EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02010R1093-20200101

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/2020-01-01

02010R1093 — GA — 01.01.2020 — 007.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1093/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún

(IO L 331 15.12.2010, lch. 12)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1022/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 22 Deireadh Fómhair 2013

  L 287

5

29.10.2013

►M2

DIRECTIVE 2014/17/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL Text with EEA relevance of 4 February 2014 (*)

  L 60

34

28.2.2014

►M3

DIRECTIVE 2014/59/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL Text with EEA relevance of 15 May 2014 (*)

  L 173

190

12.6.2014

►M4

RIALACHÁN (AE) Uimh. 806/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2014

  L 225

1

30.7.2014

 M5

DIRECTIVE (EU) 2015/2366 OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL Text with EEA relevance of 25 November 2015 (*)

  L 337

35

23.12.2015

►M6

RIALACHÁN (AE) 2018/1717 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 14 Samhain 2018

  L 291

1

16.11.2018

►M7

RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019

  L 334

1

27.12.2019



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1093/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún



CAIBIDIL I

BUNÚ AN ÚDARÁIS AGUS STÁDAS DLÍTHIÚIL

Airteagal 1

Bunú agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo bunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (“an tÚdarás” anseo feasta).

▼M7

2.  Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), Threoir 2009/110/CE, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ( 2 ), Treoir 2013/36/AE ( 3 ), Threoir 2014/49/AE ( 4 ), Threoir 2014/92/AE ( 5 ), Threoir 2015/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh Aontais eile atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena gcuirtear cúraimí ar an Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 7 ).

Gníomhóidh an tÚdarás freisin laistigh de na cumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus laistigh de raon feidhme Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) a mhéid a bhaineann an Treoir agus an Rialachán sin le hoibreoirí san earnáil airgeadais agus leis na húdaráis inniúla a bhíonn á maoirsiú. Is chun na críche sin amháin a chuirfidh an tÚdarás na cúraimí i gcrích a thugtar le haon ghníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Le linn dó a bheith ag cur na gcúraimí sin i gcrích, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha sin agus coinneoidh sé ar an eolas iad maidir le heintiteas atá ina “institiúid airgeadais” faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ina “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais” mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.  Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa, ilchuideachtaí airgeadais, gnólachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomhairgid, i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach.

▼B

4.  Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

▼M7

5.  Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

▼B

(a) 

feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,

(b) 

sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,

(c) 

comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,

(d) 

arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,

▼M7

(e) 

a áirithiú go ndéanfar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar chreidmheas a ghlacadh agus ar na rioscaí eile a ghlacfar,

(f) 

cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí a fheabhsú,

▼M7

(g) 

cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú, agus

(h) 

cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

▼M7

Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an tÚdarás rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

▼B

I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar institiúidí airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair.

▼M7

Agus é ag comhlíonadh a chuid cúraimí, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine agus, aon uair is ábhartha, urramóidh sé prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áiritheoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.

▼M7

Maidir le hábhar agus foirm na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a dhéanfaidh an tÚdarás, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, maidir le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó institiúide airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais, a dtéann gníomhaíochtaí agus bearta an Údaráis i bhfeidhm, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí i ngníomhaíochtaí agus i mbearta an Údaráis.

6.  Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, coiste chun comhairle a thabhairt faoi conas ba cheart dó, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, a ghníomhaíochtaí agus a bhearta difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus ar mhéid institiúidí airgeadais agus margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú, faoi conas ba cheart na difríochtaí sin a chur san áireamh i mbearta.

▼B

Airteagal 2

An Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais

▼M7

1.  Beidh an tÚdarás ina chuid den chóras Eorpach um maoirseacht airgeadais (CEMA). Is é an príomhchuspóir a bheidh ag CEMA ná a áirithiú go ndéantar na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun muinín a áirithiú sa chóras airgeadais ina iomláine, agus cosaint éifeachtach leordhóthanach a áirithiú do chustaiméirí agus do thomhaltoirí na seirbhísí airgeadais.

▼B

2.  Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a) 

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), chun críocha na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 agus sa Rialachán seo;

(b) 

an tÚdarás;

(c) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 );

(d) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );

(e) 

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (“Comhchoiste”), chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 54 go hAirteagal 57 den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chomhlíonadh;

▼M1

(f) 

na húdaráis inniúla nó mhaoirseachta mar a shainítear iad sna gníomhartha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i dtaca leis na cúraimí a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

3.  Comhoibreoidh an tÚdarás go rialta agus go dlúth leis an BERS agus, chomh maith leis sin, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) tríd an gComhchoiste, chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht trasearnála oibre ann agus chun teacht ar chomhsheasaimh i réimse na maoirseachta ar ilchuideachtaí airgeadais agus maidir le saincheisteanna trasearnála eile.

▼M7

4.  I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rachaidh páirtithe an CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile, go háirithe le linn a áirithiú go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa eatarthu féin agus ón Údarás chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

▼B

5.  Beidh oibleagáid ar na húdaráis mhaoirseachta sin ar páirtí sa CEMA iad maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí airgeadais a oibríonn san Aontas i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M7

Gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, sna dtagairtí don mhaoirseacht atá sa Rialachán seo, áireofar gníomhaíochtaí ábhartha uile na n-údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Cuntasacht na nÚdarás

1.  Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 2(2) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh an Banc Ceannais Eorpach cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na gcúraimí maoirseachta a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 i gcomhréir leis an Rialachán sin.

2.  I gcomhréir le hAirteagal 226 CFAE, comhoibreoidh an tÚdarás go hiomlán le Parlaimint na hEorpa le linn aon imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal sin.

3.  Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le déanamh dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé, faoin 15 Meitheamh gach bliain, an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

4.  Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, beidh an Cathaoirleach rannpháirteach in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Nuair a iarrfar air nó uirthi déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa agus freagróidh sé aon cheist a chuirfidh a feisirí air.

5.  Deánfaidh an Cathaoirleach tuarascáil i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrtar sin air, agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndéanfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.

6.  De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 11 go 18, agus in Airteagail 20 agus 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.

7.  Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air, laistigh de chúig seachtaine tar éis an cheist a fháil.

8.  Arna iarraidh sin, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata leis an gCathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh agus Comhordaitheoirí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.

9.  Gan dochar dá oibleagáidí rúndachta a eascraíonn ó bheith páirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoin méid a bhfuil sé ag cur le ionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta sin.

▼B

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M7

(1) 

ciallaíonn “institiúidí airgeadais” aon ghnóthas atá faoi réir Rialacháin agus maoirseachta de bhun aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

▼M7

(1a) 

is éard is ciall le “hoibreoir in earnáil an airgeadais” aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849, eintiteas atá ina ‘institiúid airgeadais’ faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 nó i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó ina ‘rannpháirtí sa mhargadh airgeadais’ faoin sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

▼M7

(2) 

ciallaíonn “údaráis inniúla”:

(i) 

údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013

(ii) 

a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE, na húdaráis agus na comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais ceanglais na Treorach sin;

(iii) 

maidir le Treoir (AE) 2015/849, na húdaráis agus na heagrais a dhéanann maoirseacht ar oibreoirí in earnáil an airgeadais agus atá inniúil in áirithiú a gcuid comhlíontachta le ceanglais na Treorach sin;

(iv) 

a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE, nó i gcás ina riarann cuideachta phríobháideach feidhmiú na scéime ráthaíochta taiscí, an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin agus údaráis riaracháin ábhartha dá dtagraítear sa Treoir sin;

(v) 

a mhéid a bhaineann le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), na húdaráis réitigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus an Chomhairle agus an Coimisiún nuair a bheidh gníomhaíochtaí á ndéanamh acu faoi Airteagal 18 den Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ach amháin i gcás ina mbeidh cumhachtaí lánroghnacha á bhfeidhmiú acu nó roghanna beartais á ndéanamh acu;

(vi) 

“údaráis inniúla” dá dtagraítear i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ); i Rialachán (AE) 2015/751, i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ), i dTreoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ), agus i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 );

(vii) 

“comhlachtaí agus údaráis” amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE.

▼B

Airteagal 5

Stádas dlíthiúil

1.  Beidh an tÚdarás ina chomhlacht Aontais ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach.

2.  I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.  Feidhmeoidh Cathaoirleach an Údaráis thar ceann an Údaráis.

Airteagal 6

Comhdhéanamh

Beidh an tÚdarás comhdhéanta díobh seo a leanas:

(1) 

Bord Maoirseoirí a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 43;

(2) 

Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 47;

(3) 

Cathaoirleach a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 48;

(4) 

Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 53;

(5) 

Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 60.

▼M6

Airteagal 7

Suíomh

Is i bPáras na Fraince a bheidh suíomh an Údaráis.

Ní dhéanfaidh an áit a mbeidh suíomh Údarás difear d’fhorghníomhú chúraimí agus chumhachtaí an Údaráis, d’eagar a struchtúir rialaithe, d’oibriú a phríomheagraíochta, ná do phríomh-mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí, agus ag an am céanna, i gcás inarb infheidhme, tabharfar deis do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu le croíghníomhaíochtaí an Údaráis a chomhroinnt. Faoin 30 Márta 2019 agus gach 12 mhí dá éis, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gceanglas sin a bheith á chomhlíonadh ag Údaráis Maoirseachta Eorpacha.

▼B



CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS

Airteagal 8

Cúraimí agus cumhachtaí an Údaráis

1.  Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Údarás:

▼M7

(a) 

bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) , rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí a fhorbairt;

(aa) 

lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear chun na cleachtais mhaoirseachta ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí;

▼M7

(ab) 

lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach institiúidí airgeadais san Aontas a fhorbairt agus a chothabháil ina bhfuiltear leis na cleachtais ab fhearr agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta le haghaidh réitigh a leagan amach agus ina gcuirtear san áireamh, inter alia, obair an Bhoird Réitigh Aonair, athruithe ar chleachtais ghnó agus samhlacha gnó agus méid na rannpháirtithe agus na margaí airgeadais sa mhargadh airgeadais;

▼M7

(b) 

Rannchuidiú a thabhairt maidir le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach le dlí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, arbatráiste rialála a chosc, idirghabháil mhaoirseachta a chothú agus faireachán a dhéanamh orthu, idirghabháil a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-údarás inniúil, maoirseacht éifeachtach agus chomhsheasmhach institiúidí margaidh airgeadais a áirithiú, feidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a áirithiú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, inter alia, i staideanna éigeandála;

▼M1

(c) 

tarmligean cúraimí agus freagrachtaí a éascú i measc údarás inniúil;

▼B

(d) 

comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do BERS atá riachtanach chun a chúraimí a bhaint amach agus trína áirithiú go ndéantar de réir rabhadh agus moltaí ó BERS;

▼M7

(e) 

(e) athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a eagrú agus a chur i gcrích agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte nó moltaí a eisiúint agus dea-chleachtais a shainaithint, agus é mar aidhm comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

(f) 

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, forbairtí i ndáil treochtaí sa chreidmheas, go háirithe, do theaghlaigh agus FBManna agus i seirbhísí nuálacha airgeadais agus forbairtí i ndáil le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais á mbreithniú mar is cuí;

(g) 

anailísí a dhéanamh ar na margaí chun sochair feidhmeanna an Údaráis maidir le hurscaoileadh;

(h) 

cosaint a chothú, i gcás inarb iomchuí, le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí, go háirithe maidir le heasnaimh i gcomhthéacs trasteorann agus maidir le rioscaí gaolmhara a chur san áireamh;

▼M1

(i) 

feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí a chur chun cinn, faireachán, measúnú agus tomhas ar an riosca sistéamach a chur chun cinn, forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh a chur chun cinn, lena soláthraítear ardleibhéal cosanta do thaisceoirí agus d'infheisteoirí ar fud an Aontais agus lena bhforbraítear modhanna chun institiúidí airgeadais atá ag cliseadh a réiteach agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hionstraimí maoiniúcháin iomchuí a chur chun cinn, d'fhonn comhar a chothú idir údaráis inniúla a bhfuil baint acu le bainistíocht géarchéime maidir le hinstitiúidí airgeadais trasteorann a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ag baint leo, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;

▼M7

(ia) 

rannchuidiú le bunú straitéis choiteann sonraí airgeadais an Aontais;

▼B

(j) 

aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó i ngníomhartha reachtacha eile a chomhall;

(k) 

faisnéis a bhaineann lena réimse gníomhaíochta, go háirithe faisnéis, laistigh dá réimse inniúlachta, faoi institiúidí airgeadais cláraithe, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus an fhaisnéis sin a uasdátú go rialta, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin;

▼M7

(ka) 

gach caighdeán rialála teicniúil, gach caighdeán, treoirlíne, moladh agus ceisteanna agus freagraí maidir le gach gníomh reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear forbhreathnuithe a bhaineann le staid na himeartha i leith obair leanúnach agus an t-uainiú atá beartaithe do ghlacadh na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme;

▼M1 —————

▼M7

(l) 

chun cur leis an gcosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, Airteagal 1(2) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh agus chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, tríd an gcur i bhfeidhm sin a chur chun cinn.

▼M1

1a.  Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

(a) 

úsáidfidh sé gach cumhacht a chuirfear ar fáil dó; agus

▼M7

(b) 

agus an aird chuí á tabhairt ar an gcuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla na n-institiúidí airgeadais; agus

▼M7

(c) 

nuálaíocht teicneolaíochta, samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chur san áireamh.

▼B

2.  Chun na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe cumhachtaí:

(a) 

chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10;

(b) 

chun dréachchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c) 

chun treoirlínte agus moltaí a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16;

▼M7

(ca) 

moltaí a eisiúint mar a leagtar síos in Airteagal 29a;

▼B

(d) 

chun moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17(3);

▼M7

(da) 

rabhaidh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(3);

▼B

(e) 

chun cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig údaráis inniúla a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 19(3);

(f) 

i gcásanna a bhaineann le dlí an Aontais atá infheidhme go díreach, cinntí ar leithligh a dhíreofar chuig institiúidí airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 17(6), in Airteagal 18(4) agus in Airteagal 19(4);

▼M7

(g) 

tuairimí a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 16a;

▼M7

(ga) 

chun freagraí ar cheisteanna a eisiúint de réir mar a leagtar síos in Airteagal 16b;

(gb) 

gníomh i gcomhréir le hAirteagal 9c;

▼B

(h) 

an fhaisnéis is gá maidir le hinstitiúidí airgeadais a bhailiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35;

(i) 

modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag saintréithe táirge agus ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais institiúidí agus ar chosaint do thomhaltóirí;

(j) 

bunachar sonraí a sholáthar, agus rochtain lárnach air, ar bunachar sonraí éde na hinstitiúidí airgeadais cláraithe ina réimse inniúlachta i gcás ina sonraítear amhlaidh sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M7

3.  Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an tÚdarás ar bhonn an chreata reachtaigh agus laistigh de theorainneacha an chreata reachtaigh agus beidh aird iomchuí aige ar phrionsabail na comhréireachta agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear torthaí anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Déanfar na comhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagail 10, 15, 16 agus 16a chomh leathan is féidir chun a áirithiú go n-úsáidfear cur chuige cuimsitheach i leith na bpáirtithe leasmhara uile agus gur féidir go mbeidh achar ama réasúnta ag na páirtithe leasmhara chun freagra a thabhairt. Foilseoidh an tÚdarás achoimre ar an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara agus forbhreathnú ar conas a úsáideadh faisnéis agus tuairimí a bailíodh ón gcomhairliúchán i ndréachtchaighdeán teicniúil rialála agus dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme.

▼B

Airteagal 9

Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais

1.  Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir le cur chun cinn na trédhearcachta, na simplíochta agus na cothroime sa mhargadh do tháirgí airgeadais tomhaltóra nó do sheirbhísí airgeadais tomhaltóra ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

▼M7

(a) 

bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, forbairt na gcostas cuir i gcás, agus forbairt sheirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;

▼M7

(aa) 

athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

(ab) 

(ab) táscairí riosca mhiondíola a fhorbairt le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir a shainaithint go tráthúil;

▼B

(b) 

athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh um litearthacht agus oideachas i gcúrsaí airgeadais ag na húdaráis inniúla;

(c) 

caighdeáin oiliúna a fhorbairt don tionscal; agus

(d) 

rannchuidiú le forbairt rialacha coiteanna um nochtadh faisnéise; agus

▼M7

(e) 

cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais;

(f) 

forbairtí breise a chothú i leith rialála agus maoirseachta a d’fhéadfadh comhchuibhiú níos doimhne agus comhtháthú níos doimhne ar leibhéal an Aontais a éascú;

(g) 

gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil a chomhordú, más infheidhme.

▼M7

2.  Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí a chur chun cinn agus d’fhonn na cleachtais rialála agus maoirseachta a chóineasú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí.

▼B

3.  Féadfaidh an tÚdarás rabhaidh a eisiúint freisin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht airgeadais ina bagairt thromchúiseach ar na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1(5).

▼M7

4.  Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údarás lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bheith ina mbreathnóirí sa Choiste freisin.

5.  Sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargú dáileadh nó díol táirgí, uirlisí nó gníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh díobháil shuntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin.

Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuí agus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméar, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.

Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh an seasann sé leis an gcinneadh sin.

Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.

▼M7

Airteagal 9a

Cúraimí faoi leith a bhaineann le comhrac agus cosc an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta.

