Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02008R1338-20210101

    Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1338/2021-01-01

    02008R1338 — GA — 01.01.2021 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 1338/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Nollaig 2008

    maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    (IO L 354 31.12.2008, lch. 70)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2019/1700 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 10 Deireadh Fómhair 2019

      L 261I

    1

    14.10.2019




    ▼B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 1338/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Nollaig 2008

    maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



    Airteagal 1

    Ábhar

    1.  Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann do tháirgeadh córasach staidrimh Chomhphobail maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair. Déanfar an staidreamh a tháirgeadh i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, costéifeachtacht agus rúndacht staidrimh.

    2.  Áireofar leis an staidreamh, i bhfoirm tacair chomhchuibhithe chomhchoitinn sonraí, faisnéis atá riachtanach do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí, chun tacú le straitéisí náisiúnta maidir le cúram sláinte d'ardcháilíocht, atá inrochtana go huilíoch agus inbhuanaithe a fhorbairt agus do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.

    3.  Cuirfidh an staidreamh sonraí ar fáil do tháscairí struchtúracha, do tháscairí forbartha inbhuanaithe agus do Tháscairí Sláinte an Chomhphobail Eorpaigh (ECHI) agus freisin do na tacair eile de tháscairí is gá a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir leis na fearainn seo a leanas don Choimisiún (Eurostat):

    — 
    stádas sláinte agus deitéarmanaint sláinte, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I iad,
    — 
    cúram sláinte, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II é,
    — 
    cúiseanna báis, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III iad,
    — 
    tionóiscí ag an obair, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IV iad,
    — 
    galair cheirde agus fadhbanna eile agus tinnis eile a bhaineann leis an obair, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V iad.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo:

    (a) 

    beidh ag ‘staidreamh Comhphobail’ an bhrí a shanntar dó leis an gcéad fhleasc d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

    (b) 

    beidh ag ‘soláthar staidrimh’ an bhrí a shanntar dó leis an dara fleasc d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

    (c) 

    ciallóidh ‘an tsláinte phoiblí’ na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte, is é sin stádas sláinte, lena n-áirítear galracht agus míchumas, na deitéarmanaint a bhfuil tionchar acu ar an stádas sláinte sin, riachtanais chúraim sláinte, acmhainní a leithdháiltear ar chúram sláinte, soláthar cúraim sláinte agus rochtain uilíoch air, chomh maith le caiteachas agus maoiniú ar chúram sláinte agus cúiseanna mortlaíochta;

    (d) 

    ciallóidh ‘an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair’ na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht, agus le cosaint ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe ag an obair ina ngníomhaíochtaí reatha nó san gníomhaíochtaí a rinne siad san am a chuaigh thart; go háirithe tionóiscí ag an obair, galair cheirde agus fadhbanna eile sláinte agus tinnis eile a bhaineann leis an obair;

    (e) 

    ciallóidh ‘micreashonraí’ taifid aonair staidrimh;

    (f) 

    ciallóidh ‘tarchur sonraí rúnda’ sonraí rúnda nach gceadaíonn sainaithint dhíreach a tharchur idir údaráis náisiúnta agus údarás an Chomhphobail, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus le Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90;

    (g) 

    ciallóidh ‘sonraí pearsanta’ gach faisnéis a bhaineann le duine nádúrtha a sainaithníodh nó atá insainaitheanta, i gcomhréir le hAirteagal 2(a) de Threoir 95/46/CE.

    Airteagal 4

    Foinsí

    Tiomsóidh na Ballstáit sonraí maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair ó fhoinsí ina mbeidh, ag brath ar na fearainn agus ar na hábhair agus ar shainghnéithe na gcóras náisiúnta a bheidh i gceist, suirbhéanna teaghlaigh nó suirbhéanna comhchosúla nó modúil chomhchosúla suirbhé, nó foinsí náisiúnta riaracháin nó tuarascála.

    Airteagal 5

    Modheolaíocht

    1.  Leis na modhanna a úsáidfear chun na bailiúcháin sonraí a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, cuirfear san áireamh, taithí náisiúnta agus saineolas náisiúnta mar aon leis na sainiúlachtaí náisiúnta, na hacmhainneachtaí náisiúnta agus na bailiúcháin sonraí náisiúnta atá ann cheana, faoi chuimsiú na líonraí comhoibríoch agus struchtúr eile an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) leis na Ballstáit a bhunaigh an Coimisiún (Eurostat). Cuirfear san áireamh freisin na modheolaíochtaí le haghaidh bailiúchán sonraí tráthrialta a eascraíonn as tionscadail a bhfuil gné staidrimh iontu agus a dhéantar faoi chláir Chomhphobail eile ar nós clár sláinte phoiblí nó clár taighde.

