EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R0223-20150608

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/2015-06-08

2009R0223 — GA — 08.06.2015 — 001.001


►B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 223/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

(IO L 087 31.3.2009, lch. 164)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  No

page

date

►M1

RIALACHÁN (AE) 2015/759 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015

  L 123

90

19.5.2015




▼B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 223/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach ( 1 ),

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ( 2 ),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh ( 3 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun an comhleanúnachas agus an inchomparáideacht a áirithiú i Staidreamh Eorpach a tháirgtear i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 285(2) den Chonradh, ba cheart an comhar agus an comhordú a threisiú idir na húdaráis a rannchuidíonn le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

(2)

Chuige sin, ba cheart an comhar agus an comhordú idir na húdaráis sin a fhorbairt ar shlí níos córasaí agus níos eagraithe lena ndéanfaí na cumhachtaí agus na socruithe institiúideacha náisiúnta agus Comhphobail a urramú go hiomlán agus lena gcuirfí san áireamh an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat bunúsach dlí atá ann d'fhonn é a oiriúnú don staid mar atá i láthair na huaire, d'fhonn freagairt níos fearr do dhúshláin amach anseo agus d'fhonn comhchuibhiú níos fearr ar an Staidreamh Eorpach a áirithiú.

(3)

Ní mór, dá bhrí sin, gníomhaíochtaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) a chomhdhlúthú agus a rialachas a fheabhsú, go háirithe d'fhonn ról na nInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna) agus na n-údarás náisiúnta eile agus an údaráis staidrimh Comhphobail, faoi seach, a shoiléiriú tuilleadh.

(4)

De bharr shainiúlacht na INSanna agus na n-údarás náisiúnta eile i ngach Ballstát atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ba cheart go bhféadfadh siad deontais a fháil gan glaoch ar thairiscintí i gcomhréir le hAirteagal 168(1)(d) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach ( 4 ).

(5)

Agus an chaoi a roinntear an t-ualach airgeadais idir buiséad an Aontais Eorpaigh agus buiséad na mBallstát maidir le cur chun feidhme an chláir staidrimh á cur san áireamh, ba cheart freisin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach ( 5 ), go ndéanfadh an Comhphobal ranníocaíochtaí airgeadais leis na INSanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile lena gcumhdófaí go hiomlán na costais incriminteacha a d'fhéadfadh na INSanna agus na húdaráis náisiúnta eile a thabhú i gcur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí staidrimh díreacha sealadacha arna gcinneadh ag an gCoimisiún.

(6)

Ba cheart go mbeadh dlúthbhaint leis an gcomhar agus leis an gcomhordú treisithe ag údaráis staidrimh Bhallstáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ( 6 ) agus ag údaráis staidrimh na hEilvéise, dá bhforáiltear faoi seach sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, go háirithe in Airteagal 76 de agus i bPrótacal 30 a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus sa Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar agus le comhordú treisithe i réimse an staidrimh ( 7 ), go háirithe in Airteagal 2 de.

(7)

Thairis sin, i bhfianaise Airteagal 285 den Chonradh agus Airteagal 5 den Phrótacal (Uimh. 18) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh, tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí go mbeidh dlúthchomhar agus comhordú cuí idir an CSE agus an Córas Eorpach Bainc Cheannais (CEBC), go sonrach chun malartú sonraí rúnda a chothú idir an dá chóras chun críocha staidrimh.

(8)

Mar sin, forbróidh, táirgfidh agus scaipfidh an CSE agus an CEBC staidreamh Eorpach, ach faoi réimeanna dlí ar leithligh a bheidh i gcomhréir lena struchtúr rialachais faoi seach. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an Rialachán seo infheidhme gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir leis an mbailiú faisnéise staidrimh a dhéanfaidh an Banc Ceannais Eorpach ( 8 ).

(9)

Dá bharr sin agus, cé nach nglacann comhaltaí an CEBC páirt i dtáirgeadh Staidrimh Eorpaigh de bhun an Rialacháin seo, ar chomhaontú arna dhéanamh idir banc ceannais náisiúnta agus an t-údarás staidrimh Comhphobail faoina réimsí inniúlachta faoi seach agus gan dochar do shocruithe náisiúnta idir an banc ceannais náisiúnta agus an INS nó údaráis náisiúnta eile, féadfaidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an t-údarás staidrimh Comhphobail, áfach, sonraí a tháirgeann an banc ceannais náisiúnta a úsáid, go díreach nó go hindíreach, chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh comhaltaí an CEBC, faoina réimsí inniúlachta faoi seach, sonraí a tháirgeann an CSE a úsáid, go díreach nó go hindíreach, fad go bhfuil údar maith leis an ngá.

(10)

I gcomhthéacs ginearálta an chaidrimh idir an CSE agus an CEBC, tá ról tábhachtach ag an gCoiste um staidreamh airgeadaíochta, airgeadais agus chomhardú na n-íocaíochtaí a bunaíodh le Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle an 13 Samhain 2006 ( 9 ), go háirithe tríd an gcúnamh a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus cláir oibre á ndréachtú agus á gcur chun feidhme a bhaineann le staidreamh airgeadaíochta, airgeadais agus chomhardú na n-íocaíochtaí.

(11)

Ba cheart moltaí idirnáisiúnta agus sár-chleachtais idirnáisiúnta a chur san áireamh agus Staidreamh Eorpach á fhorbairt, á tháirgeadh agus á scaipeadh.

(12)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí dlúthchomhar agus comhordú cuí idir an CSE agus gníomhairí eile sa chóras staidrimh idirnáisiúnta d'fhonn úsáid na gcoincheap, na n-aicmithe agus na modhanna idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe chun tuilleadh comhleanúnachais agus inchomparáideacht níos fearr a áirithiú idir staidreamh ar an leibhéal foriomlán.

(13)

Chun coincheapa agus modheolaíochtaí sa staidreamh a thabhairt ar comhchéim le chéile, ba cheart comhar idirdhisciplíneach leordhóthanach a fhorbairt le hinstitiúidí acadúla.

(14)

Ní mór oibriú an CSE a athbhreithniú freisin, ós rud é go bhfuil gá le modhanna níos solúbtha chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus le socrú soiléir a dhéanamh maidir le tosaíochtaí d'fhonn an t-ualach a chuirtear ar fhreagróirí agus ar chomhaltaí an CSE a laghdú agus d'fhonn infhaighteacht agus tráthúlacht an Staidrimh Eorpaigh a fheabhsú. Chuige sin, ba cheart go gceapfaí Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh.

