EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R1069-20191214

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/2019-12-14

02009R1069 — GA — 14.12.2019 — 004.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1069/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe)

(IO L 300 14.11.2009, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

DIRECTIVE 2010/63/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL Text with EEA relevance of 22 September 2010 (*)

  L 276

33

20.10.2010

►M2

COUNCIL REGULATION (EU) No 1385/2013 of 17 December 2013 (*)

  L 354

86

28.12.2013

►M3

RIALACHÁN (AE) 2017/625 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 15 Márta 2017

  L 95

1

7.4.2017

►M4

RIALACHÁN (AE) 2019/1009 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 5 Meitheamh 2019

  L 170

1

25.6.2019


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 137, 24.5.2017, lch.  40 (2017/625)

►C2

Ceartúchán, IO L 225, 14.7.2020, lch.  3 (2019/1009)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 1069/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2009

lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe)



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA



CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna



Roinn 1

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha sláinte poiblí agus sláinte ainmhithe do sheachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, d’fhonn rioscaí don tsláinte phoiblí agus ainmhithe a eascraíonn ó na táirgí sin a chosc nó a íoslaghdú, agus go háirithe sábháilteacht an tslabhra bia agus beatha a chosaint.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá eisiata ó bhia don duine faoi reachtaíocht Chomhphobail; agus

(b) 

na táirgí seo a leanas a dhéanfar a eisiamh ón mbiashlabhra go neamh-inchúlghairthe, atá chun críocha eile seachas do bhia don duine de bhun cinneadh tábhachtach ag oibreoir:

(i) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfar a bheith beartaithe mar bhia don duine faoi reachtaíocht an Chomhphobail;

(ii) 

amhábhair chun táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh.

2.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas:

(a) 

coirp iomlána nó codanna de choirp ainmhithe fiáine, seachas géim fiáin, nach bhfuil amhras ann go bhfuil siad ionfhabhtaithe nó buailte le galar a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh, ach amháin ainmhithe uisceacha a thugtar i dtír chun críocha tráchtála;

(b) 

coirp iomlána nó codanna de ghéim fiáin nach mbailítear tar éis iad a mharú, i gcomhréir le dea-chleachtas fiaigh, gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(c) 

seachtháirgí ainmhithe ó ghéim fiáin agus ó fheoil géim fhiáin dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(d) 

úicítí, suthanna agus seamhan atá beartaithe chun críocha pórúcháin;

(e) 

bainne amh, gruth buí agus táirgí a dhíorthaítear astu, a fhaightear, a choinnítear, a dhéantar a dhiúscairt nó a úsáidtear ar an bhfeirm thionscnaimh;

(f) 

sliogáin ó shliogiasc a bhfuil an fíochán bog agus an t-iasc bainte astu;

(g) 

dramhaíl lónadóireachta, ach amháin:

(i) 

má thionscnaíonn sí ó mhodh iompair atá ag oibriú go hidirnáisiúnta;

(ii) 

má bhíonn sí dírithe ar chríocha beathaithe;

(iii) 

má táthar chun é a phróiseáil trí steiriliú faoi brú nó a phróiseáil trí modhanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1) nó chun é a chlaochlú go bithghás nó go múirín;

(h) 

gan dochar do reachtaíocht chomhshaoil an Chomhphobail, ábhar ó árthaí lena gcomhlíontar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, a éiríonn le linn a n-oibríochtaí iascaireachta agus a dhiúscraítear ar muir, ach amháin ábhar a dhíorthaítear ó dhí-inniú iasc a léiríonn comharthaí galair, lena n-áirítear paraisítí, atá teagmhálach don duine;

(i) 

amhbhia peata a thagann ó shiopaí miondíola, áit a ndéantar an gearradh agus an stóráil chun críche an t-amhbhia peata a chur ar fáil don tomhaltóir láithreach;

(j) 

amhbhia peata atá díorthaithe ó ainmhithe a maraíodh ar an bhfeirm bhunaidh do thomhaltas teaghlaigh príobháideach; agus

(k) 

eiscréid agus fual seachas aoileach agus guanó neamh-mhianaithe.

3.  Beidh an Rialachán seo gan dochar do reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail agus é mar chuspóir aige galair ainmhithe a rialú agus a dhíothú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. 

ciallaíonn ‘seachtháirgí ainmhithe’ coirp iomlána nó codanna d’ainmhithe, nó táirgí de bhunadh ainmhíoch nó táirgí eile a fhaightear ó ainmhithe, nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine lena n-áirítear úicítí, suthanna agus seamhan;

2. 

ciallaíonn ‘táirgí díorthaithe’ aon táirge a fhaightear ó chóireáil amháin nó níos mó na cóireáil amháin, ó chlaochlaithe ó chéimeanna próiseála ar sheachtháirgí ainmhithe;

3. 

ciallaíonn ‘táirgí de bhunadh ainmhíoch’ táirgí de bhunadh ainmhíoch faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe 8.1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

4. 

ciallaíonn ‘conablach’ conablach a shainmhínítear i bpointe 1.9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

5. 

ciallaíonn ‘ainmhí’ aon ainmhí inveirteabrach nó veirteabrach;

6. 

ciallaíonn ‘ainmhí feirmshaothraithe’:

(a) 

aon ainmhí arna choinneáil, arna ramhrú nó arna phórú ag daoine agus a úsáidtear chun bia, olann, fionnadh, cleití, seithí agus craicne nó aon táirge a fhaightear ó ainmhithe nó chun críocha feirmeoireachta eile;

(b) 

equidae;

7. 

ciallaíonn ‘ainmhí fiáin’ aon ainmhí nach mbíonn á choinneáil ag daoine;

8. 

ciallaíonn ‘peata’ aon ainmhí a bhaineann le speiceas a bhíonn á chothú agus á choinneáil ag daoine ach nach n-itear chun críocha seachas chun críocha feirmeoireachta;

9. 

ciallaíonn ‘ainmhithe uisceacha’ ainmhithe uisceacha faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(1)(e) de Threoir 2006/88/CE;

▼M3

10. 

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

▼B

11. 

ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha a bhfuil seachtháirge ainmhithe nó táirge díorthaithe faoina rialú iarbhír, lena n-áirítear iompróirí, trádálaithe agus úsáideoirí;

12. 

ciallaíonn ‘úsáideoir’ na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbaineann úsáid as seachtháirge ainmhithe nó táirge díorthaithe chun críocha beathaithe speisialta nó chun críocha taighde nó chun críocha sonracha eile;

13. 

ciallaíonn ‘bunaíocht’ nó ‘gléasra’ aon áit ina ndéantar oibríocht áirithe lena mbaineann seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a láimhseáil, seachas árthach iascaireachta;

14. 

ciallaíonn ‘a chur ar an margadh’ aon oibríocht arb é is cuspóir leis seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a dhíol le tríú páirtí sa Chomhphobal nó aon fhoirm soláthair eile ar íocaíocht nó saor in aisce le tríú páirtí den sórt sin nó iad a stóráil d’fhonn iad a sholáthar chuig tríú páirtí den sórt sin;

▼M3

15. 

Beidh feidhm freisin ag an sainmhíniú ar ‘údaráis inniúla’ agus ar ‘idirthuras’ a leagtar síos in Airteagal 3(44) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ;

▼B

16. 

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ gluaiseacht ón gComhphobal chuig tríú tír;

17. 

ciallaíonn ‘einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSEanna)’ gach einceifileapaite spúinseach in-tarchurtha faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

18. 

ciallaíonn ‘ábhar sonraithe priacail’ ábhar sonraithe priacail mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

19. 

ciallaíonn ‘steiriliú faoi bhrú’ seachtháirgí ainmhithe a phróiseáil, tar éis laghdú i méid cáithníní go dtí méid nach mó ná 50 mm, go dtí lár-theocht breis agus 133 °C ar feadh 20 nóiméad ar a laghad gan briseadh ag dearbh-bhrú de 3 bhar;

20. 

ciallaíonn ‘aoileach’ aon eiscréid agus/nó fual de chuid ainmhithe feirmshaothraithe seachas éisc saothraithe, a bhfuil nó nach bhfuil easair ann;

21. 

ciallaíonn ‘líonadh talún údaraithe’ líonadh talún a bhfuil cead eisithe ina leith i gcomhréir le Treoir 1999/31/CE;

22. 

ciallaíonn ‘leasachán orgánach’ agus ‘feabhsaí ithreach’ ábhair de bhunadh ainmhíoch a úsáidtear chun cothú plandaí agus airíonna fisiceacha agus ceimiceacha agus gníomhaíochtaí bitheolaíocha ithreacha, a chothabháil nó a fheabhsú, ar leithligh nó le chéile; féadfaidh aoileach, guanó neamh-mhianaithe, ábhar ó chonair an díleá, múirín agus iarmhair dhíleáite a bheith san áireamh orthu;

23. 

ciallaíonn ‘limistéar iargúlta’ limistéar ina bhfuil an daonra ainmhithe chomh beag, agus a bhfuil bunaíochtaí nó gléasraí diúscartha chomh fada uaidh go mbeadh na socruithe riachtanacha maidir le seachtháirgí ainmhithe a bhailiú agus a iompar dochraideach ar shlí do-ghlactha i gcomparáid le diúscairt áitiúil;

24. 

ciallaíonn ‘bia’ nó ‘earraí bia’ bia nó earraí bia faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

25. 

ciallaíonn ‘beatha’ nó ‘earraí beathaithe’ beatha nó earraí beathaithe faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

26. 

ciallaíonn ‘lártheifneoir nó deighilteoir sloda’ ábhar a bhailítear mar sheachtháirge i ndiaidh íonú bainne amh agus bainne bearrtha agus uachtar a scaradh ó bhainne amh;

27. 

ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl faoi mar a shainmhínitear í i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE.



Roinn 2

Oibleagáidí

Airteagal 4

Pointe tosaigh sa slabhra monaraíochta agus oibleagáidí

1.  A luaithe a ghineann oibreoirí seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, aithneoidh siad iad agus áiritheoidh siad go ndéiléalfar leo i gcomhréir leis an Rialachán seo (pointe tosaigh).

2.  Áiritheoidh oibreoirí ag gach céim i ndáil le bailiú, iompar, láimhseáil, cóireáil, claochlú, próiseáil, stóráil, cur ar an margadh, dáileadh, úsáid agus diúscairt laistigh den ghnó atá faoina rialú go gcomhlíonfaidh seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe ceanglais an Rialacháin seo atá ábhartha maidir lena ngníomhaíochtaí.

3.  Déanfaidh Ballstáit faireachán agus dearbhóidh siad go gcomhlíonfaidh oibreoirí ceanglais ábhartha an Rialacháin seo ar fud an tslabhra iomláin seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe faoi mar a dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, cothabhálfaidh siad córas de rialuithe oifigiúla i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail.

4.  Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh córas leordhóthanach ar fáil ina gcríoch trína n-áiritheofar go ndéanfar seachtháirgí ainmhithe:

(a) 

a bhailiú, a shainaithint agus a iompar gan mhoill mhíchuí; agus

(b) 

a chóireáil, a úsáid nó a dhiúscairt i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.  Féadfaidh Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi mhír 4 i gcomhar le Ballstáit eile nó le tríú tíortha.

Airteagal 5

An pointe deiridh sa slabhra monaraíochta

1.  Measfar go mbeidh táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33 a bhain an chéim monaraíochta amach agus atá á rialáil leis an reachtaíocht Chomhphobail dá dtagraítear san Airteagal sin tar éis an pointe deiridh den slabhra monaraithe a bhaint amach agus ón bpointe sin ar aghaidh ní bheidh siad faoi réir ag ceanglais an Rialacháin seo.

Féadfar na táirgí díorthaithe sin a chur ar an margadh gan srianta orthu ina dhiaidh sin faoin Rialachán seo agus ní bheidh siad faoi réir ag rialuithe oifigiúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Féadfaidh an pointe deiridh sa slabhra monaraithe a mhodhnú:

(a) 

do tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 33(a) go (d), i gcás rioscaí do shláinte ainmhithe;

(b) 

do tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 33(e) go (f), i gcás rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe;

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(6).

▼M4

2.  Maidir le táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagail 32, 35 agus 36 nach mbaineann riosca suntasach leo don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe, féadfar críochphointe sa slabhra monaraíochta a chinneadh, nach mbeidh na táirgí sin faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ina dhiaidh.

Féadfar na táirgí díorthaithe sin a chur ar an margadh gan srianta orthu ina dhiaidh sin faoin Rialachán seo agus ní bheidh siad faoi réir rialuithe oifigiúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 51a lena bhforlíontar an Rialachán seo trí chríochphointe a shainaithint sa slabhra monaraíochta, nach mbeidh táirgí díorthaithe dá dtagraítear sa mhír seo faoi réir riachtanais an Rialacháin seo ina dhiaidh.