1.  Beidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, ar thús cadhnaíochta, ó thaobh comhordú agus faireacháin de, i gcothú na sláine, na trédhearcachta agus na slándála sa chóras airgeadais trí bhíthin forálacha a ghlacfaidh sé chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, sa chóras sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní rachadh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach agus tabharfar an aird chuí iontu ar chineál, scála, agus castacht rioscaí, chleachtais ghnó, shamhlacha gnó agus mhéid oibreoirí na hearnála airgeadais, agus margaí. Ar na bearta sin beidh:

(a) 

faisnéis a bhailiú ó údaráis inniúla a bhaineann le laigí a sainaithníodh le linn maoirseacht leanúnach agus nósanna imeachta údarúcháin leanúnacha sna próisis agus sna nósanna imeachta, sna socruithe rialachais, oiriúnacht agus cuibhiúlacht, fáil sealúchas incháilithe, samhlacha gnó agus gníomhaíochtaí oibreoirí san earnáil airgeadais, a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, mar aon le bearta a rinne údaráis inniúla mar fhreagairt ar na laigí ábhartha seo a leanas a bhfuiul tionchair acu ar cheanglas amháin nó níos mó de cheanglais ghníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus aon dlíthe náisiúnta lenar trasuíodh iad, faoi seach, maidir le húsáid na hearnála airgeadais chun airgead a sciúradh, nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, a chosc agus a chomhrac.

(i) 

sárú a rinne oibreoir san earnáil airgeadais maidir leis na ceanglais sin nó sárú is féidir a dhéanfadh sé maidir leis na ceanglais sin,

(ii) 

cur i bhfeidhm míchuí nó mí-eifeachtach a rinne oibreoir san earnáil airgeadais maidir leis na ceanglais sin, nó

(iii) 

cur i bhfeidhm míchuí nó mí-éifeachtach a rinne oibreoir san earnáil airgeadais ar a bheartais inmheánacha agus a nósanna imeachta chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.

Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis den chineál sin ar fáil don Údarás ina hiomláine mar aon le dualgais ar bith dá mbeidh ann faoi Airteagal 35 den Rialachán seo , agus coinneoidh sé an tÚdarás ar an eolas in am trátha faoi aon fhorbairtí a bheidh ann ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil. Déanfaidh an tÚdarás comhordú i ndlúthpháirt leis na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIUnna) amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849, agus a stádas agus a n-oibleagáidí á n-urramú aige ag an am céanna agus gan aon iontrálacha dúbailte neamhriachtanacha a bheith ann.

Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, aon fhaisnéis bhreise a mheasann siad a bheith ábhartha maidir le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, a chomhroinnt leis an mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear i mír 2.

(b) 

comhordú dlúth a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a mhalartú, leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach maidir le cúrsaí a bhaineann leis na cúraimí a cuireadh air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus le húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 2(1) de Treoir (AE) 2015/849 agus le FIUnna, agus stádas agus oibleagáidí na FIUnna faoi Threoir (AE) 2015/849 á n-urramú acu;

(c) 

treoir choiteann agus caighdeáin choiteanna a fhorbairt chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac san earnáil airgeadais agus a gcur chun feidhme comhsheasmhach a chur chun cinn, go háirithe trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt, i gcomhréir leis na sainorduithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus treoirlínte, moltaí agus bearta eile, lena n-áirítear tuairimí a bheidh bunaithe ar na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorbairt;

(d) 

cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla, nuair a gheofar iarrataí sonracha uathu;

(e) 

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh aonair, agus an leochaileacht agus na rioscaí i dtaca le hearnáil an airgeadais i leith an dá ní seo a leanas a mheas: easpa cosanta ar sciúradh airgid, agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.

Faoin 31 Nollaig 2020, forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an sainmhíniú ar laigí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, lena n-áirítear na cásanna comhfhreagracha ina bhféadfadh lagaithe a tharlú, ábharthacht laigí agus cur chun feidhme praiticiúil an bhailiúcháin faisnéise ag an Údarás chomh maith leis an gcineál faisnéise ba cheart a sholáthar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír. Agus na caighdeáin theicniúla sin á bhforbairt aige, breithneoidh an tÚdarás méid na faisnéise atá le soláthar agus an gá le dúbailt a sheachaint. Leagfaidh sé amach freisin socruithe chun éifeachtacht agus rúndacht a áirithiú.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14.

2.  Bunóidh an tÚdarás bunachar sonraí lárnach agus déanfaidh sé uasdátú air go rialta, sonraí a bhailítear de bhun pointe (a) de mhír 1. Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar anailís ar an bhfaisnéis sin, agus áiritheoidh sé soláthar na faisnéise d’údaráis inniúla de réir mar atá gá acu léi, agus is ar bhonn rúnda a dhéanfar sin. Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, fianaise atá ina sheilbh aige ar féidir go n-eascródh imeachtaí coiriúla aisti a tharchur chuig údaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta. Ar a bharr sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, fianaise a tharchur chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i gcás ina mbainfidh an fhianaise sin le cionta a bhfeidhmíonn Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh nó a bhféadfadh sí inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle ( 21 ).

3.  Féadfaidh údaráis inniúla iarrataí réasúnaithe a dhéanamh, chuig an Údarás, ar fhaisnéis faoi oibreoirí san earnáil airgeadais, faisnéis atá ábhartha dá gcuid gníomhaíochtaí maoirseachta maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Déanfaidh an tÚdarás measúnú ar na hiarratais sin agus déanfaidh sé an fhaisnéis a iarrann na húdaráis inniúla a chur ar fáil ar bhonn riachtanais agus in am trátha. I gcás nach gcuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis iarrtha ar fáil cuirfidh sé é sin in iúl don údarás inniúil iarrthach agus tabharfaidh sé míniú i ndáil leis an bhfáth nach gcuirtear an fhaisnéis ar fáil. Léireoidh an tÚdarás, don údarás inniúil nó d’aon údarás nó institiúid eile a chuir an fhaisnéis iarrtha ar fáil ar dtús, céannacht an údaráis inniúil iarrthaigh, céannacht an oibreora de chuid na hearnála airgeadais lena mbaineann, an chúis a ndearnadh an iarraidh ar fhaisnéis, agus cé acu a ndearnadh an fhaisnéis a chomhroinnt nó nach ndearnadh. Sa bhreis air sin, déanfaidh an tÚdarás anailís ar an bhfaisnéis chun faisnéis ábhartha a chomhroinnt, ar a thionscnamh féin, le húdaráis inniúla maidir lena ngníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Má dhéanann sé an chomhroinnt amhlaidh, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil a chuir an fhaisnéis ar fáil ar dtús. Déanfaidh sé anailís freisin, ar bhonn comhiomlán, le haghaidh na tuairime a iarrtar air a thabhairt de bhun Airteagal 6(5) de Threoir (AE) 2015/849.

Faoin 31 Nollaig 2020, forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an tslí a bhfuil anailís le déanamh ar fhaisnéis agus an tslí a gcuirtear ar fáil í d’údaráis inniúla ar bhonn riachtanais agus ar bhonn rúnda.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14.

4.  Cuirfidh an tÚdarás cóineasú na bpróiseas maoirseachta chun cinn, próiseis dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849, lena n-áirítear trí athbhreithnithe piaraí a dhéanamh agus tuarascálacha agus bearta leantacha a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagail 30 den Rialachán seo. Agus athbhreithnithe á ndéanamh ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo, cuirfidh sé san áireamh meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i ndáil leis an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc chomh maith leis an tuarascáil leathbhliantúil ón gCoimisiúin arna déanamh faoi Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849 agus na measúnuithe ar riosca arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7 den Treoir sin.

5.  Déanfaidh an tÚdarás, le rannpháirtíocht na n-údarás inniúil, measúnuithe riosca chun measúnú a dhéanamh ar na straitéisí, na hacmhainneachtaí agus na hacmhainní atá ag údaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí is tábhachtaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann le sciúradh airgid agus an maoiniú sceimhlitheoireachta ar leibhéal an Aontais, mar a sainaithníodh sa mheasúnú riosca fornáisiúnta. Déanfaidh sé na measúnuithe riosca sin, go háirithe chun an tuairim a eisiúint a iarrtar air a thabhairt de bhun Airteagal 6(5) de Threoir (AE) 2015/849. Na measúnaithe riosca a dhéanfaidh an tÚdarás, is ar an bhfaisnéis atá ar fáil dó a bheidh siad bunaithe, lena n-áirítear athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo, an anailís a rinne sé ar bhonn comhiomlán ar an bhfaisnéis atá bailithe chun críocha an bhunachair sonraí lárnach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, chomh maith le meastóireachtaí ábhartha, measúnuithe ábhartha nó tuarascálacha ábhartha arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhlachtaí idir-rialtasacha a bhfuil inniúlacht acu i réimse an choisc ar an sciúradh airgid agus an maoiniú sceimhlitheoireachta agus measúnuithe náisiúnta riosca an Bhallstáit ábhartha arna ullmhú de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2015/849. Déanfaidh an tÚdarás na measúnuithe riosca a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir.

Chun críche na chéad fhomhíre den mhír seo, agus tríd an gcoiste inmheánach a bhunaítear faoi mhír 7 den Airteagal seo, , déanfaidh an tÚdarás, modhanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun go bhféadfar measúnú oibiachtúil a dhéanamh chomh maith le hathbhreithniú ardcháilíochta comhsheasmhach a dhéanamh ar na measúnuithe agus ar chur i bhfeidhm na modheolaíochta agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Is é an coiste inmheánach sin a dhéanfaidh an t-athbhreithniú ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na measúnuithe riosca. Ullmhóidh sé na dréachtmheasúnuithe riosca a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 44.

6.  I gcásanna ina bhfuil comharthaí soiléire ó fhoinsí iontaofa go ndearna oibreoirí san earnáil airgeadais sáruithe ar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849, a bhfuil an chuma air gur sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha iad, nó teaglaim díobh sin, agus i gcás ina bhfuil gné thrasteorann, le tríú tíortha, ag roinnt leis na cásanna sin, beidh príomhról ag an Údarás in éascú an chomhair idir na húdaráis inniúla san Aontas agus na húdaráis ábhartha sna tríú tíortha i gcás inar gá sin. Beidh ról sin an Údaráis gan dochar d’idirghníomhaíochtaí rialta idir údaráis inniúla agus údaráis tríú tíortha.

7.  Bunóidh an tÚdarás coiste inmheánach buan dar cúram srian a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, chun bearta a chomhordú chun úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac agus chun, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/847 agus, Treoir (AE) 2015/849, na dréachtchinntí uile a ullmhú a bheidh le déanamh ag an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 44 den Rialachán seo.

8.  Is ionadaithe ardleibhéil a bheidh ar an gcoiste dá dtagraítear i mír 7, ar ionadaithe ó údaráis agus comhlachtaí na mBallstát uile iad atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí san earnáil airgeadais Treoir (AE) 2015/849 agus Rialachán (AE) 2015/847 agus treoir (AE) 2015/849 is ionadaithe a bhfuil saineolas agus cumhachtaí cinnteoireachta acu sa réimse maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le hionadaithe ardleibhéil a bhfuil saineolas acu ar mhúnlaí éagsúla gnó agus ar shainiúlachtaí earnála an Údaráis, ón an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) faoi seach. Déanfaidh na hionadaithe ardleibhéil ón Údarás agus ó na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile sin páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an choiste sin gan ceart vótála a bheith acu. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, BERS, agus Bord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi seach, ionadaí ardleibhéil a ainmniú chun páirt a ghlacadh i gcruinnithe den choiste sin i gcáil breathnóirí. Toghfar cathaoirleach an choiste sin as measc chomhaltaí an choiste agus is iad na comhaltaí sin a thoghfaidh é nó í.

Déanfaidh gach institiúid, údarás agus comhlacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ionadaí malartach a ainmniú óna bhaill foirne, duine a fhéadfaidh ionad an chomhalta a ghabháil i gcás nach mbeidh an duine sin in ann freastal ar chruinniú. I gcás na mBallstát a bhfuil níos mó ná údarás amháin iontu atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí san earnáil airgeadais Treoir (AE) 2015/849, féadfaidh na Ballstáit sin ionadaí amháin a ainmniú do gach údarás inniúil. Beag beann ar líon na n-údarás inniúil a bhfuil ionadaíocht acu ag an gcruinniú, beidh vóta amháin ag gach Ballstát. Féadfaidh an Coiste sin grúpaí oibre inmheánacha a bhunú chun plé le gnéithe sonracha dá chuid oibre chun dréachtchinntí ón gcoiste sin a ullmhú.Beidh na grúpaí sin ar oscailt do bhaill foirne as na húdaráis inniúla uile a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste agus as an Údarás, as an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus as an ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí).

9.  Féadfaidh an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), tráth ar bith, barúlacha i scríbhinn a thíolacadh faoi aon dréachtchinneadh a dhéanann an coiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, barúlacha a ndéanfaidh an Bord Maoirseoirí breithniú orthu sula ndéanfaidh an Bord a chinneadh críochnaitheach. I gcás ina mbeidh dréachtchinneadh bunaithe ar na cumhachtaí a thugtar don Údarás faoi Airteagal 9b, Airteagal 17 nó Airteagal 19 nó ina mbeidh baint aige leis na cumhachtaí sin agus go mbaineann an cinneadh leis an méid seo a leanas:

(a) 

institiúidí airgeadais mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó aon cheann de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu siúd, nó

(b) 

rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 nó aon cheann de na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu,

ní fhéadfaidh an tÚdarás an cinneadh a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) i gcás phointe (a) thuas) nó ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) i gcás phointe (b). Cuirfidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) i gcás phointe (a) thuas) nó an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a dtuairimí in iúl don Údarás faoi cheann 20 lá ó dháta an dréachtchinnidh ón gcoiste dá dtagraítear i mír 7. Glacfar leis go bhfuil comhaontú déanta i gcás nach mbeidh a dtuairimí curtha in iúl acu don Údarás faoi cheann 20 lá ná nár iarr siad síneadh a bhfuil údar cuí leis leis na tuairimí sin a chur in iúl.

Airteagal 9b

Iarratas ar fhiosrú i dtaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

1.  I gcás gnóthaí a bhaineann le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac, i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, tig leis an Údarás, sa chás a mheasann sé sáruithe iarbhír a bheith ann, iarraidh ar údarás inniúil faoi mar a thagraítear dó i bpointe (2)(iii) d’Airteagal 4: (a) chun sáruithe féideartha ar dhlí an Aontais a fhiosrú, agus sa chás a bhfuil dlí an Aontais comhdhéanta de Threoracha, nó sa chás a dtugann sé roghanna go neamhbhalbh do na Ballstáit, sáruithe ar dhlíthe náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear Treoracha leo nó go gcuirtear i bhfáth roghanna leo a deonaíodh do na Ballstáit faoi dhlí an Aontais, le hoibreoir san earnáil airgeadais, agus féachaint le smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar an oibreoir sin i bhfianaise na sáruithe sin. Nuair is gá, féadfaidh sé iarraidh ar údarás inniúil freisin, faoi mar a thagraítear dó i bpointe (2)(ii) d’Airteagal 4, smaoineamh ar chinneadh ar leith a ghlacadh a bheadh dírithe ar an oibrí sin san earnáil airgeadais, cinneadh a chuirfeadh faoi ndear dó gach beart ba riachtanach a chur de lena chuid ceanglas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais arbh infheidhme dó go díreach, nó faoi na dlíthe náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear Treoracha nó go gcuirtear i bhfáth roghanna leo a dheonaigh dlí an Aontais do Bhallstáit, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas. Ní chuirfidh na hiarrataí dá dtagraítear sa mhír seo bac ar bhearta maoirseachta leanúnacha a bheidh á ndéanamh ag an údarás inniúil ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid.

2.  Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil gach iarratas a dhéantar air i gcomhréir le mír 1, agus cuireadh sé an tÚdarás ar an eolas, a luaithe is féidir agus laistigh de 10 lá oibre ar a dhéanaí, faoi bearta atá déanta aige, nó na bearta atá ar intinn aige a dhéanamh, leis an iarratas sin a chomhlíonadh.

3.  Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcuirfidh údarás inniúil an tÚdarás ar an eolas laistigh de 10 lá oibre faoi na bearta atá déanta aige nó atá beartaithe aige chun mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, beidh feidhm ag Airteagal 17 den Rialachán seo.

Airteagal 9c

Litreacha i dtaca le gan gníomhú

1.  Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasann sé gur baol i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na na gníomhartha sin, gur dócha go dtarraingeofaí saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

má mheasann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile,

(b) 

i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm an ghnímh mar is ceart;

(c) 

bheadh deacrachtaí praiticiúla ann de dheasca treoirlínte agus moltaí a bheith in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtach ábhartha.

2.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás cuntas mionsonraithe do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún ar na saincheisteanna a mheasann sé a bheith ann , agus is i scríbhinn a dhéanfaidh sé sin.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, tabharfaidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag roinnt leis an gceist dar leis an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás meastóireacht a luaithe is féidir ar an ngá atá le treoirlínte nó moltaí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

Déanfaidh an tÚdarás gníomh go pras, go háirithe d’fhonn rannchuidiú leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 a chosc, aon uair is féidir sin.

3.  Nuair is gá i gcásanna dá dtagraítear i mír 1, agus go dtí go nglacfar agus go gcuirfear i bhfeidhm bearta nua de réir na mbeart dá dtagraítear i mír 2, eiseoidh an tÚdarás tuairimí maidir le forálacha sonracha de na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a chur chun cinn, agus fós d’fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach.

4.  Más rud é, ar bhonn na faisnéise a gheofar, go háirithe ó údaráis inniúla, go measann an tÚdarás, maidir le haon ceann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó aon cheann de na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe ar na gníomhartha reachtacha sin, go bhfuil saincheisteanna eisceachtúla suntasacha ann a bhaineann leis an méid seo a leanas: ontaoibh sa mhargadh, cosaint don tomhaltóir, don chustaiméir nó don infheisteoir, feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó na margaí tráchtearraí, nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, cuirfidh sé cuntas mionsonraithe i scríbhinn gan mhoill chuig na húdaráis inniúla agus chuig an gCoimisiún faoi na saincheisteanna is dóigh leis a bheith ann. Féadfaidh an tÚdarás tuairim a chur in iúl don Choimisiún maidir le haon ghníomhaíocht is dóigh leis a bheith iomchuí, i bhfoirm togra reachtach nua nó togra le haghaidh gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme nua, agus ar an bpráinn atá ag baint leis an gceist. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim in iúl don phobal.