(15)

Cé go mbunaítear Staidreamh Eorpach de ghnáth ar shonraí náisiúnta a tháirgeann agus a scaipeann údaráis staidrimh náisiúnta na mBallstát go léir, féadfar iad a tháirgeadh freisin ó rannchuidithe náisiúnta neamhfhoilsithe, ó fhothacair de rannchuidithe náisiúnta, ó shuirbhéanna staidrimh Eorpacha nó ó choincheapa nó ó mhodhanna comhchuibhithe arna gceapadh go sonrach.

(16)

Sna cásanna sonracha sin, agus i gcás ina mbeidh call cuí leis, ba cheart go mbeadh sé indéanta Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh a chur chun feidhme, arb éard a bheadh ann straitéis phragmatach a d'éascódh comhiomláin staidrimh Eorpacha a thiomsú, a bheadh ionadaíoch ar an Aontas Eorpach ina iomláine nó ar limistéar an euro ina iomláine, agus a mbeadh tábhacht ar leith leo ó thaobh bheartais an Chomhphobail de.

(17)

Ina theannta sin, d'fhéadfaí struchtúir chomhpháirteacha, uirlisí comhpháirteacha agus próisis chomhpháirteacha a bhunú nó a fhorbairt tuilleadh trí líonraí comhoibríocha, a mbeadh na INSanna nó údaráis náisiúnta eile agus an t-údarás staidrimh Comhphobail páirteach iontu, agus a d'éascódh speisialtóireacht ag Ballstáit áirithe i ngníomhaíochtaí sonracha staidrimh chun leasa an CSE ina iomláine. Ba cheart go ndíreodh na líonraí comhoibríocha sin idir comhpháirtithe an CSE ar dhúbláil oibre a sheachaint agus, dá bhrí sin, an éifeachtúlacht a fheabhsú agus an t–ualach freagartha ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú.

(18)

Ba cheart, ag an am céanna, aird ar leith a thabhairt ar phróiseáil chomhleanúnach na sonraí a bhailítear ó shuirbhéanna éagsúla. Chuige sin, ba cheart meithleacha idirdhisciplíneacha a bhunú.

(19)

Ba cheart, go háirithe, go bhfreagródh an timpeallacht rialúcháin feabhsaithe don Staidreamh Eorpach don ghá atá ann go ndéanfar an t–ualach freagartha ar fhreagróirí suirbhé a íoslaghdú agus go gcabhródh sí leis an gcuspóir níos ginearálta atá ann chun ualaí riaracháin a laghdú ar leibhéal na hEorpa, i gcomhréir le Conclúidí Uachtaránachta na Comhairle Eorpaí an 8 agus an 9 Márta 2007. Ba cheart, áfach, go gcuirfí béim freisin ar ról tábhachtach na INSanna agus na n–údarás náisiúnta eile maidir le híoslaghdú na n-ualaí ar ghnólachtaí Eorpacha ar an leibhéal náisiúnta.

(20)

Chun muinín as an Staidreamh Eorpach a fheabhsú, ba cheart go mbeadh neamhspleáchas gairmiúil ag na húdaráis staidrimh náisiúnta i ngach Ballstát, agus ba cheart gurb amhlaidh a bheadh neamhspleáchas gairmiúil ag an údarás staidrimh Comhphobail laistigh den Choimisiún, agus go n-áiritheodh siad neamhchlaontacht agus ardchaighdeán i dtáirgeadh an Staidrimh Eorpaigh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 285(2) den Chonradh mar aon leis na prionsabail a forbraíodh tuilleadh sa Chód Cleachtais don Staidreamh Eorpach, arna fhormheas ag an gCoimisiún ina Mholadh an 25 Bealtaine 2005 maidir le neamhspleáchas, iontaofacht agus cuntasacht na n-údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail (ina gcorpraítear an Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach). Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil arna nglacadh ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip an 15 Aibreán 1992 agus ag Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe an 14 Aibreán 1994.

(21)

Áirithítear leis an Rialachán seo an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, mar a leagtar amach iad in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ( 10 ).

(22)

Áirithítear leis an Rialachán seo, freisin, go ndéanfar daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus sonraítear ann, a mhéid a bhaineann sé le Staidreamh Eorpach, na rialacha a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin ( 11 ) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin ( 12 ).

(23)

An fhaisnéis rúnda a bhailíonn na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Comhphobail chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh, ba cheart í a chosaint d'fhonn muinín na bpáirtithe atá freagrach as soláthar na faisnéise sin a ghnóthú agus a chothabháil. Ba cheart go gcomhlíonfadh rúndacht sonraí na prionsabail chéanna sna Ballstáit go léir.

(24)

Chun na críche sin, is gá comhrialacha agus comh-threoirlínte a bhunú lena n-áiritheofar rúndacht na sonraí a úsáidtear chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus lena n-áiritheofar rochtain ar na sonraí rúnda sin agus forbairtí teicniúla agus riachtanais na n-úsáideoirí i sochaí dhaonlathach á gcur san áireamh mar is cuí.

(25)

Tá tábhacht ar leith ag baint le hinfhaighteacht na sonraí rúnda do riachtanais an CSE d'fhonn tairbhí na sonraí a uasmhéadú, agus é mar aidhm leis cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a mhéadú, agus a áirithiú go mbeifí in ann freagairt sholúbtha a thabhairt ar na riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa Chomhphobal i réimse an staidrimh.

(26)

Ba cheart go mbeadh rochtain níos forleithne ag an bpobal taighde ar shonraí rúnda a úsáidtear chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, chun anailís a dhéanamh ar mhaithe le dul chun cinn eolaíoch san Eoraip. Ba cheart, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an rochtain atá ag taighdeoirí ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha gan baint den ardleibhéal cosanta atá riachtanach i ndáil le sonraí staidrimh rúnda.

(27)

Ba cheart diantoirmeasc a chur ar úsáid sonraí rúnda chun aon chríocha nach críocha staidrimh go heisiach iad, amhail críocha riaracháin, dlíthiúla nó cánach, agus ar a n-úsáid chun fíorú a dhéanamh i bhfianaise na n-aonad staidrimh.

(28)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ( 13 ) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail ( 14 ).

(29)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat dlíthiúil a bhunú d'fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh Staidrimh Eorpaigh, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus tá sé, mar sin, gan dochar do rialacha mionsonraithe, róil agus coinníollacha náisiúnta a bhaineann go sonrach le staidreamh náisiúnta.

(30)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún ( 15 ).

(31)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh maidir le critéir cáilíochta don staidreamh Eorpach agus na rialacha mionsonraithe, na rialacha agus na coinníollacha a bhunú faoinar féidir rochtain a thabhairt ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha ar leibhéal an Chomhphobail. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin, agus ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(32)

Ba cheart go gcuirfí na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo in ionad na mbeart sin atá i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle ( 17 ) agus i gCinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle ( 18 ). Ba cheart, dá bhrí sin, na hionstraimí sin a aisghairm. Maidir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 831/2002 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2002 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, a bhaineann le rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha ( 19 ), agus i gCinneadh 2004/452/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos liosta de na comhlachtaí a bhféadfaidh a dtaighdeoirí rochtain a fháil ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha ( 20 ), ba cheart go leanfadh siad d'fheidhm a bheith acu.

