EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02013R0228-20211207

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/228/2021-12-07

02013R0228 — GA — 07.12.2021 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 228/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2013

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle

(IO L 078 20.3.2013, lch. 23)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2016/2031 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Deireadh Fómhair 2016

  L 317

4

23.11.2016

►M2

RIALACHÁN (AE) 2021/2117 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 2 Nollaig 2021

  L 435

262

6.12.2021




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 228/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2013

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle



CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS CUSPÓIRÍ

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a eascraíonn as an bhfíor-iargúltacht, go háirithe an iargúltacht, an chiandacht, laghad na réimse, an tír-raon, an aeráid achrannach agus an spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí réigiúin an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh (“na réigiúin is forimeallaí”).

Airteagal 2

Cuspóirí

1.  

Cuidíonn na bearta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 1 le cur i gcrích na gcuspóirí seo a leanas:

(a) 

soláthar táirgí riachtanacha do na réigiúin is forimeallaí a ráthú, ar táirgí iad atá riachtanach do thomhaltas an duine nó don phróiseáil agus mar ionchur talmhaíochta, trí na costais a bhaineann lena bhfíor-iargúltacht a laghdú, gan dochar a dhéanamh don táirgeadh áitiúil agus a fhás sin;

(b) 

todhchaí fhadtéarmach agus forbairt na n-earnálacha “beostoic” agus “éagsúlú barr”, sna réigiúin is forimeallaí a áirithiú, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil agus margú na dtáirgí áitiúla;

(c) 

forbairt na ngníomhaíochtaí traidisiúnta talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí a choinneáil ar bun agus a n-iomaíochas a neartú, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil agus margú barr áitiúil agus táirgí áitiúla.

2.  
Cuirfear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 trí bhíthin na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil III, Caibidil IV agus Caibidil V.



CAIBIDIL II

CLÁIR POSEI

Airteagal 3

Na cláir POSEI a bhunú

1.  

Sainmhíneofar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1 do gach ceann de na réigiúin is forimeallaí le Clár na Roghanna a Bhaineann go Sonrach leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas (POSEI), (“clár POSEI”), lena n-áireofar na nithe seo a leanas:

(a) 

socruithe sonracha soláthair, dá bhforáiltear i gCaibidil III; agus

(b) 

bearta sonracha chun cabhrú le táirgeadh áitiúil talmhaíochta, dá bhforáiltear i gCaibidil IV.

2.  
Bunóidh an Ballstát lena mbaineann an clár POSEI ar an leibhéal geografach a mheasfaidh sé a bheith ar an leibhéal is iomchuí. Ullmhóidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag an mBallstát sin an clár agus tar éis don Bhallstát dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heagraíochtaí inniúla ar an leibhéal réigiúnach iomchuí, cuirfidh sé an clár faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh formheasa i gcomhréir le hAirteagal 6.
3.  
Ní féidir le Ballstát ach clár POSEI amháin a thíolacadh dá réigiúin is forimeallaí.

Airteagal 4

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

1.  
Beidh na bearta a dhéanfar faoi chláir POSEI i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh bearta den sórt sin comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus leis na bearta a glacadh faoi bheartais den sórt sin.
2.  
Ní mór a áirithiú go bhfuil na bearta a dhéanfar faoi chláir POSEI comhsheasmhach leis na bearta arna gcur chun feidhme faoi ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus go háirithe le comheagruithe margaidh, forbairt tuaithe, cáilíocht na dtáirgí, leas ainmhithe agus cosaint an chomhshaoil.

Go háirithe, ní dhéanfar aon bheart a mhaoiniú faoin Rialachán seo, ar ceann de na bearta seo a leanas é:

(a) 

tacaíocht bhreise do scéimeanna préimhe nó cabhrach arna mbunú faoi chomheagrú an mhargaidh, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil cúiseanna oibiachtúla leo;

(b) 

tacaíocht do thionscadail taighde, bearta chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail taighde nó bearta atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas sa réimse tréidliachta ( 1 );

(c) 

tacaíocht do bhearta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

Airteagal 5

Inneachar chláir POSEI

Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh i gclár POSEI:

(a) 

sceideal do chur chun feidhme na mbeart agus tábla bliantúil ginearálta táscach airgeadais ina ndéantar achoimre ar na hacmhainní ar gá leas a bhaint astu;

(b) 

cruthúnas maidir le hoiriúnacht agus comhsheasmhacht bheart éagsúil na gclár chomh maith leis na critéir agus na táscairí cainníochtúla a úsáidfear chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh;

(c) 

na bearta a dhéanfar chun a áirithiú go gcuirfear na cláir chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta, chomh maith le sraith shonraithe de tháscairí cainníochtaithe a úsáidfear agus na cláir á measúnú;

(d) 

ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir, agus ainmniú, ag na leibhéil iomchuí, údarás nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an gclár agus ainmniú comhpháirtithe socheacnamaíocha, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán arna ndéanamh.

Airteagal 6

Formheas agus leasú chláir POSEI

1.  
Bunaítear cláir POSEI le Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 agus tá siad á maoiniú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus (3).

I ngach clár, beidh réamh-mheastachán soláthair ina léirítear na táirgí, cainníochtaí na dtáirgí agus méideanna na cabhrach do sholáthar ón Aontas, chomh maith le dréachtchlár tacaíochta don táirgeadh áitiúil.

