Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2022/325A/01

Glao ar léiriú spéise maidir le feidhm Chathaoirleach Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí — COM/2022/20088

IO C 325A, 29.8.2022, pp. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 325/1


Glao ar léiriú spéise maidir le feidhm Chathaoirleach Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí

COM/2022/20088

(2022/C 325 A/01)

 

Cé sinn féin?

Gníomhaireacht neamhspleách de chuid an Aontais is ea an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (dá ngairtear “an CPVO” nó “an Oifig” anseo feasta) agus bunaíodh é le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (1). Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh is ea CPVO a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici agus atá freagrach as córas ceart an Chomhphobail maidir le cineálacha plandaí. Tugann an córas sin cosaint in éineacht le ceart maoine intleachtúla le haghaidh cineálacha nua plandaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is é misean CPVO córas éifeachtach maidir le Cearta Maoine Intleachtúla a sheachadadh agus a chur chun cinn, córas a thacaíonn le cineálacha nua plandaí a chruthú ar mhaithe leis an tsochaí.

Tá an Oifig lonnaithe in Angers sa Fhrainc. Tá thart ar 50 ball foirne agus buiséad de thart ar EUR 20 milliún in aghaidh na bliana aige, agus maoinítear go príomha í le fáltais na dtáillí éagsúla a thoibhíonn sí.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar shuíomh gréasáin CPVO: https://cpvo.europa.eu

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 thuasluaite go mbunófar Bord Achomhairc amháin nó níos mó laistigh den Oifig. Bunaítear Bord Achomhairc le Rialachán (CE) Uimh. 874/2009 ón gCoimisiún (2) agus tá sé freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le hachomhairc i gcoinne chinntí na hOifige a bhaineann, inter alia, le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí a dheonú nó a dhiúltú, agóidí in aghaidh cearta a dheonú, cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí a neamhniú nó a chealú nó ceadúnais éigeantacha a dheonú nó a dhiúltú.

Tá an Bord Achomhairc comhdhéanta de Chathaoirleach, beirt chomhaltaí eile, agus a gcomhaltaí malartacha faoi seach. I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé glaoch ar bheirt chomhaltaí eile.

Tá tuilleadh eolais faoin mBord Achomhairc le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO: https://cpvo.europa.eu/en/about-us/law-and-practice/board-appeal

An tairiscint

Tá Cathaoirleach do Bhord Achomhairc na hOifige á lorg ag CPVO.

Déanfaidh an Cathaoirleach an méid seo a leanas:

roghnóidh sé na comhaltaí eile den Bhord Achomhairc agus a malartaigh faoi seach le haghaidh gach cáis ó liosta de chomhaltaí cáilithe arna bhunú ag Comhairle Riaracháin na hOifige,

beidh sé i gceannas ar Bhord Achomhairc na hOifige agus feidhmeoidh sé na cumhachtaí a dhílsítear don Chathaoirleach le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94,

déanfaidh sé ionadaíocht do CPVO agus glacfaidh sé páirt sa líonra imeachtaí Idirghníomhaireachta (“IAAPN”) chun comhar, comhordú, comhroinnt eolais agus dea-chleachtas maidir le himeachtaí achomhairc agus saincheisteanna leasa choitinn a chur chun cinn i measc Ghníomhaireachtaí an Aontais ina bhfuil Bord Achomhairc nó comhlacht coibhéiseach curtha ar bun.

Beidh Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc neamhspleách. Agus a chinneadh á dhéanamh aige, ní bheidh sé faoi cheangal ag aon treoracha.

Mura mbeidh an Cathaoirleach i láthair, is é an Cathaoirleach Malartach a dhéanfaidh cúraimí an Chathaoirligh.

Ceanglais

Ní mór don iarrthóir a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Ní bheidh aon dualgas eile ar an iarrthóir san Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí.

Ní mór don iarrthóir eolas cuimsitheach a bheith aige ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (3) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin.