(33)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus Raon Feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo réim dlíthiúil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

I gcomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta agus i gcomhréir le neamhspleáchas, le hiontaofacht agus le cuntasacht na n-údarás náisiúnta agus Comhphobail, is éard is Staidreamh Eorpach ann staidreamh ábhartha a bhfuil gá leis chun gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chur i gcrích. Cinntear an Staidreamh Eorpach sa Chlár Staidrimh Eorpach. Forbrófar, táirgfear agus scaipfear an staidreamh sin i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 285(2) den Chonradh agus a dhéantar iad a fhorbairt tuilleadh sa Chód Cleachtais don Staidreamh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 11. Cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Prionsabail Staidrimh

1.  Rialófar forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh de réir na bprionsabal staidrimh seo a leanas:

▼M1

(a) “neamhspleáchas gairmiúil”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neamhspleách, go háirithe maidir le roghnú teicníochtaí, sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí a bheidh le húsáid, agus uainiú agus inneachar i leith na bhfoirmeacha uile maidir le scaipeadh a dhéanamh, agus go bhfuil cur i gcrích na gcúraimí sin saor ó aon bhrú ó ghrúpaí polaitiúla, ó ghrúpaí sainleasa, ó údaráis náisiúnta nó ó údaráis an Aontais;

▼B

(b) “neamhchlaontacht”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neodrach, agus nach foláir go gcaitear go comhionann le gach aon úsáideoir;

(c) “oibiachtúlacht”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí chórasach, iontaofa agus neamhchlaonta; tuigtear leis sin go mbainfear úsáid as caighdeáin ghairmiúla agus eitice, agus go mbeidh na beartais agus na cleachtais a leanfar trédhearcach d'úsáideoirí agus do fhreagróirí na suirbhéanna;

(d) “iontaofacht”, is é atá i gceist leis sin nach foláir go dtomhasfadh an staidreamh ar bhealach atá chomh dílis, chomh cruinn agus chomh comhleanúnach agus is féidir, an réaltacht is cóir dóibh a léiriú; tuigtear leis sin go n-úsáidtear critéir eolaíochta chun foinsí, modhanna agus nósanna imeachta a roghnú;

(e) “rúndacht staidrimh”, is é atá i gceist leis sin cosaint sonraí rúnda a bhaineann le haonaid staidrimh ar leith a fhaightear go díreach chun críocha staidrimh nó go hindíreach ó fhoinsí riaracháin nó ó fhoinsí eile; tuigtear leis sin go mbeidh toirmeasc ar úsáid na sonraí a fhaightear chun críocha nach críocha staidrimh iad agus ar na sonraí sin a nochtadh go neamhdhleathach;

(f) “éifeachtacht costais”, is é atá i gceist leis sin nach foláir don chostas a bhaineann le táirgeadh staidrimh a bheith cionmhar le tábhacht na dtorthaí agus na dtairbhí a lorgaítear, go gcaithfear na hacmhainní a úsáid go barrmhaith agus an t-ualach freagartha a íoslaghdú. Beidh sé éasca, i gcás inar féidir, an fhaisnéis a iarrfar a bhaint ó na taifid nó na foinsí a bheidh ar fáil.

Tá na prionsabail staidrimh a leagtar amach sa mhír seo foirmhínithe sa Chód Cleachtais i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.  Cuirfear san áireamh na moltaí agus an sár-chleachtas idirnáisiúnta, agus Staidreamh Eorpach á fhorbairt, á tháirgeadh agus á scaipeadh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “staidreamh” faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, chomhiomlánaithe agus ionadaíoch a léiríonn feiniméan comhchoiteann i bpobal a bhreithnítear;

(2) ciallaíonn “forbairt” na gníomhaíochtaí atá dírithe ar na modhanna staidrimh, na caighdeáin staidrimh agus na nósanna imeachta staidrimh a úsáidtear i dtáirgeadh agus i scaipeadh staidrimh a bhunú, a neartú agus a fheabhsú mar aon le staidreamh agus le táscairí nua a cheapadh;

(3) ciallaíonn “táirgeadh” na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le bailiú, le stóráil, le próiseáil agus le hanailísiú, atá riachtanach chun staidreamh a thiomsú;

(4) ciallaíonn “scaipeadh” an ghníomhaíocht lena ndéantar staidreamh agus anailís ar staidreamh inrochtana d'úsáideoirí;

(5) ciallaíonn “bailiú staidrimh” suirbhéanna agus gach modh eile chun faisnéis a fháil ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear foinsí riaracháin;

(6) ciallaíonn “aonad staidrimh” an bunaonad breathnóireachta, eadhon duine nádúrtha, teaghlach, oibreoir eacnamaíoch agus gnóthais eile, a dtagraíonn na sonraí dó;

(7) ciallaíonn “sonraí rúnda” sonraí lena bhféadtar aonaid staidrimh a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, agus ar an dóigh sin faisnéis faoi dhuine aonair a nochtadh. D'fhonn a chinneadh cibé acu an bhfuil aonad staidrimh insainaitheanta nó nach bhfuil, cuirfear san áireamh na modhanna ábhartha uile a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnta chun an t-aonad staidrimh a shainaithint;

(8) ciallaíonn “úsáid chun críocha staidrimh” úsáid eisiach chun torthaí agus anailísí staidrimh a fhorbairt agus a tháirgeadh;

(9) ciallaíonn “sainaithint dhíreach” aonad staidrimh a shainaithint óna ainm nó óna sheoladh, nó ó uimhir aitheantais atá inrochtana go poiblí;

(10) ciallaíonn “sainaithint indíreach” aonad staidrimh a shainaithint trí mhodh ar bith eile seachas trí shainaithint dhíreach;

(11) ciallaíonn “oifigigh an Choimisiúin (Eurostat)” oifigigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 1 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, atá ag obair san údarás staidrimh Comhphobail;

(12) ciallaíonn “foireann eile de chuid an Choimisiúin (Eurostat)” seirbhísigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 2 go hAirteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, atá ag obair san údarás staidrimh Comhphobail.