▼B

Airteagal 10

Caighdeáin theicniúla rialála

▼M7

1.  I gcás ina dtarmligeann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhacht chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 290 CFAE chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thabhairt chun cinn. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin ionas go nglacfaidh an Choimisiúin iad. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

▼B

Beidh na caighdeáin theicniúla rialála teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus beidh a n-inneachar faoi theorainn ag na gníomhartha reachtacha ar a mbeidh siad bunaithe.

▼M7

Sula dtíolacfaidh an tÚdarás don Choimisiún iad, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Lena chois sin, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37.

▼M7 —————

▼M7

Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil rialála, déanfaidh sé cinneadh an nglacfaidh sé é nó nach nglacfaidh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 3 mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh go páirteach amháin, nó tacú le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil rialála a ghlacadh, nó é a ghlacadh i bpáirt nó maille le leasuithe, cuirfidh sé an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar ais chuig an Údarás, maille le míniú ar cén fáth nach nglacann sé é nó maille le míniú ar na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse 6 seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an gCoimisiún agus é a atíolacadh don Choimisiún ina thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

▼B

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin sé seachtaine in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar, nó féadfaidh sé diúltú don chaighdeán.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil rialála arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

▼M7

2.  I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am trátha más amhlaidh nach féidir leis teacht leis an teorainn ama nua.

▼B

3.  I gcás nach ndéanann an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.

▼M7

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach i dtaca le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin tuairim nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.

▼B

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún a dhréachtchaighdeán teicniúil rialála chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil rialála leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den tréimhse sé seachtaine, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil rialála a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha. Ní fhéadfaidh an Coimisiún athrú a dhéanamh ar inneachar an dréachtchaighdeáin teicniúil rialála arna n-ullmhú ag an Údarás comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar síos san Airteagal seo.

▼M7

4.  Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil rialála’ le feiceáil sa teideal atá ar chinntí rialála den sórt sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sinagus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

▼B

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Maidir leis an gcumhacht chun caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse ceithre bliana ón 16 Nollaig 2010. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcumhacht tharmligthe a ullmhú tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.  A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála, tabharfaidh sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

3.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 go hAirteagal 14 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh.

Airteagal 12

An tarmligean a chúlghairm

1.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth.

2.  Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme.

3.  Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige láithreach nó ar an dáta a shonraítear ann ar a dhéanaí. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na gcaighdeán teicniúil rialála atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 13

Agóidí in aghaidh na gcaighdeán teicniúil rialála

1.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh caighdéain theicniúil rialála laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a dtabharfar an fógra i leith an chaighdeáin teicniúil rialála arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí.

▼M7 —————

▼B

2.  Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an chaighdeáin theicniúil rialála, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag más rud é go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.  Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh caighdeáin theicniúil rialála laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an caighdeán sin i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 CFAE, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an chaighdeáin theicniúil rialála.

Airteagal 14

Gan tacú leis an dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó iad a leasú

1.  I gcás ina dtacaíonn an Coimisiún le dréachtchaighdeán teicniúil rialála nó go leasaíonn sé é mar a fhoráiltear in Airteagal 10, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin don Údarás, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige.

2.  Más iomchuí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, laistigh de mhí amháin ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, a iarraidh ar an gCoimisinéir freagrach, mar aon le Cathaoirleach an Údaráis, teacht chuig cruinniú ad hoc le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa nó leis an gComhairle chun a gcuid easaontas a chur i láthair agus a mhíniú.

Airteagal 15

Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme

▼M7

1.  I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu, agus is é a bheidh san inneachar, ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a chuid dréachtchaighdeán teicniúil rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Coimisiúin iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37.

Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh é a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse trí mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh i bpáirt amháin, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe, más mithid sin ar mhaithe le leas an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh i bpáirt amháin, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe , cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige tacú leis nó, de réir mar a bheidh an cás, míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú dó mar chaighdeán.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

2.  Nuair nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas, in am trátha, nach gcomhlíonfaidh sé an teorainn ama nua.

▼B

3.  I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.

▼M7

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí Baincéireachta is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.

▼B

Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Seolfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh.

Má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den thréimhse sé seachtaine sin, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

▼M7

4.  Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ sa teideal atá rialacháin nó cinntí den sórt sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sin, agus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

▼B

Airteagal 16

Treoirlínte agus moltaí

▼M7

1.  D’fhonn cleachtais maoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú laistigh de CEMA, agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar shlí choiteann aonfhoirmeach chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla uile nó ar institiúidí airgeadais uile agus moltaí chuig údarás inniúil amháin nó níos mó nó chuig institiúid airgeadais amháin nó níos mó.

Beidh na treoirlínte agus na moltaí i gcomhréir leis na cumhachtuithe atá tugtha sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó san Airteagal seo.

2.  I gcás inarb iomchuí seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na treoirlínte agus na moltaí sin a eisiúint. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 37. I gcás nach dtionólann an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí nó nach n-iarrann comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, cuirfidh an tÚdarás na cúiseanna atá ann chuige ar fáil.

▼M7

2a.  Na treoirlínte agus na moltaí atá ann, beidh rud iontu seachas tagairt d’eilimintí gníomhartha reachtacha, nó atáirgeadh ar na heilimintí sin. Sula n-eisítear treoirlíne nó moladh, déanfaidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí atá ann cheana a athbhreithniú ar dtús chun dúbailt a sheachaint.

▼B

3.  Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na hinstitiúidí airgeadais gach iarracht na treoirlínte agus na moltaí sin a chomhlíonadh.

Laistigh de dhá mhí ón tráth a eiseofar treoirlíne nó moladh, tabharfaidh gach údarás inniúil daingniú i dtaobh an bhfuil an treoirlíne nó an moladh sin á comhlíonadh nó á chomhlíonadh aige nó an bhfuil sé beartaithe aige an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil treoirlíne nó moladh á comhlíonadh nó á chomhlíonadh ag údarás inniúil, nó i gcás nach mbeartaíonn sé treoirlíne nó moladh a chomhlíonadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Údarás agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.

I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin, nó nach mbeartaíonn údarás inniúil an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh, foilseoidh an tÚdarás an méid sin. Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh freisin, de réir gach cáis ar leith, na cúiseanna a sholáthraíonn an t-údarás inniúil i leith neamhchomhlíonadh na treoirlíne nó an mholta sin a fhoilsiú. Cuirfear fógra chuig an údarás inniúil roimh ré maidir le foilsiú den sórt sin.

Má cheanglaítear amhlaidh leis an treoirlíne nó leis an moladh sin, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais tuairisciú, ar shlí shoiléir mhionsonraithe, i dtaobh an gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin.

▼M7

4.  Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus don Choimisiún ar an eolas maidir leis na treoirlínte arna n-eisiúint.

▼M7

Airteagal 16a

Tuairimí

1.  Féadfaidh an tÚdarás, ach a n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún orthu é, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.

2.  D’fhéadfadh anailís theicniúil nó comhairliúchán poiblí a bheith san áireamh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1.

3.  Maidir le measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2013/36/AE, agus lena gceanglaítear, de réir an Airteagail sin, comhairliúchán a bheith ann idir na húdaráis inniúla ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh ó cheann amháin de na húdaráis inniúla lena mbaineann, tuairim ar mheasúnuithe den chineál sin a eisiúint agus a fhoilsiú. Eiseofar an tuairim go pras agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe dá dtagraítear san Airteagal sin.

4.  Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún, féadfaidh an tÚdarás comhairle theicniúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 16b

Ceisteanna agus Freagraí

1.  Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil nó cur chun feidhme fhorálacha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), gníomhartha gaolmhara tarmligthe agus cur chun feidhme, agus treoirlínte agus na moltaí a glacadh de bhun na ngníomhartha reachtacha sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis inniúla agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, iad a chur faoi bhráid an Údaráis in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Sula gcuirfidh siad ceist faoi bhráid an Údaráis, déanfaidh na hinstitiúidí airgeadais a mheas an gcuirfidh siad an cheist i dtosach ar a n-údarás inniúil.

Sula bhfoilsítear freagraí ar cheisteanna inghlactha, féadfaidh an tÚdarás tuilleadh soiléirithe a lorg ar cheisteanna a chuireann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach dá dtagraítear sa mhír seo.

2.  Na freagraí ón Údarás ar na ceisteanna dá dtagraítear i mír 1, is neamhcheangailteach dóibh. Ar a laghad, is sa teanga inar cuireadh an cheist a thabharfar an freagra.

3.  Bunóidh agus coimeádfaidh an tÚdarás uirlis ghréasánbhunaithe a bheidh ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun ceisteanna a chlárú agus gach ceist a fuarthas a fhoilsiú in am is i dtráth, mar aon le freagraí ar gach ceist inghlactha de bhun mhír 1, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na ndaoine sin nó go mbeadh rioscaí ag baint leis sin do chobhsaíocht an chórais airgeadais. Ceisteanna nach rún don Údarás a bhfreagairt, féadfaidh sé diúltú dóibh. Foilseoidh an tÚdarás ceisteanna diúltaithe ar a shuíomh gréasáin go ceann dhá mhí.

4.  Féadfaidh triúr comhaltaí vótála den Bhord Maoirseoirí iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a chinneadh de bhun Airteagal 44 an dtabharfar aghaidh ar shaincheist na ceiste inghlactha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sna treoirlínte de bhun Airteagal 16, comhairle a iarraidh ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37, athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna agus freagraí ag na heatraimh iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí a sheoladh nó anailís a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach le raon feidhme, cineál agus tionchar na ndréachtcheisteanna agus na ndréachtfhreagraí lena mbaineann, nó i ndáil leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. I gcás ina mbeidh an Grúpa Geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 37 rannpháirteach iontu sin, beidh feidhm ag far dualgas rúndachta.

5.  Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún , ceisteanna lena gceanglaítear léirmhíniú maidir le dlí an Aontais. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagraí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.

▼B

Airteagal 17

Sárú ar dhlí an Aontais

1.  I gcás nach bhfuil na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) curtha i bhfeidhm ag údarás inniúil, nó i gcás ina bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige ar bhealach ar dealraitheach ina leith gur sárú ar dhlí an Aontais é, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála agus na caighdeáin theicniula cur chun feidhme arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, go háirithe trí mhainneachtain a áirithiú go sásaíonn institiúid airgeadais na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin, gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 6 den Airteagal seo.

▼M7

2.  Ar iarraidh ó údarás inniúil amháin nó níos mó, nó ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, nó ón nGrúpa Geallsealbhóirí Geallsealbhóirí Baincéireachta, nó dá thionscnamh féin, lena n-áirítear nuair a bheidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, tabharfaidh an tÚdarás freagra ar an iarraidh trína mhíniú cén chaoi a bhfuil a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh leis an gcás, agus, i gcás inarb iomchuí, imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

▼M2

Without prejudice to the powers laid down in Article 35, the competent authority shall, without delay, provide the Authority with all information which the Authority considers necessary for its investigation including as to how the acts referred to in Article 1(2) are applied in accordance with Union law.

▼M7

Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 35, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an t-údarás inniúil lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig údaráis inniúla eile aon uair gur cruthaíodh nár leordhóthanach faisnéis a iarraidh ón údarás inniúil, nó aon uair a mheastar nach leordhóthanach an fhaisnéis sin a iarraidh uaidh chun an fhaisnéis a fháil a mheastar is gá chun críche imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhainte ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.

Soláthróidh seolaí iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir chruinn iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.

2a.  Gan dochar do na cumhachtaí faoin Rialachán seo agus sula n-eiseoidh an tÚdarás moladh mar a leagtar amach i mír 3, , rachaidh an tÚdarás i gcomhar leis an údarás inniúil lena mbaineann, i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí sin a dhéanamh chun sárú ar dhlí an Aontais a réiteach, féachaint le socrú a fháil maidir leis na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil dlí an Aontais.

▼B

3.  Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná dhá mhí ón imscrúdú a thionscnamh, moladh a dhíriú chuig an údarás inniúil lena mbaineann, ar moladh é ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh.

Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de dheich lá oibre ón moladh a fháil, na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais a chur in iúl don Údarás.

4.  I gcás nach mbeidh dlí an Aontais á chomhlíonadh ag an údarás inniúil laistigh de mhí amháin ó mholadh an Údaráis a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, nó ar a thionscnamh féin, tuairim fhoirmiúil a eisiúint á cheangal ar an údarás inniúil an ghníomhaíocht a dhéanamh is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfear moladh an Údaráis san áireamh i dtuairim fhoirmiúil an Choimisiúin.

Déanfaidh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil den sórt sin a eisiúint tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an trátha a nglactar an moladh. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú mí amháin.

Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún.

5.  Laistigh de dheich lá oibre ón tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 a fháil, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá a bheartaíonn sé a dhéanamh chun an tuairim fhoirmiúil sin a chomhlíonadh.

▼M7

6.  Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, sa chás nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear ann, agus i gcás inar gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas go tráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a chothabháil nó a athshlánú, nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach ar institiúidí airgeadais, nó i gcomhthéacs gnóthaí a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, más infheidhme dóibh ar oibreoirí san earnáil airgeadais, cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais nó ar oibrí eile san earnáil airgeadais, cinneadh á cheangal chun an ghníomhaíocht a dhéanamh is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas.

I ngnóthaí a bhaineann le cosc ar chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, sa chás nach infheidhme go díreach ar oibreoirí san earnáil airgeadais do cheanglais ábhartha na ngníomh reachtach a dtagraítear dóibh in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh a chuirfidh iallach ar an údarás inniúil géilleadh don tuairim fhoirmiúil a dtagraítear di i mír 4 den Airteagal seo sula mbeidh an tréimhse a shonraítear ann istigh. Mura ngéilleann an t-údarás don chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh chomh maith i gcomhréir leis an gcéad fho-alt. Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine agus, sa chás go bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm an dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. Sa chás go bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás, ina theannta sin, an dlí náisiúnta i bhfeidhm sa mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.

Beidh cinneadh an Údaráis i gcomhréir leis an tuairim fhoirmiúil a d’eisigh an Coimisiún de bhun mhír 4.

7.  Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar i gcomhréir le mír 6 ar aon chinneadh a rinne na húdaráis inniúla roimhe sin maidir leis an ábhar céanna.

Nuair a bheidh gníomhaíocht á déanamh maidir le saincheisteanna atá faoi réir tuairime foirmiúla de bhun mhír 4, nó faoi réir cinneadh de bhun mhír 6, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla an tuairim fhoirmiúil nó an cinneadh, de réir mar a bheidh.

▼B

8.  Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5), leagfaidh an tÚdarás amach cé na húdaráis inniúla agus na hinstitiúidí airgeadais nár chomhlíon na tuairimí foirmiúla nó na cinntí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo.

▼M7

Airteagal 17a

Cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú

1.  Faisnéis a sholáthraíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha, le mí-úsáid dlí, nó le cás nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, ba cheart bealaí tuairiscithe tiomnaithe chun an fhaisnéis sin a fháil agus a láimhseáil a chur i bhfeidhm.

2.  Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann tuairisciú trí na bealaí sin, déanfar iad a chosaint ar fhrithbheart i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ), i gcás inarb infheidhme.

3.  Áiritheoidh an tÚdarás go bhféadfar faisnéis a thabhairt gan ainm, nó go rúnda agus go sábháilte. I gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil fianaise nó tásca suntasacha san fhaisnéis ar sháruithe ábhartha, tabharfaidh sé aiseolas don duine a rinne an tuairisciú.

▼B

Airteagal 18

Gníomhaíocht i staideanna éigeandála

▼M1

1.  I gcás ina dtarlaíonn forbairtí dochracha a d'fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol, déanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíochtaí a dtugann na húdaráis inniúla maoirseachta ábhartha fúthu a éascú go gníomhach agus, más gá, a chomhordú.

Chun a bheith in ann an ról sin maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh, cuirfear an tÚdarás ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus iarrfaidh na húdaráis inniúla maoirseachta ábhartha air páirt a ghlacadh mar bhreathnóir in aon chruinniú ábhartha.

▼B

2.  Tar éis iarraidh a fháil ón Údarás, ón gCoimisiún nó ón BERS, féadfaidh an Chomhairle, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, leis na ÚMEanna, cinneadh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an Údarás agus lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcinneadh sin ag eatraimh iomchuí agus uair amháin sa mhí ar a laghad. Más rud é nach ndéantar athnuachan ar an gcinneadh ag deireadh tréimhse míosa, rachaidh an cinneadh in éag go huathoibríoch. Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, a dhearbhú nach ann don staid éigeandála a thuilleadh.

Más rud é go measann an BERS nó an tÚdarás go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn, eiseoidh sé moladh rúnda a bheidh dírithe ar an gComhairle agus déanfaidh sé measúnú ar an staid a sholáthar don Chomhairle. Déanfaidh an Chomhairle a mheas ansin an gá cruinniú a thionól. Sa phróiseas sin, ráthófar cúram cuí maidir le rúndacht.

Má chinneann an Chomhairle go bhfuil staid éigeandála ann, cuirfidh sé an méid sin in iúl go cuí agus gan mhoill do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún.

▼M7

3.  I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus in imthosca eisceachtúla, inar gá gníomhaíocht chomhordaithe de chuid na n-údarás inniúil chun freagairt d’fhorbairtí díobhálacha a d’fhéadfadh feidhmiú rianúil nó sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leith a ghlacadh lena gceanglófar ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí airgeadais agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha sin.