Ní mór don iarrthóir an méid seo a leanas a bheith aige freisin:

Céim ollscoile sa dlí, céim mháistreachta más féidir i réimse an dlí maidir le maoin intleachtúil agus/nó cineálacha plandaí.

Taithí oibre iarchéime 10 mbliana ar a laghad (4) i réimse na maoine intleachtúla, na gceart maidir le cineálacha plandaí nó cláraithe cineálacha plandaí.

Bheadh taithí bhreithiúnach nó taithí ghaolmhar i réimse na maoine intleachtúla ina buntáiste, mar aon le taithí riaracháin agus bhainistíochta a fuarthas más féidir i seirbhís phoiblí Ballstáit nó in eagraíocht idir-rialtasach.

Ní mór na ceanglais thuas a chomhlíonadh faoin sprioc-am le haghaidh iarratas:

Roghnú agus ceapadh

Beidh feidhm ag téarma oifige reatha Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc go dtí an 18 Feabhra 2023. Faoi théarmaí Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinntí maidir le ceapadh an Chathaoirligh ar bhonn liosta iarrthóirí, ar liosta é a mholfaidh an Coimisiún Eorpach tar éis dó tuairim a fháil ó Chomhairle Riaracháin na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí.

Is é is cuspóir don ghlao seo ar léiriú spéise é a chur ar a chumas don Choimisiún Eorpach gearrliosta iarrthóirí a tharraingt suas i ndáil le feidhm Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc, agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle é. Ní hionann iarrthóir a bheith ar an liosta agus ráthaíocht a bheith aige go gceapfar é.

Bunóidh an Coimisiún Eorpach painéal roghnúcháin a thabharfaidh cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí a bhfuil an phróifíl is fearr acu i ndáil le riachtanais shonracha an phoist, agus roghnófar iad ar bhonn a bhfiúntas agus na gcritéar atá leagtha amach thuas. Tar éis na n-agallamh sin, glacfaidh an Coimisiún Eorpach liosta iarrthóirí a chuirfear faoi bhráid Chomhairle Riaracháin na hOifige chun a tuairim a fháil, agus déanfar sin sula gcuirfear chuig an gComhairle é. Féadfar glaoch ar iarrthóirí chun agallamh a dhéanamh leis an gCoimisinéir ábhartha.

Cúig bliana a bheidh sa téarma oifige. Beidh sé inathnuaite i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94.

Comhdheiseanna

Cuireann an Coimisiún Eorpach agus CPVO beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm. Is fostóir comhdheiseanna é CPVO agus glacann sé le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar bhonn gnéis, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, aoise nó gnéaschlaonta, stádas pósta nó stádas teaghlaigh. Tabharfar an deis chéanna do gach iarratasóir ar na nósanna imeachta roghnúcháin a gcuid cumas a léiriú. Is ar an mbonn geografach is leithne is féidir a earcaítear daoine as measc náisiúnaigh Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh.

Coinníollacha fostaíochta

Ní cheanglaítear ar an gCathaoirleach na gníomhaíochtaí gairmiúla atá ar siúl aige faoi láthair a chur ar fionraí, ach ní mór aon ghníomhaíocht den sórt sin a bheith comhoiriúnach do na ceanglais go mbeidh comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách. Níl feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (“na Rialacháin Foirne”) maidir le Cathaoirleach, Cathaoirleach Malartach agus comhaltaí an Bhoird Achomhairc (Airteagail 31 agus 47 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94) nach bhfuil fostaithe cheana féin mar sheirbhísigh de chuid an Aontais Eorpaigh.

Beidh coinne leis go mbeidh an Cathaoirleach ar fáil chun na dualgais sin a chur i gcrích 10 lá in aghaidh na bliana féilire ar a laghad.

Le cinneadh ó Chomhairle Riaracháin CPVO an 19 Meán Fómhair 2019:

A)

Is mar seo a leanas atá luach saothair Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc, ar seirbhíseach de chuid an Aontais Eorpaigh é:

1.

