasachtaí de ghnáth; ina ionad sin tagann na cistí ó airgead tirim a fuarthas ó allmhaireoirí nó bíonn siad mar thoradh ar fháltais ó na hearraí fholuiteacha a dhíol.
Airteagal 5
Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa
Chun críocha Chuid a Trí, Theideal II, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn 'neamhchosaint', sócmhainn nó ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe.
(2) ciallaíonn 'caillteanas' caillteanas eacnamaíoch, lena n-áirítear éifeachtaí lascainí móra, agus costais ábhartha dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le hathghnóthú na hionstraime;
(3) ciallaíonn 'caillteanas ionchasach' nó CI, cóimheas na méide a cheaptar a chaillfear ar risíocht i ngeall ar mhainneachtain chontrapháirtí nó caolúchán thar thréimhse bliana leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;
TEIDEAL II
LEIBHÉAL CUR I BHFEIDHM CEANGLAS
CAIBIDIL 1
Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn aonair
Airteagal 6
Prionsabail ghinearálta
1. Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Cúig agus Cuid a hOcht ar bhonn aonair.
2. Maidir le haon institiúid ar fochuideachta í sa Bhallstát ina bhfuil sí údaraithe agus maoirsithe nó ar máthairghnóthas í, agus maidir le haon institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 89, Airteagal 90 agus Airteagal 91 a chomhlíonadh ar bhonn aonair.
3. Maidir le haon institiúid ar máthairghnóthas í nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.
4. Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníonmhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe 3 agus i bpointe 6 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn aonair. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(3), féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.
5. Déanfaidh institiúidí, seachas na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus in Airteagal 96(1) agus na hinstitiúidí sin a fheidhmíonn na húdaráis inniúla an maolú atá sonraithe in Airteagal 7(1), nó in Airteagal 7(3), na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Seacht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.
Airteagal 7
Maolú ar chur chun feidhme ceanglas stuamachta ar bhonn aonair
1. Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh i leith aon fhochuideachta de chuid institiúide, i gcás ina bhfuil an fhochuideachta agus an institiúid faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcás ina bhfuil an fhochuideachta ar áireamh sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite ar an institiúid arb í an mháthairghnóthas í, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear cistí dílse go leordhóthanach idir an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí:
(a) ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
(b) sásaíonn an máthairghnóthas an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le cead ón údarás inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó neachtar acu tá priacail an fhochuideachta diomaibhseach;
(c) cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal na máthairchuideachta an fhochuideachta freisin;
(d) tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh na máthairchuideachta nó neachtar acu tá sé de cheart ag an máthairchuideachta formhór bhaill de chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.
2. Féadfaidh údaráis inniúla an rogha dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú i gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna bunú in aon Bhallstát leis an institiúid, ar an gcoinníoll go bhfuil sí faoi réir na maoirseachta céanna a fheidhmítear maidir le hinstitiúidí, na caighdeáin atá leagtha síos in Airteagal 11(1) go háirithe.
3. Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh maidir le máthairinstitiúid i mBallstát, i gcás go bhfuil an institiúid sin faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil sí cuimsithe faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear na cistí dílse go leormhaith ar an máthairchuideachta agus ar na fochuideachtaí:
(a) ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairinstitiúid i mBallstát cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
(b) cuimsítear an mháthairinstitiúid i mBallstát leis na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal atá ábhartha don mhaoirseacht chomhdhlúite;
An t-údarás inniúil a bhaineann úsáid as an mír seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas ina leith.
Airteagal 8
Maolú ar chur chun feidhme ceanglas leachtachta ar bhonn aonair
1. Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Chuid a Sé a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid agus maidir lena fochuideachtaí go léir san Aontas, nó maidir le cuid acu, agus féadfaidh siad maoirseacht a dhéanamh orthu mar fhoghrúpa leachtachta aonair, fad a chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a) déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh;
(b) déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuímh leachtachta gach institiúide atá laistigh den ghrúpa nó den fhoghrúpa, atá faoi réir na tarscaoilte agus áirithíonn sí go mbíonn leibhéal leordhóthanach leachtachta ann do na hinstitiúidí sin uile;
(c) tá na hinstitiúidí tar éis dul i gconarthaí atá chun sástacht na n-údarás inniúil ina ndéantar foráil maidir le saorghluaiseacht maoine eatarthu chun cur ar a gcumas a n-oibleagáidí aonair agus comhpháirteacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;
(d) ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, maidir le comhlíonadh na gconarthaí dá dtagraítear i (c).
Faoin 1 Eanáir 2014, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le constaicí dlí ar bith a bhféadfadh sé dá mbarr gur dodhéanta a bheadh sé pointe (c) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus iarrtar air togra reachtach a dhéanamh, más iomchuí, faoin 31 Nollaig 2015 maidir le cé acu de na na constaicí sin ba cheart a bhaint.
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chuid a Sé maidir le hinstitiúid agus maidir lena bhfochuideachtaí uile, nó cuid díobh, a tharscaoileadh ina iomláine nó i bpáirt, i gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe sa Bhallstát céanna agus ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1.
3. I gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe i roinnt Ballstát, ní chuirfear mír 1 i bhfeidhm ach amháin tar éis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a leanúint, agus ní dhéanfar é sin ach amháin i gcás institiúidí a n-aontaíonn a n-údaráis inniúla maidir leis na gnéithe seo a leanas:
(a) a measúnú ar chomhlíonadh na heagraíochta agus ar láimhseáil an priacal leachtachta leis na coinníollacha a cheanglaítear le hAirteagal 86 de Threoir (AE)201336 thar an bhfoghrúpa leachtachta aonair;
(b) dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den bhfoghrúpa leachtachta aonair;
(c) cinneadh a dhéanamh i ndáil le híoslíon sócmhainní leachtacha arna sealbhú ag institiúidí a bhfuil cur chun feidhme Chuid a Sé tarscaoilte ina leith;
(d) an gá atá le paraiméadair níos déine ná iad sin atá leagtha amach i gCuid a Sé;
(e) roinnt neamhshrianta faisnéise iomláine idir na húdaráis inniúla.
(f) tuiscint iomlán ar impleachtaí tarscaoilte den sórt sin.
►C2 4. Féadfaidh údaráis inniúla mír 1, mír 2 agus mír 2a a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí atá ina mbaill den scéim chosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos ann, agus maidir le hinstitiúidí eile atá nasctha trí chaidreamh dá dtagraítear in Airteagal 113(6) ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos ann. ◄ Sa chás sin, cinnfidh na húdaráis inniúla go bhfuil ceann amháin de na hinstitiúidí faoi réir na tarscaoilte chun Cuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na n-institiúidí go léir sa ghrúpa leachtachta aonair.
5. I gcás ina bhfuil tarscaoileadh tugtha faoi mhír 1 nó mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, a chur i bhfeidhm freisin, ar leibhéal an fhoghrúpa leachtachta aonair agus féadfaidh siad cur i bhfeidhm Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, ar bhonn aonair, a tharscaoileadh.
Airteagal 9
An modh comhdhlúthaithe aonair
1. Faoi réir mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 144(3) de Threoir (AE)201336, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt do mháthairinstitiúidí, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, fochuideachtaí a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 7(1) a ionchorprú i ríomh a gceanglas faoi Airteagal 6(1), i gcás gur leis an mháthairinstitiúid sin aon risíochtaí nó dliteanais ábharacha.
2. Ní cheadófar an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 ach amháin i gcás ina léiríonn an mháthairinstitiúid go hiomlán do na húdaráis inniúla na dálaí agus na socruithe, lena n-áirítear socruithe dlí, a fhágann nach bhfuil aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábharach ann, agus nach bhfuil súil le bac den chineál sin, maidir le haistriú pras chistí dílse, ná aisíoc dliteanas nuair atá siad dlite ón bhfochuideachta chuig a mháthairchuideachta.
3. I gcás ina bhfeidhmíonn údarás inniúil an discréid atá leagtha síos i mír 1, cuirfidh sé údaráis inniúla gach Ballstát eile ar an eolas ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid mhír 1 agus maidir leis na dálaí agus na socruithe dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina bhfuil an fhochuideachta i dtríú tír, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis chéanna ar fáil d'údaráis inniúla na tríú tíre sin freisin.
Airteagal 10
Tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach
1. Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas atá leagtha amach i gCuid a Dó go Cuid a hOcht a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid creidmheasa amháin nó níos mó atá lonnaithe in aon Bhallstát agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirsiú orthu agus atá bunaithe in aon Bhallstát, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus institiúidí cleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí cleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;
(b) déantar faireachán ar shócmhainneacht agus ar leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí cleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;
(c) tá sé de chumhacht ag bainistíocht an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do bhainistíocht na n-institiúidí cleamhnaithe.
Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadhdá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin nó ar Threoir 2013/36/AE.
2. Nuair a bheidh na húdaráis inniúla sásta go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach sa chéad mhír á gcomhlíonadh, agus má tá dliteanais agus gealltanais an chomhlachta lárnaigh ráthaithe go hiomlán ag na hinstitiúidí cleamhnaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chodanna a Dó go dtí a ceathair agus cur i bhfeidhm Chodanna a Sé go dtí a hOcht a tharscaoileadh chuig an gcomhlacht lárnach ar bhonn aonair.
CAIBIDIL 2
Comhdhlúthú stuamachta
Airteagal 11
Láimhseáil ghinearálta
1. Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí i mBallstát, sa mhéid agus ar an modh a leagtar síos in Airteagal 18, na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Seacht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. Bunóidh na máthairghnóthais agus a gcuid bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil cuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh atá iomchuí d'fhonn a áirithiú go ndéantar na sonraí is gá don chomhdhlúthú a phróiseáil go cuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú cuí a áirithiú.
2. Comhlíonfaidh institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, sa mhéid agus ar an modh a leagtar síos in Airteagal 18, na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Seacht ar bhonn chás comhdhlúite na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin.
I gcás ina bhfuil níos mó ná institiúid amháin rialaithe ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, ní bhei dh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i leith na hinstitiúide lena mbaineann maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE.
3. Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE, institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE agus institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin, má tá sa ghrúpa institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(2) den Rialachán seo, agus mura mbeidh ach gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa, féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.
4. I gcás ina gcuirtear Airteagal 10 i bhfeidhm, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a Dó go Cuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an iomláin arb éard atá ann an chomhlacht lárnach i dteannta a institiúidí chleamhnaithe.
5. De bhreis ar na ceanglais i mír 1 go mír 4, agus gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr sonraíochtaí an priacal nó an struchtúir chaipitil de chuid institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglaítear go ndéantar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla na hinstitiúidí atá scartha go struchtúrach na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Sé go Cuid a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de chuid Threoir 2013/36/ (AE)2013 a chomhlíonadh ar bhonn fochomhdhlúite.
Beidh cur i bhfeidhm an cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Airteagal 12
Cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha ag a bhfuil fochuideachta atá ina hinstitiúid chreidmheasa agus fochuideachta atá ina ghnólacht infheistíochta araon
I gcás ina bhfuil ar a laghad institiúid chreidmheasa amháin agus gnólacht infheistíochta amháin mar fhochuideachtaí ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, beidh na ceanglais a bhfuil feidhm leo ar bhonn chás chomhdhlúite na cuideachta creidmheasa airgeadais nó na cuideachta creidmheasa airgeadais measctha, beidh siad infheidhme maidir leis an institiúid chreidmheasa.
Airteagal 13
Cur i bhfeidhm ceanglas maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite
1. Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.
Fochuideachtaí suntasacha de chuid máthairinstitiúidí den AE agus na fochuideachtaí sin a bhfuil suntasacht ábhartha ag roinnt leo ó thaobh a gcuid margaidh áitiúil, nochtfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451 agus 453, ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite.
2. Déanfaidh institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin.
Fochuideachtaí suntasacha de chuid máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais an AE nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta measctha agus na fochuideachtaí sin a bhfuil suntasacht ábhartha ag roinnt leo ó thaobh a gcuid margaidh áitiúil, nochtfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451 agus 453, ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite.
3. Ní bheidh míreanna 1 agus 2 infheidhme go hiomlán ná go páirteach i leith máthairinstitiúidí AE, institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE ná máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a mhéid a n-áirítear iad laistigh de nochtuithe coibhéiseacha arna soláthar ar bhonn comhdhlúite ag máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír.
4. I gcás ina gcuirtear Airteagal 10 i bhfeidhm, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an chomhlachta lárnaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) maidir leis an gcomhlacht lárnach agus láimhseálfar na hinstitiúidí cleamhnaithe mar fhochuideachtaí an chomhlachta lárnaigh.
Airteagal 14
Cur i bhfeidhm cheanglais Chuid a Cúig ar bhonn comhdhlúite
1. Comhlíonfaidh máthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Cúig ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite faoi réir an Rialacháin seo, lena áirithiú go bhfuil na socruithe, na próisis agus na sásraí a cheanglaítear leis na forálacha sin comhsheasmhach agus comhtháite agus gur féidir aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuireann fochuideachtaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha sin.
2. Cuirfidh institiúidí ualú priacal breise i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 407 nuair a bheidh Airteagal 92 á chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite, má sháraítear ceanglais Airteagal 405 nó ceanglais Airteagal 406 ag leibhéal eintitis atá bunaithe i dtríú tír agus a áirítear sa chomhdhlúthú de réir Airteagal 18 má tá an sárú ábhartha de réir phróifíl priacal foriomlán an ghrúpa.
3. Oibleagáidí a d'eascair ó Chuid a Cúig maidir le fochuideachtaí agus nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo, ní bheidh siad infheidhme más féidir leis an máthairinstitiúid AE nó le hinstitiúidí rialaithe ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil cur i bhfeidhm Chuid a Cúig neamhdhleathach faoi rialacha na tríú tíre ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe.
Airteagal 15
Maolú ar chur chun feidhme cheanglais chistí dílse ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta
1. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, cur i bhfeidhm Chuid a Trí den Rialachán seo agus Theideal VII de Chaibidil 4 de Threoir (AE)201336 ar bhonn comhdhlúite a tharscaoileadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na dálaí seo a leanas ann:
(a) baineann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa úsáid as an ríomh malartach de mhéid iomlán an risíochta ar priacal dá dtagraítear in Airteagal 95(2) nó in Airteagal 96(2);
(b) tá gach gnólacht infheistíochta sa ghrúpa laistigh de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1) nó in Airteagal 96(1);
(c) comhlíonann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa na ceanglais a fhorchuirtear in Airteagal 95 nó in Airteagal 96 ar bhonn aonair agus ag an am céanna asbhaineann sé ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí choimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;
(d) aon chuideachta shealbhaíochta airgeadais atá ina máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát aon ghnólachta infheistíochta sa ghrúpa, a bhfuil ar seilbh aici, ar a laghad, an méid caipitil atá sainmhínithe anseo mar shuim na nithe dá dtagraítear in Airteagal 26(1), in Airteagal 51(1) agus in Airteagal 62(1); d'fhonn suim na nithe seo a leanas a chumhdach:
(i) suim luach iomlán, de réir na leabhar, aon sealúchais, éilimh fho-ordaithe agus ionstraimí dá dtagraítear in Airteagail 36(1)(h) agus (i),56(c) agus (d), agus 66(c) agus (d) i ngnólachtaí infheistíochta, in institiúidí airgeadais, i gcuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus i ngnóthais seirbhísí coimhdeacha a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin; agus
(ii) suim iomlán aon dliteanais teagmhasaigh i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthas seirbhísí coimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;
(e) ní chuimsíonn an grúpa institiúidí creidmheasa.
I gcás ina gcomhlíontar critéir an chéad fho-ailt, beidh córais i bhfeidhm ag gach gnólacht infheistíochta AE chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar fhoinsí caipitil agus maoinithe gach cuideachta sealbhaíochta airgeadais, gnólacht infheistíochta, institiúide airgeadais, cuideachta bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha laistigh den ghrúpa.
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla an tarscaoileadh a chur i bhfeidhm freisin má tá suim níos ísle cistí dílse ag na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais ná an méid a ríomhtar faoi mhír 1(d), ach gan é a bheith níos ísle ná suim na gceanglas cistí dílse a fhorchuirtear ar bhonn aonair do ghnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin, agus suim iomlán aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin. Chun críocha na míre seo, is ceanglas barúlach cistí dílse atá sa cheanglas cistí dílse i gcás gnóthas infheistíochta tríú tíortha, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthas seirbhísí coimhdeacha.
Airteagal 16
Maolú ar chur i bhfeidhm cheanglais an chóimheasa luamhánaithe ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta
I gcás inar gnólachtaí infheistíochta atá díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(5) iad gach eintiteas i ngrúpa de ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear an máthaireintiteas, féadfaidh an máthairghnólacht infheistíochta a shocrú gan na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite.
Airteagal 17
Maoirseacht ar ghnólachtaí infheistíochta a tharscaoileadh ó chur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse ar bhonn comhdhlúite
1. Gnólachtaí infheistíochta i ngrúpa dár tugadh an tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 15, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na priacail a d'fhéadfadh an bonn a bhaint óna suímh airgeadais, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le comhdhéanamh agus foinsí a gcistí dílse, caipiteal inmheánach agus maoiniú.
2. I gcás ina dtarscaoileann na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar an ngnólacht infheistíochta an oibleagáid maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite dá bhforáiltear in Airteagal 15, déanfaidh siad bearta iomchuí eile chun faireachán a dhéanamh ar na priacail, go háirithe risíochtaí leathana, a bhaineann leis an ngrúpa ina iomláine, lena n-áirítear aon ghnóthas nach bhfuil lonnaithe i mBallstát.
3. I gcás ina dtarscaoileann na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar an ngnólacht infheistíochta cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse ar bhonn comhdhlúite de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 15, beidh feidhm ag ceanglais Chuid a hOcht ar bhonn aonair.
Airteagal 18
Modhanna chun comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh
1. Na hinstitiúidí ar a gceanglaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 1 a chomhlíonadh, ar bhonn a stádas comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú iomlán ar gach institiúid agus institiúid airgeadais atá ina bhfochuideachtaí aige, ►C2 nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna. ◄ Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 8 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil feidhm ag Cuid a Sé ar bhonn cáis chomhdhlúite institiúide.
2. Féadfaidh na húdaráis áitiúla comhdhlúthú comhréireach a cheadú, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, de réir an scair caipitil a shealbhaíonn an mháthairchuideachta san fhochuideachta. Ní cheadófar comhdhlúthú comhréireach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a) tá dliteanas an mháthairghnóthais teoranta don scair caipitil a shealbhaíonn sé san fhochuideachta i dtaca le dliteanas scairshealbhóirí nó ball eile;
(b) tá sócmhainneacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí eile sásúil;
(c) tá dliteanas na scairshealbhóirí agus na gcomhaltaí eile bunaithe go soiléir ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de;
3. I gcás ina bhfuil gnóthais nasctha lena chéile trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE, socróidh na húdaráis inniúla conas a dhéanfar an comhdhlúthú.
4. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe de cheangal go ndéanfar an comhdhlúthú comhréireach de réir an scair chaipitil arna sealbhú de rannpháirtíochtaí in institiúidí agus in institiúidí airgeadais arna mbainistiú ag gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina bhfuil dliteanas na ngnóthas sin teoranta don scair den chaipiteal atá ina seilbh.
5. ►C2 I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4, cinnfidh na húdaráis inniúla ◄ an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é. Go háirithe, féadfaidh siad úsáid an mhodha chothromais a cheadú nó a cheangal. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
6. Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:
(a) i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus
(b) i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin má tá sé sin de bhun conartha nó clásail atá ina meabhráin nó ina n-airteagail chomhlachais.
Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 83/349/CEE a cheadú, nó a cheangal. Ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
7. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú a gcuirfear an comhdhlúthú i bhfeidhm dá réir sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig.16.
Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
8. I gcás ina bhfuil gá le maoirseacht comhdhlúite de bhun Airteagal 111 de Threoir 2013/36/AE, áireofar gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus cuideachtaí bainistíochta sócmhainní, mar a shainítear iad i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE i gcomhdhlúthuithe sna cásanna atá leagtha síos san Airteagal seo agus de réir na modhanna atá leagtha síos san Airteagal seo.
Airteagal 19
Eintitis arna n-eisiamh ó raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta
1. Aon institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina ghnóthas ina bhfuil seilbh ar rannpháirtíocht, ní gá í a áirithiú sa chomhdhlúthú i gcás ina bhfuil méid iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an ghnóthais lena mbaineann níos lú ná an ceann is ísle den dá shuim seo a leanas:
(a) EUR 10 milliún;
(b) 1 % de shuim iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an mháthairchuideachta nó an ghnóthais a shealbhaíonn an rannpháirtíocht.
2. Sna cásanna thíos féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite de réir Airteagal 111 de Threoir (AE)201336 cinneadh a dhéanamh, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, nach gá a áirithiú sa chomhdhlúthú institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina sealbhaítear rannpháirtíocht:
(a) i gcás ina bhfuil an gnóthas lena mbaineann lonnaithe i dtríú tír ina bhfuil baic dhlíthiúla le haistriú na faisnéise is gá;
(b) i gcás nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag an ngnóthas lena mbaineann i leith chuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí;
►C3 (c) i gcás ina mbeadh sé mí-oiriúnach nó míthreorach comhdhlúthú a dhéanamh ar shuíomh airgeadais an ghnóthais lena mbaineann, a fhad a bhaineann le cuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí ◄ , dar leis an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a fheidhmiú ar bhonn comhdhlúite.
3. Más rud é, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2, go gcomhlíonann roinnt gnóthas na critéir a leagtar amach iontu, áireofar iad sa chomhdhlúthú ina ainneoin sin i gcás ina bhfuil tábhacht dhiomaibhseach ag baint leo i dteannta a chéile i leith na gcuspóirí sainithe.
Airteagal 20
Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta
1. Oibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus iad i lánchomhairle le chéile:
(a) i gcás iarratas ar an gcead dá dtagraítear in Airteagail 143(1), 151(4), 151(9), 283, 312(2), 363, faoi seach, arna chur isteach ag máthairinstitiúid AE agus a fhochuideachtaí, nó i gcomhpháirt a chéile ag fochuideachtaí mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a thabharfar nó nach dtabharfar an cead atá á lorg agus chun na téarmaí agus na coinníollacha, más ann dóibh, a chinneadh, a mbeadh cead den chineál seo faoina réir;.
(b) chun a dhéanamh amach an bhfuil na critéir maidir le láimhseáil shonrach idirghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 422(9) agus in Airteagal 425(5) arna gcomhlánú le caighdeáin teicniúla rialála an ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 422(10) agus in Airteagal 425(6) á gcomhlíonadh.
Chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe amháin a chuirfear iarratais isteach.
Beidh san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 312(2) cur síos ar an modheolaíocht a úsáideadh chun caipiteal priacal oibriúcháin a leithdháileadh ar eintitis éagsúla an ghrúpa. Cuirfidh an t-iarratas in iúl an bhfuil sé beartaithe éifeachtaí an éagsúlaithe a chur san áireamh sa chóras chun priacal a thomhas, agus má tá, cén chaoi a ndéanfar sin.
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla gach ní ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí maidir leis na nithe seo:
(a) an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
(b) na critéir a mheas agus an láimhseáil shonrach dá dtagraítear i mír 1(b) a dhéanamh amach;
Beidh an cinneadh comhpháirteach seo leagtha amach i ndoiciméad ina mbeidh an cinneadh lán-réasúnaithe, doiciméad a chuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don iarratasóir.
3. Tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2:
(a) an dáta a fhaigheann an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán ar aghaidh chuid na húdaráis inniúla eile gan mhoill;
(b) an dáta a fhaigheann na húdaráis inniúla tuarascáil arna hullmhú ag an maoirseoir comhdhlúthaithe ag déanamh anailíse ar thiomantais idirghrúpa laistigh den ghrúpa.
4. Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh féin maidir le mír 1(a). Ní chuirfidh cinneadh an mhaoirseora comhdhlúthaithe teorainn ar chumhachtaí na n-údarás inniúil faoi Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE.
Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n-údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.
Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mháthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE agus do na húdaráis inniúla eile.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh maidir le mír 1(a) siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a d'fhéadfadh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lenachinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
5. Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh féin maidir le mír 1(b).
Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n -údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.
Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe a thugann fógra don máthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil an maoirseoir comhdhlúthaithe tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh maidir le mír 1(b) den Airteagal seo siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir leis an gcinneadh sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
6. I gcás ina mbaineann máthairinstitiúid AE agus a fhochuideachtaí, fochuideachtaí mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE úsáid as Ardmhodh an Tomhais dá dtagraítear in Airteagal 312(2) nó cur chuige IBR dá dtagraítear in Airteagal 143 ar bhonn aontaithe, ceadóidh na húdaráis inniúla na critéir cháilíochta atá leagtha síos in Airteagal 321 agus in Airteagal 322 nó i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn a Sé faoi seach, a chomhlíonadh trí bhreithniú a dhéanamh ar an máthairchuideachta agus na fochuideachtaí i dteannta a chéile, ar bhealach atá i gcomhréir le struchtúr, modheolaíochtaí, próisis agus córais bhainistíochta priacal an ghrúpa.
7. Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann na cinntí dá dtagraítear i mír 2, i mír 4 agus i mír 5 a aithint mar chinntí cinntitheacha agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad.
8. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an próiseas a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe a (a) de mhír 1 a shonrú, maidir leis na hiarratais ar chead dá dtagraítear in Airteagail 143(1), 151(4), 151(9),283, 312(2), agus 363 d'fhonn cinntí comhpháirteacha a éascú.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 21
Cinntí comhpháirteacha maidir le leibhéal cur i bhfeidhm na gceanglas leachtachta
1. Ar iarratas ó mháthairinstitiúid AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó ó fhochuideachta fo-chomhdhlúthaithe de chuid máthairinstitiúide AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí mháthairinstitiúid AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach maidir lena bhfuil coinníollacha phointí (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh agus lena sainaithneofar foghrúpa leachtachta amháin do chur chun feidhme Airteagal 8.
Déanfar an cinneadh comhpháirteach laistigh de sé mhí ón dáta a sheolann an maoirseoir comhdhlúthaithe isteach tuarascáil a shainaithníonn foghrúpaí leachtachta aonair ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 8. I gcás easaontú i rith na tréimhse sé mhí, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile atá i gceist. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle leis an ÚBE as a stuaim féin.
Féadfaidh an cinneadh comhpháirteach srianta a chur freisin ar láthair agus ar úinéireacht sócmhainní leachtacha agus a cheangal go mbeidh íoslíon sócmhainní leachtacha ina seilbh ag institiúidí atá díolmhaithe ó chur chun feidhme Chuid a Sé.
Leagfar an cinneadh comhpháirteach amach i ndoiciméad ina léireofar an cinneadh lán-réasúnaithe a thíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe do mháthairinstitiúid an fhoghrúpa leachtachta.
2. Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin.
Mar sin féin, féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE i rith na tréimhse sé mhí maidir le cé acu atá coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus Sa chás sin, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go dtabharfar i gcrích an idirghabháil neamhcheangailteach. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin, agus comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstáit na máthairinstitiúide á cur san áireamh mar aon le comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstát na fochuideachta. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí dá dtagraítear a dara fomhír den mhír seo ceangailteach.
3. Féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE freisin i rith na tréimhse sé mhí i gcás easaontais maidir le coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(3). Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar ar feitheamh chur i gcrích na hidirghabhála neamhcheangailtí. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin.
Airteagal 22
Fo-chomhdhlúthú i gcás eintiteas i dtríú tíortha
►C2 Déanfaidh institiúidí fochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 89 go hAirteagal 91 de Chuid a Trí agus i gCuid a Ceathair a chur i bhfeidhm ar bhonn a suímh fhochomhdhlúite ◄ má tá acu, nó ag an máthairchuideachta i gcás gur cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha atá ann, institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta i dtríú tír, nó má tá rannpháirtíocht i ngnóthas den chineál sin ina seilbh acu.
Airteagal 23
Gnóthais i dtríú tíortha
Chun críocha maoirseacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite de réir na Caibidle seo, beidh feidhm ag na téarmaí 'gnólacht infheistíochta', 'institiúid chreidmheasa', 'institiúid airgeadais' agus 'institiúid' maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha freisin, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainiú na dtéarmaí sin in Airteagal 4 dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.
Airteagal 24
Luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár-comhardaithe
1. Cuirfear luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcrích i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfidh na hinstitiúidí luacháil na sócmhainní agus na n-itimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcrích i gcomhréir leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.
CUID A DÓ
CISTÍ DÍLSE
TEIDEAL I
EILIMINTÍ DE CHISTÍ DÍLSE
CAIBIDIL 1
Caipiteal Leibhéal 1
Airteagal 25
Caipiteal Leibhéal 1
Is éard atá i gcaipiteal Leibhéal 1 institiúide suim chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus chaipiteal breise Leibhéal 1 na hinstitiúide.
CAIBIDIL 2
Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Airteagal 26
Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
1. Is éard atá in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúidí na nithe seo a leanas:
(a) ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infhedhme,Airteagal 29;
(b) na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
(c) tuilleamh coimeádta;
(d) ioncam cuimsitheach carntha eile;
(e) cúlchistí eile
(f) cistí do priacail baincéireachta ginearálta.
Ní aithneofar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má tá siad ar fáil don institiúid lena úsáid láithreach, gan srian, chun priacail nó caillteanais a chumhdach a luaithe a thagann siad chun cinn.
2. Chun críocha phointe (c) de mhír 1, mura mbeidh cead faighte roimh ré ón údarás inniúil ní fhéadfaidh institiúidí brabúis eatramhacha nó brabúis dheireadh na bliana a chur ar áireamh i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sula mbeidh cinneadh foirmiúil déanta ag an institiúid á dhearbhú brabús nó caillteanas deiridh na hinstitiúide don bhliain. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) go mbeidh fíorú déanta ar na brabúis sin ag daoine atá neamhspleách ar an institiúid atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na hinstitiúide sin;
(b) go mbeidh sé léirithe ag an institiúid chun shásamh an údaráis inniúil go bhfuil aon mhuirear nó díbhinn intuartha asbhainte ó mhéid na mbrabús sin.
Tabharfaidh fíorú ar bhrabúis eatramhacha nó ar bhrabúis deiridh bliana na hinstitiúide leibhéal leormhaith forchinntithe go bhfuil meastóireacht déanta ar na brabúis sin de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa chreat cuntasaíochta is infheidhme.
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar a bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag eisiúintí ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. ►C1 Maidir le heisiúintí tar éis 28 Meitheamh 2013, ní aicmeoidh na hinstitiúidí ◄ caipiteal mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin tar éis cead a fháil ó na húdaráis inniúla, a fhéadfaidh dul i gcomhairle le ÚBE.
I gcás ionstraimí cistí dílse, cé is moite den státchabhair, arna bhfaomhadh ag an údarás inniúil mar ionstraimí atá incháilithe lena n-aicmiú mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach i gcás, dar leis an ÚBE, go bhfuil sé casta i ndáiríre a dheimhniú an bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29, á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, míneoidh na húdaráis inniúla a réasúnaíocht don ÚBE.
Ar bhonn na faisnéise ó gach údarás inniúil, déanfaidh an ÚBE liosta de na foirmeacha uile d'ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. ►C1 Bunóidh an ÚBE an liosta sin agus foilseoidh sé é 28 Iúil 2013 don chéad uair. ◄
Tar éis an phróisis athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 80 agus i gcás ina bhfuil go leor fianaise ann nach bhfuil na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, á gcomhlíonadh ag na hionstraimí sin, féadfaidh an ÚBE ►C1 a chinneadh ionstraimí caipitil nach státchabhair atá iontu agus a eisíodh tar éis an 28 Meitheamh 2013 ◄ , a bhaint den liosta agus féadfaidh sé fógra a thabhairt chuige sin.
4. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an bhrí atá le 'intuartha' a shonrú d'fhonn a chinneadh ar asbhaineadh aon dhíbhinn nó muirear intuartha.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 27
Ionstraimí caipitil cumann frithpháirteach, comharchumann, institiúidí coigiltis nó institiúidí comhchosúla in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
1. Cuimseoidh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon ionstraim chaipitil arna heisiúint ag institiúid faoina théarmaí reachtúla ar na gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá an institiúid den chineál sin a shainítear faoin dlí náisiúnta infheidhme agus a mheasann údaráis inniúla a bheith mar cheann ar bith díobh seo a leanas:
(i) cumann frithpháirteach;
(ii) comharchumann;
(iii) institiúid coigiltis;
(iv) institiúid den chineál sin;
(v) institiúid chreidmheasa atá faoi úinéireacht iomlán cheann amháin de na hinstitiúidí dá dtagraitear i bpointí (i) go (iv), agus a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil ábhartha leas a bhaint as forálacha an Airteagail seo ar an gcoinníoll agus a mhéid is go bhfuil 100 % de na gnáthscaireanna atá eisithe san institiúid chreidmheasa á sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag institiúid dá dtagraítear sna pointí sin;
(b) comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme Airteagal 29;
Na cumainn frithpháirteacha, na comharchumainn, na hinstitiúidí coigiltis nó na hinstitiúidí cosúla sin a aithníodh amhlaidh faoin dlí náisiúnta ab infheidhme roimh an 31 Nollaig 2012, leanfar dá n-aicmiú amhlaidh chun críocha na Coda seo, ar choinníoll go mbeidh na critéir lenar cinneadh an t-aitheantas sin á gcomhlíonadh acu i gcónaí.
2. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha ar dá réir a dhéanfaidh údaráis inniúla cinneadh go gcáilíonn cineál gnóthais a aithnítear faoin dlí náisiúnta infheidhme mar chumann frithpháirteach, mar chomharchumann, mar institiúid coigiltis nó mar institiúid eile den chineál sin chun críocha na Coda seo.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréacht caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 28
Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
1. Ní cháileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) is í an institiúid féin a eisíonn na hionstraimí le cead roimh ré ó úinéirí na hinstitiúide, nó, i gcás ina bhfuil sé ceadmhach faoin dlí náisiúnta infheidhme, is é comhlacht bainistíochta na hinstitiúide a eisíonn;
(b) tá na hionstraimí láníoctha agus níl a gceannach cistithe go díreach nó go hindíreach ag an institiúid;
(c) comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas go léir maidir lena n-aicmiú:
(i) cáilíonn siad mar chaipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE;
(ii) tá siad aicmithe mar chothromas de réir bhrí an chreata chuntasaíochta is infheidhme;
(iii) tá siad aicmithe mar chaipiteal cothromais chun críocha dócmhainneacht chlár comhardaithe a chinneadh, nuair is infheidhme faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta;
(d) tá na hionstraimí nochta go soiléir agus go leithleach ar an gclár comhardaithe i ráitis airgeadais na hinstitiúide;
(e) is ionstraimí síoraí iad;
(f) ní féidir príomhshuim na n-ionstraimí a laghdú ná a aisíoc, seachas i gceann de na cásanna seo a leanas:
(i) leachtú na hinstitiúide;
(ii) athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun caipiteal a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le Airteagal 77;
(g) ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha a rialaíonn na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na n-ionstraimí a laghdú nó a aisíoc seachas trí leachtú na hinstitiúide, agus ní thugann an institiúid é sin le fios ar aon slí eile roimh ná le linn eisiúint na n-ionstraimí, cé is moite de chás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27 ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimín chineál sin a fhuascailt;
(h) comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas maidir le dáileacháin:
(i) ní hann do láimhseáil fhabhrach dáileacháin maidir le hord na n-íocaíochtaí dáileacháin, lena n-áirítear i leith ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus ní chuirtear ar fáil leis na téarmaí lena rialaítear na hionstraimí cearta fabhracha i leith íoc na ndáileachán;
(ii) is as ítimí indáilte amháin is féidir dáileacháin ar shealbhóirí na n-ionstraimí a íoc;
(iii) níl caidhp ná srian eile ar an uasleibhéal dáileacháin sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27.
(iv) ní chinntear an leibhéal dáileachán ar bhonn na méide a íocadh as na hionstraimí tráth a n-eisithe, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27;
(v) sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí níl aon oibleagáid ar an institiúid dáileacháin a dhéanamh ar a sealbhóirí, agus níl aon oibleagáid den chineál sin ar an institiúid ar aon slí eile;
(vi) ní ionann neamhíoc na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;
(vii) ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;
(i) i gcomparáid leis na hionstraimí caipitil uile arna n-eisiúint ag an institiúid, ionsúnn na hionstraimí an chéad sciar caillteanas, is é sin an sciar is mó go comhréireach, de réir mar a tharlaíonn siad, agus ionsúnn gach ionstraim caillteanais sa mhéid chéanna is a ionsúnn gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eile iad;
(j) tá na hionstraimí aicmithe faoi bhun gach éileamh eile i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide;
(k) tugann na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, éileamh atá, i gcás leachtachta agus tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha, comhréireach le méid na n-ionstraimí a eisíodh agus nach bhfuil socraithe nó faoi réir caidhpe, seachas i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 27;
(l) níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:
(i) an institiúid nó a fochuideachtaí;
(ii) máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
(iii) an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
(iv) an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
(v) an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;
(vi) aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);
(m) níl na hionstraimí faoi réir aon socrú, is cuma cé acu socrú conarthach nó conradh de chineál eile é, a chuireann le sinsearacht na n-éileamh faoi na hionstraimí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.
2. Measfar go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (i) de mhír 1 d'ainneoin díluacháil ar bhonn buan ar phríomhshuim ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó Chaipiteal Leibhéal 2.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (f) de mhír 1 d'ainneoin an laghdú ar phríomhshuim na hionstraime caipitil laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (g) de mhír 1 d'ainneoin na bhforálacha lena rialaítear an ionstraim caipitil ina dtugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na hionstraime a laghdú laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.
3. Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (h)(iii) de mhír 1 d'ainneoin na hionstraime lena n-íoctar iolraí díbhinne, ar choinníoll nach ndáiltear an t-iolraí díbhinne sin ar bhealach a chuireann ró-ualach díréireachach ar chistí dílse.
