EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02008R1008-20201218
Regulation (EC) No 1008/2008 of the European Parliament and of the Council of 24 September 2008 on common rules for the operation of air services in the Community (Recast) (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02008R1008 — GA — 18.12.2020 — 004.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1008/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 293 31.10.2008, lch. 3) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018 |
L 212 |
1 |
22.8.2018 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/2 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2018 |
L 11 |
1 |
14.1.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2020/696 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Bealtaine 2020 |
L 165 |
1 |
27.5.2020 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/2114 of 16 December 2020 (*) |
L 426 |
1 |
17.12.2020 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/2115 of 16 December 2020 (*) |
L 426 |
4 |
17.12.2020 |
Arna cheartú le:
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1008/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meán Fómhair 2008
maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
ciallaíonn ‘ceadúnas oibríochta’ údarú a dheonaíonn an t-údarás ceadúnaithe inniúil do ghnóthas, lena gceadaítear don ghnóthas sin aersheirbhísí a sholáthar, mar a luaitear sa cheadúnas oibríochta;
ciallaíonn ‘údarás ceadúnaithe inniúil’ údarás Ballstáit atá i dteideal ceadúnas oibríochta a dheonú, a dhiúltú, a chúlghairm nó a fhionraí i gcomhréir le Caibidil II;
ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, bíodh sé brabúsmhar nó neamhbhrabúsmhar, nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó ná bíodh;
ciallaíonn ‘aersheirbhís’ eitilt nó sraith eitiltí ina n-iompraítear paisinéirí, lasta agus/nó post ar luach saothair agus/nó ar fruiliú;
ciallaíonn ‘eitilt’ imeacht ó aerfort sonraithe i dtreo aerfoirt chinn scríbe shonraithe;
ciallaíonn ‘eitilt áitiúil’ eitilt nach mbeidh iompar paisinéirí, post agus/nó lastas idir aerfoirt éagsúla nó idir phointí tuirlingthe údaraithe eile i gceist léi;
ciallaíonn ‘aerfort’ aon limistéar i mBallstát a oiriúnaíodh go speisialta d’aersheirbhísí;
ciallaíonn ‘deimhniú aeroibreora (AOC)’ deimhniú a sheachadtar chuig gnóthas lena ndeimhnítear go bhfuil an cumas gairmiúil ag an oibreoir, agus d’eagar gairmiúil air, sábháilteacht oibríochtaí a shonraítear sa deimhniú a áirithiú, mar a fhoráiltear i bhforálacha ábhartha dhlí an Chomhphobail nó an dlí náisiúnta, de réir mar is infheidhme;
ciallaíonn ‘rialú éifeachtach’ caidreamh, arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:
tríd an gceart sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;
trí chearta nó trí chonarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;
ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas a bhfuil ceadúnas oibríochta bailí nó a chomhionann aige;
ciallaíonn ‘aeriompróir Comhphobail’ aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh údarás ceadúnaithe inniúil i gcomhréir le Caibidil II;
ciallaíonn ‘plean gnó’ tuairisc mhionsonraithe ar ghníomhaíochtaí tráchtála beartaithe an aeriompróra don tréimhse atá i gceist, go háirithe i ndáil le forbairt ionchasach an mhargaidh agus leis na hinfheistíochtaí atá le déanamh, lena n-áirítear impleachtaí airgeadais agus eacnamaíocha na ngníomhaíochtaí sin;
ciallaíonn ‘aersheirbhís taobh istigh den Chomhphobal’ aersheirbhís a oibrítear laistigh den Chomhphobal;
ciallaíonn ‘ceart tráchta’ an ceart aersheirbhís a oibriú idir dhá aerfort Comhphobail;
ciallaíonn ‘díolacháin suíocháin amháin’ go ndíolann aeriompróir nó a ghníomhaire údaraithe nó cairtfhostaí suíocháin go díreach leis an bpobal, gan aon seirbhís eile, amhail cóiríocht, a bheith cuachta leo;
ciallaíonn ‘aersheirbhís sceidealta’ sraith eitiltí a mbaineann na saintréithe seo a leanas go léir leo:
ar gach eitilt bíonn suíocháin agus/nó toilleadh chun lasta a iompar agus/nó toilleadh chun post a iompar ar fáil ar féidir leis an bpobal iad a cheannach astu féin (go díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);
oibrítear í chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó ná an dá aerfort céanna, cibé:
ciallaíonn ‘toilleadh’ an líon suíochán nó an pálasta a thairgtear don phobal i gcoitinne ar aersheirbhís sceidealta ar feadh tréimhse áirithe;
ciallaíonn ‘táillí aeir’ na praghsanna arna sloinneadh in euro nó in airgeadra áitiúil a bhíonn le híoc le haeriompróirí nó lena ngníomhairí nó le díoltóirí eile ticéad chun paisinéirí a iompar ar aersheirbhísí, maille le haon choinníollacha faoina mbíonn feidhm leis na praghsanna sin, lena n-áirítear luach saothair agus coinníollacha a thairgtear do sheirbhísí gníomhaireachta agus do sheirbhísí cúnta eile;
ciallaíonn ‘rátaí aeir’ na praghsanna arna sloinneadh in euro nó in airgeadra áitiúil a bhíonn le híoc ar lasta a iompar maille leis na coinníollacha faoina mbíonn feidhm leis na praghsanna sin, lena n-áirítear luach saothair agus coinníollacha a thairgtear do sheirbhísí gníomhaireachta agus do sheirbhísí cúnta eile;
ciallaíonn ‘Ballstát/Ballstáit lena mbaineann’ an Ballstát nó na Ballstáit a n-oibrítear aersheirbhís laistigh de nó díobh nó na Ballstáit a n-oibrítear an aersheirbhís eatarthu;
ciallaíonn ‘Ballstát/Ballstáit atá i gceist’ an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann agus an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil an t-aeriompróir nó na haeriompróirí a oibríonn an aersheirbhís ceadúnaithe;
ciallaíonn ‘comhchathair’ limistéar uirbeach arb éard atá ann roinnt cathracha nó bailte a ndearnadh aon cheantar faoi fhoirgnimh amháin astu, trí fhás agus leathadh an daonra;
ciallaíonn ‘cuntas bainistíochta’ ráiteas mionsonraithe ar ioncam agus ar chostais aeriompróra don tréimhse atá i gceist lena n-áirítear miondealú idir gníomhaíochtaí a bhaineann le haeriompar agus gníomhaíochtaí eile agus idir míreanna airgid agus míreanna neamhairgid chomh maith;
ciallaíonn ‘comhaontú léasa thirim’ comhaontú idir ghnóthais ar dá bhun a oibrítear an t-aerárthach faoi AOC an léasaí;
ciallaíonn ‘comhaontú léasa fhliuch’ comhaontú idir aeriompróirí ar dá bhun a oibrítear an t-aerárthach faoi AOC an léasóra;
ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannáras nó oifig chláraithe aeriompróra Comhphobail sa Bhallstát ar laistigh di a fheidhmítear príomhfheidhmeanna airgeadais agus príomhrialú oibríochtúil an aeriompróra Comhphobail, lena n-áirítear bainistíocht leanúnach aeracmhainneachta.