CAIBIDIL II

RIALACHAS STAIDRIMH

Airteagal 4

An Córas Staidrimh Eorpach

Is comhpháirtíocht é an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) idir údárás staidrimh an Chomhphobail, arb é an Coimisiún (Eurostat), agus na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna), agus na húdaráis náisiúnta eile i ngach Ballstát atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Airteagal 5

Institiúidí Náisiúnta Staidrimh agus údaráis náisiúnta eile

▼M1

1.  Gníomhóidh an t-údarás náisiúnta staidrimh a ainmneoidh gach Ballstát mar an comhlacht a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile ar an leibhéal náisiúnta maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, a chinntear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1, (INS) i dtaca leis seo mar an t-aon phointe teagmhála don Choimisiún (Eurostat) maidir le hábhair staidrimh.

Cumhdóidh freagracht chomhordaithe INS gach údarás náisiúnta eile a bheidh freagrach as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh, a chinntear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1. Go háirithe, beidh INS freagrach ar an leibhéal náisiúnta as clárú agus tuairisciú staidrimh, faireachán ar cháilíocht, modheolaíocht, tarchur sonraí agus cumarsáid faoi bhearta staidrimh CSE a chomhdordú. Sa mhéid go bhféadfaidh na Bainc Cheannais Náisiúnta (BCNanna) roinnt den Staidreamh Eorpach sin a thiomsú ina gcáil mar chomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), beidh dlúthchomhar idir INSanna agus BCNanna i gcomhréir le socruithe náisiúnta d'fhonn táirgeadh Staidrimh Eorpaigh ar bhealach iomlán agus comhtháite a áirithiú, agus an comhar riachtanach idir CSE agus CEBC mar a leagtar amach in Airteagal 9 á áirithiú ag an am céanna.

▼B

2.  Coimeádfaidh an Coimisiún (Eurostat) liosta de na INSanna agus d'údaráis náisiúnta eile atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh de réir mar a ainmneoidh na Ballstáit iad, agus foilseoidh sé ar a láithreán gréasáin é.

3.  Féadfaidh na INSanna agus na húdaráis náisiúnta eile a bheidh ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo deontais a fháil gan glao ar thairiscintí a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 168(1)(d) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002.

▼M1

Airteagal 5a

Ceannairí INSanna agus ceannairí staidrimh údarás náisiúnta eile

1.  Laistigh dá gcóras staidrimh náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit neamhspleáchas gairmiúil na n-oifigeach atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.  Chuige sin, déanfaidh ceannairí INSanna an méid seo a leanas:

(a) beidh an fhreagracht aonair orthu as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n-eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán le haghaidh Staidreamh Eorpach arna bhforbairt, arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag INS;

(b) cumhachtófar dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach ábhar a bhaineann le bainistíocht inmheánach INS;

(c) gníomhóidh siad ar bhealach neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a gcuid cúraimí staidrimh; agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas ná institiúid, comhlacht, oifig ná eintiteas eile;

(d) beidh siad freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh INS agus cur i bhfeidhm bhuiséad INS;

(e) foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil agus féadfaidh siad barúlacha a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhaineann le leithdháileadh an bhuiséid i ndáil le gníomhaíochtaí staidrimh INS;

(f) déanfaidh siad comhordú ar ghníomhaíochtaí staidrimh gach údaráis náisiúnta atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(g) déanfaidh siad treoirlínte náisiúnta a tháirgeadh, i gcás inar gá sin chun cáilíocht a áirithiú i bhforbairt, táirgeadh agus scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh uile laistigh dá gcórais náisiúnta staidrimh agus déanfaidh siad faireachán agus athbhreithniú ar chur chun feidhme an staidrimh sin; agus ag an am céanna beidh siad freagrach, as comhlíonadh na dtreoirlínte sin a áirithiú, laistigh d'INS amháin; agus

(h) déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann a gcóras náisiúnta staidrimh laistigh de CSE.

3.  Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh na cúraimí sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na treoirlínte náisiúnta arna dtáirgeadh ag ceannaire INS.

4.  Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta chun ceannairí INSanna agus, i gcás inarb iomchuí, ceannairí staidrimh ar údaráis náisiúnta eile a tháirgeann Staidreamh Eorpach a earcú agus a cheapadh trédhearcach agus go mbeidh siad bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Áireofar leis na nósanna imeachta sin go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne. Maidir leis na cúiseanna le ceannairí INSanna a bhriseadh as a bpoist nó iad a aistriú chuig poist eile, ní bhainfidh siad an bonn don neamhspleáchas gairmiúil.

5.  Féadfaidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta a bhunú lena áirithiú go dtabharfar neamhspleáchas gairmiúil do tháirgeoirí Staidrimh Eorpaigh. Féadfaidh ceannairí INSanna agus, i gcás inarb iomchuí, ceannairí staidrimh údarás náisiúnta eile a tháirgeann Staidreamh Eorpach comhairle a fháil ó na comhlachtaí sin. Beidh na nósanna imeachta chun comhaltaí na gcomhlachtaí sin a earcú, a aistriú agus a bhriseadh as a bpoist trédhearcach agus is ar chritéir ghairmiúla amháin a bhunófar iad. Áiritheoidh na nósanna imeachta sin go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne.

▼B

Airteagal 6

An Coimisiún (Eurostat)

1.  “An Coimisiún (Eurostat)” a ghairfear sa Rialachán seo den údarás staidrimh Comhphobail a ainmneoidh an Coimisiún chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

▼M1

2.  Ag gníomhú dó go neamhspleách, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), ar leibhéal an Aontais, go dtáirgfear Staidreamh Eorpach de réir na rialacha agus na bprionsabal staidrimh atá bunaithe.

3.  Gan dochar d'Airteagal 5 de Phrótacal Uimh 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) comhordú ar ghníomhaíochtaí staidrimh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn comhsheasmhacht agus cáilíocht na sonraí a áirithiú agus an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) cuireadh a thabhairt d'aon institiúid nó d'aon chomhlacht de chuid an Aontais dul i gcomhairle nó i gcomhar leis d'fhonn modhanna agus córais a fhorbairt chun críocha staidrimh ina réimse inniúlacht faoi seach. Rachaidh aon cheann de na hinstitiúidí nó de na comhlachtaí sin a thograíonn staidreamh a tháirgeadh i gcomhairle leis an gCoimisiún (Eurostat) agus cuirfear aon mholadh a d'fhéadfadh sé a dhéanamh chuige sin san áireamh.

▼M1

Airteagal 6a

Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin (Eurostat)

1.  Is é Eurostat údarás staidrimh an Aontais agus Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin. Beidh Ard-Stiúrthóir i gceannas air.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an nós imeachta chun Ard-Stiúrthóir Eurostat a earcú trédhearcach agus go mbeidh sé bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Áireofar leis an nós imeachta go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne.

3.  Is ar an Ard-Stiúrthóir amháin a bheidh freagracht aonair as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n-eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán a bhaineann leis an staidreamh ar fad arna tháirgeadh ag Eurostat. Agus na cúraimí staidrimh sin á ndéanamh aige, gníomhóidh an tArd-Stiúrthóir ar bhealach neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile.