4. Chun críche phointe (h)(i) de mhír 1, nídhéanfar ach cearta vótála difreáilte, agus iad sin amháin, a léiriú i ndáileadh difreáilte. Ar an gcaoi sin, ní bheidh dáileadh níos airde i bhfeidhm ach amháin maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 lena ngabhann níos lú cearta vótála nó nach ngabhann cearta vótála ar bith leo.
5. Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a) leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh ionstraimí caipitil is infheidhme;
(b) Cé acu a gcuirfeadh ildáileacháin ró-ualach díréireach ar chistí dílse agus dá gcuirfeadh, cathain;
(c) an bhrí atá le dáileacháin fhabhracha;
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 29
Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo
1. Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo, ní cháileoidh siad mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 mar aon le modhnuithe a thig as an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
2. Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas maidir le fuascailt na n-ionstraimí caipitil:
(a) seachas i gcás ina dtoirmeasctear é faoin dlí náisiúnta infheidhme, beidh sé ar chumas na hinstitiúide fuascailte na n-ionstraimí a dhiúltú;
(b) i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí a fhuascailt, cuirfidh na forálacha a rialaíonn na hionstraimí ar chumas na hinstitiúide a bhfuascailt a theorannú;
(c) ní teagmhas mainneachtana de chuid na hinstitiúide a bheidh i ndiúltú na hionstraimí a fhuascailt, ná i dteorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí nuair is infheidhme.
3. Ní fhéadfaidh caidhp ná srian ar an uasleibhéal dáileacháin a bheith sna hionstraimí caipitil ach amháin i gcás ina bhfuil an chaidhp nó an srian sin leagtha amach faoin dlí náisiúnta infheidhme nó faoi reacht na hinstitiúide.
4. I gcás ina gcuireann na hionstraimí caipitil cearta ar fáil don úinéir maidir le cúlchistí na hinstitiúide i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá teoranta do luach ainmniúil na n-ionstraimí, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna heisiúint ag an institiúid sin.
An coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, ní dochar é don deis a bheith ag cumann frithpháirteach, ag comharchumann, ag institiúid coigiltis nó ag institiúid atá cosúil leis ionstraimí a aithint laistigh de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach mbronntar cearta vótála don sealbhóir leo agus lena gcomhlíontar an dá choinníoll seo araon a leanas:
(a) éileamh shealbhóirí na n-ionstraimí neamh-vótala i ndócmhainneacht nó i leachtacht na hinstitiúide, is comhréireach é le scair na n-ionstraimí iomlána sin de chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arb ionann í agus na hionstraimí neamh-vótála sin;
(b) cáilíonn na hionstraimí ar shlí eile mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
5. I gcás ina dtugann na hionstraimí caipitil teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní na hinstitiúidí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá socraithe nó faoi réir caidhpe, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna eisiúint ag an institiúid.
6. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sainiú a dhéanamh na cineálacha teorainneacha is gá ar fhuascailt, i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí cistí dílse a fhuascailt.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 30
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Beidh feidhm acu seo a leanas, i gcás ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29:
(a) scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(b) scoirfidh na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, láithreach bonn.
Airteagal 31
Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime
1. I gcásanna éigeandála, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí caipitil a chomhlíonann ar a laghad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) go (e) d'Airteagal 28(1) a áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) Gur eisíodh na hionstraimí tar éis 1 Eanáir 2014.
(b) Go measann an Coimisiún gur Státchabhair atá sna hionstraimí caipitil.
(c) Go n-eisítear na hionstraimí caipitil i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun na rialacha maidir le Státchabhair atá ann ag an am.
(d) Go bhfuil na hionstraimí caipitil suibscríofa go hiomlán agus ina seilbh ag an Stát nó ag údarás ábhartha poiblí nó ag eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.
(e) Go bhfuil na hionstraimí caipitil in ann caillteanais a sheasamh.
(f) Ach amháin i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 25, go dtabharfaidh na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, i gcás leachtaithe, tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha.
(g) Go bhfuil sásraí leordhóthanacha um imeacht ann don Stáit, nó i gcás inarb infheidhme, don údarás ábhartha poiblí nó don eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.
(h) Go mbeidh cead tugtha roimh ré ag an údarás inniúil agus go mbeidh a chinneadh foilsithe aige in éineacht le míniú ar an gcinneadh sin.
2. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón údarás inniúil ábhartha agus i gcomhar leis, measfar don ÚBE go bhfuil na hionstraimí caipitil sin dá dtagraítear i mír 1 cóibhéiseach le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha an Rialacháin seo.
Airteagal 32
Sócmhainní urrúsaithe
1. Déanfaidh institiúid aon mhéadú ar a cothromas faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme a eascraíonn as sócmhainní urrúsaithe a eisiamh ó aon eilimint de na cistí dílse, iad seo a leanas san áireamh:
(a) méadú den chineál sin atá gaolmhar le hioncam corrlaigh todhchaí a mbíonn gnóthachan ar dhíolachán don institiúid mar thoradh air;
(b) i gcás gur tionscnóir an urrúsaithe an institiúid, gnóthachain ghlana a eascraíonn as caipitliú ioncaim todhchaí ó na sócmhainní urrúsaithe a chuireann feabhsú creidmheasa ar fáil do shuímh san urrúsú.
2. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coincheapa maidir le gnóthachan ar dhíolachán dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a shonrú a thuilleadh.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 33
Fálú sreabhadh airgid agus athruithe ar luach dliteanas dílis
1. Ní áireoidh institiúidí na hítimí seo a leanas in aon eilimint de na cistí dílse:
(a) na cúlchistí luacha chóir a bhaineann le gnóthachain nó caillteanais ar fhálú sreabhadh airgid d'ionstraimí airgeadais nach bhfuil luacháilte ag luach cóir, lena n-áirítear sreabhadh airgid réamh-mheasta;
(b) gnóthachain nó caillteanais ar dhliteanais na hinstitiúide atá luacháilte ag luach cóir a eascraíonn ó athruithe ar acmhainneacht creidmheasa dílse na hinstitiúide.
(c) gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir ar dhliteanais díorthacha na hinstitiúide a eascraíonn as athruithe ar sheasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide.
2. Chun críocha phointe (c) de mhír 1, ní fhéadfaidh institiúidí gnóthachain ná caillteanais ar luach cóir a eascraíonn as priacal creidmheasa na n-institiúidí féin a fhritháireamh ina gcoinne siúd a eascraíonn as priacal creidmheasa an chontrapháirtí.
3. Gan dochar do phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí méid na ngnóthachan agus na gcaillteanas ar a dhliteanais a áireamh i gcistí dílse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) is i bhfoirm bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE iad atá na dliteanais;
(b) is mar thoradh ar na hathruithe céanna i seasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide na hathruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas na hinstitiúide;
(c) tá luach na mbannaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus luach sócmhainní na hinstitiúide ag teacht go dlúth le chéile;
(d) is féidir na hiasachtaí morgáiste a fhuascailt trí na bannaí atá ag maoiniú na hiasachtaí morgáiste a cheannach ar ais ar luach an mhargaidh nó ar an luach ainmniúil.
4. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar cad is brí le luach na mbannaí agus luach na sócmhainní, a luaitear i bpointe (c) de mhír 3, bheith ag teacht go dlúth le chéile.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 30 Meán Fómhair 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 34
Coigeartuithe luacha breise
Cuirfidh institiúidí ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm ar a sócmhainní uile arna dtomhas ag luach cóir nuair a ríomhtar méid a gcistí dílse agus asbhainfidh siad méid aon choigeartuithe luacha breise is gá ó chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Airteagal 35
Gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir
Seachas i gcás na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 33, ní dhéanfaidh institiúidí coigeartuithe chun gnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe ar a sócmhainní nó ar a dliteanais arna dtomhas ag luach cóir a bhaint óna gcistí dílse.
Airteagal 36
Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
1. Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
(a) caillteanais don bhliain airgeadais reatha;
(b) sócmhainní doláimhsithe;
(c) sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí;
(d) i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IBR), méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 159;
(e) sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide.
(f) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d'oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana;
(g) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais sa chás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach ag an institiúid leis na heintitis sin a measann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
(h) méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
(i) méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
(j) méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;
(k) méid risíochta na n-ítimí seo a leanas a cháilíonn i gcomhair ualú priacal 1 250 %, i gcás ina n-asbhaineann an institiúid an méid risíochta sin ó mhéid Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar mhalairt ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm:
(i) sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais;
(ii) suímh urrúsúcháin, i gcomhréir le hAirteagail 243(1)(b), 241(1)(b) agus 258;
(iii) seachadtaí in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 379(3);
(iv) suímh i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, i gcomhréir le hAirteagal 153(8);
(v) risíochtaí ar chothromas faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha, i gcomhréir le hAirteagal 155(4).
(l) aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.
2. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn cur i bhfeidhm na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (e), (f), (h), (i) agus (l) de mhír 1 a shonrú, mar aon leis na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (f) d'Airteagal 56 agus pointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 66.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
3. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn sonrú a dhéanamh ar na cineálacha ionstraimí caipitil atá ag institiúidí airgeadais agus, i gcomhairle leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) UAPGE, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh.1094/2010 ( 7 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010., ag gnóthais árachais agus athárachais tríú tíre, agus ag gnóthais arna n-eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 4 den Treoir sin, agus a asbhainfear as na gnéithe seo a leanas de chistí dílse:
(a) Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(b) Ítimí Breise Leibhéal 1;
(c) Ítimí Leibhéal 2.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 37
Sócmhainní doláimhsithe a asbhaint
Déanfaidh na hinstitiúidí méid na sócmhainní doláimhsithe a bheidh le hasbhaint a chinneadh mar seo a leanas:
(a) laghdófar an méid atá le hasbhaint de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar a mhúchfaí dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní doláimhsithe nó dá mbainfí den chlár comhardaithe iad faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(b) cuimseoidh an méid atá le hasbhaint cáilmheas arna áireamh sa luacháil ar infheistíochtaí suntasacha na hinstitiúide.
Airteagal 38
Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a asbhaint
1. Déanfaidh institiúidí méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a chaithfear a asbhaint i gcomhréir leis an Airteagal seo a chinneadh.
2. Seachas i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 3, ríomhfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí gan é a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid.
3. Féadfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá ceart ag an eintiteas faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar ceart é atá infhorghníomhaithe ó thaobh dlí de, chun na sócmhainní cánach reatha sin a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha;
(b) baineann na sócmhainní cánach iarchurtha sin agus na dliteanais chánach iarchurtha le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna ar an eintiteas inchánach céanna.
4. Ní fhéadfar dliteanais chánach iarchurtha, a laghdaíonn méid na sócmhainní doláimhsithe nó na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a chaithfear a asbhaint, a áireamh faoi dhliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara na hinstitiúide a úsáidtear chun críocha mhír 3.
5. Déanfar méid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar dá dtagraítear i mír 4 a leithdháileadh orthu seo a leanas:
(a) sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear i gcomhréir le hAirteagal 48(1);
(b) na sócmhainní cánach iarchurtha eile go léir atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí.
Déanfaidh institiúidí na dliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara a leithdháileadh de réir an chion de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a bhfuil na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b),agus (c) in ionannas leis.
Airteagal 39
Ró-íocaíochtaí cánach, tabhairt siar caillteanais chánach agus sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí
1. Ní asbhainfear na hítimí a leanas ó na cistí dílse agus beidh siad faoi réir ualú priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme,:
(a) ró-íocaíochtaí cánach a rinne an institiúid sa bhliain reatha;
(b) caillteanais chánach na hinstitiúide sa bhliain reatha arna dtabhairt siar go blianta roimhe sin as a dtig éileamh ar, nó earra infhaighte ó, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás cánach áitiúil.
2. Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a) cuirtear creidmheas cánach ina n-ionad go huathoibríoch agus go héigeantach gan mhoill, i gcás ina dtuairiscíonn an institiúid caillteanas nuair a fhormheastar ráitis airgeadais bhliantúla na hinstitiúide go foirmiúil, agus i gcás leachtú nó dócmhainneacht na hinstitiúide;
(b) beidh an institiúid in ann, de réir an dlí cánach náisiúnta is infheidhme, creidmheas cánach dá dtagraítear in bpointe (a) a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais chánach atá ag an institiúid nó aon ghnóthais eile ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna agus an institiúid chun críocha cánach de réir an dlí sin nó aon ghnóthais eile faoi réir na maoirseachta ar bhonn comhdhlúthaithe i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
(c) i gcás ina sáraíonn méid na gcreidmheasanna cánach dá dtagraítear i bpointe (b) na dliteanais chánach dá dtagraítear sa phointe sin, cuirtear éileamh díreach ar rialtas láir an Bhallstáit ina ionchorpraítear an institiúid in ionad barrachais den chineál sin gan mhoill.
Cuirfidh na hinstitiúidí ualú priacal de 100 % i bhfeidhm maidir le sócmhainní cánach iarchurtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí a) b) agus c).
Airteagal 40
Méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh a asbhaint
Ní dhéanfar an méid a bheidh le hasbhaint i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1) a laghdú trí mhéadú i leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó trí éifeacht chánach bhreise eile, a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.
Airteagal 41
Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a asbhaint
1. Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:
(a) méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
(b) méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil.
Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ualú priacal leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
2. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na critéir a shonrú lena dtabharfaidh údarás inniúil cead d'institiúid méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe, arna shainiú i bpointe (b) de mhír 1, a laghdú.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 42
Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint
Chun críocha phointe (f) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir le hAirteagal 36, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
(a) féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;
(ii) go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;
(b) déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
(c) féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(i) go bhfuil na suímh fhada agus na suímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
(ii) go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.
Airteagal 43
Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha asbhaint a dhéanamh, tiocfaidh infheistíocht shuntasach institiúide in eintiteas earnála airgeadais chun cinn sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas
(a) tá os cionn 10 % de na hionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
(b) tá dlúthnaisc ag an institiúid leis an eintiteas sin agus tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
(c) tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide agus ní áirítear an t-eintiteas sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, ach áirítear é sa chomhdhlúthú cuntasaíochta céanna leis an institiúid ar mhaithe le tuairisciú airgeadais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 44
Sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas na hearnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) déanfar sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;
(b) déanfar ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.
Airteagal 45
Sealúchais d'ionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (h) agus pointe (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;
(ii) go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araonsa leabhar trádála;
(b) déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh.
Airteagal 46
Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
1. Chun críocha phointe (h) d'Airteagal 36(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a) an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de chomhiomláin na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
(i) Airteagail 32 go 35;
(ii) na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), i bpointí k(ii) go k(v) agus i bpointe (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
(iii) Airteagal 44 agus Airteagal 45
(b) an méid comhiomlán a sháraítear le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a ►C2 roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2 na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais. ◄
2. Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
3. Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
(a) méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
(b) an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a léirítear le gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá sealbhaithe.
4. Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
5. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromais Leibhéal 1 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
(a) méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;
(b) an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 47
Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha phointe (i) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfar suímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a áireamh sa mhéid infheidhme a asbhainfear as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus socrófar iad i gcomhréir le hAirteagal 44 agus Airteagal 45 agus le foroinn 2.
Airteagal 48
Díolúintí tairsí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1
1. Le linn dóibh na hasbhaintí is gá de bhun phointí (c) agus (i) d'Airteagal 36(1) a dhéanamh, níl sé de cheanglas ar na hinstitiúidí méideanna na n-ítimí atá liostaithe i bpointí (a) agus (b) den mhír seo atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, an méid na tairsí dá dtagraítear i mír 2:
(a) sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(i) Airteagail 32 go 35;
(ii) pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.
(b) i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin atá ag an institiúid atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(i) Airteagail 32 go 35;
(ii) pointí (a) go (h) agus pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1)d'Airtegal 36(1) cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.
2. Chun críocha mhír 1, beidh méid na tairsí comhionann leis an méid dá dtagraítear ii bpointe (a) den mhír seo iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a) méid iarmharach maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe agus na hasbhaintí in Airteagal 32 gohAirteagal 35 a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus gan na díolúintí a shonraítear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm;
(b) 17.65 %.
3. Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúid an cion de shócmhainní cánach iarchurtha as méid iomlán na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach gá a asbhaint tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b):
(a) sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin;
(b) suim na nithe seo a leanas:
(i) an méid dá dtagraítear i bpointe (a);
(ii) méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí cistí dílse d'eintitis earnála airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin.
Tá an cion d'infheistíochtaí suntasacha as méid iomlán na n-ítimí nach gá a asbhaint cothrom lena a haon lúide an cion dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
4. Déanfar méideanna na n-ítimí nach n-asbhaintear de bhun mhír 1 a ualú de réir priacal ag 250 %.
Airteagal 49
Ceanglas ar asbhaint i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú, maoirseacht fhorlíontach nó scéimeanna cosanta institiúideacha i bhfeidhm
1. Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite, sa chás ina gcuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar institiúidí nó ina gceadóidh siad d'institiúidí modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais a asbhaint, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid, ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais, ag an máthairchuideachta nó ag máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) den mhír seo:
(a) is gnóthas árachais, gnóthas ath-árachais nó cuideachta shealbhaíochta árachais é an t-eintiteas earnála airgeadais;
(b) áirítear an gnóthas árachais sin, an gnóthas ath-árachais sin nó an chuideachta shealbhaíochta árachais sin sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoi Threoir 2002/87/CE agus atá an mháthairinstitiúid, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an mháthairchuideachta nó máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil an sealúchas aici;
(c) fuair an institiúid cead roimh ré ó na húdaráis inniúla;
(d) sula ndeonóidh siad an cead sin dá dtagraítear i bpointe (c), agus ar bhonn leanúnach, tá na húdaráis inniúla sásta gur leor leibhéal na bainistíochta comhtháite, na bainistíochta priacal agus na rialaithe inmheánaí maidir leis na heintitis a chuirfí san áireamh faoi chuimsiú mhodh 1, mhodh 2 nó mhodh 3;
(e) is le ceann díobh seo a leanas na sealúchais san eintiteas:
(i) an mháthairinstitiúid chreidmheasa;
(ii) an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;
(iii) an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
(iv) an institiúid;
(v) fochuideachta ceann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv) a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthúcháin de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
Déanfar an modh a roghnófar a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach thar am.
2. Ar mhaithe le cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair agus ar bhonn fo-chomhdhlúite, ní dhéanfaidh institiúidí atá faoi réir maoirseachta ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint, ar eintitis iad atá san áireamh i raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla go gceanglaítear na hasbhaitntí sin chun críocha sonracha, go háirithe chun gníomhaíochtaí baincéireachta a scaradh go struchtúrach, agus pleanáil réitigh.
Agus an cur chuige seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur i bhfeidhm ní fhéadfaidh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an AE ina iomláine ina fhoirmeoidh nó ina chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
3. Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse a asbhaint sna cásanna a leanas:
(a) áit a bhfuil sealúchas ag institiúid in institiúid eile agus áit a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) go (v);
(i) tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);
(ii) tá an cead dá dtagraítear in Airteagal 113(7) tugtha ag na húdaráis inniúla;
(iii) comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 113(7);
(iv) leis an scéim chosanta institiúideach déantar clár comhardaithe comhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 113(7) a tharraingt suas, áit nach gceanglaítear é cuntais chomhdhlúite a tharraingt suas, déanfar ríomh comhiomlán leathnaithe atá, chun sástachta na n-údarás inniúil, coibhéiseach leis na forálacha i dTreoir 86/635/CCE, Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, a rialaíonn cuntais chomhdhlúite na n-institiúidí creidmheasa. Déanfar coibhéise an ríomha chomhiomláin leathnaithe a fhíorú trí iniúchóir seachtrach agus fíorófar go háirithe go ngeofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúid maidir leis an ríomh sin; Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar síos in Airteagal 99, agus ní níos annaimhe ná sin.
(v) comhlíonann na hinstitiúidí a áirítear i scéim chosanta institiúideach na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 92 le chéile ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán, agus déantar leo comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 99. Laistigh de scéim chosanta institiúideach, níl sé de cheangal ús na gcomhaltaí comharchumainn nó na n-eintiteas dlíthiúil a asbhaint, nach comhaltaí den Scéim Chosanta Institiúideach iad, ar an gcoinníoll go bhfaighfear réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí agus an scairshealbhóir mionlaigh, nuair atá institiúid i gceist.
(b) i gás ina bhfuil sealúchas ag institiúid chreidmheasa réigiúnach ina hinstitiúid chreidmheasa lárnach nó in institiúid chreidmheasa réigiúnach eile agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (v).
4. Na sealúchais sin nach ndéantar asbhaint ina leith i gcomhréir le mír 1, le mír 2 nó le mír 3, cáileoidh siad mar risíochtaí cothromais agus déanfar iad a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
►C2 5. Áit ina gcuirfidh institiúid modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE i bhfeidhm, nochtfaidh an institiúid ◄ ceanglas forlíontach na gcistí dílse agus an cóimheas leordhóthanacht chaipitil den ilchuideachta airgeadais mar a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 6 den treoir sinagus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.
6. Forbróidh an ÚBE, an UAPGE (an tÚdarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 ( 8 ), trí bhíthin an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a shonrú chun críocha an Airteagail seo na coinníollacha maidir leis na modhanna ríofa atá liostaithe in Iarscríbhinn I, Cuid II de Threoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm chun críocha na roghanna eile asbhainte dá dtagraítear i mír 1 den Rialachán seo.
Cuirfidh an ÚBE, an ÚAPGE agus an tÚdarás Eorpach Urrús na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.
Airteagal 50
Gnáthchothromas Leibhéal 1
Is é atá i gCaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe is gá de réir Airteagail 32 go 35, na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus na díolúintí agus na roghanna eile asbhainte atá leagtha síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 3
Caipiteal Breise Leibhéal 1
Airteagal 51
Ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
(a) ionstraimí caipitil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1);
(b) na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a).
Ionstraimí a chuimsítear faoi phointe (a), ní cháileoidh siad mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 2.
Airteagal 52
Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
1. Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá na hionstraimí eisithe agus íoctha;
(b) níl na hionstraimí ceannaithe ag aon cheann díobh seo a leanas:
(i) an institiúid nó a fochuideachtaí;
(ii) gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;
(c) níl ceannach na n-ionstraimí cistithe go díreach nó go hindíreach ag an institiúid;
(d) tá na hionstraimí aicmithe níos ísle ná ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide;
(e) níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht na n-éileamh ag aon cheann díobh seo a leanas:
(i) an institiúid nó a fochuideachtaí;
(ii) máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
(iii) an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
(iv) an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
(v) an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;
(vi) aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v)
(f) níl na hionstraimí faoi réir ag aon socrú, idir shocrú conarthach nó eile, a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí atá dócmhainneach nó faoi leachtú;
(g) is ionstraimí síoraí iad agus níl aon dreasacht áirithe sna forálacha lena rialaítear iad ionas go mbeidh an institiúid in ann iad a fhuascailt;
(h) i gcás ina n-áirítear céadrogha amháin ar cheannach nó níos mó sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, féadfar an chéadrogha ar cheannach a fheidhmiú ag lánrogha iomlán an eisitheora;
(i) ní fhéadfar na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);
(j) ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach agus ní thugann an institiúid le fios é sin ar aon shlí eile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(i) leachtú na hinstitiúide
(ii) athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun méid chaipiteal breise Leibhéal 1 a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 77
(k) ní thugann an institiúid le fios go sainráite nó go hintuigthe go dtabharfadh an t-údarás inniúil toiliú d'iarratas chun na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach;
(l) comhlíonann dáileacháin faoi na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas:
(i) íoctar amach as ítimí indáilte iad;
(ii) ní leasófar leibhéal na ndáileachán a dhéanfar faoi na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;
(iii) tugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí lánrogha don institiúid tráth ar bith na dáileacháin faoi na hionstraimí a chur ar ceal ar feadh tréimhse gan teorainn agus ar bhonn neamhcharnach, agus féadfaidh an institiúid íocaíochtaí cealaithe den sórt sin a úsáid gan srian chun a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;
(iv) ní hionann cealú na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;
(v) ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;
(m) ní rannchuidíonn na hionstraimí le cinneadh go sáraíonn dliteanais institiúide a cuid sócmhainní, i gcás ina gcuimsíonn cinneadh den sórt sin tástáil dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
(n) ceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, díluacháil ar bhonn buan nó sealadach ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí, nó go ndéanfaí na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1,.
(o) ní áirítear leis na forálacha lena rialaí tear na hionstraimí aon ghné a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;
(p) i gcás nach bhfuil na hionstraimí eisithe go díreach ag institiúid, comhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) eiseofar na hionstraimí trí eintiteas laistigh den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
(ii) beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo don institiúid.
Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.
2. Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a) foirm agus cineál na ndreasachtaí fuascailte;
(b) cineál aon uasluachála mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach.
(c) na nósanna imeachta agus an t-uainiú dóibh seo a leanas:
(i) cinneadh a dhéanamh gur tharla eachtra thucaide;
(ii) uasluacháil mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach;
(d) gnéithe d'ionstraimí a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;
(e) eintitis shainchuspóireacha a úsáid chun ionstraimí cistí dílse a eisiúint go hindíreach.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 53
Srianta ar dháileacháin faoi ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar ceal agus gnéithe a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide
Chun críocha phointí (l)(v) agus (o) d'Airteagal 52(1), ní áireofar iad seo a leanas go háirithe sna forálacha lena rialaítear ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
(a) ceanglas maidir le dáileacháin faoi na hionstraimí a dhéanamh i gcás ina ndéantar dáileachán faoi ionstraim arna heisiúint ag an institiúid atá aicmithe ar chomhchéim, nó níos ísle ná, ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, lena n-áirítear ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(b) ceanglas chun íocaíocht dáileacháin faoi ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a chur ar ceal i gcás nach ndéantar dáileacháin faoi na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;
(c) oibleagáid maidir le híocaíocht in aon fhoirm eile a chur in ionad na híocaíochta úis nó díbhinne. Ní bheidh an institiúid faoi réir ag oibleagáid den sórt sin ar aon shlí eile.
Airteagal 54
Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil nó a chomhshó
1. Chun críocha phointe (n) d'Airteagal 52(1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
(a) tarlóidh eachtra thucaide nuair a thitfidh an cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:
(i) 5.125 %;
(ii) leibhéal níos airde ná 5.125 %, i gcás inar chinntigh an institiúid é agus inar sonraíodh é sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;
(b) Féadfaidh institiúidí eachtra thucaide amháin nó níos mó a shonrú sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, de bhreis ar an eachtra a dtagraítear di i bpointe(a);
(c) i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí iad a chomhshó ina ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:
(i) ráta comhshóite den sórt sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;
(ii) raon, ar laistigh de, a chomhshóidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(d) i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, laghdófar na nithe seo a leanas ar fad sa díluacháil:
(i) éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide;
(ii) an méid a cheanglaítear a íoc i gcás ina ndéantar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;
(iii) na dáileacháin a dhéantar faoin ionstraim.
2. Le díluacháil nó le comhshó ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, déanfar, faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ítimí a ghiniúint a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
3. Tá méid na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a aithnítear in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta d'íosmhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ghinfí dá ndéanfaí méid phríomhshuim na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil go hiomlán nó a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
4. Maidir le méid comhiomlán ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nach mór a dhíluacháil nó a chomhshó tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, ní bheidh sé níos lú ná an ceann is ísle de na méideanna seo a leanas:
(a) an méid a theastaíonn chun an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide a chur ar ais go hiomlán go 5.125 %;
(b) méid iomlán phríomhshuim na hionstraime.
5. Nuair a tharlóidh eachtra thucaide déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:
(a) na hinstitiúidí inniúla a chur ar an eolas láithreach bonn;
(b) sealbhóirí na nIonstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar an eolas;
(c) príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil, nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná i gceann mí amháin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo.
6. Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú gur leor i gcónaí a scairchaipiteal údaraithe chun na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 inchomhshóite sin go léir a chomhshó ina scaireanna má tharlaíonn eachtra thucaide. Gheofar na húdaruithe uile is gá ar dháta eisiúna na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 in-chomhshóite sin. Coinneoidh an institiúid an réamhúdarú is gá chun na hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a eisiúint, ar ionstraimí iad ina gcomhshódh na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sin tráth a tharlódh eachtra thucaide.
7. Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú nach mbeidh baic nós imeachta ann leis an gcomhshó sin de bhun a hionchorpraithe nó a reachtanna nó de bhun socruithe reachtúla nó conarthacha.
Airteagal 55
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear, i gcás ionstraime de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1):
(a) scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;
(b) scoirfidh an chuid sin de na cuntais scairbhisigh, ar cuid í a bhaineann leis an ionstraim sin, láithreach bonn de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Airteagal 56
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
(a) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
(b) sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
(c) méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 60, na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;
(d) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra;
(e) méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide;
(f) aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.
Airteagal 57
Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
(a) féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;
(ii) go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b) déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
(c) féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) go bhfuil na suímh fhada agus ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
(ii) go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála;
Airteagal 58
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 53 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;
(b) déanfar ítimí chistí dílse d'árachas breise Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.
Airteagal 59
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 56 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr agus aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;
(ii) . go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b) déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh;
Airteagal 60
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
1. Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a) an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(i) Airteagail 32 go 35;
(ii) pointí (a) go (g) agus pointe (k)(ii) go pointe k(v) agus mír (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
(iii) Airteagal 44 agus Airteagal 45;
(b) an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 d'eintitis sin na hearnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal Breise 2 n-eintiteas earnála airgeadais sin.
2. Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
3. Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh na hinstitiúidí an méid a bheidh le hasbhaint ó gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
(a) méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
(b) cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú.
4. Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 56 atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i), (ii) agus(iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
5. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
(a) méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;
(b) an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 61
Caipiteal Breise Leibhéal 1
Is é atá i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 institiúide ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 4
Caipiteal Leibhéal 2
Airteagal 62
Ítimí Leibhéal 2
Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:
(a) ionstraimí caipitil agus iasachtaí fo-ordaithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63;
(b) na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
(c) maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa, agus éifeachtaí cánach san áireamh, go dtí 1.25 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
(d) maidir le hinstitiúidí a dhéanann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí méideanna deimhneacha, agus éifeachtaí cánach san áireamh, a thig ón ríomh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 158 go dtí 0.6 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.
Ní cháileoidh ítimí a áirítear faoi phointe (a) mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Airteagal 63
Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2
Cáileoidh ionstraimí caipitil agus iasachtaí fo-ordaithe, mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá na hionstraimí eisithe nó tá na hiasachtaí fo-ordaithefaighte, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;
(b) níl na hionstraimí ceannaithe nó níl na hiasachtaí fo-ordaithe faighte, de réir mar is infheidhme, ag aon cheann díobh seo a leanas:
(i) an institiúid nó a fochuideachtaí;
(ii) gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;
(c) ní dhéanann an institiúid ceannach na n-ionstraimí nó fáil na n-iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach;
(d) tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-iasachtaí fo-ordaithe faoi na forálacha lena rialaítear na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, go hiomlán faoi réir fo-ordaithe maidir le héilimh gach creidiúnaí neamh-fho-ordaithe
(e) níl na hionstraimí ná na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:
(i) an institiúid nó a fochuideachtaí;
(ii) máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
(iii) an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
(iv) an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
(v) an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó a fochuideachtaí;
(vi) aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);
(f) níl na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, faoi réir ag aon socrú a chuireann ar shlí eile le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí nó faoi iasachtaí fo-ordaithe faoi seach;
(g) tá aibíocht bhunaidh chúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí nó ag na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme;
(h) sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, níl aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme roimh thráth a n-aibíochta;
(i) i gcás ina n-áirítear céadrogha amháin nó níos mó ar cheannach nó ar íoc luath sna hionstraimí nó sna hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, féadfar na roghanna a fheidhmiú ag lánrogha iomlán an eisitheora nó an fheichiúnaí;
(j) ní fhéadfar na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 72, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna nó na fála, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);
(k) ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, go ndéanfadh ná go bhféadfadh an institiúid na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide agus ní thugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
(l) ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, an ceart don sealbhóir nó don iasachtóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;
(m) ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí nó ar iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme,ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;
(n) i gcás nach bhfuil na hionstraimí faighte go díreach ag institiúid, nó i gcás nach bhfaigheann institiúid na hiasachtaí fo-ordaithe go díreach, de réir mar is infheidhme, comhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) eiseofar na hionstraimí nó gheofar na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, trí eintitis is cuid den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
(ii) beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn don institiúid agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo.
Airteagal 64
Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh
Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d'aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:
(a) méid ainmniúil na n-ionstraimí ar an gcéad lá den tréimhse dheireanach cúig bliana dá n-aibíocht chonarthach roinnte ar líon na laethanta féilire sa tréimhse sin;
(b) líon na laethanta féilire d'aibíocht chonarthach atá fágtha maidir leis na hionstraimí nó leis na hiasachtaí fo-ordaithe.
Airteagal 65
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63:
(a) scoirfidh an ionstraim sin láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Leibhéal 2;
(b) scoirfidh an chuid de na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, láithreach bonn.
Airteagal 66
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
Asbhainfear na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:
(a) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
(b) sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil a gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
(c) méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 70, sealúchas díreach, indíreach agus shintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;
(d) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá oibre.
Airteagal 67
Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 66, déanfaidh institiúidí sealúchais a ríomh ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
(a) féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus na suímh fhada ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;
(ii) go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b) déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
(c) féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin.; ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) go bhfuil an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
(ii) go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála.
Airteagal 68
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi pointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:
(a) déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a ríomh ar bhonn na n-ollshuíomh fada;
(b) déanfar sealúchais d'ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 chun críocha asbhainte.
Airteagal 69
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointí (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas de chuid na hearnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i) gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;
(ii) go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
(b) déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh ar bhonn na risíochta bunúsaí ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais ábhartha sna hinnéacsanna sin.
Airteagal 70
Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha
1. Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 66, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
(a) an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(i) Airteagail 32 go 35;
(ii) pointí (a) go (g), pointe k(ii) go (v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
(iii) Airteagal 44 agus Airteagal 45;
(b) méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir nach bhfuil infheistíocht shuntasach iontu ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.
2. Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
3. Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí an méid a bheidh le hasbhaint as gach ionstraim Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
(a) méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
(b) cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim arna sealbhú.
4. Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 66(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
5. Déanfaidh institiúidí méíd gach ionstraim Leibhéal 2 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
(a) méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;
(b) an cion a eascraíonn as an ríomh ata i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 71
Caipiteal Leibhéal 2
Is é atá i gCaipiteal Leibhéal 2 institiúide ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 66 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur chun feidhme.
CAIBIDIL 5
Cistí dílse
Airteagal 72
Cistí dílse
Is é atá i gcistí dílse institiúide suim Chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide agus Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide.
CAIBIDIL 6
Ceanglais ghinearálta
Airteagal 73
Dáileacháin faoi ionstraimí cistí dílse
1. Maidir le hionstraimí caipitil a bhfuil lánrogha iomlán ag institiúid a chinneadh ina leith dáileacháin a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraim cistí dílse, ní bheidh sé de chumas acu cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 ach amháin sa chás go bhfuil cead faighte ag an institiúid roimh ré ó na húdaráis inniúla.
2. Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an cead dá dtagraítear i mír 1 ach amháin sa chás go measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide íocaíochtaí a chur ar ceal faoin ionstraim;
(b) nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide caillteanais a sheasamh;
(c) nach laghdódh an rogha dá dtagraítear i mír 1 nó an fhoirm ina bhféadfaí na dáileacháin a dhéanamh cáilíocht na hionstraime caipitil ar aon shlí eile.
3. Maidir le hionstraimí caipitil a bhfuil sé de rogha ag duine dlítheanach seachas an institiúid a eisíonn iad a chinneadh nó a cheangal ina leith go ndéanfar na dáileacháin faoin ionstraim a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraim cistí dílse, ní bheidh sé de chumas acu cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2
4. Féadfaidh institiúidí in innéacs leathan an mhargaidh a úsáid mar cheann amháin de na boinn lena gcinntear leibhéal na ndáileachán ar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2
5. Ní bheidh feidhm ag mír 4 sa chás gurb eintiteas tagartha í an institiúid in innéacs leathan an mhargaidh sin ach amháin sa chás go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas
(a) measann an institiúid nach bhfuil na gluaiseachtaí in innéacs leathan an mhargaidh comhghaolaithe go suntasach le seasamh creidmheasa na hinstitiúide, a máthairinstitiúide nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha nó na máthairchuideachta sealbhaíochta gníomhaíochta measctha;
(b) nár bhain an t-údarás inniúil amach cinneadh atá éagsúil ón gcinneadh dá dtagraítear i bpointe (a).
6, Tíolacfaidh institiúidí tuarascáil ina dtabharfar le fios cé acu na hinnéacsanna leathana sa mhargadh ar a mbraitheann siad.
7. Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a shonrú na coinníollacha lena gcinnteofar an meastar go bhfuil innéacsanna cáilithe mar innéacsanna leathana margaidh chun críocha mhír 4.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 74
Sealúchas d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála
Ní dhéanfaidh nstitiúidí aon eilimint a asbhaint dá gcistí féin, bíodh siad ina sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas rialaithe na hearnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála an eintitis sin. Cuirfidh institiúidí ualuithe priacal i bhfeidhm maidir le sealúchais den sórt sin i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 75
Ceanglais i ndáil le hasbhaint agus aibíocht le haghaidh suíomh gearr
Measfar go gcomhlíonfar na ceanglais aibíochta i ndáil le suímh ghearra dá dtagraítear i bpointe (a)d'Airteagail 45(a), 59(a) agus 69(a) maidir le suímh a thógtar nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá sé de cheart conarthach ag an institiúid an suíomh fada atá á fhálú a dhíol leis an gcontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil, ar dháta ar leith sa todhchaí;
(b) tá oibleagáid chonarthach ar chontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil don institiúid an suíomh fada dá dtagraítear i bpointe (a) a cheannach ón institiúid ar an dáta sin ar leith sa todhchaí
Airteagal 76
Sealúchais innéacsanna d'ionstraimí caipitil
1. Chun críocha Airteagal 42(a), 45(a), 57(a), 59(a), 67(a) agus 68(a), féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den risíocht fholuiteach chéanna atá á fhálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas
(a) sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú araon sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála.