3.  I gcás rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 53 agus ag Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 i dtaca le bearta éigeandála maidir leis na táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 36 den Rialachán seo.

4.  Laistigh de 6 mhí tar éis an 15 Iúil 2019tíolacfaidh an Coimisiún an chéad mheasúnú ar tháirgí díorthaithe, dá dtagraítear in Airteagal 32, a úsáidtear go forleathan san Aontas mar leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach. Cuimseofar sa mheasúnú sin na táirgí seo a leanas, ar a laghad: min feola, min chnámh, min feola agus cnámh, fuil ainmhithe, próitéiní hidrealaithe ó ábhair Chatagóir 3, aoileach próiseáilte, múirín, iarmhair díleá bithgháis, min chleite, glicrín agus táirgí eile d’ábhair Chatagóirí 2 nó 3 a dhíorthaítear ó tháirgeadh bithdhíosail agus breoslaí in-athnuaite, chomh maith le bia peataí, beatha agus ábhar coganta do mhadraí ar táirgí iad dár diúltaíodh ar chúiseanna tráchtála nó de bharr teipeanna teicniúla, agus táirgí a dhíorthaítear ó fhuil ainmhithe, seithí agus craicne, crúba agus adharca, guanó sciathán leathair agus éan, olann agus fionnadh, cleití agus cluimhreach, agus guairí muc. I gcás ina gcinntear sa mheasúnú sin nach mbaineann aon riosca suntasach don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe leis na táirgí díorthaithe sin, cinnfidh an Coimisiún críochphointe sa slabhra monaraíochta de bhun mír 2 den Airteagal seo gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí, i gcás ar bith, ná sé mhí tar éis an measúnú a thabhairt chun críche.

▼B



Roinn 3

Srianta sláinte ainmhithe

Airteagal 6

Srianta ginearálta sláinte ainmhithe

1.  Ní sheolfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe ó speicis sho-ghabhálacha amach ó gabháltais, bunaíochtaí, gléasraí nó criosanna atá faoi réir ag srianta

(a) 

de bhun reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail; nó

(b) 

de bharr galar teagmhálach tromchúiseach a bheith ann

(i) 

a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/119/CEE; nó

(ii) 

atá leagtha síos i gcomhréir leis an dara fomhír.

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) den chéád fhomhír, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

2.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina ndéantar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a choinsíniú faoi choinníollacha atá ceaptha chun leathadh galar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe a chosc.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(5).



Roinn 4

Aicmiú

Airteagal 7

Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a aicmiú

1.  Déanfar seachtháirgí ainmhithe a aicmiú i gcatagóirí sonracha lena léirítear an leibhéal riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascraíonn as na seachtháirgí ainmhithe sin, i gcomhréir leis na liostaí a leagtar síos in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10.

2.  Beidh táirgí díorthaithe faoi réir rialacha don chatagóir sonrach de sheachtháirgí ainmhithe as a ndíorthaítear iad, mura sonrófar a mhalairt sa Rialachán seo, nó dá bhforáiltear i mbearta arna nglacadh ag an gCoimisiún chun an Rialachán seo, a d’fhéadfadh na coinníollacha a shonrú nach mbeadh táirgí díorthaithe faoi réir ag na rialacha sin, a chur chun feidhme.

3.  Féadfaidh an Coimisiún Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10 a leasú chun ascnamh eolaíoch a chur san áireamh maidir le measúnú ar an leibhéal riosca, ar choinníoll gur féidir ascnamh den sórt sin a shainaithint ar bhonn measúnaithe riosca arna dhéanamh ag an bhforas eolaíochta cuí. Ní fhéadfar, áfach, aon seachtháirgí ainmhithe a liostaítear sna hAirteagail sin a bhaint de na liostaí sin agus ní fhéadfar ach athruithe aicmithe a dhéanamh nó seachtháirgí ainmhithe breise a chur leis.

4.  Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 8

Ábhar Chatagóir 1

Áireofar na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas in ábhar Chatagóir 1:

(a) 

coirp iomlána agus gach cuid de choirp, lena n-áirítear seithí agus craicne, na n-ainmhithe seo a leanas:

(i) 

ainmhithe a bhfuil amhras ina leith go bhfuil siad ionfhabhtaithe le TSE i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001 nó a ndeimhnítear go hoifigiúil go bhfuil TSE iontu;

(ii) 

ainmhithe a mharaítear i gcomhthéacs na mbeart chun TSE a dhíothú;

(iii) 

ainmhithe nach ainmhithe feirmshaothraithe ná ainmhithe fiáine iad, lena n-áirítear peataí, ainmhithe i zúnna agus ainmhithe sorcais;

▼M1

(iv) 

animals used in a procedure or procedures defined in Article 3 of Directive 2010/63/EU of the European Parliament and of the Council of 22 September 2010 on the protection of animals used for scientific purposes ( 2 ), in cases where the competent authority decides that such animals or any of their body parts have the potential to pose serious health risks to humans or to other animals, as a result of that procedure or those procedures without prejudice to Article 3(2) of Regulation (EC) No 1831/2003;

▼B

(v) 

ainmhithe fiáine, nuair a bhíonn amhras ann go bhfuil siad ionfhabhtaithe le galair a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh;

(b) 

an t-ábhar seo a leanas:

(i) 

ábhar sonraithe priacail;

(ii) 

coirp iomlána nó codanna de choirp ainmhithe marbha ina mbíonn ábhar sonraithe priacail ag tráth a ndiúscartha;

(c) 

seachtháirgí ainmhithe a dhíorthaítear ó ainmhithe a chuaigh faoi chóireáil mhídhleathach faoi mar a shainmhínítear í in Airteagal 1(2)(d) de Threoir 96/22/CE nó in Airteagal 2(b) de Threoir 96/23/CE;

(d) 

seachtháirgí ainmhithe ina bhfuil iarmhair de shubstaintí eile agus d’ábhair salaithe chomhshaoil atá liostaithe i nGrúpa B(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/23/CE, má théann na hiarmhair sin thar an leibhéal ceadaithe a leagtar síos le reachtaíocht an Chomhphobail nó mura bhfuil ann dó, leis an reachtaíocht náisiúnta;

(e) 

seachtháirgí ainmhithe a bailíodh le linn cóireála uisce fuíll atá de dhíth faoi na rialacha cur chun feidhm arna nglacadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 27:

(i) 

ó bhunaíochtaí agus ó ghléasraí a phróiseálann ábhar Chatagóir 1; nó

(ii) 

ó bhunaíochtaí nó ó ghléasraí ina mbaintear ábhar riosca sonraithe as;

(f) 

dramhaíl lónadóireachta ó mhodh iompair atá ag oibriú go hidirnáisiúnta;

(g) 

meascáin d’ábhar Chatagóir 1 le hábhar Chatagóir 2 nó le hábhar Chatagóir 3 nó díobh araon.

Airteagal 9

Ábhar Chatagóir 2

Áireofar na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas in ábhar Chatagóir 2:

(a) 

aoileach, guanó neamh-mhianaithe, ábhar ó chonair an díleá;

(b) 

seachtháirgí ainmhithe a bailíodh le linn cóireála uisce fuíll atá de dhíth faoi na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 27:

(i) 

ó bhunaíochtaí agus ó ghléasraí a phróiseálann ábhar Chatagóir 2; nó

(ii) 

ó sheamlais seachas na cinn atá cumhdaithe faoi Airteagal 8(e);

(c) 

seachtháirgí ainmhithe ina bhfuil iarmhair de shubstaintí údaraithe nó d’ábhar salaithe a sháraíonn na leibhéil cheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Threoir 96/23/CE;

(d) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch a ndearbhaítear iad a bheith mí-oiriúnach mar bhia don duine de bharr go bhfuil earraí coimhthíocha sna táirgí sin;

(e) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ábhar Chatagóir 1:

(i) 

a allmhairítear nó a thugtar isteach ó thríú tír agus nach gcomhlíonann reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail dá n-allmhairiú nó dá dtabhairt isteach sa Chomhphobal ach amháin i gcás ina gceadaítear iad a allmhairiú nó a thabhairt isteach, le reachtaíocht an Chomhphobail, faoi réir srianta sonracha nó faoi réir iad a chur ar ais chuig an tríú tír; nó

(ii) 

a choinsínítear chuig Ballstát eile agus nach gcomhlíontar ceanglais arna leagan síos nó arna n-údarú le reachtaíocht an Chomhphobail ach amháin i gcás ina gcuirtear ar ais iad trí údarú an údaráis inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(f) 

ainmhithe agus codanna d’ainmhithe, ach amháin iad sin dá dtagraítear in Airteagal 8 nó in Airteagal 10,

(i) 

a bhásaigh seachas a bheith maraithe mar bhia don duine nó, lena n-áirítear ainmhithe a mharaítear chun críocha rialaithe galar,

(ii) 

féatais;

(iii) 

úicítí, suthanna agus seamhan nach bhfuil beartaithe chun críocha pórúcháin; agus

(iv) 

éanlaith chlóis á marbh sa bhlaosc;

(g) 

meascáin d’ábhar Chatagóir 2 le hábhar Chatagóir 3;

(h) 

seachtháirgí ainmhithe seachas ábhar Chatagóir 1 nó ábhar Chatagóir 3.

Airteagal 10

Ábhar Chatagóir 3

Áireofar na seachtháirgí ainmhithe seo a leanas in ábhar Chatagóir 3:

(a) 

conablaigh agus codanna d’ainmhithe a mharaítear nó, i gcás géim, coirp nó codanna d’ainmhithe, a mharaítear, agus atá oiriúnach mar bhia don duine i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail, ach nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine ar chúiseanna tráchtála;

(b) 

conablaigh agus na codanna seo a leanas a thagann ó ainmhithe a maraíodh i seamlas agus ar measadh iad a bheith oiriúnach le marú mar bhia don duine tar éis cigireachta ante-mortem a dhéanamh orthu nó coirp agus na codanna seo a leanas d’ainmhithe ó ghéim a maraíodh mar bhia don duine i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail:

(i) 

conablaigh nó coirp agus codanna d’ainmhithe a dhiúltaítear mar ábhar atá mí-oiriúnach mar bhia don duine i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail, ach nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe;

(ii) 

cloigne éanlaith clóis;

(iii) 

seithí agus craicne, lena n-áirítear a gcuid fuílleach agus aon fhoroinnt orthu, adharca agus cosa, lena n-áirítear na falaing agus cnámha carpais agus meiteacharpais, cnámha tarsais agus meiteatarsais de:

— 
ainmhithe, seachas athchogantaigh ar ghá tástáil TSE a dhéanamh orthu, agus
— 
athchogantaigh a ndearnadh tástáil orthu ar a raibh toradh diúltach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001,
(iv) 

guairí muc,

(v) 

cleití.

(c) 

seachtháirgí ainmhithe ó éanlaith chlóis agus lagomorpha a mharaítear ar an bhfeirm dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nach raibh aon chomhartha galair le haithint air, is féidir a thabhairt do dhaoine agus d’ainmhithe;

(d) 

fuil ainmhithe nár léirigh aon chomharthaí de ghalar a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh trí fhuil a fhaightear ó na hainmhithe seo a leanas a maraíodh i seamlas ar breithníodh iad a bheith oiriúnach le marú mar bhia don duine tar éis cigireachta ante-mortem a dhéanamh orthu i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail;

(i) 

ainmhithe, seachas athchogantaigh ar ghá tástáil TSE a dhéanamh orthu; agus

(ii) 

athchogantaigh a ndearnadh tástáil orthu ar a raibh toradh diúltach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(e) 

seachtháirgí ainmhithe a thagann ó tháirgeadh táirgí atá ceaptha mar bhia don duine, lena n-áirítear cnámha agus geirdheascadh díbhealaithe, lártheifneoir nó deighilteoir sloda ó phróiseáil bainne;

(f) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch, nó earraí bia ina bhfuil táirgí de bhunadh ainmhíoch nach bhfuil ceaptha a thuilleadh mar bhia don duine ar chúiseanna tráchtála nó de bharr fadhbanna monaraíochta nó fadhbanna pacáistithe nó fadhbanna eile nach n-eascraíonn aon riosca don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe astu;

(g) 

bia peataí agus earraí beathaithe de bhunadh ainmhíoch, nó earraí beathaithe ina bhfuil seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha a thuilleadh mar bhia don duine ar chúiseanna tráchtála nó de bharr fadhbanna monaraíochta nó fadhbanna pacáistithe nó fadhbanna eile nach n-eascraíonn aon riosca don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe astu;

(h) 

fuil, broghais, olann, cleití, gruaig, cluimhreach, adharca, gearrthóga crúb agus bainne amh a thagann ó ainmhithe beo nár léirigh aon comhartha de ghalar atá teagmhálach don duine ná d’ainmhithe tríd an táirge sin;

(i) 

ainmhithe uisceacha, agus codanna d’ainmhithe den sórt sin, seachas mamaigh mara, nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe;

(j) 

seachtháirgí ainmhithe ó ainmhithe uisceacha a thagann ó bhunaíochtaí nó ó ghléasraí ina monaraítear táirgí a bheidh ina mbia don duine;

(k) 

ón ábhar seo a leanas a thagann ó ainmhithe nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe:

(i) 

sliogáin ó shliogéisc a bhfuil fíochán bog nó an t-iasc ann;

(ii) 

na nithe seo a leanas a thagann ó ainmhithe talúnda:

— 
seachtháirgí gorlainne,
— 
uibheacha,
— 
seachtháirgí uibheacha lena n-áirítear blaoscanna uibhe;
(iii) 

sicíní lae a maraíodh ar chúiseanna tráchtála;

(l) 

inveirteabraigh uisceacha agus thalúnda seachas speicis atá pataigineach don duine nó d’ainmhithe;

(m) 

ainmhithe agus codanna díobh d’oird zó-eolaíochta Rodentia agus Lagomorpha, ach amháin ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(iii), (iv) agus (v) agus ábhar Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9(a) go (g);

(n) 

seithí agus craicne, crúba, cleití, olann, adharca, gruaig, cluimhreach agus fionnadh ó ainmhithe marbha nár léirigh aon chomharthaí de ghalar atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe tríd an táirge sin ach amháin iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) den Airteagal seo;

(o) 

fiochán saille ó ainmhithe nár léirigh aon chomharthaí de ghalar a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh a maraíodh i seamlas ar breithníodh iad a bheith oiriúnach le marú mar bhia don duine tar éis cigireachta ante-mortem a dhéanamh orthu i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail;

(p) 

dramhaíl lónadóireachta ach amháin an dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 8(f).



