EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R0390-20100405

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 390/2009 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do mhisin taidhleoireachta agus do phoist chonsalacha i ndáil leis an mbithmhéadracht a thabhairt isteach, lena n-áirítear forálacha faoi eagrúchán ghlacadh agus phróiseáil iarratas ar víosaí

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/390/2010-04-05

2009R0390 — GA — 05.04.2010 — 001.001


►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 390/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2009

lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do mhisin taidhleoireachta agus do phoist chonsalacha i ndáil leis an mbithmhéadracht a thabhairt isteach, lena n-áirítear forálacha faoi eagrúchán ghlacadh agus phróiseáil iarratas ar víosaí

(IO L 131, 28.5.2009, p.1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  No

page

date

►M1

RIALACHÁN (CE) UIMH. 810/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Iúil 2009

  L 243

1

15.9.2009




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 390/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2009

lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do mhisin taidhleoireachta agus do phoist chonsalacha i ndáil leis an mbithmhéadracht a thabhairt isteach, lena n-áirítear forálacha faoi eagrúchán ghlacadh agus phróiseáil iarratas ar víosaí



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 62(2)(b)(ii) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ( 1 ),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh ( 2 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go ndéanfar iarratasóirí a fhíorú agus a aithint go hiontaofa, is gá próiseáil a dhéanamh ar na sonraí bithmhéadracha atá sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) a bunaíodh le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle ( 3 ) agus is gá a fhoráil do réim dlíthiúil do bhailiú na n-aitheantóirí bithmhéadracha sin. Ina theannta sin, éilíonn cur chun feidhme an VIS cineálacha nua eagrúcháin chun iarratais ar víosaí a ghlacadh.

(2)

Céim mhór i dtreo eilimintí nua a úsáid is ea comhtháthú na n-aitheantóirí bithmhéadracha, lena mbunófar nasc níos iontaofa idir sealbhóir an víosa agus an pas chun úsáid céannachtaí bréagacha a sheachaint. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh láithreacht phearsanta an iarratasóra – i gcás an chéad iarratais ar a laghad – ar cheann de na buncheanglais chun víosa a eisiúint, agus na haitheantóirí bithmhéadracha á gclárú sa VIS.

(3)

Roghnaítear na haitheantóirí bithmhéadracha i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (»Rialachán VIS«) ( 4 ).

(4)

Sainítear leis an Rialachán seo na caighdeáin le haghaidh bhailiú na n-aitheantóirí bithmhéadracha sin trí thagairt a dhéanamh do na forálacha ábhartha atá leagtha amach ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Níl aon sonraíochtaí teicniúla eile de dhíth chun an idirinoibritheacht a áirithiú.

(5)

Aon doiciméad, aon sonraí nó aon aitheantóir bithmhéadrach a gheobhaidh Ballstát nuair a bheidh iarratas ar víosa á dhéanamh, measfar gur doiciméad consalach é nó iad faoi Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta an 24 Aibreán 1963 agus déileálfar leis nó leo mar is iomchuí.

(6)

D'fhonn clárú na n-iarratasóirí a éascú agus d'fhonn costais na mBallstát a laghdú, ní mór féidearthachtaí nua eagraíochtúla a shamhlú de bhreis ar an réim atá ann faoi láthair d'ionadaíocht. I dtús báire, ba cheart cineál sonrach ionadaíochta a bheadh teoranta do bhailiú iarratas agus do chlárú na n-aitheantóirí bithmhéadracha a chur leis na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do na misin taidhleoireachta agus do phoist chonsalacha ( 5 ).

(7)

Ba cheart roghanna eile amhail an comhlonnú, ionaid choiteanna iarratas, consail oinigh agus comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha a thabhairt isteach. Ba cheart réim dlíthiúil iomchuí do na roghanna sin a bhunú, agus saincheisteanna maidir le cosaint sonraí á gcur san áireamh go háirithe. I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa réim dlíthiúil sin, ba cheart do na Ballstáit an struchtúr eagraíochtúil a úsáidfidh siad i ngach tríú tír a chinneadh. Ba cheart go bhfoilseodh an Coimisiún mionsonraí na struchtúr sin.

(8)

Agus an comhar á eagrú, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go dtreorófaí na n-iarratasóirí chuig an mBallstát atá freagrach as a n-iarratais a phróiseáil.