(b) sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;
(c) cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide
(d) déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí
2. Féadfaidh institiúid, i gcás ina bhfuil cead roimh ré tugtha ag an údarás inniúil, meastachán coimeádach a úsáid ar risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí caipitil a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na risíochta atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) nó sa dá phointe araon:
(a) ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a áirítear sna hinnéacsanna
(b) nó ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;
3. Ní thabharfaidh údaráis inniúla an cead dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair atá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go mbeadh sé ródhian ó thaobh na hoibre de ar an institiúid faireachán a dhéanamh ar a risíocht fholuiteach ar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b)de mhír 2 nó sa dá phointe araon de mhir 1, de réir mar is infheidhme.
4. Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a) cén uair a bheidh meastachán a úsáidtear mar rogha eile chun an risíocht fholuiteach dá dtagraítear i mír 2 a ríomh coimeádach go leordhóthanach;
(b) an bhrí atá le ródhian ó thaobh na hoibre de chun críocha mhír 3.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 77
Coinníollacha chun cistí dílse a laghdú
Beidh cead roimh ré ón údarás inniúil de dhíth ar an institiúid chun ceann amháin díobh seo nó an dá cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a) ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an institiúid ar shlí a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme a laghdú, a fhuascailt nó a athcheannach;
(b) glaoch, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, a chur i gcrích roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.
Airteagal 78
Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú
1. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a laghdú, a athcheannach, a ghlaoch nó a fhuascailt i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) tráth níos luaithe ná an beart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77, déanfaidh an institiúid na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 77 a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
(b) léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse na hinstitiúide, tar éis an bhirt lena mbaineann, na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 92(1) den Rialachán seo agus sa cheanglas maoláin chomcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE a shárú de chorrlach a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a mheas a bheith riachtanach ar bhonn Airteagal 104(3) de Threoir 2013/36/AE.
2. Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair á measúnú faoi phointe (a) de mhír 1 d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide, measfaidh na húdaráis inniúla a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin níos costasaí don institiúid ná na hionstraimí a bhfuil siad ag gabháil ina n-ionad.
3. I gcás ina ndéanfaidh institiúid beart dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 77 agus go dtoirmisctear de réir an dlí náisiúnta is infheidhme diúltú d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhuascailt, féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid teorainn a chur le fuascailt ionstraimín sórt sin ar bhonn iomchuí.
4. Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a fhuascailt roimh cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 agus i bpointe (a) nó (b) den mhír seo:
(a) tá athrú in aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóchúil go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chineál cáilíochta níos ísle de chistí dílse, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas
(i) measann an t-údarás inniúil go bhfuil athrú mar sin sách cinnte
(ii) léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúint
(b) tá athrú sa láimhseáil cánach atá infheidhme i ndáil leis na h-ionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil gurb athrú ábharach é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna.
5. Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a) an bhrí atá le hinbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
(b) na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;
(c) an próiseas agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe in Airteagal 77 a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama chun iarratas den sórt sin a phróiseáil.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 79
Tarscaoileadh sealadach ar asbhaint as cistí dílse
1. I gcás ina sealbhaíonn institiúid ionstraimí caipitil nó go bhfuil iasachtaí fo-ordaithe tugtha aici, i gcás inarb infheidhme, a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 in eintiteas san earnáil airgeadais ar bhonn sealadach agus go measann an t-údarás inniúil go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil, féadfaidh an t-údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaint a bhainfeadh leis na hionstraimí sin a tharscaoileadh ar bhonn sealadach.;
2. Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun an coincheap 'sealadach' a shonrú chun críocha mhír 1 agus chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a measann údarás inniúil gur chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun eintiteas ábhartha a atheagrú agus a shábháil iad na sealúchais shealadacha sin dá dtagraítear.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 80
Athbhreithniú leanúnach ar cháilíocht na gcistí dílse
1. Déanfaidh an ÚBE faireachán ar cháilíocht na n-ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún láithreach i gcás ina bhfuil fianaise shuntasach ann nach gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 28nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29, a chur chun feidhme.
Ar iarratas ón ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh a bhfuil ÚBE den tuairim faoi go mbaineann sin le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil a eisíodh chun cur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.
2. Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra:
(a) míniú mionsonraithe ar chineál agus ar mhéid an easnaimh atá aitheanta;
(b) comhairle theicniúil maidir leis an mbeart de chuid an Choimisiúin a mheasann an ÚBE a bheith riachtanach.
(c) forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
3. Tabharfaidh an ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainiúmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:
(a) forbairtí ábhartha i gcaighdeáin nó i gcleachtais an mhargaidh;
(b) athruithe i gcaighdeáin ábhartha dlí nó cuntasaíochta;
(c) forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
4. Tabharfaidh an ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2014 ar bhealaí ina bhféadfaí gnóthachain neamhréadaithe ag a luach cóir a láimhseáil seachas iad a áireamh gan choigeartú faoi Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfar aird i moltaí den sórt sin ar fhorbairtí ábhartha i gcaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le caighdeáin stuamachta i gcomhair na mbanc.
TEIDEAL II
LEAS MIONLAIGH AGUS IONSTRAIMÍ CHAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1 AGUS DE CHAIPITEAL LEIBHÉAL 2 ARNA N-EISIÚINT AG FOCHUIDEACHTAÍ
Airteagal 81
Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
1. Is é atá i leasanna mionlaigh ná suim arb é ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 fochuideachta, na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hiontsraimí sin, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:
(i) institiúid;
(ii) gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir (AE)2013/36/, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme,
(b) toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
(c) tá na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhraiteach den mhír seo faoi úinéireacht daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
2. Ní cháileofar mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite leasanna mionlaigh atá cistithe go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas sainchuspóireach nó ar shlí eile, ag máthairghnóthas na hinstitiúide, nó ag a gcuid fochuideachtaí.
Airteagal 82
Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, Caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha
Is é atá i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha an leas mionlaigh, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide an tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh fochuideachta, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) is ceachtar díobh seo a leanas an fhochuideachta:
(i) institiúid;
(ii) gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir (AE)2013/36/, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
(b) toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
(c) tá na hionstraimí sin faoi úinéireacht daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
Airteagal 83
Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach
1. Níl ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 nó i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
(b) níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 52(1);
(c) níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaomhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 63;
(d) is í an t-aon sócmhainn atá ag an eintiteas sainchuspóireach a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2, Theideal II de Chuid a hAon, agus comhlíonann a foirm na coinníollacha iomchuí atá leagtha amach in Airteagal 52(1) nó Airteagal 63, de réir mar is infheidhme.
I gcás ina measann an t-údarás inniúil gur mionsócmhainní agus sócmhainní neamhthábhachtacha i gcás eintitis shainchuspóirigh iad na sócmhainní atá ag eintiteas sainchuspóireach seachas a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, féadfaidh an t-údarás inniúil an coinníoll a shonraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a tharscaoileadh.
2. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na cineálacha sócmhainní ar féidir go mbaineannsiad le feidhmiú eintiteas sainchuspóireach agus na coincheapa 'mionsócmhainní' agus 'sócmhainní neamhthábhachtacha' dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a shonrú.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 84
Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
1. Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh atá ag fochuideachta a áireofar i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin:
(a) caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
(i) an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 87(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 459, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Gnáthchothromas Leibhéal 1;
(ii) an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 87(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 459, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas ómaoláin chomhcheangailte a shainmhinítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha iad a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(b) leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.
2. Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanann institiúid cinneadh mar sin, d'fhéadfaí nach n-áireofaí leas mionlach na fochuideachta sin i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
3. I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7, ní aithneofar an leas mionlach sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.
4. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an ríomh fo-chomhdhlúite a éilítear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 87, a shonrú.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
5. Féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ó fheidhmiú an Airteagail seo a thabhairt do mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:
(a) is é a príomhghníomhaíocht sealúchas a fháil;
(b) tá sé faoi réir maoirseachta stuamachta ar bhonn comhdhlúite;
(c) déanann sí comhdhlúthú ar fho-institiúid nach bhfuil ach sealbhaíocht mhionlach aici inti de bhua na gaolmhaireacht rialaithe a shainítear in Airteagal 1 den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle;
(d) tagann níos mó ná 90 % den chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a éilítear ón bhfo-institiúid dá dtagraítear i pointe c) agus a ríomhtar ar bhonn fho-chomhdhlúite.
►C1 I gcás, tar éis an 28 Meitheamh 2013, ina n-éireoidh máthairchuideachta ◄ shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, ina máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, féadfaidh údaráis inniúla an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos san fhomhír sin.
6. I gcás ina mbeidh scéim trasráthaíochta curtha ar bun ag institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan i líonra le comhlacht lárnach agus institiúidí a bhunaítear laistigh de scéim cosanta institiúideach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 113(7) lena bhforáiltear nach ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, i gcás aistriú cistí dílse os cionn na gceanglas rialála ón gcontrapháirtí chuig an institiúid chreidmheasa, beidh díolúine ag na hinstitiúidí sin ó fhorálacha an Airteagail sin maidir le laghduithe agus féadfaidh sé aon leas mionlach a eascraíonn laistigh den scéim trasráthaíochta a aithint ina iomláine.
Airteagal 85
Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite
1. Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áirítear i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin:
(a) Caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
(i) an méid de chaipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;
(ii) an méid de caipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal
(b) caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d'ionstraimí uile Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.
2. Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta sin a áireamh sa chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.
3. I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar amach in Airteagal 6, ní aithneofar ionstraimí Leibhéal 1 sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 86
Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite
Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh trí leasanna mionlaigh an ghnóthais sin atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 87
Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite
1. Déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin.
(a) cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
(i) líon cistí dílse de chuid na fochuideachta a éilítear chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;
(ii) líon cistí dílse a bhaineann leis an bhfochuideachta a éilítear ar bhonn comhdhlúite chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6)d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;
(b) cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile cistí dílse atá ag an bhfochuideachta agus atá ar áireamh in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.
2. Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina nglacfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar leas mionlaigh na fochuideachta sin a chur san áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
3. I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar amach in Airteagal 6, ní aithneofar ionstraimí cistí dílse sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.
Airteagal 88
Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite
Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite a chinneadh trí chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite.
TEIDEAL III
SEALÚCHAIS CHÁILITHEACHA LASMUIGH DEN EARNÁIL AIRGEADAIS
Airteagal 89
Ualú priacal agus toirmeasc ar shealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais
1. Beidh sealúchas cáilitheach, ar mó a mhéid ná 15 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide, i ngnóthas nach ceann díobh seo a leanas é faoi réir ag na forálacha atá leagtha amach i mír 3:
(a) eintiteas earnála airgeadais;
(b) gnóthas, nach eintiteas earnála airgeadais é, a bhfuil gníomhaíochtaí ar bun aige a measann an t-údarás inniúil gurb ionann iad agus aon cheann de na nithe seo a leanas:
(i) síneadh díreach ar bhaincéireacht;
(ii) seirbhísí atá coimhdeach le baincéireacht;
(iii) léasú, fachtóireacht, bainistiú ar iontaobhais aonad, bainistiú ar sheirbhísí próiseála sonraí nó aon ghníomhaíocht eile dá samhail.
2. Beidh méid iomlán na sealúchas cáilitheach atá ag institiúid i ngnóthais seachas na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus ar mó iad ná 60 % dá chaipiteal incháilithe faoi réir na bhforálacha atá leagtha amach i mír 3.
3. Cuirfidh údaráis inniúla na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) i bhfeidhm maidir le sealúchais cháilitheacha na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:
(a) chun an ceanglas caipitil a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí cuirfidh institiúidí ualú priacal 1 250 % leis an gceann is mó de na cinn a leanas:
(i) méid na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1 ar mó iad ná 15 % den chaipiteal incháilithe;
(ii) méid iomlán na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 2 ar mó iad ná 60 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide;
(b) cuirfidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar institiúidí sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith acu nuair is mó é a méid ná na céatadáin de chaipiteal incháilithe atá leagtha amach sna míreanna sin.
Foilseoidh na húdaráis inniúla a rogha idir (a) nó (b).
4. Chun críoch phointe (b) de mhír 1, eiseoidh an ÚBE treoirlínte lena sonraítear na coincheapa seo a leanas:
(a) gníomhaíochtaí ar síneadh díreach ar bhaincéireacht iad;
(b) gníomhaíochtaí atá coimhdeach le baincéireacht;
(c) gníomhaíochtaí comhchosúla.
Glacfar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 90
Rogha eile ar ualú priacal 1 250 %
Mar rogha eile ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm maidir leis na méideanna ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 89, féadfaidh institiúidí na méideanna sin a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 36(1).
Airteagal 91
Eisceachtaí
1. Ní dhéanfar scaireanna gnóthas nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 d'Airteagal 89 a áireamh nuair a ríomhfar na teorainneacha do chaipiteal incháilithe atá sonraithe san Airteagal sin i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) sealbhaítear na scaireanna sin go sealadach le linn oibríocht tarrthála airgeadais a bheith ar bun, dá dtagraítear in Airteagal 79;
(b) is suíomh frithgheallta arna shealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra é sealúchas na scaireanna sin;
(c) sealbhaítear na scaireanna sin in ainm na hinstitiúide féin agus thar ceann daoine eile.
2. Ní dhéanfar scaireanna nach sócmhainní seasta airgeadais iad mar a thagraítear dóibh in Airteagal 38(2) de Threoir 86/635/CEE a áireamh sa ríomh atá sonraithe in Airteagal 89.
CUID A TRÍ
CEANGLAIS CHAIPITIL
TEIDEAL I
CEANGLAIS GHINEARÁLTA, LUACHÁIL AGUS TUAIRISCIÚ
CAIBIDIL 1
Leibhéal cistí dílse arna cheangal
Airteagal 92
Ceanglais cistí dílse
1. Faoi réir Airteagal 93 agus Airteagal 94, comhlíonfaidh institiúidí tráth ar bith na ceanglais cistí dílse seo a leanas:
(a) cóimheas caipitil 4.5 % de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(b) cóimheas caipitil Leibhéal 1 6 %;
(c) cóimheas caipitil iomlán 8 %.
2. Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheasa caipitil mar seo a leanas:
(a) is ionann cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;
(b) is ionann cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus Caipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;
(c) is ionann an cóimheas caipitil iomlán agus cistí dílse na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal.
3. Ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim phointí (a) go (f) den mhír seo tar éis na forálacha atá leagtha amach i mír 4 a chur san áireamh:
(a) na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás priacal creidmheasa agus priacal caolúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II agus Airteagal 379, maidir le gníomhaíochtaí gnó uile institiúide, cé is moite de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ó ghnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála;
(b) na ceanglais cistí dílse, arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo nó de Chuid a Ceathair, de réir mar is infheidhme, do ghnó institiúide a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an méid a leanas:
(i) priacal an tsuímh;
(ii) risíochtaí móra ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe in Airteagail 395 go 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú;
(c) na ceanglais cistí dílse arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV nó Teideal V cé is moite d'Airteagal 379, de réir mar is infheidhme, dóibh seo a leanas:
(i) priacal malairte eachtraí;
(ii) priacal socraíochta;
(iii) priacal tráchtearraí;
(d) na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Teideal VI i gcás priacal a bhaineann le coigeartú luachála creidmheasa na n-ionstraimí díorthach thar an gcuntar seachas díorthaigh chreidmheasa atá aitheanta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a laghdú le haghaidh priacal creidmheasa;
(e) ceanglais cistí dílse arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal III le haghaidh priacal oibriúcháin;
(f) na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal II le haghaidh priacal contrapháirtí a thig as gnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála do na cineálacha idirbheart agus comhaontuithe a leanas:
(i) conarthaí a liostaitear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
(ii) idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchearraí bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
(iii) idirbhearta iasachtaithe corrlaigh bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
(iv) idirbhearta socraíochta iarchurtha.
4. Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh an méid iomlán risíochta priacail dá dtagraítear i mír 3 á ríomh:
(a) áireofar sna ceanglais cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus(e) den mhír sin na ceanglais sin a thig ó ghníomhaíochtaí gnó uile institiúide;
(b) déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse atá leagtha amach i bpointí (b) go (e) den mhír sin a iolrú faoi 12,5.
Airteagal 93
Ceanglas caipitil tosaigh ar ghnóthas leantach
1. Ní fhéadfaidh cistí dílse institiúide titim faoin méid caipitil tosaigh arna cheangal tráth a údaraithe.
2. Maidir le hinstitiúidí creidmheasa a bhí ar an bhfód cheana féin an 1 Eanáir 1993, nach mbaineann méid a gcuid cistí dílse amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal, féadfaidh siad leanúint dá gcuid gníomhaíochtaí. Sa chás sin, ní fhéadfaidh méid chistí dílse na n-institiúidí sin titim faoin leibhéal is airde a baineadh amach le héifeacht ón 22 Nollaig 1989.
3. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta agus gnólachtaí atá údaraithe a cumhdaíodh le hAirteagal 6 de Threoir 2006/49/CE a bhí ann roimh an 31 Nollaig 1995, méid a gcuid cistí dílse nach mbaineann amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal leanúint lena gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh. Ní thitfidh cistí dílse gnólachtaí mar sin nó gnólachtaí infheistíochta faoin leibhéal tagartha is airde a ríomhadh tar éis an dáta a tugadh an fógra atá i dTreoir 93/6/CEE ón gComhairle an 15 Márta 1993 ( 9 ). Beidh an leibhéal tagartha sin ina mheánleibhéal laethúil de chistí dílse arna ríomh thar thréimhse sé mhí roimh dháta an ríomha. Ríomhfar é gach sé mhí i ndáil leis na tréimhse chomhfhreagrach roimhe sin.
4. I gcás ina nglacann duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an duine a raibh rialú aige ar an institiúid roimhe sin rialú ar institiúid atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, bainfidh méid chistí dílse na hinstitiúide sin amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal.
5. I gcás ina bhfuil cumasc á dhéanamh ar dhá institiúid nó níos mó atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, ní thitfidh méid chistí dílse na hinstitiúide a thig as an gcumasc faoi chistí dílse iomlána na n-institiúidí cumaiscthe tráth a ndéantar an cumasc, fad is nach bhfuil an méid caipitil tosaigh arna cheangal faighte.
6. I gcás ina measann údaráis inniúla gur gá d'fhonn sócmhainneacht institiúide a áirithiú nach bhfuil an ceanglas atá leagtha amach i mír 1 comhlíonta, ní bheidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach i míreanna 2 go 5.
Airteagal 94
Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála
1. Féadfaidh institiúidí an ceanglas caipitil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 d'Airteagal 92 a ionadú le ceanglas caipitil arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír sin maidir lena ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh méid an ghnó atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann leis an leabhar trádála an dá choinníoll seo a leanas:
(a) go mbíonn sé de ghnáth níos lú ná 5 % de na sócmhainní iomlána agus EUR15 milliún;
(b) nach mbíonn sé riamh níos mó ná 6 % de na sócmhainní iomlána agus EUR20 milliún.
2. Agus méid an ghnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe á ríomh déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:.
(a) déanfar luacháil ar ionstraimí fiachais ag a gcuid praghsanna ar an margadh nó ag a gcuid luachanna ainmniúla, ar chothromas ag a phraghsanna ar an margadh agus ar dhíorthaigh de réir luachanna ainmniúla nó margaidh na n-ionstraimía fholuíonn siad;.
(b) déanfar suimiú ar luach absalóideach shuímh fhada agus ar luach absalóideach shuímh ghearra.
3. I gcás ina dteipfidh ar institiúid an coinníoll i bpointe (b) de mhír 1 a chomhlíonadh tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás inniúil. Má chinneann an t-údarás inniúil, tar éis measúnú a dhéanamh, nár comhlíonadh an ceanglas i bpointe (a) de mhír 1 agus má thugann sé fógra don institiúid ina leith sin, scoirfidh an institiúid d'úsáid a bhaint as mír 1 ón gcéad dáta tuairiscithe eile.
Airteagal 95
Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta a bhfuil údarú teoranta acu seirbhísí infheistíochta a sholáthar
1. Chun críocha Airteagal 92(3), déanfaidh gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhartha atá liostaithe i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe i mír 2 a úsáid.
2. Déanfaidh na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí a liostáitear i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE méid iomlán na risíochta ar priacal a ríomh mar a bheith níos airde ná an méid a leanas:
(a) méid na n-ítimí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis d'Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;
(b) 12,5 iolraithe faoin méid atá sonraithe in Airteagal 97.
Déanfaidh na gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE na ceanglais atá in Airteagal 92(1) agus (2) a chomhlíonadh, bunaithe ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Féadfaidh údaráis inniúla na ceanglais cistí dílse le haghaidh gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear go mbeidh na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochta atá liostaithe in uimhir (2) agus (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE mar na ceanglais cistí dílse a cheanglófar ar na gnólachtaí sin i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2013 le haghaidh Threoir 2006/49/CE agus Threoir 2006/48/CE.
3. Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ag gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 2, Roinn II, Foroinn 2 de Threoir 2013/36/AE.
Airteagal 96
Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh mar atá leagtha amach in Airteagal 28(2) de Threoir 36 (AE)2013
1. Chun críocha Airteagal 92(3), úsáidfidh na catagóirí seo a leanas de ghnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE an ríomh maidir le méid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe i mír 2 den Airteagal seo:
(a) gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin amháin ar mhaithe le hordú cliaint a chomhlíonadh nó a chur i bhfeidhm nó ar mhaithe le dul isteach i gcóras socraíochta agus imréitigh nó i malartán aitheanta nuair a bheidh siad ag gníomhú i gcáil gníomhaireachta nó ag cur ordú cliaint i bhfeidhm;
(b) gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:
(i) nach bhfuil airgead nó urrúis cliant ina seilbh;
(ii) a ghabhann de dhéileáil ar a gcuntas féin amháin;
(iii) nach bhfuil aon chustaiméirí seachtracha acu;
(iv) a ndéantar feidhmiú agus socrú na n-idirbheart sin ina leith faoi chúram institiúide imréitigh agus atá ráthaithe ag an institiúid imréitigh sin.
2. Maidir le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim na nithe seo a leanas:
(a) pointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;
(b) an méid dá dtagraítear in Airteagal 97 a iolrú faoi 12,5.
3. Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 3, Roinn II, Foroinn 1 de Threoir 2013/36/AE.
Airteagal 97
Cistí dílse bunaithe ar Fhorchostais Sheasta
1. I gcomhréir le hAirteagal 95 agus le hAirteagal 96, déanfaidh gnólacht infheistíochta agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe ibpointe (2) agus pointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2004/39/CE caipiteal incháilithe a shealbhú d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin.
2. I gcás ina dtagann athrú ar ghnó gnólachta infheistíochta ón mbliain roimhe sin agus ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé ábhartha, féadfaidh an t-údarás inniúil coigeartú a dhéanamh ar an gceanglas atá leagtha amach i mír 1.
3. I gcás nach bhfuil gnó curtha i gcrích ag gnólacht infheistíochta ar feadh bliana amháin, ag tosú ar an lá a dtosaíonn an gnó, sealbhóidh gnólacht infheistíochta caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad de na forchostais sheasta atá réamh-mheasta ina phlean gnó, cé is moite de chás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil an plean gnó a choigeartú.
4. Forbróidh an ÚBE, i gcomhairle leis an ÚEÚM, dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe:
(a) ríomh an cheanglais caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin a shealbhú;
(b) na coinníollacha ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil coigeartú ar an gceanglas caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin a shealbhú;
(c) forchostais sheasta réamh-mheasta a ríomh i gcás gnólachta infheistíochta nár chuir aon ghnó i gcrích ar feadh bliana amháin.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2014.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 98
Cistí dílse do ghnólachtaí infheistíochta ar bhonn comhdhlúite
1. I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát Airteagal 92 i bhfeidhm ag leibhéal comhdhlúite mar seo a leanas:
(a) úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 95(2);
(b) cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme.
2. I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 96(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát agus gnólacht infheistíochta arna rialú ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha Airteagal 92 i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite mar seo a leanas:
(a) úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 96(2);
(b) úsáidfidh sé cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme, agus Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon á chomhlíonadh go hiomlán.
CAIBIDIL 2
Ceanglais ríofa agus tuairiscithe
Airteagal 99
Tuairisciú ar cheanglais cistí dílse agus ar fhaisnéis airgeadais
1. Tabharfaidh na hinstitiúidí tuarascálacha do na hinstitiúidí inniúla maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad.
2. Déanfaidh na hinstitiúidí sin atá faoi réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh 1606/2002 agus na hinstitiúidí creidmheasa, seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin a ullmhaíonn a gcuntais chomhdhlúite i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) den Rialachán sin, faisnéis airgeadais a thuairisciú freisin.
3. Féadfaidh údaráis inniúla a chur de cheangal ar na hinstitiúidí creidmheasa sin a bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta á bhfeidhmiú acu mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 chun a gcistí dílse a thuairisciú ar bhonn comhdhlúite de bhua Airteagal 23(2) den Rialachán sin tuairisciú a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais mar a leagtar amach i mhír 2 den Airteagal seo freisin.
4. Déanfar an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a thuairisciú a mhéid a bheidh sin riachtanach chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúide agus i bhfianaise na priacail shistéamacha a thugann na hinstitiúidí don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
5. Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí aonfhoirmeacha, na minicíochtaí, na dátaí tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh TF a chuirfear i bhfeidhm san Aontas le haghaidh an tuairisciú dá dtagraíteari mír 1 go dtí mír 4.
Beidh na ceanglais thuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin chur chun feidhme teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
6. I gcás ina measann údarás inniúil go bhfuil gá leis an bhfaisnéis airgeadais a éilítear le mír 2 chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúidí seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, agus chun léargas a fháil ar na priacail shistéamacha a thugann siad, don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar, ar institiúidí iad atá faoi réir creata cuntasaíochta a bhunaítear ar Threoir 86/635/CCE, rachaidh sn t-údarás inniúil i gcomhairle leis an ÚBE maidir leis na ceanglais thuairiscithe i ndáil le faisnéis airgeadais a leathnú ar bhonn comhdhlúite chuig na hinstitiúidí sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil siad ag tuairisciú cheana ar bhonn mar sin.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí atá le húsáid ag institiúidí a shonrú trína bhféadfaidh na húdaráis inniúla na ceanglais thuairiscithe maidir le faisnéis airgeadais institiúidí a leathnú i gomhréir leis an gcéad fhomhír.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin rialála teicniúla dá dtagraítear sadara fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
7. I gcás ina measann údarás inniúil gur gá faisnéis nach gcumhdaítear le caighdeán cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear i mír 4 chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an ÚBE agus an BERS ar an eolas faoin fhaisnéis bhreise a mheasann sé is gá áireamh sna caighdeáin cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear i mír 4.
Airteagal 100
Ceanglais bhreise maidir le tuairisciú
Tuairisceoidh na hinstitiúidí do na húdaráis inniúla, i dtéarmaí comhiomláine ar a laghad, leibhéal a gcomhaontuithe athcheannaigh, iasachtaithe urrús agus gach cineál eire sócmhainní.
Cuirfidh an ÚBE an fhaisnéis sin san áireamh sa chaighdeán cur chun feidhme teicniúil maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 99, mír 5
Airteagal 101
Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú
1. Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar na mionsonraí seo a leanas maidir le gach margadh maoine dochorraithe náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris:
(a) caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó 80 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);
(b) caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1);
(c) luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc atá aitheanta le maoin chónaithe dhochorraithe mar chomhthaobhacht ag institiúid, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1);
(d) caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall agus 50 % den mhargadhluach nó 60 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);
(e) caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).
(f) luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).
2. Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta. Déanfar na sonraí a thuairisciú go leithleach do gach margadh maoine dochorraithe laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha risithe air.
3. Foilseoidh na húdaráis inniúla ar bhonn comhiomlán agus bliantúil na sonraí atá sonraithe i bpointí (a) go (f) de mhír 1, mar aon le sonraí stairiúla, nuair atá siad ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí maoine cónaithe nó maoine tráchtála dochorraithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE.
4. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
(a) formáidí aonfhoirmeacha, sainmhínithe, minicíochtaí agus dátaí tuairiscithe, chomh maith le réitigh TF, na n-ítimídá dtagraítear i mír 1;
(b) formáidí aonfhoirmeacha, sainmhínithe, minicíochtaí agus dátaí tuairiscithe, chomh maith le réitigh TF, na sonraí comhiomlána dá dtagraítear i mír 2.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 3
Leabhar trádála
Airteagal 102
Ceanglais maidir leis an Leabhar Trádála
1. Beidh na suímh sa leabhar trádála saor ó shrianta ar a gcumas trádála nó beifear in ann iad a fhálú.
2. Beidh fianaise ann ar intinn trádála ar bhonn na straitéisí, na mbeartas agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an institiúid chun an suíomh nó an phunann a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 103.
3. I gcomhréir le hAirteagal 104 agus Airteagal 105, déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe chun a leabhar trádála a bhainistiú a bhunú agus a choimeád ar bun.
4. Féadfaidh institiúidí fálú inmheánach a áireamh sa ríomh ar cheanglais chaipitil le haghaidh priacal an tsuímh ar an gcoinníoll go bhfuil siad á sealbhú le hintinn trádála agus go gcomhlíontar ceanglais Airteagail 103 go 106.
Airteagal 103
An leabhar trádála a bhainistiú
Agus í ag bainistiú a cuid suíomh nó a foirne suíomh sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais a leanas ar fad:
(a) beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus faofa ag an lucht bainistíocht sinsearaí, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh/ionstraim nó do na punanna, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;
(b) beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d'fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuímh a rachfar isteach iontu ar dheasc trádála. Áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:
(i) cé na suímh is féidir dul isteach iontu agus cén deasc trádála a bheidh i gceist;
(ii) socraítear teorainneacha suímh agus déantar faireachán orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;
(iii) beidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise faofa;
(iv) tuairiscítear suímh don lucht bainistíochta sinsearaí mar chuid lárnach de phróiseas bainistíochta priacal na hinstitiúide;
(v) déanfar faireachán gníomhach ar shuímh agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh nó na priacail comhpháirte a bhaineann leis a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh, méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;
(vi) nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise.
(c) beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suímh i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús sáraithe ina leith.
Airteagal 104
Áireamh sa Leabhar Trádála
1. Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun cinneadh a dhéanamh cén suíomh a áireofar sa leabhar trádála ar mhaithe lena gceanglais cistí dílse a ríomh, i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 102 agus an sainmhíniú ar leabhar trádála i gcomhréir le pointe (86) den Airteagal 4(1)), agus cuirfidh siad inniúlachtaí agus cleachtais bainistíochta priacal na hinstitiúide san áireamh. Tabharfaidh an institiúid doiciméadú iomlán ar cé mar atá sí ag comhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta sin agus déanfaidh sí iniúchadh inmheánach tréimhsiúil orthu.
2. Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistíocht fhoriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leo seo a leanas ar a laghad:
(a) na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus go bhfuil siad mar chuid den leabhar trádála chun críocha ceanglas cistí dílse;
(b) a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá threo leachtach, gníomhach;
(c) maidir le suímh atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid:
(i) priacail ábhartha an tsuímh ar fad a aithint;
(ii) gach priacal ábhartha den suíomh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;
(iii) meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;
(d) a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;
(e) a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;
(f) a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, priacail na suíomh laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;
(g) a mhéid a fhéadfaidh an institiúid priacal nó suímh a aistriú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair trádála agus na critéir maidir le haistrithe den sórt sin.
Airteagal 105
Ceanglas maidir le Luacháil Stuama
1. Beidh gach suíomh i leabhar trádála faoi réir na gcaighdeán maidir le luacháil stuama atá sonraithe san Airteagal seo. Áiritheoidh institiúidí go háirithe go mbainfidh an luacháil stuama a dhéanfar ar a gcuid suíomh sa leabhar trádála leibhéal cinnteachta iomchuí amach ag féachaint don mhianach dinimiciúil a bhaineann le suímh leabhair thrádála, na héilimh a bhaineann le fóntacht stuamachta agus an modh oibríochta agus cuspóir na gceanglas caipitil maidir le suímh leabhair trádála.
2. Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bheidh leordhóthanach chun meastacháin luachála stuama agus iontaofa a sholáthar a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna córais agus sna rialuithe sin:
(a) beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe don phróiseas luachála, lena n-áirítear freagrachtaí a bheidh sainmhínithe go soiléir maidir leis na réimsí éagsúla a bhaineann leis an luacháil a chinneadh, foinsí faisnéise an mhargaidh agus athbhreithniú ar cé chomh hoiriúnach is atá siad, treoirlínte maidir le hionchuir dhobhraite a úsáid, a léiríonn toimhdí na hinstitiúide maidir le cad a d'úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an suíomh á phraghsáil acu, minicíocht na luachála neamhspleáiche, uainiú na bpraghsanna scoir, nósanna imeachta chun luachálacha a choigeartú, nósanna imeachta fíorúcháin ad-hoc agus deireadh míosa;
(b) línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh, ar línte chuig an gcomhlacht bainistíochta a bheidh iontu sa deireadh.
3. Déanfaidh institiúidí athluacháil ar shuímh leabhair trádála ar bhonn laethúil ar a laghad.
4. Déanfaidh institiúidí a gcuid suímh a mharcáil ón margadh nuair is féidir sin a dhéanamh, lena n-áirítear nuair a bheidh láimhseáil caipitil sa leabhar trádála á cur i bhfeidhm.
5. Nuair a dhéanfar marcáil ón margadh, ní bhainfidh institiúid leas as an taobh is stuama de thairiscint agus atairscint ach amháin sa chás gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh. I gcás ina mbaineann institiúidí leas as an maolú seo, tabharfaidh siad faisnéis gach sé mhí dá n-údaráis inniúla faoi na suímh lena mbaineann agus fianaise a chur ar fáil gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh.
6. Nuair nach féidir marcáil ón margadh a dhéanamh, déanfaidh institiúidí marcáil choimeádach de réir samhla ar a suímh agus ar a bpunanna, lena n-áirítear nuair a bheidh ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh suíomh sa leabhar trádála.
7. Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas nuair a bheidh siad ag marcáil de réir samhla:
(a) beidh eolas ag an lucht bainistíochta sinsearaí ar na gnéithe den leabhar trádála nó de shuímh eile a bhfuil luach cóir ag gabháil leo agus atá faoi réir ag marcáil de réir samhla agus tuigfidh siad ábharthacht na neamhchinnteachta a chruthófar leis sin sa tuairisciú ar an bpriacal /ar fheidhmíocht an ghnó;
(b) déanfaidh institiúidí na hionchuir mhargaidh a fhoinsiú, nuair is féidir, i gcomhréir le praghsanna an mhargaidh, agus déanfaidh siad measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá ionchuir mhargaidh an tsuímh áirithe a bhfuil luach á chur air agus ar pharaiméadair na samhla agus déanfar é sin go minic;
(c) nuair a bheidh fáil orthu, bainfidh institiúidí úsáid as modheolaíochtaí luachála atá glactha mar chleachtas ar an margadh i gcás ionstraimí nó tráchtearraí airgeadais áirithe;
(d) i gcás gurb í an institiúid féin a fhorbraíonn an tsamhail, beidh sí bunaithe ar thoimhdí iomchuí, a bhfuil measúnú déanta orthu agus a bhfuil a ndúshlán tugtha ag páirtithe atá cáilithe go cuí agus atá neamhspleách ar an bpróiseas forbartha;
(e) beidh nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm ag institiúidí chun athruithe a rialú agus beidh cóip shlán den tsamhail ina seilbh acu agus úsáidfear í go tréimhsiúil chun luachálacha a sheiceáil;
(f) tabharfar faoi deara i mbainistíocht priacal na laigeachtaí atá ag na samhlacha atá in úsáid agus conas is féidir na laigeachtaí sin a léiriú san aschur luachála; agus
(g) beidh samhlacha institiúidí faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil chun cruinneas a bhfeidhmíochta a chinneadh, agus áireofar leis sin measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá na toimhdí ar bhonn leanúnach, anailís ar bhrabús agus ar chaillteanas i gcoinne fachtóirí priacail, luachanna glanta cuntais iarbhír a chur i gcomparáid le haschuir na samhla.
Chun críocha phointe (d), forbrófar nó faomhfar an tsamhail go neamhspleách ar an deasc trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.
8. Déanfaidh institiúidí fíorú neamhspleách ar phraghsanna anuas ar mharcáil laethúil ón margadh nó marcáil de réir samhla. Déanfaidh duine nó aonad a bheidh neamhspleách ar dhaoine nó ar aonaid a fhaigheann buntáiste ón leabhar trádála fíorú ar phraghsanna an mhargaidh agus ar ionchuir na samhla, agus déanfar é sin uair amháin sa mhí ar a laghad, nó níos minice ag brath ar an gcineál margaidh nó gníomhaíochta trádála. I gcás nach bhfuil foinsí praghsála neamhspleácha ar fáil nó go bhfuil foinsí praghsála níos suibiachtúla, féadfaidh bearta stuama amhail coigeartuithe ar an luacháil níos oiriúnaí.
9. Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartuithe ar luachálacha a bhreithniú a bhunú agus a choimeád ar bun.
10. Breithneoidh institiúidí go foirmiúil na coigeartuithe seo a leanas ar luacháil: raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte, costais ghlanta cuntais, priacail oibriúcháin, neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, luathfhoirceannadh, costais infheistíochta agus chistithe, costais riaracháin todhchaí agus, nuair is ábhartha, priacal de bharr samhaltaithe.
11. Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartú don luacháil reatha ar aon suímh bheagleachtacha a ríomh a bhunú agus a choimeád ar bun, ar suímh iad ar féidir leo go háirithe teacht ó theagmhais ar an margadh nó cásanna a bhaineann le hinstitiúid amhail suímh chomhchruinnithe agus/nó suímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí leagtha amach dóibh ag an tús sáraithe. Déanfaidh institiúidí, más gá, coigeartuithe den sórt sin anuas ar aon athruithe ar luach an tsuímh a bheidh riachtanach chun críocha tuairiscithe airgeadais agus dearfar coigeartuithe den sórt sin mar léiriú ar neamhleachtacht an tsuímh. Faoi na nósanna imeachta sin, breithneoidh institiúidí roinnt fachtóirí nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil gá le coigeartú luachála ar shuímh bheagleachtacha. Áirítear leis na fachtóirí sin:
(a) an méid ama a thógfadh sé an suíomh nó na priacail laistigh den suíomh sin a fhálú amach;
(b) luaineacht agus meán raonta difríochta tairisceana/atairisceana;
(c) infhaighteacht na gcuótaí margaidh (líon agus céannacht na gcruthaitheoirí margaidh) agus luaineacht agus meán na méideanna trádála lena n-áirítear méideanna trádála le linn tréimhsí struis sa mhargadh;
(d) comhdhlúthacht an mhargaidh;
(e) aosú na suíomh;
(f) a mhéid a bhíonn luacháil ag brath ar mharcáil de réir samhla;
(g) an tionchar a bhíonn ag priacail eile de bharr samhaltaithe.
12. Agus luachálacha tríú páirtí nó marcáil de réir samhla á n-úsáid, breithneoidh institiúidí cibé a chuirfidh nó nach gcuirfidh siad coigeartú i bhfeidhm maidir le luacháil. Ina theannta sin, breithneoidh institiúidí an bhfuil gá le coigeartuithe a bhunú do shuímh bheagleachtacha agus déanfaidh siad athbhreithniú leanúnach ar a n-oiriúnacht leantach. Déanfaidh institiúidí measúnú sainráite freisin ar an ngá atá le coigeartuithe luachála a bhaineann le neamhchinnteacht ionchuir pharaiméadair a úsáideann samhlacha.
13. Maidir le táirgí casta, lena n-áirítear risíochtaí urrúsaithe agus na díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain, déanfaidh institiúidí measúnú sainráite ar an ngá le coigeartuithe ar luacháil mar léiriú ar an bpriacal de bharr samhaltaithe a bhaineann le modheolaíocht luachála a d'fhéadfadh a bheith mícheart a úsáid agus an priacal de bharr samhaltaithe a bhaineann le paraiméadair chalabraithe dhobhraite (agus b'fhéidir mícheart) a úsáid sa tsamhail luachála.
14. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha ar dá réir a chuirfear ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 106
Fálú Inmheánach
1. Comhlíonfaidh fálú inmheánach go háirithe na ceanglais seo a leanas:
(a) ní bheidh sé i gceist go príomha ceanglais cistí dílse a sheachaint nó a laghdú leis;
(b) déanfar é a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh inmheánach áirithe agus nósanna imeachta iniúchta;
(c) déileálfar leis ag coinníollacha an mhargaidh;
(d) déanfar bainistiú dinimiciúil sa leabhar trádála ar an bpriacal margaidh a ghinfear leis an bhfálú inmheánach agus déanfar an bainistiú sin laistigh de na teorainneacha údaraithe;
(e) déanfar faireachán cúramach air i gcomhréir le nósanna imeachta dóthanacha.
Áiritheofar go ndéanfar faireachán air trí nósanna imeachta leordhóthanacha.
2. Beidh feidhm ag ceanglais mhír 1 gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir leis an suíomh fálaithe sa leabhar neamhthrádála.
3. De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, nuair a dhéanann institiúid fálú ar risíocht ar priacal creidmheasa leabhair neamhthrádála nó ar risíocht ar priacal contrapháirtí ag úsáid díorthaigh chreidmheasa atá cláraithe ina leabhar trádála trí fhálú inmheánach, ní mheasfar go bhfuil an risíocht ar priacal sa leabhar neamhthrádála nó an risíocht ar priacal contrapháirtí fálaithe ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh mura gceannaíonn an institiúid díorthach creidmheasa ó sholáthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa sa leabhar neamhthrádála. Gan dochar do phointe (h) d'Airteagal 299(2), i gcás ina gceannaítear agus ina n-aithnítear cosaint tríú páirtí den sórt sin mar fhálú ar risíocht leabhair neamhthrádála ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh, ní chuimseofar an fálú inmheánach nó seachtrach ar dhíorthach creidmheasa sa leabhar trádála ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh.
TEIDEAL II
CEANGLAIS CHAIPITIL LE HAGHAIDH PRIACAL CREIDMHEASA
CAIBIDIL 1
Prionsabail ghinearálta
Airteagal 107
Cineálacha cur chuige maidir le priacal creidmheasa
1. Cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe dá bhforáiltear i gCaibidil 2 nó, má cheadaíonn na húdaráis inniúla é i gcomhréir le hAirteagal 143, an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha dá bhforáiltear i gCaibidil 3, i bhfeidhm chun a gcuid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh chun críocha phointí (a) agus (f) d'Airteagal 92(3).
2. I gcás risíochtaí trádála ar ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana le contrapháirtí lárnach, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 9 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh ar mhaithe le pointí (a) go (f) d'Airteagal 92(3). I gcás gach cineál eile risíochta ar chontrapháirtí lárnach, déanfaidh institiúidí iad a láimhseáil mar a leanas:.
(a) mar risíochtaí ar institiúid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí cáilitheach;
(b) mar risíochtaí ar chorparáid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí neamhcháilitheach.
3. Chun críocha an Rialacháin seo, láimhseálfar risíochtaí ar ghnólachtaí infheistíochta tríú tíortha agus risíochtaí ar institiúidí creidmheasa tríú tíortha agus risíochtaí ar thithe imréitigh tríú tíortha agus malartuithe mar risíochtaí ar institiúid má chuireann an tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis an eintiteas sin, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus sa chás sin amháin.
4. Chun críocha mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint de risíochtaí ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3 a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2015, ar choinníoll go mbeidh an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 108
Teicníc um maolú priacal creidmheasa a úsáid faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoin gCur Chuige IRB
1. Maidir le risíocht a gcuirfidh institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 2 nó a gcuireann sí an Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 3 ach gan a cuid meastachán féin ar chaillteanas i gcás mainneachtana (LGD) agus a fachtóirí coinbhéartachta féin a úsáid faoi Airteagal 151, féadfaidh an institiúid maolú priacal creidmheasa a úsáid i gcomhréir le Caibidil 4 nuair a bheidh sí ag ríomh méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal chun críocha phointí (a) agus (f) d'Airteagal 92(3) nó, mar is iomchuí, méideanna caillteanais ionchasaigh chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1) agus pointe (c) d'Airteagal 62.
2. Maidir le risíocht a gcuirfidh institiúid an Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith trína cuid meastachán féin ar LGD agus a fachtóirí coibhéartachta féin a úsáid faoi Airteagal 151, féadfaidh an institiúid maolú priacal creidmheasa a úsáid i gcomhréir le Caibidil 3.
Airteagal 109
Risíochtaí urrúsaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoin gCur Chuige IRB a láimhseáil
1. I gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe faoi Chaibidil 2 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an aicme risíochta a sannfaí na risíochtaí urrúsaithe di faoi Airteagal 112, ríomhfaidh sí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i dtaca le suíomh urrúsaithe i gcomhréir le hAirteagail 245, 246 agus 251 go 258. Féadfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Caighdeánaithe Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid freisin i gcás ina gceadaítear é sin faoi Airteagal 259(3).
2. I gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige IRB faoi Chaibidil 3 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an aicme risíochta a sannfaí an risíocht urrúsaithe di faoi Airteagal 147, ríomhfaidh sí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagail 245, 246 agus 259 go 266.
Cé is moite de Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, i gcás nach n-úsáidtear an Cur Chuige IRB ach amháin le haghaidh coda de na risíochtaí urrúsaithe a fholuíonn urrúsú, úsáidfidh an institiúid an cur chuige a chomhfhreagraíonn don sciar is mó de na risíochtaí urrúsaithe a fholuíonn an t-urrúsú seo.
Airteagal 110
Coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil
1. Déanfaidh institiúidí a chuirfidh an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 62 (c).
2. Déanfaidh institiúidí a bhfuil an Cur Chuige IRB á chur i bhfeidhm acu na coigeartuithe i leith priacal creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 159, Airteagal 62 (d) agus Airteagal 36 (1)(d).
Chun críocha an Airteagail seo agus Chaibidil 2 agus Chaibidil 3, ní bheidh cistí le haghaidh priacal ginearálta baincéireachta san áireamh i gcoigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa.
3. Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a chuireann an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir le cuid dá risíochtaí ar bhonn comhdhlúite nó aonair, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 148 agus Airteagal 150 faoin gcuid sin den choigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a shannfar chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige IRB mar seo a leanas:
(a) nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige IRB i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 2;
(b) nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 1;
(c) Sannfar an t-iarmhar den choigeartú i leith priacal creidmheasa ar bhonn pro rata de réir an chion de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá faoi réir ag an gCur Chuige Caighdeánaithe agus atá faoi réir ag an gCur Chuige IRB.
4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na gcoigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa a shonrú faoin gcreat infheidhme cuntasaíochta maidir leo seo a leanas:
(a) luach na risíochta faoin gCur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 111;
(b) luach na risíochta faoin gCur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagail 166 go 168;
(c) láimhseáil méideanna an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 159;
(d) luach na risíochta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an suíomh urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 246 agus Airteagal 266;
(e) mainneachtain a chinneadh faoi Airteagal 178;
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 2
Cur Chuige Caighdeánaithe
Airteagal 111
Luach na risíochta
1. Beidh luach na risíochta ar ítim sócmhainne ionann leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa, na gcoigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis an ítim sócmhainne a bheith curtha i bhfeidhm. Beidh luach na risíochta ar ítim lasmuigh den chlár comhardaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I ionann leis an gcéatadán seo a leanas dá luach ainmniúil tar éis coigeartuithe i leith priacal creidmheasa shonraigh a bheith laghdaithe:
(a) 100 % más ítim lánpriacal atá i gceist;
(b) 50 % más ítim mheánpriacal atá i gceist;
(c) 20 % más ítim mheánpriacal /íospriacal atá i gceist;
(d) 0 % más ítim íospriacal atá i gceist.
Déanfar na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear sa dara habairt den chéad fhomhír a shannadh do chatagóirí priacal mar a thugtar le fios in Iarscríbhinn I.
Nuair a bheidh an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais faoi Airteagal 223 in úsáid ag institiúid, déanfar luach risíochta na n-urrús nó na dtráchtearraí a dhíolfar, a bhreacfar nó a thabharfar ar iasacht faoi idirbheart athcheannaigh nó faoi idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí, agus idirbhearta iasachtaithe corrlaigh, a mhéadú ag brath ar an gcoigeartú luaineachta a bheidh oiriúnach d'urrúis nó do thráchtearraí den sórt sin arna leagan síos in Airteagail 223 go 225.
2. Déanfar an luach risíochta a bheidh ag ionstraim dhíorthach atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 agus cuirfear na héifeachtaí a bheidh ag conarthaí nuachana agus ag comhaontuithe glanluachála eile san áireamh chun críocha na modhanna sin i gcomhréir le Caibidil 6. Féadfar an luach risíochta a bheidh ag idirbheart athcheannaigh, ag idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí, ag idirbhearta socraíochta iarchurtha agus ag idirbhearta iasachtaithe corrlaigh a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 nó Caibidil 4.
3. I gcás ina mbeidh risíocht faoi réir ag cosaint chistithe creidmheasa, féadfar an luach risíochta a bheidh infheidhme maidir leis an ítim sin a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.
Airteagal 112
Aicmí risíochta
Déanfar gach risíocht a shannadh do cheann de na haicmí risíochta seo a leanas:
(a) risíochtaí ar rialtais láir nó bainc cheannais
(b) risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;
(c) risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí;
(d) risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha;
(e) risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(f) risíochtaí ar institiúidí;
(g) risíochtaí ar chorparáidí;
(h) risíochtaí ar mhiondíol;
(i) risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe;
(j) risíochtaí ar mhainneachtain;
(k) risíochtaí a bhaineann le priacal atá fíor-ard;
(l) risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach;
(m) ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;
(n) risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu;
(o) risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna);
(p) risíochtaí ar chothromas;
(q) ítimí eile.
Airteagal 113
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh
1. D'fhonn méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, cuirtear ualaí priacal i bhfeidhm maidir le gach risíocht, mura mbaintear ó chistí dílse iad, i gcomhréir leis na forálacha i Roinn 2. Beidh cur i bhfeidhm na n-ualaí priacal bunaithe ar an aicme risíochta a bhfuil an risíocht sannta di agus, a mhéid atá sonraithe i Roinn 2, ar a cháilíocht chreidmheasa. Féadfar cáilíocht chreidmheasa a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mheasúnuithe creidmheasa na IMCSanna nó measúnuithe creidmheasa na nGníomhaireachtaí um Chreidmheas Onnmhairiúcháin i gcomhréir le Roinn 3.
2. Ar mhaithe le hualú priacal a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 1, iolrófar luach na risíochta faoin ualú priacal atá sonraithe nó cinnte i gcomhréir le Roinn 2.
3. I gcás ina mbeidh risíocht faoi réir ag cosaint chreidmheasa féadfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir leis an ítim sin a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.
4. Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí urrúsaithe a ríomh i gcomhréir le Caibidil 5.
5. Sannfar ualú priacal 100 % ar risíochtaí nach bhfuil aon ríomh a bhaineann leo ar fáil i Roinn 2.
6. Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2, féadfaidh institiúid, faoi réir fhaomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE é. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla faomhadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) is é atá sa chontrapháirtí institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;
(b) tá an contrapháirtí ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna leis an institiúid ar bhonn iomlán;
(c) tá an contrapháirtí faoi réir ag an meastóireacht chéanna ar priacail, agus ag na nósanna imeachta tomhais agus rialaithe céanna leis an institiúid;
(d) tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an institiúid;
(e) níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an institiúid.
I gcás ina bhfuil institiúid údaraithe, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.
7. Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, itimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chontrapháirtithe a bhfuil scéim chosanta institiúideach déanta ag an institiúid leo ar comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil é a thugann cosaint do na hinstitiúidí agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint más gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla cead a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) níl na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 6 comhlíonta;
(b) áirithíonn na socruithe go bhfuil an scéim chosanta institiúideach in ann tacaíocht a thabhairt atá riachtanach faoina thiomantas ó chistí atá ar fáil go héasca dó;
(c) tá córais chonarthacha oiriúnacha agus aonfhoirmeacha sa scéim chosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar priacal, agus a thugann léargas iomlán ar staid priacal gach comhalta aonair agus na scéime cosanta institiúidí trí chéile, agus féidearthachtaí ag gabháil leis chun tionchar a imirt; déanfaidh na córais sin faireachán iomchuí ar risíochtaí a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1);
(d) déanann an scéim chosanta institiúideach a athbhreithniú féin ar priacal a chuirtear in iúl do na comhaltaí aonair;
(e) déanann an scéim chosanta institiúideach ceachtar den dá thuarascáil seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain: tuarascáil chomhdhlúite ina mbeidh an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile; nó tuarascáil ina mbeidh an clár comhardaithe comhiomlánaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais comhiomlánaithe, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile;
(f) tá sé de dhualgas ar chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí fógra roimh ré a thabhairt 24 mí ar a laghad más mian leo deireadh a chur leis an scéim chosanta institiúideach;
(g) gheofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh (dá ngairtear 'ilghiaráil' anseo feasta) chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí;
(h) Beidh an scéim chosanta institiúideach bunaithe ar bhallraíocht leathan d'institiúidí creidmheasa a mbeidh próifíl ghnó aonchineálach acu den chuid is mó;
(i) déanann na húdaráis inniúla ábhartha leordhóthanacht na gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) and (d) a fhaomhadh go rialta agus déanann siad faireachán orthu go rialta.
I gcás ina gcinnfidh institiúid, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.
Airteagal 114
Risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais
1. Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ach amháin má tá feidhm leis na láimhseálacha atá leagtha amach i míreanna 2 go 7.
2. Déanfar ualú priacal i gcomhréir le Tábla 1 a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith agus comhfhreagraíonn an t-ualú sin don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 1
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
0 % |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
3. Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar BCE.
4. Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais Ballstát atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an rialtais láir agus an bhainc cheannais sin.
6. I gcás na risíochtaí a léirítear in Airteagal 495(2):
(a) in 2018 is éard a bheidh san ualú priacal a chuirfear i bhfeidhm maidir le luachanna na risíochta 20 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le mír 2;
(b) in 2019 is éard a bheidh san ualú priacal a chuirfear i bhfeidhm maidir le luachanna na risíochta 50 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);
(c) in 2020 agus ón mbliain sin ar aghaidh, is éard a bheidh san ualú priacal a chuirfear i bhfeidhm maidir le luachanna na risíochta 100 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le mír 2.
7. I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas ualú priacal atá níos ísle ná an t-ualú priacal sin atá tugtha le fios i míreanna 1 go 2 a shannadh do risíochtaí ar a rialtas láir agus a mbanc ceannais atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre, féadfaidh institiúidí ualú priacal a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí den sórt sin ar an tslí chéanna.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais de chuid tríú tíre, go dtí an 1 Eanáir 2015, i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 115
Risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla
1. Déanfar risíochtaí ar rialtais láir agus ar údaráis áitiúla a ualú ó thaobh priacal mar risíochtaí ar institiúidí mura láimhseáiltear iad mar risíochtaí ar rialtais láir faoi mhír 2 nó mír 4 nó mura bhfhaigheann siad ualú priacal mar a shonraítear i mír 5. Ní chuirfear i bhfeidhm an láimhseáil fhabhrach i gcás risíochtaí gearrthéarmacha atá sonraithe in Airteagal 119(2) agus Airteagal 120(2).
2. Déanfar risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar risíochtaí ar an rialtas láir sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag na rialtais réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla, agus toisc go bhfuil socruithe institiúideacha sonracha ann a bhfuil sé d'éifeacht acu a priacal mainneachtana a laghdú.
Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil don phobal ina mbeidh na rialtais réigiúnacha uile agus na húdaráis áitiúla uile san Aontas a dhéanann na húdaráis inniúla ábhartha a láimhseáil mar risíochtaí ar a rialtais lárnacha.
3. Déanfar risíochtaí ar eaglaisí nó ar phobail reiligiúnacha arna gcomhdhéanamh i bhfoirm duine dhlítheanaigh faoin dlí poiblí, sa mhéid is go mbailíonn siad cánacha i gcomhréir le reachtaíocht a thugann de cheart dóibh sin a dhéanamh, a láimhseáil mar risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla. Sa chás seo, ní bheidh feidhm ag mír 2 agus chun críocha Airteagal 150(1)(a), ní eiseofar cead chun an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm.
4. I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla dlínse tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar risíochtaí ar a rialtas láir féin agus nach bhfuil difríocht ar bith ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag an rialtas réigiúnach nó ag údaráis áitiúla agus mar gheall ar shocruithe institiúideacha sonracha chun an priacal mainneachtana a laghdú, féadfaidh institiúidí risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla den sórt sin a ualú ar an tslí chéanna ó thaobh priacal.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
5. Déanfar ualú priacal cothrom le 20 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát nach dtagraítear dóibh i míreanna 2 go 4 agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an rialtais láir agus an údaráis áitiúil sin.
Airteagal 116
Risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí
1. I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an t-eintiteas sin den earnáil phoiblí corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 2 seo a leanas:
Tábla 2
Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 100 %.
2. Déanfar risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 120. Ní chuirfear an láimhseáil fhabhrach i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin i gcás risíochtaí gearrthéarmacha atá sonraithe in Airteagal 119(2) agus Airteagal 120(2).
3. I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a bhfuil aibíocht bhunaidh trí mhí nó níos giorra ag gabháil leo, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.
4. I gcúinsí eisceachtúla, féadfar risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil mar risíochtaí ar an rialtas láir, ar an rialtas réigiúnach nó ar an údarás áitiúil sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht, i dtuairim údaráis inniúla na dlínse sin, ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil ráthaíocht iomchuí ann ón rialtas láir, ón rialtas réigúnach nó ón údarás áitiúil.
5. I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla i ndlínse tríú tír, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas Eorpach, risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, féadfaidh institiúidí ualú priacal a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar eintitis den sórt sin san earnáil phoiblí ar an tslí chéanna. Mura ndéantar é sin, cuirfidh na hinstitiúidí ualú priacal de 100 % i bhfeidhm.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 117
Risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha
1. Déanfar risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach dtagraítear dóibh i mír 2 a láimhseáil ar an tslí chéanna le risíochtaí ar institiúidí. Ní chuirfear i bhfeidhm an láimhseáil fhabhrach i gcás risíochtaí gearrthéarmacha mar atá sonraithe in Airteagal 119(2), 120(2) agus 121 (3).
Measfar gur bainc forbartha iltaobhacha iad an Chorparáid Idir-Mheiriceánach Infheistíochta, Banc Trádála agus Forbartha na Mara Duibhe, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch agus CAF-Banc Forbartha Mheiriceá Laidineach.
2. Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na bainc forbartha iltaobhacha seo a leanas:
(a) an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;
(b) an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta;
(c) an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach;
(d) Banc Forbartha na hÁise;
(e) Banc Forbartha na hAfraice;
(f) Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa;
(g) an Banc Nordach Infheistíochta;
(h) Banc Forbartha Mhuir Chairib;
(i) an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;
(j) an Banc Eorpach Infheistíochta;
(k) an Ciste Eorpach Infheistíochta;
(l) an Ghníomhaireacht Iltaobhach Rathaithe Infheistíochtaí;
(m) an tSaoráid Airgeadais Idirnáisiúnta um Imdhíonadh;
(n) an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht.
3. Déanfar ualú priacal 20 % a shannadh don chion de chaipiteal neamhíoctha atá suibscríofa leis an gCiste Eorpach Infheistíochta.
Airteagal 118
Risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta
Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas:
(a) an tAontas;
(b) an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta;
(c) an Banc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta;
(d) an tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais;
(e) an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;
(f) institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bhunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó atá i mbaol deacrachtaí móra maoinithe.
Airteagal 119
Risíochtaí ar institiúidí
1. Déanfar risíochtaí ar institiúidí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 120. Déanfar risíochtaí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 121.
2. I gcás risíochtaí ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair trí mhí nó níos giorra iontu agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra náisiúnta an iasachtaí, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh a bheidh catagóir amháin nach lú fabhar ná an t-ualú priacal fabhrach, a thuairiscítear in Airteagal 114(4) go hAirteagal 114(7), atá sannta do risíochtaí ar an rialtas láir ina ionchorpraítear an institiúid.
3. Ní dhéanfar ualú priacal níos lú ná 20 % a shannadh d'aon risíochtaí a bhfuil aibíocht iarmhair trí mhí nó níos giorra iontu agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra náisiúnta an iasachtaí.
4. Féadfar risíocht ar institiúid i bhfoirm cúlchistí íosta a cheanglaíonn BCE nó banc ceannais Ballstáit iad a bheith sealbhaithe ag institiúid a ualú ó thaobh priacal mar risíochtaí ar bhanc ceannais an Bhallstáit atá i gceist ar an gcoinníoll:
(a) go sealbhaítear na cúlchistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1745/2003 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2003 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ( 10 )nó i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta i ngach cás ábhartha atá coibhéiseach leis an Rialachán sin;
(b) i gcás féimheachta nó dócmhainneachta na hinstitiúide ina sealbhaítear na cúlchistí, déantar na cúlchistí a aisíoc go hiomlán leis an institiúid ar shlí thráthúil agus ní chuirtear ar fáil iad chun fónamh do dhliteanais eile na hinstitiúide.
5. Déanfar risíochtaí ar institiúidí airgeadais arna n-údarú agus arna maoirsiú ag na húdaráis inniúla agus atá faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí.
Airteagal 120
Risíochtaí ar institiúidí rátáilte
1. I gcás risíochtaí ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair breis is trí mhí iontu a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 3 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 3
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
2. I gcás risíochtaí ar institiúid a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne an IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 4 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136:
Tábla 4
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
20 % |
20 % |
20 % |
50 % |
50 % |
150 % |
3. Is mar seo a leanas a bheidh an idirghníomhaíocht idir an tslí ina láimhseáiltear measúnú creidmheasa gearrthéarmach faoi Airteagal 131 agus an láimhseáil fhabhrach ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha atá leagtha amach i mír 2:
(a) Mura ndéantar aon mheasúnú ar risíocht ghearrthéarmach, beidh feidhm ag an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha mar atá sonraithe i mír 2 maidir le gach risíocht ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu;
(b) Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal níos fabhraí nó ualú priacal comhionann i bhfeidhm seachas an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, úsáidfear an measúnú gearrthéarmach i gcás na risíochta sonraí sin amháin. Cuirfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha eile;
(c) Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal nach lú fabhar ná an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm, ní úsáidfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha agus déanfar an t-ualú priacal céanna is a chuirtear i bhfeidhm leis an measúnú gearrthéarmach sonrach a shannadh do gach éileamh gearrthéarmach gan rátáil.
Airteagal 121
Risíochtaí ar institiúidí gan rátáil
1. I gcás risíochtaí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an institiúid corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 5.
Tábla 5
Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal na risíochta |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
2. I gcás risíochtaí ar institiúidí gan rátáil atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 100 %.
3. I gcás risíochtaí ar institiúidí gan rátáil a bhfuil aibíocht bhunaidh iarbhír de thrí mhí nó níos lú ag gabháil leo, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.
4. In ainneoin mhír 2 agus mhír 3 maidir le risíochtaí trádála airgeadais dá dtagraítear pointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 162(3) ar institiúidí gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 50 % agus i gcás ina mbeidh aibíocht iarmhair na risíochtaí trádála airgeadais ar institiúidí gan rátáil trí mhí nó níos lú, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.
Airteagal 122
Risíochtaí ar chorparáidí
1. I gcás risíochtaí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 6
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
150 % |
2. I gcás risíochtaí nach bhfuil measúnú creidmheasa ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % nó ualú priacal na risíochtaí ar rialtais láir na dlínse ina bhfuil an chorparáid ionchorpraithe, cibé acu is airde, a shannadh dóibh.
Airteagal 123
Risíochtaí ar mhiondíol
Déanfar ualú priacal cothrom le 75 % a shannadh do risíochtaí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
(a) is ar dhuine nó ar dhaoine nádúrtha, nó ar fhiontar beag nó meánmhéide (FBM), a bheidh risíocht;
(b) beidh an risíocht ar cheann amháin de líon suntasach risíochtaí a mbeidh tréithe cosúla acu sa mhéid is go laghdaítear go mór na priacail a bhaineann le hiasachtú den sórt sin;
(c) i gcás an mhéid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht ar mainneachtain, ag an oibleagáideoir cliant nó ag grúpa cliant nasctha, gan risíochtaí atá urraithe go hiomlán agus ar fad ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, ar éilimh iad a sannadh d'aicme na risíochta a leagtar síos in Airteagal 112 (i), ní sháróidh sé, a mhéid is feasach don institiúid, EUR 1 milliún. Déanfaidh an institiúid bearta réasúnta chun an t-eolas sin a fháil.
Ní bheidh urrúis incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.
Ní bheidh risíochtaí nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) den chéad fhomhír incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.
Beidh luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.
Airteagal 124
Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar maoin dhochorraithe
1. I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 125 nó Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine dochorraithe.
Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos airde ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach morgáiste na maoine atá i gceist.
2. Bunaithe ar na sonraí a bailíodh faoi Airteagal 101, agus aon táscairí iomchuí eile, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú tréimhsiúil, agus measúnú bliantúil ar a laghad, féachaint an bhfuil an t-ualú priacal 35 % i gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125, agus an t-ualú priacal 50 % i gcás risíochtaí atá urraithe ar mhaoin thráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 126, is é sin le rá maoin atá suite ina chríoch, oiriúnach bunaithe ar an méid a leanas:
(a) caillteanas taithí na risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe;
(b) forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe;
Féadfaidh na húdaráis inniúla ualú priacal níos airde nó critéir níos déine a shocrú ná iad sin atá leagtha amach in Airteagal 125(2) agus Airteagal 126(2), nuair is iomchuí, ar bhonn comaoineacha cobhsaíochta airgeadais.
I gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe, socróidh an t-údarás inniúil an t-ualú priacal ag céatadán ó 35 % go 150 %.
I gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe, socróidh an t-údarás inniúil an t-ualú priacal ag céatadán ó 50 % go 150 %.
Laistigh de na réimsí sin, déanfar an t-ualú priacal is airde a shocrú, bunaithe ar chaillteanas priacal agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí agus comaoineacha cobhsaíochta airgeadais á gcur san áireamh. I gcás ina dtaispeántar leis an measúnú nach léirítear leis na hualuithe priacal a leagtar amach in Airteagal 125(2) agus in Airteagal 126(2) na priacail iarbhír do cheann amháin nó níos mó de na deighleoga maoine a bhaineann le risíochtaí mar sin, a urraítear go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin thráchtála dhochorraithe a lonnaítear ar chuid amháin nó níos mó dá chríoch, déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás na risíochtaí sin ar dheighleoga maoine, ualú priacal níos airde a shocrú a chomhfhreagróidh do na priacail iarbhír.
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE maidir leis na coigeartuithe ar na hualaí priacal agus ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm, a ríomhfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa mhír seo, mar a shonraítear leis na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. ►C2 Foilseoidh ÚBE na hualaí priacal agus na critéir arna socrú ag na húdaráis inniúla le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 125, 126 agus 199(1)(a). ◄
3. I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis inniúla ualú priacal níos airde nó critéir níos déine a shocrú, beidh idirthréimhse 6 mí ag institiúidí chun an t-ualú priacal nua a chur i bhfeidhm.
4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun iad seo a leanas a shonrú:
(a) na critéir dhiana chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste dá dtagraítear i mír 1;
(b) na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 a chuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh agus na hualuithe is airde ó thaobh priacal á gcinneadh, go háirithe i dtéarmaí "comaoineacha cobhsaíochta airgeadais".
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
5. Cuirfidh institiúidí Ballstáit amháin na hualaí priacal agus na critéir arna gcinneadh ag údaráis inniúla Ballstáit eile i bhfeidhm ►C2 maidir le risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála agus ar mhaoin chónaithe atá suite sa Bhallstát sin. ◄
Airteagal 125
Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe
1. Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe:
(a) déanfar ualú priacal 35 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá nó a bheidh áitithe nó ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta;
(b) déanfar ualú priacal cothrom le 35 % a shannadh do risíochtaí ar thionónta faoi idirbheart léasaithe maoine maidir le maoin chónaithe faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.
2. Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;
(b) ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht. Maidir leis na foinsí eile sin, déanfaidh institiúidí na cóimheasa uasta iasachta/ioncaim mar chuid dá mbeartas iasachtaithe agus gheobhaidh siad fianaise oiriúnach ar an ioncam iomchuí nuair a thabharfaidh siad an iasacht.
(c) comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);
(d) mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), an chuid den iasacht a bhfuil ualú priacal cothrom le 35 % sannta di, ní sháróidh sí 80 % de mhargadhluach na maoine atá i gceist, nó 80 % de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.
3. Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine cónaithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach mó ná na teorainneacha seo a leanas:
(a) caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe suas go dtí 80 % den mhargadhluach nó ní sháraíonn 80 % den luach iasachta morgáiste, mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), 0.3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith;
(b) caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith.
4. I gcás nach gcomhlíontar ceann na teorainneacha dá dtagraítear i mír 3 in aon bhliain faoi leith, scoirfear de bheith incháilithe chun mír 3 a úsáid agus beidh feidhm ag an gcoinníoll atá i mír 2(b) go dtí go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 i mbliain ina dhiaidh sin.
Airteagal 126
Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe
1. Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe:
(a) féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar oifigí nó ar áitribh thráchtála eile;
(b) féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine maidir le hoifigí nó áitribh thráchtála eile faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.
2. Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;
(b) ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht.
(c) comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);
(d) Déanfar ualú priacal cothrom le 50 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), a shannadh don chuid sin den iasacht nach mó ná 50 % de mhargadhluach na maoine nó 60 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.
3. Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine dochorraithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn na teorainneacha seo a leanas:
(a) caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí 50 % den mhargadhluach nó nach sáraíonn 60 % den luach iasachta morgáiste mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2) 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe;
(b) caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe.
4. I gcás nach gcomhlíontar ceann de na teorainneacha dá dtagraítear i mír 3 in aon bhliain faoi leith, scoirfear de bheith incháilithe chun mír 3 a úsáid agus beidh feidhm ag an gcoinníoll atá i mír 2(b) go dtí go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 i mbliain ina dhiaidh sin.
Airteagal 127
Risíocht ar mhainneachtain
1. I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ina ndearna an t-oibleagáideoir mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacal cothrom leo siúd a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid creidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:
(a) 150 %, i gcás gur lú coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta mura gcuirfí na coigeartuithe sonracha sin i leith priacal creidmheasa i bhfeidhm;
(b) 100 %, i gcás gur lú coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta mura gcuirfí na coigeartuithe sonracha sin i leith priacal creidmheasa i bhfeidhm.
2. Ar mhaithe leis an gcuid urraithe den ítim atá thar téarma a chinneadh, is í an chomhthaobhacht incháilithe agus na ráthaíochtaí incháilithe iad sin atá incháilithe chun críocha maolaithe priacal creidmheasa faoi Chaibidil 4.
3. Sannfar ualú priacal cothrom le 100 % do luach na risíochta a bheidh ann tar éis coigeartuithe sonracha maidir le priacal creidmheasa ar risíochtaí, arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125 i gcás gur tharla mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178.
4. Sannfar ualú priacal cothrom le 100 % do luach na risíochta a bheidh ann tar éis coigeartuithe sonracha maidir le priacal creidmheasa ar risíochtaí, arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 126 i gcás gur tharla mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178.
Airteagal 128
Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo
1. Déanfaidh institiúidí ualú priacal 150 % a shannadh do risíochtaí, lena n-áirítear risíochtaí i bhfoirm scaireanna nó aonad in GC a mbaineann priacal fíor-ard leo, nuair is iomchuí.
2. Áireofar aon cheann de na risíochtaí seo a leanas le risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo:
(a) infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair;
(b) infheistíochtaí i gcistí infheistíochta malartacha mar a sainítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE seachas i gcás nach gceadaítear, le sainordú an chiste, luamhánú níos airde ná an ceann a éilítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;
(c) infheistíochtaí i gcothromas príobháideach;
(d) maoiniú amhantrach ar mhaoin dhochorraithe.
3. Agus measúnú á dhéanamh féachaint an bhfuil baint ag risíocht seachas risíochtaí dá dtagraítear i mír 2 le priacal fíor-ard, cuirfidh institiúidí na saintréithe priacal seo a leanas san áireamh:
(a) tá priacal ard caillteanais ann mar thoradh ar mhainneachtain an oibleagáideora;
(b) ní féidir a mheas go leormhaith an dtagann an risíocht faoi phointe (a).
Eiseoidh ÚBE treoirlínte ag sonrú cé na cineálacha risíochtaí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo agus na dálaí faoina bhfuil sé sin amhlaidh.
Glacfar leis na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 129
Risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
1. Le bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach atá leagtha amach i mír 4 agus i mír 5, comhlíonfar leis na bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE (bannaí faoi chumhdach) na ceanglais a leagtar amach i mír 7 agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas:
(a) risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir, bainc cheannais CEBC, eintitis san earnáil phoiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla san Aontas;
(b) risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir tríú tíortha, bainc cheannais tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí ar nó ráthaithe ag eintitits na hearnála poiblí tríú tíortha, rialtais réigiúnacha tríú tíortha nó údaráis áitiúla tríú tíortha atá ualaithe ó thaobh priacal mar risíochtaí ar institiúidí nó ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais i gcomhréir le hAirteagal 115(1) nó (2), nó le hAirteagal 116(1), (2) nó (4) faoi seach agus a cháilíonn don bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí i gcomhthéacs an phointe seo a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, ar an gcoinníoll nach mó iad ná 20 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúidí eisiúna;
(c) risíochtaí ar institiúidí a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo. Ní bheidh risíocht iomlán den sórt sin níos mó ná 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna. Ní bheidh risíochtaí ar institiúidí san Aontas a bhfuil aibíocht nach mó ná 100 lá ag gabháil leo cuimsithe faoi cheanglas bheart 1 ach cáileoidh na hinstitiúidí sin ar a laghad do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo;
(d) iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:
(i) maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó
(ii) aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin chónaithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin chónaithe atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.
(e) iasachtaí cónaithe arna n-urrú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a cháilíonn le haghaidh céim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó os a chionn, mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gcás nach mbeidh an chuid de gach ceann de na hiasachtaí a úsáidtear chun an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le hurrús comhthaobhach an bhanna faoi chumhdach a chomhlíonadh níos mó ná 80 % de luach na maoine cónaithe comhfhreagraí a bheidh lonnaithe sa Fhrainc, agus i gcás ina n-urramaítear cóimheas iasacht/ioncaim 33 % ar a mhéid i gcás ina gceadaítear iasacht. Ní bheidh níos mó lian morgáiste ar an maoin chónaithe nuair a cheadófar an iasacht, agus i gcás na n-iasachtaí a cheadófar ón 1 Eanáir 2014, beidh an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan liain mar sin a cheadú gan toiliú ón institiúid chreidmheasa a cheadaíonn an iasacht. Seasann an cóimheas iasachta/ioncaim do sciar d'ollioncam an iasachtaí lena gcumhdaítear aisíoc na hiasachta, ús san áireamh. Is institiúid airgeadais a bheidh údaraithe ag na húdaráis inniúla agus a ndéanfaidh na húdaráis maoirseacht orthu a bheidh i soláthraí na cosanta agus beidh sí faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta institiúide nó gnóthais árachais. Bunóidh sé comhchiste ráthaíochta nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais priacal creidmheas a sheasamh, agus déanfaidh na húdaráis inniúla an calabrú a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil. ►C2 Déanfaidh an institiúid chreidmheasa agus soláthraí na cosanta araon measúnú ar acmhainneacht creidmheasa ar an iasachtaí; ◄
(f) iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:
(i) maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó
(ii) aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin thráchtála atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.