4.  Is é Ard-Stiúrthóir Eurostat a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh Eurostat. I gcreat an idirphlé staidrimh, agus díreach tar éis an duine a bheith ceaptha ag an gCoimisiún agus, ina dhiaidh sin, go bliantúil, tiocfaidh Ard-Stiúrthóir Eurostat os comhair choiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le rialachas staidrimh, le modheolaíocht agus le nuálaíocht staidrimh. Foilseoidh Ard-Stiurthóir Eurostat tuarascáil bhliantúil.

▼B

Airteagal 7

An Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach

1.  Bunaítear leis seo an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (an Coiste CSE). Cuirfidh sé treoir ghairmiúil ar fáil don CSE maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, is treoir a bheidh ag teacht leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1).

2.  Beidh an Coiste CSE comhdhéanta d'ionadaithe ó na INSanna is speisialtóirí náisiúnta don staidreamh. Is é an Coimisiún (Eurostat) a dhéanfaidh cathaoirleacht air.

3.  Glacfaidh an Coiste CSE a chuid rialacha nós imeachta, rud a thabharfaidh léargas ar a chuid cúraimí.

4.  Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste CSE i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) na bearta atá faoin gCoimisiún a ghlacadh maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, an t-údar maith a bheidh leis an staidreamh ar bhonn éifeachtachta costais, na modhanna agus na tráthchláir chun na bearta sin a bhaint amach, an t-ualach freagartha ar fhreagróirí na suirbhéanna;

(b) na forbairtí agus na tosaíochtaí atá beartaithe sa Chlár Staidrimh Eorpach;

(c) tionscnaimh chun tosaíochtaí maidir leis an ualach freagartha a athrú agus maidir leis an t-ualach freagartha a íoslaghdú a chur i ngníomh;

(d) saincheisteanna a bhaineann le rúndacht staidrimh;

(e) an Cód Cleachtais a fhorbairt tuilleadh; agus

(f) aon cheist eile, go háirithe saincheisteanna modheolaíochta, a eascraíonn as cláir staidrimh a bhunú nó ar a chur chun feidhme, ar ceisteanna iad a dtarraingeoidh an Cathaoirleach aird orthu, cibé ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát.

Airteagal 8

Comhar le comhlachtaí eile

Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus leis an mBord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 9

Comhar leis an CEBC

Chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú agus chun an comhleanúnachas is gá chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh a áirithiú, beidh dlúthchomhar idir an CSE agus an CEBC, agus na prionsabail staidrimh a leagtar síos in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh acu an tráth céanna.

Airteagal 10

Comhar idirnáisiúnta

Gan dochar do sheasamh Ballstáit aonair ná dá ról, déanfaidh an Coiste CSE seasamh an CSE maidir le saincheisteanna atá ábhartha go sonrach do Staidreamh Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar aon leis na socruithe sainiúla a bhaineann le hionadaíocht a dhéanamh ar na comhlachtaí idirnáisiúnta staidrimh, a ullmhú agus déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) iad a chomhordú.

Airteagal 11

Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh

1.  Beidh sé d'aidhm ag an gCód Cleachtais muinín an phobail sa Staidreamh Eorpach a áirithiú tríd an dóigh ina ndéanfar forbairt, táirgeadh agus scaipeadh ar an Staidreamh Eorpach a shuíomh i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus leis an sár-chleachtas staidrimh ar bhonn idirnáisiúnta.

2.  Déanfaidh an Coiste CSE an Cód Cleachtais a athbhreithniú agus a uasdátú de réir mar is gá. Foilseoidh an Coimisiún leasuithe ar an gCód Cleachtais sin.

▼M1

3.  Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is gá chun muinín sa Staidreamh Eorpach a choimeád. Chuige sin, le “Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh” (na Gealltanais) ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, díreofar tuilleadh ar a áirithiú go mbeidh muinín ag an bpobal as an Staidreamh Eorpach agus díreofar ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme phrionsabail an staidrimh atá sa Chód Cleachtais. Áireofar ar na Gealltanais gealltanais shonracha beartais lena gcuirfear feabhas, de réir mar is gá, ar na coinníollacha a bhaineann leis an gCód Cleachtais a chur chun feidhme nó lena ndéanfar iad a chothabháil agus foilseofar iad in éineacht le hachoimre do na saoránaigh.

4.  Maidir leis na Gealltanais ag na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta orthu ar bhonn tuarascálacha bliantúla a sheolfaidh na Ballstáit agus tabharfar cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

In éagmais Gealltanas a fhoilsiú faoin 9 Meitheamh 2017, cuirfidh Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chóid Chleachtais agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh i leith Gealltanas a bhunú. Déanfar na tuarascálacha ar dhul chun cinn sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, gach dhá bhliain ar a laghad tar éis an dáta a bhfoilseofar don chéad uair iad.

Faoin 9 Meitheamh 2018 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na Gealltanais arna bhfoilsiú agus, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ar dhul chun cinn.

5.  Déanfaidh an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (ESGAB) faireachán rialta ar an nGealltanas arna bhunú ag an gCoimisiún. An measúnú a dhéanann ESGAB ar chur chun feidhme an Ghealltanais, déanfar é a áireamh sa tuarascáil bhliantúil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ). Tabharfaidh ESGAB tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme an Ghealltanais faoin 9 Meitheamh 2018.

▼B

Airteagal 12

Cáilíocht staidrimh

1.  Chun cáilíocht na dtorthaí a ráthú, is ar bhonn caighdeán aonfhoirmeach agus ar bhonn modhanna comhchuibhithe a dhéanfar an Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Chuige sin, beidh feidhm ag na critéir cáilíochta seo a leanas:

(a) “ábharthacht”, a thagraíonn don mhéid a chomhlíonann an staidreamh riachtanais reatha agus féideartha na n-úsáideoirí;

(b) “cruinneas”, a thagraíonn do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

(c) “tráthúlacht”, a thagraíonn don tréimhse idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air;

(d) “poncúlacht”, a thagraíonn don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta (an dáta faoinar cheart na sonraí a bheith seachadta);

(e) “inrochtaineacht” agus “soiléire”, a thagraíonn do na coinníollacha agus do na rialacha mionsonraithe lena bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirthuiscint;

(f) “inchomparáideacht”, a thagraíonn don tomhas ar thionchar na ndifríochtaí i gcoincheapa, in uirlisí agus i nósanna imeachta tomhais an staidrimh fheidhmigh i gcás ina ndéantar comparáid ar staidreamh idir limistéir gheografacha, idir fearainn earnálacha nó in imeacht ama;

(g) “comhchuibheas”, a thagraíonn dá leordhóthanaí atá na sonraí lena gcomhcheangal go hiontaofa ar bhealaí éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

▼M1

2.  Féadfar riachtanais shonracha i dtaca le cáilíocht, amhail spriocluachanna agus íoschaighdeáin don táirgeadh staidrimh, a leagan síos freisin sa reachtaíocht earnála.

