EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2023/101/07

Glaonna ar thograí agus gníomhaíochtaí gaolmhara faoin ghlár oibre 2023-2025 lena gcuirtear chun feidhme clár taighde agus oiliúna Euratom (2021-2025) 2023/C 101/07

PUB/2023/311

IO C 101, 17.3.2023, p. 50–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 101/50


Glaonna ar thograí agus gníomhaíochtaí gaolmhara faoin ghlár oibre 2023-2025 lena gcuirtear chun feidhme clár taighde agus oiliúna Euratom (2021-2025)

(2023/C 101/07)

Tugtar fógra leis seo faoi sheoladh gníomhaíochtaí faoin gclár oibre 2023-2025 lena gcuirtear chun feidhme clár taighde agus oiliúna Euratom (2021-2025).

Ghlac an Coimisiún an clár oibre thuasluaite le Cinneadh C(2023) 1650 an 16 Márta 2023.

Tá na gníomhaíochtaí faoi réir infhaighteacht na leithreasuithe dá bhforáiltear i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh 2023, 2024 agus 2025, tar éis don údarás buiséadach buiséad 2024 agus 2025 a ghlacadh nó mar a fhoráiltear i gcóras na ndóú codanna déag sealadacha. Forchoimeádann an Coimisiún a cheart chun na gníomhaíochtaí a chealú nó ceartúchán a dhéanamh orthu.

Fógrófar deimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha sin ar shuíomh gréasáin Thairseach Maoinithe agus Tairiscintí an Choimisiúin Eorpaigh (https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/programmes/euratom2027).

Tá an clár oibre sin, na sprioc-amanna agus buiséid le haghaidh na ngníomhaíochtaí san áireamh, le fail tríd an Tairseach Maoinithe agus Tairiscintí thuasluaite mar aon le heolas ar mhódúlachtaí na ngníomhaíochtaí, agus treoir d’iarratasóirí maidir le conas tograí a chur isteach. Déanfar an fhaisnéis sin ar fad a nuashonrú de réir mar is gá ar an Tairseach Maoinithe agus Tairiscintí céanna.


Top