2.  
Ag brath ar an meastóireacht bhliantúil ar chur chun feidhme na mbeart i gcláir POSEI, féadfaidh na Ballstáit, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe socheacnamaíocha lena mbaineann, tograí cuí-réasúnaithe a thíolacadh chun na bearta sin a leasú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus (3), d’fhonn iad a oiriúnú níos fearr do riachtanais na réigiún is forimeallaí agus don straitéis mholta. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na nósanna imeachta chun a mheasúnú an bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag na leasuithe arna moladh agus a chinneadh an ndéanfar iad a fhormheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
3.  
Féadfar aird a thabhairt sna nósanna imeachta a leagtar síos leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 ar na nithe seo a leanas: tábhacht na modhnuithe a mholfaidh na Ballstáit faoi threoir bearta nua a thabhairt isteach, cibé an bhfuil na hathruithe ar an mbuiséad a leithdháilfear ar na bearta substainsteach, athruithe ar chainníochtaí agus ar an leibhéal cabhrach do tháirgí sna réamh-mheastacháin soláthair agus aon leasuithe ar chóid agus tuairiscí a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim ( 2 ).
4.  
Cinnfear freisin leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, do gach nós imeachta, minicíocht na n-iarrataí le haghaidh leasuithe chomh maith leis na hamchláir ar laistigh díobh a bheidh na leasuithe formheasta le cur chun feidhme.

Airteagal 7

Leasuithe i dtaca leis na leithdháiltí airgeadais

Faoin 22 Aibreán 2013, déanfaidh na Ballstáit na dréachtleasuithe ar a gcláir POSEI a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na hathruithe a tugadh isteach le hAirteagal 30(5) a léiriú.

Tiocfaidh na leasuithe seo chun a bheith infheidhme mí amháin tar éis dóibh a bheith tíolactha más rud é nach ndéanfaidh an Coimisiún aon agóid ina gcoinne i rith na tréimhse seo.

Déanfaidh na húdaráis inniúla an chabhair dá dtagraítear in Airteagal 30(5) a íoc tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2013.

Airteagal 8

Faireachán agus athleanúint

Déanfaidh na Ballstáit fíoruithe trí sheiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le saintréithe íosta na seiceálacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme i dtaca leis na táscairí fisiceacha agus airgeadais chun faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na gclár a áirithiú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).



CAIBIDIL III

SOCRUITHE SONRACHA SOLÁTHAIR

Airteagal 9

Réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair

1.  
Bunaítear socruithe sonracha soláthair do na táirgí talmhaíochta a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, ar táirgí iad atá riachtanach sna réigiúin is forimeallaí do thomhaltas an duine, do mhonarú táirgí eile, nó mar ionchur talmhaíochta.
2.  
Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ag an leibhéal geografach a mheasfaidh sé a bheith is iomchuí, réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair a bhunú chun riachtanais bhliantúla soláthair le haghaidh gach ceann de na réigiúin is forimeallaí a chainníochtú maidir leis na táirgí a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

Féadfar réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair ar leithligh a tharraingt suas le haghaidh riachtanais gnóthas pacáistithe nó próiseála táirgí atá beartaithe don mhargadh áitiúil, le coinsíniú traidisiúnta chuig an gcuid eile den Aontas nó le honnmhairiú mar chuid de thrádáil réigiúnach, i gcomhréir le hAirteagal 14(3), nó i gcomhthéacs sreafa trádála traidisiúnta.

Airteagal 10

Na socruithe sonracha soláthair a fheidhmiú

1.  
Laistigh de theorainn na gcainníochtaí arna gcinneadh sa réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair, ní chuirfear i bhfeidhm aon dleacht ar allmhairí díreacha táirgí ó thríú tíortha sna réigiúin is forimeallaí a chumhdaítear faoi na socruithe sonracha soláthair.

Chun críocha na Caibidle seo, maidir le táirgí a ndearnadh próiseáil isteach orthu nó a bhí i stóras custaim i gcríoch chustaim an Aontais, measfar gur allmhairí díreacha ó thríú tíortha iad.

2.  
D’fhonn sásamh na riachtanas a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 9(2) a áirithiú, ó thaobh an phraghais agus na cáilíochta, agus cuid an Aontais de na soláthairtí á caomhnú ag an am céanna, deonófar cabhair chun táirgí a sholáthar do na réigiúin is forimeallaí, ar táirgí de chuid an Aontais iad arna gcoinneáil i stóras idirghabhála poiblí nó atá ar fáil ar mhargadh an Aontais.

Déanfar méid na cabhrach sin a chinneadh do gach cineál táirge i gceist trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na costais bhreise a bhaineann le hiompar go dtí na réigiúin is forimeallaí agus na praghsanna a ghearrtar ar onnmhairí go tríú tíortha, agus, i gcás táirgí atá beartaithe don phróiseáil nó ionchuir talmhaíochta, ba cheart costais bhreise eile a chur san áireamh, ar costais iad a bhaineann leis an bhfíor- iargúltacht, agus go háirithe an t-oileánachas agus laghad na réimse.

3.  
Ní dheonófar aon chabhair do sholáthar táirgí a cumhdaíodh cheana faoi na socruithe sonracha soláthair i gceann eile de na réigiúin is forimeallaí.
4.  
Ní chuimseofar faoi na socruithe sonracha soláthair ach táirgí fónta ar cháilíocht mhaith, ar féidir iad a chur ar an margadh. Déanfaidh táirgí ó thríú tíortha leibhéal coibhéiseach urrús a sholáthar leis na táirgí sin a tháirgtear faoi chaighdeáin sláinte tréidliachta agus plandaí an Aontais.

Airteagal 11

Cur chun feidhme

Cuirfear na socruithe sonracha soláthair chun feidhme sa chaoi is go gcuirfear na nithe seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a) 

riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí agus, i gcás táirgí atá beartaithe don phróiseáil nó ionchuir talmhaíochta, na ceanglais cháilíochta;

(b) 

an sreabhadh trádála leis an gcuid eile den Aontas;

(c) 

gné eacnamaíoch na cabhrach atá beartaithe;

(d) 

an gá a áirithiú nach ndéantar an táirgeadh áitiúil atá ann cheana a dhíchobhsú, ná nach gcuirtear isteach ar a fhorbairt.

Airteagal 12

Deimhnithe

1.  
Tabharfar an díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó teidlíocht cabhrach faoi na socruithe sonracha soláthair ar dheimhniú a thíolacadh.

Eiseofar deimhnithe d’oibreoirí, agus dóibh sin amháin, atá ar chlár a choimeádann na húdaráis inniúla.

Ní fhéadfar ceadúnais nó deimhnithe a tharchur.