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach na critéir cháilíochta a leagtar síos i mír 1 ar na sonraí atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála sna réimsí sonracha staidrimh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

3.  Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) na tuarascálacha maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, lena n-áirítear aon ábhair lena gcuirfear imní orthu maidir le cruinneas na sonraí. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar bhonn anailís iomchuí, agus déanfaidh sé tuarascálacha agus teachtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh.

▼M1

4.  Ar mhaithe le trédhearcacht, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inarb iomchuí, a mheasúnú ar cháilíocht na rannchuidithe náisiúnta leis an Staidreamh Eorpach a phoibliú.

5.  I gcás ina ndéantar foráil i reachtaíocht earnála d'fhíneálacha a ghearradh i gcásanna ina gcuireann Ballstáit mífhaisnéis faoi shonraí staidrimh in iúl, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na Conarthaí agus le reachtaíocht earnála den sórt sin, imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh, de réir mar is gá, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireacht ar an láthair d'fhonn a shuí ar cuireadh mífhaisnéis den sórt sin in iúl d'aonghnó, an mífhaisnéis thromchúiseach í nó an raibh mórfhaillí i gceist léi.

▼B



CAIBIDIL III

STAIDREAMH EORPACH A THÁIRGEADH

Airteagal 13

An Clár Staidrimh Eorpach

▼M1

1.  Leis an gClár Staidrimh Eorpach soláthrófar an creat chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus leagfar amach ann príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe do thréimhse a chomhfhreagraíonn do thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a ghlacadh. Déanfar a thionchar agus a éifeachtacht costais a mheasúnú agus leas á bhaint as ionchur ó shaineolaithe neamhspleácha.

▼B

2.  Leagfar síos sa Chlár Staidrimh Eorpach tosaíochtaí maidir leis na riachtanais i leith faisnéise d'fhonn gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chur i gcrích. Meáfar na riachtanais sin le hais na n-acmhainní sin a mbeidh gá leo ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal náisiúnta chun an staidreamh is gá a sholáthar, agus freisin le hais an ualaigh fhreagartha agus le hais chostais ghaolmhara an fhreagróra.

3.  Déanfaidh an Coimisiún tionscnaimh a thabhairt isteach d'fhonn tosaíochtaí a leagan síos agus an t-ualach freagartha maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach nó cuid de a laghdú.

4.  Déanfaidh an Coimisiún dréacht an Chláir Staidrimh Eorpaigh a chur faoi bhráid an Choiste CSE chun go ndéanfaí réamhscrúdú air.

5.  Maidir le gach Clár Staidrimh Eorpach, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste CSE, tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn agus tuarascáil meastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle iad.

Airteagal 14

Cur chun feidhme an Chláir Staidrimh Eorpaigh

1.  Is trí ghníomhaíochtaí aonair staidrimh a chuirfear an Clár Staidrimh Eorpach chun feidhme, is gníomhaíochtaí arna gcinneadh:

(a) ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle;

(b) ag an gCoimisiún, i gcásanna sonracha, agus a mbeidh call cuí leo, go háirithe chun riachtanais nach mbeidh coinne leo a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na forálacha i mír 2; nó

(c) trí chomhaontú idir na INSanna nó na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat), faoina réimsí inniúlachta faoi seach. Beidh comhaontuithe den sórt sin i scríbhinn.

▼M1

2.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le beart staidrimh a bheidh díreach agus sealadach ar choinníoll:

(a) nach bhforálann an ghníomhaíocht do bhailiú sonraí a mbeidh níos mó ná trí bliana tagartha á gcuimsiú aige;

(b) go bhfuil na sonraí ar fáil cheana nó go bhfuil rochtain orthu cheana laistigh d'INSanna nó de na húdaráis náisiúnta eile a bhfuil freagracht orthu, nó go bhféadfar na sonraí a fháil go díreach, trí na samplaí iomchuí a úsáid i mbreathnóireacht ar an tiomsú staidrimh daonra ar leibhéal an Aontais, le comhordú leordhóthanach le hINSanna nó leis na húdaráis náisiúnta eile; agus

(c) go ndéanann an tAontas ranníocaíochtaí airgeadais le hINSanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile chun go gcumhdófar na costais incriminteacha a thabhóidh siad, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

▼B

3.  Agus gníomhaíocht a mbeidh cinneadh le déanamh maidir léi faoi mhír 1(a) nó mír (b) á tairiscint, cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt don ghníomhaíocht, go háirithe i bhfianaise aidhmeanna an bheartais Chomhphobail lena mbaineann;

(b) cuspóirí na gníomhaíochta agus na torthaí a mbeifear ag súil leo;

(c) anailís éifeachtachta costais, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh; agus

(d) na slite ina mbeidh an ghníomhaíocht le cur i gcrích, lena n-áirítear ré na gníomhaíochta agus ról an Choimisiúin agus na mBallstát.

Airteagal 15

Líonraí comhoibríochta

Forbrófar sineirgíochtaí, nuair is féidir, sna gníomhaíochtaí staidrimh aonair, laistigh den CSE trí líonraí comhoibríochta, trí shaineolas agus torthaí a roinnt le chéile nó trí speisialtóireacht i gcúraimí sonracha a chothú. Forbrófar struchtúr airgeadais leordhóthanach chuige sin.

Cuirfear torthaí na ngníomhaíochtaí sin, amhail struchtúir chomhpháirteacha, agus uirlisí comhpháirteacha, próisis chomhpháirteacha agus modhanna comhpháirteacha ar fáil ar fud an CSE. Déanfaidh an Coiste CSE scrúdú ar na tionscnaimh maidir leis na líonraí comhoibríochta a chruthú chomh maith leis na torthaí a bheidh orthu.

Airteagal 16

Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh

1.  I gcásanna sonracha a mbeidh call cuí leo agus faoi chuimsiú an Chláir Staidrimh Eorpaigh, is é atá d'aidhm ag an gCur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh:

(a) uasmhéadú a dhéanamh ar infhaighteacht na gcomhiomlán staidrimh ar leibhéal na hEorpa agus feabhas a chur ar thráthúlacht an Staidrimh Eorpaigh.

(b) laghdú a dhéanamh ar an ualach a bheidh ar na freagróirí agus ar an ualach a bheidh ar na INSanna agus ar na húdaráis náisiúnta eile is laghdú a bheidh bunaithe ar anailís éifeachtachta costais.