CAIBIDIL II

Diúscairt agus úsáid seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe



Roinn 1

Srianta ar úsáid

Airteagal 11

Srianta ar úsáid

1.  Beidh cosc ar na húsáidí seo a leanas i ndáil le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe:

(a) 

beathú ainmhithe talúnda speicis ar leith seachas ainmhithe fionnaidh le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a díorthaíodh as coirp nó codanna de choirp ainmhithe den speiceas céanna;

(b) 

beathú ainmhithe feirmshaothraithe, cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, le dramhaíl lónadóireachta nó ábhar beatha ina mbíonn dramhaíl lónadóireachta nó ábhar a díorthaíodh as dramhaíl lónadóireachta;

(c) 

ainmhithe feirmshaothraithe a bheathú le luibhre ó thalamh go díreach ar féarach nó trína mbeathú le luibhre bainte, ó thalamh ar a mbeidh leasacháin orgánacha nó feabhsaithe ithreach, cé is moite d’aoileach, curtha mura ndéanfar an féarach nó an bhaint tar éis an tréimhse feithimh a áiritheoidh rialú leordhóthanach ar na rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe agus a mhairfidh 21 lá ar a laghad a bheith caite; agus

(d) 

beathú iasc saothraithe le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a díorthaíodh as coirp nó codanna de choirp iasc saothraithe den speiceas céanna.

2.  Féadfar bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas a leagan síos:

(a) 

na seiceálacha agus na rialuithe a bheidh le déanamh chun cur chun feidhme na dtoirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, lena n-áirítear modhanna agus tástálacha braite a úsáid chun láithreacht ábhar de bhunadh speiceas áirithe agus tairsigh de mhéideanna neamhshunstasacha de phróitéiní ainmhíoch próiseáilte a dheimhniú dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) de mhír 1 a tharlaíonn de bharr éiliú theagmhasaigh nach féidir a sheachaint go teicniúil,

(b) 

coinníollacha maidir le beathú ainmhithe fionnaidh speicis le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a díorthaíodh as coirp nó codanna de choirp ainmhithe den speiceas céanna;

(c) 

coinníollacha maidir le hainmhithe feirmshaothraithe a bheathú le luibhre ó thalamh ar a mbeidh leasacháin orgánacha nó feabhsaithe ithreach curtha air, go háirithe modhnú ar an tréimhse feithimh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(4).



Roinn 2

Diúscairt agus úsáid

Airteagal 12

Diúscairt agus úsáid ábhar Chatagóir 1

Déanfar ábhar Chatagóir 1

(a) 

a dhiúscairt mar dhramhaíl trí loscadh:

(i) 

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii) 

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(b) 

a aisghabháil nó a dhiúscraítear trí chomhloscadh, más dramháil atá in ábhar Chatagóir 1:

(i) 

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii) 

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(c) 

i gcás ábhar Chatagóir 1, ach amháin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(i) agus (ii), a dhiúscairt trí phróiseáil le steiriliú faoi bhrú, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil agus é a chur i líonadh talún údaraithe;

(d) 

i gcás ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(f), a dhiúscairt trína chur i líonadh talún údaraithe;

(e) 

úsáid mar bhreosla chun críocha dócháin; le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil; nó

(f) 

a úsáid chun táirgí díorthaithe a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 34 agus in Airteagal 36 agus atá curtha ar an margadh i gcomhéir leis na hAirteagail sin.

Airteagal 13

Diúscairt agus úsáid ábhar Chatagóir 2

Déanfar ábhar Chatagóir 2:

(a) 

a dhiúscairt mar dhramhaíl trí loscadh:

(i) 

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii) 

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(b) 

a aisghabháil nó a dhiúscraítear trí chomhloscadh, más dramháil atá in ábhar Chatagóir 2:

(i) 

go díreach gan réamhphróiseáil; nó

(ii) 

i ndiaidh próiseála, trí steiriliú faoi bhrú, má éilíonn an t-údarás inniúil amhlaidh, agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(c) 

a dhiúscairt i líonadh talún údaraithe, i ndiaidh próiseála le steiriliú faoi bhrú agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(d) 

a úsáidtear chun leasúcháin nó feabhsaithe ithreach a mhonarú a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirtegal 32 i ndiaidh phróiseáil trí steiriliú faoi bhrú nuair is infheidhme agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil;

(e) 

a mhúiríniú nó a chlaochlú go bithghás:

(i) 

i ndiaidh próiseála trí steiriliú faoi bhrú agus an t-ábhar a bheidh mar thoradh air a bhuanmharcáil; nó

(ii) 

i gcás aoiligh, conair an díleá agus a ábhar, bainne, táirgí de bhunadh bainne agus gruth buí, uibheacha agus táirgí uibhe ar dóigh leis an údarás inniúil nach riosca iad ó thaobh aon ghalar in-tarchurtha tromchúiseach a scaipeadh, i ndiaidh réamhphróiseála nó gan aon réamhphróiseáil;

(f) 

a chur amach ar an talamh gan phróiseáil, i gcás aoiligh, ábhair ó chonair an díleá atá deighilte ó chonair an díleá, bainne, táirgí de bhunadh bainne agus gruth buí ar dóigh leis an údarás inniúil nach riosca iad ó thaobh aon ghalar in-tarchurtha tromchúiseach a scaipeadh;

(g) 

i gcás ábhair a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha, sadhlas a dhéanamh de nó é a mhúiríniú nó a chlaochlú go bithghás;

(h) 

úsáid mar bhreosla chun críocha dócháin; le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil; nó

(i) 

a úsáid chun táirgí díorthaithe a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 34 agus in Airteagal 36 agus atá curtha ar an margadh i gcomhéir leis na hAirteagail sin.

Airteagal 14

Diúscairt agus úsáid ábhar Chatagóir 3

Déanfar ábhar Chatagóir 3:

(a) 

a dhiúscairt mar dhramhaíl trí loscadh, le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil;

(b) 

a aisghabháil nó a dhiúscraítear trí chomhloscadh, más dramháil atá in ábhar Chatagóir 3;

(c) 

a dhiúscairt i líonadh talún údaraithe, i ndiaidh próiseála;

(d) 

a phróiseáil, ach amháin i gcás ábhair Chatagóir 3 atá athraithe trí lobhadh nó milleadh sa dóigh is gur riosca do-ghlactha é don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, an táirge sin, agus a úsáid:

(i) 

chun beatha a mhonarú d’ainmhithe feirmshaothraithe seachas ainmhithe fionnaidh, a bheidh le chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 31, seachas i gcás ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(n), (o) agus (p);

(ii) 

chun beatha a mhonarú d’ainmhithe fionnaidh, a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 36;

(iii) 

chun beatha a mhonarú do bhia peataí, a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 35; nó

(iv) 

chun leasachán orgánach nó feabhsaithe ithreach a chuirfear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 32 a mhonarú;

(e) 

a úsáidtear chun bia peataí a tháirgeadh, a bheidh le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 35;

(f) 

a mhúiríniú nó a chlaochlú go bithghás;

(g) 

i gcás ábhair a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha, sadhlas a dhéanamh de nó é a mhúiríniú nó a chlaochlú i mbithghás;

(h) 

i gcás sliogán ó shliogéisc ach amháin iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(f), agus blaoscanna uibhe a úsáid faoi choinníollacha arna gcinneadh ag an údarás inniúil a chuireann cosc ar aon riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe;

(i) 

úsáid mar bhreosla chun críocha dócháin le réamhphróiseáil nó gan réamhphróiseáil;

(j) 

a úsáid chun táirgí díorthaithe a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 34 agus in Airteagal 36 agus atá curtha ar an margadh i gcomhréir leis na hAirteagail sin;

(k) 

i gcás dramhaíl lónadóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(p) a phróiseáil trí steiriliú faoi bhrú nó a phróiseáil trí mhodhanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1) nó chun é a mhúiríniú nó é chlaochlú go bithghás; nó

(l) 

a chur amach ar an talamh gan phróiseáil, i gcás bainne amh, ruth buí ar dóigh leis an údarás inniúil nach riosca iad ó thaobh aon ghalair atá teagmhálach don duine nó d’ainmhithe tríd na táirgí sin.

Airteagal 15

Bearta chur chun feidhme

1.  Féadfar bearta do chur chun feidhme den Roinn seo a leagan sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

coinníollacha speisialta maidir le hábhar a láimhseáil agus a dhiúscairt ar bord atá díorthaithe ó dhí-inniú éisc a léiríonn comharthaí galar, lena n-áirítear paraisítí, atá teagmhálach don duine;

(b) 

modhanna próiseála do sheachtháirgí ainmhithe ach amháin steiriliú faoi brú, go háirithe maidir le paraiméadair a fheidhmeofar sna modhanna próiseála sin, go háirithe an t-am, an teocht an brú agus méid na gcáithníní;

(c) 

paraiméadair chun seachtháirgí ainmhithe a chlaochlú, lena n-áírítear dramhaíl lonadóireachta, go bithghás nó go múirín;

(d) 

coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a loscadh agus a chomhloscadh;

(e) 

coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a dhó;

(f) 

coinníollacha maidir le seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 10(c) a ghiniúint agus a láimhseáil;

(g) 

sadhlas a dhéanamh as ábhar a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha;

(h) 

buanmharcáil ar sheachtháirgí ainmhithe;

(i) 

seachtháirgí ainmhithe, leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach áirithe a chur amach ar an talamh;

(j) 

úsáid seachtháirgí ainmhithe áirithe chun a thabhairt mar bheatha do ainmhithe feirmshaothraithe; agus

(k) 

leibhéal an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe i ndáil le hábhar áirithe a bhreithnítear a bheith do-ghlactha dá dtagraítear in Airteagal 14(d).

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

2.  Go dtí go nglacfar rialacha dá dtagraítear:

(a) 

i bpointe (c), i bpointe (f) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a chothabháil i leith:

(i) 

seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 10(c) a ghiniúint agus a láimhseáil;

(ii) 

chun seachtháirgí ainmhithe a chlaochlú dá dtagraítear in Airteagal 10(p); agus

(iii) 

chun sadhlas a dhéanamh as ábhar a thionscnaíonn ó ainmhithe uisceacha;

(b) 

i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear ann a dhiúscairt ar muir, gan dochar do reachtaíocht comhshaoil an Chomhphobail.



Roinn 3

Maoluithe

Airteagal 16

Maoluithe

De mhaolú ar Airteagal 12, ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 14 féadfar seachtháirgí ainmhithe:

(a) 

i gcás seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1), a láimhseáiltear agus a dhiúscairtear i gcomhréir leis na coinníollacha speisialta atá leagtha síos de bhun an phointe sin;

(b) 

a úsáid chun críocha taighde agus chun críocha sonracha eile i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c) 

i gcás seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 18, a úsáid chun críocha beathaithe faoi leith i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(d) 

i gcás seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 19, a dhiúscairt i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(e) 

a dhiúscaítear nó a úsáidtear i gcomhréir le modhanna malartacha arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 20, bunaithe ar pharaiméadair a d’fhéadfadh steiriliú faoi bhrú nó ceanglais eile an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme a chur san áireamh;

(f) 

i gcás ábhair Chatagóir 2 agus ábhair Chatagóir 3 agus má tá sé údaraithe ag an údarás inniúil a úsáid chun ullmhóidí bithdhinimiciúla a ullmhú agus a chur amach ar an talamh dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh 834/2007;

(g) 

i gcás ábhar Chatagóir 3 agus, údaraíonn an t-údarás inniúil é, féadfar iad a úsáid mar bheatha do pheataí má;

(h) 

i gcás seachtháirgí ainmhithe seachas ábhar Chatagóir 1, a éiríonn le linn idirghabhála máinliachta ar ainmhithe beo nó le linn saolú ainmhithe ar an bhfeirm agus, má tá sé údaraithe ag an údarás inniúil amhlaidh, a dhiúscairt ar an bhfeirm sin.