2.  
Ní cheanglófar aon urrús nuair a chuirtear isteach ar cheadúnais allmhairiúcháin, ar dheimhnithe díolúine nó ar dheimhnithe cabhrach. Mar sin féin, a mhéid is gá chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal urrús a lóisteáil is comhionann le méid an bhuntáiste dá dtagraítear in Airteagal 13. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag Airteagal 34(1), (4), (5), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 376/2008 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe comhchoiteanna le haghaidh chur i bhfeidhm an chórais ceadúnas allmhairithe agus onnmhairithe agus deimhnithe socraithe a airleacan do tháirgí talmhaíochta ( 3 ).

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, lena gcinnfear na coinníollacha chun na hoibreoirí a chur ar an gclár agus lena bhforáiltear go bhfuil láncheart ag na hoibreoirí páirt a ghlacadh sna socruithe sonracha soláthair.

3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go háirithe maidir le tabhairt isteach chóras na ndeimhnithe agus maidir leis an ngealltanas arna dhéanamh ag oibreoirí tráth an chlárúcháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 13

Na sochair a chur ar aghaidh

1.  
Maidir le teidlíocht faoi na socruithe sonracha soláthair a eascraíonn ón díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó ó dheonú cabhrach, beidh sí faoi réir an choinníll go gcuirfear an sochar eacnamaíoch ar aghaidh i ndáiríre go dtí an t-úsáideoir deiridh, ar féidir leis, mar is iomchuí, a bheith ina thomhaltóir i gcás táirgí atá beartaithe don tomhaltas díreach, ina phróiseálaí nó ina phacáisteálaí deiridh i gcás táirgí atá beartaithe do thionscail na próiseála nó an phacáistithe, nó ina fheirmeoir i gcás táirgí a úsáidtear le haghaidh cothú ainmhithe nó mar ionchur talmhaíochta.

Is comhionann an sochar dá dtagraítear sa chéad fhomhír le méid na díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí nó le méid na cabhrach.

2.  
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na rialacha a leagtar amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, agus go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit a fhíorú go gcuirfear ar aghaidh i ndáiríre an sochar go dtí an t-úsáideoir deiridh, a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 14

Onnmhairiú chuig tríú tíortha agus eiseoladh chuig an gcuid eile den Aontas

1.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na ceanglais ar i gcomhréir leo a fhéadfar táirgí atá clúdaithe ag na socruithe sonracha soláthair a onnmhairiú chuig tríú tíortha nó a eiseoladh chuig an gcuid eile den Aontas, agus ar áireamh sna coinníollacha sin beidh íocaíocht dleachta ar allmhairí, nó aisíocaíocht na cabhrach a fuarthas, mar a léirítear in Airteagal 10. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin chuig tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an sreabhadh trádála idir ranna Francacha thar lear.

2.  

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir leis na táirgí arna bpróiseáil sna réigiúin is forimeallaí ó thairgí a cumhdaíodh leis na socruithe sonracha soláthair, ar táirgí iad:

(a) 

a onnmhairítear chuig tríú tíortha nó a eiseoltar chuig an gcuid eile den Aontas laistigh de theorainneacha na n-onnmhairí traidisiúnta agus na n-eiseolachán traidisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na méideanna sin ar bhonn mheán na n-eiseolachán nó mheán na bhfigiúirí onnmhairithe, agus meán figiúirí fíoraithe do na trí bliana is fearr idir 2005 agus 2012 mar thagairt aige. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2);

(b) 

a onnmhairítear chuig tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach;

(c) 

a eiseoltar idir réigiúin na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach;

(d) 

a eiseoltar idir ranna Francacha thar lear.

Ní dheonófar aon aisíoc ar onnmhairí i gcás táirgí arna n-onnmhairiú dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír.

Maidir leis na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin chuig tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

3.  
Chun críoch na Caibidle seo, ciallaíonn “trádáil réigiúnach” an trádáil a dhéantar, i gcás gach réigiún is forimeallaí, le tríú tíortha a bhaineann leis an limistéar geografach céanna agus na réigiúin is forimeallaí, agus le tíortha lena bhfuil naisc trádála stairiúla. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar liosta na dtíortha seo, ag cur san áireamh iarratais oibiachtúla arna ndéanamh ag na Ballstáit tar éis comhairliúcháin leis na hearnálacha lena mbaineann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
4.  
Measfar gur táirgí a thomhaltar go háitiúil iad na táirgí a sheachadtar ar na ranna Francacha thar lear, ar na hAsóir, ar Mhaidéara nó ar na hOileáin Chanáracha, ar táirgí iad a bhain tairbhe as na socruithe sonracha soláthair agus a úsáidtear chun báid agus aerárthaí a bhreoslú.
5.  

De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 2, pointe (a), féadfar na cainníochtaí uasta seo a leanas de shiúcra (cód CN 1701 ) a eiseoladh gach bliain ó na hAsóir chuig an gcuid eile den Aontas, sna cúig bliana seo a leanas:

i 2011 : 3 000 tona,

i 2012 : 2 500 tona,

i 2013 : 2 000 tona,

i 2014 : 1 500 tona,

i 2015 : 1 000 tona.

6.  
Comhlíonfaidh oibríochtaí próiseála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le honnmhairí trádála traidisiúnta nó réigiúnaí nó eiseolacháin thraidisiúnta, mutatis mutandis, na coinníollacha próiseála is infheidhme faoi shocruithe próiseála isteach agus an nós imeachta próiseála faoi rialú custaim dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais, cé is moite de na gnáthfhoirmeacha uile láimhseála.

Airteagal 15

Siúcra

1.  

Le linn na tréimhse a bhunaítear in Airteagal 204(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, beidh an táirgeacht neamhchuóta dá dtagraítear in Airteagal 61 den Rialachán sin saor ó dhleachtanna ar allmhairí, faoi réir an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, i gcás:

(a) 

siúcra a thugtar chun a thomhaltais chuig Maidéara nó chuig na hOileáin Chanáracha i bhfoirm siúcra bháin a thagann faoi réim chód CN 1701 ;

(b) 

siúcra arna scagadh agus arna thomhailt sna hAsóir i bhfoirm siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 12 10 (siúcra biatais amh).