    2.  Leis na modheolaíochtaí staidrimh agus na bailiúcháin staidrimh a bheidh le forbairt chun staidrimh a thiomsú ar an tsláinte phoiblí agus ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair ar leibhéal an Chomhphobail, cuirfear san áireamh an gá atá le comhordú a dhéanamh, aon uair a bheidh sé sin ábhartha, le gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta sa réimse, d'fhonn inchomparáideacht idirnáisiúnta staidrimh agus comhsheasmhacht bailiúchán sonraí a áirithiú, mar aon le dúbláil iarrachtaí agus seachadtaí sonraí ag Ballstáit a sheachaint.

    Airteagal 6

    Staidéir thrialacha agus anailísí costais agus tairbhe

    1.  Gach uair a mbeidh gá le sonraí, de bhreis orthu siúd a bailíodh cheana agus de bhreis orthu siúd a bhfuil modheolaíochtaí ann ina leith cheana, nó nuair a shainaithnítear cáilíocht neamhleor sonraí sna fearainn dá dtagraítear in Airteagal 2, tionscnóidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir thrialacha a chuirfidh na Ballstáit i gcrích ar bhonn saorálach. Is é aidhm na staidéar trialach sin na coincheapa agus na modhanna a thástáil agus féidearthacht na mbailiúchán gaolmhar sonraí a mheas, lena n-áirítear cáilíocht, inchomparáideacht agus costéifeachtacht staidrimh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach leis an gCód Cleachtais do Staidreamh Eorpach.

    2.  Gach uair a bheartófar beart cur chun feidhme a ullmhú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2), déanfar anailís costais agus tairbhe, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann le fáil a bheith ar na sonraí, i gcomparáid le costas an bhailithe agus an t-ualach a chuirfidh sé ar na Ballstáit.

    3.  Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascáil ina ndéanfar meastóireacht ar chonclúidí na staidéar trialach agus/nó ar na hanailíse costais agus tairbhe, lena n-áirítear iarmhairtí agus impleachtaí na sainiúlachtaí náisiúnta, i gcomhar leis na Ballstáit, faoi chuimsiú na líonraí comhoibritheach agus struchtúr eile CSE.

    Airteagal 7

    Sonraí a tharchur, a phróiseáil agus a scaipeadh

    1.  Nuair is gá sin chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh, tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí rúnda nó, ag brath ar an bhfearann agus ar an ábhar a bheidh i gceist, na sonraí comhiomlánaithe, i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90. Beidh feidhm ag na forálacha sin maidir le próiseáil na sonraí ag an gCoimisiún (Eurostat), a mhéid a mheastar na sonraí a bheith rúnda, de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97. Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar leis na sonraí a tharchuirfear aonaid sonraí (daoine aonair) a shainaithint go díreach agus go gcosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE.

    2.  Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear a tharchur leis an Rialachán seo i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe a comhaontaíodh idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit. Cuirfear na sonraí ar fáil i gcomhréir leis na teorainneacha ama a leagtar amach, sna heatraimh dá bhforáiltear agus i leith na dtréimhsí tagartha a shonraítear sna hIarscríbhinní nó sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    3.  Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) na bearta is gá chun scaipeadh, inrochtaineacht agus doiciméadú na faisnéise staidrimh a fheabhsú, i gcomhréir le prionsabail na hinchomparáideachta, na hiontaofachta agus na rúndachta staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

    Airteagal 8

    Measúnú cáilíochta

    1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh na gnéithe seo a leanas de mheasúnú cáilíochta infheidhme maidir leis an staidreamh a bheidh le tarchur:

    (a) 

    le ‘ábharthacht’, tagrófar don mhéid a shásaíonn an staidreamh riachtanais reatha agus riachtanais fhéideartha na n-úsáideoirí;

    (b) 

    le ‘cruinneas’, tagrófar do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

    (c) 

    le ‘tráthúlacht’, tagrófar don aga moille idir infhaighteacht na faisnéise agus an imeacht nó an feiniméan a ndéantar cur síos air san fhaisnéis;