CAIBIDIL II
CEADÚNAS OIBRÍOCHTA
Airteagal 3
Ceadúnas oibríochta
Ní cheadófar d’aon ghnóthas atá bunaithe sa Chomhphobal paisinéirí, post agus/nó lasta a iompar d’aer ar luach saothair agus/nó ar fruiliú mura mbeidh an ceadúnas cuí oibríochta deonaithe dó.
Beidh gnóthas a chomhlíonann ceanglais na Caibidle seo i dteideal ceadúnas oibríochta a fháil.
Gan dochar d’aon fhorálacha eile de dhlí an Chomhphobail, den dlí náisiúnta nó den dlí idirnáisiúnta atá infheidhme, ní bheidh na catagóirí aersheirbhísí seo a leanas faoi réir an cheanglais go mbeadh ceadúnas bailí oibríochta ina seilbh:
aersheirbhísí a chuireann aerárthaí nach aerárthaí cumhacht-tiomáinte iad agus/nó aerárthaí fíoréadroma cumhacht-tiomáinte i gcrích; agus
eitiltí áitiúla.
Airteagal 4
Coinníollacha maidir le ceadúnas oibríochta a dheonú
Deonóidh údarás ceadúnaithe inniúil Ballstáit ceadúnas oibríochta do ghnóthas ar an gcoinníoll:
go bhfuil a phríomháit ghnó suite sa Bhallstát sin;
go bhfuil AOC bailí ina sheilbh aige arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) ag údarás náisiúnta de chuid Ballstáit, ag údaráis náisiúnta éagsúla de chuid Ballstáit a ghníomhaíonn i dteannta a chéile i gcomhréir le hAirteagal 62(5) den Rialachán sin nó ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh;
go bhfuil aerárthach amháin nó breis agus aerárthach amháin ar fáil aige trí úinéireacht nó trí chomhaontú léasa thirim;
gurb é a phríomhghnó aersheirbhísí a oibriú as féin nó i gcomhcheangal le haon oibríocht tráchtála aerárthaí eile nó le haerárthaí a dheisiú agus a chothabháil;
go gceadóidh struchtúr na cuideachta don údarás ceadúnaithe inniúil forálacha na Caibidle seo a chur chun feidhme;
gur le Ballstáit agus/nó le náisiúnaigh Ballstáit níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é go héifeachtúil, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin, seachas mar a fhoráiltear i gcomhaontú le tríú tír ar páirtí ann an Comhphobal;
go gcomhlíonann sé na coinníollacha airgeadais a shonraítear in Airteagal 5;
go gcomhlíonann sé na ceanglais árachais a shonraítear in Airteagal 11 agus i Rialachán (CE) Uimh. 785/2004; agus
go gcomhlíonann sé na forálacha maidir le dea-cháil mar a shonraítear in Airteagal 7 iad.
Airteagal 5
Coinníollacha airgeadais maidir le ceadúnas oibríochta a dheonú
Déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil géarmheasúnú ar chumas ghnóthais a dhéanfaidh iarratas den chéad uair ar cheadúnas oibríochta a thaispeáint:
go mbeidh sé in ann a oibleagáidí iarbhír agus a oibleagáidí ionchasacha arna mbunú faoi thoimhdí réadúla a chomhlíonadh tráth ar bith, ar feadh tréimhse 24 mí ón uair a gcuirtear tús leis na hoibríochtaí; agus
go mbeidh sé in ann a chostais sheasta agus oibríochta a thabhaítear trí oibríochtaí de réir a phlean gnó agus a bhunaítear ar thoimhdí réadúla a sheasamh, ar feadh tréimhse trí mhí ón uair a gcuirtear tús leis na hoibríochtaí, gan aon ioncam óna oibríochtaí a chur san áireamh.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le gnóthas a dhéanann iarratas ar cheadúnas oibríochta atá ceaptha le haghaidh oibríochtaí a chumhdach a bhaineann le haerárthaí ar lú ná 10 dtonna a nUasmhais Éirí de Thalamh (MTOM) agus/nó ar lú ná 20 an líon suíochán atá iontu. ►C1 Léireoidh gnóthais den sórt sin go bhfuil glanchaipiteal EUR 100 000 ar a laghad acu ◄ nó déanfaidh siad an fhaisnéis atá ábhartha chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil nuair a éileoidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil í, go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I.
Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, mar sin féin, mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm ar ghnóthas a dhéanann iarratas ar cheadúnas oibríochta faoi fhorálacha na fomhíre roimhe seo agus a bheartaíonn aersheirbhísí sceidealta a oibriú nó a bhfuil láimhdeachas de bhreis agus EUR 3 mhilliún sa bhliain aige.
Airteagal 6
Deimhniú aeroibreora
Cuirfidh an t-údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC in iúl don údarás ceadúnaithe inniúil a luaithe is féidir má tá aon athrú beartaithe ar an AOC.
D'fhéadfadh sé go n-áiritheofaí leis sin, i measc nithe eile, faisnéis a bhaineann le socruithe úinéireachta, airgeadais nó eagrúcháin an aeriompróra Chomhphobail a d'fhéadfadh tionchar a bheith aici ar shábháilteacht nó ar shócmhainneacht a n-oibríochtaí nó a d'fhéadfadh a bheith ina cúnamh don údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC a chuid gníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh. I gcás ina gcuirtear faisnéis ar fáil i modh rúin, déanfar bearta a chur ar bun chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis sin a chosaint go hiomchuí.