(9)

Is gá foráil a dhéanamh do chásanna ina ndéanfaidh na Ballstáit cinneadh, d”fhonn an nós imeachta a éascú, dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach chun iarratais a bhailiú. Féadfar cinneadh den sórt sin a dhéanamh más léir, i gcúinsí ar leith nó ar chúiseanna a bhaineann leis an staid áitiúil, nach bhfuil comhar leis na Ballstáit eile, i bhfoirm ionadaíochta teoranta, i bhfoirm comhlonnaithe nó i bhfoirm Ionaid Choitinn Iarratas iomchuí don Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart socruithe den sórt sin a bhunú i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta maidir le víosaí a eisiúint, agus na ceanglais um chosaint sonraí á n-urramú a leagtar amach i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin ( 6 ). Agus na socruithe sin á mbunú agus á gcur chun feidhme, ba cheart, chomh maith, go gcuirfí san áireamh an gá atá ann go seachnófaí siopadóireacht víosaí.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha ar bhonn ionstraime dlí ar cheart forálacha a bheith inti maidir lena ndualgais shonracha agus maidir le rochtain dhíreach, iomlán a bheith ar fáil ar a n-áitreabh, maidir leis an bhfaisnéis d'iarratasóirí, maidir le rúndacht agus le cúinsí, agus maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun an comhar a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

(11)

Trína cheadú do na Ballstáit dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach chun iarratais ar víosaí a bhailiú, agus trí phrionsabal an »ilfhreastail« a bhunú maidir le tíolacadh na n-iarratas ar víosaí, cruthaítear leis an Rialachán seo maolú ar an riail ghinearálta maidir le láithreacht phearsanta dá bhforáiltear i gCuid III, pointe 4 de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha. Ní chiallóidh an méid sin nach bhféadfar glaoch ar an iarratasóir ar víosa chun agallaimh phearsanta agus beidh sé gan dochar freisin d'aon ionstraimí dlí a bheidh ann amach anseo agus lena rialófar na saincheisteanna sin.

(12)

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le cosaint sonraí, chuathas i gcomhairle leis an Meitheal a cuireadh ar bun le hAirteagal 29 de Threoir 95/46/CE.

(13)

Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE i ndáil leis na Ballstáit maidir leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí phearsanta de bhun an Rialacháin seo.

(14)

Ba cheart go gcoimeádfadh na Ballstáit an deis atá ag na hiarratasóirí go léir iarratais a thaisceadh go díreach ag a misin taidhleoireachta nó ag a bpoist chonsalacha.

(15)

D'fhonn próiseáil aon iarratais a dhéanfar ina dhiaidh sin a éascú, ba cheart go mbeadh sé indéanta sonraí méarloirg a chóipeáil ón gcead iontráil sa VIS laistigh de thréimse 59 mí. A luaithe is a bheidh an tréimhse sin caite, ba cheart na méarloirg a ghlacadh athuair.

(16)

De bharr an cheanglais aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, níor cheart idirghabhálaithe tráchtala amhail gníomhaireachtaí taistil a úsáid a thuilleadh don chéad iarratas, ach féadfar iad a úsáid d'iarratais ina dhiaidh sin.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha a leasú dá réir.

(18)

Ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí bliana tar éis don VIS dul i mbun oibríochta agus arís gach uile cheithre bliana ina dhiaidh sin.

(19)

Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon eagrúchán ghlacadh agus phróiseáil na n-iarratas maidir le sonraí bithmhéadracht a chur isteach sa VIS agus d”fhonn caighdeáin chomhchoiteanna agus aitheantóirí bithmhéadracha idirinoibritheacha a thabhairt isteach, agus rialacha comhchoiteanna a leagan síos, do na Ballstáit go léir atá rannpháirteach i gcomhbheartas an Chomhphobail maidir le víosaí, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(20)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo, cibé acu an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é nó nach gcuirfidh.

(21)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin i dtaca le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen ( 7 ) a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle ( 8 ) maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

(22)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen ( 9 ). Níl an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(23)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen ( 10 ). Níl Éire, dá bhrí sin, rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(24)

Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a rinneadh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm, agus le forbairt acquis Schengen ( 11 ), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle ( 12 ).

(25)

Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin don Chomhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ( 13 ).

(26)

Maidir leis an gCipir, is éard atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile de réir bhrí Airteagal 3(2) d”Ionstraim Aontachais 2003.

(27)

Is éard atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



Airteagal 1

Leasuithe ar na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha

Leasaítear leis seo na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do mhisin taidhleoireachta agus do phoist chonsalacha mar seo a leanas:

1. Leasaítear Cuid II mar a leanas:

(a) I bpointe 1.2(b) cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘Féadfaidh Ballstát ionadaíocht a dhéanamh freisin ar Bhallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin ar bhealach teoranta chun iarratais a bhailiú agus chun aitheantóirí bithmhéadracha a chlárú, agus chuige sin amháin. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha 1.2(c) agus (e). Déanfar comhaid agus sonraí a bhailiú agus a tharchur chuig an mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh dó, agus na rialacha ábhartha cosanta sonraí agus slándála á n-urramú.

Áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh dó nó dóibh go mbeidh na sonraí lánchriptithe, más go leictreonach nó go fisiciúil ar mheán leictreonach stórála a aistreofar iad ó údaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige go dtí údaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air.