    (d) 

    le ‘poncúlacht’, tagrófar don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta faoinar cheart iad a bheith seachadta;

    (e) 

    le ‘inrochtaineacht’ agus le ‘soiléire’, tagrófar do na coinníollacha agus do na rialacha mionsonraithe trínar féidir le húsáideoirí na sonraí a fháil, a úsáid agus a léirmhíniú;

    (f) 

    le ‘inchomparáideacht’, tagrófar do thomhais an tionchair a bhíonn ag difríochtaí i gcoincheapa, in uirlisí tomhais agus i nósanna imeachta staidrimh fheidhmigh nuair a dhéantar comparáid idir staisticí ó thaobh limistéar geografach éagsúil de, ó thaobh fearann earnálach éagsúil de nó thar am;

    (g) 

    le ‘comhchuibheas’, tagrófar do cé chomh leordhóthanach is atá na sonraí chun iad a chomhcheangal go hiontaofa i slite éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

    2.  Uair sna cúig bliana cuirfidh gach Ballstát tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirfear. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a tharchuirfear agus foilseoidh sé na tuarascálacha.

    Airteagal 9

    Bearta cur chun feidhme

    1.  Cumhdóidh na bearta cur chun feidhme:

    (a) 

    na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar, a chumhdaítear in Iarscríbhinní I go V;

    (b) 

    miondealú na saintréithe;

    (c) 

    na tréimhsí tagartha, na heatraimh agus na teorainneacha ama do sholáthar sonraí;

    (d) 

    meiteashonraí a sholáthar.

    Cuirfear san áireamh sna bearta sin, go háirithe, forálacha Airteagal 5, Airteagal 6(2) agus (3) agus Airteagal 7(1), mar aon le hinfhaighteacht, le hoiriúnacht agus le comhthéacs dlíthiúil na bhfoinsí sonraí Comhphobail atá ann tar éis na foinsí uile a bhaineann leis na fearainn agus leis na hábhair faoi seach a scrúdú.

    Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    2.  Glacfar maoluithe agus idirthréimhsí do Bhallstáit, más gá, ar maoluithe agus ar idirthréimhsí iad araon a bhunófar ar fhorais oibiachtúla, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

    Airteagal 10

    An Coiste

    1.  Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom, cúnamh don Choimisiún.

    2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    Airteagal 11

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    Fearann: Stádas sláinte agus deitéarmanaint sláinte

    (a) 

    Aidhmeanna

    Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le stádas sláinte agus maidir le deitéarmanaint sláinte.

    ▼M1

    (b) 

    Raon feidhme

    Cumhdaítear leis an bhfearann seo an staidreamh maidir le stádas sláinte agus le deitéarmanaint sláinte a bhunaítear ar fhéinmheasúnú agus a thiomsaítear as suirbhéanna daonra seachas iad siúd a thiomsaítear as bailiúcháin sonraí i dtaca le teaghlaigh agus daoine aonair dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019 /1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) mar aon le staidreamh eile a thiomsaítear as foinsí riaracháin amhail sonraí maidir le galracht nó maidir le tionóiscí agus maidir le gortuithe. Beidh daoine a bhfuil cónaí orthu in institiúidí, chomh maith le leanaí suas go 14 bliana d’aois, ar áireamh, nuair is iomchuí, agus ag na heatraimh ad hoc ábhartha, faoi réir treoirstaidéir rathúla a dhéanfar roimh ré.

    (c) 

    Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

    Na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, leis an eatramh agus leis an teorainn ama do sholáthar na sonraí, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    ▼B

    (d) 

    Ábhair a chumhdófar

    Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchoiteann comhchuibhithe sonraí a chuirfear ar fáil:

    — 
    stádas sláinte, lena n-áirítear aireachtálacha maidir le sláinte, feidhm fhisiciúil agus intinne, srianta agus míchumas,
    — 
    galracht fáthmheas-sonrach,
    — 
    cosaint ar phaindéim agus ar ghalair in-tarchurtha a d'fhéadfadh a bheith ann,
    — 
    tionóiscí agus díobhálacha, lena n-áirítear tionóiscí agus díobhálacha a bhaineann le sábháilteacht an tomhaltóra, agus, aon uair is féidir, le dochar a bhaineann le halcól agus le drugaí,
    — 
    stíl bheatha, amhail gníomhaíocht fhisiciúil, aiste bia, tobac a chaitheamh, alcól a ól agus drugaí a úsáid, agus fachtóirí timpeallachta, sóisialta agus ceirde,
    — 
    rochtain ar áiseanna do chúram sláinte coisctheach agus leighis, mar aon le seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh agus úsáid a bhaint astu (suirbhé daonra),
    — 
    cúlra déimeagrafach na ndaoine aonair agus faisnéis shocheacnamaíoch maidir leis na daoine aonair.

