This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2023P0016
Action brought on 20 December 2023 by the EFTA Surveillance Authority against Norway (Case E-16/23)
Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 ag Údarás Faireacháin CSTE in aghaidh na hIorua (Cás E-16/23)
Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 ag Údarás Faireacháin CSTE in aghaidh na hIorua (Cás E-16/23)
IO C, C/2024/1897, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1897/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1897 |
29.2.2024 |
Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2023 ag Údarás Faireacháin CSTE in aghaidh na hIorua
(Cás E-16/23)
(C/2024/1897)
Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean in aghaidh na hIorua os comhair Chúirt CSTE an 20 Nollaig 2023, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Marte Brathovde, Erlend Møinichen Leonhardsen, Hildur Hjörvar agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue des Arts 19H, B-1000 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.
Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
A dhearbhú nár chomhlíon an Iorua a cuid oibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 7(1)(b) de Threoir 2004/38/CE, mar a léirmhínítear é i bhfianaise an chirt bhunúsaigh ar shaol an teaghlaigh, toisc gur choinnigh sí Alt 112(1)(c) den Acht Inimirce mar aon leis an treoirlíne ábhartha i bhfeidhm, treoirlíne atá léirmhínithe agus curtha i bhfeidhm ar bhealach nach féidir le leanaí ar náisiúnaigh LEE iad agus a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu trína bpríomhchúramóirí, tairbhiú den cheart cónaithe de bhun Airteagal 7(1)(b) de Threoir 2004/38/CE agus a bpríomhchúramóirí a bheith in éineacht leo. |
|
2. |
Ordú a thabhairt don Iorua costais na n-imeachtaí sin a iompar. |
An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a thugtar ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
— |
Leis an Iarratas seo, iarrann Údarás Faireacháin CSTE (an tÚdarás) ar an gCúirt a dhearbhú nár chomhlíon an Iorua a cuid oibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 7(1)(b) de Threoir 2004/38/CE, mar a léirmhínítear é i bhfianaise an chirt bhunúsaigh ar shaol an teaghlaigh, toisc gur choinnigh sí Alt 112(1)(c) den Acht Inimirce mar aon leis an treoirlíne ábhartha i bhfeidhm, treoirlíne atá léirmhínithe agus curtha i bhfeidhm ar bhealach nach féidir le leanaí ar náisiúnaigh LEE iad agus a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu trína bpríomhchúramóirí, tairbhiú den cheart cónaithe de bhun Airteagal 7(1)(b) de Threoir 2004/38/CE (an Treoir) agus a bpríomhchúramóirí a bheith in éineacht leo. |
|
— |
I litir dar dáta an 9 Nollaig 2019, chuir an tÚdarás in iúl do Rialtas na hIorua gur chuir sé tús le cás gearáin in aghaidh na hIorua maidir le cearta cónaithe leanaí a aithint faoi dhlí LEE san Iorua. Cuireadh tús leis an gcás tar éis gearán dar dáta an 15 Samhain 2019 a rinneadh leis an Údarás. Tá an tÚdarás agus Rialtas na hIorua tar éis dul i mbun idirphlé leathan ar an ábhar ó shin. |
|
— |
An 30 Meán Fómhair 2020, d’eisigh an tÚdarás litir fógra fhoirmiúil chuig an Iorua inar tháinig sé ar an gconclúid nár chomhlíon an Iorua a cuid oibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 7(1)(b) agus Airteagal 12(3) de Threoir 2004/38/CE, mar a léirmhínítear iad i bhfianaise an chirt bhunúsaigh ar shaol an teaghlaigh agus phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, toisc gur choinnigh sí forálacha dlíthiúla amhail Alt 112(1)(c), Alt 113(3) agus Alt 114(3) den Acht Inimirce mar aon leis na ciorcláin ábhartha i bhfeidhm, ciorcláin atá léirmhínithe agus curtha i bhfeidhm ar bhealach nach féidir le leanaí ar náisiúnaigh LEE iad agus a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu trína bpríomhchúramóirí, tairbhiú den cheart cónaithe de bhun Airteagal 7(1)(b) den Treoir agus nach féidir le leasleanaí náisiúnaigh LEE ceart cónaithe a choinneáil faoi Airteagal 12(3) den Treoir. |
|
— |
I litir dar dáta an 30 Samhain 2020, thug Rialtas na hIorua freagra, ag meabhrú dó, inter alia, tuairim an Bhoird um Achomhairc Inimirce go bhfuil difríochtaí idir dlí an Aontais agus dlí LEE a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht agus cearta cónaithe leanaí ar náisiúnaigh LEE iad. |
|
— |
An 7 Iúil 2021, thug an tÚdarás tuairim réasúnaithe uaidh chuig an Iorua, agus a thuairimí a cuireadh ar aghaidh sa litir fógra fhoirmiúil á choinneáil ar bun aige. Chuir an tÚdarás de cheangal ar an Iorua na bearta is gá a dhéanamh chun an tuairim réasúnaithe a chomhlíonadh faoin 7 Deireadh Fómhair 2021 (an Spriocdháta um Chomhlíonadh). |
|
— |
Thug Rialtas na hIorua freagra i litir dar dáta an 6 Deireadh Fómhair 2021, á áitiú, maidir le náisiúnach tríú tír ar tuismitheoir mionaoisigh é agus a bhfuil saoránacht an Aontais ag an mionaoiseach sin, nach féidir leis an tuismitheoir sin ceart cónaithe díorthaithe a éileamh bunaithe ar an Treoir amháin, toisc nach dtagann na daoine sin faoi raon feidhme pearsanta Airteagal 2(2) den Treoir. D’áitigh an Iorua nach bhféadfar an ceart sin a dhíorthú ach ó Airteagal 21 CFAE i gcomhar leis an Treoir. Dá bhrí sin, tháinig Rialtas na hIorua ar an gconclúid, in éagmais foráil atá coibhéiseach le hAirteagal 21 CFAE a bheith i gComhaontú LEE, nach bhfuil sé cinnte an bhféadfaidh náisiúnach tríú tír ar tuismitheoir é cearta cónaithe a dhíorthú bunaithe ar an Treoir agus ar Airteagal 7(2) di. |
|
— |
Ina freagra ar an tuairim réasúnaithe, chuir an Iorua in iúl don Údarás freisin gur glacadh Ciorclán AI-5/2021 an 6 Meán Fómhair 2021, ciorclán lena dtugtar treoir don Stiúrthóireacht um Inimirce a aithint go dtagann leasleanaí náisiúnaigh LEE faoi raon feidhme Airteagal 12(3) den Treoir. Tar éis na n-athruithe sin, mheas an tÚdarás nach raibh sárú ar Airteagal 12(3) den Treoir ann a thuilleadh. |
|
— |
Deir an tÚdarás nár thug Rialtas na hIorua aitheantas fós, tráth an Spriocdháta um Chomhlíonadh, don cheart cónaithe uathrialach atá ag leanaí faoi dhlí LEE agus dá gceart a bheith in éineacht lena bpríomhchúramóirí de bhun Airteagal 7(1)(b) den Treoir, agus, dá bhrí sin, cuireann sé an t-iarratas seo faoi bhráid na Cúirte. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1897/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)