Seirbhísigh an Aontais Eorpaigh atá i seirbhís ghníomhach laistigh d’Institiúid, Gníomhaireacht, Comhlacht nó Údarás de chuid an Aontais agus a cheaptar chun gníomhú ar Bhord Achomhairc CPVO, ní cheadaítear dóibh luach saothair a fháil ó Institiúidí eile de chuid an Aontais, ní cheadaítear dóibh ach aisíocaíocht costas misin a fháil, de réir na Rialachán Foirne. Chuige sin, is iomchuí an socrúchán chun bheith ar Bhord Achomhairc CPVO mar Chathaoirleach a chomhaontú leis an Institiúid nó an Ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh ina n-oibríonn an duine sin cheana.

2.

Féadfaidh CPVO comhaontú ar leibhéal seirbhíse (SLA) nó Meabhrán Tuisceana (MT) a dhéanamh le hInstitiúid nó Gníomhaireacht de chuid an Aontais chun rialáil a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le costais (lena n-áirítear costais mhisin) i ndáil le ball dá foireann a bheith ar Bhord Achomhairc CPVO.

B)

Is mar seo a leanas atá luach saothair Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc nach seirbhíseach de chuid an Aontais Eorpaigh é:

1.

Luach saothair in aghaidh an lae oibre iarbhír (1 lá/8 uair an chloig): 500 (in EUR),

2.

Luach saothair uasta in aghaidh an achomhairc: 7 500 (in EUR).

3.

I dteannta an luacha saothair sin, féadfaidh Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc na nithe seo a leanas a fháil:

a)

Speansais taistil agus mhaireachtála i gcomhréir leis na Rialacha is déanaí maidir le haisíocaíocht saineolaithe a thagann chuig cruinnithe CPVO nó a bhíonn ag taisteal thar ceann CPVO chuig cruinnithe.

b)

Lá oibre breise amháin le haghaidh am taistil chuig Angers agus ó Angers, ar choinníoll go dtarlaíonn an éisteacht ó bhéal agus go bhfuil níos mó ná uair an chloig i gceist leis an am taistil . I gcás cásanna iomadúla arna scrúdú ag an mBord Achomhairc ar feadh lá amháin nó ar feadh roinnt laethanta as a chéile, ní thabharfar ach lá amháin breise le haghaidh an ama taistil.

Ní bheadh feidhm ag pointe 3 i gcásanna ina dtionóltar an éisteacht go fíorúil.

Tionóltar éisteachtaí an Bhoird Achomhairc ag suíomh CPVO in Angers, sa Fhrainc, nó go fíorúil.

Tá an folúntas ann ón 19 Feabhra 2023.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc i mbun a chuid dualgas, beidh air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus aon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas a dhearbhú (5).

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na riachtanais, go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí ghairmiúil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má bhíonn aon cheann de na riachtanais gan chomhlíonadh, eisiafar an t-iarrthóir go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárúchán a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass (6) más féidir é, agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu

Dáta deiridh

Is é an 29 Meán Fómhair 2022, 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le cláruithe déanacha.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, go díreach nó go hindíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar aon duine sin a dhéanamh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.


(1)  IO L 227, 1.9.1994, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 874/2009 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le himeachtaí os comhair na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (IO L 251, 24.9.2009, lch. 3).

(3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01958R0001-20130701

(4)  Ní chuirtear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más caidreamh oibre iarbhír atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar obair cheart a bhfuair an t-iarrthóir pá aisti mar fhostaí (ar aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Is ar bhonn pro rata a dhéanfar gníomhaíochtaí gairmiúla a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh, ar bhonn an chéatadáin dheimhnithe de na huaireanta lánaimseartha a d’oibrigh an t-iarrthóir. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí ghairmiúil, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach uastréimhse 3 bliana amháin atá i gceist sa chás sin, ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse a chomhaireamh ach uair amháin.

(5)  I gcomhréir le Beartas CPVO maidir le coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú a ghlac Comhairle Riaracháin CPVO ag an gcruinniú a tionóladh an 7 Deireadh Fómhair 2021.

(6)  Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/en/create-europass-cv

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top