2.  
Sna hAsóir, chun críoch an mhínghlanta, féadfar na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh, faoi réir theorainn an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair, le siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 11 10 (siúcra cána amh).

Cinnfear riachtanais siúcra amh na nAsór trí fhorbairt tháirgeadh áitiúil an bhiatais siúcra a chur san áireamh. Déanfar na cainníochtaí a chumhdaítear leis na socruithe soláthair a chinneadh ionas go n-áiritheofar nach mbeidh méid iomlán an tsiúcra a scagfar sna hAsóir gach bliain níos mó ná 10 000 tona.

Airteagal 16

Púdar bainne bhearrtha

De mhaolú ar Airteagal 9 thuas, féadfaidh na hOileáin Chanáracha leanúint de sholáthar púdair bhainne bhearrtha a fháil a thagann faoi réim chód CN 1901 90 99 (púdar bainne bhearrtha a bhfuil saill phlandúil ann) agus atá beartaithe le haghaidh na próiseála tionsclaíche, faoi réir theorainn 800 tona in aghaidh na bliana. Ní fhéadfaidh an tAontas cabhair ar mó ná EUR 210 in aghaidh an tona í a thabhairt i gcás soláthairtí den táirge seo agus áireofar an chabhair sin sa teorainn a leagtar síos in Airteagal 30. Is chun a thomhaltais go háitiúil amháin a úsáidfear an táirge seo.

Airteagal 17

Rís

Maidir leis na táirgí a allmhaireofar sa roinn Fhrancach thar lear, la Réunion, chun a dtomhaltais ansin agus a thagann faoi réim chóid CN 1006 10 , 1006 20 agus 1006 40 00 , ní ghearrfar aon dleacht ar a n-allmhairiú.

Airteagal 18

Rialuithe agus pionóis

1.  
Déanfar rialuithe riaracháin ar tháirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair ag tráth a n-allmhairithe nó a dtabhairt isteach sna réigiúin is forimeallaí agus ag tráth a n-onnmhairithe nó a n-eiseolta.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le saintréithe íosta na seiceálacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.  

Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí eisceachtúla aeráide, má mhainníonn oibreoir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 12, na gealltanais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon phionóis is infheidhme faoin dlí náisiúnta:

(a) 

an sochar a deonaíodh don oibreoir a ghnóthú;

(b) 

clárú an oibreora a fhionraí nó a chúlghairm go sealadach, ag brath ar thromchúis an neamhchomhlíonta.

3.  
Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí eisceachtúla aeráide, i gcás nach ndéanfaidh oibreoirí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 12, an t-allmhairiú nó an dul isteach pleanáilte a chur i gcrích, cuirfidh an t-údarás inniúil a dteidlíocht ar iarratas a dhéanamh ar cheadúnais nó ar dheimhnithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 60 lá tar éis don cheadúnas nó don deimhniú sin dul in éag. Tar éis na tréimhse fionraíochta, beidh eisiúint ceadúnas nó deimhnithe ina dhiaidh sin faoi réir urrús a lóisteáil is comhionann le méid an tsochair a bheidh le deonú le linn tréimhse a bheidh le cinneadh ag an údarás inniúil.

Glacfaidh an t-údarás inniúil na bearta is gá chun aon chainníochtaí táirgí a athúsáid a chuirtear ar fáil mar thoradh ar neamh-fhorghníomhú, ar fhorghníomhú páirteach nó ar chealú na gceadúnas agus na ndeimhnithe a eisíodh nó ar an sochar a ghnóthú.



CAIBIDIL IV

BEARTA DON TÁIRGEACHT ÁITIÚIL TALMHAÍOCHTA

Airteagal 19

Bearta

1.  
Ar áireamh i gcláir POSEI beidh bearta sonracha a cheapfar chun táirgeacht áitiúil talmhaíochta a chur chun cinn, ar bearta iad a thagann faoi raon feidhme Theideal III de Chuid a Trí den Chonradh agus a bhfuil gá leo chun leanúnachas agus forbairt na táirgeachta áitiúla talmhaíochta i ngach ceann de na réigiúin is forimeallaí a áirithiú.
2.  

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna codanna den chlár lena n-áirítear bearta chun cuidiú le táirgeacht áitiúil talmhaíochta agus a fhreagraíonn do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2:

(a) 

tuairisc chainníochtaithe ar staid reatha na táirgeachta talmhaíochta i gceist, ag cur san áireamh na dtorthaí meastóireachta atá ar fáil, ag léiriú na n-éagothromaíochtaí, na n-easnamh agus na hacmhainneachta forbartha, na n-acmhainní airgeadais a úsáideadh agus phríomhthorthaí na ngníomh a rinneadh roimh ré;

(b) 

tuairisc ar an straitéis mholta, na tosaíochtaí arna roghnú agus cuspóirí ginearálta agus oibriúcháin cainníochtaithe na straitéise, chomh maith le measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear an tionchar ar fhostaíocht, a mbeifear ag súil leis;

(c) 

tuairisc ar na bearta atá beartaithe, agus go háirithe na scéimeanna cabhrach chun iad a chur chun feidhme, agus más iomchuí, faisnéis faoi na riachtanais fad is a bhaineann le staidéir, tionscadail taispeána, oiliúint agus oibríochtaí cúnaimh theicniúil a bhaineann le hullmhúchán, le cur chun feidhme nó le hoiriúnú na mbeart i dtrácht;

(d) 

liosta na gcineál cabhrach ar íocaíochtaí díreacha iad, i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009;

(e) 

méid na cabhrach a leagtar síos do gach beart agus an méid sealadach do gach gníomh d’fhonn cuspóir amháin nó roinnt cuspóirí ar an gclár a bhaint amach.