Airteagal 7
Cruthúnas ar dhea-cháil
Airteagal 8
Bailíocht ceadúnais oibríochta
Beidh ceadúnas oibríochta bailí fad a chomhlíonfaidh an t-aeriompróir Comhphobail ceanglais na Caibidle seo.
Beidh ar chumas aeriompróra Comhphobail gach tráth, arna iarraidh sin air, a thaispeáint don údarás ceadúnaithe inniúil go bhfuil ceanglais uile na Caibidle seo á gcomhlíonadh aige.
Déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil monatóireacht ghéar ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo. Athbhreithneoidh sé, ar aon chaoi, comhlíonadh na gceanglas sin sna cásanna seo a leanas:
dhá bhliain tar éis do cheadúnas oibríochta nua a bheith deonaithe,
i gcás ina mbeidh drochamhras ann go bhféadfadh fadhb a bheith ann, nó
arna iarraidh sin don Choimisiún.
I gcás ina mbeidh drochamhras ar an údarás ceadúnaithe inniúil go bhféadfadh fadhbanna airgeadais aeriompróra Comhphobail difear a dhéanamh do shábháilteacht a oibríochtaí, cuirfidh sé an t-údarás a bheidh inniúil as an AOC ar an eolas láithreach.
Déanfar an ceadúnas oibríochta a thíolacadh an athuair lena fhormheas:
i gcás nach gcuirfidh aeriompróir Comhphobail tús le hoibríochtaí laistigh de shé mhí tar éis don cheadúnas oibríochta a bheith deonaithe;
i gcás ina mbeidh aeriompróir Comhphobail éirithe as a chuid oibríochtaí le níos mó ná sé mhí, nó
i gcás ina mbeidh sé beartaithe ag aeriompróir Comhphobail arna cheadúnú ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 5(3), gabháil d’oibríochtaí le haerárthach a sháraíonn an tairseach méide a shonraítear in Airteagal 5(3), nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha airgeadais a shonraítear ann a thuilleadh.
Déanfaidh aeriompróir Comhphobail a chuntais iniúchta a chur ar fáil don údarás ceadúnaithe inniúil tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis lá deireanach na bliana airgeadais faoi seach, mura bhforáiltear dá mhalairt sa dlí náisiúnta. Le linn na chéad dhá bhliain d’aeriompróir Comhphobail a bheith ag oibriú, déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a chur ar fáil arna iarraidh sin don údarás ceadúnaithe inniúil.
Féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil aon tráth measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú airgeadais aeriompróra Comhphobail ar dheonaigh sé ceadúnas oibríochta dó, tríd an bhfaisnéis chuí a iarraidh. Mar chuid de mheasúnú den sórt sin, déanfaidh an t-aeriompróir Comhphobail lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta agus a chur ar fáil arna iarraidh sin don údarás ceadúnaithe inniúil.
Tabharfaidh aeriompróir Comhphobail fógra don údarás ceadúnaithe inniúil:
sula ndéanfar aon phleananna maidir le haersheirbhís nua a oibriú chuig mór-roinn nó chuig réigiún domhanda nach raibh freastal á dhéanamh air nó uirthi roimhe sin nó sula ndéanfar aon athrú suntasach ar scála a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear athruithe ar chineál nó ar líon na n-aerthárthaí a úsáidfear, gan a bheith teoranta do na hathruithe sin;
roimh aon chumaisc nó roimh aon fháltais a bheartófar; agus
laistigh de 14 lá ón lá a ndéanfar athrú ar úinéireacht aon scairshealbháin amháin arb ionann é agus 10 % nó níos mó de scairshealbhán iomlán an aeriompróra Comhphobail nó de scairshealbhán iomlán a mháthairchuideachta nó a chuideachta sealbhaíochta deiridh.
Má mheasann an t-údarás ceadúnaithe inniúil go mbeidh tionchar suntasach ag na hathruithe ar tugadh fógra fúthu faoi mhír 5 ar airgeadas an aeriompróra Comhphobail, éileoidh sé go gcuirfear plean athbhreithnithe gnó faoina bhráid a chuirfidh na hathruithe atá i gceist isteach agus a chuimseoidh, ar a laghad, tréimhse 12 mhí ó dháta a chur chun feidhme chomh maith leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, de bhreis ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil faoi mhír 4.
Déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil cinneadh maidir leis an bplean gnó athbhreithnithe faoi cibé an bhfuil ar chumas an aeriompróra Comhphobail a chuid oibleagáidí reatha agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh i rith na tréimhse dhá mhí dhéag sin. Déanfar cinneadh den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don fhaisnéis riachtanach uile a bheith curtha faoina bhráid.
Ní bheidh feidhm ag mír 4, ag mír 5 ná ag mír 6 maidir le haeriompróirí Comhphobail a bheidh ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí le haerárthaí ar lú ná 10 dtonna a MTOM agus/nó a mbeidh níos lú ná 20 suíochán iontu. ►C1 Beidh na haeriompróirí Comhphobail sin in ann a thaispeáint gach tráth go bhfuil glanchaipiteal EUR 100 000 ar a laghad acu ◄ nó beidh siad in ann an fhaisnéis a bheidh ábhartha chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a chur ar fáil nuair a cheanglóidh an t-údarás ceadúnaithe orthu é.
Dá ainneoin sin, féadfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil mír 4, mír 5 agus mír 6 a chur i bhfeidhm ar aeriompróirí Comhphobail a bheidh ceadúnaithe aige agus a mbeidh aersheirbhísí sceidealta á n-oibriú acu nó ar aeriompróirí Comhphobail a rachaidh a láimhdeachas thar EUR 3 mhilliún in aghaidh na bliana.
Airteagal 9
Ceadúnas oibríochta a fhionraí agus a chúlghairm
Aon uair a mbeidh comharthaí soiléire ann go bhfuil fadhbanna airgeadais ann nó nuair a thionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí den tsamhail sin i gcoinne aeriompróra Comhphobail arna cheadúnú aige, déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil grinnmheasúnú gan mhoill ar an staid airgeadais agus déanfaidh sé athbhreithniú ar stádas an cheadúnais oibríochta ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe seo, i gcomhlíonadh an Airteagail seo laistigh de thréimhse ama trí mhí.
Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil a chinntí, a bhaineann le stádas an cheadúnais oibríochta, in iúl don Choimisiún.