2.  Ar na cásanna inarb ábhartha an Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh, áirítear an méid seo a leanas:

(a) an Staidreamh Eorpach a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:

(i) rannchuidithe náisiúnta neamhfhoilsithe nó sonraí náisiúnta ó fhothacar de Bhallstáit;

(ii) scéimeanna suirbhéireachta a cheapfar go sonrach;

(iii) páirtfhaisnéis trí theicníochtaí samhaltúcháin;

(b) comhiomláin staidrimh a scaipeadh ar leibhéal na hEorpa trí theicníochtaí rialaithe sonracha maidir le nochtadh staidrimh a chur i bhfeidhm gan lagú a dhéanamh ar fhorálacha náisiúnta maidir le scaipeadh.

3.  Is le lán-rannpháirtíocht na mBallstát a chuirfear i gcrích na bearta chun an Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh a chur chun feidhme. Is sna gníomhaíochtaí staidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a leagfar síos na bearta chun an Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh a chur chun feidhme.

4.  Más gá, bunófar, i gcomhar leis na Ballstáit, beartas comhordaithe maidir le staidreamh a eisiúint agus a athbhreithniú.

▼M1

Airteagal 17

Clár oibre bliantúil

Cuirfidh an Coimisiún a chlár oibre bliantúil faoi bhráid Choiste CSE faoin 30 Aibreán don bhliain ina dhiaidh sin.

Agus gach clár oibre bliantúil á ullmhú aige, áiritheoidh an Coimisiún go leagfar síos tosaíochtaí ar bhonn éifeachtach, lena n-áirítear an t-athbhreithniú agus an tuairisciú a dhéanfar ar thosaíochtaí staidrimh agus leithdháileadh acmhainní airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún barúlacha Choiste CSE san áireamh go lánmhaith. Is ar an gClár Staidrimh Eorpach a bheidh gach clár oibre bliantúil bunaithe, agus tabharfar le fios iontu, go háirithe:

(a) na gníomhaíochtaí a mheasann an Coimisiún go bhfuil tosaíocht acu, agus riachtanais bheartais an Aontais, agus srianta airgeadais náisiúnta agus Aontais agus an t-ualach freagartha á gcur san áireamh;

(b) tionscnaimh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí, lena n-áirítear tosaíochtaí diúltacha, agus an laghdú ar an ualach ar sholáthróirí sonraí agus ar tháirgeoirí staidrimh araon; agus

(c) na nósanna imeachta agus aon ionstraimí dlí a bheartaíonn an Coimisiún chun an clár oibre bliantúil a chur chun feidhme.

▼M1

Airteagal 17a

Rochtain ar thaifid riaracháin, úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin

1.  Chun an t-ualach ar fhreagróirí a laghdú, beidh sé de cheart ag INSanna, ag údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 4 agus ag an gCoimisiún (Eurostat) rochtain a fháil ar gach taifead riaracháin agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ar staidreamh é a chinnfear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1.

2.  Rachfar i mbun comhairle le hINSanna agus leis an gCoimisiún (Eurostat) maidir le ceapadh tosaigh taifead riaracháin, lena bhforbairt ina dhiaidh sin agus lena scor, ar taifid iad a rinne comhlachtaí eile a fhorbairt agus a chothabháil, beidh na hINSanna agus an Coimisiún (Eurostat) páirteach sa comhairliúchán sin, agus ar an gcaoi sin éascófar úsáid breise na dtaifead sin ar mhaithe le Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Beidh siad páirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe maidir le taifid riaracháin a bheidh ábhartha chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh.

3.  Déanfar an rochtain a bheidh ag INSanna, ag údaráis náisiúnta eile agus ag an gCoimisiúin (Eurostat) mar aon lena rannpháirtíocht de bhun mhír 1 agus mhír 2 a theorannú do rochtain ar thaifid riaracháin laistigh dá gcóras riaracháin phoiblí féin.

4.  Taifid riaracháin a chuirfidh a n-úinéirí ar fáil do INSanna, d'údaráis náisiúnta eile agus don Choimisiún (Eurostat) chun go bhféadfar iad a úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach a tháirgeadh, beidh meiteashonraí ábhartha ag gabháil leo.

5.  Déanfaidh INSanna agus úinéirí taifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú.

▼B



CAIBIDIL IV

SCAIPEADH AN STAIDRIMH EORPAIGH

Airteagal 18

Bearta maidir le scaipeadh

1.  Agus an Staidreamh Eorpach á scaipeadh, comhlíonfar na prionsabail staidrimh, a leagtar amach in Airteagal 2(1), ina n-iomláine, go háirithe maidir le rúndacht staidrimh a chosaint agus le rochtain chomhionann a áirithiú faoi mar a cheanglaítear faoi phrionsabal na neamhchlaontachta.

2.  Is iad an Coimisiún (Eurostat), na INSanna agus na húdaráis náisiúnta eile a scaipfidh an Staidreamh Eorpach, faoina réimsí inniúlachta faoi seach.

3.  Soláthróidh na Ballstáit agus an Coimisiún, faoina réimsí inniúlachta faoi seach, an tacaíocht is gá chun rochtain chomhionann ar an Staidreamh Eorpach a áirithiú do gach aon úsáideoir.

Airteagal 19

Comhaid le haghaidh úsáid an phobail

Féadfar sonraí maidir le haonaid aonair staidrimh a scaipeadh i bhfoirm comhaid le haghaidh úsáid an phobail ina mbeidh taifid a mbeidh an fhaisnéis phearsanta curtha ó aithne agus a bheidh ullmhaithe ar shlí ionas nach bhféadfar an t-aonad staidrimh a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, nuair a chuirtear na modhanna ábhartha go léir a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnta san áireamh.

Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) ní foláir formheas sonrach an INS nó an údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí a fháil.



CAIBIDIL V

RÚNDACHT STAIDRIMH

Airteagal 20

Cosaint sonraí rúnda

1.  Beidh feidhm ag na rialacha agus ag na bearta seo a leanas chun a áirithiú gur chun críocha staidrimh go heisiach a úsáidfear sonraí rúnda agus chun a nochtadh neamhdhleathach a chosc.

2.  Maidir le sonraí rúnda a gheofar go heisiach chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh, úsáidfidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) iad go heisiach chun críocha staidrimh mura mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis a thoiliú a thabhairt go soiléir go n-úsáidfí iad chun aon chríocha eile.

3.  Maidir le torthaí staidrimh lena bhféadfaí aonad staidrimh a shainaithint, féadfaidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) iad a scaipeadh sna cásanna eisceachtúla seo a leanas:

(a) i gcás ina gcinntear coinníollacha agus rialacha mionsonraithe sonracha le gníomh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, agus ina leasaítear na torthaí staidrimh ar shlí nach ndéanfaidh a scaipeadh dochar do rúndacht staidrimh cibé uair a mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis a iarraidh amhlaidh; nó

(b) i gcás ina mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis toiliú go soiléir le nochtadh na sonraí.