    Ní gá go gcumhdófaí na hábhair uile gach tráth a soláthrófaí sonraí. Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    ▼M1

    Beidh cur chun feidhme na Suirbhéanna Scrúduithe Sláinte roghnach i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Ní rachaidh meánfhad an agallaimh in aghaidh an teaghlaigh thar 20 nóiméad do na modúil suirbhé.

    ▼B

    (e) 

    Meiteashonraí

    Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann le saintréithe na suirbhéanna agus na bhfoinsí eile a úsáidtear, an daonra a chumhdaítear agus faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach chun staidreamh agus táscairí inchomparáide a léiriú agus a thiomsú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).




    IARSCRÍBHINN II

    Fearann: Cúram sláinte

    (a) 

    Aidhmeanna

    Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le cúram sláinte.

    (b) 

    Raon feidhme

    Cumhdaítear leis an bhfearann seo iomlán na ngníomhaíochtaí a chuireann institiúidí nó daoine aonair atá ag iarraidh cuspóir na sláinte a bhaint amach i gcrích, trí eolas míochaine, paraimhíochaine agus altrachta agus teicneolaíocht mhíochaine, pharaimhíochaine agus altrachta a chur i bhfeidhm, mar aon le gníomhaíochtaí riaracháin agus bainistíochta bainteacha.

    Is ó fhoinsí riaracháin go príomha a thiomsófar na sonraí.

    (c) 

    Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

    Cuirfear an staidreamh ar fáil go bliantúil; na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, leis an eatramh agus leis an teorainn ama do sholáthar na sonraí, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    (d) 

    Ábhair a chumhdófar

    Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchoiteann, comhchuibhithe sonraí a chuirfear ar fáil:

    — 
    áiseanna cúraim sláinte,
    — 
    acmhainní daonna cúraim sláinte,
    — 
    úsáid chúraim sláinte, seirbhísí aonair agus comhsheirbhísí,
    — 
    caiteachas agus maoiniú cúraim sláinte.

    Ní gá go gcumhdófaí na hábhair uile gach tráth a soláthrófaí sonraí. Bunófar an tacar sonraí i gcomhréir leis na haicmithe idirnáisiúnta iomchuí, agus na himthosca agus na cleachtais sna Ballstáit á gcur san áireamh.

    Breithneofar sna bailiúcháin sonraí soghluaiseacht othar, eadhon an úsáid a bhaineann siad as áiseanna sláinte i dtír seachas a dtír chónaithe, agus soghluaisteacht gairmithe sláinte, amhail na gairmithe sláinte sin a chleachtann a ngairm lasmuigh den tír inar bhain siad an chéad chead amach. Breithneoidh an Coimisiún cáilíocht an chúraim sláinte chomh maith.

    Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    (e) 

    Meiteashonraí

    Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann le saintréithe na bhfoinsí agus na dtiomsúchán eile a úsáidtear, leis an daonra a chumhdaítear agus leis an bhfaisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach chun staidreamh agus táscairí inchomparáide a léiriú agus a thiomsú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).




    IARSCRÍBHINN III

    Fearann: Cúiseanna báis

    (a) 

    Aidhmeanna

    Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le cúiseanna báis.

    (b) 

    Raon feidhme

    Cumhdaítear leis an bhfearann seo an staidreamh maidir le cúiseanna báis mar a dhíorthaítear iad ó dheimhnithe míochaine báis náisiúnta agus moltaí EDS á gcur san áireamh. Tagraíonn an staidreamh atá le tiomsú don bhunchúis a shainmhíníonn an EDS mar ‘an galar nó an díobháil a thionscnaigh an tsraith teagmhas galrach a raibh an bás mar thoradh díreach orthu, nó imthosca na tionóisce nó an fhoréigin inar tharla an díobháil mharfach’. Tiomsófar an staidreamh do na básanna agus do na marbhghinte uile a tharlaíonn i ngach Ballstát, agus déanfar idirdhealú ann idir cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí. Aon uair is féidir, déanfar sonraí maidir le cúiseanna báis cónaitheoirí a éagann ar an gcoigríoch a áireamh i staidreamh a dtíre cónaithe.