Nuair nach gcuirfear i bhfios na cuntais iniúchta, dá dtagraítear in Airteagal 8(4), laistigh den spriocdháta a sonraíodh san Airteagal sin, iarrfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil ar an aeriompróir Comhphobail, gan mhoill mhíchuí, na cuntais iniúchta sin a chur i bhfios.
Mura gcuirfear i bhfios laistigh de mhí na cuntais iniúchta, féadfar an ceadúnas oibríochta a chúlghairm nó a fhionraí.
Airteagal 10
Cinntí faoi cheadúnais oibríochta
Airteagal 11
Ceanglais árachais
D’ainneoin Rialachán (CE) Uimh. 785/2004, beidh árachas ag aeriompróir chun dliteanas a chlúdach i gcás tionóiscí maidir le post.
Airteagal 12
Clárú
Airteagal 13
Léasú
Aeriompróir Comhphobail a mbeidh aerárthaí a bheidh cláraithe i dtríú tír ar léas fliuch aige ó ghnóthas eile, gheobhaidh sé formheas roimh ré don oibríocht ón údarás ceadúnaithe inniúil. Féadfaidh an t-údarás inniúil formheas a dheonú:
i gcás ina léireoidh an t-aeriompróir Comhphobail chun sástachta an údaráis cheadúnaithe inniúil go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta uile á gcomhlíonadh atá coibhéiseach leis na caighdeáin sábháilteachta a fhorchuirtear le dlí an Chomhphobail nó leis an an dlí náisiúnta; agus
►M2 mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú idirnáisiúnta maidir le léasú fliuch arna shíniú ag an Aontas, ar comhaontú é atá bunaithe ar Chomhaontú Aeriompair dar páirtí an tAontas agus a síníodh roimh 1 Eanáir 2008, i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: ◄
tugann an t-aeriompróir Comhphobail údar maith le léasú den sórt sin ar bhonn riachtanas eisceachtúil, agus sa chás sin féadfar formheas a dheonú go ceann tréimhse nach faide ná seacht mí a bheidh inathnuaite uair amháin go ceann tréimhse breise nach faide ná seacht mí;
léiríonn an t-aeriompróir Comhphobail go bhfuil an léasú riachtanach chun freastal ar riachtanais toillte shéasúracha nach féidir a shásamh go réasúnach trí aerárthaí a léasú a bheidh cláraithe laistigh den Chomhphobal, agus sa chás sin féadfar an formheas a athnuachan; nó
léiríonn an t-aeriompróir Comhphobail go bhfuil an léasú riachtanach chun deacrachtaí oibríochtúla a shárú agus nach féidir nó nach bhfuil sé réasúnach aerárthaí a bheidh cláraithe laistigh den Chomhphobal a léasú, agus sa chás sin ní rachaidh ré an fhormheasa thar an ré a bhfuil fíorghá leis chun na deacrachtaí a shárú.
Féadfaidh an t-údarás inniúil coinníollacha a chur ag gabháil leis an bhformheas. Beidh na coinníollacha sin ina gcuid den chomhaontú léasa fhliuch.
Féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú formheas a dheonú mura mbeidh aon chómhalartaíocht maidir le léasú fliuch idir an Ballstát lena mbaineann nó idir an Comhphobal agus an tríú tír ina mbeidh an t-aerárthach a bheidh ar léas fliuch cláraithe.
Cuirfidh an t-údarás inniúil na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir le formheas a dheonóidh sé chun aerárthaí a bheidh cláraithe i dtríú tír a léasú ar léas fliuch.
Airteagal 14
An ceart éisteacht a fháil
Áiritheoidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, agus cinneadh á ghlacadh aige ceadúnas oibríochta aeriompróir Comhphobail a fhionraí nó a chúlghairm, go bhfaighidh an t-aeriompróir Comhphobail lena mbaineann an deis éisteacht a fháil, ag cur san áireamh gur gá, i gcásanna áirithe, nós imeachta éigeandála a bheith ann.
CAIBIDIL III
ROCHTAIN AR AERBHEALAÍ
Airteagal 15
Aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a sholáthar
Má chinneann an Coimisiún, ar bhonn faisnéise a fuair sé faoi Airteagal 26(2), nach gcomhlíonann an ceadúnas oibríochta a deonaíodh d’aeriompróir Comhphobail ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh sé a chinneadh ar aghaidh chuig an údarás ceadúnaithe inniúil a sheolfaidh a bharúlacha chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá oibre.
Má áitíonn an Coimisiún, tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar bharúlacha an údaráis cheadúnaithe inniúil, nach bhfuil an ceadúnas oibríochta comhlíontach, nó mura bhfuarthas aon bharúlacha ón údarás ceadúnaithe inniúil, cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), a iarraidh ar an údarás ceadúnaithe inniúil na bearta ceartúcháin iomchuí a ghlacadh nó an ceadúnas oibríochta a fhionraí nó a chúlghairm.
Socrófar leis an gcinneadh dáta faoina gcuirfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil na bearta nó na gníomhartha ceartúcháin chun feidhme. Ní bheidh an t-aeriompróir Comhphobail i dteideal a chearta faoi mhír 1 a fheidhmiú mura mbeidh na gníomhartha nó na bearta ceartúcháin curtha chun feidhme faoin dáta sin.
Féadfaidh an t-aeriompróir Comhphobail a chearta faoi mhír 1 a fheidhmiú an athuair nuair a gheobhaidh an Coimisiún fógra ón údarás ceadúnaithe inniúil go bhfuil na bearta ceartúcháin curtha chun feidhme agus go bhfuil an cur chun feidhme fíoraithe ag an údarás ceadúnaithe inniúil.
Nuair a bheidh aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal á n-oibriú aige, ceadófar d’aeriompróir Comhphobail aersheirbhísí a chur le chéile agus comhaontuithe códroinnte a dhéanamh, gan dochar do rialacha iomaíochta an Chomhphobail a bheidh infheidhme maidir le gnóthais.
Déantar aon srianta ar shaoirse aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a oibriú a eascróidh as comhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit a chur as ionad leis seo.