Airteagal 17

Críocha taighde agus críocha sonracha eile

1.  Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar Airteagal 12, ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 14 úsáid seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a údarú do thaispeántais, do ghníomhaíochtaí ealaíonta agus chun críocha fáthmheasa, oideachais nó taighde faoi choinníollacha a áiritheoidh rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe.

Áireofar ar na coinníollacha sin:

(a) 

toirmeasc ar aon úsáid eile a bhaint as na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe chun críocha eile ina dhiaidh sin; agus

(b) 

an oibleagáid chun na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe a dhiúscairt go sábháilte nó iad a athsheoladh go dtí a n-ionad tionscnaimh, más iomchuí.

2.  I gcás rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a éilíonn go nglacfaí bearta a chumhdóidh críoch iomlán an Chomhphobail, go háirithe i gcás rioscaí atá ag teacht chun cinn as an nua, féadfar coinníollacha comhchuibhithe a leagan síos chun na seachtháirgí ainmhithe agus na táirgí díorthaithe dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú agus a úsáid. D’fhéadfaí ceanglais maidir le stóráil, pacáistiú, sainaithint, iompar agus diúscairt a áireamh ar na coinníollacha sin.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 18

Críocha beathaithe speisialta

1.  Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 14, agus faoi choinníollacha a áiritheoidh rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, bailiú agus úsáid ábhar Chatagóir 2 a údarú, ar choinníoll gur ó ainmhithe é nár maraíodh ná a bhásaigh de bharr galair a d’fhéadfadh daoine nó ainmhithe a tholgadh a bheith orthu nó gur ceapadh go bhféadfadh sé a bheith orthu, agus úsáid ábhar Chatagóir 3 le tabhairt mar bheatha:

(a) 

d’ainmhithe i zúnna;

(b) 

d’ainmhithe sorcais;

(c) 

do reiptílí agus d’éin chreiche seachas ainmhithe i zúnna ná ainmhithe sorcais;

(d) 

d’ainmhithe fionnaidh;

(e) 

d’ainmhithe fiáine;

(f) 

do mhadraí ó chonchróite nó ó chonairtí aitheanta;

(g) 

do mhadraí agus do chait in ionaid dídine;

(h) 

do chruimheanna agus do phéisteanna a úsáidtear mar bhaoite iascaireachta.

2.  Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar Airteagal 12 agus i gcomhréir le na coinníollacha arna leagan síos de bhun mhír 3 den Airteagal seo:

(a) 

ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(b)(ii) agus ábhar a eascraíonn ó ainmhithe i zúnna a thabhairt mar bheatha d’ainmhithe i zúnna; agus

(b) 

ábhar ó Chatagóir 1 dá dtagraítear in 8(b)(ii) a thabhairt mar bheatha do speicis éan neicreafagach atá i mbaol nó atá cosanta agus do speicis eile a mhaireann ina ngnáthóg nádúrtha, d’fhonn an bhithéagsúlacht a chur chun cinn.

3.  Féadfaidh an Coimisiún bearta do chur chun feidhme an Airteagail seo a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

coinníollacha faoina bhféadfar an bailiú agus an úsáid dá dtagraítear i mír 1 a údarú i ndáil le haistriú, le dáileadh, le stóráil agus le húsáid ábhar Chatagóir 2 agus ábhar Chatagóir 3 chun críocha beathaithe, lena n-áirítear rioscaí a bheidh ag teacht chun cinn as an nua; agus

(b) 

coinníollacha faoina bhféadfar ábhar de Chatagóir 1 dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a údarú, i gcásanna áirithe a bheidh de mhaolú ar Airteagal 21(1), lena n-áirítear:

(i) 

na speicis éan neicreafagach atá i mbaol nó atá cosanta agus speicis eile i mBallstáit áirithe a bhféadfar an t-ábhar sin a thabhairt dóibh mar bheatha;

(ii) 

bearta chun riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 19

Bailiú, iompar agus diúscairt

1.  Féadfaidh an t-údarás inniúil, de mhaolú ar na hAirteagail 12, 13, 14 agus 21, údarú a thabhairt chun:

(a) 

peataí marbha agus equidae a dhiúscairt trí adhlacadh;

(b) 

trí dhó nó trí adhlacadh ar an láthair nó trí mhodhanna eile faoi mhaoirseacht oifigiúil a choiscfidh rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe ó ábhair Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(v) agus (b)(ii), ó ábhair Chatagóir 2 agus ó ábhair Chatagóir 3 i limistéir iargúlta;

(c) 

ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(b)(ii), ábhair Chatagóir 2, agus ábhair Chatagóir 3 i limistéir nach féidir a rochtain ar éigin nó nach bhféadfaí iad a rochtain ach in imthosca, ó thaobh cúinsí geografacha nó aeráide nó de bharr tubaiste nádúrtha, a d’fhéadfadh rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht na ndaoine a chruthú a bheadh ag déanamh an bhailithe nó go n-éileodh rochtain go gcaithfí úsáid a bhaint as deiseanna bailiúcháin díréireacha, a dhiúscairt trí dhó nó trí adhlacadh ar an láthair nó trí mhodhanna eile faoi mhaoirseacht oifigiúil a choscann rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe;

(d) 

i gcás ábhar Chatagóir 2 agus ábhar Chatagóir 3 nach riosca iad don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe agus nuair nach dtéann na méideanna thar mhéid áirithe in aghaidh na seachtaine, an mhéid seo á chinntiú i gcomhréir le cineál na ngníomhaíochtaí a sheoltar agus speiceas tionscnaimh na seachtháirgí ainmhithe lena mbaineann;

(e) 

seachtháirgí ainmhithe ach amháin ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(a)(i), i gcás ráige galair infhógartha a dhiúscairt trí dhó nó trí adhlacadh ar an láthair faoi choinníollacha a choiscfidh rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe, sa chás go gcuirfeadh iompar chuig an ngléasra ceadaithe is gaire chun na seachtháirgí ainmhithe a phróiseáil nó a dhiúscairt le hiomadú rioscaí sláinte nó as a n-eascródh, i gcás ráige forleithne de ghalar eipeasótach, rud a chiallódh go bhfuiltear tar éis dul thar acmhainneacht diúscartha na ngléasraí sin; agus

(f) 

trí bheacha nó seachtháirgí beachadóireachta a dhó nó a adhlacadh ar an láthair faoi choinníollacha a choiscfidh rioscaí a tharchur chuig an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe.

2.  Ní cheadófar don daonra ainmhithe de speiceas áirithe sna limistéir iargúlta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 dul thar uaschéatadán de dhaonra ainmhithe den speiceas sin sa Bhallstát lena mbaineann.

3.  Cuirfidh Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún faoi:

(a) 

na limistéir a dhéanann siad a aicmiú mar limistéir iargúlta chun pointe (b) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus na cúiseanna leis an aicmiú sin, agus faisnéis cothrom le dáta maidir le haon athrú ar an aicmiú sin; agus

(b) 

an úsáid a bhaineann siad as na húdaruithe dá bhforáiltear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 i ndáil le hábhar Chatagóir 1 agus le hábhar Chatagóir 2.

4.  Leagfar síos bearta chur chun feidhme an Airteagail seo síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

coinníollacha a bheidh dírithe ar rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe i gcás dó agus adhlacadh ar an láthair a áirithiú;

(b) 

uaschéatadán an daonra ainmhithe dá dtagraítear i mír 2;

(c) 

an méid seachtháirgí ainmhithe, maidir le cineál na ngníomhaíochtaí agus na speiceas tionscnaimh, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1; agus

(d) 

an liosta galar dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).



Roinn 4

Modhanna malartacha

Airteagal 20

Modhanna malartacha a údarú

1.  Féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta a thionscnamh chun malairt modha a údarú chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a úsáid nó a dhiúscairt, nó é sin a thionscnamh tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar, a d’fhéadfadh ionadú a dhéanamh thar ceann níos mó ná páirtí leasmhar amháin.

2.  Seolfaidh páirtithe leasmhara a n-iarratais chuig údarás inniúil an Bhallstáit a mbeidh sé i gceist acu an mhalairt modha a úsáid.

Déanfaidh an t-údaras inniúil measúnú laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis an t-iarratas comhlánaithe a fháil, cibé an gcomhlíonann an t-iarratas an fhormáid chaighdeánach d’iarratais dá dtagraítear i mír 10.

3.  Cuirfidh an t-údarás inniúil iarratais na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara, maille le tuarascáil ar an meastóireacht sin, faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (UESB) agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas mar gheall air seo.

4.  Nuair a thosóidh an Coimisiún an próiseas údaraithe, seolfaidh sé tuarascáil ar a mheastóireacht go dtí an UESB.

5.  Déanfaidh an UESB measúnú, laistigh de shé mhí tar éis an t-iarratas comhlánaithe a fháil, an áirithíonn an modh arna thíolacadh, maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe:

(a) 

go rialófar i slí a choscann a n-iomadú sular ndiúscrófar iad, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le bearta chur chun feidhme an Rialacháin seo; nó

(b) 

go laghdófar iad go céim ar ionann ar a laghad é, don chatagóir lena mbaineann de sheachtháirgí ainmhithe, agus na modhanna próiseála a bheidh leagtha síos de bhun phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1).

Eiseoidh an UESB tuairim ar an iarratas a bheidh tíolactha.

6.  I gcásanna cuí-réasúnaithe ina n-éileoidh an UESB faisnéis bhreise ó iarratasóirí, féadfar an tréimhse dá bhforáiltear i mír 5 a shíneadh.

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún nó leis an iarratasóir, cinnfidh an UESB tréimhse faoina bhféadfar an fhaisnéis a sholáthar dó agus cuirfidh sé an Coimisiún agus an t-iarratasóir más iomchuí ar an eolas faoin tréimhse bhreise riachtanach.

7.  Sa chás gur mian le hiarratasóirí faisnéis bhreise a chur isteach ar a gconlán féin, seolfaidh siad é go díreach chuig an UESB.

Sa chás sin ní dhéanfar an tréimhse dá bhforáiltear i mír 5 a shíneadh ar feadh tréimhse breise.

8.  Cuirfidh an UESB a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, an t-iarratasóir agus údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

9.  Laistigh de thrí mhí tar éis thuairim an UESB a fháil agus ag cur na tuairime sin san áireamh, cuirfidh an Coimisiún an beart atá molta agus a bheidh le glacadh i gcomhréir le mír 11 in iúl don iarratasóir.

10.  Glacfar formáid chaighdeánach d’iarratais ar mhalairt modhanna i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

11.  Tar éis tuairim an UESB a fháil, glacfar an méid seo a leanas:

(a) 

beart lena n-údaraítear modh malartach chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a úsáid nó a dhiúscairt; nó

(b) 

beart lena ndiúltaítear malairt modha den sórt sin a údarú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).



TEIDEAL II

OIBLEAGÁIDÍ AR OIBREOIRÍ



CAIBIDIL I

Oibleagáidí ginearálta



Roinn 1

Bailiú, iompar agus inrianaitheacht

Airteagal 21

Bailiú agus sainaithint maidir le catagóir agus le hiompar

1.  Déanfaidh oibreoirí seachtháirgí ainmhithe a bhailiú, a shainaithint agus a iompar gan moill mhíchuí faoi choinníollacha a chuirfidh cosc ar rioscaí teacht chun cinn do shláinte ainmhithe agus don tsláinte phoiblí.

2.  Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh doiciméad tráchtála ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe le linn iompair nó, nuair a éileoidh an Rialachán nó beart arna ghlacadh i gcomhréir le mír 6 amhlaidh, deimhniú sláinte a bheith de dhíth.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír féadfaidh an t-údarás inniúil iompar aoiligh a údarú idir dhá phointe a bheidh ar an bhfeirm chéanna nó idir feirmeacha agus úsáideoirí aoiligh laistigh den Bhallstát céanna gan doiciméad tráchtála ná deimhniú sláinte.