▼B

4.  Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, más i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis dá dtagraítear i mír 3 laistigh den tréimhse a leagtar síos sa chinneadh sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil na ceanglais ábhartha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear i gcaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe. Ní bheidh feidhm aige seo ach amháin i staideanna ar ina leith nach ndeanann údarás inniúil na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na gníomhartha sin a chur i bhfeidhm, nó ina gcuireann sé i bhfeidhm iad ar bhealach ar dealraitheach ina leith gur sárú follasach ar na gníomhartha sin é, agus i gcás ina bhfuil gá le leigheas práinneach chun feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais a aisiriú nó chun cobhsaíocht an chórais airgeadais in iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a aisiriú.

5.  Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna.

Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.

Airteagal 19

Easaontais idir údaráis inniúla i staideanna trasteorann a réiteach

▼M7

1.  I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:

(a) 

ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

(b) 

i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás, dá thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.

▼M7

1a.  Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill míchuí nár baineadh comhaontú amach.

(a) 

i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

tá an sprioc-am dulta in éag; nó

(ii) 

cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla;

(b) 

i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh an ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

cinneadh a bheith déanta ag péire ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla; nó

(ii) 

dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

1b.  Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil.

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44(3a), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo curtha i gcrích.

▼B

2.  Déanfaidh an tÚdarás teorainn ama a leagan amach don idir-réiteach idir na húdaráis inniúla, agus aon teorainneacha ama ábhartha a shonraítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh. Ag an tráth sin, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí.

3.   ►M7  Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais. ◄

▼M7

3a.  Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, agus, nuair is infheidhme, an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.

▼M7

4.  Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, i gcás nár chomhlíon údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, gur mhainnigh sé a áirithiú go gcomhlíonfadh institiúid airgeadais nó, i gcomhthéacs gnóthaí a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, go gcomhlíonfadh oibreoir san earnáil airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir leo de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar an institiúid airgeadais sin nó ar an oibreoir sin san earnáil airgeadais á cheangal orthu gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas faoi leith.

I ngnóthaí a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó sceimhlitheoirí a mhaoiniú, féadfaidh an tÚdarás, ina theannta sin, cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo sa chás nach bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) infheidhme go díreach maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais. Chun na críche sin, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm ina iomláine agus, sa chás go bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. Sa chás go bhfuil dlí ábhartha an Aontais comhdhéanta de Rialacháin, agus sa chás go dtugann na Rialacháin sin roghanna do Bhallstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás, ina theannta sin, dlí náisiúnta i bhfeidhm a mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.

▼B

5.  Beidh forlámhas ag cinntí nglacadh faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna. Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le fíorais atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.

6.  Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 50(2), leagfaidh Cathaoirleach an Údaráis amach nádúr agus cineál na n-eastaontas atá ann idir na húdaráis inniúla, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.

Airteagal 20

Easaontais idir údaráis inniúla trasna earnálacha a réiteach

Réiteoidh an Comhchoiste, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 19 agus in Airteagal 56, aon easaontais trasearnála a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir údaráis inniúla de réir mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 4 den Rialachán seo agus de Rialachán (AE) 1094/2010 agus de Rialachán (AE) 1095/2010, faoi seach.

▼M1

Airteagal 20a

Cóineasú an phróisis athbhreithnithe maoirseachta

Cuirfidh an tÚdarás, faoi réir raon feidhme a chumhachtaí, cóineasú an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta chun cinn i gcomhréir le Treoir 2013/36/ AE chun caighdeáin láidre mhaoirseachta a thabhairt i gcrích san Aontas.

▼B

Airteagal 21

Coláistí maoirseoirí

▼M7

1.  Cuirfidh an tÚdarás feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí chun cinn agus déanfaidh sé faireachán ar fheidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí sin faoi raon feidhme a chuid cumhachtaí i gcás ina dtagraítear dó, arna mbunú le gníomhartha reachtacha, in Airteagal 1(2) agus déanfaidh sé comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a chothú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí. Agus é mar chuspóir aige dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, cuirfidh an tÚdarás comhphleananna maoirseachta agus comhscrúduithe chun cinn agus beidh sé de cheart iomlán ag baill foirne an Údaráis a bheith go hiomlán rannpháirteach sa choláiste maoirseoirí agus, dá dhroim sin, beidh siad in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.

▼M1

2.  Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23 agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste.

▼B

Chun críche na míre seo agus chun críche mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur “údarás inniúil” é an tÚdarás de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha.

Féadfaidh an tÚdarás:

(a) 

an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a pháirtiú i gcomhar leis na húdaráis inniúla chun obair an choláiste a éascú agus chun córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla sa choláiste ar an bhfaisnéis sin;

▼M7

(b) 

tástálacha struis uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cumas na n-institiúidí airgeadais a mheas, go háirithe an riosca sistéamach atá ann i leith na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23, i ndáil le déileáil le forbairtí dochracha margaidh, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú ar an riosca sistéamach i staideanna struis, á áirithiú go gcuirfear modheolaíocht chomhsheasmhach i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin agus, i gcás inarb iomchuí, chun moladh a dhíriú ar an údarás inniúil chun saincheisteanna a shainaithnítear sa tástáil struis a cheartú, lena n-áirítear moladh measúnuithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé a iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair chun inchomparáideacht agus iontaofacht na modhanna, na gcleachtas agus na dtorthaí measúnuithe uile-Aontais a áirithiú;

▼B

(c) 

gníomhaíochtaí maoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a dtagann institiúidí airgeadais faoina lé nó a bhféadfadh institiúidí airgeadais teacht faoina lé a mheas, de réir mar a chinntear faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta nó i staideanna struis;

(d) 

i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na húdaráis inniúla i gcrích; agus

(e) 

a iarraidh go ndéanfadh coláiste tuilleadh plé in aon chásanna ina measann sé gurb é a leanfadh as an gcinneadh ná cur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais nó nach rannchuideodh an cinneadh sin leis an gcuspóir a bhaineann le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Féadfaidh sé freisin a cheangal ar mhaoirseoir an ghrúpa cruinniú a shocrú don choláiste nó mír a chur le clár oibre cruinnithe.

▼M7

3.  Féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir leis na cumhachtuithe a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 15, chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm ann i dtaca leis na forálacha a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí. Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí, a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 chun cóineasú a chur chun cinn i ndáil leis an bhfeidhmiú maoirseachta agus na dea-chleachtais arna nglacadh ag na coláistí maoirseoirí.

▼B

4.  Beidh ról idirghabhála atá ceangailteach le dlí ag an Údarás, ar ról é lena ndéanfar díospóidí idir údaráis inniúla a réiteach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19. Féadfaidh an tÚdarás cinntí maoirseachta a dhéanamh a bheidh infheidhme go díreach ar an institiúid lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 19.

Airteagal 22

▼M7

Forálacha ginearálta maidir le rioscaí sistéamacha

▼B

1.  Déanfaidh an tÚdarás breithniú cuí ar an riosca sistéamach amhail a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Tabharfaidh sé aghaidh ar aon riosca go dtarlóidh suaitheadh sna seirbhísí airgeadais, ar suaitheadh é de chineál:

(a) 

arb é is cúis leis ná lagú an chórais airgeadais ina iomláine nó lagú codanna den chóras sin agus

(b) 

a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige don mhargadh inmheánach agus don fhíorgheilleagar.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tÚdarás breithniú ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar an riosca sistéamach de réir mar a bheith na nithe sin forbartha ag an BERS agus ag an Údarás agus gníomhóidh sé mar fhreagairt ar rabhaidh agus ar mholtaí ón BERS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

▼M1

1a.  Ar a laghad uair sa bhliain, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil sé iomchuí measúnuithe a dhéanamh ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 32 agus cuirfidh sé a chuid réasúnaithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéantar na measúnuithe sin ar fud an Aontais nochtfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.

▼M7

2.  Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, agus i gcomhréir le hAirteagal 23, sraith chomhchoiteann táscairí cainníochtúla agus táscairí cáilíochtúla (deais rioscaí) a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas.

▼B

Déanfaidh an tÚdarás réim dhóthanach tástála struis a fhorbairt freisin chun cabhair a thabhairt maidir leis na hinstitiúidí sin a shainaithint a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann ina leith. Beidh na hinstitiúidí sin faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.

3.  Gan dochar do na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh an tÚdarás, de réir mar is gá, treoirlínte agus moltaí breise a tharraingt suas do na hinstitiúidí airgeadais chun an riosca sistéamach atá ann ina leith a chur san áireamh.

Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais a chur san áireamh nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á bhforbairt sna réimsí a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼M7

4.  Arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh Parlaimint an hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún, nó ar thionscnamh an Údaráis féin, féadfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh i leith cineáil áirithe institiúide airgeadais nó i leith cineáil táirge nó i leith cineáil iompraíochta chun na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do chosaint custaiméirí nó tomhaltóirí.

Tar éis fiosrúchán de bhun na chéad fhomhíre, féadfaidh an Bord Maoirseoirí moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le gníomhaíocht do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Chun na gcríoch sin, féadfaidh an tÚdarás úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear Airteagal 35.

▼B

5.  Áiritheoidh an Comhchoiste comhordú foriomlán agus trasearnála na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 23

Riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas

▼M7

1.  Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis an BERS, critéir a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas, mar aon le réim tástála struis a fhorbairt ina n-áirítear meastóireacht ar an bhféidearthacht go dtiocfadh méadú, i staideanna struis, ar an riosca sistéamach atá ann i leith rannpháirtithe margaidh airgeadais nó mar gheall orthu, lena n-áirítear an riosca sistéamach comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh na hinstitiúidí airgeadais a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann mar gheall orthu faoi réir maoirseachta neartaithe agus, más gá, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 25.

▼B

2.  Déanfaidh an tÚdarás na cineálacha cur chuige idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh nuair a bheidh forbairt á déanamh ar na critéar chun riosca sistéamach i leith institiúidí airgeadais, lena n-áirítear na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, a shainaithint agus a thomhas.

Airteagal 24

Buanchumas freagairt do rioscaí sistéamacha

1.  Áiritheoidh an tÚdarás go mbeidh cumas speisialaithe agus leanúnach aige chun freagairt go héifeachtach ar theacht chun cinn na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 22 agus in Airteagal 23, go háirithe i ndáil le hinstitiúidí a bhfuil riosca sistéamach ann ina leith.

2.  Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí a thugtar dó sa Rialachán seo agus sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chomhall, agus rannchuideoidh sé lena áirithiú go bhfuil réim chomhleanúnach chomhordaithe bainistithe agus réitithe géarchéime ann san Aontas.

Airteagal 25

Nósanna imeachta téarnaimh agus réitigh

▼M1

1.  Rannchuideoidh an tÚdarás le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh le haghaidh institiúidí airgeadais ar pleananna iad atá éifeachtach comhsheasmhach agus cothrom le dáta agus glacfaidh sé páirt ghníomhach san fhorbairt agus sa chomhordú sin. Cuideoidh an tÚdarás freisin i gcás ina ndéantar foráil dó sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le nósanna imeachta i staideanna éigeandála agus bearta coisctheacha a fhorbairt chun an tionchar sistéamach a ghabhann le haon chliseadh a íoslaghdú.

▼M4

1a.  Féadfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha an Bhoird, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, agus ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanann údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa Sásra Réitigh Aonair i réiteach grúpaí trasteorann dóibh a eagrú agus a chur i gcrích chun éifeachtacht agus comhsheasmhacht torthaí a threisiú. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh.

▼B

2.  Féadfaidh an tÚdarás dea-chleachtais a shainaithint atá dírithe ar éascaíocht a dhéanamh maidir le hinstitiúidí atá lag, agus go háirithe grúpaí trasteorann, a réiteach ar bhealaí trína seachnófar tógálacht, á áirithiú go mbeidh huirlisí cuí, lena n-áirítear acmhainní dóthanacha, ar fáil agus trína gceadófar réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa ar shlí ordúil, chost-éifeachtach agus thráthúil.

3.  I gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 15 den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt de réir mar atá sonraithe sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 26

Córas Eorpach na scéimeanna ráthaíochta taiscí

1.  Rannchuideoidh an tÚdarás le Córas Eorpach scéimeanna ráthaíochta taiscí a neartú trí ghníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo lena áirithiú go ndéantar Treoir 94/19/CE a chur i bhfeidhm i gceart agus é mar aidhm aige a áirithiú go bhfaighidh scéimeanna náisiúnta ráthaíochta taiscí cistiúchán leordhóthanach ó ranníocaíochtaí ó institiúidí airgeadais lena n-áirítear ó na hinstitiúidí airgeadais sin atá bunaithe laistigh den Aontas agus atá ag glacadh le taiscí laistigh den Aontas ach a bhfuil a gceanncheathrú suite lasmuigh den Aontas mar a fhoráiltear i dTreoir 94/19/CE, agus soláthróidh sé ardleibhéal cosanta do gach taisceoir i gcreat comhchuibhithe ar fud an Aontais, rud a fhágfaidh ról coimircithe cobhsaithe na scéimeanna frithpháirteacha ráthaíochta slán, ar choinníoll go gcomhlíonann siad reachtaíocht an Aontais.

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 16, a bhaineann le cumhachtaí an Údaráis chun treoirlínte agus moltaí a ghlacadh, maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí.

3.  Féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, mar atá sonraithe sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 15.

4.  Maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo, dá bhforáiltear in Airteagal 81, déanfar scrúdú lena linn go háirithe ar chóineasú chóras Eorpach na scéimeanna náisiúnta ráthaíochta taiscí.

Airteagal 27

An córas Eorpach um réiteach banc agus um shocruithe cistiúcháin

1.  Rannchuideoidh an tÚdarás le modhanna a fhorbairt chun institiúidí airgeadais atá ag cliseadh a réiteach, go háirithe na hinstitiúidí sin a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ann ina leith, ar bhealaí ina seachnófaí tógálacht, agus ina dtabharfaí deis chun iad a fhoirceannadh ar mhodh ordúil agus tráthúil, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí comhleanúnacha daingne cistiúcháin de réir mar is iomchuí.

▼M1

2.  Cuirfidh an tÚdarás measúnú ar an ngá atá le córas sásraí comhleanúnacha, daingne inchreidte cistiúcháin a bheith ann ar fáil, mar aon le hionstraimí airgeadais iomchuí a bheadh nasctha le sraith socruithe comhordaithe um bainistiú géarchéime.

▼B

Rannchuideoidh an tÚdarás leis an obair ar an saincheisteanna cothromaíochta agus ar na tionchair charnacha a bheidh ag aon chóras tobhach agus ranníocaíochtaí a d’fhorchuirfí ar institiúidí airgeadais agus a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun comhroinnt chothrom an ualaigh a áirithiú agus ag aon chóras dreasachtaí chun srian a chur leis an riosca sistéamach mar chuid de chreat comhleanúnach inchreidte i gcomhair réitithe.

▼M7 —————

▼B

Airteagal 28

Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean

1.  Féadfaidh údaráis inniúla, le toiliú an tarmligí, cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig an Údarás nó chuig údaráis inniúla eile, ach sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a leagan amach maidir le tarmligean freagrachtaí nach mór a chomhlíonadh sula ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil comhaontuithe den sórt sin maidir le tarmligean agus féadfaidh siad raon feidhme an tarmligin a theorannú do na nithe is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar institiúidí airgeadais trasteorann nó ar ghrúpaí airgeadais trasteorann.

2.  Déanfaidh an tÚdarás tarmligean cúraimí agus freagrachtaí idir údaráis inniúla a spreagadh agus a éascú trí na cúraimí agus na freagrachtaí sin is féidir a tharmligean nó a fheidhmiú go comhpháirteach a shainaithint agus trí dhea-chleachtais a chur chun cinn.

3.  Is é a leanfaidh as tarmligean freagrachtaí ná ath-leithdháileadh na n-inniúlachtaí a leagtar síos sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Is le dlí údarás an tarmligí a rialófar an nós imeachta, an forfheidhmiú agus an t-athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach a bhaineann leis na freagrachtaí tarmligthe.

4.  Cuirfidh na húdaráis inniúla an tÚdarás ar an eolas faoi chomhaontuithe a bheartaíonn siad a dhéanamh maidir le tarmligean. Tabharfaidh siad éifeacht do na comhaontuithe aon mhí amháin, ar a luaithe, tar éis an tÚdarás a chur ar an eolas.

Féadfaidh an tÚdarás tuairim faoin gcomhaontú beartaithe a thabhairt laistigh de mhí amháin ón tráth a gcuirtear ar an eolas é.

Lena áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go hiomchuí, déanfaidh an tÚdarás aon chomhaontú maidir le tarmligean arna thabhairt i gcrích ag na húdaráis inniúla a fhoilsiú ar mhodh iomchuí.

Airteagal 29

Cultúr coiteann maoirseachta

1.  Beidh ról gníomhach ag an Údarás maidir le cultúr coiteann maoirseachta Aontais agus maidir le cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhsheasmhach ann ar fud an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tuairimí a thabhairt do na húdaráis inniúla;

▼M7

(aa) 

tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;

(ab) 

grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45b chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;

▼M7

(b) 

malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtach ábhartha an Aontais;

▼B

(c) 

rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin mhaoirseachta aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n-áirítear caighdeáin maidir le tuairisciú, agus ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(3);

(d) 

athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin; agus

▼M7

(e) 

cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;

▼M7

(f) 

córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus Comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide á chur san áireamh;

▼M7

2.  Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, ionstraimí agus uirlisí nua praiticiúla cóineasúcháin a fhorbairt chun cuir chuige choiteanna agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn i ndáil le maoirseacht.