I dtríú tíortha a chuireann toirmeasc ar chriptiú sonraí atá le haistriú go leictreonach ó údaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh dó nó dóibh, ní cheadóidh an Ballstát nó na Ballstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh dó nó dóibh don Bhallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige sonraí a aistriú go leictreonach.

Sa chás sin, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh oifigeach consalach Ballstáit na sonraí leictreonacha a aistriú go fisiciúil i bhfoirm lánchriptithe ar mheán leictreonach stórála ó údaráis an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh dó nó dóibh, nó i gcás ina gcaithfí bearta díréireacha nó bearta míréasúnacha a dhéanamh leis an aistriú sin a chur i gcrích, go ndéanfaí iad a aistriú ar bhealach slán, sábháilte, mar shampla, trí oibreoirí seanbhunaithe a úsáid, a mbeadh taithí acu ar dhoiciméid íogaire agus ar shonraí íogaire a iompar sa tríú tír lena mbaineann.

I ngach cás, déanfar an leibhéal slándála don aistriú a oiriúnú de réir íogaireacht na sonraí.

Déanfaidh na Ballstáit nó an Comhphobal a ndícheall chun teacht ar chomhaontú leis na tríú tíortha lena mbaineann le go gcuirfear ar leataobh an toirmeasc i gcoinne criptiú sonraí atá le haistriú go leictreonach idir údaráis na mBallstát lena mbaineann.’.

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) Nuair a eiseofar víosaí aonfhoirmeacha de bhun (a) agus (b), léireofar an ionadaíocht agus an ionadaíocht theoranta sa tábla ionadaíochta d'éisiúint víosaí aonfhoirmeacha, a leagtar amach in Iarscríbhinn 18.’.

2. Leasaítear Cuid III mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1.    Iarratais ar Víosaí

1.1.    Foirmeacha iarratais ar víosaí – líon na bhfoirmeacha iarratais

Ceanglófar ar iarratasóirí an fhoirm don iarratas ar víosa aonfhoirmeach a chomhlíonadh. Ní mór iarratais ar víosa aonfhoirmeach a dhéanamh ag baint úsáide as an bhfoirm chomhchuibhithe, a dtugtar cóip shamplach di in Iarscríbhinn 16.

Líonfar isteach cóip amháin, ar a laghad, den fhoirm iarratais le go bhféadfaí í a úsáid le linn comhairliúcháin leis na húdaráis láir. Féadfaidh na Ballstáit, a mhéid a cheanglóidh na nósanna imeachta riaracháin náisiúnta amhlaidh, líon cóipeanna den iarratas a iarraidh.

1.2.    Aitheantóirí bithmhéadracha

(a)

Baileoidh na Ballstáit aitheantóirí bithmhéadracha arb éard a bheidh iontu íomha den aghaidh agus deich gcinn de mhéarloirg ón iarratasóir i gcomhréir leis na cosaintí a leagtar síos sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Ceanglófar ar an iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta an tráth a mbeidh a chéad iarratas á chur isteach. An tráth sin, baileofar na haitheantóirí bithmhéadracha seo a leanas:

 grianghraf a scanadh nó a tógadh tráth an iarratais, agus

 deich gcinn de mhéarloirg a tógadh agus na méara leata agus a bailíodh go digiteach.

I gcás inar cuireadh isteach den chéad uair sa Chóras Faisnéise Víosa (VIS) méarloirg a tógadh ón iarratasóir i ndáil le hiarratas a rinneadh níos luaithe tráth níos lú ná 59 mí roimh dháta an iarratais nua, déanfar iad a chóipeáil isteach san iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin.

I gcás ina mbeadh amhras réasúnta ann, áfach, maidir le céannacht an t-iarratasóir, déanfaidh an misean taidhleoireachta nó an post consalach na méarloirg a bhailiú laistigh den tréimhse a shonraítear thuas.

Thairis sin, más rud é, an tráth a dtaiscfear an t-iarratas ar víosa, nach féidir a dhaingniú gur bailíodh na méarloirg laistigh den tréimhse a shonraítear thuas, féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh go mbaileofaí iad.

I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán VIS, cuirfear isteach sa VIS an grianghraf a bheidh i gceangal le gach iarratas. Ní chuirfear de cheangal ar an iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta chun na críche sin.

Beidh na ceanglais theicniúla don ghrianghraf i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach i nDoic. ICAO 9303 cuid 1, an 6ú heagrán.

Glacfar na méarloirg i gcomhréir le caighdeáin ICAO agus i gcomhréir le Cinneadh 2006/648/CE an 22 Meán Fómhair 2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le caighdeáin do ghnéithe bithmheádracha a bhaineann leis an Chóras Faisnéise Víosaí a fhorbairt ( 14 ).