3.  Áireofar i ndoiciméid tráchtála agus i ndeimhnithe sláinte a bheidh ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe le linn iompair ar a laghad faisnéis ar an mbunadh, ar an gceann scríbe agus ar an méid táirgí den sórt sin agus tuairisc ar na seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe agus a marcáil, nuair a éilíonn an Rialachán seo marcáil den sórt sin.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarchur an eolais dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí chóras malartach a údarú, áfach, i gcás seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a iomprófar laistigh de chríoch Bhallstáit.

4.  Baileoidh, iompróidh agus diúscróidh oibreoirí dramhaíl lónadóireachta, i gcomhréir leis na bearta náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2008/98/CE.

5.  Déanfar na bearta seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3):

(a) 

múnlaí do dhoiciméid tráchtála a éilítear a bheith ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe le linn iompair; agus

(b) 

múnlaí do dheimhnithe sláinte agus na coinníollacha lena rialaítear an tslí a chaithfidh siad a bheith ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe le linn iompair.

6.  Féadfaidh an Coimisiún bearta maidir le cur chun feidhme an Airteagal seo a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cásanna a n-éilítear deimhniú sláinte ag féachaint don leibhéal riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascródh as táirgí díorthaithe áirithe;

(b) 

cásanna ina gceadaítear, de mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 2 agus ag féachaint don leibhéal íseal riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascródh as seachtháirgí áirithe ainmhithe nó as táirgí díorthaithe áirithe, go bhféadfar táirgí díorthaithe a iompar gan na doiciméid ná na deimhnithe dá dtagraítear sa mhír sin;

(c) 

ceanglais maidir le sainaithint, lena n-áirítear lipéadú, agus le deighilt chatagóirí éagsúla de sheachtháirgí ainmhithe le linn iompair; agus

(d) 

coinníollacha le rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a tharlódh le linn bailiú agus iompar seachtháirgí ainmhithe a chosc, lena n-áirítear coinníollacha d’iompar sábháilte na dtáirgí sin i ndáil le coimeádáin, feithiclí agus ábhar pacáistithe.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 22

Inrianaitheacht

1.  Coinneoidh oibreoirí a bheidh ag coinsíniú, ag iompar nó ag fáil seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe taifead de na coinsíneachtaí agus de na doiciméid tráchtála ghaolmhara nó de na deimnithe sláinte gaolmhara.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, sa chás gur deonaíodh údarú maidir le hiompar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe gan doiciméid tráchtála ná deimhnithe sláinte i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 21(2) nó i gcomhréir leis na bearta chur chun feidhme a ghlactar faoi Airteagail 21(6)(b).

2.  Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 1 chun go n-aithneofaí:

(a) 

na hoibreoirí eile dár soláthraíodh a seachtháirgí ainmhithe nó a dtáirgí díorthaithe; agus

(b) 

na hoibreoirí ónar soláthraíodh iad.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don údarás inniúil má lorgaíonn sé é.

3.  Féadfar glacadh le bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), go háirithe maidir leis:

(a) 

an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil do na húdaráis inniúla;

(b) 

an tréimhse ama a gcaithfear an fhaisnéis sin a choinneáil lena linn.



Roinn 2

Clárú agus formheas

Airteagal 23

Oibreoirí, bunaíochtaí nó gléasraí a chlárú

1.  D’fhonn go gclárófaí iad, déanfaidh na hoibreoirí:

(a) 

sula dtosófar ar na hoibríochtaí, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas maidir le haon bhunaíochtaí nó le haon ghléasraí faoina gcúram atá gníomhach in aon chuid de ghiniúint, d’iompar, de láimhseáil, de phróiseáil, de stóráil, de chur ar an margadh, de dháileadh, d’úsáid nó de dhiúscairt seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe;

(b) 

faisnéis a chur ar fáil don údarás inniúil maidir le:

(i) 

catagóir na seachtháirgí ainmhithe nó na dtáirgí díorthaithe faoina gcúram;

(ii) 

nádúr na n-oibríochtaí a dhéantar ina n-úsáidtear seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe mar ábhar tosaigh.

2.  Déanfaidh oibreoirí faisnéis cothrom le dáta a chur ar fáil don údarás inniúil i leith aon bhunaíochtaí nó aon ghléasraí faoina gcúram dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, lena n-áirítear aon athrú suntasach sna gníomhaíochtaí amhail aon dúnadh síos de bhunaíocht nó de ghléasra atá ag feidhmiú.

3.  Féadfar rialacha mionsonraithe maidir le clárú dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

4.  De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le haon fhógra chun cláraithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le bunaíochtaí a ghineann seachtháirgí ainmhithe agus atá formheasta nó cláraithe cheana i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 nó Rialachán (CE) Uimh. 853/2004; agus i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le bunaíochtaí nó gléasraí atá formheasta cheana i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo.

Beidh feidhm ag an maolú céanna i gcás gníomhaíochtaí lena n-áireofar seachtháirgí ainmhithe a ghiniúint ar an láthair amháin; agus a dhéantar ar fheirmeacha agus ar áitribh eile ina ndéantar ainmhithe a choimeád, a phórú nó ina dtugtar aire dóibh.

Airteagal 24

Bunaíochtaí nó gléasraí a chlárú

1.  Déanfaidh oibreoirí deimhin de go ndéanfaidh an t-údarás inniúil na bunaíochtaí nó na gléasraí atá faoina gcúram a fhormheas, sa chás go ndéanann na bunaíochtaí nó na gléasraí sin ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

próiseáil ar sheachtháirgí ainmhithe le steiríliú faoi bhrú, le modhanna próiseála dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(1) nó le modhanna malartacha a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 20;

(b) 

diúscairt, mar dhramhaíl, le loisceadh seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, ach amháin na bunaíochtaí nó gléasraí a bhfuil ceadúnas feidhmithe acu i gcomhréir le Treoir 2000/76/CE;

(c) 

diúscairt nó aisghabháil seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe le comhloisceadh, más dramhaíl iad, ach amháin na bunaíochtaí nó gléasraí a bhfuil ceadúnas feidhmithe acu i gcomhréir le Treoir 2000/76/CE;

(d) 

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a úsáid mar bhreosla do dhó;

(e) 

monarú bhia peataí;

(f) 

monarú leasúchán orgánach agus feabhsaitheoirí ithreach;

(g) 

seachtháirgí ainmhithe agus/nó táirgí díorthaithe a chlaochlú go bithghás nó go múirín;

(h) 

seachtháirgí ainmhithe a láimhseáil tar éis dóibh a bheith bailithe, trí mhodhanna amhail sórtáil, gearradh, fuarú, reo, salannú, seithe nó craiceann nó ábhar le riosca sainiúil a bhaint;

(i) 

seachtháirgí ainmhithe a stóráil;

(j) 

stóráil ar ábhar díorthaithe a bhfuil sé i gceist:

(i) 

go ndéanfaí é a dhiúscairt trí líonadh talún nó loisceadh nó a bhfuil sé i gceist é a aisghabháil nó a dhiúscairt trí chomhloisceadh;

(ii) 

é a úsáid mar bhreosla chun críocha dóite;

(iii) 

é a úsáid mar bheathú ainmhithe, ach amháin i gcás bunaíochtaí nó gléasraí atá formheasta nó cláraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;

(iv) 

é a úsáid mar leasachán orgánach agus mar fheabhsaí ithreach, ach amháin i gcás stórála in áit ina ndéantar é a leathadh go díreach.

2.  Sonrófar, leis an gceadú dá dtagraítear i mír 1, an mbeidh an bhunaíocht nó an gléasra ceadaithe d’oibríochtaí le seachtháirgí ainmhithe agus/nó táirgí díorthaithe ó:

(a) 

chatagóir áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 9 nó in Airteagal 10; nó

(b) 

níos mó ná catagóir amháin dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 9 nó in Airteagal 10, agus arna thabhairt le fios an bhfuiltear i mbun oibríochtaí den sórt sin:

(i) 

go buan faoi choinníollacha diandheighilte a dhéanann aon rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc; nó

(ii) 

go sealadach faoi choinníollacha a dhéanann éilliú a chosc, chun toradh a thabhairt ar an easpa acmhainneachta do tháirgí den sórt sin a eascraíonn de bharr:

— 
ráige forleithne de ghalar eipeasótach, nó
— 
tosca neamhghnáthacha nach bhfuil súil leo.

Airteagal 25

Ceanglais sláinteachais ghinearálta

1.  Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh na bunaíochtaí nó gléasraí atá faoina gcúram agus a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a) agus (h):

(a) 

tógtha i slí inar féidir iad a ghlanadh agus a dhífhabhtú go héifeachtach agus, nuair is iomchuí, tógfar na hurláir sa tslí gur féidir leachtanna a dhraenáil go héasca;

(b) 

go mbeidh rochtain acu ar áiseanna leordhóthaineacha cosúil le leithrisí, seomraí feistis agus báisíní láimhe do dhaoine foirne;

(c) 

go mbeidh na socruithe iomchuí ann chun cosaint i gcoinne lotnaidí, cosúil le feithidí, creimirí agus éin;

(d) 

go gcoimeádfar an tsuiteáil agus na fearais i staid mhaith agus go ndéanfar deimhin de go ndéanfar na fearais tomhais a chalabrú go rialta; agus

(e) 

go mbeidh na socruithe iomchuí acu do ghlanadh agus do dhífhabhtú na soitheach agus na bhfeithiclí a bheidh in úsáid d’fhonn rioscaí éillithe a sheachaint.

2.  Caithfidh aon duine a oibreoidh sa bhunaíocht nó sa ghléasra dá dtagraítear i mír 1 éadach a bheidh oiriúnach, glan agus, más gá, cosantach.

I gcás bunaíochta nó gléasra áirithe, más iomchuí:

(a) 

ní rachaidh aon duine a oibríonn san earnáil neamhghlan isteach san earnáil ghlan gan a chuid nó a cuid éadach agus a bhróga nó a bróga oibre a athrú i dtosach nó gan iad a bheith dífhabhtaithe aige nó aici;

(b) 

ní bhogfar trealamh ná innealra ón earnáil neamhghlan go dtí an earnáil ghlan gan iad a bheith glanta agus dífhabhtaithe i dtosach; agus

(c) 

cuirfidh an t-oibreoir nós imeachta ar bun a bhaineann le gluaiseacht daoine d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid gluaiseachta agus déanfaidh sé cur síos ar úsáid cheart na ndabhcha coise agus na ndabhcha rotha.

3.  I mbunaíochtaí nó i ngléasraí a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a):

(a) 

láimhseálfar na seachtháirgí ainmhithe sa tslí gur féidir na rioscaí éillithe a sheachaint;

(b) 

déanfar seachtháirgí ainmhithe a láimhseáil a luaithe agus is féidir. I ndiaidh na próiseála, láimhseálfar agus stórálfar na táirgí díorthaithe i slí inar féidir na rioscaí truaillithe a sheachaint;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, le linn aon phróiseáil ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe, déanfar gach cuid den seachtháirge ainmhithe agus den táirge díorthaithe a chóireáil ag teocht áirithe ar feadh tréimhse áirithe ama agus cuirfear cosc ar na rioscaí athéillithe;

(d) 

seiceálfaidh na hoibreoirí na paraiméadair is infheidhme, go háirithe an teocht, an brú, an t-am, méid na gcáithníní, le gairis uathoibríocha i gcás inarb iomchuí;

(e) 

cuirfear gnásanna glanta ar bun agus déanfar doiciméadacht air seo do gach cuid de na bunaíochtaí nó de na gléasraí.

Airteagal 26

Seachtháirgí ainmhithe a láimhseáil i ngnó an bhia

1.  Déanfar cóireáil, próiseáil nó stóráil sheachtháirgí ainmhithe i mbunaíochtaí nó gléasraí atá formheasta nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nó i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 faoi choinníollacha a dhéanfaidh traséilliú a chosc agus, más iomchuí, déanfar é seo i roinn de chuid na bunaíochta nó an ghléasra a bheidh tiomnaithe chuige seo.

2.  Féadfar amhábhair do tháirgeadh geilitín nó collaigine nach bhfuil sé i gceist iad a úsáid do thomhaltas daonna a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil sna bunaíochtaí sin a bhfuil údarú sainiúil faighte acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, Iarscríbhinn III, Roinn XIV, Caibidil I, pointe 5 agus Roinn XV, Caibidil I, pointe 5, a fhad agus a bheidh cosc ar an riosca chun galair a leathadh trí dheighilt a dhéanamh ar na hamhábhair sin ó amhábhair chun táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh.

3.  Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 gan dochar do cheanglais níos sainiúila a leagtar síos i reachtaíocht tréidliachta an Chomhphobail.