Chun cultúr maoirseachta coiteann a chur ar bun, forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar maoirseachta don Aontas a bheidh cothrom le dáta maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais san Aontas a chuireann san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais agus na margaí. Forbróidh agus coimeádfaidh an tÚdarás lámhleabhar réitigh a bheidh cothrom le dáta maidir le réiteach na n-institiúidí airgeadais san Aontas, a chuireann san áireamh go cuí cineál, scála agus castacht na rioscaí, na cleachtais ghnó, samhlacha gnó agus méid na n-institiúidí airgeadais, agus na margaí. Leagfar amach agus sonrófar sa lámhleabhar maoirseachta de chuid an Aontais agus sa lámhleabhar réitigh de chuid an Aontais dea-chleachtais agus modheolaíochtaí agus próisis ardcháilíochta.

Seolfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, agus uirlisí agus ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh sé anailís freisin, i gcás inarb iomchuí, ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh comhairliúcháin agus anailísí den sórt sin comhréireach maidir le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtuairimí nó na n-uirlisí agus na n-ionstraimí. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 37 freisin.

▼M7

Airteagal 29a

Tosaíochtaí Maoirseachta straitéiseacha an Aontais

Tar éis plé a bheith ann sa Bhord Maoirseoirí agus tuairimí ó údaráis inniúla, an obair atá déanta cheana ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus anailís, rabhaidh agus moltaí arna bhfoilsiú ag BERS á gcur san áireamh, sainaithneoidh an tÚdarás, gach trí bliana ar a laghad, faoin 31 Márta, suas le dhá thosaíocht a bheidh ábhartha ar fud an Aontais agus iad ina léiriú ar fhorbairtí agus treochtaí a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh na húdaráis inniúla na tosaíochtaí sin a chur san áireamh agus a gcláir oibre á n-ullmhú acu agus tabharfaidh siad fógra ina leith dá réir sin don Údarás. Pléifidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla an bhliain dár gcionn agus tiocfaidh sé ar chonclúidí. Déanfaidh an tÚdarás plé ar an obair leantach a bhféadfadh treoirlínte, moltaí d’údaráis inniúla, agus athbhreithnithe piaraí, sa limistéar faoi seach a bheith ina gcuid di.

Leis na tosaíochtaí a bheidh ábhartha ar fud an Aontais arna sainaithint ag an Údarás, ní chuirfear bac ar údaráis inniúla a ndea-chleachtais a chur i bhfeidhm, gníomhú ar a dtosaíochtaí agus ar a bhforbairtí breise, agus measfar na sainiúlachtaí náisiúnta.

▼M7

Airteagal 30

Athbhreithnithe piaraí ar na húdaráis inniúla

1.  Déanfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí go tréimhsiúil ar chuid de na gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis inniúla nó orthu go léir chun an chomhsheasmhacht agus agus an éifeachtacht sna torthaí maoirseachta a dhaingniú a thuilleadh. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na húdaráis a ndéantar athbhreithniú orthu agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh eatarthu. Le linn athbhreithnithe piaraí a phleanáil agus a dhéanamh, déanfar faisnéis agus meastóireachtaí atá ann cheana maidir leis an údarás inniúil lena mbaineann a chur san áireamh, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha a tugadh don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 35, agus aon fhaisnéis ábhartha ó gheallsealbhóirí.

2.  Chun críocha an Airteagail seo, bunóidh an tÚdarás coistí um athbhreithniú piaraí ad hoc ar a mbeidh baill foirne an Údaráis i gcomhar le comhaltaí na n-údarás inniúil. Déanfaidh ball foirne ón Údarás cathaoirleacht ar na coistí um athbhreithniú piaraí. Déanfaidh an Cathaoirleach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, déanfaidh sé an cathaoirleach agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí a mholadh agus déanfaidh an Bord Maoirseoirí é sin a fhormheas. Measfar an moladh a bheith formheasta mura rud é go ndéanann an Bord Maoirseoirí cinneadh é a dhiúltú laistigh de 10 lá óna mholadh ag an gCathaoirleach.

3.  Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh an t-athbhreithniú teoranta dóibh seo amháin:

(a) 

a leordhóthanaí atá na hacmhainní, a mhéid neamhspleáchais agus na socruithe rialála atá ag an údarás inniúil, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an acmhainneacht atá ann freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh;

(b) 

éifeachtúlacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus i dtaca le cleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 10 go hAirteagal 16, agus a mhéid a dhéantar na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Aontais a bhaint amach tríd an gcleachtas maoirseachta;

(c) 

cur i bhfeidhm na ndea-chleachtas arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis inniúla eile dá nglacfaí iad;

(d) 

an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe a bhaintear amach i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha arna nglacadh le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur ar dhaoine freagracha i gcás nach ndéantar na forálacha sin a chomhlíonadh.

4.  Ullmhóidh an tÚdarás tuarascáil ina leagfar amach torthaí an athbhreithnithe piaraí. Cuirfidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil sin maidir le hathbhreithniú piaraí i dtoll a chéile agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(3a). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha maidir le hathbhreithniú piaraí eile agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Measúnóidh an Bord Bainistíochta go háirithe cé acu a cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm ar an dóigh chéanna nó nár cuireadh. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuarascáil ar na bearta leantacha a mheastar a bheith iomchuí comhréireach riachtanach de thoradh an athbhreithnithe piaraí. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh i bhfoirm treoirlínte agus moltaí de bhun Airteagal 16 agus i bhfoirm tuairimí de bhun phointe (a) d’Airteagal 29(1).

I gcomhréir le hAirteagal 16(3), déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall aon treoirlínte agus aon mholtaí a eisíodh a chomhlíonadh.

Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15, nó treoirlínte nó moltaí á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 16, cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, chun cóineasú na gcleachtas maoirseachta den chaighdeán is airde a áirithiú.

5.  Cuirfidh an tÚdarás tuairim faoi bhráid an Choimisiúin más rud é, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe piaraí nó d’aon fhaisnéis eile a fuair an tÚdarás agus a chúraimí á ndéanamh aige, go measann sé gur gá rialacha an Aontais maidir le hinstitiúidí airgeadais nó údaráis inniúla a chomhchuibhiú a thuilleadh ó thaobh an Aontais de.

6.  Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil leantach le chéile dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí. Ullmhóidh an coiste um athbhreithniú piaraí an tuarascáil leantach agus glacfaidh an Bord Maoirseoirí í i gcomhréir le hAirteagal 44(3a). Agus an tuarascáil sin á dréachtú aige, rachaidh an coiste um athbhreithniú piaraí i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta chun comhsheasmhacht le tuarascálacha piar-athbhreithniúcháin eile a áirithiú. Cuimseofar sa tuarascáil leantach, ach ní bheidh sí teoranta dó seo amháin, measúnú ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí mar fhreagairt ar bhearta leantacha na tuarascála maidir le hathbhreithniú piaraí.

7.  Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí, déanfaidh an coiste um athbhreithniú piaraí torthaí réasúnaithe an athbhreithnithe piaraí a shainaithint. Foilseoidh an tÚdarás iad, mar aon le príomhthorthaí réasúnaithe na tuarascála leantaí dá dtagraítear i mír 6. I gcás nach ionann príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis agus na torthaí sin arna sainaithint ag an gcoiste um athbhreithniú piaraí, tarchuirfidh an tÚdarás, ar bhonn rúnda, torthaí an choiste um athbhreithniú piaraí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Má tá imní ar údarás inniúil atá faoi réir an athbhreithnithe piaraí go mbeadh riosca do chobhsaíocht an chórais airgeadais dá bhfoilseofaí príomhthorthaí réasúnaithe an Údaráis, beidh an deis ag an údarás inniúil sin an t-ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí a chinneadh gan na sleachta sin a fhoilsiú.

8.  Chun críocha an Airteagail seo, molfaidh an Bord Bainistíochta go réiteofaí plean oibre d’athbhreithniú piaraí don dá bhliain atá romhainn, ina léireofar inter alia na ceachtanna a foghlaimíodh ó na próisis athbhreithnithe piaraí a bhí ann go dtí seo mar aon leplé a rinneadh sna grúpaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 45b. Cuid ar leithligh den chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheidh i bplean oibre d’athbhreithniú piaraí. Cuirfear ar fáil don phobal é. I gcás práinne nó teagmhais gan choinne, féadfaidh an tÚdarás cinneadh athbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh.

▼B

Airteagal 31

Feidhm chomhordúcháin

▼M7

1.  Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordúcháin idir na húdaráis inniúla, go háirithe i staideanna ina bhféadfadh forbairtí dochracha feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas a chur i mbaol.

2.  Cuirfidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais chun cinn, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, inter alia:

▼B

(a) 

malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a éascú;

▼M1

(b) 

cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise a fhíorú;

▼B

(c) 

gan dochar d’Airteagal 19, idirghabháil neamh-cheangailteach a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla nó ar a thionscnamh féin;

▼M1

(d) 

fógra a thabhairt do BERS, don Chomhairle agus don Choimisiún gan mhoill maidir le haon staideanna éigeandála fhéideartha;

▼M7

(e) 

bearta iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d’fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d’fhonn na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;

▼M7

(ea) 

bearta iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla ábhartha a chomhordú d’fhonn cead isteach sa mhargadh a éascú do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar an nuálaíocht theicniúil;

▼M1

(f) 

lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann d'institiúidí. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a roinnt leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

▼M7

3.  Chun rannchuidiú le cur chuige Eorpach comhchoiteann a bhunú le haghaidh na nuálaíochta teicneolaíochta, cuirfidh an tÚdarás an cóineasú maoirseachta chun cinn,le tacaíocht, i gcás inarb ábhartha, ón gCoiste um chosaint tomhaltóirí agus an nuálaíocht airgeadais, lena n-éascaítear cead isteach sa mhargadh do ghníomhaithe nó do tháirgí atá ag brath ar an nuálaíocht theicniúil, ,go háirithe trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtais. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte nó moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 31a

Malartú faisnéise maidir le hoiriúnacht agus cuibheas

Déanfaidh an tÚdarás, in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), córas a bhunú ina ndéanfaidh údaráis inniúla faisnéis a mhalartú atá ábhartha maidir le measúnú ar oiriúnacht agus cuibheas sealbhóirí sealúchas incháilithe, stiúrthóirí agus sealbhóirí feidhme is ríthábhachtaí institiúidí airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼B

Airteagal 32

▼M7

Measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear tástálacha struis

1.  Déanfaidh an tÚdarás faireachán agus measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh i réimse a inniúlachta agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), BERS, agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha stuamachta ar an micrileibhéal, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfidh an tÚdarás san áireamh ina chuid measúnuithe, anailís ar na margaí ina n-oibríonn na hinstitiúidí airgeadais mar aon le measúnú ar thionchar na bhforbairtí a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh ar institiúidí den sórt sin.

2.  Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh a thionscnamh agus a chomhordú. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:

(a) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúid airgeadais agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha á gcur san áireamh inter alia;

▼M7

(aa) 

modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear institiúidí airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;

▼M1

(b) 

cineálacha coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais;

▼M7

(c) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag táirgí áirithe nó ag próisis dáileacháin ar institiúid airgeadais;

(d) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar shócmhainní, de réir mar is gá, chun críche na tástála struis; agus

▼M7

(e) 

modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht airgeadaisinstitiúidí airgeadais.

Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS.

▼M7

3.  Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, déanfaidh an tÚdarás, uair amháin sa bhliain, agus níos minice ná sin i gcás inar gá, measúnuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, agus faoi na rioscaí agus na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ina réimse inniúlachta, i dteanna an chláir rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo.

▼B

Sna measúnuithe sin, déanfaidh an tÚdarás aicmiú ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta coisctheacha agus bearta leasúcháin.

▼M1

3a.  Chun críche measúnuithe a dhéanamh ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais faoin Airteagal seo, féadfaidh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 35 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann, faisnéis a iarraidh go díreach ó na hinstitúidí airgeadais sin. Féadfaidh sé a cheangal ar údaráis inniúla freisin athbhreithnithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann chun inchomparáideacht agus iontaofacht modhanna, cleachtas agus torthaí a áirithiú.

▼M7

3b.  Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúidí airgeadais an fhaisnéis nach mór dóibh a sholáthar faoi mhír 3a a chur faoi réir iniúchadh neamhspleách.

▼B

4.  Áiritheoidh an tÚdarás go bhfuil cuimsiú leordhóthanach á dhéanamh ar na forbairtí trasearnála, ar na rioscaí agus ar na leochaileachtaí trí chomhoibriú go dlúth leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) tríd an gComhchoiste.

▼M7

Airteagal 33

Caidreamh idirnáisiúnta lena n-áirítear coibhéis

1.  Gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a fhorbairt agus socruithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis rialála, mhaoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme le húdaráis réitigh, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le lucht riaracháin tríú tír. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla leis na socruithe sin i leith an Aontais agus a Bhallstát, ná ní choiscfidh siad Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ó shocruithe déthaobhacha ná ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha sin.

I gcás ina mbeidh tríú tír, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849, ar an liosta dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcórais le haghaidh an chomhraic i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, ní chuirfidh an tÚdarás socruithe riaracháin i gcrích le húdaráis rialála, mhaoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis réitigh an tríú tír sin. Ní chuirfidh sin bac ar fhoirmeacha eile comhair idir an tÚdarás agus na húdaráis tríú tír faoi seach d’fhonn na bagairtí ar chóras airgeadais an Aontais a laghdú.

2.  Cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún cinntí coibhéise a ullmhú i ndáil le córais rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha nuair a gheofar iarraidh shonrach ar chomhairle ón gCoimisiún nó nuair nach mór sin a dhéanamh de réir na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

3.  Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí ábhartha rialála, maoirseachta agus, i gcás inarb infheidhme, réitigh, ar chleachtais forfheidhmiúcháin, agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid is ábhartha iad do mheasúnuithe riosca-bhunaithe coibhéise, ar ina leith a ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearadh na cinntí coibhéise sin agus ar a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós.

Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Mhaoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)ina ndéanfar achoimre ar na torthaí maidir leis na gníomhaíochtaí faireacháin a rinneadh ar gach tríú tír choibhéiseach. Leagfar béim go háirithe sa tuarascáil ar na himpleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó, i gcás inarb infheidhme, réitigh, nó na cleachtais forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh, ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí.

4  Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, leis na húdaráis inniúla ábhartha, agus freisin, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis réitigh tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais rialála agus mhaoirseachta coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair a bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, cuirfidh sé forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

na sásraí lena bhféadfaidh an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, ar an gcur chuige maoirseachta, ar fhorbairtí ábhartha sa mhargadh agus ar aon athrú a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;

(b) 

a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair.

Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas i gcás ina ndiúltóidh údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó i gcás ina ndiúltóidh sé comhoibriú go héifeachtach.

5.  Féadfaidh an tÚdarás socruithe riaracháin samplacha a fhorbairt chun cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur ar bun san Aontas agus chun an comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a dhaingniú. Déanfaidh na húdaráis inniúla a ndícheall na socruithe samplacha sin a leanúint.

Cuirfidh an tÚdarás isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 43(5) faisnéis ar na socruithe riaracháin a comhaontaíodh le húdaráis mhaoirseachta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó le lucht riaracháin i dtríú tíortha agus an cúnamh a thug an tÚdarás don Choimisiún maidir le hullmhú cinntí coibhéise agus an faireachán a rinne an tÚdarás i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

6.  Cuirfidh an tÚdarás, de réir na gcumhachtaí atá aige de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh sé le hionadaíocht aontaithe, chomhchoiteann, chomhsheasmhach agus éifeachtach leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta.

▼M7 —————

▼B

Airteagal 35

Faisnéis a bhailiú

▼M1

1.  Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás i bhformáidí sonraithe, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha. Beidh an fhaisnéis cruinn, comhleanúnach, iomlán agus tráthúil.

2.  Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófar faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe nó trí bhíthin theimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna tuairiscithe.

3.  Tar éis don Údarás iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil go cuí ó údarás inniúil, soláthróidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach lena chumasú don údarás inniúil a chuid cúraimí a chomhall, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.

▼B

4.  Sula n-iarraidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, cuirfidh sé san áireamh aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.

5.  I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis ar fáil ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú chuig údaráis mhaoirseachta eile, chuig an aireacht atá freagrach as airgeadas i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil aici, chuig an mbanc ceannais náisiúnta nó chuig an oifig staidrimh sa Bhallstát lena mbaineann.

▼M1

6.  I gcás nach mbeidh faisnéis iomlán nó chruinn ar fáil nó nach soláthraítear í ar bhealach tráthúil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5, féadfaidh an tÚdarás faisnéis a iarraidh trí iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, go díreach uathu siúd a leanas:

(a) 

institiúidí airgeadais ábhartha;

(b) 

cuideachtaí sealúchais nó brainsí 'institiúide airgeadais ábhartha;

(c) 

eintitis oibríochta neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta atá suntasach ó thaobh ghníomhaíochtaí airgeadais na n-institiúidí airgeadais ábhartha.

Soláthróidh seolaithe iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.

▼B

Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.

Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.

7.  Ní fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fhaightear faoin Airteagal seo a úsáid ach amháin chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

▼M1

7a.  I gcás nach ndéanann seolaithe iarrataí faoi mhír 6 faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán a chur ar fáil go pras, cuirfidh an tÚdarás in iúl don Bhanc Ceannais Eorpach nuair is infheidhme agus do na húdaráis ábhartha sna Ballstáit lena mbaineann a chomhoibreoidh, faoi réir an dlí náisiúnta, leis an Údarás d'fhonn rochtain iomlán ar an bhfaisnéis a chinntiú agus ar aon doiciméid, leabhair nó taifid tionscnaimh ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag na seolaithe d'fhonn an fhaisnéis a fhíorú.

▼B

Airteagal 36

Gaolmhaireacht leis an BERS

1.  Comhoibreoidh an tÚdarás go dlúth agus ar bhonn rialta leis an BERS.

2.  Déanfaidh an tÚdarás, go rialta agus go tráthúil, faisnéis a sholáthar don BERS, ar faisnéis í atá riachtanach chun a chúraimí a chomhlíonadh. Déanfar aon sonraí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán a sholáthar don BERS gan mhoill tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis an BERS, nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le hinstitiúidí airgeadais aonair.