3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le ceanglais faoina n-íocfar an chabhair dá dtagraítear i mír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
4.  
Féadfar a bheith ar áireamh sa chlár bearta chun tacaíocht a thabhairt do tháirgeadh, do phróiseáil nó do dhíol táirgí talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí.

Féadfar gníomhaíochtaí éagsúla a bheith san áireamh i ngach beart. Do gach beart, sainítear sa chlár ar a laghad na heilimintí seo a leanas:

(a) 

na tairbhithe;

(b) 

na coinníollacha incháilitheachta;

(c) 

an t-aonadmhéid cabhrach.

D’fhonn tacaíocht a thabhairt do mhargú táirgí lasmuigh de réigiún a dtáirgthe, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, maidir leis na coinníollacha chun méid na cabhrach a dheonófar i leith margaithe a bhunú agus, más iomchuí, na dálaí chun na cainníochtaí táirgí atá faoi réir na cabhrach seo a bhunú.

Airteagal 20

Rialuithe agus íocaíochtaí míchearta

1.  
Déanfar fíorú na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo trí sheiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair.
2.  
I gcás íocaíochtaí míchearta, tá oibleagáid ar an tairbhí lena mbaineann na méideanna i gceist a aisíoc. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle maidir le tras-chomhlíonadh, modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí le haghaidh feirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, chomh maith le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona ( 4 ).



CAIBIDIL V

BEARTA TIONLACAIN

Airteagal 21

Lógó

1.  
Tabharfar isteach lógó d’fhonn eolas ar tháirgí sonracha talmhaíochta ar cháilíocht mhaith ó na réigiúin is forimeallaí a fheabhsú agus d’fhonn tomhaltas na dtáirgí sin, i riocht nádúrtha nó i riocht phróiseáilte, a fheabhsú.
2.  
Molfaidh na heagraíochtaí trádála lena mbaineann coinníollacha úsáid an lógó dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta na moltaí sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus a dtuairim ag gabháil leo.

Rialóidh údarás poiblí nó comhlacht arna fhormheas ag na húdaráis náisiúnta inniúla úsáid an lógó.

3.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, maidir leis na coinníollacha chun an ceart an lógó a úsáid a fheidhmiú, mar aon leis na coinníollacha dá hatáirgeadh agus dá húsáid. Déanfar na coinníollacha sin a leagan síos d’fhonn eolas ar tháirgí talmhaíochta ar cháilíocht mhaith ó na réigiúin is forimeallaí a fheabhsú agus tomhaltas na dtáirgí sin a chur chun cinn, gan aird ar cé acu i riocht próiseáilte nó neamhphróiseáilte atá na táirgí sin.
4.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na rialacha mionsonraithe i ndáil le húsáid an lógó, mar aon le saintréithe íosta le haghaidh na seiceálacha agus an fhaireacháin a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 22

Forbairt tuaithe

1.  
Gan dochar d’Airteagal 39(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, maidir leis na huasmhéideanna bliantúla incháilithe faoi chabhair an Aontais, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán sin, féadfar iad a mhéadú faoi dhó i gcás an bhirt chun lochanna sna hAsóir a chosaint agus an bhirt chun an tírdhreach, an bhithéagsúlacht agus saintréithe traidisiúnta na talún talmhaíochta agus ballaí cloiche a choinníonn léibhinn suas a chaomhnú sna réigiúin is forimeallaí.
2.  
Áireofar tuairisc ar na bearta atá pleanáilte faoi mhír 1 den Airteagal seo, más iomchuí, sna cláir do na réigiúin sin dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

▼M2

Airteagal 22a

Comhaontuithe idirchraoibhe in La Réunion

1.  
De bhun Airteagal 349 den Chonradh, de mhaolú ar Airteagal 101(1) den Chonradh agus d’ainneoin Airteagal 164(4), an chéad fhomhír, pointí (a) go (n) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcás eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear de bhun Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar eagraíocht í a oibríonn go heisiach in La Réunion agus a mheastar go n-ionadaíonn sí do tháirgeadh, do thrádáil nó do phróiseáil táirge shonraithe amháin, féadfaidh an Fhrainc, ar iarraidh ón eagraíocht sin, rialacha, arb é is aidhm dóibh tacaíocht a thabhairt do chothabháil agus éagsúlú an táirgthe áitiúil chun an tslándáil bia a mhéadú in La Réunion, a shíneadh chuig oibreoirí eile nach comhaltaí den eagraíocht idirchraoibhe sin iad, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag na rialacha sin maidir leis na hoibreoirí sin amháin nach ndéanann a gcuid gníomhaíochtaí ach in La Réunion amháin agus a bhaineann le táirgí atá ceaptha don mhargadh áitiúil, a bhainfidh leas as éifeacht na rialacha sin. D’ainneoin Airteagal 164(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, measfar eagraíocht idirchraoibhe a bheith ionadaíoch faoin Airteagal sin i gcás inarb í a ghineann 70 % ar a laghad de thoirt táirgthe nó trádála nó phróiseála an táirge nó na dtáirgí lena mbaineann.
2.  
De mhaolú ar Airteagal 165 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcás ina gcuirfear síneadh, faoi mhír 1 den Airteagal seo, le rialacha eagraíochta idirchraoibhe aitheanta a fheidhmíonn go heisiach in La Réunion, agus go bhfuil na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag na rialacha sin chun leasa eacnamaíoch ghinearálta oibreoirí eacnamaíocha nach ndéanann a gcuid gníomhaíochtaí ach in La Réunion amháin agus a bhaineann le táirgí atá ceaptha don mhargadh áitiúil, féadfaidh an Fhrainc, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, a chinneadh go n-íocfaidh oibreoirí eacnamaíocha aonair nó grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad agus a oibríonn ar an margadh áitiúil sin leis an eagraíocht na ranníocaíochtaí airgeadais ar fad, nó cuid díobh, a íocann a gcomhaltaí leo sa mhéid go bhfuil na ranníocaíochtaí sin beartaithe chun costais a chumhdach a thabhaítear de thoradh díreach ar na gníomhaíochtaí sin lena mbaineann a shaothrú.
3.  
Cuirfidh an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas faoi aon chomhaontú a ndéanfar a raon feidhme a leathnú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