Airteagal 27

Bearta chur chun feidhme

Leagfar síos na bearta chun an Roinn seo agus Roinn 1 den Chaibidil seo a chur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na ceanglais bonneagair agus trealaimh is infheidhme i mbunaíochtaí nó i ngléasraí;

(b) 

na ceanglais sláinteachais is infheidhme maidir le gach cineál láimhseála de sheachtháirgí ainmhithe agus de tháirgí díorthaithe, lena n-áirítear bearta lena modhnaítear na ceanglais sláinteachais do na bunaíochtaí nó do na gléasraí dá dtagraítear in Airteagal 25(1);

(c) 

na coinníollacha agus na ceanglais theicniúla chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a láimhseáil, a chóireáil, a chlaochlú, a phróiseáil agus a stóráil agus na coinníollacha chun fuíolluisce a chóireáil;

(d) 

an fhianaise a chaithfidh an t-oibreoir a chur ar fáil chun cóireáil, claochlú agus próiseáil sheachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe, ar a gcumas chun rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc;

(e) 

na coinníollacha a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe de níos mó ná catagóir amháin dá dtagraítear in Airteagal 8, in Airteagal 9 nó in Airteagal 10 a láimhseáil sa bhunaíocht chéanna nó sa ghléasra céanna:

(i) 

sa chás go dtéitear i mbun na n-oibríochtaí sin ar leithligh;

(ii) 

sa chás go dtéitear i mbun na n-oibríochtaí sin go sealadach i dtosca áirithe;

(f) 

na coinníollacha chun trasthéilliú a chosc nuair a dhéantar seachtháirgí ainmhithe a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil i roinn de chuid na bunaíochta nó an ghléasra a bheidh tiomnaithe chuige seo agus dá dtagraítear in Airteagal 26;

(g) 

na gnáthpharaiméadair chlaochlaithe do ghléasraí bithgháis agus múirínithe;

(h) 

na ceanglais is infheidhme maidir le loscadh nó comhloscadh i ngléasraí ardamhainneacht agus i ngléasraí íseal-acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(b) agus (c); agus

(i) 

na ceanglais is infheidhme maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(d) a loscadh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).



Roinn 3

Féinseiceálacha agus anailís ar ghuais agus ar phointí rialúcháin criticiúla

Airteagal 28

Féinseiceálacha

Déanfaidh oibreoirí féinseiceálacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil ina gcuid bunaíochtaí nó gléasraí d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Áiritheoidh siad nach bhfágfaidh aon seachtháirgí ainmhithe ná aon táirgí díorthaithe an bhunaíocht nó an gléasra má táthar in amhras fúthu nó má tá sé faighte amach ina dtaobh nach gcomhlíonann siad an Rialachán seo, ach amháin mura mbeidh sé i gceist iad a dhiúscairt.

Airteagal 29

Anailís ar ghuais agus ar phointí rialúcháin criticiúla

1.  Déanfaidh oibreoirí a bheidh i mbun na ngníomhaíochtaí seo a leanas nós imeachta buan nó nósanna imeachta buana a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil agus bunófar é seo ar phrionsabail anailís ar ghuais agus ar phointí rialúcháin criticiúla (HACCP):

(a) 

do sheachtháirgí ainmhithe a phróiseáil;

(b) 

do sheachtháirgí ainmhithe a chlaochlú go bithghás agus go múirín;

(c) 

do níos mó ná aon chatagóir amháin de sheachtháirgí ainmhithe nó de tháirgí díorthaithe a láimhseáil agus a stóráil sa bhunaíocht chéanna nó sa ghléasra céanna;

(d) 

do mhonarú bia peataí.

2.  Déanfaidh na hoibreoirí a shainmhínítear i mír 1 an méid seo go háirithe:

(a) 

aon ghuaiseanna a aithint a chaithfear a chosc, a dhíbirt nó a laghdú go dtí leibhéil inghlactha;

(b) 

na pointí rialaithe criticiúla a aithint ag an gcéim nó ag na céimeanna ina mbeidh rialú riachtanach chun guais a chosc nó a dhíbirt nó í a laghdú go dtí leibhéil inghlactha;

(c) 

teorainneacha criticiúla a bhunú ag pointí rialaithe criticiúla a scarann inghlacthacht ó neamhinghlacthacht chun guaiseanna aitheanta a chosc, a dhíbirt nó a laghdú;

(d) 

nósanna imeachta monatóireachta éifeachtacha a bhunú agus a chur chun feidhme ag pointí rialaithe criticiúla;

(e) 

gníomhaíocht ceartaithe a bhunú nuair a léiríonn an mhonatóireacht nach bhfuil pointe rialúcháin criticiúil faoi smacht;

(f) 

nósanna imeachta a bhunú lena bhfhíoraítear go bhfuil na bearta a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) críochnaitheach agus go bhfuil siad ag feidhmiú go héifeachtach. Rachfar i mbun nósanna imeachta fíorúcháin go rialta;

(g) 

doiciméid agus taifid a chur le chéile a bheidh i gcomhréir le nádúr agus méid na ngnólachtaí chun cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (f) a léiriú.

3.  Nuair a dhéantar aon mhodhnú ar tháirge, ar phróiseas nó ar aon chéim den táirgeadh, den phróiseáil, den stóráil nó den leithdháileadh, athbhreithneoidh na hoibreoirí a nósanna imeachta agus déanfaidh siad na hathruithe is gá.

4.  Féadfar glacadh le bearta a éascóidh an tAirteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

Airteagal 30

Treoracha náisiúnta dea-chleachtais

1.  I gcás inar gá sin, spreagfaidh na húdaráis inniúla forbairt, scaipeadh agus úsáid dheonach na dtreoracha náisiúnta dea-chleachtais, go háirithe do chur i bhfeidhm phrionsabail HACCP dá dtagraítear in Airteagal 29. Féadfaidh oibreoirí treoracha dá sórt a úsáid ar bhonn deonach.

2.  Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar threoracha náisiúnta lena áirithiú:

(a) 

go bhforbrófar iad i gcomhar le hionadaithe na bpáirtithe a bhfuil éifeacht shubstaintiúil ar a leasanna agus go scaipfidh earnálacha oibreoirí iad; agus

(b) 

go mbeidh sé de chumas ag na hearnálacha dá dtagraíonn siad a n-ábhar a úsáid.



CAIBIDIL II

Cur ar an margadh



Roinn 1

Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe chun ainmhithe feirmshaothraithe seachas ainmhithe fionnaidh a bheathú

Airteagal 31

Cur ar an margadh

1.  Féadfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe atá beartaithe mar bheatha le húsáid mar ábhar beatha d’ainmhithe feirmshaothraithe, seachas ainmhithe fionnaidh, a chur ar an margadh ar choinníoll:

(a) 

gur ábhar Chatagóir 3 iad nó go bhfuil siad díorthaithe as, ach amháin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(n), (o) agus (p);

(b) 

go bhfuil siad bailithe nó próiseáilte, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis na coinníollacha don steiriliú faoi bhrú nó coinníollacha eile chun riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc i gcomhréir leis na bearta a ghlactar de bhun Airteagal 15 agus aon bheart arna leagan síos i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo; agus

(c) 

gur seachtháirgí iad as bunaíochtaí nó as gléasraí ceadaithe nó cláraithe faoi mar is infheidhme i ndáil le seachtháirge ainmhí nó táirge díorthaithe lena mbaineann.

2.  Féadfar bearta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a leagan síos a bhaineann leis na coinníollacha le rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe do bhailiú, próiseáil agus cóireáil seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe dá dtagraítear dóibh i mír 1.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).



Roinn 2

Leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach

Airteagal 32

Úsáid agus cur ar an margadh

1.  Féadfar leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach a chur ar an margadh agus a úsáid ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil siad díorthaithe as ábhar Chatagóir 2 nó as ábhar Chatagóir 3;

(b) 

go bhfuil siad táirgthe i gcomhréir leis na coinníollacha don steiriliú faoi bhrú nó coinníollacha eile chun riosca don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a chosc, i gcomhréir le ceanglais a leagtar síos de bhun Airteagal 15 agus aon bheart eile arna leagan síos i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(c) 

go dtagann siad ó bhunaíochtaí nó gléasraí ceadaithe nó cláraithe, mar is infheidhme; agus

(d) 

go ndearnadh feoil agus min chnámh atá díorthaithe ó ábhar de Chatagóir 2 agus próitéiní ainmhíocha próiseáilte a bhfuil sé i gceist iad a úsáid mar leasacháin orgánacha agus mar fheabhsaithe ithreach a mheascadh le compháirt chun nach gcuirfí san áireamh aon úsáid eile a bhaint as an meascán chun críocha eile ina dhiaidh sin agus go marcálfar iad más gá de réir na mbeart a ghlactar faoi mhír 3.

Ina theannta sin, féadfar iarmhar díleá iad ón gclaochlú go bithghás nó go múirín a chur ar an margadh agus a úsáid mar leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach;

Féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a fhorchuirfidh breis rialacha d’úsáid nó do shrianadh úsáid leasachán orgánach nó feabhsaithe ithreach a ghlacadh nó a chothabháil, ar choinníoll go mbeidh gá leis na rialacha sin ar fhorais chun cosaint a thabhairt don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe.

2.  De mhaolú ar phointe (d) de mhír 1, ní bheidh gá le meascadh a dhéanamh ar na hábhair a bhfuil a n-úsáid gan a bheith curtha san áireamh toisc an comhdhéanamh nó an pacáistiú atá acu.

3.  Féadfaidh an Coimisiún bearta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a leagan sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

coinníollacha an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe i ndáil le táirgeadh agus úsáid leasachán orgánach agus feabhsaithe ithreach;

(b) 

comhpháirteanna nó substaintí i ndáil le marcáil leasachán orgánach nó feabhsaithe ithreach;

(c) 

comhpháirteanna a bheidh le meascadh le leasacháin orgánacha nó feabhsaithe ithreach;

(d) 

coinníollacha forlíontacha, amhail modhanna a úsáidfear do mharcáil agus na híoschainníochtaí a bheidh le comhlíonadh nuair a bheidh an meascán á ullmhú, le húsáid leasacháin nó feabhsaithe ithreach den sórt sin ina dhiaidh sin chun críocha beathaithe a eisiamh; agus

(e) 

cásanna ina gceadaíonn an comhdhéanamh nó an pacáistiú go mbeadh na hábhair saor ón gceanglas measctha.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).



Roinn 3

Táirgí díorthaithe arna rialáil le reachtaíocht áirithe eile de chuid an chomhphobail

Airteagal 33

Cur ar an margadh

Féadfaidh oibreoirí na táirgí díorthaithe seo a leanas a chur ar an margadh:

(a) 

táirgí cosmaideacha faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(1) de Threoir 76/768/CEE;

(b) 

ionchlannáin mhíochaine ghníomhacha faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(c) de Threoir 90/385/CEE;

(c) 

feistí liachta faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 93/42/CEE;

(d) 

feistí liachta diagnóiseacha in vitro faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2)(b) de Threoir 98/79/CE iad;

(e) 

táirgí íocshláinte tréidliachta faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2001/82/CE;

(f) 

táirgí íocshláinte faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE.

Airteagal 34

Monarú

1.  Déanfar allmhairiú, bailiú agus aistriú seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá beartaithe do bhunaíochtaí nó do ghléasraí chun na táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33 a mhonarú agus déanfar monarú na dtáirgí díorthaithe sin i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail dá dtagraítear san Airteagal sin.

Déanfar aon ábhar ó bhunaíochtaí nó gléasraí den sórt sin nach n-úsáidtear a dhiúscairt i gcomhréir leis an reachtaíocht sin.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás nach bhforáiltear, le reachtaíocht an Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 33, do choinníollacha lena rialaítear rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.



Roinn 4

Táirgí díorthaithe eile

Airteagal 35

Bia peataí a chur ar an margadh

Féadfaidh oibreoirí bia peataí a chur ar an margadh ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil na táirgí díorthaithe:

(i) 

ó ábhar de Chatagóir 3 ach amháin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(n), (o) agus (p);

(ii) 

i gcás bia peataí allmhairithe nó bia peataí a tháirgtear ó ábhair allmhairithe, ó ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(c), faoi réir ag na coinníollacha a leagtar síos de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 40; nó

(iii) 

i gcás bia peataí amh, ó ábhar dá dtagraítear in Airteagal 10(a) agus (b)(i) agus (ii); agus

(b) 

go n-áirithíonn siad rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 38, nuair nach n-áirithíonn foinsiú sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 37 rialú leordhóthanach.

Airteagal 36

Táirgí díorthaithe eile a chur ar an margadh

Féadfaidh oibreoirí táirgí díorthaithe, seachas na táirgí dá dtagraítear in Airteagail 31, 32, 33 agus 35, a chur ar an margadh ar choinníoll:

(a) 

maidir leis na táirgí sin:

(i) 

nach bhfuil siad beartaithe le húsáid chun ainmhithe feirmshaothraithe a bheathú nó le cur amach ar an talamh as a mbeidh ainmhithe den sórt sin á mbeathú; nó

(ii) 

go bhfuil siad beartaithe chun ainmhithe fionnaidh a bheathú; agus

(b) 

go ndéanfaidh siad rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a áirithiú:

(i) 

trí fhoinsiú sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 37;

(ii) 

trí chóireáil shábháilte i gcomhréir le hAirteagal 38, i gcás nach n-áiritheofar rialú leordhóthanach le foinsiú sábháilte; nó

(iii) 

trína fhíorú nach n-úsáidfear na táirgí ach i gcomhair úsáidí deiridh sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 39, i gcás nach n-áiritheofar rialú leordhóthanach trí chóireáil shábháilte.