▼M7 —————

▼M7

4.  Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig an Údarás a fháil ó BERS, déanfaidh an tÚdarás an rabhadh nó an moladh sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Maoirseoirí nó, i gcás inarb iomchuí, níos luaithe, chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a ghabhann le rabhadh nó moladh den sórt sin agus ar na bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir lena chúraimí a chomhlíonadh.

Déanfaidh sé cinneadh, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna mholtaí.

Más rud é nach ndéanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíocht i ndáil le rabhadh nó moladh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi freisin.

5.  Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.

Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan déanamh de réir mholadh an BERS, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige agus déanfaidh sé na cúiseanna gan gníomhú a phlé leis an mBord Maoirseoirí.

I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.

▼M7 —————

▼B

Airteagal 37

An Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta

1.  Chun cabhrú le comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a éascú i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta. Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus, a mhéad nach mbaineann siad le hinstitiúidí airgeadais aonair, gníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 16 i dtaca le treoirlínte agus moltaí. Más rud é nach mór gníomhaíochtaí a dhéanamh go práinneach agus nach mbeifear in ann dul i mbun comhairliúcháin, cuirfear an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar an eolas a luaithe is féidir.

▼M1

Buailfidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta le chéile ar a thionscnamh féin de réir mar is gá, agus i gcás ar bith ar a laghad ceithre huaire sa bhliain.

▼M7

2.  Beidh 30 comhalta sa Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta. Is éard a bheidh sna 30 comhalta sin:

(a) 

13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht go cothrom d’institiúidí airgeadais a oibríonn san Aontas, comhaltaí a ndéanfaidh triúr díobh ionadaíocht ar bhainc chomhair agus taisce;

(b) 

13 chomhalta a dhéanfaidh ionadaíocht d’ionadaithe institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú san Aontas, fostaithe, tomhaltóirí, úsáideoirí seirbhísí baincéireachta agus ionadaithe FBManna; agus

(c) 

is acadóirí sárchéimiúla neamhspleácha a bheidh i gceathrar comhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta.

3.  Is é an Bord Maoirseoirí a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Le linn a chinneadh a dhéanamh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, léiriú iomchuí ar an éagsúlacht san earnáil baincéireachta, cothromaíocht chuí ar bhonn tíreolaíoch agus inscne agus ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Is de réir a gcáilíochtaí, a gcuid scileanna, a gcuid eolais ábhartha agus a saineolas cruthaithe a roghnófar Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta.

▼M7

3a.  Is iad Comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a thoghfaidh Cathaoirleach as measc a chomhaltaí. Dhá bhliain an tréimhse a mhairfidh post an Chathaoirligh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar Chathaoirleach an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air aon uair a iarrfar sin.

▼M7

4.  Faoi réir rúndacht ghairmiúil, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 den Rialachán seo, soláthróidh an tÚdarás gach faisnéis don Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann dóibh. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Cuirfear san áireamh sa chúiteamh sin obair ullmhúcháin agus obair leantach na gcomhaltaí agus beidh sé comhionann ar a laghad leis na rátaí aisíocaíochta na n-oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle ( 23 ) (na Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta meithleacha a bhunú i ndáil le saincheisteanna teicniúla a bhunú. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse ceithre bliana, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

▼B

Féadfaidh na comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta fónamh ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile.

▼M7

5.  Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta comhairle a thabhairt don Údarás ar aon ábhar a bhaineann le cúraimí an Údaráis agus aird ar leith á tabhairt ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 10 go 16, 29, 30 agus 32.

I gcás nach féidir le comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta teacht ar chomhaontú maidir le comhairle, beidh cead ag trian dá chomhaltaí nó de na comhaltaí sin a mbeidh ionadaíocht á déanamh acu thar ceann grúpa geallsealbhóirí amháin comhairle ar leith a eisiúint.

Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí, an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus an Grúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde comhairle chomhpháirteach a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hobair na ÚEManna faoi Airteagal 56 seo maidir le comhsheasaimh agus comhghníomhartha.

▼B

6.  Glacfaidh an Grúpaí Geallsealbhóirí Baincéireachta a rialacha nós imeachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

▼M7

7.  Déanfaidh an tÚdarás comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta, comhairle ar leith a chomhaltaí, agus torthaí a gcomhairliúchán chomh maith le faisnéis faoin gcaoi a gcuirtear comhairle agus torthaí na gcomhairliúchán san áireamh a phoibliú.

▼B

Airteagal 38

Coimircí

1.  Áiritheoidh an tÚdarás nach ndéanfaidh aon chinneadh a ghlacfar faoi Airteagal 18 nó faoi Airteagal 19 cur isteach ar shlí ar bith ar fhreagrachtaí fioscacha na mBallstát.

2.  I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 19(3) ag cur isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chinneadh an Údaráis, fógra a thabhairt don Údarás agus don Choimisiún á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.

San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.

I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.

Laistigh de mhí amháin ón tráth a dtugann an Ballstát an fógra, cuirfidh an tÚdarás an Ballstát ar an eolas i dtaobh an seasann sé lena chinneadh nó an leasóidh sé é nó an gcúlghairfidh sé é. Má sheastar leis an gcinneadh nó má leasaítear é, luafaidh an tÚdarás nach gcuirtear isteach ar fhreagrachtaí fioscacha.

I gcás ina seasfaidh an tÚdarás lena chinneadh, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, trí thromlach na vótaí a chaitear, ag ceann dá cuid cruinnithe agus dhá mhí ar a dhéanaí tar éis don Údarás an Ballstát a chur ar an eolas mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír, i dtaobh an bhfuiltear ag seasamh le cinneadh an Údaráis.

Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh seasamh le cinneadh an Údaráis, i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír, déanfar cinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.

3.  I gcás ina measann Ballstát go gcuireann cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 18(3) isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de thrí lá oibre tar éis fógra faoi chinneadh an Údaráis a thabhairt don údarás inniúil, fógra a thabhairt don Údarás, don Choimisiún agus don Chomhairle á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme.

San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha.

I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí.

Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de dheich lá oibre, cruinniú a chomóradh agus cinneadh a dhéanamh, trí thromlach simplí dá comhaltaí, i dtaobh an gcúlghairfear cinneadh an Údaráis.

Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh chun cinneadh an Údaráis a chúlghairm, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, déanfar fionraí chinneadh an Údaráis a fhoirceannadh.

4.  I gcás cinneadh a bheith déanta ag an gComhairle, i gcomhréir le mír 3, gan cinneadh de chuid an Údaráis a bhaineann le hAirteagal 18(3) a chúlghairm, agus go measfaidh an Ballstát lena mbaineann fós go gcuireann cinneadh an Údaráis isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh an Ballstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún agus don Údarás agus féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhairle an t-ábhar a athscrúdú. Leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach go soiléir na cúiseanna nach n-aontaíonn sé leis an gcinneadh ón gComhairle.

Laistigh de thréimhse ceithre seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt, daingneoidh an Chomhairle a cinneadh bunaidh nó déanfaidh sí cinneadh nua i gcomhréir le mír 3.

Féadfaidh an Chomhairle an tréimhse ceithre seachtaine a fhadú ceithre seachtaine eile, má éilítear amhlaidh in imthosca áirithe an cháis.

5.  Déanfar aon drochúsáid i leith an Airteagail seo, go háirithe i ndáil le cinneadh ón Údarás nach bhfuil tionchar fioscach suntasach nó ábharthach aige, a thoirmeasc mar ní atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach.

▼M7

Airteagal 39

Nósanna imeachta cinnteoireachta

1.  Is i gcomhréir le míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo a ghníomhóidh an tÚdarás agus aon chinneadh de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19 á ghlacadh aige.

2.  Cuirfidh an tÚdarás in iúl d’aon seolaí cinnidh go bhfuil rún aige an cinneadh a ghlacadh, i dteanga oifigiúil an tseolaí, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh an seolaí a bharúlacha a thabhairt ina theanga oifigiúil. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil sa chéad abairt maidir le moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3.  Maidir leis na cinntí ón Údarás, déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua iontu.

4.  Cuirfear seolaithe chinntí an Údaráis ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

5.  I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an Údarás de bhun Airteagal 18(3) nó 18(4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí.

6.  Poibleofar na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 17, 18 nó 19. Nochtfar san fhoilsiú céannacht an údaráis inniúil nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann mar aon le príomhábhar an chinnidh, mura rud é go bhfuil an foilsiú sin ag teacht salach ar leas dlisteanach na n-institiúidí airgeadais sin, nó lena rúin ghnó a chosaint, nó go bhféadfadh sé feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol go mór.

▼B



CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN



ROINN 1

Bord Maoirseoirí

Airteagal 40

Comhdhéanamh

1.  Beidh an Bord Maoirseoirí comhdhéanta díobh seo a leanas:

▼M7

(a) 

an Cathaoirleach;

▼B

(b) 

ceann an údaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil as maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí creidmheasa i ngach Ballstát agus tiocfaidh siad le chéile i bpearsa dhá uair ar a laghad sa bhliain;

(c) 

ionadaí amháin thar ceann an Choimisiúin agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

▼M1

(d) 

ionadaí amháin arna ainmniú ag Bord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus nach mbeidh ábalta vóta a chaitheamh;

▼B

(e) 

ionadaí amháin thar ceann an BERS agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(f) 

ionadaí amháin faoi seach thar ceann gach ceann den dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, agus ní bheidh aon vóta ag na hionadaithe sin.

2.  Comórfaidh an Bord Maoirseoirí cruinnithe leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta go rialta, agus dhá uair ar a laghad sa bhliain.

3.  Beidh gach údarás inniúil freagrach as malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, agus féadfaidh an malartach sin ionad an chomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a ghlacadh, nuair nach féidir leis an duine sin freastal ar chruinniú.

4.  I gcás nach banc ceannais é an t-údarás dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh ionadaí ó bhanc ceannais an Bhallstáit a thabhairt in éineacht leis, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

▼M1

4a.  I bpléití nach mbaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mar a fhoráiltear in Airteagal 44(4), féadfaidh ionadaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh ag a bhfuil saineolas maidir le cúraimí baincéireachta ceannais a bheith i dteannta an ionadaí arna ainmniú ag Bord Maoirseoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

▼B

5.  I gcás na mBallstát ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as an maoirseacht de réir an Rialacháin seo, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann. Mar sin féin, nuair nach dtagann mír atá le plé ag an mBord Maoirseoirí faoi réim inniúlacht an údaráis náisiúnta a bhfuil an comhalta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ina ionadaí thar a cheann, féadfaidh an comhalta sin ionadaí ón údarás náisiúnta ábhartha a thabhairt leis, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

6.  Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Threoir 94/19/CE, féadfaidh ionadaí thar ceann na gcomhlachtaí ábhartha a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.

▼M3

For the purpose of acting within the scope of Directive 2014/59/EU, the member of the Board of Supervisors referred to in point (b) of paragraph 1 may, where appropriate, be accompanied by a representative from the resolution authority in each Member State, who shall be non-voting.

▼M4

Chun go ngníomhóidh sé laistigh de raon feidhme Threoir 2014/59/AE, beidh Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair ina bhreathnadóir don Bhord Stiúrthóirí.

▼B

7.  Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach.

Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí ach ní bheidh ceart vótála aige.

▼M7

8.  I gcás nach bhfuil an t-údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.

▼M7

Airteagal 41

Coistí inmheánacha

1.  Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCathaoirleach, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a tugadh dó. Ar iarratas ón gCoiste Bainistíochta nó ón gCathaoirleach, féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a tugadh don Bhord Bainistíochta. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Bainistíochta nó chuig an gCathaoirleach.

2.  Chun críocha Airteagal 17, agus gan dochar do ról an choiste dá dtagraítear in Airteagal 9a(7), molfaidh an Cathaoirleach cinneadh chun painéal neamhspleách a thionól, ar cinneadh é a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach an Bhoird Maoirseoirí agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar an údarás inniúil a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu san ábhar ná aon nasc díreach acu leis an údarás inniúil lena mbaineann.

Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

3.  Chun críocha Airteagal 19, agus gan dochar do ról an choiste dá dtagraítear in Airteagal 9a(7), molfaidh an Cathaoirleach cinneadh chun painéal neamhspleách a thionól, ar cinneadh é a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht. Ní bheidh an seisear comhaltaí eile ina n-ionadaithe ar na húdaráis inniúla a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe aige agus ní bheidh aon leas acu sa choinbhleacht ná aon nasc díreach acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

4.  Chun an fiosrúchán dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 22(4) a dhéanamh, féadfaidh an Cathaoirleach cinneadh a mholadh freisin go gcuirfear tús le fiosrúchán agus cinneadh a mholadh painéal neamhspleách a thionól, moltaí a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí. Is é a bheidh sa phainéal neamhspleách Cathaoirleach agus seisear comhaltaí eile a mholfaidh an Cathaoirleach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht.

Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ar an bpainéal.

Glacfar cinntí an phainéil i gcás ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

5.  Na painéil dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, nó an Cathaoirleach, molfaidh siad cinntí faoi Airteagal 17, nó faoi Airteagal 19, seachas maidir le hábhair a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais i gcomhair sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, moltaí lena nglacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí. Déanfaidh painéal dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo toradh an fhiosrúcháin arna dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 22(4) a chur i láthair an Bhoird Maoirseoirí.

6.  Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta do na painéil dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 42

Neamhspleáchas an Bhoird Maoirseoirí

1.  Nuair a bheidh na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

2.  Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí i leith dhéanamh a gcúraimí.

3.  Maidir le Comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, an Cathaoirleach, agus aon ionadaí nach bhfuil vóta aige agus aon bhreathnóir a ghlacfaidh páirt i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, dearbhóidh siad, roimh aon chruinniú, gurb ann nó nach ann d’aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas i ndáil le haon ítim atá ar an gclár, go cruinn agus ina iomláine, agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin agus ón vótáil ar na pointí sin.

4.  Leagfaidh an Bord Maoirseoirí síos, ina rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla maidir leis an riail ar dhearbhú leasa dá dtagraítear i mír 3 agus maidir leis na socruithe praiticiúla chun coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú.

▼B

Airteagal 43

Cúraimí

▼M7

1.  Tabharfaidh an Bord Maoirseoirí treoraíocht i ndáil le hobair an Údaráis agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gcaibidil II a dhéanamh. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II, ar bhonn togra ón gcoiste inmheánach ábhartha, nó ón bpainéal, ón gCathaoirleach nó ón mBord Bainistíochta, de réir mar is iomchuí.

▼M7 —————

▼B

4.  Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain dár gcionn, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

▼M7

5.  Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn togra ón mBord Bainistíochta, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach bliain. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

▼B

6.  Glacfaidh an Bord Maoirseoirí clár oibre ilbhliantúil an Údaráis, agus cuirfidh an Bord Maoirseoirí an clár sin ar aghaidh mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre ilbhliantúil gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

7.  Glacfaidh an Bord Maoirseoirí an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 63.

▼M7

8.  Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 51(5).

▼M7

Airteagal 43a

Trédhearcacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí

D’ainneoin Airteagal 70, laistigh de shé seachtaine ó dháta gach cruinniú de chuid an Bhoird Maoirseoirí, cuirfidh an tÚdarás ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin, taifead trínar féidir tuiscint iomlán a fháil ar an bplé, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí. Leis an taifead sin, ní léireofar na pléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

▼B

Airteagal 44

Cinnteoireacht

▼M7

1.  Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagail 10 go 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo agus, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlach cáilithe dá chomhaltaí, de réir mar a shainmhínítear sin in Airteagal 16(4) den CAE agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, lena n-áireofar tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear sin i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (‘Ballstáit rannpháirteacha’) agus tromlach simplí de na comhaltaí, a bheidh i láthair tráth caite an vóta, ó údaráis inniúla na mBallstát sin nach Ballstáit rannpháirteacha iad (‘Ballstáit neamh-rannpháirteacha’).

Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír.

Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus tograí a Chathaoirligh á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige.

Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é lena n-áireofar tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach, agus trí thromlach simplí a chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.

▼B

2.  Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon trian de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

3.  Glacfaidh an Bord Maoirseoirí a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

▼M7

3a.  Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagal 30, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar na cinntí atá molta trí úsáid a bhaint as nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar gur glacadh pé cinneadh a moladh murab é go ndéanfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má chuireann triúr de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cead vótála acu i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh a phlé agus a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

3b.  Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 19, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar an gcinneadh atá molta trí úsáid a bhaint as nós imeachta i scríbhinn. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar go mbeidh an cinneadh atá beartaithe glactha mura ndéanfaidh tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach, nó tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má dhéanann triúr comhaltaí den Bhord Maoirseoirí agóid i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, pléifidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh agus féadfar é a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil an cead vótála acu, a n-áireofar iontu tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát neamh-rannpháirteach.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír , ón dáta arb ó Bhallstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad ceithre chomhalta a bhfuil vóta acu nó níos lú, glacfar cinneadh trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é ina mbeidh vóta amháin ar a laghad ó chomhaltaí údarás inniúil na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.

▼M7

4.  Ní fhreastalóidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí ar aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hionadaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh arna ainmniú ag a Bhord Maoirseachta.

4a.  Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a dhícheall teacht ar chomhthoil nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.

▼B



ROINN 2

Bord Bainistíochta

▼M7

Airteagal 45

Comhdhéanamh

1.  Is é a bheidh sa Bhord Bainistíochta, an Cathaoirleach agus seisear comhaltaí ón mBord Maoirseoirí arna dtoghadh ag na comhaltaí den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus as measc na gcomhaltaí sin.