    (c) 

    Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

    Cuirfear an staidreamh ar fáil go bliantúil. Na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Tíolacfar na sonraí tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha. Féadfar sonraí sealadacha nó meastacháin sonraí a sholáthar níos luaithe ná sin. I gcás teagmhas a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, féadfar bailiúcháin sonraí speisialta breise a bhunú, le haghaidh na mbásanna uile nó do chúiseanna sonracha báis.

    (d) 

    Ábhair a chumhdófar

    Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchoiteann, comhchuibhithe sonraí a chuirfear ar fáil:

    — 
    saintréithe an éagaigh,
    — 
    réigiún,
    — 
    saintréithe an bháis, lena n-áirítear an bhunchúis bháis.

    Déanfar tacar sonraí na gcúiseanna báis a bhunú faoi chuimsiú Aicmiú Idirnáisiúnta Galar EDS agus leanfaidh sé rialacha Eurostat agus moltaí na Náisiún Aontaithe agus EDS i leith staidrimh daonra. Déanfar na sonraí maidir le saintréithe marbhghinte a sholáthar ar bhonn saorálach. Agus sonraí á soláthar maidir le básanna naíonán nuabheirthe (naíonáin a bhásaigh sula raibh siad 28 lá d'aois), tabharfar aitheantas do dhifríochtaí náisiúnta cleachtais maidir le taifead a dhéanamh ar ilchúiseanna báis.

    Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    (e) 

    Meiteashonraí

    Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann leis an daonra a chumhdaítear agus faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach do léiriú agus do thiomsú staidrimh inchomparáide agus táscairí inchomparáide, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).




    IARSCRÍBHINN IV

    Fearann: Tionóiscí ag an obair

    (a) 

    Aidhmeanna

    Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le tionóiscí ag an obair.

    (b) 

    Raon feidhme

    Is é an sainmhíniú atá ar thionóisc ag an obair ‘teagmhas scoite a tharlaíonn le linn oibre agus as a dtagann díobháil choirp nó intinne’. Baileofar na sonraí, i leith an lucht oibre ar fad, i gcás tionóiscí marfacha ag an obair agus tionóiscí a mbítear as láthair ón obair ar feadh níos mó ná trí lá dá mbarr, agus bainfear úsáid as acmhainní riaracháin, arna gcomhlánú le foinsí ábhartha breise, aon uair is gá agus aon uair is féidir, i gcás grúpaí sonracha oibrithe nó cúinsí sonracha náisiúnta. Féadfar fo-thacar teoranta de shonraí bunúsacha a bhailiú maidir le tionóiscí a mbítear as láthair ón obair ar feadh níos lú ná ceithre lá dá mbarr, nuair a bheidh siad ar fáil agus ar bhonn roghnach, faoi chuimsiú an chomhoibrithe leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair.

    (c) 

    Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

    Cuirfear an staidreamh ar fáil go bliantúil. Na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Tíolacfar na sonraí tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis dheireadh na bliana tagartha.

    (d) 

    Ábhair a chumhdófar

    Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchuibhithe, comhchoiteann micreashonraí a chuirfear ar fáil:

    — 
    saintréithe an duine dhíobháilte,
    — 
    saintréithe na díobhála, lena n-áirítear a thromchúisí atá sé (laethanta a mbítear as láthair),
    — 
    saintréithe an fhiontair, lena n-áirítear an ghníomhaíocht eacnamaíoch,
    — 
    saintréithe an ionaid oibre,
    — 
    saintréithe na tionóisce, lena n-áirítear an tsraith teagmhas a bhain le cúiseanna agus imthosca na tionóisce.

    Bunófar tacar sonraí maidir le tionóiscí ag an obair faoi chuimsiú na sonraíochtaí a leagtar síos le modheolaíocht an Staidrimh Eorpaigh i leith Tionóiscí ag an Obair (SETO), agus cuirfear imthosca agus cleachtais sna Ballstáit san áireamh.

