Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2025J0019

Breithiúnas na Cúirte an 11 Márta 2026 i gCás E-19/25 — Údarás Faireacháin CSTE v Ríocht na hIorua (Mainneachtain Stáit de chuid CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh – Mainneachtain cur chun feidhme – Treoir (AE) 2016/1148 – Cibearshlándáil córas gréasán agus faisnéise – Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise)

IO C, C/2026/3322, 18.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3322/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3322/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3322

18.6.2026

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE

an 11 Márta 2026

i gCás E-19/25

Údarás Faireacháin CSTE v Ríocht na hIorua

(Mainneachtain Stáit de chuid CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh – Mainneachtain cur chun feidhme – Treoir (AE) 2016/1148 – Cibearshlándáil córas gréasán agus faisnéise – Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise)

(C/2026/3322)

I gCás E-19/25, Údarás Faireacháin CSTE v Ríocht na hIorua – IARRATAS ar dhearbhú nár chomhlíon an Iorua a hoibleagáidí faoin ngníomh dá dtagraítear i bpointe 5cpa d’Iarscríbhinn XI agus pointe 47 de Phrótacal 37 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard comhchoiteann slándála na gcóras gréasáin agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nár ghlac sí na bearta is gá chun an gníomh a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama fhorordaithe, nó in aon chás, toisc nár chuir sí Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi sin, thug an Chúirt, a bhí comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán (Breitheamh is Rapóirtéir), Bernd Hammermann agus Michael Reiertsen, Breithiúna, breithiúnas an 11 Márta 2026, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:

Déanann an Chúirt, leis seo:

(1)

A dhearbhú nár chomhlíon an Iorua a hoibleagáidí faoin ngníomh dá dtagraítear i bpointe 5cpa d’Iarscríbhinn XI agus pointe 47 de Phrótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE (Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard comhchoiteann slándála na gcóras gréasáin agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, agus faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nár ghlac sí na bearta is gá chun an gníomh a chur chun feidhme laistigh den ama tréimhse fhorordaithe.

(2)

Ordú a thabhairt don Iorua costais na n-imeachtaí a iompar.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3322/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top