Is í foireann cháilithe, chuí-údaraithe an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh agus na húdaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag na teorainneacha, a bhaileoidh na haitheantóirí bithmhéadracha. Faoi mhaoirseacht na misean taidhleoireachta nó na bpost consalach, féadfaidh foireann cháilithe chuí-údaraithe consail oinigh nó soláthraí seirbhíse seachtraí dá dtagraítear i gCuid VII, pointe 1.3. agus pointe 1.4. na haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú.

I gcomhréir le hAirteagal 6(1), le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 9(5) agus (6) de Rialachán VIS, is í an fhoireann chuí-údaraithe chonsalach amháin a iontrálfaidh sonraí sa VIS.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear úsáid iomlán as critéir chuardaigh faoi Airteagal 15 de Rialachán VIS d'fhonn diúltú bréagach agus céannú bréagach a sheachaint.

(b)

Eisceachtaí

Beidh na hiarratasóirí seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt:

 leanaí faoi bhun 12 bliana d'aois;

 daoine a bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil méarlorgaireacht a dhéanamh orthu. Más féidir méarlorgaireacht a dhéanamh ar níos lú ná deich gcinn de mhéara, tógfar an líon sin de mhéarloirg faoi seach. I gcás go mbeadh sé dodhéanta go sealadach é a dhéanamh, áfach, ceanglófar ar an iarratasóir na méarloirg a thabhairt tráth a mbeidh an chéad iarratas eile á dhéanamh. Misin taidhleoireachta nó poist chonsalacha agus údaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag na teorainneacha, beidh siad i dteideal soiléiriú breise a iarraidh de bharr é a bheith dodhéanta méarlorgaireacht a dhéanamh go sealadach. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí bunaithe chun go ráthófar dínit an iarratasóra i gcás ina mbeidh deacrachtaí clárúcháin ann. Nuair a bheidh sé dodhéanta méarlorgaireacht a dhéanamh, ní bheidh tionchar aige sin maidir le víosa a dheonú nó a dhiúltú;

 ceannairí Stáit nó rialtais agus baill de rialtais náisiúnta lena gcéilí a bheidh á dtionlacan, agus baill dá dtoscaireachtaí oifigiúla nuair a thabharfaidh Rialtais Bhallstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críche oifigiúla;

 ríthe nó banríonacha agus baill shinsearacha de theaghlach ríoga, nuair a thabharfaidh rialtais Ballstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críche oifigiúla.

I ngach ceann de na cásanna sin, cuirfear isteach iontráil »neamh-infheidhme« sa VIS.

(b) Cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘5.    Iompar na foirne

Áiritheoidh misin taidhleoireachta agus poist chonsalacha na mBallstát go gcuirfear fáilte chúirtéiseach roimh na hiarratasóirí.

Léireoidh comhaltaí foirne na gconsalachtaí meas ar dhínit an duine agus iad i mbun a ndualgas. Beidh aon bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

Fad a bheidh a dtascanna á gcomhlíonadh acu, ní dhéanfaidh an fhoireann chonsalach leatrom ar dhaoine mar gheall ar ghnéas, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéis.’.

3. Leasaítear Pointe 1 de Chuid VII mar a leanas:

‘1.    Eagrúchán rannán víosaí

1.1.    Eagrúchán ghlacadh agus phróiseáil iarratas ar víosaí

Beidh gach Ballstát freagrach as glacadh agus próiseáil iarratas ar víosaí a eagrú. Ba cheart, i bprionsabal, go dtaiscfí iarratais ar víosaí i misin taidhleoireachta nó i bpoist chonsalacha na mBallstát.

Maidir leis na Ballstáit:

 déanfaidh siad a misin taidhleoireachta agus a bpoist chonsalacha agus na húdaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag na teorainneacha a threalmhú leis an ábhar is gá chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, agus déanfaidh siad freisin oifigí na gconsal oinigh a threalmhú aon uair a bhainfidh siad leas astu chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú i gcomhréir le pointe 1.3, agus/nó

 rachaidh siad i gcomhar le Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin, faoi chuimsiú comhair chonsalaigh áitiúil nó trí theagmhálacha iomchuí eile, i bhfoirm ionadaíochta teoranta, i bhfoirm comhlonnaithe, nó i bhfoirm Ionaid Choitinn Iarratais, i gcomhréir le pointe 1.2.

In imthosca sonracha nó ar bhonn cúiseanna a bhaineann leis an staid áitiúil, i gcásanna mar a leanas:

 i gcás nach gceadóidh an líon ard iarratasóirí go n-eagrófar bailiú iarratas ar víosaí nó bailiú sonraí ar mhodh tráthúil agus i gcoinníollacha maithe, nó

 i gcás nach féidir cumhdach críochach maith ar an triú tír lena mbaineann a áirithiú ar aon bhealach eile,

agus i gcás ina dtarlóidh sé nach mbeidh na cineálacha comhoibrithe thuasluaite iomchuí don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh Ballstát, mar rogha dheireanach dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach, i gcomhréir le pointe 1.4.