Tá iasachtaí arna n-urrú le maoin thráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar an cóimheas Iasachta/Luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus go gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht.
(g) iasachtaí a urraítear le liain mhuirí ar longa suas go dtí an difríocht idir 60 % de luach na longa atá curtha i ngeall agus luach aon lian muirí a bhí ann roimhe sin.
Chun críocha phointí (c), (d)(ii) agus (f)(ii) den chéad fhomhír, ní bheidh ceangal na teorainneacha dá dtagraítear thuas a ríomh i gcás a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n-oibleagáideoirí i leith iasachtaí, nó de bharr fáltais leachtacha maidir le hiasachtaí, arna n-urrú le maoin na n-aonad sinsearach atá curtha i ngeall nó na n-urrús fiachais.
Féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, cur i bhfeidhm pointe (c) den chéad fhomhír a tharscaoileadh i bpáirt agus céim 2 den cháilíocht chreidmheasa a cheadú suas go dtí 10 % den risíocht iomlán ar mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna, ar an gcoinníoll gur féidir fadhbanna móra comhchruinnithe a d'fhéadfadh tarlú sna Ballstáit lena mbaineann a dhoiciméadú mar gheall ar fheidhmiú an cheanglais faoi bheart cáilíochta creidmheasa 1 dá dtagraítear sa phointe sin.
2. Áireofar freisin sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) go (f) comhthaobhacht atá srianta go heisiach ag reachtaíocht chun sealbhóirí bannaí a chosaint i gcoinne caillteanas.
3. Déanfaidh institiúidí, i gcás maoine dochorraithe a dhéanann bannaí faoi chumhdach a chomhthaobhú, na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1) a chomhlíonadh.
4. I gcás bannaí faoi chumhdach a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6a a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 6a
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
10 % |
20 % |
20 % |
50 % |
50 % |
100 % |
5. I gcás bannaí faoi chumhdach nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh ar bhonn an ualaithe priacal a sannadh do risíochtaí neamhurraithe sinsearacha ar an institiúid a eisíonn iad. Beidh feidhm ag an gcomhfhreagairt seo a leanas idir ualaí priacal:
(a) má dhéantar ualú priacal 20 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 10 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
(b) má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 20 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
(c) má dhéantar ualú priacal 100 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 50 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
(d) má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 100 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach.
6. Níl bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 faoi réir ag ceanglais mhír 1 agus mhír 3. Tá siad incháilithe don láimhseáil fhabhrach faoi mhír 4 agus mhír 5 go dtí a n-aibíocht.
7. Tá risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach incháilithe don láimhseáil fhabhrach, ar an gcoinníoll go mbeidh an institiúid a bhfuil infheistíocht á déanamh aici sna bannaí faoi chumhdach in ann an méid a leanas a léiriú do na húdaráis inniúla:
(a) go bhfaigheann sí faisnéis punainne maidir leis an méid a leanas ar a laghad:
(i) luach an chomhthiomsaithe chumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;
(ii) dáileadh geografach agus cineál na sócmhainní cumhdaigh, méid na hiasachta, an ráta úis agus priacail airgeadra;
(iii) struchtúr aibíochta na sócmhainní cumhdaigh agus na bannaí faoi chumhdach; agus
(iv) céatadán na n-iasachtaí atá níos mó ná nócha lá thar téarma;
(b) cuireann an t-eisitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil don institiúid ar a laghad dhá uair sa bhliain.
Airteagal 130
Ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe
Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i dtaca le suímh urrúsaithe a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 5.
Airteagal 131
Risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu
I gcás risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 7 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 7
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
100 % |
150 % |
150 % |
150 % |
Airteagal 132
Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna
1. Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna mura gcuirfidh an institiúid an modh measúnaithe ar priacal creidmheasa faoi mhír 2, nó cur chuige na trédhearcachta faoi mhír 4 nó an cur chuige maidir le meánualú priacal faoi mhír 5 i bhfeidhm nuair a chomhlíontar na coinníollacha i mír 3.
2. I gcás risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 8 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 8
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
Ualú priacal |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
150 % |
3. Féadfaidh institiúidí an t-ualú priacal a shannfar do GC a chinneadh i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, má chomhlíontar na critéir incháilitheachta seo a leanas:
(a) is cuideachta atá faoi réir maoirseachta i mBallstát a dhéanann bainistiú ar an GC nó, i gcás GC i dtríú tír, nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i) is cuideachta atá faoi réir maoirseachta a mheastar a bheith coibhéiseach leis an mhaoirseacht atá leagtha amach i ndlí an Aontais a dhéanann bainistiú ar an GC;
(ii) áirithítear go bhfuil dóthain comhair ann idir údaráis inniúla;
(b) beidh siad seo a leanas go léir le fáil i réamheolaire an GC nó i ndoiciméad coibhéiseach:
(i) catagóirí na sócmhainní a bhfuil an GC údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;
(ii) na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;
(c) tuairiscítear gnó an GC ar bhonn bliantúil ar a laghad ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar shócmhainní agus ar dhliteanais, agus ar ioncam agus ar oibríochtaí thar an tréimhse tuairiscithe.
Chun críocha phointe (a), féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir le risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna ó thríú tíortha i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla ábhartha mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
4. I gcás inarb eol don institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC, féadfaidh sí na risíochtaí fholuiteacha sin a thrébhreathnú d'fhonn meánluach priacal a ríomh dá risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna sna GCanna i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo. I gcás gur risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC eile a chomhlíonann critéir mhír 3 í risíocht fholuiteach an GC, féadfaidh an institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC eile sin a thrébhreathnú.
5. I gcás nach eol d'institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC, féadfaidh sí meánluach priacal a ríomh dá risíochtaí i bhfoirm aonaid nó scaire sa GC i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo faoi réir an bhoinn tuisceana go ndéanfaidh an GC infheistíocht ar dtús, go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina shainordú, sna risíochtaí a mheallann an ceanglas caipitil is airde, agus go leanann sé ansin ag déanamh infheistíochtaí in ord íslitheach go dtí go mbainfear amach an uasteorainn infheistíochta iomlán.
Féadfaidh institiúidí a bheith ag brath ar na tríú páirtithe seo a leanas chun ualú priacal a ríomh agus a thuairisciú maidir leis an GC, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i mír 4 agus mír 5:
(a) institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce ag an institiúid taisclainne sin nó san institiúid airgeadais;
(b) i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 3.
Deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 133
Risíochtaí ar chothromas
1. Measfar gur risíochtaí ar chothromas iad na risíochtaí seo a leanas:
(a) risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;
(b) risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).
2. Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí ar chothromas, mura gceanglaítear iad a asbhaint i gcomhréir le Cuid a Dó, ualú priacal 250 % a shannadh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 48(4), ualú priacal 1,250 % i gcomhréir le hAirteagal 89(3) nó déanfar iad a láimhseáil mar ítimí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 128.
3. Déanfar infheistíochtaí in ionstraimí caipitil chothromais nó caipitil rialála arna n-eisiúint ag institiúidí a aicmiú mar éilimh iarmharacha, mura n-asbhaintear iad as cistí dílse nó má mheallann siad ualú priacal 250 % faoi Airteagal 48(4) nó má láimhseáiltear iad mar ítimí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 128.
Airteagal 134
Ítimí eile
1. Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do shócmhainní inláimhsithe de réir bhrí ítim 10 faoin gceannteideal 'Sócmhainní' in Airteagal 4 de Threoir 86/635/CEE.
2. Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do réamhíocaíochtaí agus d'ioncam fabhraithe nach bhfuil institiúid ábalta an contrapháirtí a chinneadh ina leith i gcomhréir le Treoir 86/635/CEE.
3. Déanfar ualú priacal 20 % a shannadh d'ítimí airgid atá á gcruinniú. Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh d'airgead ar láimh agus d'ítimí airgid coibhéiseacha.
4. Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh d'órbhuillean arna shealbhú ina bhoghtaí féin nó ar bhonn leithdháilte, sa mhéid is go bhfuil sé cumhdaithe ag dliteanais bhuillin.
5. I gcás comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh sócmhainne agus réamhcheannacháin glan amach, is é an t-ualú priacal a shannfar an t-ualú priacal sin a shannfar do na sócmhainní atá i gceist agus ní do na contrapháirtithe sna hidirbhearta.
6. I gcás ina dtugann institiúid cosaint chreidmheasa do roinnt risíochtaí faoi théarmaí lena spreagfaidh an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh leis an teagmhas creidmheasa sin, agus i gcás ina bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach ag an táirge ó IMCS, déanfar na hualaí priacal atá leagtha amach i gCaibidil 5 a shannadh. Mura bhfuil rátáil ag an táirge ó IMCS, déanfar comhiomlánú ar na hualaí priacal a áireofar sa bhascaed, cé is moite de risíochtaí n-1, suas go huasmhéid 1,250 % agus iolraithe faoi mhéid ainmniúil na cosanta arna soláthar ag an díorthach creidmheasa chun méid na sócmhainne a bheidh ualaithe ó thaobh priacal a fháil. Cinnfear na risíochtaí n-1 a eiseofar ón gcomhiomlánú ar an mbonn go gcuimseoidh siad na risíochtaí sin a dtáirgeann gach ceann acu méid risíochta níos ísle atá ualaithe ó thaobh priacal ná an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d'aon cheann de na risíochtaí atá áirithe sa chomhiomlánú.
7. Beidh luach na risíochta do léasanna cothrom leis na híocaíochtaí léasa íosta lascainithe. Is é a bheidh sna híocaíochtaí léasa íosta na híocaíochtaí thar an téarma léasa a cheanglaítear nó a cheanglófar ar an léasaí a dhéanamh agus aon céadrogha ar cheannach sladmhargaidh a bhfuil a fheidhmiú réasúnta cinnte. Féadfar a cheangal ar pháirtí seachas an léasaí íocaíocht a dhéanamh a bhaineann le luach iarmharach ar mhaoin léasaithe agus comhlíonann an oibleagáid íocaíochta sin an tsraith coinníollacha in Airteagal 201 maidir le hincháilitheacht soláthraithe cosanta chomh maith leis na ceanglais chun cineálacha eile ráthaíochtaí a aithint dá bhforáiltear in Airteagail 213 go 215, agus féadfar an oibleagáid íocaíochta sin a chur san áireamh mar chosaint neamhchistithe creidmheasa faoi Chaibidil 4. Déanfar na risíochtaí sin a shannadh don aicme risíochta iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 112. Nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an risíocht, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh mar seo a leanas: 1/t * 100 % * an luach iarmharach, i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.
Airteagal 135
Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna
1. Féadfar measúnú creidmheasa seachtrach a úsáid chun an t-ualú priacal a bheidh ar risíocht a chinneadh faoin gCaibidil seo ach amháin má d'eisigh IMCS é nó má tá sé formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
2. Foilseoidh ÚBE liosta na IMCSanna ar a láithreán gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus le hAirteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
Airteagal 136
Measúnuithe creidmheasa an IMCS a mhapáil
1. Forbróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme le go sonrófar maidir le gach IMCS cé na bearta cáilíochta creidmheasa atá leagtha amach i Roinn 2 lena gcomhfhreagraíonn measúnuithe creidmheasa ábhartha an IMCS ('mapáil'). Beidh na cinntí sin oibiachtúil agus comhsheasmhach.
Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014 agus cuirfidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin más gá.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
2. Nuair a bheidh mapáil na measúnuithe creidmheasa á cinneadh, comhlíonfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na ceanglais seo a leanas:
(a) d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal a dhéantar le gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cainníochtúla a mheas amhail an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim a sanntar an measúnú creidmheasa céanna orthu. I gcás IMCSanna a bunaíodh le déanaí agus i gcás na IMCSanna sin nár thiomsaigh ach taifead gearr de shonraí mainneachtana, fiafróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM den IMCS cad a chreideann sé an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim ar a sanntar an measúnú creidmheasa céanna a bheith;
(b) d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal arna sloinneadh ag gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cailíochtúla a mheas amhail an comhthiomsú eisitheoirí arna chumhdach ag an IMCS, raon na measúnuithe creidmheasa arna sannadh ag an IMCS, an bhrí atá le gach measúnú creidmheasa agus an sainmhíniú a thugann an IMCS ar mhainneachtain;
(c) cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar gach measúnú creidmheasa IMCS áirithe i gcomparáid le tagarmharc atá tógtha ar bhonn na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ag IMCSanna eile maidir le líon eisitheoirí a léiríonn leibhéal coibhéiseach priacal creidmheasa;
(d) i gcás ina bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa IMCS áirithe níos airde ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM céim cáilíochta creidmheasa níos airde sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa a shannadh do mheasúnú creidmheasa an IMCS;
(e) i gcás ina bhfuil an t-ualú priacal gaolmhar ardaithe ag ÚBE, ag UAPGE agus ag ÚEUM do mheasúnú creidmheasa sonrach IMCS áirithe, agus i gcás nach bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa an IMCS sin níos airde a thuilleadh ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, féadfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM an chéim cáilíochta creidmheasa bhunaidh a chur ar ais sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa do mheasúnú creidmheasa an IMCS.
3. Forbróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na fachtóirí cainníochtúla dá dtagraítear i bpointe (a), na fachtóirí cailíochtúla dá dtagraítear i bpointe (b) agus an tagarmharc dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a shonrú.
Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
Airteagal 137
Measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin a úsáid
1. Chun críocha Airteagal 114, féadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a d'ainmnigh an institiúid a úsáid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) is scór priacal na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa 'Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a Fhaigheann Tacaíocht Oifigiúil' de chuid an ECFE;
(b) foilsíonn an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a measúnuithe creidmheasa, agus glacann an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE, agus tá baint ag an measúnú creidmheasa le ceann de na hocht íosphréimheanna árachais onnmhairiúcháin a bhunaítear le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú.
2. I gcás risíochtaí a n-aithnítear measúnú creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin ina leith chun críocha ualaithe priacal, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 9.
Tábla 9
MEIP |
0 |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
Ualú priacal |
0 % |
0 % |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
Airteagal 138
Ceanglais ghinearálta
Féadfaidh institiúid IMCS amháin nó níos mó a ainmniú a úsáidfear chun ualú priacal a bheidh le sannadh d'ítimí sócmhainne agus d'ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú. Ní úsáidfear na measúnuithe creidmheasa ar bhonn roghnaitheach. Úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa atá iarrtha. Ní fhéadfaidh sí measúnuithe creidmheasa gan iarraidh a úsáid, áfach, ach amháin má tá sé deimhnithe ag ÚBE nach bhfuil difríocht ó thaobh cáilíochta idir measúnuithe creidmheasa gan iarraidh de IMCS agus measúnuithe creidmheasa den IMCS sin atá iarrtha. Diúltóidh ÚBE nó cúlghairfidh sé an deimhniú sin go háirithe má tá measúnú creidmheasa gan iarraidh úsáidte ag an IMCS chun brú a chur ar an eintiteas rátáilte ord a chur isteach le haghaidh measúnaithe creidmheasa nó seirbhísí eile. Agus measúnú creidmheasa á úsáid, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas:
(a) maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid d'aicme áirithe ítimí, úsáidfidh sí na measúnuithe creidmheasa sin ar bhonn comhsheasmhach maidir leis na risíochtaí go léir atá san aicme sin;
(b) maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid, úsáidfidh sí iad ar bhealach leanúnach agus comhsheasmhach le himeacht ama;
(c) ní úsáidfidh institiúid ach measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS ina gcuirtear san áireamh na méideanna go léir, i bhfoirm príomhshuime agus úis, atá dlite di;
(d) i gcás nach bhfuil ach measúnú creidmheasa amháin ar fáil ó IMCS ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an t-ualú priacal don ítim sin a chinneadh;
(e) i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe agus go gcomhfhreagraíonn an dá cheann d'ualú priacal éagsúil le haghaidh ítime rátáilte, déanfar an t-ualú priacal is airde a shannadh;
(f) i gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, tagrófar don dá mheasúnú a ghineann an dá ualú priacal is ísle. Má tá an dá ualú priacal is ísle éagsúil, déanfar an t-ualú priacal is airde díobh a shannadh. Más ionann an dá ualú priacal is ísle, déanfar an t-ualú priacal sin a shannadh.
Airteagal 139
Measúnú creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna
1. I gcás ina bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna ar leis nó léi an ítim arb í an risíocht í, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an t-ualú priacal a shannfar don ítim sin a chinneadh.
2. I gcás nach bhfuil aon mheasúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach ann a bhaineann le hítim áirithe, ach go bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna nach leis nó léi an ítim arb í an risíocht í nó go bhfuil measúnú ginearálta creidmheasa ann a bhaineann leis an eisitheoir, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
(a) léiríonn sé ualú priacal níos airde ná mar a bheadh amhlaidh thairis sin agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí;
(b) léiríonn sé ualú priacal níos ísle agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sinsearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí.
I ngach cás eile, láimhseálfar an risíocht mar risíocht gan rátáil.
3. Níl sé i gceist le mír 1 agus mír 2 cur chun feidhme Airteagal 129 a chosc.
4. Ní féidir measúnuithe creidmheasa a bhaineann le heisitheoirí laistigh de ghrúpa corparáideach a úsáid mar mheasúnú creidmheasa ar eisitheoir eile laistigh den ghrúpa corparáideach céanna.
Airteagal 140
Measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha agus gearrthéarmacha
1. Ní fhéadfar measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha a úsáid ach le haghaidh ítimí sócmhainne gearrthéarmaí agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ar risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí iad.
2. Ní bheidh feidhm ag aon mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach ach amháin maidir leis an ítim a dtagraíonn an measúnú creidmheasa gearrthéarmach dó, agus ní úsáidfear é chun ualú priacal a dhíorthú maidir le hítim eile, cé is moite de na cásanna seo a leanas:
(a) má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, déanfar ualú priacal 150 % a shannadh freisin do gach risíocht neamhurraithe gan rátáil maidir leis an oibleagáideoir sin, bíodh siad gearrthéarmach nó fadtéarmach;
(b) má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, ní dhéanfar ualú priacal níos ísle ná 100 % a shannadh d'aon risíocht ghearrthéarmach gan rátáil.
Airteagal 141
Ítimí airgeadra intíre agus eachtraigh
Ní féidir measúnú creidmheasa a thagraíonn d'ítim atá ainmnithe in airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid chun ualú priacal a dhíorthú do risíocht eile maidir leis an oibleagáideoir céanna sin atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.
Nuair a thagann risíocht chun cinn trí rannpháirtíocht institiúide in iasacht arna shíneadh ag banc forbartha iltaobhach a n-aithnítear a stádas mar chreidiúnaí tosaíochta sa mhargadh, féadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ar mhaithe le hualú ó thaobh priacal a dhéanamh.
CAIBIDIL 3
Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha
Airteagal 142
Sainmhínithe
1. Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn 'córas rátála' gach modh, próiseas, rialuithe, córas bailiúcháin sonraí agus TF a thacaíonn le priacal creidmheasa a mheasúnú, risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe rátála, agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanais a forbraíodh le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí a chainníochtú;
(2) ciallaíonn cineál risíochtaí' grúpa risíochtaí arna mbainistiú go haonchineálach agus atá foirmithe ag cineál áirithe saoráidí agus a fhéadfaidh a bheith teoranta d'eintiteas amháin nó d'fho-fhoireann aonair eintiteas laistigh de ghrúpa ar an gcoinníoll go ndéantar bainistiú éagsúil ar an gcineál céanna risíochtaí in eintitis eile den ghrúpa;
(3) ciallaíonn 'aonad gnó' aon eintiteas eagraíochtúil nó dlíthiúil faoi leith, réimeanna gnó, suímh thíreolaíocha
(4) ciallaíonn 'mór-eintiteas earnála airgeadais' aon eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a) ar mó ná, nó cothrom leis, an tairseach EUR 70 billiún iomlán a chuid sócmhainní, a ríomhtar ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, agus leas á bhaint as an ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí nó as an ráiteas airgeadais chomhdhlúite d'fhonn méid na sócmhainne a chinneadh; agus
(b) tá an t-eintiteas féin nó ceann dá fhochuideachtaí faoi réir rialála stuamachta san Aontas nó faoi réir dhlíthe tríú tíre a chuireann ceanglais faireacháin agus rialála stuamachta i bhfeidhm, a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;
►C2 (5) ciallaíonn 'eintiteas earnála airgeadais neamhrialáilte' aon eintiteas eile nach eintiteas earnála airgeadais rialáilte é ◄ ach a dhéanann, mar phríomhghnó dá chuid, ceann nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;
(6) ciallaíonn 'grád oibleagáideora catagóir priacal laistigh de scála rátála oibleagáideora de chóras rátála, a sanntar d'oibleagáideoirí ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin ar dhóchúlacht mainneachtana (PD);
(7) ciallaíonn 'grád saoráide' catagóir priacal laistigh den scála saoráide atá ag córas rátála, a sanntar risíochtaí dó ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin dhílse ar LGDanna;
(8) ciallaíonn 'seirbhíseoir' eintiteas a bhainistíonn comhthiomsú d'earraí infhaighte ceannaithe nó na risíochtaí creidmheasa foluiteacha ar bhonn laethúil.
2. Chun críocha mhír 1(4)(b) den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airtegal 447(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, go dtí an 1 Eanáir 2014, féadfaidh institiúidí an láimhseáil atá leagtha amach sa mhír sin a chur i bhfeidhm maidir le tríú tír i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 143
Cead chun an Cur Chuige IRB a úsáid
1. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúidí an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (dá ngairtear 'Cur Chuige IRB' anseo feasta) a úsáid chun a gcuid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh.
2. Beidh gá cead a iarraidh roimh ré chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGDannaagus beidh gá le fachtóirí coinbhéartachta do gach aicme risíochta agus do gach córas rátála, modhanna na samhla inmheánaí i dtaca le risíochtaí ar chothromas agus do gach cur chuige maidir le meastachán a thabhairt ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta.
3. Gheobhaidh institiúidí cead na n-údarás inniúil dóibh seo a leanas roimh ré:
(a) athruithe ábharacha ar raon feidhme córais rátála nó mhodh na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas a bhfuair an institiúid cead a úsáid;
(b) athruithe ábhartha ar chóras rátála nó ar mhodh na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas a bhfuair an institiúid cead a úsáid.
Beidh raon feidhme córais rátála comhdhéanta de na risíochtaí go léir den cineál ábhartha risíochta ar forbraíodh an córas rátála sin lena aghaidh.
4. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla maidir le gach athrú ar na córais rátála agus ar chineálacha modhanna na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas.
5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht úsáid córais rátála atá ann cheana féin le haghaidh risíochtaí breise eile nach bhfuil cumhdaithe cheana faoin gcóras rátála sin agus athruithe ar chórais rátála nó ar bhealaí cur chuige na samhlacha inmheánacha maidir le risíochtaí ar chothromas faoin gCur Chuige IRB.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 144
Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid
1. Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid, de bhun Airteagal 143, an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa Chaibidil seo, go háirithe na ceanglais sin a leagadh síos i Roinn 6, agus go bhfuil córais na hinstitiúide chun risíochtaí ar priacal creidmheasa a bhainistiú agus a rátáil fónta agus curtha chun feidhme ina n-iomláine agus, go háirithe, gur léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil gur comhlíonadh na caighdeáin seo a leanas:
(a) tugann córais rátála na hinstitiúide deis measúnú fóinteach a dhéanamh ar thréithe an oibleagáideora agus na n-idirbheart, idirdhealú fóinteach a dhéanamh ar priacal agus meastacháin bheachta agus chomhsheasmhacha chainníochtúla a dhéanamh ar priacal;
(b) tá rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse agus córais agus próisis ghaolmhara a ríomh, fíor-riachtanach don phróiseas bainistíochta priacal agus cinnteoireachta, agus d'fheidhmeanna na hinstitiúide a bhaineann le formheas creidmheasa, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach;
(c) tá aonad rialaithe priacal creidmheasa san institiúid atá freagrach as córais rátála na hinstitiúide agus atá neamhspleách go hiomchuí agus saor ó thionchar míchuí;
(d) bailíonn agus stórálann an institiúid na sonraí ábhartha go léir chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt dá próiseas chun priacal creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú;
(e) déanann an institiúid doiciméadú ar a córais rátála agus ar an réasúnaíocht a bhaineann lena ndearadh agus déanann sí bailíochtú ar a córais rátála;
(f) rinne an institiúid bailíochtú ar gach córas rátála agus ar gach modh na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas i dtréimhse ama iomchuí sula bhfaighidh sí cead an córas rátála sin nó modh na samhlacha inmheánacha a úsáid i gcás risíochtaí ar chothromas, rinne sí measúnú le linn na tréimhse sin féachaint an oireann an córas rátála nó modhanna na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas do raon feidhme an chórais rátála nó modha na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas, agus, bunaithe ar an measúnú a rinne sí, rinne sí athruithe is gá ar na córais rátála sin nó ar mhodhanna sin na samhlacha inmheánacha i gcás risíochtaí ar chothromas;
(g) rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thig óna cuid meastachán ar pharaiméadair priacal a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 99 a chur isteach;
(h) tá an institiúid tar éis gach risíocht a shannadh, agus leanfaidh sé den sannadh sin, i réimse chur i bhfeidhm córais rátála maidir le grád rátála nó comhthiomsú an chórais rátála seo; tá an institiúid tar éis gach risíocht a shannadh agus leanfaidh sé den sannadh sin i réimse chur i bhfeidhm an chur chuige do risíochtaí cothromais maidir le cur chuige na samhlacha inmheánacha seo.
Tá feidhm freisin leis na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta, i gcás inar chuir institiúid córas rátála, nó samhail arna húsáid laistigh de chóras rátála, a cheannaigh sí ó dhíoltóir tríú-páirtí, i bhfeidhm.
2. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht mheasúnaithe a shonrú a mbeidh ar na údaráis inniúla a leanúint chun measúnú a dhéanamh féachaint ar chomhlíon institiúid na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 145
Taithí roimhe seo maidir le cur chuige IRB a úsáid
1. Institiúid a dhéanfaidh iarratas ar an gCur Chuige IRB a úsáid, beidh córais rátála i gcás na n-aicmí risíochta IRB atá i gceist in úsáid aici cheana féin a bhí i gcomhréir tríd is tríd leis na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6 ar mhaithe le priacal inmheánach a thomhas agus a bhainistiú ar feadh trí bliana ar a laghad sular cháiligh sí chun an Cur Chuige IRB a úsáid.
2. Institiúid a dhéanfaidh iarratas ar a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, léireoidh sí chun sástachta na n-údarás inniúil go raibh sí i mbun a cuid meastachán féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a mheas agus a úsáid ar bhealach a bhí comhsheasmhach tríd is tríd leis na ceanglais maidir le meastacháin féin na bparaiméadar sin atá leagtha amach i Roinn 6 a úsáid le trí bliana ar a laghad sular cháiligh sí chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid.
3. I gcás ina sínfidh an institiúid úsáid an Chur Chuige IRB i ndiaidh an chéad chead a bheith faighte aici, is leor taithí na hinstitiúide chun ceanglais mhír 1 agus mhír 2 a chomhlíonadh maidir leis na risíochtaí breise a chumhdaítear. Má shíntear úsáid na gcóras rátála chuig risíochtaí atá an-éagsúil ó raon feidhme an chumhdaigh atá ann cheana, amhail is nach féidir glacadh leis go réasúnach gur leor í an taithí chun ceanglais na bhforálacha seo maidir leis na risíochtaí breise a chomhlíonadh, beidh feidhm ar leithligh ag ceanglais mhír 1 agus mhír 2 maidir leis na risíochtaí breise.
Airteagal 146
Bearta a ghlacfar i gcás ina scoirfear de bheith ag comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo
I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:
(a) tíolacfaidh sí plean chun sástacht an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil agus bainfidh sí amach an plean sin laistigh de thréimhse ama a chomhaontóidh an t-údarás inniúil;
(b) taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.
Airteagal 147
Modheolaíocht chun risíocht a shannadh d'aicmí risíochta
1. Beidh an mhodheolaíocht a úsáidfidh an institiúid chun risíochtaí a shannadh d'aicmí risíochta éagsúla iomchuí agus comhsheasmhach le himeacht ama.
2. Déanfar gach risíocht a shannadh do cheann de na haicmí risíochta seo a leanas:
(a) risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais;
(b) risíochtaí ar institiúidí;
(c) risíochtaí ar chorparáidí;
(d) risíochtaí ar mhiondíol;
(e) risíochtaí ar chothromas;
(f) ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;
(g) sócmhainní eile oibleagáide neamhchreidmheasa.
3. Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 2:
(a) risíochtaí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla nó ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir faoi Airteagal 115 agus Airteagal 116.
(b) risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2);
(c) risíochtaí ar Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 118, a mheallann ualú priacal 0 % faoi na hAirteagail sin.
4. Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh don aicme atá leagtha amach i bpointe (b) de mhír 2:
(a) risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla nach láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2) agus (4);
(b) risíochtaí ar Eintitis san Earnáil Phoiblí nach láimhseáiltear mar risíochtaí ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
(c) risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach sanntar ualú priacal 0 % dóibh faoi Airteagal 117; agus
(d) risíochtaí ar institiúidí airgeadais a láimhseáiltear mar risíochtaí ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5).
5. Le bheith incháilithe d'aicme na risíochtaí ar mhiondíol atá leagtha amach i bpointe (d) de mhír 2, comhlíonfaidh risíochtaí na critéir seo a leanas:
(a) beidh ceann díobh seo a leanas i gceist leo:
(i) risíochtaí ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó;
(ii) risíochtaí ar FBM, ar an gcoinníoll sa chás sin nach sáróidh an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht atá thar téarma, ag an oibleagáideoir cliant nó ag an ngrúpa cliant nasctha, gan risíochtaí atá urraithe ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, a rinne bearta réasúnta chun an cás a dheimhniú, EUR 1 milliún;
(b) déanann an institiúid iad a láimhseáil sa bhainistíocht priacal a bhíonn ar bun aici agus déantar é sin go comhsheasmhach le himeacht ama agus ar bhealach dá samhail;
(c) ní dhéantar bainistiú orthu chomh haonair is a dhéantar ar risíochtaí in aicme na risíochtaí ar chorparáidí;
(d) tá gach ceann in ionannas le ceann as líon suntasach risíochtaí a bhainistítear ar an gcaoi chéanna.
Anuas ar na risíochtaí atá liostaithe sa chéad fhomhír, áireofar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol in aicme na risíochtaí ar mhiondíol.
6. Déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh d'aicme na risíochtaí ar chothromas atá leagtha amach i bpointe (e) de mhír 2;
(a) risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;
(b) risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).
7. Maidir le haon hoibleagáid chreidmheasa nach bhfuil sannta do na haicmí risíochta atá leagtha amach i bpointí (a), (b), (d), (e) agus (f) de mhír 2, déanfar iad a shannadh d'aicme na risíochtaí ar chorparáidí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin.
8. Laistigh d'aicme na risíochtaí ar chorparáidí atá leagtha amach i bpointe (c) de mhír 2, déanfaidh institiúidí risíochtaí a bhfuil na tréithe seo a leanas acu a aithint ar leithligh mar risíochtaí ar iasachtú speisialaithe:
(a) is risíocht ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is risíocht í atá inchomparáide go heacnamaíoch;
(b) tugann na socruithe conarthacha roinnt mhaith rialaithe don iasachtóir ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;
(c) is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní a bheith maoinithe, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.
9. Déanfar luach iarmharach na maoine léasaithe a shannadh don aicme risíochta atá leagtha amach i bpointe (g) de mhír 2, cé is moite a mhéid is atá luach iarmharach ar áireamh cheana féin sa risíocht ar léas atá leagtha amach in Airteagal 166(4).
10. Déanfar an risíocht ar chosaint a sholáthar faoin díorthach creidmheasa bascaeid don n-ú mainneachtain a shannadh don aicme chéanna a leagtar síos i mír 2, a shannfaí na risíochtaí sa bhascaed dóibh, ach amháin dá sannfaí na risíochtaí aonair sa bhascaed d'aicmí áirithe risíochtaí agus go sannfaí an risíocht sa chás sin do na haicmí risíochta corparáidí a leagtar síos i bpointe (c) de mhír 2.
Airteagal 148
Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB a chur chun feidhme thar aicmí éagsúla risíochta agus aonad gnó
1. Cuirfidh institiúidí agus aon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí an Cur Chuige IRB chun feidhme maidir le gach risíocht, mura bhfuair siad cead ó na húdaráis inniúla an Cur Chuige Caighdeánaithe a úsáid go buan i gcomhréir le hAirteagal 150.
Faoi réir réamhchead na n-údarás inniúil, féadfar an cur chun feidhme a dhéanamh go seicheamhach feadh na n-aicmí éagsúla risíochta, dá dtagraítear in Airteagal 147, laistigh den aonad gnó céanna, feadh aonad éagsúil gnó sa ghrúpa céanna nó ar mhaithe lena meastacháin féin ar LGDanna nó fachtóirí coinbhéartachta a úsáid chun ualaí priacal a ríomh le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, risíochtaí ar institiúidí, agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais.
I gcás aicme na risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(5), féadfar an cur chun feidhme a dhéanamh go seicheamhach feadh na gcatagóirí risíochtaí lena gcomhfhreagraíonn an comhghaol éagsúil in Airteagal 154.
2. Cinnfidh na húdaráis inniúla an tréimhse ama a cheanglófar ar institiúid agus ar aon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme maidir le gach risíocht. Beidh an tréimhse ama seo ar cheann a mheasann na húdaráis inniúla gur tréimhse iomchuí í ar bhonn chineál agus scála ghníomhaíochtaí na n-institiúidí, nó aon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí, agus líon agus chineál na gcóras rátála a chuirfear chun feidhme.
3. Déanfaidh institiúidí an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme de réir na gcoinníollacha arna gcinneadh ag na húdaráis inniúla. Leagfaidh an t-údarás inniúil amach na coinníollacha sin amhail is go n-áirithíonn siad nach n-úsáidfear go roghnaitheach an tsolúbthacht faoi mhír 1 ar mhaithe le ceanglais cistí dílse laghdaithe a bhaint amach maidir leis na haicmí risíochta sin nó na haonaid ghnó atá le cur san áireamh fós sa Chur Chuige IRB nó chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid.
4. Institiúidí a thosaigh ag úsáid an Cur Chuige IRB tar éis an 1 Eanáir 2013 amháin nó institiúidí a cheanglaíonn na húdaráis inniúla orthu a bheith in ann a gceanglais chapitil a ríomh tríd an gCur Chuige Caighdeánaithe a úsáid go dtí an dáta sin, coinneoidh siad an cumas atá acu ceanglais cistí dílse a ríomh ag úsáid an Cur Chuige Caighdeánaithe i gcás a risíochtaí go léir le linn na tréimhse cur chun feidhme go dtí go dtabharfaidh na húdaráis inniúla fógra dóibh go bhfuil siad sásta go ndéanfar cur chun feidhme an Chur Chuige IRB a chríochnú le cinnteacht réasúnta.
5. Institiúid a gceadófar di an Cur Chuige IRB a úsáid i gcás aon aicme risíochta, úsáidfidh sí an Cur Chuige IRB d'aicme na risíochtaí ar chothromas atá leagtha síos in Airteagal 147(2)(e), seachas nuair a thugtar cead don institiúid sin an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chothromas de bhun Airteagal 150 agus d'aicme na risíochtaí ar shócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad atá leagtha síos in Airteagal 147(2)(g).
6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a chinnfidh údaráis inniúla cineál agus uainiú iomchuí an rolláil amach sheicheamhach nó an Chur Chuige IRB trasna aicmí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 149
Coinníollacha chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a úsáid
1. Institiúid atá ag úsáid an Cur Chuige IRB le haghaidh aicme risíochtaí nó chineál risíochta ar leith, ní stadfaidh sí den chur chuige sin a úsáid agus an gCur Chuige Caighdeánaithe a úsáid ina ionad chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé beartaithe an Cur Chuige Caighdéanaithe a úsáid d'fhonn ceanglais chistí dílse na hinstitiúide a laghdú, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na risíochtaí ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá inti priacal a bhainistiú go héifeachtach;
(b) fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.
2. Maidir le hinstitiúidí a fuair cead faoi Airteagal 151(9) chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ní fhillfidh siad ar luachanna LGD agus fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear in Airteagal 151(8) a úsáid, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé i gceist na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta atá leagtha amach in Airteagal 151(8) le haghaidh aicme risíochtaí nó cineál risíochta ar leith a úsáid d'fhonn ceanglas cistí dílse na hinstitiúide a laghdú amháin, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na risíochtaí ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá inti priacal a bhainistiú go héifeachtach;
(b) fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.
3. Tá cur chun feidhme mhír 1 agus mhír 2 faoi réir na gcoinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB arna chinneadh ag na húdaráis inniúla a rolladh amach i gcomhréir le hAirteagal 148 agus an cead maidir le páirtúsáid bhuan dá dtagraítear in Airteagal 150.