D’ainneoin forálacha comhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit, agus faoi réir rialacha iomaíochta an Chomhphobail a bheidh infheidhme maidir le gnóthais, ceadóidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann d’aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí a chur le chéile agus comhaontuithe códroinnte a dhéanamh le haon aeriompróir maidir le haersheirbhísí chuig aon aerfort i gcríoch an Bhallstáit sin nó i gcríoch na mBallstát sin nó ó aon phointe nó ó aon phointí i dtríú tíortha nó tríd aon aerfort ina chríoch nó ina gcríoch nó chuig aon phointe nó chuig aon phointí i dtríú tíortha.
Féadfaidh Ballstát, faoi chuimsiú an chomhaontaithe aersheirbhíse dhéthaobhaigh leis an tríú tír lena mbaineann, srianta a fhorchur ar shocruithe códroinnte idir aeriompróirí Comhphobail agus aeriompróirí tríú tíortha, go háirithe, mura gceadaíonn an tríú tír lena mbaineann deiseanna tráchtála den tsamhail sin d’aeriompróirí Comhphobail a oibríonn ón mBallstát lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit, agus é sin á dhéanamh acu, nach gcuirfidh na srianta a fhorchuirfear faoi chomhaontuithe den sórt sin srian ar iomaíocht agus nach ndéanfaidh siad idirdhealú idir aeriompróirí Comhphobail agus áiritheoidh siad nach mbeidh siad níos sriantaí ná mar is gá dóibh a bheith.
Airteagal 16
Prionsabail ghinearálta d’oibleagáidí seirbhíse poiblí
Féadfaidh Ballstát, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile lena mbaineann, agus tar éis don Choimisiún, na haerfoirt lena mbaineann, agus na haeriompróirí a bheidh ag oibriú ar an aerbhealach a chur ar an eolas, oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur i ndáil le haersheirbhísí sceidealta idir aerfort sa Chomhphobal agus aerfort a bheidh ag freastal ar réigiún forimeallach nó ar réigiún atá i mbéal forbartha nó ar bhealach lagthráchta chuig aon aerfort ina chríoch, má mheastar aon aerbhealach den sórt sin a bheith ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíoch agus d’fhorbairt shóisialta an réigiúin a bhfreastalaíonn an t-aerfort air. Ní fhorchuirfear an oibleagáid sin ach a mhéid a bheidh riachtanach chun a áirithiú go soláthrófar ar an aerbhealach sin an t-íosleibhéal aersheirbhísí sceidealta a shásóidh caighdeáin shocraithe leanúnachais, rialtachta, praghsála nó toillte íosta, nach nglacfadh aeriompróirí chucu féin iad dá mba é a leas tráchtála amháin a bheadh á bhreithniú acu.
Socrófar ar mhodh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach na caighdeáin shocraithe a fhorchuirfear ar an aerbhealach a bheidh faoi réir na hoibleagáide seirbhíse poiblí sin.
Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit measúnú ar an ngá a bheidh le hoibleagáid seirbhíse poiblí a bheidh á beartú, agus ar a leordhóthanacht, ag féachaint don mhéid seo a leanas:
an chomhréireacht idir an oibleagáid atá á beartú agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin lena mbaineann;
go bhféadfaí dul i muinín modhanna eile iompair agus cumas na modhanna sin na riachtanais iompair a bheidh faoi bhreithniú a shásamh, go háirithe nuair a bheidh seirbhísí iarnróid atá ann cheana ag freastal ar an aerbhealach atá á bheartú a mbeidh am taistil nach faide ná trí huaire an chloig i gceist leo, a mbeidh a minicíochtaí agus a naisc leordhóthanach, agus a mbeidh a gcláir ama oiriúnach;
na táillí aeir agus na coinníollacha a fhéadfar a lua leis na húsáideoirí;
éifeacht chomhcheangailte na n-aeriompróirí go léir a bheidh ag oibriú an aerbhealaigh, nó a mbeidh sé beartaithe acu an t-aerbhealach a oibriú.
I gcás inar mian le Ballstát oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur, cuirfidh sé i bhfios don Choimisiún, do na Ballstáit eile lena mbaineann, do na haerfoirt lena mbaineann, agus do na haeriompróirí a bheidh ag oibriú an aerbhealaigh lena mbaineann, téacs na hoibleagáide seirbhíse poiblí a bheartófar a fhorchur.
Foilseoidh an Coimisiún fógra faisnéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
ina luafar an dá aerfort a bheidh á nascadh leis an aerbhealach lena mbaineann, agus an pointe tuirlingthe idirthréimhseach nó na pointí tuirlingthe idirthréimhseacha a d’fhéadfadh a bheith ann;
ina luafar an dáta a dtiocfaidh an oibleagáid seirbhíse poiblí i bhfeidhm; agus
ina léireofar an seoladh iomlán a gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann an téacs agus aon fhaisnéis agus/nó aon doiciméadacht iomchuí a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí ar fáil ann, gan mhoill agus saor in aisce.
D’ainneoin mhír 8, mura mbeidh aersheirbhísí inmharthana sceidealta tosaithe ag aon aeriompróir Comhphobail, nó mura mbeidh ar chumas aon aeriompróra Comhphobail a thaispeáint go bhfuil sé ar tí tús a chur leo ar aerbhealach i gcomhréir leis an oibleagáid seirbhíse poiblí a forchuireadh ar an aerbhealach sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann rochtain ar aersheirbhísí sceidealta ar an aerbhealach sin a theorannú chuig aon aeriompróir Comhphobail amháin go ceann tréimhse nach faide ná ceithre bliana, agus athbhreithneofar an cás ina dhiaidh sin.
D’fhéadfadh sé gur thréimhse nárbh fhaide ná cúig bliana a bheadh sa tréimhse seo, má fhorchuirtear an oibleagáid seirbhíse poiblí ar aerbhealach chuig aerfort a fhreastalaíonn ar réigiún forimeallach, dá dtagraítear in Airteagal 299(2) den Chonradh.
I gcás ina ndéanfaidh an t-aeriompróir Comhphobail a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 17 seirbhís a idirbhriseadh go tobann, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, i gcás éigeandála, aeriompróir Comhphobail éagsúil a roghnú trí chomhaontú frithpháirteach chun an oibleagáid seirbhíse poiblí a oibriú go ceann tréimhse nach faide ná seacht mí, nach mbeidh inathnuaite, faoi na coinníollacha a leanas:
aon chúiteamh a íocfaidh an Ballstát, íocfar i gcomhlíonadh Airteagal 17(8) é;
déanfar an roghnú as measc na n-aeriompróirí Comhphobail i gcomhlíonadh phrionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe;
seolfar glaoch nua ar thairiscint.