Cé is moite den Chathaoirleach, beidh ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta malartach a mbeidh sé de cheart aige nó aici ionad an chomhalta a ghlacadh i gcás nach féidir leis an gcomhalta féin a bheith i láthair.

2.  Dhá bhliain go leith a mhairfidh téarma oifige na gcomhaltaí a dtoghfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Féadfar síneadh a chur leis an téarma sin aon uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta inscne-chothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Áireofar ar an mBord Bainistíochta beirt ionadaithe ar a laghad ó na Ballstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.

3.  Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh féin ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó thrian de chomhaltaí den Bhord ar a laghad, agus beidh na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile roimh gach cruinniú den Bhord Maoirseoirí agus chomh minic agus a mheasann an Bord Bainistíochta is gá. Tiocfaidh sé le chéile cúig huaire ar a laghad sa bhliain.

4.  Faoi réir na rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Ní fhreastalóidh na rannpháirtithe sin nach bhfuil vóta acu, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar aon phlé laistigh den Bhord Bainistíochta a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair.

Airteagal 45a

Cinnteoireacht

1.  Le tromlach simplí dá chomhaltaí a ghlacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta agus. gach iarracht á dhéanamh teacht ar chomhdhearcadh. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Beidh an Cathaoirleach ina chomhalta a bhfuil cead vótála aige.

2.  Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ionadaí ón gCoimisiún páirt i gcruinnithe den Bhord Bainistíochta ach ní bheidh aon cheart vótála acu. Beidh ceart vótála ag an ionadaí ón gCoimisiún maidir le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 63.

3.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

Airteagal 45b

Na Grúpaí Comhordaithe

1.  Féadfaidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe a bhunú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil maidir le hábhair shainithe a bhféadfadh gá a bheith ann lena gcomhordú ag féachaint d’fhorbairtí sonracha sa mhargadh. Bunóidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe maidir le hábhair shainithe ar iarraidh ó chúigear comhaltaí den Bhord Maoirseoirí.

2.  Glacfaidh gach údarás inniúil páirt sna grúpaí comhordaithe agus tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá do na grúpaí comhordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 35, chun go bhféadfaidh na grúpaí comhordaithe sin a gcúraimí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir lena sainordú. Is bunaithe ar fhaisnéis ó na húdaráis inniúla agus ar aon toradh a shainaithneoidh an tÚdarás a bheidh obair na ngrúpaí comhordaithe sin.

3.  Déanfaidh comhalta den Bhord Bainistíochta cathaoirleacht ar na grúpaí. Gach bliain, déanfaidh pé comhalta den Bhord Bainistíochta a bheidh i bhfeighil an ghrúpa comhordaithe tuarascáil a chur chuig an mBord Maoirseoirí maidir le príomhghnéithe an phlé gona thorthaí agus, i gcas inarb ábhartha, déanfaidh an comhalta moladh maidir le hobair leantach rialála nó le hathbhreithniú piaraí sa réimse lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás faoin gcaoi a bhfuil obair na ngrúpaí comhordaithe curtha san áireamh acu ina gcuid gníomhaíochtaí.

4.  Agus faireachán á dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith mar fhócas ag grúpaí comhordaithe, féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 35 an fhaisnéis is gá a thabhairt trínar féidir leis an Údarás a ról faireacháin a chomhlíonadh.

Airteagal 46

Neamhspleáchas an Bhoird Bainistíochta

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách oibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus chuige sin amháin, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhaltaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí ná comhlachtaí an Aontais, agus aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta i leith dhéanamh a gcúraimí.

▼B

Airteagal 47

Cúraimí

1.  Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go gcomhlíonfadh sé na cúraimí a shanntar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a mholadh lena ghlacadh ag an mBord Maoirseoirí.

3.  Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 64.

▼M7

3a.  Féadfaidh an Bord Bainistíochta scrúdú a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh agus tograí a dhéanamh maidir le gach ábhar seachas cúraimí arna leagan síos in Airteagail 9a, 9b, 30 mar aon le hAirteagail 17 agus 19 maidir le hábhair a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche airgead a sciúradh agus chun críche sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.

▼M1

4.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta plean beartais foirne an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), na bearta cur chun feidhme is gá ó na Rialacháin Foirne.

▼B

5.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 72.

▼M7

6.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear dualgais an Chathaoirligh, a mholadh don Bhord Maoirseoirí i gcomhair a formheasta.

▼B

7.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

▼M7

8.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh agus a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 58(3) agus (5), agus togra ón mBord Maoirseoirí á chur san áireamh go cuí.

▼M7

9.  Poibleoidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta na cruinnithe uile a eagrófar agus aon fháilteachas a fuarthas.Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.

▼B



ROINN 3

An Cathaoirleach

Airteagal 48

Ceapachán agus cúraimí

1.  Déanfaidh Cathaoirleach, a bheidh ina ghairmí neamhspleách lánaimseartha, ionadaíocht thar ceann an Údaráis.

▼M7

Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú, lena n-áirítear an clár oibre a bheidh le glacadh ag an mBord Maoirseoirí a shocrú, na cruinnithe a thionól agus na hítimí atá le cinneadh a chur síos, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí.

Is é an Cathaoirleach a bheidh freagrach as clár oibre an Bhoird Bainistíochta a shocrú, ar clár oibre é a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta, agus beidh sé ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

Féadfaidh an Cathaoirleach iarraidh ar an mBord Bainistíochta féachaint ar ghrúpa comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 45b a bhunú.

2.  Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte lena n-urramófar prionsabal na cothromaíochta inscne agus a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais. Ullmhóidh an Bord Maoirseoirí gearrliosta de na hiarrthóirí atá cáilithe do phost an Chathaoirligh, le cúnamh ón gCoimisiún. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh, agus é bunaithe ar an ngearrliosta chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis deimhniú ó Pharlaimint na hEorpa.

Más rud é nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 49 níos mó nó más rud é go bhfaighfear ciontach é i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, ar togra é arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun é a chur as oifig.

Déanfaidh an Bord Maoirseoirí Leas-Chathaoirleach a thoghadh freisin, as measc a chomhaltaí féin agus comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach sin feidhmeanna an Chathaoirligh i gcás ina bhfuil an Cathaoirleach as láthair. Ní dhéanfar an Leas-Chathaoirleach sin a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

▼B

3.  Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin.

4.  Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige cúig bliana an Chathaoirligh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) 

na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;

(b) 

dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

▼M7

Chun críche na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is é an Leas-Chathaoirleach a dhéanfaidh cúraimí an Chathaoirligh.

Ag gníomhú di ar thogra ón mBord Maoirseoirí agus le cúnamh ón gCoimisiún, féadfaidh an Chomhairle, agus an mheastóireacht á cur san áireamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, síneadh a chur le téarma oifige an Cathaoirligh uair amháin.

5.  Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur as oifig ach amháin ar fhorais thromchúiseacha. Ní fhéadfaidh ach Parlaimint na hEorpa é nó í a chur as oifig tar éis cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

▼B

Airteagal 49

▼M7

Neamhspleáchas an Chathaoirligh

Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí i ndáil le cúraimí an Chathaoirligh, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

▼B

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an gCathaoirleach i gcomhlíonadh a chúraimí.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Chathaoirleach éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le glacadh le ceapacháin nó sochair áirithe.

▼M7

Airteagal 49a

Caiteachas

Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe uile a eagrófar le geallsealbhóirí seachtracha laistigh de thréimhse dhá sheachtain tar éis na gcruinnithe agus aon fháilteachas a fuarthas. Taifeadfar caiteachais go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.

▼M7 —————

▼B



ROINN 4

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 51

Ceapachán

1.  Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tÚdarás a bhainistiú agus beidh sé ina ghairmí neamhspleách lánaimseartha nó ina gairmí neamhspleách lánaimseartha.

2.  Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus tar éis daingniúchán a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolais ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais agus ar bhonn taithí bainistíochta.

3.  Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin

4.  Le linn na naoi mí roimh dheireadh théarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

na torthaí a bhaintear amach sa chéad téarma oifige agus an tslí inar baineadh amach iad;

(b) 

dualgais agus riachtanais an Údaráis sna blianta atá le teacht.

Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, agus aird á tabhairt ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin.

5.  Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin mar thoradh ar chinneadh ón mBord Maoirseoirí.

Airteagal 52

Neamhspleáchas

Gan dochar do ról an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Maoirseoirí faoi seach maidir leis cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a chúraimí.

I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68, tar éis don Stiúrthóir Feidhmiúcháin éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.

▼M1

Airteagal 52a

Caiteachais

Poibleoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinnithe arna dtionól agus fáilteachas arna fháil. Déanfar caiteachais a thaifead go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.

▼B

Airteagal 53

Cúraimí

1.  Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar bhainistiú an Údaráis agus ullmhóidh sé obair an Bhoird Bainistíochta.

2.  Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoraíocht ón mBord Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Bainistíochta.

3.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na bearta is gá, go háirithe treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás go cuí, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.  Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

5.  Faoin 30 Meitheamh gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre don bhliain dár gcionn, ar clár oibre é dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

6.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis a tharraingt suas de bhun Airteagal 63 agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme de bhun Airteagal 64.

7.  Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil gach bliain agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus beidh roinn amháin ann a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.

8.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 68 a fheidhmiú maidir le foireann an Údaráis agus déanfaidh sé cúrsaí foirne a bhainistiú.



CAIBIDIL IV

CHOMHLACHTAÍ COMHPHÁIRTEACHA NA nÚDARÁS MAOIRSEACHTA EORPACH



ROINN 1

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach

Airteagal 54

Bunú

1.  Bunaítear leis seo Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.

▼M7

2.  Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), go háirithe maidir le:

— 
ilchuideachtaí airgeadais agus, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais, comhdhlúthú stuamachta,

▼B

— 
cuntasaíocht agus iniúchóireacht,
— 
anailísí stuamachta ar an micrileibhéal maidir le forbairt trasearnála, rioscaí agus leochaileachtaí i ndáil le cobhsaíocht airgeadais,
— 
táirgí infheistíochta miondíola,

▼M7

— 
an chibearshlándáil,
— 
faisnéis agus dea-chleac’htas a mhalartú le BERS agus leis na ÚMEanna eile.

▼M7

— 
seirbhísí airgeadais miondíola agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint taisceoirí, tomhaltóirí agus infheisteoirí,
— 
comhairle ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1(6).

2a.  Féadfaidh an Comhchoiste cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla chun idirnascadh slán éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú de bhun na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 32a(5) de Threoir (AE) 2015/849 le cois na cláir náisiúnta faoin Treoir sin a idirnascadh go héifeachtach.

▼M7

3.  Beidh a foireann féin ag an gComhchoiste, arna soláthar ag ÚMEanna a ghníomhóidh mar rúnaíocht bhuan. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil le haghaidh caiteachais riaracháin, bhonneagair agus oibríochta.

▼B

4.  I gcás ina síneann feidhmeanna institiúide airgeadais thar earnálacha éagsúla, réiteoidh an Comhchoiste easaontais i gcomhréir le hAirteagal 56.

Airteagal 55

Comhdhéanamh

1.  Beidh an Comhchoiste comhdhéanta de Chathaoirligh na ÚMEanna, agus, i gcás inarb infheidhme, de Chathaoirleach aon Fhochoiste arna bhunú faoi Airteagal 57.

2.  Iarrfar ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar ionadaí ón gCoimisiún agus ar ionadaí ón BERS freastal, i gcáil breathnadóirí, ar chruinnithe an Chomhchoiste agus ar chruinnithe an Fhochoiste dá dtagraítear in Airteagal 57.

▼M7

3.  Déanfar Cathaoirleach an Chomhchoiste a cheapadh ar bhonn uainíocht bhliantúil as measc Chathaoirligh na ÚMEanna. Is é Cathaoirleach an Chomhchoiste a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ar BERS.

▼B

4.  Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Féadfar rannpháirtithe breise ar féidir leo freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste a shonrú na rialacha.

▼M7

Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin ar a laghad gach trí mhí.

▼M7

5.  Cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Maoirseoirí ar an eolas go tráthrialta faoi sheasaimh a ghlactar le linn chruinnithe an Chomhchoiste.

Airteagal 56

Comhsheasaimh agus comhghníomhartha

Faoi réir raon feidhme a chúraimí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe i leith chur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, i gcas inarb ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh de chomhthoil in éineacht, de réir mar is iomchuí, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí).

I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagail 10 go 16, agus cinntí de bhun Airteagail 17, 18 agus 19 den Rialachán seo ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomh reachtach eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), glacfaidh, de réir mar is cuí, an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) na bearta sin, i gcomhthráth.

Airteagal 57

Fochoistí

1.  Féadfaidh an Comhchoiste fochoistí a bhunú chun críocha dréacht-chomhsheasaimh agus comhghníomhartha a ullmhú don Chomhchoiste.

2.  Beidh gach fochoiste comhdhéanta de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 55(1), agus d’ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis inniúil ábhartha as gach Ballstát.

3.  Déanfaidh gach fochoiste cathaoirleach a thoghadh as measc ionadaithe na n-údarás inniúil ábhartha , agus beidh an Cathaoirleach ina bhreathnóir ar an gComhchoiste freisin.

4.  Chun críocha Airteagal 56, bunófar fochoiste um ilchuideachtaí airgeadais mar chuid den Chomhchoiste.

5.  Poibleoidh an Comhchoiste ar a shuíomh gréasáin gach fochoiste arna bhunú lena n-áirítear sainorduithe na bhfochoistí sin agus liosta dá gcomhaltaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach ar an bhfochoiste.

▼B



ROINN 2

An Bord Achomhairc

Airteagal 58

Comhdhéanamh agus oibríocht

▼M7

1.  Bunaítear leis seo Bord Achomhairc na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.

2.  Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, ar daoine iad a mbeidh dea-cháil orthu agus a mbeidh cruthaithe acu go bhfuil eolas ábhartha ar dhlí an Aontais acu agus an taithí ghairmiúil idirnáisiúnta ar leibhéal leordhóthanach i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean gairme, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus nach comhaltaí de chuid an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta iad. Beidh na comhaltaí agus comhaltaí malartacha ina náisiúnaigh de Bhallstát agus beidh eolas cuimsitheach acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad. Beidh saineolas leordhóthanach dlí ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, fheidhmiú a chumhachtaí ag an Údarás.

▼B

Déanfaidh an Bord Achomhairc a Uachtarán a ainmniú.

▼M7

3.  Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis beirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh as gearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

Tar éis an gearrliosta a fháil, féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar chomhaltaí is iarratasóirí agus ar mhalartaigh is iarratasóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar chomhaltaí an Bhoird Achomhairc ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a Feisirí orthu nuair a iarrfar sin orthu, seachas ráitis, ceisteanna nó freagraí a bhaineann le cásanna aonair arna gcinneadh ag an mBord Achomhairc, nó atá ar feitheamh os comhair an Bhoird.

▼B

4.  Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin.

5.  Ní dhéanfar comhalta den Bhord Achomhairc arna cheapadh ag Bord Bainistíochta an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma oifige, mura rud é go bhfuarthas ciontach é i mí-iompar tromchúiseach agus go ndéanann an Bord Bainistíochta cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

6.  Déanfar cinntí an Bhoird Achomhairc a ghlacadh ar bhonn tromlaigh ceathrair ar a laghad as measc a sheisear comhaltaí. I gcás ina dtiocfaidh an cinneadh a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo, áireofar sa tromlach cinntitheach sin duine amháin ar a laghad den bheirt chomhaltaí den Bhord Achomhairc a ndearna an tÚdarás iad a cheapadh.

7.  Déanfaidh Uachtarán an Bhoird Achomhairc an Bord a chomóradh nuair is gá sin.

8.  Áiritheoidh na ÚMEanna, tríd an gComhchoiste, go bhfuil tacaíocht leordhóthanach oibríochtúil agus rúnaíochta ann don Bhord Achomhairc.

Airteagal 59

Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht

1.  Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus iad ag déanamh cinntí. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Bainistíochta an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.

▼M7

2.  Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc, ná foireann an Údaráis a thugann tacaíocht oibríochta agus rúnaíochta, páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc a bhfuil leas pearsanta acu ann, más rud é go raibh siad bainteach roimhe sin leis an ábhar mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó más rud é go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomharc.

▼B

3.  Más rud é, ar chúis amháin de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc áirithe, cuirfidh sé an Bord Achomhairc ar an eolas dá réir sin.

4.  Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach in imeachtaí ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta.

Ní fhéadfar agóid ar náisiúntacht na gcomhaltaí ná ní bheidh agóid inghlactha más rud é, maidir le páirtí sna himeachtaí achomhairc agus d’ainneoin é a bheith ar an eolas faoi chúis le hagóid a dhéanamh, go mbeidh céim nós imeachta glactha aige seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.

5.  Cinnfidh an Bord Achomhairc cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus mír 2 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin.

Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás an malartach a bheith sa chor céanna, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as measc na malartach a bheidh ar fáil.

6.  Geallfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail.

Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú gealltanas agus dearbhú leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas.

Poibleofar na dearbhuithe sin ar bhonn bliantúil agus i scríbhinn.



CAIBIDIL V

LEIGHEASANNA

Airteagal 60

Achomhairc

1.  Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis inniúila, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh de chuid an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 17, in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 agus in aghaidh aon chinnidh eile arna dhéanamh ag an Údarás i gcomhréir leis na gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ar cinneadh é a díríodh chuig an duine sin, nó in aghaidh cinnidh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach cé gur cinneadh é a díríodh chuig duine eile.

▼M7

2.  Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis an achomharc sin, a chomhdú i scríbhinn san Údarás laistigh de thrí mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de thrí mhí ón lá a fhoilseoidh an tÚdarás a chinneadh.

Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de thrí mhí tar éis an t-achomharc a thaisceadh.

▼B

3.  Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1.

Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.