Airteagal 150
Coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan
1. I gcás ina bhfuair institiúidí cead roimh ré ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúidí a bhfuil cead faighte acu an Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh d'aicme risíochta amháin nó níos mó a ríomh, féadfaidh siad an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí seo a leanas:
(a) an aicme risíochta atá leagtha amach in Airteagal 147(2)(a), i gcás ina bhfuil teorainn le líon na gcontrapháirtithe ábhartha agus go mbeadh sé ródhian ar an institiúid córas rátála a chur chun feidhme do na contrapháirtithe sin;
(b) an aicme risíochta atá leagtha amach in Airteagal 147(2)(b), i gcás ina bhfuil teorainn le líon na gcontrapháirtithe ábhartha agus go mbeadh sé ródhian ar an institiúid córas rátála a chur chun feidhme do na contrapháirtithe sin;
(c) risíochtaí in aonaid ghnó nach bhfuil tábhachtach chomh maith le haicmí risíochta nó cineálacha risíochtaí atá neamhábhartha ó thaobh méide agus na próifíle priacal a bhraitear leo;
(d) risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát agus a gcuid rialtas réigiúnach, údarás áitiúil, comhlachtaí riaracháin agus a n-eintitis san earnáil phoiblí ar an gcoinníoll:
(i) nach bhfuil aon difríocht ó thaobh priacal idir na risíochtaí ar an rialtas láir sin agus ar na bainc cheannais agus na risíochtaí eile sin i ngeall ar shocruithe poiblí sonracha, agus
(ii) go ndéantar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar an rialtas láir agus ar an mbanc ceannais faoi Airteagal 114(2), Airteagal 114(4) nó Airteagal 495(2);
(e) risíochtaí institiúide ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachtaí nó fochuideachta a máthairghnóthais é ar an gcoinníoll gurb é atá sa chontrapháirtí ná institiúid nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha, institiúid airgeadais, cuideachta bhainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ag ceanglais stuamachta iomchuí nó gnóthas atá nasctha trí ghaolmhaireacht de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE;
(f) risíochtaí idir institiúidí a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 113(7);
(g) risíochtaí cothromais ar eintitis a sanntar ualú priacal 0 % ar a gcuid oibleagáidí creidmheasa faoi Chaibidil 2 lena n-áirítear na heintitis sin atá urraithe go poiblí áit is féidir ualú priacal 0 % a chur i bhfeidhm;
(h) risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn a sholáthraíonn fóirdheontais mhóra le hinfheistiú don institiúid agus lena mbaineann roinnt formhaoirseachta agus srianta a chuireann an rialtas ar na hinfheistíochtaí cothromais áit a bhféadfaí risíochtaí den sórt sin a eisiamh, i bhfoirm chomhiomlán, ón gCur Chuige IRB suas go dtí teorainn 10 % de chistí dílse amháin;
(i) risíochtaí a aithníodh in Airteagal 119(4) a chomhlíonann na coinníollacha atá sonraithe ann;
(j) ráthaíochtaí Stáit agus ráthaíochtaí ath-árachaithe Stáit dá dtagraítear in Airteagal 215(2).
Ceadóidh na húdaráis inniúla an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chothromas dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) den chéad fhomhír a ceadaíodh a láimhseáil mar sin i mBallstáit eile. Déanfaidh ÚBE liosta ina bhfuil na risíochtaí dá dtagraítear sna pointí sin agus atá le láimhseáil i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus a nuashonrú go rialta.
2. Chun críocha mhír 1, beidh ábharthacht ag baint le haicme na risíochtaí ar chothromas a bheidh ag institiúid más mó a luach comhiomlán, ►C2 gan risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 a áireamh ◄ , ar an meán thar an mbliain roimhe sin ná 10 % de chistí dílse na hinstitiúide. I gcás ina bhfuil líon na risíochtaí sin ar chothromas níos ísle ná 10 sealúchas aonair, beidh an tairseach sin ionann le 5 % de chistí dílse na hinstitiúide.
3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha maidir le pointí (a), (b) agus (c) de mhír 1 a chur i bhfeidhm a chinneadh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
4. Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le cur chun feidhme phointe (d) de mhír 1 in 2018, ina molfar teorainneacha i dtéarmaí céatadán den chlár comhardaithe iomlán agus/nó sócmhainní ualaithe ó thaobh priacal atá le ríomh i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe.
Glacfar leis na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 151
Láimhseáil de réir aicme risíochta
1. Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí atá i gceann de na haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) agus (g) d'Airteagal 147(2), mura n-asbhaintear iad as cistí dílse, a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2 ach amháin nuair a asbhaintear na risíochtaí sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó ítimí de Chaipiteal Leibhéal 2.
2. Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 157. I gcás inar féidir le hinstitiúid dul ar iontaoibh iomlán díoltóra earraí infhaighte ceannaithe le haghaidh priacal mainneachtana agus priacal caolúcháin, ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo agus Airteagal 152 agus Airteagal 158(1) go (4) maidir le hearraí infhaighte ceannaithe agus láimhseálfar an risíocht mar risíocht chomhthaobhaithe.
3. Beidh an ríomh a dhéanfar ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa agus priacal caolúcháin bunaithe ar na paraiméadair ábhartha a bhaineann leis an risíocht atá i gceist. Orthu sin tá PD, LGD, aibíocht (dá ngairtear 'M' anseo feasta) agus luach risíochta na risíochta. Féadfar PD agus LGD a mheas ar leithligh nó le chéile, i gcomhréir le Roinn 4.
4. Déanfaidh institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh priacal creidmheasa ar na risíochtaí ar fad atá in aicme na risíochtaí 'cothromas' dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 147(2) i gcomhréir le hAirteagal 155. Féadfaidh institiúidí na cur chuigí atá leagtha amach in Airteagal 155(3) agus (4) a úsáid i gcás ina bhfuil cead faighte acu roimh ré ó na húdaráis inniúla. Tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid modh na samhlacha inmheánacha atá leagtha amach in Airteagal 155(4) a úsáid, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an institiúid na ceanglais atá leagtha amach i bhForoinn 4 de Roinn 6.
5. Déanfar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí ar iasachtú speisialaithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 153(5).
6. Maidir le risíochtaí atá sna haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí a meastacháin féin ar PDanna ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 143 agus Roinn 6.
7. Maidir le risíochtaí atá san aicme risíochta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 143 agus Roinn 6.
8. Maidir le risíochtaí atá sna haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí na luachanna LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1), agus na fachtóirí coinbhéartachta atá leagtha amach in Airteagal 166(8) (a) go (d), i bhfeidhm ach amháin má ceadaíodh di a meastachán féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid i gcás na n-aicmí risíochta sin i gcomhréir le mír 9.
9. Maidir le gach risíocht atá sna haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 147(2), tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 143 agus le hAirteagal 6.
10. Déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí urrúsaithe agus le haghaidh risíochtaí atá san aicme risíochta dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 147(2) a ríomh i gcomhréir le Caibidil 5.
Airteagal 152
Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna a láimhseáil
1. I gcás ina gcomhlíonann risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3) agus gurb eol don institiúid gach cuid nó codanna de risíochtaí fholuiteacha an GC, déanfaidh an institiúid na risíochtaí fholuiteacha sin a thrébhreathnú d'fhonn méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo.
I gcás gur risíocht eile i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC eile í risíocht fholuiteach an GC, déanfaidh an chéad institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC eile a thrébhreathnú freisin.
2. I gcás nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha maidir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo a úsáid do gach cuid nó codanna de risíochtaí fholuiteacha an GC, déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige seo a leanas:
(a) maidir le risíochtaí atá san aicme risíochta 'cothromas' dá dtagraítear in Airteagal 147(2)(e), cuirfidh institiúidí an cur chuige simplí maidir le hualú priacal i bhfeidhm atá leagtha amach in Airteagal 155(2);
(b) maidir le gach risíocht fholuiteach eile dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe atá leagtha amach i gCaibidil 2 i bhfeidhm, faoi réir acu seo a leanas:
(i) maidir le risíochtaí atá faoi réir ag ualú priacal sonrach i gcás risíochtaí gan rátáil nó atá faoi réir ag an gcéim cáilíochta creidmheasa a shaothraíonn an t-ualú priacal is airde i gcás aicme risíochta ar leith, déanfar an t-ualú priacal a iolrú faoi fhachtóir a dó ach ní bheidh an t-ualú priacal níos airde ná 1,250 %;
(ii) maidir le gach risíocht eile, déanfar an t-ualú priacal a iolrú faoi fhachtóir 1,1 agus beidh sé faoi réir ualú íosta 5 %.
Más rud é, chun críocha phointe (a), nach bhfuil an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí ar chothromas atá trádáilte ar an malartán agus risíochtaí ar chothromas eile, déanfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann a láimhseáil mar risíochtaí ar chothromas eile. I gcás nach bhfuil ábharthacht ag baint leis na risíochtaí sin, de réir bhrí Airteagal 150(2), nuair a chuirtear le chéile iad le risíochtaí díreacha na hinstitiúide san aicme risíochta sin, féadfar Airteagal 150(1) a chur i bhfeidhm faoi réir chead na n-údarás inniúil.
3. I gcás nach gcomhlíonann risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3), nó i gcás nach eol don institiúid risíochtaí fholuiteacha uile an GC nó risíochtaí foluiteacha uile aonaid nó scaire in GC, ar risíocht fholuiteach de chuid an GC é féin nó í féin, déanfaidh an institiúid na risíochtaí foluiteacha sin a thrébhreathnú agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis an gcur chuige simplí maidir le hualú priacal atá leagtha amach in Airteagal 155(2).
I gcás nach bhfuil an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí ar chothromas atá trádáilte ar an malartán agus risíochtaí ar chothromas eile, déanfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann a láimhseáil mar risíochtaí ar chothromas eile. Déanfaidh sí risíochtaí ar chaipiteal nach cothromas é a shannadh don aicme risíochtaí ar chothromas eile.
4. Mar rogha eile ar an modh a bhfuil cur síos déanta air i mír 3, féadfaidh institiúidí a ríomh féin a dhéanamh nó dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus a thuairisciú bunaithe ar risíochtaí fholuiteacha an GC i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 sna cásanna seo a leanas:
(a) institiúid taisclainne nó institiúid airgeadais an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne nó san institiúid airgeadais sin;
(b) maidir le GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3)(a).
Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.
5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú lena bhféadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 150(1) a úsáid faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 153
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais.
1. Faoi réir ag cur chun feidhme na láimhseálacha sonracha atá leagtha amach i míreanna 2, 3 agus 4, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
mar a bhfuil an t-ualú priacal RW arna shainiú mar a leanas:
(i) má tá PD = 0, beidh RW cothrom le 0;
(ii) má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh:
— i gcás ina gcuireann institiúidí na luachanna LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1) i bhfeidhm, beidh RW cothrom le 0;
— i gcás ina n-úsáideann institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna, beidh RW amhlaidh le
;
mar a mbeidh an meastachán is fearr maidir leis an gcaillteanas ionchasach (dá ngairtear 'ELBE' anseo feasta) ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don risíochta mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);
(iii) má tá 0 < PD < 1
nuair atá
N(x) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh d’athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d’aon níos lú ná, nó cothrom le, x); |
G (Z) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. luach x sa chaoi is go bhfuil N(x) = z); |
R |
= |
an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar
|
b |
= |
an fachtóir coinbhéartachta aibíochta, arna shainiú mar. . |
2. Maidir le gach risíocht ar mhóreintitis san earnáil airgeadais, iolraítear comhéifeacht comhghaolúcháin mhír 1(iii) faoi 1,25. ►C2 Maidir le gach risíocht ar eintitis earnála airgeadais neamhrialáilte, iolraítear comhéifeachtaí comhghaolúcháin a leagtar amach i mír 1(iii) agus i mír 4, de réir mar is ábhartha, faoi 1,25. ◄
3. Féadfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir le gach risíochta chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 202 agus 217 a choigeartú de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
PDpp |
= |
PD sholáthraí na cosanta. |
Déanfar RW a ríomh ag úsáid na foirmle ábhartha maidir le hualú priacal atá leagtha amach i bpointe 1 i gcás na risíochta, PD an oibleagáideora agus LGD ó risíocht dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta. Ríomhfar an fachtóir aibíochta (b) ag úsáid an PD is ísle as measc PD sholáthraí na cosanta agus PD an oibleagáideora.
4. Maidir le risíochtaí ar chuideachtaí ina bhfuil líon na ndíolachán bliantúil don ghrúpa comhdhlúite a bhfuil an gnólacht ina chuid de níos lú ná EUR 50 milliún, féadfaidh institiúidí an fhoirmle chomhghaoil seo a leanas i mír 1 (iii) a úsáid chun ualaí priacal ar risíochtaí ar chorparáidí a ríomh. San fhoirmle seo sloinntear S mar an díolachán bliantúil iomlán i milliúin Euro, mar a bhfuil EUR 5 milliún ≤ S ≤ EUR 50 milliún. Déanfar díolacháin thuairiscithe níos ísle ná EUR 5 milliún a láimhseáil amhail is go raibh siad ionann le EUR 5 milliún. I gcás earra infhaighte ceannaithe beidh an díolachán bliantúil iomlán ionann leis an meán ualaithe de réir risíochtaí aonair an chomhthiomsaithe.
Déanfaidh institiúidí an díolachán bliantúil iomlán a chur in ionad shócmhainní iomlána an ghrúpa chomhdhlúite nuair nach táscaire fóinteach é an díolachán bliantúil iomlán ar mhéid an ghnólachta agus nuair is táscaire níos fóintí iad iomlán na sócmhainní ná an díolachán bliantúil iomlán.
5. Maidir le risíochtaí ar iasachtú speisialaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a thabhairt ar PDanna ina leith nó nach gcomhlíonann meastacháin PD na n-institiúidí na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, déanfaidh an institiúid ualaí priacal a shannadh do na risíochtaí sin de réir Thábla 1, mar seo a leanas:
Tábla 1
Aibíocht Iarmhair |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Catagóir 4 |
Catagóir 5 |
Níos lú ná 2.5 bliain |
50 % |
70 % |
115 % |
250 % |
0 % |
Cothrom le, nó níos mó ná, 2,5 bliain |
70 % |
90 % |
115 % |
250 % |
0 % |
Agus ualaí priacal á sannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, cuirfidh institiúidí na fachtóirí seo a leanas san áireamh: láidreacht airgeadais, an timpeallacht pholaitiúil agus dhlíthiúil, tréithe idirbhirt agus/nó sócmhainne, láidreacht an urraitheora agus an fhorbróra, lena n-áirítear aon sruth ioncaim ó chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí, agus pacáiste slándála.
6. Maidir lena gcuid earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 184. Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe corparáideacha a chomhlíonann freisin na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 154(5), agus i gcás ina mbeadh sé ródhian ar institiúid na caighdeáin chainníochtaithe priacal a úsáid i gcás risíochtaí ar chorparáidí mar atá leagtha amach i Roinn 6 do na hearraí infhaighte sin, féadfar na caighdeáin chainníochtaithe priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol mar atá leagtha amach i Roinn 6 a úsáid.
7. Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, lascainí ceannaigh inaisíoctha, ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha a thugann cosaint céadchaillteanais ar chaillteanais mhainneachtana, caillteanais chaolúcháin, nó an dá cheann, féadfar iad a láimhseáil mar shuímh chéadchaillteanais faoi chreat urrúsaithe an IRB.
8. I gcás ina dtugann institiúid cosaint chreidmheasa do roinnt risíochtaí faoi théarmaí lena spreagfaidh an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh leis an teagmhas creidmheasa sin, agus go bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach ag an táirge ó IMCS, déanfar na hualaí priacal atá leagtha amach i gCaibidil 5 a shannadh. Mura bhfuil rátáil ag an táirge ó IMCS, déanfar comhiomlánú ar na hualaí priacal a áireofar sa bhascaed, cé is moite de risíochtaí n-1, i gcás nach mó suim mhéid an chaillteanais ionchasaigh iolraithe faoi 12, 5 agus méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ná méid ainmniúil na cosanta arna tabhairt ag an díorthach creidmheasa iolraithe faoi 12,5. Cinnfear na risíochtaí n-1 a eiseofar ón gcomhiomlánú ar an mbonn go gcuimseoidh siad na risíochtaí sin a dtáirgeann gach ceann acu méid risíochta níos ísle atá ualaithe ó thaobh priacal ná an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d'aon cheann de na risíochtaí atá áirithe sa chomhiomlánú. Beidh feidhm ag ualú priacal 1,250 % maidir le suímh i mbascaed nach féidir le hinstitiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoin gCur Chuige IRB.
9. Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a léiriú mar a chuirfidh institiúidí na fachtóirí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5 san áireamh nuair a bheidh ualaí priacal á sannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le HAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 154
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol
1. Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar mhiondíol a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
mar a bhfuil an t-ualú priacal RW arna shainiú mar a leanas:
(i) má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh, beidh RW amhail le
;
mar a mbeidh ELBE ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don risíochta mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);
(ii) má tá 0 < PD < 1, i.e., maidir le haon luach do PD seachas mar atá faoi (i)
nuair atá
N(x) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d'aon níos lú ná, nó cothrom le, x); |
G (Z) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta caighdeánach (i.e. luach x sa chaoi is go bhfuil N(x) = z); |
R |
= |
an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar
|
2. Féadfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir le gach risíocht ar FBM dá dtagraítear in Airteagal 147(5) a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 202 agus Airteagal 217 a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 153(3).
3. Maidir le risíochtaí ar mhiondíol arna n-urrú le comhthaobhacht maoine dochorraithe, cuirfear comhéifeacht comhghaolúcháin R de 0,15 in ionad an fhigiúir a thig ón bhfoirmle chomhghaoil i mír 1.
4. Maidir le risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol i gcomhréir le pointí (a) go (e), cuirfear comhéifeacht comhghaolúcháin R de 0,04 in ionad an fhigiúir a thig ón bhfoirmle chomhghaoil i mír 1.
Cáileoidh risíochtaí mar risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:
(a) is ar dhaoine aonair a dhéantar na risíochtaí;
(b) is risíochtaí imrothlacha iad, tá siad neamhurraithe, agus sa mhéid is nach dtarraingítear láithreach iad agus iad inchealaithe go neamhchoinníollach ag an institiúid. Sa chomhthéacs sin, sainmhínítear risíochtaí imrothlacha mar risíochtaí ina gceadaítear iarmhéideanna custaiméirí luainiú bunaithe ar a gcuid cinntí iasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn arna leagan síos ag an institiúid. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;
(c) is ionann an risíocht uasta ar dhuine aonair san fho-phunann agus EUR 100 000 nó níos lú;
(d) tá úsáid an chomhghaoil sa mhír seo teoranta do phunanna a thaispeáin luaineacht íseal maidir le rátaí caillteanais, i gcoibhneas lena meánleibhéal rátaí caillteanais, go háirithe laistigh de bhannaí íseal PD;
(e) beidh an láimhseáil mar risíocht imrothlach cháilitheach ar mhiondíol comhsheasmhach le saintréithe fholuiteacha priacal na fo-phunainne.
De mhaolú ar phointe (b), ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bheith neamhurraithe maidir le saoráidí creidmheasa comhthaobhaithe atá nasctha le cuntas pá. Sa chás sin, ní chuirfear san áireamh méideanna a ghnóthófar ón gcomhthaobhacht sa mheastachán LGD.
Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú ar luaineacht choibhneasta na rátaí caillteanais ar fud na bhfo-phunann de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol, chomh maith leis an bpunann comhiomlán de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol, agus roinnfidh siad faisnéis faoi ghnáth-shaintréithe na rátaí caillteanais de risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol ar fud na mBallstát.
5. Le bheith incháilithe don láimhseáil mhiondíola, comhlíonfaidh na hearraí infhaighte ceannaithe na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 184 agus na coinníollacha seo a leanas:
(a) cheannaigh an institiúid na hearraí infhaighte ó dhíoltóirí tríú páirtí neamhghaolmhara, agus ní áirítear lena risíocht ar oibleagáideoir an earra infhaighte aon risíochtaí arna dtionscnamh go díreach nó go hindíreach ag an institiúid féin;
(b) ginfear na hearraí infhaighte ceannaithe ar neamhthuilleamaí idir an díoltóir agus an t-oibleagáideoir. Dá bhrí sin, ní bheidh cuntais infhála idir chuideachtaí ná earraí infhaighte faoi réir ag cuntais chontra idir gnólachtaí a cheannaíonn óna chéile agus a dhíolann lena chéile incháilithe;
(c) tá éileamh ag an institiúid cheannaigh ar gach fáltas ó na hearraí infhaighte ceannaithe nó tá ús pro-rata aici sna fáltais; agus
(d) tá punann na n-earraí infhaighte ceannaithe éagsúlaithe a dhóthain.
6. Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe, lascainí ceannaigh inaisíoctha, ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha a thugann cosaint céadchaillteanais ar chaillteanais mhainneachtana, caillteanais chaolúcháin, nó an dá cheann, féadfar iad a láimhseáil mar shuímh chéadchaillteanais faoi chreat urrúsaithe an IRB.
7. Maidir le comhthiomsuithe hibrideacha d'earraí infhaighte miondíola ceannaithe, i gcás nach féidir le hinstitiúidí ceannaigh risíochtaí arna n-urrú le comhthaobhacht maoine dochorraithe agus risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol a scaradh ó risíochtaí eile ar mhiondíol, beidh feidhm maidir leis na risíochtaí sin ag an bhfeidhm ualaithe priacal ar mhiondíol a tháirgeann na ceanglais cistí dílse is airde.
Airteagal 155
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chothromas
1. Socróidh institiúidí a gcuid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chothromas, cé is moite díobh sin a asbhaintear i gcomhréir le Cuid a Dó nó atá faoi réir ag ualú priacal 250 % i gcomhréir le hAirteagal 48, i gcomhréir leis na cur chuige atá leagtha amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo. Féadfaidh institiúid cur chuige éagsúil a chur i bhfeidhm maidir le punanna éagsúla cothromais i gcás ina n-úsáideann an institiúid féin cineálacha cur chuige éagsúla chun críocha bainisithe priacal inmheánach. I gcás ina n-úsáideann institiúid cineálacha éagsúla cur chuige, déanfar an rogha maidir le cur chuige PD/LGD nó cur chuige samhlacha inmheánacha go comhsheasmhach, lena n-áirítear le himeacht ama agus leis an gcur chuige a mbaintear úsáid as le haghaidh bainistithe priacal inmheánach na risíochtaí ábhartha ar chothromas, agus ní chinnfear é trí chomaoineacha arbatráiste rialála.
Féadfaidh institiúidí risíochtaí cothromais ar ghnóthais seirbhísí coimhdeacha a láimhseáil de réir mar a láimhseáiltear sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad.
2. Faoin gcur chuige ualaithe priacal Simplí, ríomhfar méid na risíochta ualaithe ó thaobh priacal de réir na foirmle seo:
,
Ualú priacal (RW) = 190 % i gcás risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain.
Ualú priacal (RW) = 290 % i gcás risíochtaí ar chothromas atá trádáilte ar an malartán.
Ualú priacal (RW) = 370 % do risíochtaí uile eile ar chothromas.
I gcás suíomh gearr airgid agus ionstraimí díorthacha arna sealbhú sa leabhar neamhthrádála, féadfaidh siad suímh fhada a fhritháireamh sna stoic aonair chéanna ar an gcoinníoll gur ainmníodh go sainráite na hionstraimí sin mar fhálú ar risíochtaí ar chothromas sonrach agus go dtabharfaidh siad fálú ar feadh bliana eile ar a laghad. Láimhseálfar suímh ghearra eile amhail is gur suímh fhada iad agus beidh an t-ualú priacal ábhartha sannta do luach absalóideach gach suímh. I gcomhthéacs na suímh mhí-oiriúnaithe maidir le haibíocht, is é an modh a úsáidfear ná an modh sin a úsáidtear i gcás risíochtaí ar chorparáidí mar atá leagtha amach in Airteagal 162(5).
Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar risíocht ar chothromas i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4.
3. Faoin gcur chuige PD/LGD, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh de réir na bhfoirmlí in Airteagal 153(1). Mura bhfuil dóthain faisnéise ag institiúidí chun úsáid a bhaint as an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha amach in Airteagal 178, déanfar fachtóir scálúcháin 1,5 a shannadh do na hualaí priacal.
Ar leibhéal na risíochta aonair, ní bheidh méid an chaillteanais ionchasaigh arna iolrú faoi 12,5 móide méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal níos airde ná luach na risíochta arna iolrú faoi 12,5.
Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar risíocht ar chothromas i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh sé sin faoi réir LGD 90 % ar an risíocht ar sholáthraí an fhálaithe. Maidir le risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain, féadfar LGD 65 % a úsáid. Chun na críocha sin beidh M cothrom le cúig bliana.
4. Faoi mhodh na samhlacha inmheánacha, beidh méid na risíochta ualaithe ó thaobh priacal cothrom leis an gcaillteanas ionchasach ar risíochtaí na hinstitiúide ar chothromas arna dhíorthú ag úsáid na samhlacha inmheánacha den luach faoi phriacal faoi réir ag an 99ú peircintíl, eatramh muiníne aonfhoircneach den difríocht idir tuairisceáin ráithiúla agus ráta saor ó priacal iomchuí arna ríomh thar thréimhse shamplach fhadtéarmach, arna iolrú faoi 12,5. Ní bheidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ar leibhéal na punainne cothromais níos lú ná iomlán na suimeanna seo a leanas:
(a) na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá ceangailte faoin gCur Chuige PD/LGD; agus
(b) méideanna comhfhreagracha an chaillteanais ionchasaigh arna iolrú faoi 12,5.
Déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a ríomh ar bhonn na luachanna PD atá leagtha amach in Airteagal 165(1) agus na luachanna LGD comhfhreagracha atá leagtha amach in Airteagal 165(2).
Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint a fuarthas ar shuímh chothromais.
Airteagal 156
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad
Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
,
ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a) airgead ar láimh agus ítimí coibhéiseacha airgid chomh maith le hórbhuillean arna shealbhú ina bhoghtaí féin nó ar bhonn leithdháilte, sa mhéid is go bhfuil sé cumhdaithe ag dliteanais bhuillin, déanfar ualú priacal 0 % a shannadh dóibh;
(b) nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an risíocht, is mar seo a leanas a ríomhfar í:
i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.
Airteagal 157
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe
1. Déanfaidh institiúidí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha agus miondíola a ríomh de réir na foirmle atá leagtha amach in Airteagal 153(1).
2. Déanfaidh institiúidí na paraiméadair ionchuir maidir le PD agus LGD a chinneadh i gcomhréir le Roinn 4.
3. Déanfaidh institiúidí luach na risíochta a chinneadh i gcomhréir le Roinn 5.
4. Chun críocha an Airteagail seo, tá luach M ionann le bliain amháin.
5. Déanfaidh na húdaráis inniúla institiúid a dhíolmhú ó ríomh agus aithint na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin maidir le cineál risíochta a tharlaíonn de bharr earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha nó miondíola i gcás inar léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil an priacal caolúcháin neamhábhartha don institiúid sin maidir le risíocht den chineál sin.
Airteagal 158
Láimhseáil de réir chineál na risíochta
1. Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh ar bhonn na bhfigiúirí ionchuir céanna maidir le PD, LGD agus luach na risíochta do gach risíocht a úsáidtear chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 151.
2. Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh do risíochtaí urrúsaithe i gcomhréir le Caibidil 5.
3. Is ionann agus nialas méid an chaillteanais ionchasaigh do risíochtaí a bhaineann leis an aicme "sócmhainní eile gan oibleagáidí creidmheasa" dá dtagraítear i bpointe (g) in Airteagal 147(2).
4. Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás risíochtaí i bhfoirm scaireanna agus aonad GC dá dtagraítear in Airteagal 152 i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach san Airteagal seo.
5. Ríomhfar an caillteanas ionchasach (EL) agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais agus ar risíochtaí ar mhiondíol de réir na bhfoirmlí seo a leanas:
Méid an chaillteanais ionchasaigh = EL [iolraithe faoi] luach na risíochta.
I gcás risíochtaí a mhainnigh (PD =100 %) nuair a úsáideann institiúidí a meastacháin féin ar LGD, beidh EL cothrom le ELBE, an meastachán is fearr de chuid na hinstitiúide ar an gcaillteanas ionchasach i gcás na risíochta a mhainnigh, i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h).
I gcás risíochtaí atá faoi réir na láimhseála atá leagtha amach in Airteagal 153(3), beidh EL cothrom le 0 %.
6. Is de réir Thábla 2 a shannfar luachanna EL na risíochtaí ar iasachtú speisialaithe i gcás ina n-úsáideann institiúidí na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) maidir le hualuithe priacal a shannadh.
Tábla 2
Aibíocht Iarmhair |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Catagóir 4 |
Catagóir 5 |
Níos lú ná 2.5 bliain |
0 % |
0,4 % |
2,8 % |
8 % |
50 % |
Cothrom le 2.5 bliain nó níos mó ná sin |
0,4 % |
0,8 % |
2,8 % |
8 % |
50 % |
7. Is de réir na foirmle seo thíos a ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir chur chuige simplí an ualaithe priacal:
Is iad seo a leanas luachanna EL:
Caillteanas ionchasach (EL) = 0.8 % do risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain.
Caillteanas ionchasach (EL) = 0.8 % do risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán.
Caillteanas ionchasach (EL) = 2.4 % do gach risíocht eile ar chothromas.
8. Is de réir na bhfoirmlí seo thíos a ríomhfar an caillteanas ionchasach agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas sa chás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir an chuir chuige PD/LGD:
9. Is ionann agus nialas méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina ríomhtar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de réir chur chuige na samhlacha inmheánacha.
10. Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le priacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe de réir na foirmle seo a leanas:
Airteagal 159
Láimhseáil mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh
Dealóidh na hinstitiúidí méideanna an chaillteanais ionchasaigh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158 (5), (6) agus (10) ó na coigeartuithe sonracha agus ginearálta ar an bpriacal creidmheasa agus na coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis na risíochtaí sin. Láimhseálfar lascainí ar risíochtaí sa chlár comhardaithe arna gceannach agus iad ar mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 166(1) ar an tslí chéanna le coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa. Ní úsáidfear coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ar risíochtaí ar mainneachtain chun méideanna an chaillteanais ionchasaigh ar risíochtaí eile a chumhdach. Ní áireofar sa ríomh seo méideanna an chaillteanais ionchasaigh do risíochtaí urrúsaithe agus do choigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis na risíochtaí sin.
Airteagal 160
Dóchúlacht mainneachtana (PD)
1. Beidh PD de chuid risíochta ar chorparáid nó ar institiúid cothrom le 0.03 % ar a laghad.
2. I gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a dhéanamh ar PDanna ina leith nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide do na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, cinnfear PDanna na risíochtaí sin de réir na modhanna seo mar a leanas:
(a) i gcás éileamh sinsearach ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is éard a bheidh in PD meastachán EL na hinstitiúide arna roinnt ar LGD do na hearraí infhaighte sin;
(b) i gcás fo-éileamh ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is é meastachán EL na hinstitiúide a bheidh in PD;
(c) institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a meastacháin féin ar LGD le haghaidh risíochtaí corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus a fhéadfaidh a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo.
3. 100 % an PD a bheidh ag oibleagáideoirí mainneachtana.
4. Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa sa PD a chur san áireamh i gcomhréir le forálacha Chaibidil 4. I gcás priacal caolúcháin, mar aon le soláthraithe na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 201(1)(g), tá díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá measúnú creidmheasa ag an eintiteas corparáideach ó IMCS a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann sé le beart cáilíochta creidmheasa 3 nó le beart níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;
(b) i gcás institiúidí a dhéanann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh de réir an Chuir Chuige IRB, níl measúnú creidmheasa ó IMCS aitheanta ag an eintiteas corparáideach agus tá sé rátáilte go hinmheánach mar chorparáidí a bhfuil PD acu atá coibhéiseach leis an PD a bhaineann le measúnuithe creidmheasa IMCSanna a bhfuil sé deimhnithe ag ÚBE go mbaineann siad le beart cáilíochta creidmheasa 3 nó le beart níos airde de réir na rialacha ualaithe priacal maidir le risíochtaí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;
5. Féadfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin LGD féin cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint trí bhíthin na PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 161(3).
6. I gcás priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, beidh PD cothrom le meastachán EL na hinstitiúide ar an bpriacal caolúcháin. Institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 úsáid a bhaint as a meastacháin LGD féin le aghaidh risíochtaí corparáideacha agus ar féidir léi a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo. Féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint sa PD i gcomhréir le forálacha Chaibidil 4. I gcás priacal caolúcháin, mar aon le soláthraithe na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 201(1)(g), tá díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe incháilithe ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 4.
7. De mhaolú ar Airteagal 201(1)(g), tá na heintitis chorparáideacha a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i mír 4 incháilithe.
Aon institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin LGD féin a úsáid do priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, féadfaidh sí cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint trí bhíthin na PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 161(3).
Airteagal 161
Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
1. Úsáidfidh na hinstitiúidí na luachanna LGD a leanas:
(a) risíochtaí sinsearacha gan comhthaobhacht incháilithe: 45 %;
(b) fo-risíochtaí gan comhthaobhacht incháilithe: 75 %;
(c) féadfaidh institiúidí cosaint chistithe creidmheasa agus cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint san LGD i gcomhréir le Caibidil 4;
(d) is féidir luach LGD 11.25 % a shannadh do bhannaí faoi chumhdach atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5);
(e) i gcás risíochtaí sinsearacha ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann PDanna a mheas nó nuair nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 45 %;
(f) i gcás fo-risíochtaí ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, nuair nach féidir le hinstitiúid meastachán a dhéanamh ar PDanna nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 100 %;
(g) I gcás priacal caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe: 75 %.
2. I gcás priacal caolúcháin agus mainneachtana, má tá cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin LGD féin a úsáid le haghaidh risíochtaí corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus más féidir léi a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfar úsáid a bhaint as an meastachán LGD le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe.
3. Má tá cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin LGD féin le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus ar bhainc cheannais a úsáid de bhun Airteagal 143, féadfar cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint trí bhíthin an PD nó an LGD a choigeartú faoi réir na gceanglas atá sonraithe i Roinn 6 agus faoi réir chead na n-údarás inniúil. Ní shannfaidh institiúid PD ná LGD coigeartaithe do risíochtaí faoi ráthaíocht ar chaoi gurbh ísle an t-ualú priacal coigeartaithe ná an t-ualú priacal a bheadh ag risíocht dhíreach inchomparáide ar an ráthóir.
4. Chun críocha na ngealltanas dá dtagraítear in Airteagal 153(3), is éard a bheidh in LGD na risíochta dírí inchomparáide ar sholáthraí na cosanta an LGD a bhaineann le saoráid neamhfhálaithe chun an ráthóra, nó le saoráid neamhfhálaithe an oibleagáideora; beidh sé sin de réir an méid a thugann an fhianaise atá le fáil agus struchtúr na ráthaíochta le tuiscint, maidir le cé acu ar staid airgeadais an ráthóra nó an oibleagáideora faoi seach, a bhraithfeadh an méid a ghnóthófaí i gcás ina mainneodh an ráthóir agus an t-oibleagáideoir faoi seach le linn shaolré an idirbhirt fhálaithe.
Airteagal 162
Aibíocht
1. Institiúidí nach bhfuil cead faighte acu úsáid a bhaint as a gcuid LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta féin le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí nó rialtais láir agus ar bhainc cheannais, déanfaidh siad luach aibíochta (M) 0,5 bliain a shannadh do risíochtaí a thagann as idirbhearta athcheannaigh nó as idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, agus luach (M) 2,5 bliain a shannadh do gach risíocht eile.
De rogha air sin, mar chuid den chead dá dtagraítear in Airteagal 143, cinnfidh na húdaráis inniúla cé acu a úsáidfidh nó nach n-úsáidfidh an institiúid aibíocht (M) do gach risíocht, mar atá leagtha amach faoi mhír 2.
2. Institiúidí a bhfuil cead faighte acu ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta féin le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí nó rialtais láir agus ar bhainc cheannais de bhun Airteagal 143, ríomhfaidh siad M do gach ceann de na risíochtaí sin mar atá leagtha amach i bpointe (a) go (e) den mhír seo agus faoi réir mhír 3 go mír 5 den Airteagal seo. Ní bheidh M níos mó ná cúig bliana seachas i gcásanna a shonraítear in Airteagal 384(1) áit a úsáidfear M mar a shonraítear ansin é:
(a) I gcás ionstraime atá faoi réir sceideal sreafa airgid, ríomhfar M de réir na foirmle seo a leanas:
mar a gciallaíonn CFt na sreafaí airgid (an phríomhshuim, íocaíochtaí úis agus táillí), a bhfuil oibleagáid chonarthach ar an oibleagáideoir a íoc i dtréimhse t;
(b) i gcás díorthach atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na risíochta, mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M, agus úsáidfear méid barúlach gach risíochta chun an aibíocht a ualú;
(c) i gcás risíochtaí a thagann as ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II, agus as idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, agus atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 10 lá ar a laghad in M;
(d) i gcás idirbheart athcheannaigh nó idirbheart i leith urrús nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart mar a mbeidh 5 lá ar a laghad in M. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt d'fhonn an aibíocht a ualú;
(e) maidir le hinstitiúid a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin PD féin a úsáid le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás méideanna a tarraingíodh beidh M cothrom le meánaibíocht ualaithe na risíochta ar earraí infhaighte ceannaithe, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M. Úsáidfear luach céanna seo M do mhéideanna neamhtharraingthe faoi shaoráid thiomanta ceannaigh ar an gcoinníoll go bhfuil sa tsaoráid cúnaint éifeachtacha, truicir um luathamúcadh, nó gnéithe eile a chosnaíonn an institiúid ceannaigh ar aon mheath suntasach ar cháilíocht na n-earraí infhaighte todhchaí a cheanglófar uirthi a cheannach le linn théarma na saoráide. In éagmais cosaintí éifeachtacha den sórt sin, ríomhfar M do mhéideanna neamhtharraingthe mar shuim an infháltais fhéideartha is faide ó dháta de réir an chomhaontaithe ceannaigh agus aibíocht iarmhair na saoráide ceannaigh, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M;
(f) i gcás aon ionstraime seachas iad siúd atá luaite sa mhír seo nó i gcás nach bhfuil an institiúid in ann M a ríomh mar atá leagtha amach in (a), is éard a bheidh in M an tréimhse is faide a bheidh fágtha (i mblianta) a bheidh ceadaithe don oibleagáideoir le go gcomhlíonfadh sé a oibleagáidí conarthacha, mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M;
(g) i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí mar atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6 chun luachanna na risíochta a ríomh, ríomhfar M do na risíochtaí ar a gcuireann siad an modh sin i bhfeidhm agus ar mó ná bliain amháin aibíocht an chonartha is faide ó dháta acu sa tacar glanluachála, de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
= |
athróg táscaire arb ionann a luach sa tréimhse todhchaí tk agus 0 má tá tk > 1 bliain agus 1 má tá tk ≤ 1; |
|
= |
an risíocht ionchasach ag tréimhse todhchaí tk; |
|
= |
an risíocht ionchasach éifeachtach ag tréimhse todhchaí tk; |
|
= |
an fachtóir lascaine saor ó priacal don tréimhse todhchaí tk; |
;
(h) féadfaidh institiúid a úsáideann samhail inmheánach chun coigeartú leataobhach ar luacháil creidmheasa a ríomh úsáid a bhaint as an ré iarbhír creidmheasa arna meas ag an tsamhail inmheánach mar M, faoi réir chead na n-údarás inniúil.