Cuirfear an nós imeachta éigeandála agus na cúiseanna a bhí leis in iúl gan mhoill don Choimisiún agus don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann. Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do Bhallstáit, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) an nós imeachta a chur ar fionraí má mheasann sé tar éis a mheasúnaithe nach gcomhlíonann sé ceanglais na míre seo, nó go bhfuil sé contrártha ar shlí eile do dhlí an Comhphobail.
Airteagal 17
Nós imeachta tairisceana poiblí le haghaidh oibleagáide seirbhíse poiblí
Cumhdóidh an cuireadh chun tairisceana agus an conradh a leanfaidh é na nithe seo a leanas, inter alia:
na caighdeáin a cheanglaítear leis an oibleagáid seirbhíse poiblí;
rialacha a bhaineann le leasú agus le foirceannadh an chonartha, go háirithe chun athruithe neamh-intuartha a chur san áireamh;
tréimhse bailíochta an chonartha;
pionóis i gcás nach gcomhlíonfar an conradh;
paraiméadair oibiachtúla agus thrédhearcacha, ar a mbonn a ríomhfar cúiteamh, más ann dó, i gcomhair chomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra faisnéise:
an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann;
an t-aerbhealach lena mbaineann;
tréimhse bailíochta an chonartha;
seoladh iomlán na háite ina gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméid iomchuí a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí ar fáil;
an spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach.
Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn agus gan mhoill faoi thorthaí na tairisceana poiblí agus faoin roghnú, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:
líon, ainmneacha agus faisnéis chorparáideach na dtairgeoirí;
gnéithe oibríochtúla a bhíonn sna tairiscintí;
cúiteamh a iarrtar sna tairiscintí;
ainm an tairgeora roghnaithe.
Airteagal 18
Oibleagáidí seirbhíse poiblí a scrúdú
Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a chinntiú go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar aon chinneadh a ghlacfar faoi Airteagail 16 agus Airteagal 17 agus, go háirithe, go ndéanfar chomh luath agus is féidir é, ar na forais go bhfuil dlí an Chomhphobail nó rialacha náisiúnta lena gcuirtear dlí an Chomhphobail chun feidhme á sárú ag cinntí den sórt sin.
Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, a iarraidh ar Bhallstáit na nithe seo a leanas a chur chuige, laistigh de dhá mhí:
doiciméad ina dtugtar údar maith leis an ngá atá ann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí agus léiriú ar an gcaoi a gcomhlíonann an tseirbhís sin na critéir a luaitear in Airteagal 16;
anailís ar gheilleagar an réigiúin;
anailís ar an gcomhréireacht idir na hoibleagáidí beartaithe agus na cuspóirí forbartha eacnamaíche;
anailís ar na haersheirbhísí atá ann cheana féin, más ann, agus ar na modhanna iompair eile ar ann dóibh a d’fhéadfaí a mheas mar mhalairt ar an bhforchur a bheartaítear.
Airteagal 19
Dáileadh tráchta idir aerfoirt agus feidhmiú na gceart tráchta
Féadfaidh Ballstát, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara lena n-áirítear na haeriompróirí agus na haerfoirt lena mbaineann, gan idirdhealú i measc na gceann scríbe laistigh den Chomhphobal ná ar fhorais náisiúntacht ná céannacht na n-aeriompróirí, rialáil a dhéanamh ar dháileadh an aerthráchta idir aerfoirt a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
freastalaíonn na haerfoirt ar an gcathair nó ar an gcomhchathair chéanna;
freastalaítear ar na haerfoirt le bonneagar iompair leordhóthanach a sholáthraíonn, a mhéid is féidir, nasc díreach trínar féidir an t-aerfort a shroicheadh laistigh de nócha nóiméad, lena n-áirítear, i gcás inar gá, ar bhonn trasteorann;
tá na haerfoirt nasctha lena chéile agus tá siad nasctha leis an gcathair nó leis an gcomhchathair a bhfreastalaíonn siad uirthi le seirbhísí iompair phoiblí atá minic, iontaofa, éifeachtach; agus
soláthraíonn na haerfoirt na seirbhísí riachtanacha d’aeriompróirí, agus ní dhéanfaidh siad dochar míchuí dá ndeiseanna tráchtála.
Aon chinneadh a dhéanfar chun dáileadh aerthráchta idir na haerfoirt lena mbaineann a rialáil, urramóidh sé prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta, agus beidh sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla.
Cuirfidh Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn aige dáileadh an aerthráchta a rialáil nó riail dáilte tráchta atá ann cheana a athrú.
Scrúdóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, agus, laistigh de shé mhí den fhaisnéis a fháil ón mBallstát, agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), cinnfidh sé cibé an bhféadfaidh an Ballstát na bearta a chur i bhfeidhm.
Foilseoidh an Coimisiún a chinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ní chuirfear na bearta sin i bhfeidhm sula bhfoilseofar formheas an Choimisiúin.
Airteagal 20
Bearta a bhaineann leis an gcomhshaol
Airteagal 21
Bearta éigeandála
Féadfaidh Ballstát feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart tráchta chun déileáil le fadhbanna tobanna sealadacha a eascraíonn as imthosca neamh-intuartha agus dosheachanta. Urramóidh gníomh den sórt sin prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta agus bunófar é ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.
Cuirfear gníomh den sórt sin agus an t-údar leordhóthanach a bheidh leis in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill. Más amhlaidh go mbíonn na fadhbanna ann a éilíonn gníomh den sórt sin ar feadh breis agus 14 lá, cuirfidh an Ballstát an méid sin i bhfios don Choimisiún agus do na Ballstáit eile dá réir agus féadfaidh sé, le comhaontú an Choimisiúin, an gníomh a fhadú ar feadh tréimhsí breise nach faide ná 14 lá.
