Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2022/484/20

    Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2022/C 484/20

    PUB/2022/1472

    IO C 484, 20.12.2022, p. 38–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 484/38


    Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

    (2022/C 484/20)

    Image 1

    Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFionlainn

    Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

    Tír is eisitheoir: an Fhionlainn

    Ábhar an chomórtha: 100 bliain de Bhailé Náisiúnta na Fionlainne

    Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh gluaiseachtaí cumhachtacha agus saora damhsóra atá cumhdaithe i dteicstíl éadrom scuabach a chuireann le háilleacht agus le grástúlacht staidiúir an damhsóra. Ina theannta sin, tá bliain na heisiúna “2022” air agus tá an tásc maidir leis an tír eisiúna “FI” agus an marc mionta ag an mbarr.

    Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

    Líon measta na mbonn atá le heisiúint:400 000

    Dáta eisiúna: Earrach 2022


    (1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

    (2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


    Top