Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2022C0204

    Údarás Faireacháin CSTE Cinneadh Tarmligthe Uimh. 204/22/COL an 16 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 196/22/COL maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna d’fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 [2022/2511]

    IO L 325, 20.12.2022, p. 206–209 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 16/12/2022

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2022/2511/oj

    20.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 325/206


    ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE CINNEADH TARMLIGTHE Uimh. 204/22/COL

    an 16 Samhain 2022

    lena leasaítear Cinneadh Uimh. 196/22/COL maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna d’fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 [2022/2511]

    TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE,

    Ag féachaint don Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú, go háirithe Airteagail 1(2) agus 3 de Phrótacal 1 de,

    Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear i bPointe 13. de Chuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Rialachán (AE) 2016/429”), (1) arna leasú agus arna n-oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe Airteagail 257(1), 258(1), (2) agus (3) agus 259(1)(c) de,

    Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear i bPointe 13e. de Chuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (“Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687”), (2) arna leasú agus arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe Airteagail 21, 39 agus 55 de,

    Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear i bPointe 13a. de Chuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe maidir le galair a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas lena mbaineann riosca suntasach maidir leis na galair liostaithe sin a leathadh (“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882”), (3) arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe in Airteagail 1 agus 2 de agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis,

    arna oiriúnú do Chomhaontú LEE le pointe 4(d) de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE.

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil ardphataigineach (“HPAI”) in éin agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”). Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoinnítear éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.

    Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón 21 Aibreán 2021.

    Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagraítear do HPAI in Airteagal 9(1)(a)(i) de Rialachán (AE) 2016/429 mar ghalar liostaithe atá faoi réir na rialacha maidir le galar a chosc agus a rialú, rialacha a leagtar síos ann. San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 liostaítear HPAI mar ghalar i gcatagóir A, D agus E mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán sin.

    Le hAirteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear ar Údarás Faireacháin CSTE (“an tÚdarás”) athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta éigeandála arna nglacadh ag údaráis inniúla na hIorua de bhun Airteagal 257(1)(a) nó 258 den Rialachán céanna i gcás ráig de ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), lena n-áirítear HPAI (“bearta na hIorua”). Le hAirteagal 259(1)(c), ceanglaítear ar an Údarás, i gcás ina measfaidh sé gur gá, d’fhonn cur isteach gan údar maith ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí a sheachaint, na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 257(1) lena bhformheasfar bearta na Iorua a ghlacadh.

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le rialú ghalair chatagóir A, chatagóir B agus chatagóir C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. Déantar foráil in Airteagal 21 den Rialachán sin maidir le criosanna cosanta agus faireachais a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear HPAI. Cuirtear an réigiúnú sin i bhfeidhm go háirithe chun stádas sláinte na n-éan a chaomhnú sa chuid eile de chríoch na hIorua trí chosc a chur ar thabhairt isteach an oibreáin phataiginigh agus trí luathbhrath an ghalair a áirithiú.

    An 26 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an tÚdarás Cinneadh 196/22/COL a bhaineann le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráig de HPAI. Thug an Iorua fógra faoi ráig dheimhnithe de HPAI i ngabháltas tuairim is 7 000 éan a bhí ag breith uibheacha goir ar a críoch an 22 Deireadh Fómhair 2022. (4)

    An 12 Samhain 2022, thug an Iorua fógra faoi ráig dheimhnithe nua de HPAI ar a críoch i ngabháltas tuairim is 7 500 béaróg (“an dara ráig de HPAI”). (5) Fuarthas nuashonrú ar an bhfógra an 15 Samhain 2022. (6) Tá na bearta rialaithe galar is gá déanta ag údaráis inniúla na hIorua i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear criosanna cosanta agus faireachais a bhunú mórthimpeall an dara ráig sin.

    D’fhonn aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil laistigh de LEE a chosc, is gá tuairisc ghasta a dhéanamh ar na criosanna cosanta agus faireachais a bhunaigh an Iorua i ndáil leis an dá ráig HPAI.