Airteagal 21a
Bearta éigeandála a bhaineann le paindéim COVID-19
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA MAIDIR LE PRAGHSÁIL
Airteagal 22
Saoirse phraghsála
Airteagal 23
Faisnéis agus neamh-idirdhealú
Áireofar na coinníollacha a bheidh infheidhme sna táillí aeir agus sna rátaí aeir, ar táillí aeir agus rátaí aeir iad a bheidh ar fáil don phobal i gcoitinne, an tráth a fhoilseofar nó a thairgfear iad in aon fhoirm, lena n-áirítear ar an Idirlíon, d’aersheirbhísí ó aerfort a bheidh lonnaithe i gcríoch Ballstáit a mbeidh feidhm ag an gConradh maidir leis. Léireofar gach tráth an praghas deiridh a bheidh le híoc agus áireofar ann an táille aeir a bheidh infheidhme nó an ráta aeir a bheidh infheidhme chomh maith leis na cánacha uile a bheidh infheidhme, agus na muirir, na fomhuirir agus na táillí a bheidh dosheachanta agus a bheidh intuartha tráth an fhoilsithe. De bhreis ar an léiriú ar an bpraghas deiridh, sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad:
an táille aeir nó an ráta aeir;
na cánacha;
na muirir aerfoirt; agus
aon mhuirir eile, aon fhomhuirir eile nó aon táillí eile, amhail na muirir, na fomhuirir nó na táillí a bhaineann le slándáil nó le breosla;
i gcás inar cuireadh na hítimí a liostaítear faoi (b), faoi (c) agus faoi (d) leis an táille aeir nó leis an ráta aeir. Cuirfear na forlíonta roghnacha praghais in iúl ar bhealach soiléir, trédhearcach, neamhdhébhríoch i dtús aon phróisis áirithinte agus is ar bhonn ‘roghnaím é’ a ghlacfaidh an custaiméir leo.
Airteagal 24
Pionóis
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus leagfaidh siad síos pionóis i leith sáruithe ar na rialacha sin. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
CAIBIDIL IVa
RIALACHA SEALADACHA MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LÁIMHSEÁLA AR AN TALAMH
Airteagal 24a
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 25
An Coiste
Airteagal 25a
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 25b
Nós imeachta práinne
Airteagal 26
Comhoibriú agus an ceart chun faisnéis a fháil
Airteagal 27
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92, Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 agus Rialachán (CEE) Uimh. 2409/92.
Déanfar tagairtí do na Rialacháin arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 28
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
FAISNÉIS A BHEIDH LE SOLÁTHAR DE BHUN AIRTEAGAL 5 AGUS AIRTEAGAL 8
1. Faisnéis a bheidh le soláthar ag iarratasóir céaduaire ó thaobh folláine airgeadais de
1.1. Na cuntais bhainistíochta inmheánaí is deireanaí agus, má bhíonn fáil orthu, cuntais iniúchta don bhliain airgeadais roimhe sin.
1.2. Clár comhardaithe réamh-mheasta, lena n-áirítear an cuntas brabúis agus caillteanais, don chéad trí bliana eile.
1.3. An bunús do na figiúirí réamh-mheasta caiteachais agus ioncaim ar nithe amhail breosla, táillí agus rátaí, tuarastail, cothabháil, dímheas, luaineachtaí sa ráta malairte, muirir aerfoirt, muirir seirbhísí aerloingseoireachta, costais láimhseála ar an talamh, árachas, etc. Réamhaisnéisí tráchta/ioncaim.
1.4. Mionsonraí na gcostas tosaigh a tabhaíodh sa tréimhse idir iarratas a chur isteach agus tús na n-oibríochtaí mar aon le míniú ar an gcaoi a mbeartaítear na costais sin a mhaoiniú.
1.5. Mionsonraí maidir le foinsí airgeadais atá ann cheana féin agus foinsí airgeadais a bheartaítear a aimsiú.
1.6. Mionsonraí maidir le scairshealbhóirí, lena n-áirítear náisiúntacht agus an cineál scaireanna a bheidh ina seilbh acu, mar aon leis na hAirteagail Chomhlachais. Más cuid de ghrúpa gnóthas iad, faisnéis maidir leis an ngaol eatarthu.
1.7. Ráitis réamh-mheasta sreafa airgid agus pleananna leachtachta don chéad trí bliana oibríochta.
1.8. Mionsonraí maidir le maoiniú chun aerárthaí a cheannach/léasú, lena n-áirítear, i gcás léasaithe, téarmaí agus coinníollacha an chonartha.
2. Faisnéis a sholáthrófar d'fhonn measúnú a dhéanamh ar fholláine leanúnach airgeadais sealbhóirí ceadúnais atá ann cheana a bheartaíonn athrú a dhéanamh ar a struchtúir nó ar a ngníomhaíochtaí a mbeidh tionchar suntasach aige ar a n-airgeadas
2.1. Más gá, an clár comhardaithe bainistíochta inmheánaí is deireanaí agus na cuntais iniúchta don bhliain airgeadais roimhe sin.
2.2. Mionsonraí beachta na n-athruithe uile atá beartaithe e.g., athrú ar an gcineál seirbhíse, aon táthcheangal nó cumasc a bheartaítear, modhnuithe scairchaipitil, athruithe ó thaobh scairshealbhóirí de, etc.
2.3. Clár comhardaithe réamh-mheasta, le cuntas brabúis agus caillteanais, don bhliain airgeadais reatha, lena n-áirítear gach athrú ar struchtúr nó ar ghníomhaíochtaí a bheartaítear agus a mbeadh tionchar suntasach aige ar airgeadas.
2.4. Figiúirí a bhí ann agus figiúirí réamh-mheasta caiteachais agus ioncaim ar nithe amhail breosla, táillí agus rátaí, tuarastail, cothabháil, dímheas, luaineachtaí sa ráta malairte, muirir aerfoirt, muirir aerloingseoireachta, costais láimhseála ar an talamh, árachas etc. Réamhaisnéisí tráchta/ioncaim.
2.5. Ráitis sreafa airgid agus pleananna leachtachta don bhliain dar gcionn, lena n-áirítear gach athrú ar struchtúr nó ar ghníomhaíochtaí a bheartaítear agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar airgeadas.
2.6. Mionsonraí maidir le maoiniú chun aerárthaí a cheannach/léasú, lena n-áirítear, i gcás léasaithe, téarmaí agus coinníollacha an chonartha.
3. Faisnéis a sholáthrófar d'fhonn measúnú a dhéanamh ar fholláine leanúnach airgeadais sealbhóirí ceadúnais atá ann cheana
3.1. Cuntais iniúchta tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis lá deireanach na bliana airgeadais lena mbaineann, mura bhforáiltear dá mhalairt sa dlí náisiúnta agus, más gá, an clár comhardaithe bainistíochta inmheánaí is deireanaí.