    Is ar bhonn saorálach a sholáthrófar sonraí maidir le náisiúntacht an duine dhíobháilte, méid an fhiontair agus am na tionóisce. Soláthrófar trí athróg ar a laghad maidir le hábhair Chéim III den mhodheolaíocht SETO, eadhon an t-ionad oibre agus an seicheamh teagmhas a bhain le cúiseanna agus imthosca na tionóisce. Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh sonraí a sholáthar freisin a bheadh de réir shonraíochtaí Chéim III SETO, ar bhonn saorálach.

    Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    (e) 

    Meiteashonraí

    Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann leis an daonra a chumhdaítear, rátaí dearbhaithe tionóiscí ag an obair agus, i gcás inarb ábhartha, saintréithe na samplála, mar aon le faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach do léiriú agus do thiomsú staidrimh inchomparáide agus táscairí inchomparáide, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).




    IARSCRÍBHINN V

    Fearann: Galair cheirde agus fadhbanna sláinte agus tinnis eile a bhaineann leis an obair

    (a) 

    Aidhmeanna

    Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le cásanna aitheanta de ghalair cheirde agus d'fhadhbanna sláinte agus tinnis eile a bhaineann leis an obair.

    (b) 

    Raon feidhme

    — 
    Is é an sainmhíniú atá ar chás de ghalar ceirde, cás atá aitheanta ag na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu galair cheirde a aithint. Baileofar na sonraí do ghalair cheirde a tharlaíonn agus do bhásanna de bharr galair cheirde.
    — 
    Is fadhbanna iad fadhbanna sláinte agus tinnis a bhaineann leis an obair ar féidir le coinníollacha oibre a bheith ina gcúis leo, ar féidir leo cur leo nó ar féidir leo a bheith ina gcúis leo go páirteach. Áirítear orthu sin fadhbanna sláinte coirp agus fadhbanna síceasóisialta. Ní gá go mbeadh cás d'fhadhb sláinte a bhaineann leis an obair agus cás tinnis a bhaineann leis an obair aitheanta ag údarás agus baileofar na sonraí a bhaineann leis ó shuirbhéanna daonra atá ann cheana, amhail an Suirbhé Eorpach um Agallaimh Shláinte (EHIS) nó suirbhéanna sóisialta eile.
    (c) 

    Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

    Soláthrófar sonraí maidir le galair cheirde go bliantúil agus tabharfar isteach iad tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha. Na bearta a bhaineann leis na tréimhsí tagartha, leis na heatraimh agus leis an teorainn ama do sholáthar na mbailiúchán sonraí eile, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    (d) 

    Ábhair a chumhdófar

    Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchuibhithe, comhchoiteann sonraí a chuirfear ar fáil do ghalair cheirde:

    — 
    saintréithe an duine ghalraithe, lena n-áirítear a inscne agus a aois,
    — 
    saintréithe an ghalair, lena n-áirítear a thromchúisí atá sé,
    — 
    saintréithe an fhiontair agus an ionaid oibre, lena n-áirítear an ghníomhaíocht eacnamaíoch,
    — 
    saintréithe an ghníomhaí nó an fhachtóra ba chúis leis.

    Bunófar tacar sonraí na ngalar ceirde faoi chuimsiú na sonraíochtaí a leagtar síos le modheolaíocht an Staidrimh Eorpaigh um Ghalair Cheirde (SEGC), agus cuirfear imthosca agus cleachtais sna Ballstáit san áireamh.

    Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchuibhithe, comhchoiteann sonraí a chuirfear ar fáil d'fhadhbanna sláinte a bhaineann leis an obair:

    — 
    saintréithe an duine a bhfuil an fhadhb sláinte aige, lena n-áirítear inscne, aois agus stádas fostaíochta,
    — 
    saintréithe na faidhbe a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear a thromchúisí atá sí,
    — 
    saintréithe an fhiontair agus an ionaid oibre, lena n-áirítear méid agus an ghníomhaíocht eacnamaíoch,
    — 
    saintréithe an ghníomhaí nó an fhachtóra ba chúis leis an bhfadhb sláinte nó a chuir léi.

    Ní gá go gcumhdófaí na hábhair uile gach tráth a soláthrófaí sonraí.

    Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    (e) 

    Meiteashonraí

    Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann leis an daonra a chumhdaítear agus faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach do léiriú agus do thiomsú staidrimh inchomparáide agus táscairí inchomparáide, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).



    ( 1 ) Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).

    Top