4.  Déanfaidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat), faoina réimsí inniúlachta faoi seach, na bearta uile rialúcháin, riaracháin, teicniúla agus eagraíochta is gá chun cosaint fhisiceach agus cosaint loighiciúil sonraí rúnda a áirithiú (Rialú ar Nochtadh Staidrimh).

▼M1

Glacfaidh INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar ailíniú na bprionsabal agus na dtreoirlínte maidir le cosaint fhisiceach agus cosaint loighiciúil sonraí rúnda. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar ailíniú den sórt sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gan an Rialachán seo a fhorlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

▼B

5.  Beidh oifigigh agus foireann eile de chuid na INSanna agus na n-údarás náisiúnta eile ag a mbeidh rochtain ar shonraí faoi réir an rúndacht sin a chomhlíonadh, fiú tar éis dóibh scor dá gcuid feidhmeanna.

Airteagal 21

Tarchur sonraí rúnda

1.  Féadfar sonraí rúnda ó údarás CSE, dá dtagraítear in Airteagal 4, a bhailigh na sonraí a tharchur chuig údarás eile CSE ar choinníoll gur gá an tarchur sin d'fhorbairt éifeachtúil, táirgeadh éifeachtúil agus scaipeadh éifeachtúil an Staidrimh Eorpaigh, nó chun cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh, a fheabhsú.

2.  Féadfar sonraí rúnda a tharchur idir údarás CSE a bhailigh na sonraí agus comhalta den CEBC ar choinníoll gur gá an tarchur sin maidir le forbairt éifeachtúil, táirgeadh éifeachtúil agus scaipeadh éifeachtúil ar an Staidreamh Eorpach nó maidir le feabhas a chur ar cháilíocht an Staidrimh Eorpaigh, faoi réimsí inniúlachta an CSE agus an CBEC faoi seach, agus go mbeidh bonn cirt leis an riachtanas sin.

3.  Ceanglaítear údarú sainráite ón údarás a bhailigh na sonraí d'aon tarchur breise anuas ar an gcéad tarchur.

4.  Ní agrófar rialacha náisiúnta maidir le rúndacht staidrimh chun cosc a chur ar tharchur sonraí rúnda faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 i gcás ina bhforáiltear le gníomh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, do shonraí den sórt sin a tharchur.

5.  Is chun críocha staidrimh go heisiach a úsáidfear na sonraí rúnda a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus is ag an bhfoireann a mbeidh gníomhaíochtaí staidrimh ar bun acu laistigh dá réimse sainiúil oibre amháin a bheidh rochtain ar na sonraí sin.

6.  Beidh feidhm ag na forálacha maidir le rúndacht staidrimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo i leith na sonraí rúnda go léir a tharchuirtear laistigh den CSE agus idir an CSE agus an CEBC.

Airteagal 22

Cosaint sonraí rúnda sa Choimisiún (Eurostat)

1.  Is oifigigh ón gCoimisiún (Eurostat) amháin, laistigh dá réimse sainiúil oibre, a mbeidh rochtain acu ar shonraí rúnda, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos i mír 2.

2.  Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcásanna eisceachtúla, rochtain ar shonraí rúnda a dheonú dá fhoireann eile agus do dhaoine nádúrtha eile atá fostaithe ag an gCoimisiún (Eurostat) faoi chonradh laistigh dá réimse sainiúil oibre.

3.  Is chun críocha staidrimh go heisiach a úsáidfidh na daoine a mbeidh rochtain acu ar shonraí rúnda na sonraí sin. Beidh siad faoi réir an tsriain sin fiú amháin tar éis dóibh scor dá bhfeidhmeanna.

Airteagal 23

Rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha

Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), na INSanna nó na húdaráis náisiúnta eile, faoina réimsí inniúlachta faoi seach, rochtain ar shonraí rúnda, ar sonraí iad nach bhféadfar na haonaid staidrimh a shainaithint leo ach amháin go hindíreach, a dheonú do thaighdeoirí a mbeidh anailisí staidrimh ar bun acu chun críocha eolaíocha. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) is gá formheas an INS nó an údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.

▼M1

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe, na rialacha agus na coinníollacha maidir le rochtain ar leibhéal an Aontais a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

▼M1 —————

▼B

Airteagal 25

Sonraí ó fhoinsí poiblí

Ní mheasfar gur sonraí rúnda iad sonraí a fhaightear ó fhoinsí atá ar fáil go dleathach don phobal, agus a leanann de bheith ar fáil don phobal de réir na reachtaíochta náisiúnta, chun críoch an staidrimh a fhaightear ó na sonraí sin a scaipeadh.

▼M1

Airteagal 26

Sárú ar rúndacht staidrimh

Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun cosc a chur ar aon sárú ar an rúndacht staidrimh agus pionóis a ghearradh i leith sáruithe dá leithéid. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

▼B



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

▼M1

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh an Coiste CSE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 ).

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼B

Airteagal 28

Aisghairm

1.  Aisghairtear leis seo Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Déanfar tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Déanfar tagairtí don Choiste um Rúndacht Staidrimh a bunaíodh faoin Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE arna bhunú le hAirteagal 7 den Rialachán seo.

2.  Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 322/97.

Déanfar tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

3.  Aisghairtear leis seo Cinneadh 89/382/CEE, Euratom.

Déanfar tagairtí don Choiste um an gClár Staidrimh a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE arna bhunú le hAirteagal 7 den Rialachán seo.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) IO C 291, 5.12.2007, lch. 1.

( 2 ) IO C 308, 3.12.2008, lch. 1.

( 3 ) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 19 Feabhra 2009.

( 4 ) IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

( 5 ) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

( 6 ) IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

( 7 ) IO L 90, 28.3.2006, lch. 2.

( 8 ) IO L 318, 27.11.1998, lch. 8.

( 9 ) IO L 332, 30.11.2006, lch. 21.

( 10 ) IO C 364, 18.12.2000, lch. 1.

( 11 ) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

( 12 ) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

( 13 ) IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

( 14 ) IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.

( 15 ) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

( 16 ) IO L 304, 14.11.2008, lch. 70.

( 17 ) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.

( 18 ) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

( 19 ) IO L 133, 18.5.2002, lch. 7.

( 20 ) IO L 156, 30.4.2004, lch. 1.Leagan ceartaithe in IO L 2002, 7.6.2004, lch 1.

( 21 ) Cinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (IO L 73, 15.3.2008, lch. 17).

( 22 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

( 23 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

Top