▼B

Airteagal 23

Státchabhair

1.  
I gcás na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, a bhfuil feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 maidir leo, féadfaidh an Coimisiún cabhair oibriúcháin a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 108 den Chonradh, sna hearnálacha a tháirgeann, a phróiseálann agus a mhargaíonn na táirgí sin, ar cabhair í lena bhféachtar leis na baic shonracha ar an bhfeirmeoireacht sna réigiúin is forimeallaí a mhaolú, ar baic iad a bhaineann leis an gciandacht, leis an oileánachas agus leis an bhfíor-iargúltacht.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a dheonú do chur chun feidhme chláir POSEI. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh na Ballstáit an státchabhair a fhógairt don Choimisiún agus féadfaidh an Coimisiún é a fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, mar chuid de na cláir sin. Measfar gur fograíodh an státchabhair a fógraíodh amhlaidh de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 108(3) den Chonradh.
3.  
Féadfaidh an Fhrainc cabhair suas le EUR 90 milliún in aghaidh na bliana margaíochta a thabhairt d’earnáil shiúcra na réigiún Francach is forimeallaí.

Cuirfidh an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas, laistigh de 30 lá ó dheireadh gach bliain mhargaíochta, maidir le méid na cabhrach a tugadh.

4.  
Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2 den Airteagal seo agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 180 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus ar Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena ndéantar rialacha áirithe iomaíochta a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil earraí talmhaíochta ( 5 ), ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh faoi Chaibidil IV den Rialachán seo, mír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 24 agus Airteagal 28 den Rialachán seo ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 24

Cláir sláinte plandaí

1.  
Cuirfidh na Ballstáit cláir faoi bhráid an Choimisiúin chun orgánaigh a dhéanann díobháil do phlandaí nó do tháirgí plandaí sna réigiúin is forimeallaí a chomhrac. Sonrófar sna cláir sin go háirithe na cuspóirí atá le baint amach, na bearta atá le déanamh agus fad agus costas na mbeart sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na cláir a chuirtear faoina bhráid. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na cláir sin a cheadú nó gan iad a cheadú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.  
Rannchuideoidh an tAontas le maoiniú na gclár dá bhforáiltear i mír 1, ar bhonn anailís theicniúil staideanna na réigiún.

Féadfaidh ranníoc den sórt sin suas le 75 % den chaiteachas incháilithe a chlúdach. Déanfar an íocaíocht ar bhonn na doiciméadachta a sholáthróidh Ballstáit. Más gá, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a eagrú agus féadfaidh na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh dhíobhálacha do phlandaí nó táirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leathadh laistigh den Chomhphobal ( 6 ) na seiceálacha sin a stiúradh ar a shon.

▼M1

Déanfar maoiniú an Aontais do na cláir chun lotnaidí a rialú sna réigiúin is forimeallaí den Aontas a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).

▼B

3.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i leith gach réigiúin agus cláir, ar bhonn na gcritéar a shocraítear i mír 2 agus ar bhonn an chláir arna thíolacadh i gcomhréir le mír 1, lena mbunófar:

(a) 

rannpháirtíocht airgeadais an Aontais, chomh maith le méid na cabhrach;

(b) 

na bearta atá incháilithe i gcomhair maoinithe ón Aontas.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 25

Fíon

1.  
Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagail 103v, 103w, 103x agus 182a de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na hAsóir ná maidir le Maidéara.
2.  
D’ainneoin an dara fomhír d’Airteagal 120a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfar fíonchaora ó na cineálacha fíniúna dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin, agus arna mbaint sna hAsóir agus i Maidéara, a úsáid do tháirgeadh fíona a chaithfidh fanacht laistigh de na réigiúin sin.

Maidir leis na dáileachtaí inar cuireadh na cineálacha fíniúna dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 120a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, scoirfidh an Phortaingéil dá mbaint de réir a chéile agus, más gá, beidh na tacaí aici dá bhforáiltear in Airteagal 103q den Rialachán sin.

3.  
De mhaolú ar Airteagal 85f de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, beidh feidhm ag an gcóras idirthréimhseach do chearta um phlandú maidir leis na hOileáin Chanáracha go dtí an 31 Nollaig 2012.

Airteagal 26

Bainne

1.  
Chun críocha dháileadh an tobhaigh ar bharrachas dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgeoirí de réir bhrí Airteagal 65(c) den Rialachán sin, ar táirgeoirí iad atá lonnaithe sna hAsóir agus a tháirgeann sna hAsóir, a mhargaíonn cainníochtaí a sháraíonn a gcainníocht tagartha atá méadaithe leis an gcéatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, measfar go bhfuil baint acu sin, agus acu sin amháin, leis an sárú.

Beidh an tobhach ar bharrachas dlite ar chainníochtaí a sháraíonn an cuóta arna mhéadú amhlaidh leis an gcéatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír, tar éis ath-leithdháileadh na gcainníochtaí nár úsáideadh laistigh den lamháil a fágadh tar éis an mhéadaithe sin i measc na dtáirgeoirí ar fad, ar táirgeoirí iad de réir bhrí Airteagal 65(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, atá lonnaithe agus a tháirgeann sna hAsóir, agus déanfar an t-ath-leithdháileadh sin i gcomhréir leis an gcainníocht tagartha atá ag gach táirgeoir.

Is ionann an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an cóimheas idir an chainníocht 23 000 tona ón mbliain mhargaíochta 2005/2006 i leith agus iomlán na gcainníochtaí tagartha le fáil ar gach gabháltas an 31 Márta 2010. Ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir leis an gcuóta ar an ngabháltas an 31 Márta 2010.