4.  Má tá an t-achomharc inghlactha, déanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú i dtaobh an bhfuil bunús maith leis an achomharc. Iarrfaidh sé ar na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir lena bhfógraí féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal uiríoll ó bhéal a dhéanamh.

5.  Féadfaidh an Bord Achomhairc an cinneadh a ghlacfaidh an comhlacht inniúil an Údaráis a dhaingniú nó an cás a tharchur chuig an gcomhlacht inniúil den Údarás. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an gcomhlacht sin agus glacfaidh an comhlacht sin cinneadh leasaithe a ghlacadh maidir leis an gcás lena mbaineann.

6.  Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.

7.  Beidh na cinntí a dhéanfaidh an Bord Achomhairc réasúnaithe agus poibleoidh an tÚdarás iad.

▼M7

Airteagal 60a

An tÚdarás ag dul os cionn inniúlachta

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach comhairle réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún más rud é go bhfuil an duine sin den tuairim go ndeachaigh an tÚdarás os cionn a inniúlachta lena n-áirítear má mhainníonn an tÚdarás prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5) a urramú, agus é ag gníomhú faoi Airteagail 16 agus 16b, agus ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach.

▼B

Airteagal 61

Caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.  Féadfar imeachtaí a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE chun cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Achomhairc nó, i gcásanna nach bhfuil aon cheart achomhairc ann os comhair an Bhoird Achomhairc, ag an Údarás a chonspóidiú.

2.  Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, imeachtaí a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí ón Údarás, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.

3.  I gcás ina bhfuil oibleagáid ar an Údarás gníomhú agus ina mainníonn sé cinneadh a dhéanamh, féadfar imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.

4.  Beidh sé de cheangal ar an Údarás na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 62

Buiséad an Údaráis

▼M7

1.  Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ) (‘an Rialachán Airgeadais’), go háirithe teaglaim díobh seo a leanas:

▼B

(a) 

ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais, ar ranníocaíochtaí iad a dhéanfar i gcomhréir le foirmle atá bunaithe ar an ualú vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha. Chun críocha an Airteagail seo, leanfaidh Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha d’fheidhm a bheith aige tar éis spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair 2014 a bhunaítear ansin;

(b) 

fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);

(c) 

aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;

▼M7

(d) 

ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí;

(e) 

Táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.

Ní ghlacfar le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá tagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.

▼B

2.  Áireofar i gcaiteachas an Údaráis, ar a laghad, costais foirne, luach saothair, costais riaracháin, costais bhonneagair, costais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil agus costais oibríochtúla.

3.  Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

4.  Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Údaráis a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Údaráis.

▼M7

Airteagal 63

An buiséad a bhunú

1.  Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sealadach an Údaráis a tharraingt suas le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas measta, mar aon le faisnéis faoin bhfoireann, a bhainfear óna chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí, maille le plean bunaíochta.

2.  Glacfaidh an Bord Maoirseoirí, ar bhonn an dréachta a bheidh formheasta ag an mBord Bainistíochta, an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh na dtrí bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

3.  Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 31 Eanáir.

4.  Agus an doiciméad clársceidealaithe aonair á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach i leith an phleana bhunaíochta agus mhéid na ranníocaíochta comhardaithe atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den CFAE a iontráil i ndréachtbhuiséad an Aontais.

5.  Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairleplean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht chomhardaithe a thabharfar don Údarás a údarú.

6.  Glacfaidh an Bord Maoirseoirí buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach ón am a ghlacfar buiséad ginearálta an Aontais go críochnaitheach. Más gá, déanfar é a choigeartú dá réir.

7.  Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gan aon mhoill mhíchuí, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú a bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach.

8.  Gan dochar d’Airteagail 266 agus 267 den Rialachán Airgeadais, beidh gá le húdarú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairled’aon tionscadal a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais nó fadtéarmacha a bheith leis maidir le cistiú bhuiséad an Údaráis, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach, lena n-áirítear clásail scoir.

Airteagal 64

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.  Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad bliantúil an Údaráis chun feidhme.

2.  Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn. Ní chuirfidh Airteagal 70 bac ar an Údarás aon fhaisnéis a thabhairt do Chúirt Iniúchóirí arna hiarraidh sin den Chúirt Iniúchóirí agus ar faisnéis atá laistigh dá inniúlacht í.

3.  Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn, an fhaisnéis chuntasaíochta is gá chun críocha comhdhlúthúcháin chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin sa chaoi agus san fhormáid atá leagtha síos ag an oifigeach cuntasaíochta sin.

4.  Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn, an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

5.  Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil faoi chuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 246 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais deiridh an Údaráis. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chuig an mBord Maoirseoirí agus tabharfaidh siadsan a dtuairim uathu maidir leis na cuntais sin.

6.  Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, na cuntais deiridh, maille leis an tuairim ón mBord Maoirseoirí, chuig oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí.

Chomh maith leis sin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis pacáiste tuairiscithe chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 15 Meitheamh gach bliain i bhformáid chaighdeánaithe mar atá leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin.

7.  Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dar gcionn.

8.  Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair agus cuirfidh sé nó sí cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.

9.  Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair fheidhmiú rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlaimint.

10.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a fuarthas trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh 15 Bealtaine bhliain N + 2, i leith an bhuiséid do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

11.  Tabharfaidh an tÚdarás tuairim réasúnaithe ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ar aon bharúil ó Pharlaimint na hEorpa dá bhforáiltear sa nós imeachta urscaoilte.

Airteagal 65

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ( 25 ) ón gCoimisiún mura rud é gur gá sin mar gheall ar na riachtanais shonracha oibríochtúla a bhaineann le feidhmiú an Údaráis, agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin le toiliú ina leith sin ón gCoimisiún roimh ré.

▼B

Airteagal 66

Bearta frith-chalaoise

▼M7

1.  Chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan aon srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ).

▼B

2.  Aontóidh an tÚdarás don Chomhaontú Idirinstitiúideach a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha ag OLAF agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach maidir le foireann uile an Údaráis.

3.  Maidir leis na cinntí cistiúcháin agus na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu, sonrófar go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid arna eisíoc ag an Údarás agus, chomh maith leis sin, ar dhaoine den fhoireann atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 67

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE maidir leis an Údarás agus le foireann an Údaráis.

Airteagal 68

Foireann

1.  Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n-áirítear a Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a Chathaoirleach, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na rialacháin siniad a chur i bhfeidhm.

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3.  Déanfaidh an tÚdarás na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus na cumhachtaí a thugtar don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a fheidhmiú i ndáil lena fhoireann féin.

4.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.

Airteagal 69

Dliteanas an Údaráis

1.  I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna a shlánú. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le damáiste den sórt sin a leigheas.

2.  Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann an Údaráis i leith an Údaráis faoi rialú ag na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann an Údaráis.

Airteagal 70

Oibleagáid maidir le sicréideacht ghairmiúil

▼M7

1.  Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

▼B

2.  Gan dochar do chásanna atá cumhdaithe leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann daoine dá dtagraítear i mír 1 agus iad ag comhlíonadh a ndualgas a nochtadh do dhuine nó d’údarás ar bith d’aon chineál, ach amháin i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ar chaoi nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.

▼M7

Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.

▼M7

2a.  Áiritheoidh an Bord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Bainistíochta agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá i míreanna 1 agus 2.

Beidh feidhm maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta agus maidir leis an mBord Maoirseoirí agus a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin.

▼M7

3.  Ní chuirfidh mír 1 ná mír 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.

Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.

4.  Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún i bhfeidhm ( 27 ).

Airteagal 71

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó d’oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 28 ) nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.

▼B

Airteagal 72

Rochtain ar dhoiciméid

1.  Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh an Údaráis.

▼M7

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

▼B

3.  Féadfaidh na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis achomhairc chuig an mBord Achomhairc, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 CFAE faoi seach.

Airteagal 73

Socruithe teanga

1.  Beidh feidhm maidir leis an Údarás ag forálacha Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ( 29 ).

2.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.

3.  Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh i ndáil le feidhmiú an Údaráis.

Airteagal 74

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú

▼M7

Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach, leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus atá tugtha i gcrích acu tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil.

▼B

Soláthróidh an Ballstát sin na coinníollacha is fearr is féidir lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is cuí, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí

Airteagal 75

Rannpháirtíocht ag tríú tíortha

1.  Beidh rannpháirtíocht in obair an Údaráis ar oscailt do thríú tíortha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas ar comhaontuithe iad trínar ghlac siad dlí an Aontais, agus trína bhfuil an dlí sin á chur i bhfeidhm acu, i réimsí inniúlachta an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.  Féadfaidh an tÚdarás comhoibriú leis na tíortha dá dtagraítear i mír 1, a bhfuil reachtaíocht á cur i bhfeidhm acu atá aitheanta mar reachtaíocht choibhéiseach i réimsí inniúlachta an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(2), de réir mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 216 CFAE.

3.  Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál agus raon feidhme rannpháirtíocht na dtíortha sin dá dtagraítear i mír 1 in obair an Údaráis, agus gnéithe nós imeachta den rannpháirtíocht sin, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais agus leis an bhfoireann. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le hionadaíocht, i gcáil breathnadóra, ar an mBord Maoirseoirí, ach áiritheoidh siad nach bhfreastalóidh na tíortha sin ar aon phléití a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, ach amháin i gcás ina bhfuil leas díreach i gceist



CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

▼M7

Airteagal 76

Gaolmhaireacht le Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha

Measfar gurb é an tÚdarás comharba dlíthiúil Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha (CMBE). Faoi cheann dháta bhunú an Údaráis, déanfar sócmhainní agus dliteanais uile CMBE, chomh maith le gach oibríocht dá chuid atá ar feitheamh, a aistriú go huathoibríoch chuig an Údarás. Ullmhóidh CMBE ráiteas ina léireofar staid deiridh a chuid sócmhainní agus dliteanas amhail ar dháta an aistrithe sin. Déanfaidh CMBE agus an Coimisiún an ráiteas sin a iniúchadh agus a fhormheas.

▼B

Airteagal 77

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.  De mhaolú ar Airteagal 68, maidir le gach conradh fostaíochta agus gach comhaontú iasachta foirne arna dtabhairt i gcrích ag an CMBE nó ag a Rúnaíocht, ar conarthaí iad atá i bhfeidhm an 1 Eanáir 2011, urramófar iad go dtí a ndáta éaga. Ní fhéadfar iad a fhadú.

2.  Maidir leis na daoine go léir den fhoireann atá ar fostú faoi chonarthaí dá dtagraítear i mír 1, tabharfar an deis dóibh conarthaí mar ghníomhaire sealadach a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ag na gráid éagsúla, de réir mar a leagtar amach i bplean bunaíochta an Údaráis.

Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an t-údarás atá údaraithe chun conarthaí a thabhairt i gcrích roghnúchán inmheánach chun cumas, éifeachtúlacht agus ionracas na ndaoine sin atá le fostú a sheiceáil agus beidh an roghnúchán sin teoranta don fhoireann sin a bhfuil conarthaí acu leis an CMBE nó lena Rúnaíocht. Maidir leis an nós imeachta roghnúcháin inmheánach, tabharfar lánaird ann ar na scileanna agus ar an taithí arna léiriú trí fheidhmíocht an duine aonair roimh an gceapachán.

3.  Ag brath ar chineál agus ar leibhéal na bhfeidhmeanna a bheidh le comhlíonadh, déanfar conarthaí mar ghníomhaire sealadach a thairiscint do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo agus mairfidh na conarthaí sin ar feadh tréimhse a chomhfhreagróidh ar a laghad don tréimhse atá fágtha faoin seanchonradh.

4.  Leanfaidh an dlí ábhartha náisiúnta a bhaineann le conarthaí saothair agus na hionstraimí ábhartha eile d’fheidhm a bheith acu maidir le daoine den fhoireann a bhfuil seanchonarthaí acu agus nach roghnaíonn iarratas a dhéanamh ar chonradh mar ghníomhaire sealadach nó nach dtairgtear conradh mar ghníomhaire sealadach dóibh i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 78

Forálacha náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 79

Leasuithe

Déantar Cinneadh Uimh. 716/2009/CE a leasú leis seo sa mhéid go mbaintear an CMBE de liosta na dtairbhithe a leagtar amach i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

Airteagal 80

Aisghairm

Déantar Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún lena mbunaítear an CMBE a aisghairm leis seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2011.

Airteagal 81

Athbhreithniú

▼M7

1.  Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar oibriú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, inter alia:

(a) 

an éifeachtacht agus an cóineasú arna bhaint amach ag na húdaráis inniúla i dtaca le cleachtais mhaoirseachta:

(i) 

neamhspleáchas na n-údarás inniúil agus an cóineasú i dtaca leis na caighdeáin atá coibhéiseach leis an rialachas corparáideach;

▼B

(ii) 

neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus uathriail an Údaráis;

(b) 

feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí;

(c) 

an dul chun cinn arna bhaint amach maidir le cóineasú i dtaca le géarchéim a chosc, géarchéim a bhainistiú agus géarchéim a réiteach, lena n-áirítear sásraí cistiúcháin Aontais;

(d) 

ról an Údaráis i dtaca leis an riosca sistéamach;

(e) 

cur i bhfeidhm an chlásáil coimirce a bhunaítear in Airteagal 38.

(f) 

cur i bhfeidhm ról na hdirghabhála ceangailtí a bhunaítear in Airteagal 19;

▼M7

(g) 

feidhmiú an Chomhchoiste;

(h) 

na bacainní ar nó an tionchar ar an gcomhdhlúthú stuamachta de bhun Airteagal 8.

▼B

2.  Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:

(a) 

an bhfuil sé iomchuí leanúint de mhaoirseacht ar leithligh a dhéanamh ar bhaincéireacht, ar árachas, ar phinsin cheirde, ar urrúis agus ar na margaí airgeadais;

(b) 

an bhfuil sé iomchuí maoirseacht stuamachta a dhéanamh agus seoladh gnó a mhaoirsiú mar ghníomhaíochtaí ar leithligh óna chéile, nó an bhfuil sé iomchuí go ndéanfadh an maoirseoir céanna na gníomhaíochtaí sin;

(c) 

an bhfuil sé iomchuí go simpleofaí agus go neartófaí struchtúr an CEMA chun go mbeadh comhleanúnachas níos mó ann idir na macraileibhéil agus na micrileibhéil agus idir na ÚMEanna;

(d) 

an bhfuil éabhlóid an CEMA i gcomhréir leis an éabhlóid dhomhanda;

(e) 

an bhfuil dóthain éagsúlacht agus sármhaitheasa ann laistigh den CEMA;

(f) 

an leor an chuntasacht agus an trédhearcacht i dtaca le ceanglais um fhoilsiú;

(g) 

an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;

(h) 

an bhfuil sé iomchuí go ndéanfar suíomh an Údaráis a chothabháil nó an bhfuil sé iomchuí na ÚMEanna a aistriú go dtí an suíomh amháin chun go mbeadh comhordú níos fearr ann eatarthu.

▼M7

2a.  Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, déanfaidh sé measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm Airteagal 9c.

2b.  Mar chuid den tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, déanfaidh an Coimisiún, measúnú cuimsitheach ar chur chun feidhme, ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht na gcúraimí sonracha a bhaineann le cosc agus srian a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ar cúraimí sonracha iad a thugtar don Údarás de bhun Airteagal 1(2), pointe (l) d’Airteagal8(1), agus Airteagail 9a, 9b, 17 agus 19 den Rialachán seo. Mar chuid dá mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an idirghníomhú idir na cúraimí sin agus na cúraimí a thugtar don An Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), agus ar phraiticiúlacht dhlíthiúil chumhachtaí an Údaráis a mhéid a ligtear don Údarás, trí bhíthin na gcumhachtaí sin, gníomhaíocht a bhunú ar an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha nó lena bhfeidhmítear roghanna. Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailís chuimsitheach costais agus tairbhe le cois a bheith ag leanúint den chuspóir maidir leis an gcomhsheasmhacht, an éifeachtúlacht agus an éifeachtacht a áirithiú, déanfaidh sé imscrúdú críochnúil an féidir cúraimí sonracha i ndáil le cosc a chur ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus iad a chomhrac, a thabhairt do ghníomhaireacht thiomnaithe atá ann cheana ar fud an Aontais nó do ghníomhaireacht thiomnaithe nua ar fud an Aontais.

▼M1

3.  Maidir le saincheist na maoirseachta dírí ar institiúidí nó ar bhonneagair réimse uile-Eorpaigh agus forbairtí margaidh, cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh agus comhtháthú an Aontais ina iomláine á gcur san áireamh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil maidir lena hiomchuí a bheadh sé tuilleadh freagrachtaí maoirseachta sa réimse seo a chur ar an Údarás.

▼B

4.  Déanfar an tuarascáil agus aon tograí a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

▼M1

Airteagal 81a

Athbhreithniú ar na socruithe vótála

Amhail ón dáta arb ionann agus ceithre Bhallstát líon na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle maidir leis na socruithe vótála a gcuirtear síos orthu in Airteagal 41 agus Airteagal 44, agus aon taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo á cur san áireamh.

▼B

Airteagal 82

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011, cé is moite d’Airteagal 76 agus d’Airteagal 77(1) agus (2), a mbeidh feidhm acu amhail ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

Bunófar an tÚdarás an 1 Eanáir 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

( 3 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

( 4 ) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

( 5 ) Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

( 6 ) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

( 7 ) Rialachán (AE) Uimhir 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

( 8 ) Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).

( 9 ) Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

( 10 ) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

( 12 ) Féach ar leathanach 48 den Iris Oifigiúil seo.

( 13 ) Féach ar leathanach 84 den Iris Oifigiúil seo.

( 14 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

( 16 ) Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

( 17 ) Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).

( 18 ) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

( 19 ) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.03.2012, lch. 22).

( 20 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 21 ) Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

( 22 ) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

( 23 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

( 24 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

( 25 ) Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

( 26 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 27 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

( 28 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 29 ) IO 17, 6.10.1958, lch. 385.

Top