    Dá réir sin, na criosanna cosanta agus faireachais a bhaineann le HPAI san Iorua, i gcás ina gcuirtear na bearta rialaithe galar mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i bhfeidhm, liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo lena bhformheastar bearta na hIorua de bhun Airteagal 259(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ré an réigiúnaithe sin a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

    Tá scrúdú déanta ag an Údarás ar na bearta rialaithe galar i gcomhar leis an Iorua, agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais, a bhunaigh údaráis inniúla na hIorua, sách fada amach ó aon ghabháltas ina bhfuil ráig de HPAI deimhnithe.

    Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 196/22/COL ón Údarás, ba cheart iad a leasú.

    An 15 Samhain 2022, chuir an tÚdarás, trína Chinneadh Tarmligthe Uimh. 203/22/COL (Doiciméad Uimh. 1327635), an dréacht-Chinneadh faoi bhráid Choiste Tréidliachta agus Fíteasláintíochta CSTE (“Coiste CSTE”) i gcomhréir le hAirteagail 259(1) agus 266(2) de Rialachán (AE) 2016/429. An 16 Samhain 2022, thug Coiste CSTE tuairim dhearfach uaidh maidir leis an dréacht-Chinneadh. Dá réir sin, tá an dréacht-Chinneadh i gcomhréir le tuairim an Choiste.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Uimh. 196/22/COL ón Údarás.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a shínithe.

    Airteagal 3

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an dáta is déanaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, ar dáta é ar a scoirfidh bearta rialaithe galar in aon cheann de na criosanna cosanta nó faireachais de bheith infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 39 nó le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, de réir mar is ábhartha.

    Airteagal 4

    Is chuig an Iorua a dhírítear an Cinneadh seo.

    Airteagal 5

    Is i mBéarla a bheidh an Cinneadh seo barántúil.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Samhain 2022.

    Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE, ag gníomhú dó faoi Chinneadh Tarmligthe Uimh. 130/20/COL,

    Árni Páll ÁRNASON

    An Comhalta den Choláiste atá Freagrach

    Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

    Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

    Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


    (1)  Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.

    (2)  Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Chomhchoiste LEE an 5 Feabhra 2021.

    (3)  Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.

    (4)  Doiciméad Uimh. 1322915.

    (5)  Doiciméad Uimh. 1327550.

    (6)  Doiciméad Uimh. 1328618.


    IARSCRÍBHINN

    Cuid A

    Na criosanna cosanta san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2

    Limistéar arb é atá ann:

    An dáta a mbeidh sé infheidhme go dtí é, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

    Arna glacadh le Cinneadh Údarás Faireacháin CSTE Uimhir:

    Na codanna de na bardais Klepp, Sandnes agus Sola i gcontae Rogaland atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.80459 E: 5.61203

    12.11.2022

    196/22/COL

    Na codanna de bhardas Sola i gcontae Rogaland atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.90047 E: 5.57987

    7.12.2022

    204/22/COL

    Cuid B

    Na criosanna faireachais san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 3

    Limistéar arb é atá ann:

    An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687

    Arna glacadh le Cinneadh Údarás Faireacháin CSTE Uimhir

    Na codanna de na bardais Klepp, Sandnes, Sola agus Time i gContae Rogaland, lasmuigh den limistéar ar a bhfuil tuairisc sa chrios cosanta agus laistigh de gha 10 gciliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.80459 E: 5.61203

    22.11.2022

    196/22/COL

    Na codanna de na bardais Klepp, Sandnes agus Sola i gcontae Rogaland atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.80459 E: 5.61203

    Ó 12.11.2022 go dtí 22.11.2022

    196/22/COL

    Na codanna de na bardais Randaberg, Stavanger, Klepp, Sandnes agus Sola i gContae Rogaland, lasmuigh den limistéar ar a bhfuil tuairisc sa chrios cosanta agus laistigh de gha 10 gciliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.90047 E: 5.57987

    16.12.2022

    204/22/COL

    Na codanna de bhardas Sola i gcontae Rogaland atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS Thuaidh: 58.90047 E: 5.57987

    Ón 8.12.2022 go dtí an 16.12.2022

    204/22/COL


    Top