3.2. Clár comhardaithe réamh-mheasta, lena n-áirítear cuntas brabúis agus caillteanais, don bhliain dar gcionn.
3.3. Figiúirí a bhí ann agus figiúirí réamh-mheasta caiteachais agus ioncaim ar nithe amhail breosla, táillí agus rátaí, tuarastail, cothabháil, dímheas, luaineachtaí sa ráta malairte, muirir aerfoirt, muirir aerloingseoireachta, costais láimhseála ar an talamh, árachas etc. Réamhaisnéisí tráchta/ioncaim.
3.4. Ráitis sreafa airgid agus pleananna leachtachta don bhliain dar gcionn.
IARSCRÍBHINN II
TÁBLA COMHGHAOIL
(Dá dtagraítear in Airteagal 27)
Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1 |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 3(3) |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(2) |
an dara fomhír d’Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(3) |
an chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) |
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4 |
Airteagal 4(2) |
Airteagal 4(f) |
Airteagal 4(3) |
— |
Airteagal 4(4) |
Airteagal 4(f) |
Airteagal 4(5) |
an dara fomhír d’Airteagal 8(1) |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 5(2) |
Airteagal 5(2) |
Airteagal 5(3) |
Airteagal 8(5) |
Airteagal 5(4) |
Airteagal 8(6) |
Airteagal 5(5) |
Airteagal 9(1) |
Airteagal 5(6) |
Airteagal 8(4) |
Airteagal 5(7) |
Airteagal 5(3) agus Airteagal 8(8) |
Airteagal 6 |
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
Airteagal 11 |
Airteagal 8(1) |
Airteagal 4(c) |
Airteagal 8(2) |
Airteagal 12(1) |
Airteagal 8(3) |
Airteagal 13(2) agus (3) |
Airteagal 8(4) |
Airteagal 12(2) |
Airteagal 9 |
Airteagal 6 |
Airteagal 10(1) |
Airteagal 13(2) agus (3) |
Airteagal 10(2) |
Airteagal 13(2) agus (3) |
Airteagal 11(1) |
Airteagal 8(1) |
Airteagal 11(2) |
Airteagal 8(3) |
Airteagal 11(3) |
Airteagal 8(7) |
Airteagal 12 |
Airteagail 9(2) go (6) |
Airteagal 13(1) |
Airteagal 10(2) |
Airteagal 13(2) |
Airteagal 10(1) |
Airteagal 13(3) |
— |
Airteagal 13(4) |
Airteagal 10(3) |
Airteagal 14 |
— |
Airteagal 15 |
— |
Airteagal 16 |
— |
Airteagal 17 |
— |
Airteagal 18(1) |
Airteagal 26(1) |
Airteagal 18(2) |
Airteagal 26(3) |
Airteagal 19 |
— |
IARSCRÍBHINN |
IARSCRÍBHINN I |
Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1 |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(3) |
— |
Airteagal 1(4) |
— |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 3(1) |
Airteagal 15(1) agus (2) |
Airteagal 3(2) |
— |
Airteagal 3(3) |
— |
Airteagal 3(4) |
— |
Airteagal 4(1)(a) |
Airteagal 16(1) |
Airteagal 4(1)(b) |
Airteagal 16(3) |
Airteagal 4(1)(c) |
Airteagal 16(2) |
Airteagal 4(1)(d) |
Airteagal 16(9) |
— |
Airteagal 17(1) |
— |
Airteagal 17(2) |
— |
Airteagal 17(4) |
— |
Airteagal 17(5) |
— |
Airteagal 17(6) |
Airteagal 4(1)(e) |
Airteagal 17(3) |
Airteagal 4(1)(f) |
Airteagal 17(7) |
Airteagal 4(1)(g) |
— |
Airteagal 4(1)(h) |
Airteagal 17(8) |
— |
Airteagal 17(9) |
— |
Airteagal 17(10) |
Airteagal 4(1)(i) |
Airteagal 18(1) |
Airteagal 4(1)(j) |
Airteagal 16(7) |
Airteagal 4(1)(k) |
— |
Airteagal 4(2) |
— |
Airteagal 4(3) |
Airteagal 18(2) |
Airteagal 4(4) |
— |
Airteagal 5 |
— |
Airteagal 6(1) agus (2) |
— |
Airteagal 7 |
Airteagal 15(4) agus (5) |
Airteagal 8(1) |
Airteagal 19(2) |
Airteagal 8(2) |
Airteagal 19(1) |
Airteagal 8(3) |
Airteagal 19(3) |
Airteagal 8(4) |
— |
Airteagal 8(5) |
— |
Airteagal 9(1) |
Airteagal 20(1) |
Airteagal 9(2) |
Airteagal 20(1) |
Airteagal 9(3) |
Airteagal 20(2) |
Airteagal 9(4) |
Airteagal 20(3) |
Airteagal 9(5) |
Airteagal 22(1) |
Airteagal 9(6) |
Airteagal 22(2) |
Airteagal 9(7) |
— |
Airteagal 9(8) |
— |
Airteagal 10 |
— |
Airteagal 11 |
Airteagal 25 |
Airteagal 12(1) |
Airteagal 26(2) |
Airteagal 12(2) |
— |
Airteagal 13 |
— |
Airteagal 14(1) |
Airteagal 26(1) |
Airteagal 14(2) |
Airteagal 26(3) |
Airteagal 15 |
— |
Airteagal 16 |
— |
IARSCRÍBHINN I |
— |
IARSCRÍBHINN II |
— |
IARSCRÍBHINN III |
— |
— |
IARSCRÍBHINN II |
Rialachán (CEE) Uimh. 2409/92 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1 |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 21(1) |
Airteagal 1(3) |
— |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 3 |
— |
Airteagal 4 |
Airteagal 23 |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 22 |
Airteagal 5(2) |
— |
Airteagal 5(3) |
— |
Airteagal 5(4) |
— |
Airteagal 6 |
— |
Airteagal 7 |
— |
Airteagal 8 |
— |
Airteagal 9 |
— |
Airteagal 10(1) |
Airteagal 26(1) |
Airteagal 10(2) |
Airteagal 26(3) |
Airteagal 11 |
— |
Airteagal 12 |
— |
— |
Airteagal 27 |
— |
Airteagal 28 |
( 1 ) ►C2 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1). ◄
( 2 ) Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).