This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2026P0004
Action brought on 22 March 2026 by Fitness Group Nordic AS against the EFTA Surveillance Authority (Case E-4/26)
Caingean arna thionscnamh ag Fitness Group Nordic AS i gcoinne Údarás Faireacháin CSTE an 22 Márta 2026 (Cás E-4/26)
Caingean arna thionscnamh ag Fitness Group Nordic AS i gcoinne Údarás Faireacháin CSTE an 22 Márta 2026 (Cás E-4/26)
IO C, C/2026/2627, 7.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2627/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2627 |
7.5.2026 |
Caingean arna thionscnamh ag Fitness Group Nordic AS i gcoinne Údarás Faireacháin CSTE an 22 Márta 2026
(Cás E-4/26)
(C/2026/2627)
Thug Fitness Group Nordic AS, Karenslyst Allé 50, 0278 Osló, an Iorua caingean i gcoinne Údarás Faireacháin CSTE os comhair Chúirt CSTE an 22 Márta 2026 agus ionadaíocht á déanamh dó ag an abhcóide Svein Terje Tveit agus ag an abhcóide Håvard Ormberg, Advokatfirmaet Thommessen AS, Osló, an Iorua.
Iarrann Fitness Group Nordic AS ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(1) |
Cinneadh Uimh. 156/25/COL an 1 Deireadh Fómhair 2025 ó Údarás Faireacháin CSTE maidir le cabhair ad hoc do Drøbak Frogn Idrettsarena KF a neamhniú. |
|
(2) |
Ordú a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE costais na n-imeachtaí a íoc. |
An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a thugtar ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
— |
Is cuideachta theoranta Ioruach é an t-iarratasóir, Fitness Group Nordic AS a oibríonn grúpa ionad aclaíochta faoin ainm EVO ar fud na hIorua agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch. Oibríonn sé ionad aclaíochta in Drøbak freisin, díreach in aice leis an Bølgen Fitness a oibríonn an chuideachta bhardasach Drøbak Frogn Idrettsarena KF (‘DFI’). |
|
— |
De réir an iarratais, is ‘páirtí leasmhar’ é Fitness Group Nordic AS de réir bhrí Airteagal 1(h) de Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú. |
|
— |
Iarrann an t-iarratasóir go neamhneofar Cinneadh Uimh. 156/25/COL an 1 Deireadh Fómhair 2025 (an ‘cinneadh is ábhar agóide’) ó Údarás Faireacháin CSTE. Leis an gcinneadh is ábhar agóide, fuair Údarás Faireacháin CSTE gur státchabhair arna deonú go neamhdhleathach de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE a bhí sa chabhair ad hoc a dheonaigh bardas Frogn do DFI chun caillteanais ionad aclaíochta DFI (an Bølgen Fitness) le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, arbh fhiú NOK 6,12 milliún (thart ar EUR 520 000) iad, a dhíol. Dá ainneoin sin, chinn Údarás Faireacháin CSTE go raibh an chabhair comhoiriúnach d’fheidhmiú Chomhaontú LEE de bhun Airteagal 61(3)(b) LEE mar bheart chun suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar arb í paindéim COVID-19 ba chúis leis a leigheas. Gan tús a chur leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil faoi Airteagal 4(4) de Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú, chinn Údarás Faireacháin CSTE gan agóid a dhéanamh faoi Airteagal 4(3) de. |
|
— |
Iarrann an t-iarratasóir go neamhneofar an cinneadh is ábhar agóide ar na pléadálacha seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2627/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)