2.  
Maidir leis na cainníochtaí bainne nó coibhéise bainne arna gcur ar an margadh agus a sháraíonn an cuóta, ach a chomhlíonann an céatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, tar éis an ath-leithdháilte dá dtagraítear sa mhír sin, ní chuirfear san áireamh iad chun aon sárú ag an bPortaingéil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a shuíomh.
3.  
Maidir le scéim an tobhaigh ar bharrachas is infheidhme i leith táirgeoirí bainne dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, ní bheidh feidhm aici sna ranna Francacha thar lear ná, faoi réir teorann táirgeachta áitiúla 4 000 tona bainne, i Maidéara.
4.  
D’ainneoin Airteagal 114(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgeadh bainne UTC i Maidéara agus sa roinn Fhrancach thar lear, la Réunion, ar bainne é arna athdhéanamh ó phúdar bainne de thionscnamh an Aontais, údarófar é faoi réir theorainneacha riachtanais an tomhaltais áitiúil, ar choinníoll nach gcuirfidh an beart seo bac ar bhailiú nó ar dhiúscairt an bhainne arna tháirgeadh go háitiúil. Má léiríonn an Fhrainc fóirsteanacht an bhirt sin do na ranna Francacha thar lear, i Martinique, i nGuadalúip agus i nGuáin na Fraince, cumhachtófar don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe, más gá, a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33, chun an beart sin a leathnú go dtí na ranna sin. Is chun a thomhaltais go háitiúil amháin a úsáidfear an táirge seo.

Ní mór an modh trína bhfuarthas an bainne UTC, arna athdhéanamh amhlaidh, a léiriú go soiléir ar an lipéad díolacháin.

Airteagal 27

Feirmeoireacht eallaigh

1.  
Go dtí go mbeidh a dhóthain bó-ainmhithe óga fireanna ann chun cothabháil agus forbairt an táirgthe áitiúil mairteola sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara a áirithiú, féadfar bó-ainmhithe a allmhairiú ó thríú tíortha, d’fhonn iad a ramhrú agus chun a dtomhaltais sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara, gan dleachtanna ar allmhairí, is é sin le rá an Chomhtharaif Chustaim, a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na bearta is gá chun an fhomhír seo a chur chun feidhme, agus go háirithe leis na modhanna chun díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí bó-ainmhithe óga fireanna sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara a thabhairt isteach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Beidh feidhm ag Airteagal 13 agus Airteagal 14(1) maidir leis na hainmhithe a chumhdaítear faoin díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

2.  
Cinnfear líon na n-ainmhithe a chumhdófar faoin díolúine dá dtagraítear i mír 1 i gcláir POSEI, i gcás ina bhfuil údar maith leis an ngá ainmhithe a allmhairiú, agus ag féachaint d’fhorbairtí sa táirgeacht áitiúil. I gcás na n-ainmhithe sin, tabharfar tosaíocht do tháirgeoirí a choinníonn ainmhithe chun iad a ramhrú agus a bhfuil ar a laghad 50 % de na hainmhithe sin de thionscnamh áitiúil.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, lena leagfar síos na coinníollacha a mbeidh an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí. Cuirfear san áireamh sna coinníollacha sin tréithe sonracha áitiúla na hearnála mairteola agus an tionscail mhairteola.

3.  
I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm Airteagal 52 agus Airteagal 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, féadfaidh an Phortaingéil comhpháirt an uasteorann náisiúnta a laghdú i gcás na gceart chun íocaíochtaí do chaoireoil agus d’fheoil ghabhair agus chun na préimhe do bha diúil. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid iomchuí atá le haistriú ó na huasteorainneacha a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 52 agus le hAirteagal 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 go dtí an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 30(2) den Rialachán seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 28

Státchabhair do tháirgeadh tobac

Údarófar don Spáinn cabhair do tháirgeadh tobac a dheonú do na hOileáin Chanáracha. Ní fhéadfaidh sé go mbeadh idirdhealú idir táirgeoirí sna hoileáin mar thoradh ar dheonú na cabhrach sin.

Ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 2 980,62 in aghaidh an tona. Deonófar an chabhair bhreise le haghaidh suas le 10 dtona in aghaidh na bliana.

Airteagal 29

Díolúine tobac ó dhleachtanna custaim

1.  

Ní chuirfear i bhfeidhm aon dleacht chustaim ar allmhairí díreacha tobac amh agus leathmhonaraithe sna hOileáin Chanáracha, ar tobac é a thagann faoi réir na gcód seo a leanas faoi seach:

(a) 

cód AC 2401 ; agus

(b) 

na fotheidil seo a leanas:

— 
2401 10 Tobac amh neamhscúite,
— 
2401 20 Tobac amh scúite, go páirteach nó go hiomlán,
— 
ex 2401 20 Clúdaigh sheachtracha do thodóga, arna gcur i láthair ar thacaí, i roithleáin do mhonarú tobac,
— 
2401 30 Dramhaíl tobac,
— 
ex 2402 10 Todóga neamhchríochnaithe, gan fillteán,
— 
ex 2403 10 Tobac gearrtha (meascáin chríochnaithe de thobac do mhonarú toitíní, todóg, seiriút agus todóigíní),
— 
ex 2403 91 Tobac homaiginithe nó athdhéanta, cibé acu i bhfoirm duilleog nó stiallacha,
— 
ex 2403 99 Tobac leata.

Tabharfar an díolúine dá bhforáiltear sa chéad fhomhír trí na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 12.

Beidh feidhm ag an díolúine seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar táirgí iad atá beartaithe le bheith próiseáilte sna hOileáin Chanáracha ina dtáirgí monaraithe atá réidh le caitheamh, faoi réir teorann allmhairí bliantúla 20 000 tona coibhéise tobac amh scúite.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na bearta is gá chun mír 1 a chur i bhfeidhm, agus go háirithe leis na bearta chun díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí tobac sna hOileáin Chanáracha a thabhairt isteach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 30

Acmhainní airgeadais

1.  

Is idirghabhálacha iad na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun na margaí talmhaíochta a thabhairt chun rialtachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta ( 8 ), seachas na bearta dá bhforáiltear sna hAirteagail seo a leanas:

(a) 

Airteagal 22; agus

(b) 

Airteagal 24, ó dháta iarratais an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020.