Faoi réir mhír 2, cuirfear an fhoirmle atá i bpointe (a) i bhfeidhm maidir le tacair ghlanluachála ar lú ná bliain amháin an aibíocht tosaigh acu;
(i) i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6, chun luachanna na risíochta a ríomh, agus a bhfuil cead samhla inmheánaí acu le haghaidh an priacal shonraigh a bhaineann le suímh fhiachais arna dtrádáil i gcomhréir le Roinn a Trí, Teideal IV, Caibidil 5, socrófar M ar 1 san fhoirmle atá leagtha amach in Airteagal 153(1), ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid a thaispeáint do na húdaráis inniúla go bhfuil iarmhairtí imirce rátála ar áireamh sa tsamhail inmheánach don Priacal sonrach a bhaineann le suímh fhiachais intrádála, a chuirtear i bhfeidhm in Airteagal 383;
(j) chun críocha Airteagal 153(3), beidh M cothrom le haibíocht iarmhír na cosanta creidmheasa ach gan é a bheith níos giorra ná bliain amháin.
3. Nuair is gá an doiciméadacht a ataisceadh agus a athluacháil gach lá agus go bhfuil forálacha inti lena gceadaítear leachtú nó fritháireamh pras na comhthaobhachta i gcás mainneachtana nó i gcás nach ndéantar an t-ataisceadh, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad i gcás na nithe seo a leanas:
(a) ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II;
(b) idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe nó geall leis;
(c) idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;
Ina theannta sin, i gcás risíochtaí gearrthéarmacha cáilitheacha nach cuid iad de mhaoiniú leanúnach an oibleagáideora ar an institiúid, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad. Áireofar iad seo a leanas ar risíochtaí gearrthéarmacha cáilitheacha:
(a) risíochtaí ar institiúidí a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;
(b) idirbhearta maoiniúcháin trádála gearrthéarmacha atá féinleachtaitheach a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí ag a bhfuil aibíocht iarmhair suas le bliain amháin dá dtagraítear i bpointe (80)d'Airteagal 4 (1);
(c) risíochtaí a thagann as díol agus ceannach urrús a ghlantar laistigh den ghnáth-thréimhse sheachadta nó laistigh de dhá lá gnó;
(d) risíochtaí a thagann as aistrithe socraíochtaí airgid de shreang agus socraíochtaí idirbhearta ríomhíocaíochta agus costais réamhíoctha, lena n-áirítear rótharraingtí a thagann as idirbhearta loicthe nach faide iad ná líon gearr, socruithe de laethanta gnó arna chomhaontú.
4. I gcás risíochtaí ar chorparáidí atá lonnaithe san Aontas agus ar lú a ndíolacháin chomhdhlúite agus a sócmhainní comhdhlúite ná EUR 500 milliún, beidh de rogha ag institiúidí M a shocrú go seasmhach mar atá leagtha amach i mír 1 seachas mír 2 a chur i bhfeidhm. Féadfaidh institiúidí iomlán sócmhainní is fiú 1 000 milliún a chur in ionad iomlán sócmhainní is fiú 500 milliún i gcás corparáidí ar leo, agus a ligeann ar cíos, maoin chónaithe neamh-amhantrach go príomha.
5. Láimhseálfar neamhréireanna aibíochta mar a shonraítear i gCaibidil 4.
Airteagal 163
Dóchúlacht mainneachtana (PD)
1. Beidh PD aon risíochta cothrom le 0,03 % ar a laghad.
2. Beidh PD oibleagáideoirí, nó PD risíochtaí ar mainneachtain má úsáidtear cur chuige oibleagáide, beidh sé cothrom le 100 %.
3. I gcás priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, socrófar PD ar luach atá cothrom le meastacháin EL ar priacal caolúcháin. Más féidir le hinstitiúid a meastacháin EL ar priacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfar an meastachán PD a úsáid.
4. Is féidir cosaint neamhchistithe creidmheasa a chur san áireamh trí bhíthin na PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 164(2). I gcás priacal caolúcháin, mar aon le soláthraithe na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 201(1)(g), tá díoltóir na n-earraí infhaighte ceannaithe incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 160(4).
Airteagal 164
Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
1. Cuirfidh na hinstitiúidí a meastacháin féin ar LGDanna ar fáil faoi réir na gceanglas atá sonraithe i Roinn 6 agus ar an gcoinníoll go bhfaighidh siad cead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 143. I gcás priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, úsáidfear luach LGD atá cothrom le 75 %. Más féidir le hinstitiúid a meastacháin EL ar priacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar bhealach iontaofa, féadfaidh an institiúid a meastachán LGD féin a úsáid.
2. Féadfar cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithint mar ghné atá incháilithe ach na meastacháin PD nó LGD a choigeartú faoi réir na gceangaltas atá sonraithe in Airteagal 183(1), (2) agus (3) agus faoi réir chead na n-údarás inniúil ag tacú le risíocht ar leith nó le comhthiomsú risíochtaí. Ní shannfaidh institiúid PD ná LGD coigeartaithe do risíochtaí faoi ráthaíocht ar chaoi gurbh ísle an t-ualú priacal coigeartaithe ná an t-ualú priacal a bheadh ag risíocht dhíreach inchomparáide ar an ráthóir.
3. Chun críocha Airteagal 154(2), is ionann LGD na risíochta dírí inchomparáide ar sholáthraí na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 153(3) agus an LGD a bhaineann le saoráid neamhfhálaithe chun an ráthóra, é sin nó saoráid neamhfhálaithe an oibleagáideora, nó neachtar acu saoráid neamhfhálaithe an oibleagáideora; beidh sé sin de réir an méid a thugann an fhianaise atá le fáil agus struchtúr na ráthaíochta le tuiscint maidir le cé acu ar staid airgeadais an ráthóra nó an oibleagáideora a bhraithfeadh an méid a ghnóthófaí i gcás ina mainneodh an ráthóir agus an t-oibleagáideoir araon le linn shaolré an idirbhirt fhálaithe.
4. An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht arna hurrú le maoin dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 10 %.
An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht arna hurrú le maoin tráchtála dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %.
5. Bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 101 agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe agus aon táscairí ábhartha eile á gcur san áireamh, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas go tréimhsiúl, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosta LGA i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do risíochtaí atá urraithe le maoin chónaithe nó le maoin tráchtála dhochorraithe atá suite ar a gcríoch. Féadfaidh údaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn comaoineacha cobhsaíochta airgeadais, luachanna íosta níos airde a shocrú do mheán LGA atá ualaithe do risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe atá suite ar a gcríoch.
Cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi aon athruithe a dhéanfar ar na luachanna íosta LGD i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus foilseoidh ÚBE na luachanna LGD sin.
6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha a chuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh nuair a bheidh luach íosta LGD níos airde á gcinneadh acu.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
7. Cuirfidh institiúidí Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis inniúla Ballstáit eile i bhfeidhm maidir le risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe atá suite sa Bhallstát sin.
Airteagal 165
Risíochtaí ar chothromas faoi réir an mhodha PD/LGD
1. Cinnfear PDanna de réir na modhanna a úsáidtear le haghaidh risíochtaí corparáideacha.
Beidh feidhm ag na PDanna íosta seo a leanas:
(a) 0,09 % i gcás risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán i gcás gur cuid de chaidreamh fadtéarmach leis an gcustaiméir í an infheistíocht;
(b) 0,09 % i gcás risíochtaí nach risíochtaí ar chothromas arna dtrádáil ar an stocmhalartán iad, má tá na fáltais ar an infheistíocht bunaithe ar shreafaí rialta agus tréimhsiúla airgid nach dtagann as gnóthachain chaipitiúla;
(c) 0,40 % i gcás risíochtaí ar chothromas arna thrádáil ar an stocmhalartán lena n-áirítear suímh ghearra eile mar atá leagtha amach in Airteagal 155(2);
(d) 1,25 % i gcás gach risíochta eile ar chothromas lena n-áirítear suímh ghearra eile mar atá leagtha amach in Airteagal 155(2).
2. Maidir le risíochtaí ar chothromas príobháideach i bpunanna atá éagsúlaithe a ndóthain, féadfar LGD 65 % a shannadh dóibh. Sannfar LGD 90 % do gach risíocht eile den sórt sin.
3. Beidh an M a shannfar do gach risíocht cothrom le cúig bliana.
Airteagal 166
Risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus ar bhainc cheannais agus risíochtaí ar mhiondíol
1. Mura dtugtar a mhalairt le fios, is ionann luach risíochta na risíochtaí laistigh den chlár comhardaithe agus an luach cuntasaíochta, arna thomhas gan aon choigeartuithe i leith an priacal creidmheasa a chur san áireamh.
Tá feidhm ag an riail seo freisin maidir le sócmhainní a ceannaíodh ar phraghas nach ionann é agus an méid atá dlite.
I gcás sócmhainní ceannaithe, meastar gur lascaine ar an difríocht idir an méid atá dlite agus an luach cuntasaíochta a fhanann ar chlár comhardaithe na hinstitiúide agus í ag ceannach na sócmhainne, tar éis di na coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, más mó an méid atá dlite, agus meastar gur préimh í más lú an méid atá dlite.
2. Ríomhfar an luach risíochta i gcomhréir le Caibidil 4 nó le Caibidil 6 i gcás ina n-úsáideann institiúidí Máistir-chomhaontuithe glanluachála maidir le hidirbhearta athcheannaigh nó maidir le hidirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí.
3. Chun luach na risíochta a ríomh i gcás glanluachála iasachtaí agus taiscí laistigh den chlár comhardaithe, cuirfidh institiúidí isteach ar na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 4.
4. Beidh luach na risíochta do léasanna cothrom leis na híocaíochtaí léasa íosta lascainithe. Beidh na híocaíochtaí léasa íosta comhdhéanta de na híocaíochtaí a cheanglaítear nó is féidir a cheangal ar an léasaí a dhéanamh i rith théarma an léasa agus aon rogha margaidh (i.e. rogha a bhfuil a feidhmiú réasúnta cinnte). Más féidir a cheangal ar pháirtí seachas an léasaí íocaíocht a dhéanamh a bhaineann le luach iarmharach sócmhainne léasaithe agus má chomhlíonann an oibleagáid íocaíochta sin an tacar coinníollacha atá in Airteagal 201 maidir le hincháilitheacht sholáthraithe na cosanta, chomh maith leis na ceanglais maidir le cineálacha eile ráthaíochtaí a aithint mar a fhoráiltear in Airteagal 213, féadfar an oibleagáid íocaíochta sin a chur san áireamh mar chosaint neamhchistithe creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4.
5. I gcás aon chonartha atá liostaithe in Iarscríbhinn II, cinnfear luach na risíochta de réir na modhanna atá leagtha amach i gCaibidil 6 agus ní chuirfear aon choigeartú i leith an priacal creidmheasa san áireamh.
6. Is ionann luach na risíochta a úsáidfear chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d'earraí infhaighte ceannaithe a ríomh agus an luach arna ríomh i gcomhréir le mír 1 lúide na ceanglais cistí dílse le haghaidh an priacal caolúcháin roimh an maolú priacal creidmheasa.
7. I gcás risíochta i bhfoirm urrús nó tráchtearraí a díoladh, a breacadh chun cuntais nó a tugadh ar iasacht faoi idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh, is ionann luach na risíochta agus luach na n-urrús nó na dtráchtearraí arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24. I gcás ina n-úsáidfear an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 223, méadófar luach na risíochta den choigeartú luaineachta is iomchuí d'urrúis nó do thráchtearraí den sórt sin, mar atá leagtha amach ann. Féadfar luach risíochta na n-idirbheart athcheannaigh, na n-idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, na n-idirbheart socraíochta iarchurtha agus na n-idirbheart iasachta corrlaigh a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 nó le hAirteagal 220(2).
8. Ríomhfar luach risíochta na n-ítimí seo a leanas mar an méid atá tiomanta ach nár tarraingíodh fós arna iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta. Úsáidfidh na hInstitiúidí na fachtóirí coinbhéartachta a leanas i gcomhréir le hAirteagal 151(8) maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais:
(a) i gcás línte creidmheasa is féidir leis an institiúid a chealú go neamhchoinníollach aon tráth gan fógra a thabhairt roimh ré, nó lena ndéantar foráil go hiarbhír gur féidir iad a chealú go huathoibríoch má thagann meath ar acmhainn creidmheasa an iasachtaí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;
(b) i gcás litreacha creidmheasa gearrthéarmacha a thagann as gluaiseacht earraí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 20 % i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí eisiúna agus na hinstitiúid daingniúcháin araon;
(c) i gcás ceangaltais cheannaigh neamhtharraingthe i leith earraí infhaighte ceannaithe imrothlacha is féidir a chealú go neamhchoinníollach nó a dhéanann foráil go bhféadfaidh an institiúid iad a chealú tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheath ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach;
(d) i gcás línte creidmheasa eile, saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna), cuirfear fachtóir coinbhéartachta 75 % i bhfeidhm.
Féadfaidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais maidir le húsáid a bhaint as a meastacháin féin ar fhachtóirí coinbhéartachta, mar a shonraítear i Roinn 6, a meastacháin féin a úsáid thar chineálacha táirgí éagsúla mar a luaitear i bpointí (a) go (d), faoi réir chead na n-údarás inniúil.
9. I gcás ina dtagraítear i gceangaltas do shíneadh ceangaltais eile, is é an ceann is ísle den dá fhachtóir coinbhéartachta a bhaineann leis an gceangaltas aonair a úsáidfear.
10. I gcás ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe, seachas iad sin ar a bhfuil trácht i míreanna 1 go 8, beidh luach na risíochta dóibh uile cothrom leis an gcéatadán seo a leanas dá luach:
(a) 100 % más ítim lánpriacal atá i gceist;
(b) 50 % más ítim mheánpriacal atá i gceist;
(c) 20 % más ítim mheánpriacal /íospriacal atá i gceist;
(d) 0 % más ítim íospriacal atá i gceist.
Chun críocha na míre seo sannfar na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe do chatagóirí priacal mar a thugtar le fios in Iarscríbhinn I.
Airteagal 167
Risíochtaí ar chothromas
1. Beidh luach na risíochta i gcás risíochtaí ar chothromas cothrom leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha nuair a chuirfear an coigeartú sonrach ar an bpriacal creidmheasa i bhfeidhm.
2. Beidh luach na risíochta do risíochtaí ar chothromas lasmuigh den chlár comhardaithe cothrom lena luach ainmniúil nuair a laghdófar a luach ainmniúil le coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa don risíocht seo.
Airteagal 168
Sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad
Is ionann luach na risíochta i gcás sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad agus an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha nuair a chuirfear coigeartuithe sonracha ar an bpriacal creidmheasa i bhfeidhm.
Airteagal 169
Prionsabail ghinearálta
1. I gcás ina n-úsáideann institiúid roinnt córas rátála, doiciméadófar an réasúnaíocht ba bhun le hoibleagáideoir nó idirbheart a shannadh do chóras rátála ar leith agus déanfar sin ar bhealach a léiríonn mar is ceart leibhéal an priacal.
2. Déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar chritéir agus ar phróisis an tsannta lena chinneadh an bhfuil siad iomchuí i gcónaí don phunann reatha agus do na dálaí seachtracha.
3. I gcás ina n-úsáideann institiúid meastacháin dhíreacha ar pharaiméadair priacal d'oibleagáideoirí aonair nó do risíochtaí, is féidir iad a mheas mar mheastacháin a shannfar do ghráid ar scála rátála leanúnach.
Airteagal 170
Struchtúr na gcóras rátála
1. Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála maidir le risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais na ceanglais seo a leanas:
(a) cuirfear saintréithe priacal an oibleagáideora agus an idirbhirt san áireamh sa chóras rátála;
(b) beidh scála rátála oibleagáideora sa chóras rátála nach léireoidh ach an cainníochtú ar priacal mainneachtana an oibleagáideora. Beidh ar a laghad 7 ngrád sa scála rátála féichiúnaí d'oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus ceann amháin d'oibleagáideoirí mainneachtana;
(c) déanfaidh institiúid doiciméadú ar an ngaol atá idir na gráid oibleagáideora ar bhonn leibhéal an priacal mainneachtana a bhaineann le gach grád agus ar bhonn na gcritéar a úsáidtear d'fhonn an leibhéal sin de priacal mainneachtana a aithint;
(d) institiúidí a bhfuil punanna acu atá comhchruinnithe i ndeighleog mhargaidh ar leith agus i raon priacal mainneachtana ar leith, beidh a ndóthain grád oibleagáideora acu laistigh den raon sin le nach mbeidh an iomarca oibleagáideoirí comhchruinnithe in aon ghrád ar leith. I gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád amháin, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád oibleagáideora banda réasúnta caol PD agus go bhfuil priacal mainneachtana gach oibleagáideoir sa ghrád sin laistigh den bhanda sin;
(e) le go mbeidh cead ag an údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, ní mór scála rátála saoráidí ar leith a bheith sa chóras rátála nach léiríonn ach saintréithe na n-idirbheart a bhaineann le LGD. Beidh i sainiú an ghráid saoráide cur síos ar an gcaoi a sanntar risíochtaí don ghrád sin agus cur síos ar na critéir a úsáidtear chun leibhéal an priacal sna gráid éagsúla a aithint;
(f) i gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád saoráide ar leith, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád saoráide banda réasúnta caol LGD agus go bhfuil priacal gach risíochta sa ghrád sin laistigh den bhanda sin.
2. Institiúidí a úsáideann na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) chun ualuithe priacal a shannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, tá siad díolmhaithe ón gceanglas scála rátála oibleagáideora a bheith acu nach léiríonn ach an cainníochtú ar priacal mainneachtana an oibleagáideora i leith na risíochtaí sin. Beidh ar a laghad 4 ghrád ag na hinstitiúidí sin do na risíochtaí sin ar oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus grád amháin ar a laghad d'oibleagáideoirí mainneachtana;
3. Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála do risíochtaí ar mhiondíol na ceanglais seo a leanas:
(a) léireofar an bpriacal oibleagáideora agus an priacal idirbhirt araon sna córais rátála, agus gabhfar saintréithe iomchuí uile an oibleagáideora agus an idirbhirt iontu;
(b) áiritheoidh leibhéal difreála an priacal gur leor líon na risíochtaí in aon ghrád nó in aon chomhthiomsú ar leith le gur féidir cainníochtú agus bailíochtú fóinteach a dhéanamh ar na saintréithe caillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. Dáilfear na risíochtaí agus na hoibleagáideoirí ar na gráid nó na comhthiomsuithe ar chaoi nach mbeidh an iomarca comhchruinnithe ann;
(c) fágfaidh próiseas sannta na risíochtaí do ghráid agus do chomhthiomsuithe go bhféadfar difreáil fhóinteach a dhéanamh ar na priacail, go ngrúpálfar na risíochtaí atá aonchineálach a ndóthain agus go bhféadfar meastachán beacht comhsheasmhach a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. I gcás earraí infhaighte ceannaithe, léireoidh an ghrúpáil cleachtaí frithgheallta an díoltóra agus ilchineálacht a chustaiméirí.
4. Cuirfidh na hinstitiúidí na spreagaithe priacal seo a leanas san áireamh agus iad ag sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe:
(a) saintréithe an phriacail oibleagáideora;
(b) saintréithe an phriacail idirbhirt, lena n-áirítear na cineálacha táirge nó comhthaobhachta nó iad araon. Tabharfaidh institiúidí aghaidh go sainráite ar chásanna mar a dtéann an chomhthaobhacht chéanna chun tairbhe do roinnt risíochtaí;
(c) faillí, ach amháin i gcás ina dtaispeánann institiúid chun sástachta a údaráis inniúil nach spreagaí ábhartha priacal don risíocht í an fhaillí.
Airteagal 171
Grádanna nó comhthiomsuithe a shannadh
1. Beidh sainmhínithe, próisis agus critéir ar leith ag institiúid chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe laistigh de chóras rátála a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(a) beidh sainmhínithe agus critéir na ngrád agus na gcomhthiomsuithe mionsonraithe a ndóthain le gur féidir leo siúd a bhfuil sé de chúram orthu rátálacha a shannadh na hoibleagáideoirí nó na saoráidí a bhfuil an priacal céanna ag baint leo a shannadh go comhsheasmhach don ghrád nó don chomhthiomsú céanna. Beidh an chomhsheasmhacht sin le fáil thar línte gnó, ranna agus suímh gheografacha;
(b) cuirfidh doiciméadú an phróisis rátála ar chumas tríú páirtithe sannadh na risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe a thuiscint, an sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe a mhacasamhlú agus meastachán a dhéanamh ar oiriúnacht an tsannta don ghrád nó don chomhthiomsú;
(c) ina theannta sin, beidh na critéir comhsheasmhach le caighdeáin inmheánacha iasachtaithe na hinstitiúide agus lena beartais maidir leis an gcaoi a bpléitear le hoibleagáideoirí nó le saoráidí struis.
2. Cuirfidh institiúid gach faisnéis ábhartha san áireamh agus í ag sannadh oibleagáideoirí agus saoráidí do ghráid nó do chomhthiomsuithe. Dá laghad faisnéis a bheidh ag an institiúid, is ea is coimeádaí a bheidh sí agus í ag sannadh risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideoirí nó saoráidí. Má bhaineann institiúid úsáid as rátáil sheachtrach mar phríomhfhachtóir chun sannadh rátála inmheánaí a chinneadh, áiritheoidh an institiúid go gcuirfear faisnéis ábhartha eile san áireamh.
Airteagal 172
Sannadh risíochtaí
1. I gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás risíochtaí ar chothromas ina mbaineann institiúid úsáid as an cur chuige PD/LGS a leagtar amach in Airteagal 155(3), sannfar na risíochtaí i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
(a) sannfar gach oibleagáideoir do ghrád oibleagáideora ar leith mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;
(b) i gcás na risíochtaí sin a bhfuil cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid de bhun Airteagal 143, sannfar gach risíocht do ghrád saoráide freisin mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;
(c) institiúidí a úsáideann na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) chun ualuithe priacal a shannadh do risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, sannfaidh siad gach ceann de na risíochtaí sin do ghrád ar leith i gcomhréir le hAirteagal 170(2);
(d) déanfar rátáil ar leith ar gach eintiteas dlíthiúil ar leith ar a bhfuil an institiúid ar ris. Beidh beartais iomchuí ag institiúid maidir leis an gcaoi a láimhseálfar cliaint aonair ar oibleagáideoirí iad agus le grúpaí de chliaint atá bainteach le chéile;
(e) déanfar risíochtaí leithleacha ar an oibleagáideoir céanna a shannadh don ghrád oibleagáideora céanna, beag beann ar aon difríocht idir cineál gach idirbhirt ar leith. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn gráid éagsúla ag an oibleagáideoir céanna de bharr risíochtaí leithleacha, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(i) priacal aistrithe tíre, rud a bhíonn ag brath ar cé acu in airgeadra áitiúil nó in airgeadra eachtrach a ainmnítear na risíochtaí;
(ii) féadfar láimhseáil ráthaíochtaí gaolmhara ar risíocht a léiriú i sannadh coigeartaithe do ghrád oibleagáideora;
(iii) toirmeascann an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí, rúndacht bhaincéireachta nó reachtaíocht eile malartú sonraí na gcliant.
2. I gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar gach risíocht do ghrád nó do chomhthiomsú ar leith mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh.
3. I gcás sanntaí do ghráid agus do chomhthiomsuithe, doiciméadóidh institiúidí na cásanna ina bhféadfaidh breithiúnas daonna ionchuir agus aschuir an phróisis sannta a shárú agus an pearsanra a bhfuil de chúram orthu na sáruithe sin a fhaomhadh. Doiciméadóidh institiúidí na sáruithe sin agus déanfaidh siad nóta den phearsanra atá freagrach. Déanfaidh institiúidí anailís ar fheidhmíocht na risíochtaí ar sáraíodh a sanntaí. Áireofar san anailís sin measúnú ar fheidhmíocht na risíochtaí ar sháraigh duine ar leith a rátáil, agus cuirfear an pearsanra freagrach uile san áireamh.
Airteagal 173
Sláine an phróisis sannta
1. I gcás risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí agus rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás neamhcosaintí ar chothromas ina mbaineann institiúid leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3), ar comhlíonfaidh an próiseas sannta na ceanglais sláine seo a leanas:
(a) Is páirtí neamhspleách nach mbaineann aon tairbhe dhíreach as aon chinneadh síneadh a chur leis an gcreidmheas a dhéanfaidh nó a fhaomhfaidh na sanntaí agus na hathbhreithnithe tréimhsiúla ar na sanntaí;
(b) Athbhreithneoidh institiúidí na sanntaí uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus déanfaidh siad an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe. Déanfar athbhreithnithe níos minice ar oibleagáideoirí ardpriacal agus ar risíochtaí a bhfuil fadhb ag baint leo. Gabhfaidh institiúidí sannadh nua ar láimh má bhíonn faisnéis ábhartha ar an oibleagáideoir nó ar an risíocht ar fáil;
(c) Beidh próiseas éifeachtach ag institiúid chun faisnéis ábhartha maidir le saintréithe oibleagáideora a dhéanann difear do PDanna agus faisnéis maidir le saintréithe idirbhirt a dhéanann difear do LGDanna nó d'fhachtóirí coinbhéartacha a fháil agus a nuashonrú.
2. I gcás risíochtaí ar mhiondíol, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad athbhreithneoidh institiúid na sanntaí oibleagáideora agus saoráide agus déanfaidh sí an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe, nó déanfaidh sí athbhreithniú ar shaintréithe caillteanais agus ar stádas faillí gach comhthiomsaithe aitheanta de priacail, cibé acu is infheidhme. Uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana arís eile, déanfaidh institiúid athbhreithniú i sampla ionadaíoch ar stádas risíochtaí ar leith laistigh de gach comhthiomsú, lena áirithiú go sannfar na risíochtaí don chomhthiomsú ceart i gcónaí, agus déanfaidh sí an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe.
3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhair mhodheolaíochtaí na n-údarás inniúil chun sláine an phróisis sannta agus an measúnú neamhspleách rialta a dhéantar ar priacail a mheas.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 174
Úsáid samhlacha
Má úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla agus modhanna meicniúla eile chun risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideoirí nó saoráide, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a) beidh acmhainn mhaith réamhaisnéise ag an tsamhail agus ní chuirfear na riachtanais chaipitil as a riocht de bharr í a úsáid. Beidh na hathróga ionchuir ina mbonn réasúnta éifeachtach ag na réamhaisnéisí a a sholáthrófar. Ní bheidh aon laofacht ábhartha sa tsamhail;
(b) beidh próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun na hionchuir sonraí sa tsamhail a sheiceáil, lena n-airítear measúnú ar bheachtas, ar chomhláine agus ar oiriúnacht na sonraí;
(c) beidh na sonraí a úsáidfear chun an tsamhail a thógáil ionadaíoch do dhaonra oibleagáideoirí nó risíochtaí iarbhír na hinstitiúide;
(d) beidh timthriall rialta bailíochtaithe samhla ag an institiúid lena n-áireofar faireachán ar fheidhmíocht agus ar chobhsaíocht na samhla; athbhreithniú ar shonraíocht na samhla; agus tástáil ar aschuir na samhla in aghaidh na dtorthaí;
(e) comhlánóidh an institiúid an tsamhail staitistiúil le breithiúnas daonna agus le formhaoirseacht dhaonna chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sanntaí atá bunaithe ar an tsamhail agus lena áirithiú go n-úsáidfear na samhlacha go hiomchuí. Is é aidhm a bheidh ag na nósanna imeachta athbhreithnithe na hearráidí a thagann as laigí na samhla a aimsiú agus a theorannú. Déanfaidh an breithiúnas daonna gach faisnéis ábhartha nár cuireadh san áireamh sa tsamhail a chur san áireamh. Doiciméadóidh an institiúid an chaoi nach mór an breithiúnas daonna agus torthaí na samhla a thabhairt le chéile.
Airteagal 175
Doiciméadú na gcóras rátála
1. Doiciméadóidh institiúidí dearadh agus mionsonraí oibríochta a córas rátála. Cuirfidh an doiciméadú fianaise ar fáil go bhfuiltear ag comhlíonadh ceanglas na Roinne seo, agus déileálfaidh sé le hábhair lena n-áirítear difreáil punann, critéir rátála, freagrachtaí na bpáirtithe a rátálann na hoibleagáideoirí agus na risíochtaí, minicíocht na n-athbhreithnithe ar shanntaí agus an mhaoirseacht bhainistíochta ar an bpróiseas rátála.
2. Doiciméadóidh an institiúid an réasúnaíocht is bun leis na critéir rátála arna roghnú aici agus an anailís a thacaíonn leis an rogha sin. Doiciméadóidh an institiúid aon athrú mór a dhéanfar ar an bpróiseas rátála priacal agus beidh an doiciméadú ag tacú leis na hathruithe a rinneadh ar an bpróiseas rátála priacal ón uair a rinne na húdaráis inniúla athbhreithniú go deireanach air a aithint. Déanfar doiciméadú freisin ar eagrú an tsannta rátála, lena n-áirítear an próiseas sannta rátála agus an struchtúr rialaithe inmheánaigh.
3. Doiciméadóidh an institiúid na sainmhínithe ar leith ar mhainneachtain agus ar chaillteanas a úsáidtear go hinmheánach agus áiritheoidh sí go mbeidh siad comhsheasmhach leis na sainmhínithe atá leagtha amach sa Rialachán seo.
4. I gcás ina n-úsáideann an institiúid samhlacha staitistiúla sa phróiseas rátála, doiciméadóidh an institiúid a modheolaíochtaí. Déanfar an méid seo a leanas sa doiciméadacht sin:
(a) achoimre mhionsonraithe a sholáthar ar an teoiric, ar na toimhdí agus ar an mbunús matamaiticiúil agus eimpiriciúil is bonn le sannadh na meastachán do ghráid, d'oibleagáideoirí aonair, do risíochtaí nó do comhthiomsuithe, agus ar an bhfoinse/na foinsí sonraí a úsáideadh chun an tsamhail a mheas;
(b) dianphróiseas staitistiúil a bhunú, lena n-áirítear trialacha feidhmíochta as am agus as sampla chun an tsamhail a bhailíochtú;
(c) na dálaí a thabhairt le fios nach n-oibríonn an tsamhail go éifeachtach iontu.
5. Léireoidh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil ceanglais an Airteagail seo á gcomhlíonadh, i gcás ina bhfuil córas rátála, nó samhail a úsáidtear laistigh de chóras rátála, faighte ag institiúid ó dhíoltóir tríú páirtí agus go ndiúltaíonn sé rochtain a thabhairt don institiúid ar fhaisnéis a bhaineann le modheolaíocht an chórais rátála nó na samhla sin, nó ar shonraí foluiteacha a úsáideadh chun an mhodheolaíocht nó an tsamhail sin a fhorbairt, nó go dteorannaíonn sé an fhaisnéis sin, ar an mbonn go bhfuil an fhaisnéis sin dílsithe.
Airteagal 176
Cothabháil sonraí
1. Cruinneoidh agus stórálfaidh institiúidí sonraí ar ghnéithe a bhaineann lena rátálacha inmheánacha mar a cheanglaítear faoi Chuid a hOcht.
2. I gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus i gcás risíochtaí ar chothromas ina mbaineann institiúidí leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3), baileoidh agus stórálfaidh institiúidí na nithe seo a leanas:
(a) tuairiscí iomlána rátála ar oibleagáideoirí agus ar ráthóirí aitheanta;
(b) na dátaí ar ar sannadh na rátálacha;
(c) na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar an rátáil;
(d) an duine atá freagrach as an sanndh rátála;
(e) céannacht na n-oibleagáideoirí agus na risíochtaí a mhainnigh;
(f) dáta agus na dálaí na mainneachtana sin;
(g) sonraí maidir leis na PDanna agus na rátaí mainneachtana réadaithe a bhaineann le gráid rátála agus le himirce rátálacha.
3. Institiúidí nach n-úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta, baileoidh siad agus stórálfaidh siad sonraí ar chomparáidí idir LGDanna réadaithe agus na luachanna mar atá leagtha amach in Airteagal 161(1) agus idir fachtóirí coinbhéartachta réadaithe agus na luachanna mar atá leagtha amach in Airteagal 166(8).
4. Baileoidh agus stórálfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta na nithe seo a leanas:
(a) tuairiscí iomlána na sonraí ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a bhaineann le gach aon scála rátála;
(b) na dátaí ar ar sannadh na rátálacha agus ar a ndearnadh na meastacháin;
(c) na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
(d) an duine a shann an rátáil saoráide agus an duine a sholáthair na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
(e) sonraí maidir leis na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta agus réadaithe a bhaineann le gach risíochta mhainnigh;
(f) sonraí maidir le LGD na risíochta roimh mheastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí ráthaíochta nó díorthaigh chreidmheasa agus ina dhiaidh sin, i gcás na n-institiúidí sin a chuireann i gcuntas sa LGD an chaoi a maolaíonn na ráthaíochtaí nó na díorthaigh chreidmheasa an priacal creidmheasa;
(g) sonraí maidir le comhpháirteanna an chaillteanais i gcás gach risíochta a mhainnigh.
5. I gcás risíochtaí ar mhiondíol, baileoidh agus stórálfaidh institiúidí na nithe seo a leanas:
(a) na sonraí á úsáidtear agus risíochtaí á sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;
(b) sonraí maidir leis na PDanna, na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta a bhaineann le gráid nó le comhthiomsuithe risíochtaí;
(c) céannacht na n-oibleagáideoirí agus na risíochtaí a mhainnigh;
(d) i gcás risíochtaí a mhainnigh, sonraí maidir leis na gráid nó na comhthiomsuithe ar sannadh dóibh an risíocht i rith na bliana roimh an mainneachtain agus na torthaí réadaithe ar LGD nó ar an bhfachtóir coinbhéartachta;
(e) sonraí maidir le rátaí caillteanais i gcás risíochtaí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol.
Airteagal 177
Tástálacha struis a úsáidtear chun leordhóthanacht caipitil a mheasúnú
1. Beidh próisis fhónta tástála struis ar bun ag institiúid le leordhóthanacht a caipitil a mheasúnú. Aithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe sa todhchaí sna dálaí eacnamaíocha a rachadh i gcion go mífhabhrach ar risíochtaí creidmheasa na hinstitiúide agus déanfar measúnú leis ar chumas na hinstitiúide dul i ngleic le hathruithe den sórt sin.
2. Déanfaidh institiúid tástáil struis go rialta ar an bpriacal creidmheasa le measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag dálaí ar leith ar cheanglais chaipitil iomlána do priacal creidmheasa. Is í an institiúid a roghnóidh an tástáil, faoi réir athbhreithniú maoirseachta. Beidh an tástáil a dhéanfar fóinteach agus cuirfear i gcuntas na héifeachtaí a bheadh ag cásanna cúlaithe eacnamaíochta atá géar ach dealraitheach. Déanfaidh institiúid measúnú ar an imirce ina rátálacha faoi na cásanna á áirítear sa tástáil struis. Áireofar formhór mór de risíochtaí iomlána na hinstitiúide i bpunanna struis.
3. Institiúidí a bhaineann úsáid as an láimhseáil atá leagtha amach in Airteagal 153(3), cuirfidh siad san áireamh sa chreat tástála struis atá acu an éifeacht a bheadh ag meath ar cháilíocht chreidmheasa sholáthraithe na cosanta, go háirithe an éifeacht a bheadh ag soláthraithe cosanta nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta.
Airteagal 178
Mainneachtain oibleagáideora
1. Measfar go mbeidh mainneachtain tar éis tarlú maidir le hoibleagáideoir ar leith má tharlaíonn ceachtar den dá rud a leanas nó an dá rud:
(a) measann an institiúid nach dócha go n-íocfaidh an t-oibleagáideoir iomlán a oibleagáidí creidmheasa leis an institiúid, leis an máthairchuideachta nó le ceann ar bith dá fochuideachtaí gan an institiúid dul i muinín birt amhail urrús a réadú;
(b) tá an t-oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 90 lá in aon oibleagáid chreidmheasa ábhartha i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí. Féadfaidh na húdaráis áitiúla 180 lá a chur in ionad an 90 lá ►C2 i gcás risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe nó ag maoin tráchtála FBM dhochorraithe in aicme na risíochta ar mhiondíol ◄ , chomh maith le risíochtaí ar eintitis na hearnála poiblí. Ní bheidh feidhm ag an 180 lá chun críocha Airteagal 127.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an sainmhíniú ar mhainneachtain a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide aonair creidmheasa seachas ar na hoibleagáidí iomlána a bheidh ag iasachtaí.
2. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun críocha phointe (b) de mhír 1:
(a) i gcás rótharraingtí, tosaíonn na laethanta thar téarma a luaithe a sháraíonn an t-oibleagáideoir teorainn mholta, a luaithe a mholtar teorainn dó atá níos lú ná na suimeanna gan íoc, nó a luaithe atá creidmheas tarraingthe aige gan údarás, nuair atá an méid bunúsach ábhartha;
(b) chun críocha phointe (a), cuimsíonn teorainn mholta aon teorainn chreidmheasa a chinn an institiúid agus a d'fhógair an institiúid don oibleagáideoir;
(c) i gcás cártaí creidmheasa, tosaíonn na laethanta thar téarma ar an dáta a bhfuil an íos-íocaíocht dlite.
(d) ábharthacht oibleagáid chreidmheasa thar theárma a mheasúnófar le tairseach, arna sainiú ag na húdaráis inniúla. Cuirfear i gcuntas sa tairseach seo an leibhéal priacal is dóigh leis an údarás inniúil a bheith réasúnta;
(e) beidh beartais dhoiciméadaithe ag institiúidí i leith áireamh na laethanta thar téarma, go háirithe maidir le hathaosú na saoráidí agus le síntí, leasuithe nó iarchur a cheadú, athnuachaintí, agus glanluacháil a dhéanamh ar chuntais atá ann cheana. Cuirfear na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama, agus beidh siad I gcomhréir le próisis chinnteoireachta agus le bainistíocht priacal inmheánach na hinstitiúide.
3. Chun críocha phointe (a) de mhír 1, áireofar na heilimintí seo a leanas mar tháscairí ar mhídhóchúlacht na híocaíochta:
(a) tugann an institiúid an stádas “neamhfhabhraithe” don oibleagáid chreidmheasa;
(b) sainaithníonn an institiúid coigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa a thig ó mheathlú suntasach atá le sonrú sa cháilíocht chreidmheasa tar éis don institiúid glacadh leis an risíocht;
(c) díolann an institiúid an oibleagáid chreidmheasa faoi chaillteanas eacnamaíoch ábhartha a bhaineann le creidmheas;
(d) toilíonn an institiúid le hathchóiriú struis na hoibleagáide creidmheasa i gcás inar dóigh go mbeadh mar thoradh air oibleagáid airgeadais níos lú mar gur maitheadh nó gur cuireadh siar an phríomhshuim, an t-ús nó, nuair is iomchuí, na táillí. Cuimsíonn sé sin, i gcás na risíochtaí ar chothromas a mheasúnaítear faoi Chur Chuige PD/LGD, athchóiriú struis ar an gcothromas féin;
(e) tá an institiúid tar éis iarratas oifigiúil a dhéanamh ar ordú féimheachta nó ordú dá leithéid i leith oibleagáid chreidmheasa an oibleagáideora i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí;
(f) tá an t-oibleagáideoir tar éis féimheacht a iarraidh nó breithníodh é ina fhéimheach nó tá sé tar éis cosaint dá samhail a iarraidh nó a fháil i gcás ina mbacfaí nó ina gcuirfí moill ar aisíocaíocht na hoibleagáide creidmheasa i leith na hinstitiúide, na máthairchuideachta nó ceann ar bith dá fochuideachtaí dá bharr.
4. Institiúidí a úsáideann sonraí seachtracha nach bhfuil comhsheasmhach iontu féin leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos i mír 1, déanfaidh siad na coigeartuithe iomchuí le go mbeidh siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain.
5. Má mheasann an institiúid go bhfuil risíocht a mhainnigh cheana de chineál a chiallaíonn nach bhfuil feidhm a thuilleadh le truicear mainneachtana, rátálfaidh an institiúid an t-oibleagáideoir nó an tsaoráid mar a dhéanfadh sí i gcás risíochta nár mhainnigh. I gcás ina spreagfaí sainiú na mainneachtana ina dhiaidh sin, mheasfaí go mbeadh mainneachtain eile ann.
6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a chinnfidh údarás inniúil an tairseach dá dtagraítear i mír 2(d).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
7. Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo. Glacfar leis na treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 179
Ceanglais fhoriomlána maidir le meastachán a dhéanamh
1. Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm.
(a) beidh gach sonra, faisnéis agus modh ábhartha ar áireamh i meastacháin na hinstitiúide féin ar na paraiméadair priacal, PD, LGD, fachtóirí coinbhéartachta agus EL. Díorthófar na meastacháin trí úsáid a bhaint as an taithí stairiúil agus as an bhfianaise eimpíreach araon, gan dul i muinín ceisteanna breithiúnais amháin. Beidh na meastacháin dealraitheach agus iomasach agus iad bunaithe ar spreagaí gach paraiméadair priacal faoi seach. Dá laghad sonraí a bheidh ag institiúid, is amhlaidh is coimeádaí a bheidh sí ina meastachán;
(b) beidh institiúid in ann miondealú a chur ar fáil ar stair a chaillteanais maidir le minicíocht na mainneachtana, LGD, fachtóir coinbhéartachta, nó caillteanas i gcás ina n-úsáidtear meastachán EL, ar bhonn na bhfachtóirí a mheasann sí a bheith ina spreagaithe le gach paraiméadair priacal faoi leith. Beidh an taithí fhadtéarmach curtha san áireamh i meastacháin na hinstitiúide;
(c) cuirfear san áireamh aon athrú a thiocfaidh ar an gcleachtas iasachtaithe nó ar an bpróiseas chun fiacha a ghnóthú dá dtagraítear in Airteagal 180(1)(h) agus (2)(e), in Airteagal 181(1)(j) agus (2), agus in Airteagal 182(2) agus (3). Cuirfear san áireamh i meastacháin na hinstitiúide impleachtaí an dul chun cinn teicniúil agus sonraí nua agus faisnéis eile, de réir mar a chuirfear iad sin ar fáil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar a meastacháin nuair a thiocfaidh faisnéis nua chun solais agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana;
(d) beidh líon na risíochtaí atá san áireamh sna sonraí a úsáideadh le haghaidh an mheastacháin, na caighdeáin iasachtaithe a úsáideadh nuair a gineadh na sonraí, agus saintréithe ábhartha eile, beidh siad inchomparáide leo siúd a bhaineann le risíochtaí agus le caighdeáin na hinstitiúide. Beidh dálaí an mhargaidh nó dálaí eacnamaíocha is bonn leis na sonraí ábhartha do na dálaí reatha nó ionchasacha. Beidh líon na risíochtaí sa sampla agus an tréimhse shonraí a úsáideadh le haghaidh an chainníochtú leordhóthanach le go mbeidh muinín ag an institiúid as beachtas agus as stóinseacht a meastachán;
(e) i gcás earraí infhaighte ceannaithe, cuirfear i gcuntas sna meastacháin gach faisnéis iomchuí a bheidh ar fáil don institiúid cheannaigh maidir le caighdeán na n-earraí infhaighte foluiteacha, lena n-áirítear sonraí maidir le comhthiomsuithe comhchosúla arna gcur ar fáil ag an díoltóir, ag an institiúid cheannaigh, nó ag foinsí seachtracha. Déanfaidh an institiúid cheannaigh meastóireacht ar aon sonra a chuirtear san áireamh arbh é an díoltóir a chuir ar fáil é;
(f) cuirfidh institiúid corrlach choimeádachais lena meastacháin a bhaineann le raon ionchasach na n-earráidí meastacháin. I gcás ina meastar nach bhfuil na modhanna agus na sonraí sásúil nó go bhfuil raon ionchasach na n-earráidí níos mó, bheidh an corrlach choimeádachais níos mó.
I gcás ina n-úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla chun na hualuithe priacal a ríomh nó chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta. Más féidir le hinstitiúidí a léiriú dá n-údaráis inniúla go ndearnadh coigeartuithe iomchuí ar na sonraí a bailíodh roimh an 1 Eanáir 2007 sa chaoi is go bhfuil siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos in Airteagal 178 nó le caillteanas, féadfaidh údaráis inniúla roinnt solúbthachta a cheadú do na hinstitiúidí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán arna gceangal maidir le sonraí.
2. I gcás ina n-úsáideann institiúid sonraí atá comhthiomsaithe thar institiúidí éagsúla, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:
(a) tá córais rátála agus critéir na n-institiúidí eile sa chomhthiomsú cosúil lena cuid córas rátála agus critéar féin;
(b) tá an comhthiomsú ionadaíoch don phunann a n-úsáidtear na sonraí comhthiomsaithe lena aghaidh;
(c) úsáideann an institiúid na sonraí comhthiomsaithe go comhsheasmhach le himeacht ama dá meastacháin;
(d) leanfaidh an institiúid de bheith freagrach as sláine a córais rátála;
(e) coimeádfaidh an institiúid ar bun an t-eolas atá ag a foireann ar chórais rátála i gcónaí, lena n-áirítear an cumas faireachán agus iniúchóireacht éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas rátála.
Airteagal 180
Ceanglais a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD
1. Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh na hinstitiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, agus ar rialtas láir agus ar bhainc cheannais agus maidir le risíochtaí ar chothromas i gcás ina mbaineann institiúid leas as an gcur chuige PD/LGD a leagtar amach in Airteagal 155(3):
(a) déanfaidh institiúidí meastachán ar PDanna de réir grád oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin. Cuirfear san áireamh i meastacháin PD oibleagáideoirí atá dianluamhánaithe nó oibleagáideoirí ar sócmhainní trádáilte den chuid is mó a sócmhainní feidhmíocht na sócmhainní foluiteacha ar bhonn tréimhsí luaineachta struis;
(b) i gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe féadfaidh institiúidí an EL de réir an ghráid oibleagáideora a mheas ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana réadaithe aon bhliain amháin;
(c) má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PDanna agus LGDanna i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe ó mheastachán EL, agus ar mheastachán iomchuí ar PD nó ar LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun na caillteanais iomlána a mheas na caighdeáin ghinearálta maidir le meastacháin ar PDanna agus LGDanna atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach in Airteagal 181(1)(a);
(d) ní bhainfidh institiúidí úsáid as teicnící measta PD gan anailís a chur mar thaca leo. Cuirfidh institiúidí san áireamh an tábhacht a bhaineann le breithiúnas maidir le torthaí na dteicnící a chur le chéile agus coigeartuithe a dhéanamh i ngeall ar easnamh na dteicnící agus na faisnéise;
(e) sa mhéid go n-úsáideann institiúid sonraí maidir leis an taithí inmheánach ar an mainneachtain chun PDanna a mheas, cuirfear san áireamh sna meastacháin na caighdeáin frithgheallta agus na difríochtaí sa chóras rátála a ghin na sonraí agus an córas rátála reatha. I gcás ina bhfuil athrú ar chaighdeáin frithgheallta nó ar na córais rátála, cuirfidh an institiúid corrlach choimeádachais lena meastachán PD;
(f) sa mhéid go gcomcheanglaíonn nó go mapálann institiúid a gráid inmheánacha leis an scála a úsáideann IMCS nó eagraíochtaí dá leithéid agus go sannann sí ansin an ráta mainneachtana atá le haithint ar ghráid na heagraíochta seachtraí do ghráid na hinstitiúide, beidh na mapálacha bunaithe ar chomparáid idir na critéir rátála inmheánacha agus na critéir a úsáideann an eagraíocht sheachtrach agus ar chomparáid idir na rátálacha inmheánacha agus na rátálacha seachtracha i gcás aon oibleagáideoir atá i bpáirt acu. Seachnófar laofachtaí nó neamhréireanna sa chur chuige mapála nó sna bunsonraí. Beidh critéir na heagraíochta seachtraí a fholuíonn na sonraí a úsáidfear don chainníochtú dírithe ar an bpriacal mainneachtana amháin agus ní chuirfidh siad saintréithe na n-idirbheart san áireamh. Áireofar san anailís a dhéanfaidh an institiúid comparáid idir na sainmhínithe ar mhainneachtain arna n-úsáid, faoi réir na gceanglas in Airteagal 178. Doiciméadóidh an institiúid bunús na mapála;
(g) sa mhéid go n-úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla chun mainneachtain a thuar, is ceadmhach meastachán a dhéanamh ar na PDanna mar mheán simplí na meastachán ar dhóchúlacht mainneachtana oibleagáideoirí aonair in aon ghrád ar leith. An úsáid a bhainfidh an institiúid as samhlacha um dhóchúlacht mainneachtana chun na críche seo, comhlíonfaidh sí na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 174;
(h) is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán PD, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla bunúsaí cothrom le cúig bliana ar a laghad i gcás foinse amháin díobh ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an gCur Chuige PD/LGD i leith cothromais. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an gCur Chuige PD/LGD i leith cothromais. faoi réir chead na n-údarás inniúil, institiúidí nach mbeidh cead faighte acu ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin féin ar LGD ná ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid, féadfaidh siad sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.
2. I gcás risíochtaí ar mhiondíol, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
(a) déanfaidh institiúidí meastacháin ar PDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin.
(b) féadfar meastacháin PD a dhéanamh freisin ar bhonn meastachán na gcaillteanas iomlán agus ar bhonn meastachán ábhartha ar LGDanna;
(c) measfaidh na hinstitiúidí gurb iad na sonraí inmheánacha maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe príomhfhoinse na faisnéise chun meastachán a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as sonraí seachtracha (lena n-áirítear sonraí comhthiomsaithe) nó samhlacha staitistiúla don chainníochtú ar an gcoinníoll go mbeidh an dá nasc láidir seo i gceist:
(i) idir próiseas na hinstitiúide maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomthiomsuithe agus an próiseas a úsáideann foinse na sonraí seachtracha; agus
(ii) idir próifíl priacal inmheánach na hinstitiúide agus comhdhéanamh na sonraí seachtracha;
►C2 (d) má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PD agus LGD i leith risíochtaí miondíola a dhíorthú ó mheastachán ar chaillteanais iomlána ◄ agus ar mheastachán ábhartha ar PD nó an LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais iomlána na caighdeáin ghinearálta maidir leis meastacháin PD agus LGD atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 181(1);
(e) is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán ar shaintréithe an chaillteanais, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla bunúsaí cothrom le cúig bliana ar a laghad d'fhoinse amháin díobh ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear. Ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid na sonraí stairiúla agus sonraí is déanaí más fearr an réamhtháscaire iad seo ar na rátaí caillteanais. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Is mó d'aon bhliain an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana;
(f) sainaithneoidh institiúidí na hathruithe ionchasacha ar na paraiméadair priacal thar shaolré na risíochtaí creidmheasa (éifeachtaí stálaithe) agus déanfaidh siad anailís orthu.
I gcás earraí infhaighte ceannaithe, féadfaidh institiúidí sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid. Bainfidh na hinstitiúidí úsáid as gach foinse sonraí ábhartha mar phointí comparáide.
3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a) na dálaí ar dá réir a fhéadfaidh na húdaráis inniúla na ceadanna sin a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 agus i bpointe (e) de mhír 2;
(b) na modheolaíochtaí ar dá réir a mheasúnóidh údaráis inniúla modheolaíocht institiúide maidir le PD a mheas de bhun Airteagal 143.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 181
Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna
1. Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna i bhfeidhm.
(a) déanfaidh institiúidí meastachán ar LGDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn na meán-LGDanna réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí (an meán mainneachtain-ualaithe);
(b) úsáidfidh institiúidí meastacháin ar LGDanna atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála LGDanna réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair priacal de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun iarmhairt an ghéarchoir sa gheilleagar ar an gcaipiteal a theorannú;
(c) breithneoidh institiúid a mhéid a bhraitheann priacal an oibleagáideora agus priacal na comhthaobhachta nó sholáthraí na comhthaobhachta ar a chéile. Caithfear go coimeádach leis na cásanna ina bhfuil spleáchas suntasach;
(d) déileálfar go coimeádach le neamhréireanna airgeadra idir an bhunoibleagáid agus an chomhthaobhacht maidir le measúnú na hinstitiúide ar an LGD;
(e) sa mhéid go gcuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna comhthaobhacht a bheith ann, ní bheidh na meastacháin sin bunaithe ar mhargadhluach measta na comhthaobhachta sin amháin. Cuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna cén chaoi a rachadh sé i gcion ar na hinstitiúidí gan a bheith in ann a gcomhthaobhacht a ghabháil go gasta agus í a leachtú;
(f) sa mhéid go gcuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna comhthaobhacht a bheith ann, bunóidh na hinstitiúidí ceanglais inmheánacha maidir le bainistiú na comhthaobhachta, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistíocht priacal a bheidh comhsheasmhach, tríd is tríd, leis na cinn atá leagtha amach i gCaibidil 4, Roinn 3;
(g) sa mhéid go gcuireann an institiúid an chomhthaobhacht san áireamh maidir le luach na risíochta ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6, Roinn 5 nó 6, ní chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGDanna aon suim a bhfuiltear ag súil a ghnóthú ón gcomhthaobhacht;
(h) maidir le sainchás na risíochtaí atá ar mainneachtain cheana, úsáidfidh an institiúid suim an mheastacháin is fearr atá aici ar an gcaillteanas ionchasach do gach risíocht díobh de réir dálaí eacnamaíocha reatha agus stádas na risíochta agus a meastachán faoin ardú ar an ráta caillteanais a bheidh ann mar gheall ar chaillteanais eile a d'fhéadfadh a bheith ann nach raibh súil leo i rith na tréimhse aisghnóthaithe, i.e. idir an dáta a ndéanfar an mainneachtain agus dáta leachtú deiridh na risíochta;
(i) sa mhéid go gcaipitlítear táillí gan íoc déanacha i ráiteas ioncaim na hinstitiúide, cuirfear iad sin le tomhas na hinstitiúide ar an risíochtagus ar an gcaillteanas;
(j) i gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, bunófar na meastacháin ar LGDanna ar shonraí cúig bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a chuir chun feidhme nó go sroichfear seacht mbliana ar a laghad, i gcás aon fhoinse sonraí amháin ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear.
2. I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) na meastacháin ar LGDanna a dhíorthú ó na caillteanais réadaithe agus ar mheastacháin ábhartha ar PDanna;
(b) tarraingtí todhchaí a chur san áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna;
(c) I gcás earraí infhaighte ceannaithe, sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid chun LGDanna a mheas.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, bunófar meastacháin ar LGDanna ar shonraí thar chúig bliana ar a laghad. Ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid na sonraí stairiúla agus sonraí is déanaí más fearr an réamhtháscaire na sonraí is déanaí i leith na rátaí caillteanais. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.
3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a) cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;
(b) na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid de bhun mhír 2 sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid, nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 182
Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta
1. Agus na paraiméadair priacal a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm:
(a) déanfaidh institiúidí fachtóirí coinbhéartachta a mheas de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn mheán na bhfachtóirí coinbhéartachta réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as an meán mainneachtain-ualaithe a thig ó gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí;
(b) úsáidfidh na hinstitiúidí meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála fachtóirí coinbhéartachta réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair priacal de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun éifeacht an ghéarchoir eacnamaíoch ar an gcaipiteal a theorannú;
(c) cuirfear san áireamh i meastacháin na n-institiúidí ar fhachtóir coinbhéartachta go bhféadfadh an t-oibleagáideoir tarraingtí breise a dhéanamh go dtí go spreagfar teagmhas mainneachtana agus ina dhiaidh. Cuimseofar sa mheastachán ar an bhfachtóir coinbhéartachta corrlach choimeádachais níos mó más féidir súil a bheith acu go réasúnach le comhghaol deimhneach níos láidre idir minicíocht na mainneachtana agus méad an fhachtóra coinbhéartaigh;
(d) le linn dóibh teacht ar mheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh na beartais agus na straitéisí sonracha lenar ghlac siad maidir leis an bhfaireachán ar chuntais agus le próiseáil na n-íocaíochtaí. Cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh freisin a mhéid atá siad ábalta agus toilteanach tarraingtí eile a chosc i ndálaí atá gar don mhainneachtain, amhail sáruithe cúnaint nó teagmhais mhainneachtana theicniúla eile;
(e) beidh córais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun ag institiúidí le faireachán a dhéanamh ar mhéideanna saoráide, ar mhéideanna gan íoc i gcomparáid leis na línte atá tiomanta agus ar na hathruithe ar na méideanna gan íoc de réir an oibleagáideora agus an ghráid. Beidh an institiúid i riocht faireachán a dhéanamh go laethúil ar aon iarmhéid gan íoc;
(f) Má úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla ar na fachtóirí coinbhéartachta le méideanna na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh agus chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta.
2. I gcás risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus bhainc cheannais, bunófar na meastacháin ar na fachtóirí coinbhéartachta ar shonraí cúig bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a chuir chun feidhme nó go sroichfear seacht mbliana ar a laghad, i gcás aon fhoinse sonraí amháin ar a laghad. Más faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil d'aon fhoinse ar leith agus má tá na sonraí ábhartha, is í an tréimhse is faide a úsáidfear.
3. I gcás risíochtaí ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí tarraingtí todhchaí a áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna.
I gcás risíochtaí ar mhiondíol, bunófar meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta ar shonraí thar cúig bliana ar a laghad. De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, ní gá gur comhthábhachtach leis an institiúid iad na sonraí stairiúla más fearr an réamhtháscaire iad na sonraí is déanaí ar íostarraingtí. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh an Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse dhá bhliain a úsáid. Cuirfear aon bhliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse a bheidh le cumhdach gach bliain nó go gcumhdóidh na sonraí ábhartha tréimhse cúig bliana.
4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a) cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;
(b) na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme den chéad uair.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 183
Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar iarmhairt ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa ar risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais nuair a úsáidtear féinmheastacháin ar LGDanna agus risíochtaí ar mhiondíol
1. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le ráthóirí agus ráthaíochtaí incháilithe:
(a) beidh ag institiúidí critéir atá sonraithe go soiléir maidir leis na cineálacha ráthóirí a aithníonn siad chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh;
(b) i gcás ráthóirí aitheanta beidh feidhm ag na rialacha céanna sin a bhaineann le hoibleagáideoirí mar atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal 172 agus Airteagal 173;
(c) beidh an ráthaíocht fianaithe i scríbhinn, beidh sí neamh-inchealaithe ó thaobh an ráthóra, beidh sí i bhfeidhm nó go gcomhlíonfar an oibleagáid ina hiomláine (go feadh mhéid agus bhrí na ráthaíochta) agus beidh sí inchurtha i bhfeidhm le dlí i gcoinne an ráthóra i ndlínse ina bhfuil sócmhainní ag an ráthóir a fhéadfar a urghabháil chun breithiúnas a fhorfheidhmiú. Ráthaíochtaí coinníollacha lena leagtar síos téarmaí a shonraíonn na coinníollacha nach bhféadfar oibleagáid chomhlíonta a chur ar an ráthóir fúthu, féadfar iad a aithint faoi réir chead na n-údarás inniúil. Tabharfaidh na critéir shannacháin aghaidh go leormhaith ar aon laghdú a d'fhéadfadh teacht ar an éifeacht mhaolaithe priacal.
2. Beidh ag institiúid critéir atá sonraithe go soiléir maidir leis na gráid, na comhthiomsuithe nó na meastacháin ar LGDanna a choigeartú agus, i gcás earraí infhaighte ceannaithe incháilithe agus miondíola, an próiseas maidir le risíochtaí a shannadh do ghráid nó do comhthiomsuithe, chun iarmhairt na ráthaíochtaí ar ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a chur san áireamh. Comhlíonfaidh na critéir sin na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal172 agus Airteagal 173.
Beidh na critéir dealraitheach iomasach. Tabharfaidh siad aghaidh ar chumas agus ar thoil an ráthóra feidhmiú faoin ráthaíocht, an uair is dócha a dhéanfaidh an ráthóir aon íocaíocht, a mhéid atá cumas an ráthóra maidir leis na téarmaí a chomhlíonadh comhghaolaithe le cumas an oibleagáideora an aisíocaíocht a dhéanamh agus a mhéid a fhanann an priacal iarmharach i leith an oibleagáideora.
3. Beidh feidhm freisin ag na ceanglais maidir le ráthaíochtaí san Airteagal seo i leith díorthaigh chreidmheasa aonainm. I gcás neamhréire idir an bhunoibleagáid agus oibleagáid tagartha an díorthaigh chreidmheasa nó an oibleagáid lena gcinntear ar tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla, beidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 216(2). Maidir le risíochtaí ar mhiondíol agus ar earraí infhaighte ceannaithe incháilithe, tá feidhm ag an mír seo maidir leis an bpróiseas chun na risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;
Tabharfaidh na critéir aghaidh ar struchtúr eisíocaíochta an díorthaigh chreidmheasa agus measúnóidh siad go coimeádach a iarmhairt ar leibhéal agus ar uainiú na n-aisghnóthuithe. Cuirfidh an institiúid san áireamh a mhéid atá cineálacha eile priacal iarmharaigh fanta.
4. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 1 go 3 le ráthaíochtaí a sholáthair institiúidí, rialtas láir agus bainc cheannais, ná maidir le heintitis chorparáideacha a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 201(1)(g), má tá cead faighte ag an institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm i gcás risíochtaí ar eintitis den chineál sin de bhun Airteagal 148 agus Airteagal 150. Sa chás sin beidh feidhm ag ceanglais Chaibidil 4.
5. I gcás ráthaíochtaí miondíola, beidh feidhm freisin ag na ceanglais atá leagtha amach i mír 1,i mír 2 agus i mír 3 maidir le sannadh na risíochtaí do ghráid nó do chomhthiomsuithe, agus le meastacháin ar PD a dhéanamh.
6. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a fhéadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt ráthaíochtaí coinníollacha a aithint.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 184
Ceanglais maidir le hearraí infhaighte ceannaithe
1. Agus na paraiméadair priacal á gcainníochtú acu a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála d'earraí infhaighte ceannaithe, áiritheoidh institiúidí go gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha síos i míreanna 2 go 6.
2. Áiritheoidh struchtúr na saoráide, i ngach cás is féidir a thuar, go mbeidh úinéireacht agus rialú iarbhír ag an institiúid ar gach íocaíocht airgid a thagann as na hearraí infhaighte. Nuair a dhéanann an t-oibleagáideoir íocaíochtaí díreacha le díoltóir nó le seirbhíseoir, deimhneoidh an institiúid go rialta go gcuirfear na híocaíochtaí ina n-iomláine ar aghaidh de réir théarmaí a bheidh aontaithe de réir conartha. Beidh nósanna imeachta ag institiúidí lena áirithiú go mbeidh úinéireacht na n-earraí infhaighte agus na bhfáltas airgid cosanta ar bhaic fhéimheachta nó ar agóidí dlí a d'fhéadfadh moill shuntasach a chur ar chumas an iasachtóra na hearraí infhaighte a leachtú nó a shannadh nó na fáltais airgid a rialú.
3. Déanfaidh an institiúid faireachán ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus freisin ar staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a) déanfaidh an institiúid measúnú ar an gcomhghaol atá idir cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, beidh beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ar bun aici a mbeidh ina gcosaint iomchuí ar aon teagmhas, lena n-áirítear rátáil priacal inmheánach a shannadh do gach díoltóir agus gach seirbhíseoir;
(b) beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le hincháilitheacht an díoltóra agus an tseirbhíseora a chinneadh. Déanfaidh an institiúid nó a gníomhaire athbhreithnithe tréimhsiúla ar dhíoltóirí agus ar sheirbhíseoirí le beachtas thuarascálacha an díoltóra nó an tseirbhíseora a dheimhniú, le calaois nó laigí oibriúcháin a aimsiú agus le cáilíocht bheartais chreidmheasa an díoltóra agus cáilíocht bheartais agus nósanna imeachta bailiúcháin an tseirbhíseora a dheimhniú. Doiciméadófar torthaí na n-athbhreithnithe sin;
(c) measúnóidh an institiúid saintréithe na gcomhthiomsaithe d'earraí infhaighte ceannaithe, lena n-áirítear ró-airleacain; stair riaráistí agus dhrochfhiacha an díoltóra agus stair a lamháltas in aghaidh drochfhiach; téarmaí íocaíochta agus cuntais contra ionchasacha;
(d) beidh beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar bhonn comhiomláin ar chomhchruinnithe oibleagáideoirí aonair trasna comhthiomsuithe d'earraí infhaighte ceannaithe agus laistigh díobh;
(e) áiritheoidh an institiúid go bhfaighidh sí tuarascálacha tráthúla mionsonraithe a ndóthain ón seirbhíseoir ar aosú agus ar chaolú na n-earraí infhaighte lena áirithiú go gcomhlíonfar critéir incháilitheachta na hinstitiúide agus na beartais airleacain a rialaíonn na hearraí infhaighte ceannaithe, agus le modh éifeachtach a chur ar fáil le faireachán a dhéanamh ar théarmaí díolta agus caolúcháin an díoltóra agus iad sin a dhaingniú.
4. Beidh córais agus nósanna imeachta ag an institiúid le haon mheath ar staid airgeadais an díoltóra agus ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe a bhrath go luath, agus le haghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar aon fhadhb a bheadh ag teacht chun cinn. Go háirithe, beidh beartais, nósanna imeachta agus córais fhaisnéise shoiléire agus éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar aon sárú cúnaint agus beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha aici le caingne dlí a thionscnamh agus le plé le hearraí infhaighte ceannaithe fadhbacha.
5. Beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le rialú a dhéanamh ar earraí infhaighte ceannaithe, ar an gcreidmheas agus ar an airgead tirim. Go háirithe, sonróidh beartais inmheánacha scríofa gach eilimint ábhartha sa chlár chun earraí infhaighte a cheannach, lena n-áirítear na rátaí airleacain, an chomhthaobhacht incháilithe, an doiciméadacht riachtanach, na srianta ar chomhchruinniú agus an chaoi nach mór fáltais airgid a láimhseáil. Áireofar sna gnéithe sin gach toisc ábhartha agus iomchuí, lena n-áirítear staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, na comhchruinnithe priacal, agus treochtaí maidir le cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus cáilíocht bhonn custaiméirí an díoltóra, agus áiritheoidh na córais inmheánacha nach dtabharfar cistí ar airleacan gan comhthaobhacht agus doiciméadacht tacaíochta a bheith ann.
6. Beidh próiseas inmheánach éifeachtach ag an institiúid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta inmheánacha ar fad. Beidh sa phróiseas sin iniúchóireacht rialta ar gach staid chriticiúil de chlár a hinstitiúide chun earraí infhaighte a cheannach, deimhniú go bhfuil na dualgais arna ndeighilt idir measúnú an díoltóra agus an tseirbhíseora agus measúnú an oibleagáideora, ar an gcéad dul síos, agus, ar an dara dul síos, idir measúnú an díoltóra agus an tseirbhíseora agus iniúchadh allamuigh an díoltóra agus an tseirbhíseora, agus an mheastóireacht ar na hoibríochtaí cúloifige, agus beidh béim ar leith ann ar na cáilíochtaí, an taithí, na leibhéil soláthair foirne agus na córais uathoibrithe tacaíochta.
Airteagal 185
Bailíochtú na meastachán inmheánach
Déanfaidh institiúidí bailíochtú ar a gcuid meastachán faoi réir na gceanglas seo a leanas:
(a) beidh córais stóinsithe i bhfeidhm ag an institiúid chun cruinneas agus comhsheasmhacht na gcóras rátála agus na bpróiseas a bhailíochtú, mar aon leis an meastachán ar gach paraiméadar priacal ábhartha. Cuirfidh an próiseas bailíochtaithe inmheánach ar chumas na hinstitiúide measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras rátála agus na meastachán priacal inmheánach go comhsheasmhach agus go fóinteach;
(b) déanfaidh institiúidí comparáid go rialta idir na rátaí mainneachtana a réadaíodh agus PDanna measta gach gráid agus, má tá na rátaí mainneachtana lasmuigh den raon a bhfuil súil leis sa ghrád sin, déanfaidh na hinstitiúidí anailís shonrach ar na cúiseanna is bun leis an diall. Institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartachta féin, déanfaidh siad anailís den chineál céanna i gcás na meastachán sin. Bainfidh na comparáidí seo úsáid as sonraí stairiúla a chumhdaíonn an tréimhse is faide is féidir. Tabharfaidh an institiúid tuairisc ar na modhanna agus ar na sonraí a úsáideadh i gcomparáidí den sórt sin. Tabharfar an anailís agus an doiciméadacht cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;
(c) úsáidfidh institiúidí uirlisí bailíochtaithe cainníochtúla eile freisin mar aon le comparáidí le foinsí sonraí seachtracha ábhartha. Bunófar an anailís ar shonraí atá oiriúnach don phunann, a nuashonraítear go rialta agus a chumhdaíonn tréimhse bhreathnóireachta ábhartha. Bunófar measúnuithe inmheánacha na n-institiúidí maidir le feidhmiú a gcóras rátála ar an tréimhse is faide is féidir;
(d) beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tuairisceofar na hathruithe ar na modhanna agus ar na sonraí meastacháin agus bailíochtaithe (foinsí na sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad);
(e) beidh caighdeáin fhónta inmheánacha ag na hinstitiúidí le haghaidh cásanna ina bhfuil na diallais ó na luachanna ionchasacha sna PDanna, sna LGDanna, sna fachtóirí coinbhéartachta agus sna caillteanais iomlána, nuair a úsáidtear an EL, suntasach a ndóthain le bheith in amhras faoi bhailíocht na meastachán. Cuirfear san áireamh sna caighdeáin sin timthriallta gnó agus inathraitheachtaí córasacha comhchosúla i stair an mhainneachtana. Más airde i gcónaí na luachanna réadaithe ná na luachanna ionchasacha, leasóidh an institiúid na meastacháin in airde chun a stair mhainneachtana agus chaillteanais a chur san áireamh iontu;
Airteagal 186
Ceanglas maidir le cistí dílse agus cainníochtaí priacal
D'fhonn na ceanglais maidir le cistí dílse a ríomh, comhlíonfaidh institiúidí na caighdeáin seo a leanas:
(a) beidh an meastachán ar an gcaillteanas ionchais stóinsithe go leor le gluaiseachtaí díobhálacha margaidh a bhaineann le próifíl priacal fhadtéarmach na hinstitiúide a chur sa chuntas. Léireoidh na sonraí a úsáidfear d'fhonn na dáileacháin ioncaim a léiriú an tréimhse shamplach is faide dá bhfuil sonraí ar fáil atá fóinteach maidir le próifíl priacal na risíochtaí sonracha ar chothromas na hinstitiúide a léiriú. Beidh na sonraí a úsáidfear leordhóthanach chun meastacháin choimeádacha ar an gcaillteanas a chur ar fáil a bheidh stóinsithe agus iontaofa go staitistiúil agus nach mbeidh bunaithe ar an mbreithiúnas pearsanta ná ar chúrsaí suibiachtúla amháin. Cuirfidh an turraing a úsáidfear meastachán coimeádach ar fáil de na caillteanais ionchasacha thar thimthriall fadtéarmach ábhartha margaidh nó gnó. Déanfaidh an institiúid anailís eimpíreach ar na sonraí atá ar fáil agus ina theannta sin coigeartuithe atá bunaithe ar fhachtóirí éagsúla d'fhonn samhlacha aschuir a fháil atá réalaíoch agus coimeádach mar is cuí. Agus iad ag ceapadh samhlach 'Luach faoi Phriacal' (VaR) chun measúnú a dhéanamh ar na caillteanais ráithiúla ionchasacha, féadfaidh institiúidí sonraí ráithiúla a úsáid nó coibhéis ráithiúil a dhéanamh de shonraí tréimhse níos giorra, ag baint úsáide as modh anailíse iomchuí arna thacú ag fianaise eimpíreach agus próiseas réasúnaíochta agus fianaise dea-fhorbartha doiciméadaithe. Cuirfear cur chuige dá leithéid chun feidhme go comhsheasmhach agus go coimeádach thar thréimhse ama. I gcás nach bhfuil ach méid teoranta sonraí ábhartha ar fáil, cuirfidh an institiúid corrlaigh choimeádachais iomchuí leo;
(b) déanfaidh na samhlacha a úsáidfear gach priacal ábhartha atá cuimsithe sa toradh ar chothromas a ghabháil go hiomchuí, lena n-áirítear an bpriacal margaidh ginearálta agus an risíocht ar priacal sonrach a bhaineann le punann cothromais na hinstitiúide. Míneofar go leormhaith sna samhlacha inmheánacha na hathruithe stairiúla ar phraghsanna, gabhfaidh siad méid na gcomhchruinnithe féideartha agus na hathruithe ar a gcomhdhéanamh sin, agus beidh siad in ann ag dálaí margaidh díobhálacha. Beidh líon na risíochtaí ar priacal arna léiriú sna sonraí a úsáidfear le haghaidh an mheastacháin an-chosúil, nó ar a laghad beidh siad inchomparáide, le risíochtaí na hinstitiúide ar chothromas;
(c) beidh an tsamhail inmheánach ag teacht le próifíl priacal agus le castacht phunann cothromais na hinstitiúide. Má tá sealúchais ábhartha ag institiúid agus luachanna acu atá de chineál atá thar a bheith neamhlíneach, ceapfar na samhlacha inmheánacha sa chaoi is go ngabhfaidh siad go hiomchuí na priacail a bhaineann le hionstraimí den sórt sin;
(d) beidh mapáil na suíomh aonair i leith seachshonraí, innéacsanna margaidh agus fachtóirí priacal dealraitheach, iomasach agus fónta ó thaobh an choincheapa;
(e) taispeánfaidh institiúidí trí bhíthin anailíse eimpírí oiriúnacht na bhfachtóirí priacal, lena n-áirítear an cumas atá acu an priacal sonrach agus an priacal ginearálta araon a chumhdach;