Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2022P0012

    Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Verwaltungsgerichtshof des Fürstentums Liechtenstein dar dáta an 26 Meán Fómhair 2022 i gcás Maximilian Maier (Cás E-12/22) 2023/C 49/06

    PUB/2022/1401

    IO C 49, 9.2.2023, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 49/7


    Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Verwaltungsgerichtshof des Fürstentums Liechtenstein dar dáta an 26 Meán Fómhair 2022 i gcás Maximilian Maier

    (Cás E-12/22)

    (2023/C 49/06)

    An 30 Meán Fómhair 2022 fuair Clárlann na Cúirte iarraidh dar dáta 26 Meán Fómhair 2022 a rinne Verwaltungsgerichtshof des Fürstentums Liechtenstein (Cúirt Riaracháin Phrionsacht Lichtinstéin), ar iarraidh í ar Thuairim Chomhairleach a fháil ó Chúirt CSTE i gcás Maximilian Maier maidir leis an gceist seo a leanas:

    Maidir le foráil náisiúnta, ar dá réir a bhfágtar, i ndáil le dlíodóir a chleachtann a ghairm de ghnáth i mBallstát seachas an ceann inar bhain sé amach a cháilíocht, nach n-údaraítear an dlíodóir sin le bheith ceaptha ina dhlíodóir saorchúnaimh, ina abhcóide cosanta saorchúnaimh nó ina chosantóir poiblí, an bhfuil an fhoráil sin comhoiriúnach le Treoir 98/5/CE (1)?


    (1)  IO L 77, 14.3.1998, lch. 1..


    Top