Gan dochar don cheart chun an t-iarratasóir a ghlaoch le haghaidh agallaimh phearsanta, dá bhforáiltear i gCuid III, pointe 4, ní cheanglófar ar an iarratasóir, de thoradh ar roghnú a dhéanamh ar chineál eagraíochta, teacht i láthair go pearsanta i níos mó ná láthair amháin d'fhonn iarratas a thaisceadh.

1.2.    Cineálacha comhair idir Bhallstáit

(a) I gcás ina roghnófar an »comhlonnú«, próiseálfaidh foireann na misean taidhleoireachta nó na bpost consalach de chuid Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstáit amháin na hiarratais (lena n-áirítear na haitheantóirí bithmhéadracha) a sheolfar chucu ag misean taidhleoireachta nó ag post consalach Ballstáit eile agus roinnfidh siad trealamh an Bhallstáit sin. Comhaontóidh na Ballstáit lena mbaineann ré an chomhlonnaithe agus na coinníollacha maidir lena fhoirceannadh agus comhaontóidh siad cionmhaireacht na táille víosa a bheidh le fáil ag an mBallstát a mbeidh a mhisean taidhleoireachta nó a phost consalach á úsáid.

(b) I gcás ina mbunófar »Ionaid Choiteanna Iarratais«, cuirfear foireann na misean taidhleoireachta agus na bpost consalach de chuid dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát i dteannta a chéile in aon fhoirgneamh amháin chun na hiarratais (lena n-áirítear na haitheantóirí bithmhéadracha) a dhíreofar chucu a ghlacadh. Treorófar na hiarratasóirí chuig an mBallstát a bheidh freagrach as an iarratas a phróiseáil. Comhaontóidh na Ballstáit ré an chomhair sin agus na coinníollacha maidir lena fhoirceannadh, agus na comhroinnt na gcostas ar na Ballstáit rannpháirteacha. Beidh Ballstát amháin freagrach as na conarthaí maidir le lóistíocht agus maidir leis an gcaidreamh taidhleoireachta leis an tír óstach.

1.3.    Leas a bhaint as consail oinigh

Féadfar a údarú do chonsail oinigh freisin cuid de na cúraimí nó na cúraimí go léir dá dtagraítear i bpointe 1.5. a fheidhmiú. Glacfar bearta leordhóthanacha chun slándáil sonraí agus cosaint sonraí a áirithiú.

I gcás nach státseirbhíseach de chuid Ballstáit é an consal oinigh, comhlíonfar le feidhmiú na gcúraimí sin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn 19, seachas na forálacha i bpointe C(c) den Iarscríbhinn sin.

I gcás inar státseirbhíseach de chuid an Ballstáit é an consal oineach, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcuirfear i bhfeidhm ceanglais atá inchomparáide leis na ceanglais a bheadh i bhfeidhm dá bhfeidhmeodh a mhisean taidhleoireachta nó a phost consalach na cúraimí sin.

1.4.    An comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha

Féachfaidh na Ballstáit le dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach agus le Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin gan dochar do rialacha soláthair phoiblí agus iomaíochta.

Beidh an comhar le soláthraí seirbhíse seachtrach bunaithe ar ionstraim dlí a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn 19.

Malartóidh na Ballstáit faisnéis, faoi chuimsiú comhair chonsalaigh áitiúil, maidir le roghnú soláthraithe seirbhíse seachtracha agus maidir le bunú théarmaí agus choinníollacha a n-ionstraimí dlí faoi seach.

1.5.    Cineálacha comhair le soláthraithe seirbhíse seachtracha

D'fhéadfadh sé go mbeadh an cúram tugtha do sholáthraí seirbhíse seachtrach ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na cúraimí seo a leanas a fheidhmiú:

(a) faisnéis ghinearálta ar cheanglais víosaí agus ar fhoirmeacha iarratais a chur ar fáil;

(b) an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir leis na doiciméid tacaíochta ata ag teastáil, ar bhonn seicliosta;

(c) sonraí agus iarratais a bhailiú (lena n-áirítear aitheantóirí bithmhéadracha) agus an t-iarratas a tharchur chuig an misean taidhleoireachta nó chuig an bpost consalach;

(d) an táille a ghearrfar a bhailiú;

(e) bainistiú a dhéanamh ar na coinní maidir le láithreacht phearsanta ag an misean taidhleoireachta nó ag an bpost consalach nó ag an soláthraí seirbhíse seachtrach;

(f) na doiciméid taistil a bhailiú (lena n-áirítear fógra maidir le diúltú más infheidhme) ón misean taidhleoireachta nó ón bpost consalach agus iad a thabhairt ar ais chuig an iarratasóir.