Airteagal 37

Foinsiú sábháilte

1.  Áireofar sa foinsiú sábháilte, úsáid ábhair:

(a) 

nach n-eascraíonn aon rioscaí do-ghlactha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe as;

(b) 

a bhailítear agus a iompraítear ón bpointe bailithe go dtí an bhunaíocht nó gléasra monaraíochta faoi choinníollacha trína ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eisiamh; nó

(c) 

a allmhairítear isteach sa Chomhphobal agus a iompraítear ón áit a dtagann sé isteach den chéad uair go dtí an bhunaíocht nó gléasra monaraíochta faoi choinníollacha trína ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eisiamh.

2.  Ar mhaithe le foinsiú sábháilte, cuirfidh oibreoirí doiciméadacht maidir le ceanglais mhír 1 ar fáil, lena n-áireofar, i gcás inar gá, cruthúnas maidir le sábháilteacht na mbeart bithshlándála a ghlactar chun eascairt rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe ó ábhar tosaigh a eisiamh.

Coimeádfar doiciméadacht den sórt sin agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin aige.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, beidh deimhniú sláinte, a bheidh ar aon dul le múnla a ghlactar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), ag gabháil leis na coinsíneachtaí.

Airteagal 38

Cóireáil shábháilte

Áireofar ar chóireáil shábháilte próiseas monaraíochta a chur i bhfeidhm ar an ábhar a úsáidtear, trína laghdófar go dtí leibhéal inghlactha na rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a eascróidh ón ábhar a úsáid nó ó shubstaintí eile a thiocfaidh ón bpróiseas monaraíochta.

Déanfar a áirithiú, nach mbainfidh aon rioscaí do-ghlactha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe leis an táirge díorthaithe, go háirithe tríd an táirge deiridh a thástáil.

Airteagal 39

Úsáidí deiridh sábháilte

Áireofar ar úsáidí deiridh sábháilte úsáid táirgí díorthaithe:

(a) 

faoi choinníollacha nach mbaineann aon rioscaí do-ghlactha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe leo; nó

(b) 

lena bhféadfadh riosca a bheith ag gabháil leis don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, chun críocha sonracha ar choinníoll go bhfuil an úsáid sin cuí-réasúnaithe i ndáil le cuspóirí arna leagan amach i reachtaíocht an Chomhphobail, go háirithe chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint.

Airteagal 40

Bearta chur chun feidhme

Féadfar bearta do chur chun feidhme den Roinn seo a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha chun bia peataí allmharaithe nó bia peataí a tháirgtear ó ábhair allmharaithe, ó ábhar Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 8(c) a chur ar an margadh;

(b) 

coinníollacha maidir le hábhar a fhoinsiú agus a bhogadh go sábháilte a úsáidfear faoi choinníollacha lena ndéanfar rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláine ainmhithe a eisiamh;

(c) 

doiciméadacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 37(2);

(d) 

paraiméadair don phróiseas monaraíochta dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 38, go háirithe maidir le cóireálacha fisiceacha nó ceimiceacha a chur i bhfeidhm ar an ábhar a úsáidtear;

(e) 

ceanglais tástála is infheidhme maidir leis an táirge deiridh; agus

(f) 

coinníollacha chun táirgí díorthaithe a d’fhéadfadh an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chur i mbaol a úsáid ar shlí shábháilte.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).



CAIBIDIL III

Allmhairiú, idirthuras agus onnmhairiú

Airteagal 41

Allmhairiú agus idirthuras

1.  Déanfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a allmhairiú isteach sa Chomhphobal, nó a chur ar idirthuras tríd an gComhphobal, i gcomhréir le:

(a) 

ceanglais iomchuí an Rialacháin seo agus bearta chur chun feidhme an Rialacháin seo maidir leis an seachtháirge ainmhithe áirithe nó an táirge díorthaithe áirithe atá chomh dian céanna ar a laghad leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le táirgeadh agus margaíocht seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe den sórt sin laistigh den Chomhphobal;

(b) 

coinníollacha a aithnítear a bheith comhionann ar a laghad leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh agus margaíocht seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe den sórt sin faoi reachtaíocht an Chomhphobail; nó

(c) 

i gcás seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 35 agus in Airteagal 36, na ceanglais a leagtar amach sna hAirteagail sin.

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

2.  De mhaolú ar mhír 1:

(a) 

ní dhéanfar ábhar rioscaí sonraithe a allmhairiú ná a chur ar idirthuras, ach amháin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(b) 

ní dhéanfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe a mheasctar nó a éillítear le haon chuid de dhramhaíl a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach i gCinneadh 2000/532/CE a allmhairiú ná a chur ar idirthuras, ach amháin faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006;

(c) 

ní dhéanfar ábhar Chatagóir 1, ábhar Chatagóir 2 agus táirgí a dhíorthaítear astu, nach bhfuil beartaithe chun táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33, in Airteagal 35 agus in Airteagal 36 a mhonarú, a allmhairiú ná a chur ar idirthuras ach amháin ar choinníoll go nglacfar le rialacha dá n-allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 42(2)(a);

(d) 

ní dhéanfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a dhírítear ar na críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a allmhairiú ná a chur ar idirthuras ach amháin i gcomhréir le bearta náisiúnta lena n-áirithítear rialú rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, go dtí go ndéanfar coinníollacha comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a ghlacadh.

3.  I gcás ina ndéantar ábhar Chatagóir 3 agus táirgí a dhíorthaítear as a allmhairiú agus a chur ar idirthuras, déanfar na ceanglais iomchuí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a leagan síos.

Féadfar a shonrú leis na ceanglais sin i gcás coinsíneachtaí:

(a) 

nach mór dóibh teacht as tríú tír nó cuid de thríú tír a liostaítear i gcomhréir le mír 4;

(b) 

nach mór dóibh teacht as bunaíochtaí nó as gléasraí atá ceadaithe nó cláraithe ag údarás inniúil an tríú tír tionscnaimh agus atá liostaithe ag an údarás sin chun na críche sin; agus

(c) 

go gcaithfear doiciméadacht amhail doiciméad tráchtála, dearbhú nó deimhniú sláinte agus le dearbhú más iomchuí, a bheidh ar aon dul le múnla arna leagan síos de bhun phointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 42(2) ag an bpointe iontrála isteach sa Chomhphobal áit a dtarlóidh na seiceálacha tréidliachta.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Go dtí go ndéanfar na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den dara fomhír a ghlacadh, sonróidh na Ballstáit na ceanglais sin i mbearta náisiúnta.

4.  Déanfar liosta de thríú tíortha nó de chodanna de thríú tíortha as a bhféadfar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a allmhairiú nó a chur ar idirthuras tríd an gComhphobal a tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), ag cur na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a) 

reachtaíocht an tríú tír;

(b) 

eagrú an údaráis inniúil agus a sheirbhísí cigireachta sa tríú tír, cumhachtaí na seirbhísí sin, an mhaoirseacht a bhfuil siad faoina réir, agus a n-údarás faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid reachtaíochta;

(c) 

na coinníollacha sláinte iarbhír a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar láimhseáil, ar stóráil agus ar choinsíniú táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe don Chomhphobal;

(d) 

na dearbhuithe is féidir leis an tríú tír a thabhairt maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha sláinte iomchuí;

(e) 

taithí an tríú tír maidir le margaíocht an táirge agus torthaí na seiceálacha allmhairiúcháin a rinneadh;

(f) 

an toradh ar aon chigireachtaí de chuid an Chomhphobail sa tríú tír;

(g) 

stádas sláinte an bheostoic, aon ainmhithe tí agus fiadhúlra sa tríú tír, ag féachaint go háirithe do ghalair ainmhithe coimhthíocha agus d’aon ghnéithe den staid sláinte ginearálta sa tír a d’fhéadfadh an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe sa Chomhphobal a chur i mbaol;

(h) 

cé chomh rialta agus cé chomh tapa is a thugann an tríú tír faisnéis maidir le galair ainmhithe ionfhabhtaíocha a bheith ar a críoch, go háirithe na galair a liostaítear i gCód Sláinte Ainmhithe Talún agus Cód Sláinte Ainmhithe Uisceacha de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe;

(i) 

na rialacháin maidir le cosc agus rialú galar ainmhíoch ionfhabhtaíoch atá i bhfeidhm sa tríú tír agus a gcur chun feidhme, lena n-áirítear rialacha maidir le hallmhairithe ó thríú tíortha eile.

Coimeádfar liostaí na mbunaíochtaí nó na ngléasraí dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 3 cothrom le dáta agus a cuirfear in iúl iad don Choimisiún agus do na Ballstáit agus cuirfear ar fáil don phobal iad.

Airteagal 42

Bearta chur chun feidhme

1.  Déanfar bearta chur chun feidhme Airteagal 41 a d’fhéadfadh seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a ndéanfar monarú orthu i mbunaíochtaí nó i ngléasraí áirithe a chur as an áireamh maidir le hallmhairiú nó idirthuras d’fhonn an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chosaint a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

2.  Leagfar síos bearta eile do chur chun feidhme Airteagail 41 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

coinníollacha chun ábhair Chatagóir 1 agus ábhair Chatagóir 2 agus táirgí a dhíorthaítear astu sin a allmhairiú agus a chur in idirthuras;

(b) 

srianta maidir leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le hábhar Chatagóir 3 nó le táirgí a dhíorthaítear as sin a fhéadfar a leagan síos trí thagairt do liostaí Comhphobail de thríú tíortha nó de chodanna de thríú tíortha arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 41(4) nó chun críocha eile maidir leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe;

(c) 

coinníollacha chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a mhonarú i mbunaíochtaí nó i ngléasraí i dtríú tíortha; féadfaidh na socraithe don rialú a dhéanann na húdaráis inniúla lena mbaineann ar bhunaíochtaí nó ar ghléasraí den sórt sin a bheith san áireamh i gcoinníollacha den sórt sin agus féadfar cineálacha bunaíochtaí nó gléasraí áirithe ina láimhseáiltear seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a dhíolmhú ó cheadú nó ó chlárú dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 41(3); agus

(d) 

múnlaí do dheimhnithe sláinte, doiciméid thráchtála agus dearbhuithe a bheidh le gabháil le coinsíneachtaí agus ina saineofar na coinníollacha faoinar féidir a lua gur bailíodh nó gur monaraíodh na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe lena mbaineann i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

Airteagal 43

Onnmhairiú

1.  Cuirfear toirmeasc ar sheachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe atá beartaithe a loscadh nó a chur i líonadh talún a onnmhairiú.

2.  Cuirfear toirmeasc ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe atá le húsáid i ngléasra bithgháis nó i ngléasra múirínithe a onnmhairiú chuig tríú tíortha nach baill den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta iad.

3.  Ní dhéanfar ábhar Chatagóir 1, ábhar Chatagóir 2 ná táirgí a dhíorthaítear astu sin a onnmhairiú ach amháin chun críocha nach críocha dá dtagraítear i mír 1 agus go mír 2 iad ar choinníoll go leagfar síos rialacha maidir lena n-onnmhairiú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

4.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le bia agus beatha arna onnmhairiú ón gComhphobal maidir le hábhar Chatagóir 3 nó táirgí a dhíorthaítear as sin a onnmhairiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.  De mhaolú ar mhír 3 agus ar mhír 4

(a) 

ní dhéanfar ábhar rioscaí sonraithe a onnmhairiú ach amháin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(b) 

ní dhéanfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe a mheasctar nó a éillítear le haon dramhaíl a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach i gCinneadh 2000/532/CE a onnmhairiú ach amháin faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.



TEIDEAL III

RIALUITHE OIFIGIÚLA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA



CAIBIDIL I

Rialuithe oifigiúla

Airteagal 44

Nós imeachta chun formheas a fháil

1.  Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil na bunaíochtaí ná na gléasraí a fhormheas ach amháin nuair a léireofar le cuairt ar an láthair, sula dtosófar aon ghníomhaíocht, go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 27.

2.  Féadfaidh an t-údarás inniúil formheas coinníollach a dheonú más léir, ón gcuairt ar an láthair, go gcomhlíonann an bhunaíocht nó an gléasra gach ceanglas bonneagair agus trealaimh d’fhonn a áirithiú go gcuirtear na nósanna imeachta oibríochtúla i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh sé formheas iomlán a dheonú má cheaptar, ó chuairt eile ar an láthair a dhéanfar laistigh de thrí mhí ó deonaíodh an formheas coinníollach, go gcomhlíonann an bhunaíocht nó an gléasra na ceanglais eile dá dtagraítear i mír 1. Más rud é go mbeidh dul chun cinn soiléir déanta, ach mura gcomhlíonfaidh an bhunaíocht nó an gléasra na ceanglais go léir fós, féadfaidh an t-údarás inniúil an formheas coinníollach a shíneadh. Ní rachaidh ceadú coinníollach, áfach, thar sé mhí san iomlán.