2.  

Do gach bliain airgeadais, maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le méid bliantúil is ionann agus na méideanna seo a leanas:

sna ranna Francacha thar lear: EUR 278,41 milliún,

na hAsóir agus Maidéara: EUR 106,21 milliún,

na hOileáin Chanáracha: EUR 268,42 milliún.

3.  

Ní fhéadfaidh na suimeanna arna leithdháileadh do gach bliain airgeadais chun na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú na méideanna seo a leanas a shárú:

sna ranna Francacha thar lear: EUR 26,9 milliún,

na hAsóir agus Maidéara: EUR 21,2 milliún,

na hOileáin Chanáracha: EUR 72,7 milliún.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na ceanglais ar i gcomhréir leo a fhéadfaidh na Ballstáit na hacmhainní a athrú arna leithdháileadh gach bliain do na táirgí éagsúla a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

4.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, lena mbunaítear na coinníollacha faoina gcinnfear an uasmhéid bhliantúil a fhéadfar a leithdháileadh ar na bearta maidir le staidéar, tionscadail taispeána, oiliúint agus bearta cúnaimh theicniúil, ar choinníoll go bhfuil leithdháileadh den sórt sin réasúnach agus comhréireach.
5.  

Maidir leis an mbliain airgeadais 2013, déanfaidh an tAontas maoiniú breise a dheonú d’earnáil bananaí na réigiún is forimeallaí chomh hard leis na huasmhéideanna seo a leanas:

sna ranna Francacha thar lear: EUR 18,52 milliún,

na hAsóir agus Maidéara: EUR 1,24 milliún,

na hOileáin Chanáracha: EUR 20,24 milliún.



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Bearta náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, go háirithe maidir le seiceálacha agus pionóis riaracháin, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

Airteagal 32

Teachtaireachtaí agus tuarascálacha

1.  
Tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na leithreasaí a cuireadh ar fáil dóibh agus a bhfuil sé ar intinn acu a chaitheamh, an bhliain dár gcionn, chun an réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair agus gach beart lena gcuirtear táirgeacht áitiúil talmhaíochta chun cinn a áirítear i gcláir POSEI a chur chun feidhme.
2.  
Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i rith na bliana roimhe sin.
3.  
Faoi 30 Meitheamh 2015, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil ghinearálta ina léireofar tionchar na gníomhaíochta a rinneadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear in earnáil na mbananaí agus an bhainne, lena mbeidh moltaí cuí ag gabháil, más infheidhme.
4.  
Cuirfidh an Coimisiún caibidil shonrach san áireamh sna hanailísí, sa staidéar agus sna measúnuithe a dhéanann sé i gcomhthéacs comhaontuithe trádála agus an chomhbheartais talmhaíochta le haghaidh aon ábhair ina bhfuil leas ar leith ag na réigiúin is forimeallaí.

Airteagal 33

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12(2), an tríú fomhír d’Airteagal 19(4), Airteagal 21(3), an chéad fhomhír d’Airteagal 26(4), an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus Airteagal 30(4), déanfar í a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 21 Márta 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12(2), an tríú fomhír d’Airteagal 19(4), Airteagal 21(3), an chéad fhomhír d’Airteagal 26(4), an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh chun cúlghairm a dhéanamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún ina leith an tráth chéanna.
5.  
Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 12(2), an tríú fomhír d’Airteagal 19(4), Airteagal 21(3), na chéad fhomhíre d’Airteagal 26(4), an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis cur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.  
Beidh an Coiste Bainistíochta um Íocaíochtaí Díreacha arna bhunú le hAirteagal 141 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, de chúnamh ag an gCoimisiún, seachas i gcás cur chun feidhme Airteagal 24 den Rialachán seo agus sa chás sin, beidh an Buanchoiste um Shláinte Plandaí arna bhunú le Cinneadh 76/894/CEE ón gComhairle ( 9 ) de chúnamh ag an gCoimisiún. Is coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 iad na Coistí sin.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún na socruithe sin a athbhreithniú roimh dheireadh 2013, ag féachaint dá n-éifeachtúlacht iomlán agus do chreat nua an CBT agus más gá cuirfidh sé moltaí iomchuí ar aghaidh do scéim POSEI athbhreithnithe.

Airteagal 36

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 247/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN



Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 247/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 9

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 11

Airteagal 3(4)

Airteagal 13

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 14(1) agus (2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 4(3)

Airteagal 14(5)

Airteagal 5

Airteagal 15

Airteagal 6

Airteagal 16

Airteagal 7

Airteagal 17

Airteagal 8, an abairt dheireanach

Airteagal 12(3)

Airteagal 9(1) agus Airteagal 10

Airteagal 19(1)

Airteagal 9(2) agus (3)

Airteagal 3

Airteagal 11

Airteagal 4

Airteagal 12(a), (b) agus (c)

Airteagal 19(2)(a), (b) agus (c)

Airteagal 12(d), (e), (f), (g)

Airteagal 5

Airteagal 13

Airteagal 8, an dara mír

Airteagal 14

Airteagal 21

Airteagal 15

Airteagal 22

Airteagal 16

Airteagal 23

Airteagal 17

Airteagal 24

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 19

Airteagal 26

Airteagal 20

Airteagal 27

Airteagal 21

Airteagal 28

Airteagal 22

Airteagal 29

Airteagal 23

Airteagal 30

Airteagal 24

Airteagal 6

Airteagal 27

Airteagal 31

Airteagal 28

Airteagal 32

Airteagal 29

Airteagal 36

Airteagal 33

Airteagal 37



( 1 ) IO L 155, 18.6.2009, lch. 30.

( 2 ) IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

( 3 ) IO L 114, 26.4.2008, lch. 3.

( 4 ) IO L 316, 2.12.2009, lch. 65.

( 5 ) IO L 214, 4.8.2006, lch. 7.

( 6 ) IO L 169, 10.7.2000, lch. 1.

( 7 ) Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).

( 8 ) IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.

( 9 ) IO L 340, 9.12.1976, lch. 25.

Top