1.6.    Oibleagáidí na mBallstát

Agus soláthraí seirbhíse seachtrach á roghnú acu, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann mionscrúdú ar shócmhainneacht agus ar iontaofacht na cuideachta (lena n-áirítear na ceadúnais riachtanacha, an clárú tráchtála, reachta na cuideachta, conarthaí bainc) agus áiritheoidh sé nó siad nach mbeidh easaontacht leasanna i gceist.

Áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach a roghnaítear, na téarmaí agus na coinníollacha a shanntar dó san ionstraim dlí a luaitear i bpointe 1.4.

Is é an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann a bheidh freagrach as comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí do phróiseáil sonraí agus déanfar maoirseacht ar an mBallstát sin nó ar na Ballstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 95/46/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhar 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil go huathoibríoch agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin ( 15 ).

Aon chomhar a dhéanfar le soláthraí seirbhíse seachtrach, ní chuirfear teorainn ná cosc dá bharr ar an dliteanas faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstáit lena mbaineann i leith sáruithe oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta iarratasóirí agus próiseáil víosaí. Tá an fhoráil seo gan dochar d'aon ghníomh díreach a fhéadfar a thógáil i gcoinne an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh faoi dhlí náisiúnta an tríú tír lena mbaineann.

Áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go mbeidh na sonraí lánchriptithe, más go leictreonach nó go fisiciúil ar mheán leictreonach stórála a aistrítear iad ón soláthraí seirbhíse seachtrach go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.

I dtríú tíortha a chuireann toirmeasc ar chriptiú sonraí atá le haistriú go leictreonach ón soláthraí seirbhíse seachtrach go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, ní cheadóidh an Ballstát nó na Ballstáit sin don soláthraí seirbhíse seachtrach sonraí a aistriú go leictreonach.

I gcás den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh oifigeach consalach Ballstáit na sonraí leictreonacha a aistriú go fisiciúil i bhfoirm lánchriptithe ar mheán leictreonach stórála ó údaráis an Bhallstáit ón soláthraí seirbhíse seachtrach go dtí údaráis an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, nó i gcás ina gcaithfí bearta díréireacha nó bearta míréasúnacha a dhéanamh leis an aistriú sin a chur i gcrích, go ndéanfaí iad a aistriú ar bhealach slán, sábháilte eile, mar shampla, trí oibreoirí seanbhunaithe a mbeadh taithí acu ar dhoiciméid íogaire agus ar shonraí íogaire a iompar sa tríú tír lena mbaineann.

I ngach cás, déanfar leibhéal na slándála don aistriú a oiriúnú de réir íogaireacht na sonraí.

Déanfaidh na Ballstáit nó an Comhphobal gach iarracht chun teacht ar chomhaontú leis na tríú tíortha lena mbaineann le go gcuirfear ar leataobh an toirmeasc i gcoinne criptiú sonraí atá le haistriú go leictreonach ón soláthraí seirbhíse seachtrach go dtí údaráis na mBallstát lena mbaineann.

Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann oiliúint ar fáil don soláthraí seirbhíse seachtrach i gcomhréir leis an bhfaisnéis a theastaíonn chun seirbhís iomchuí agus faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil d'iarratasóirí.

Forálfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, i gcás ina mbeadh amhras fúthú, go bhféadfaí méarloirg a fhíorú ag an misean taidhleoireachta nó ag an bpost consalach, ar méarlorga iad a glacadh ag an soláthraí seirbhíse seachtrach.

Is é an misean taidhleoireachta nó an post consalach, agus iadsan amháin, a dhéanfaidh an scrúdú ar iarratais ar víosaí, na hagallaimh i gcás inarb iomchuí, próiseas an údaraithe agus greamáin víosaí a phriontáil agus a ghreamú.

Ní bheidh rochtain ag na soláthraithe seirbhíse seachtracha ar an VIS in imthosca ar bith. Is ag comhaltaí foirne cuí-údaraithe na misean taidhleoireachta nó na bpost consalach, agus acusan amháin, a bheidh rochtain ar an VIS.

Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann monatóireacht ghéar ar chur chun feidhme na hionstraime dlí dá dtagraítear i bpointe 1.4, lena n-áirítear:

(a) an fhaisnéis ghinearálta maidir leis na ceanglais i leith víosaí, agus na foirmeacha iarratais a sholáthair an soláthraí seirbhíse seachtrach do na hiarratasóirí ar víosaí;

(b) na bearta slándála uile is gá, idir theicniúil agus eagraíochtúil, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé mhídhleathach nó trí thaisme, ar chailliúint trí thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina mbainfidh an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig misean taidhleoireachta nó chúig phost consalach an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach de gach cineál eile;

(c) bailiú agus traschur na n-aitheantóirí bithmhéadracha;

(d) na bearta a ghlactar chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha maidir le cosaint sonraí.