3.  Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfeidhmeoidh bunaíocht ná gléasra a thuilleadh má tharraingíonn an t-údarás inniúil siar a fhormheas nó, i gcás formheasa choinníollaigh, mura ndéanfaidh an t-údarás inniúil an formheas a shíneadh nó formheas iomlán a dheonú.

▼M3 —————

▼B

Airteagal 46

Fionraíochtaí, aistarraingtí agus toirmisc ar oibríochtaí

1.  Má nochtann na rialuithe oifigiúla agus an mhaoirseacht oifigiúil a dhéanfaidh an t-údarás inniúil nach ndéantar ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh.

Déanfaidh an t-údarás inniúil go háirithe, de réir mar is iomchuí do nádúr agus do thromchúis na n-easpaí agus do na rioscaí féidearthacha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe.

(a) 

ceaduithe na mbunaíochtaí agus na ngléasraí atá ceadaithe de bhun an Rialacháin seo a chur ar fionraí, más rud é:

(i) 

nach bhfuil na coinníollacha maidir leis an mbunaíocht nó leis an ngléasra a cheadú nó a oibriú á gcomhall a thuilleadh;

(ii) 

gur féidir a bheith ag súil leis an oibreoir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse réasúnach ama; agus

(iii) 

nach n-éilíonn na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe gníomh i gcomhréir le pointe (b);

(b) 

ceaduithe na mbunaíochtaí agus na ngléasraí atá ceadaithe de bhun an Rialacháin seo a tharraingt siar, más rud é:

(i) 

nach bhfuil na coinníollacha maidir leis an mbunaíocht nó leis an ngléasra a cheadú nó a oibriú á gcomhall a thuilleadh; agus

(ii) 

nach féidir a bheith ag súil leis go ndéanfadh an t-oibreoir na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse réasúnach ama;

— 
ar chúiseanna a bhaineann le bonneagar na bunaíochta nó an ghléasra,
— 
ar chúiseanna a bhaineann le cumas pearsanta an oibreora nó na foirne faoina mhaoirseacht, nó
— 
de bharr rioscaí tromchúiseacha do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí a d’éileodh mórchoigeartuithe ar oibriú na bunaíochta nó an ghléasra sula bhféadfaidh an t-oibreoir iarratas a dhéanamh ar athcheadú;
(c) 

iachall a chur ar bhunaíochtaí nó ar ghléasraí coinníollacha sainiúla a leanúint d’fhonn na heaspaí atá ann a cheartú.

2.  Cuirfidh an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí do nádúr agus tromchúis na n-easpaí agus do na rioscaí féidearthacha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe toirmeasc go sealadach nó go buan ar na hoibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus (3) agus Airteagal 24(1), oibríochtaí a dhéanamh faoin Rialachán seo, de réir mar is iomchuí, tar éis faisnéis a fháil a léireoidh:

(a) 

nach bhfuil ceanglais reachtaíocht an Chomhphobail comhlíonta; agus

(b) 

rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe ag eascairt as oibríochtaí den sórt sin.

Airteagal 47

Liostaí

1.  Déanfaidh gach Ballstát liosta de bhunaíochta, de ghléasraí, agus d’oibreoirí a atá ceadaithe nó cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán laistigh dá chríoch.

Sannfaidh sé uimhir oifigiúil do gach bunaíocht, gléasra, nó oibreoir, lena sainaithneofar an bhunaíocht, an gléasra, nó an t-oibreoir i ndáil leis an gcineál gníomhaíochtaí a dhéantar iontu.

Léireoidh na Ballstáit, más infheidhme, uimhir oifigiúil a bheidh sannta do bhunaíocht, do ghléasra, nó d’oibreoir faoi reachtaíocht eile de chuid an Chomhphobail.

Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na gléasraí, de na bunaíochtaí agus de na hoibreoirí atá ceadaithe nó cláraithe ar fáil don Choimisiún agus do Bhallstáit eile.

Coinneoidh na Ballstáit na liostaí de na gléasraí, de na bunaíochtaí agus de na hoibreoirí atá ceadaithe nó cláraithe cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil do na Ballstáit eile agus don phobal iad.

2.  Féadfar bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3), go háirithe maidir leo seo a leanas:

(a) 

an fhormáid do na liostaí dá dtagraítear i mír 1; agus

(b) 

an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 chun na liostaí a tharraingt suas.

Airteagal 48

Rialuithe maidir le seoladh chuig Ballstáit eile

1.  I gcás ina mbeidh sé i gceist ag oibreoir ábhar Chatagóir 1, ábhar Chatagóir 2 nó feoil agus min chnámh nó saill ainmhíoch atá díorthaithe ó ábhar Chatagóir 1 agus ó ábhar Chatagóir 2 a sheoladh chuig Ballstát eile, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit thionscnaimh agus údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe ar an eolas mar gheall air seo.

Cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe ar na nithe seo a leanas tar éis iarratas a fháil ón oibreoir, laistigh de thréimhse ama sonraithe:

(a) 

diúltú glacadh leis an gcoinsíneacht;

(b) 

glacadh leis an gcoinsíneacht gan choinníoll; nó

(c) 

admháil a thabhairt i leith na coinsíneachta faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(i) 

mura ndearnadh steiriliú faoi bhrú ar na táirgí díorthaithe, go gcaithfidh sé dul faoin gcóireáil sin; nó

(ii) 

go gcaithfidh na seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe aon choinníollacha do sheoladh na coinsíneachta agus atá cuí-réasúnaithe chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint a chomhlíonadh lena áirithiú go ndéanfar seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a láimhseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.  Féadfar formáidí d’iarratais ó oibreoirí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

3.  Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe ar an eolas tríd an gcóras TRACES i gcomhréir le Cinneadh 2004/292/CE, faoi seoladh gach coinsíneachta faoi seach arna seoladh chuig an mBallstáit cinn scríbe, maidir leis na sonraí seo a leanas:

(a) 

seachtháirgí ainmhithe nó na táirgí díorthaithe dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

próitéin ainmhíoch phróiseáilte atá díorthaithe ó ábhar Chatagóir 3.

Nuair a gheobhaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe fógra faoin gcoinsíniú, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh tríd an gcóras TRACES gur tháinig an choinsíneacht chomh fada leis an ionad cinn scríbe.

4.  Déanfar ábhair Chatagóir 1 agus Chatagóir 2, feoil agus min chnámh dá dtagraítear i mír 1 a iompar go díreach chuig an mbunaíocht nó chuig an ngléasra cinn scríbe, a chaithfidh a bheith cláraithe nó formheasta i gcomhréir le hAirteagal 23, le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 44 nó i gcás aoiligh, chuig an bhfeirm chinn scríbe.

5.  Nuair a sheolfar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe chuig Ballstáit eile trí chríoch tríú tír, seolfar iad i coinsíneachtaí a bheidh séalaithe sa Bhallstát tionscnaimh agus beidh deimhniú sláinte ina dteannta.

Ní athiontrálfaidh na coinsíneachtaí séalaithe an Comhphobal ach trí phointe cigireachta teorann amháin, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 89/662/CEE.

6.  De mhaolú ar mhír 1 go mír 5, ní sheolfar seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe dá dtagraítear iontu, a bheidh measctha nó éillithe le haon dramhaíl arna liostú mar dhramhaíl ghuaiseach i gCinneadh 2000/532/CE, chuig Ballstáit eile ach faoi réir cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

7.  Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun an tAirteagal seo a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

tréimhse shonraithe ama do chinneadh an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

coinníollacha forlíontacha chun seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe dá dtagraítear i mír 4 a sheoladh;

(c) 

múnlaí do na deimhnithe sláinte a chaithfidh a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí a sheolfar i gcomhréir le mír 5; agus

(d) 

coinníollacha faoina bhféadfar seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe a bhfuil sé i gceist iad úsáid do thaispeántais, ghníomhaíochtaí ealaíonta agus chun críocha fáthmheasa oideachais nó taighde a chur ar aghaidh go dtí Ballstáit eile, de mhaolú ar mhír 1 go mír 5 den Airteagal seo.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

8.  Féadfaidh na bearta do chur chun feidhme an Airteagail seo na coinníollacha a shonrú, ag a mbeidh an t-údarás inniúil faoi réir, de mhaolú ar mhír 1 go mír 4, chun an méid seo a leanas a cheadú:

(a) 

seoladh aoiligh arna iompar idir dhá phointe ar an bhfeirm chéanna nó idir feirmeacha a bheidh suite i réigiúin teorann Ballstát a bhfuil teorainn choiteann acu;

(b) 

seoladh seachtháirgí eile ainmhithe arna iompar idir bunaíochtaí nó gléasraí suite i réigiúin teorann Ballstát a bhfuil teorainn choiteann acu; agus

(c) 

iompar ainmhí marbh peata chun loiscthe go dtí bunaíocht nó gléasra atá suite i réigiún teorann Ballstáit eile a bhfuil teorainn choiteann aige.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

▼M3 —————

▼B



CAIBIDIL II

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 51

Forálacha náisiúnta

Déanfaidh Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad i réimsí faoina n-inniúlacht agus a mbeidh baint dhíreach aige leis an Rialachán seo a chur chun feidhme go ceart a chur in iúl don Choimisiún.

▼C2

Airteagal 51a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 5(2), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 15 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( 3 ).

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 52

An nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an Buanchoiste um an Biashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, aon mhí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagfar síos in Airteagal 5a(3) (c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

6.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 53

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta go léir is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin 4 Meitheamh 2011 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a mbeidh tionchar aige orthu.

Airteagal 54

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a aisghairm le héifeacht ón 4 Márta 2011.

Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 55

Beart idirthréimhseach

Glacfar leis go mbeidh bunaíochtaí, gléasraí agus úsáideoirí a bheidh ceadaithe nó cláraithe faoi seach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 roimh an 4 Márta 2011 ceadaithe nó cláraithe faoi seach, faoi mar a cheanglaítear, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

▼M2

Article 56

Entry into force

This Regulation shall enter into force on the twentieth day following that of its publication in the Official Journal of the European Union.

It shall apply from 4 March 2011.

However, Article 4 shall apply to Mayotte, as an outermost region within the meaning of Article 349 of the Treaty on the Functioning of the European Union (hereinafter "Mayotte"), from 1 January 2021. Animal by-products and derived products generated in Mayotte before 1 January 2021 shall be disposed of in accordance with Article 19(1)(b) of this Regulation.

This Regulation shall be binding in its entirety and directly applicable in all Member States.

▼B




IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1 agus Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 41(3), an ceathrú fomhír

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(3), (4), agus (5)

Airteagal 4(1)

Airteagal 8

Airteagal 4(2)

Airteagal 12, Airteagal 15 agus Airteagal 16

Airteagal 4(3)

Airteagal 24(h), (i) agus (j)

Airteagal 4(4)

Airteagal 41(2)(c), Airteagal 43(3) agus Airteagal 43(5)(a)

Airteagal 5(1)

Airteagal 9

Airteagal 5(2)

Airteagal 13, Airteagal 15 agus Airteagal 16

Airteagal 5(3)

Airteagal 24(h), (i) agus (j)

Airteagal 5(4)

Airteagal 41(2)(c) agus Airteagal 43(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 10

Airteagal 6(2)

Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16

Airteagal 6(3)

Airteagal 24(h), (i) agus (j)

Airteagal 7

Airteagal 21

Airteagal 8

Airteagal 48

Airteagal 9

Airteagal 22

Airteagal 10 go hAirteagal 15, Airteagal 17 agus Airteagal 18

Airteagal 23, Airteagal 24, Airteagal 27 agus Airteagal 44

Airteagal 16

Airteagal 6

Airteagal 19

Airteagal 31

Airteagal 20(1)

Airteagal 35 agus Airteagal 36

Airteagal 20(2)

Airteagal 32

Airteagal 20(3)

Airteagal 36

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 17 agus Airteagal 18

Airteagal 24

Airteagal 19

Airteagal 25

Airteagal 28 agus Airteagal 29

Airteagal 26

Airteagal 45, Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 27

Airteagal 49

Airteagal 28

Airteagal 35(a)(ii) agus Airteagal 41(1)

Airteagal 29

Airteagal 41 agus Airteagal 42

Airteagal 30

Airteagal 41(1)(b)

Airteagal 31

Airteagal 50(1)

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 52

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 15(2) agus Airteagal 51

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 54

Airteagal 38

Airteagal 56



( 1 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ ).

( 2 ) OJ L 276, 20.10.2010, p. 33.

( 3 ) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Top