Chun na críche sin, déanfaidh misean taidhleoireachta nó post consalach an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann seiceálacha, go tráthrialta gan fógra roimh ré ar áitreamh an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh.

1.7.    Táille na Seirbhíse

Féadfaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha táille seirbhíse a ghearradh sa bhreis ar an táille a bheidh le híoc a leagtar amach in Iarscríbhinn 12. Beidh an táille seirbhíse i gcomhréir leis na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhíse seachtrach agus é i mbun ceann de na cúraimí dá dtagraítear i bpointe 1.5 nó níos mó ná ceann amháin de na cúraimí sin.

Déanfar an táille seirbhíse a shonrú san ionstraim dlí dá dtagraítear i bpointe 1.4.

Faoi chuimsiú an chomhair chonsalaigh áitiúil, áiritheoidh na Ballstáit go léireoidh an táille seirbhíse a ghearrfar ar an iarratasóir na seirbhísí a thairgeann an soláthraí seirbhíse seachtrach agus go ndéanfar í a oiriúnú do chúinsí áitiúla. Ina theannta sin, beidh sé d'aidhm acu an táille seirbhíse sin a chomhchuibhiú.

Ní mó ná leath de mhéid tháille an víosa a leagtar amach in Iarscríbhinn 12 a bheidh sa táille seirbhíse, beag beann ar aon díolúintí ón táille víosa a d'fhéadfadh a bheith ann agus dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 12.

Coimeádfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann an deis atá ag na hiarratasóirí go léir iarratais a thaisceadh go díreach ag a misin taidhleoireachta nó ag a bpoist chonsalacha.

1.8.    Faisnéis

Beidh faisnéis chruinn ar taispeáint don phobal i gcoitinne i misin taidhleoireachta agus i bpoist chonsalacha na mBallstát, maidir leis an modh chun coinne a shocrú agus iarratas ar víosa a thíolacadh.

1.9.    Leanúnachas na seirbhíse

I gcás ina ndéanfar foirceannadh tobann ar an gcomhar leis na Ballstáit eile nó le soláthraí seirbhíse seachtrach d'aon chineál, áiritheoidh na Ballstáit go leanfar de sheirbhís iomlán a chur ar fáil.

1.10.    Cinneadh agus foilsiú

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún an chaoi a bhfuil sé ar intinn acu glacadh agus próiseáil na n-iarratas ar víosaí a eagrú i ngach láthair chonsalach. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar foilsiú iomchuí.

Cuirfidh na Ballstáit cóip den ionstraim dlí dá dtagraítear i bpointe 1.4. ar fáil don Choimisiún.

4. Leasaítear Pointe 5.2 de Chuid VIII mar a leanas:

(a) cuirtear an teideal seo a leanas in ionad an teidil:

an comhar idir misin taidhleoireachta agus poist chonsalacha na mBallstát agus idirghabhálaithe tráchtála’;

(b) cuirtear isteach an abairt seo a leanas idir an teideal agus pointe 5.2(a):

‘I gcás iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin faoi phointe 1.2 de Chuid III, féadfaidh na Ballstáit a cheadú dá misin taidhleoireachta nó dá bpoist chonsalacha dul i gcomhar le hidirghabhálaithe tráchtála (i.e. gníomhaireachtaí príobháideacha riaracháin agus gníomhaireachtaí iompair nó taistil amhail tionscnóirí turas agus miondíoltóirí)’.

5. Cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas:




‘IARSCRĺBHINN 19

Liosta de na ceanglais íosta a áireofar san ionstraim dlí sa chás ina rachfar i gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha

A. Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas ag féachaint do chosaint sonraí:

(a) áiritheoidh sé nach ndéanfar aon léamh neamhúdaraithe, aon chóipeáil neamhúdaraithe, aon mhodhnú neamhúdaraithe ná aon scriosadh neamhúdaraithe ar shonraí víosa ag am ar bith, agus go háirithe le linn do na sonraí sin a bheith á dtarchur chuig misean taidhleoireachta nó chuig post consalach an Bhallstáit nó na mBallstát atá freagrach i leith phróiseáil an iarratais.

(b) i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann, tarchuirfidh sé na sonraí,

 go leictreonach, i bhfoirm chriptithe, nó

 go fisiciúil, ar bhealach daingnithe;

(c) tarchuirfidh sé na sonraí a luaithe agus is féidir:

 i gcás sonraí a thraschuirtear go fisiciúil, ar a laghad uair amháin sa tseachtain;

 i gcás sonraí criptithe a thraschuirtear go leictreonach, faoi dheireadh an lae a bhailítear iad, ar a dhéanaí;

(d) scriosfaidh sé na sonraí a luaithe agus a bheidh siad tarchurtha aige agus áiritheoidh sé nach bhféadfar aon sonraí a choinneáil seachas ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra chun críocha coinní a shocrú, mar aon leis an uimhir pas go dtí go dtabharfar an pas ar ais don iarratasóir, i gcás inarb iomchuí;

(e) áiritheoidh sé go nglacfar na bearta slándála uile is gá, idir theicniúil agus eagraíochtúil, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé mhídhleathach nó trí thaisme, nó ar chailliúint trí thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina mbainfidh an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig mhisean taidhleoireachta nó chuig post consalach an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach de gach cineál eile;

(f) próiseálfaidh sé na sonraí chun sonraí pearsanta iarratasóirí ar víosaí a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun na críocha sin amháin;

(g) déanfaidh sé caighdeáin um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm a bheidh ar a laghad coibhéiseach leis na caighdeáin a leagtar amach i dTreoir 95/46/CE;

(h) déanfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 37 de Rialachán VIS a chur ar fáil do na hiarratasóirí.

B. Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas ag féachaint d'iompar na foirne:

(a) áiritheoidh sé go bhfuil an fhoireann oilte mar is iomchuí;

(b) áiritheoidh sé go ndéanfaidh an fhoireann na nithe seo a leanas agus a ndualgais á gcomhlíonadh:

 go gcuirfidh sí fáilte chúirtéiseach roimh iarratasóirí;

 go n-urramóidh sí dínit agus ionracas na n-iarratasóirí;

 nach ndéanfaidh sí leatrom ar dhaoine mar gheall ar ghnéas, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéis, agus

 go n-urramóidh sí na rialacha rúndachta, a mbeidh feidhm leo freisin i gcás ina bhfágfaidh na baill foirne a bpost agus tar éis don ionstraim dlí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis di a bheith foirceanta;

(c) soláthróidh sé, i gcónaí, sonraí aitheantais na gcomhaltaí foirne a bheidh ag obair sa chuideachta;

(d) cruthóidh sé nach bhfuil taifid choiriúla ag aon bhall den fhoireann agus go bhfuil an saineolas is gá acu.

C. Maidir le fíorú a dhéanamh ar fheidhmiú a ngníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a) gan gá le fógra roimh ré, tabharfaidh sé cead isteach ar a áitreabh i gcónaí d'fhoireann atá cáilithe chuige sin ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann, go háirithe chun críocha cigireachta;

(b) áiritheoidh sé go bhféadfar cianrochtain a fháil ar a chóras ceapacháin, chun críocha cigireachta;

(c) áiritheoidh sé go n-úsáidfear na modhanna ábhartha monatóireachta (e.g. iarratasóirí tástála; ceamara gréasáin);

(d) áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ar fáil ar chruthúnas maidir le comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le tuairisciú, iniúchtaí seachtracha agus spotseiceálacha tráthrialta;

(e) cuirfidh sé tuarascáil chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill faoi aon sárú ar shlándáil nó faoi aon ghearáin ó iarratasóirí maidir le mí-úsáid sonraí nó rochtain neamhúdaraithe, agus oibreoidh sé i gcomhar leis an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann d'fhonn teacht ar réiteach, agus tabharfaidh sé freagairt mhínitheach gan mhoill ar na hiarratasóirí gearánacha;

D. Maidir leis na ceanglais ghinearálta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a) gníomhóidh sé faoi threoracha an Bhallstáit nó na mBallstát atá freagrach i leith phróiseáil an iarratais;

(b) glacfaidh sé bearta iomchuí frith-éillithe (e.g. forálacha maidir le híocaíocht na foirne; comhar maidir le roghnú na mball foirne le haghaidh an chúraim „riail na beirte“; prionsabal na huainíochta);

(c) urramóidh sé go huile agus go hiomlán forálacha na hionstraime dlí, a mbeidh clásal fionraí nó clásal maidir le foirceannadh inti, go háirithe i gcás ina sárófar na rialacha atá bunaithe, mar aon le clásal maidir le hathbhreithniú d'fhonn a áirithiú go gcuirfear na cleachtais is fearr san áireamh san ionstraim dlí.’.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh



( 1 ) IO C 321, 29.12.2006, lch. 38.

( 2 ) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 5 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

( 3 ) IO L 213, 15.6.2004, lch. 5.

( 4 ) IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

( 5 ) IO C 326, 22.12.2005, lch. 1.

( 6 ) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

( 7 ) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

( 8 ) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

( 9 ) IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

( 10 ) IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

( 11 ) IO L 53, 27.2.2008, lch 52.

( 12 ) IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

( 13 ) IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

( 14 ) IO L 267, 27.9.2006, lch. 41.’.

( 15 ) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.’.

Top