Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2016/422A/01

Fógra folúntais ECA/2016/20 — Dhá phost mar stiúrthóir — Iniúchóireacht (Feidhmghrúpa AD, grád 14)

IO C 422A, 17.11.2016, p. 1–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.11.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS ECA/2016/20

Dhá phost mar stiúrthóir — Iniúchóireacht

(Feidhmghrúpa AD, grád 14)

 

CÉ SINNE

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a bunaíodh leis an gConradh chun iniúchadh a dhéanamh ar airgeadas AE. Tá sí lonnaithe i Lucsamburg. Mar iniúchóir seachtrach ar AE, cabhraíonn an Chúirt le feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais AE agus gníomhaíonn sí mar chaomhnóir neamhspleách i leith leasanna airgeadais na saoránach.

Agus iniúchadh á dhéanamh aici, féachann an Chúirt ar an dóigh a bhfaightear agus a n-úsáidtear cistí AE. Déanann sí scrúdú ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh idirbhearta airgeadais a thaifeadadh agus a nochtadh i gceart, a chur chun feidhme go rialta agus le dlíthiúlacht chuí, agus a bhainistiú ar bhealach cúramach, éifeachtúil agus éifeachtach. Foilsíonn an Chúirt na torthaí ar a hiniúchtaí i dtuarascálacha atá soiléir, ábhartha agus neodrach. Chomh maith leis sin, cuireann sí tuairimí le chéile ar chúrsaí a bhaineann le bainistíocht airgeadais.

Cuireann an Chúirt cuntasacht agus trédhearcacht níos fearr chun cinn agus cabhraíonn sí le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle faireachán a dhéanamh ar an dóigh a gcuirtear buiséad AE chun feidhme, go háirithe le linn an nós imeachta um tharscaoileadh. Tá rún daingean aici obair go héifeachtúil ar thús cadhnaíochta dul chun cinn ó thaobh iniúchóireachta agus riarachán earnála poiblí de.

Tá an Chúirt roinnte ina Seomraí iniúchóireachta. Is ag an gCúirt atá struchtúr eagrúcháin atá bunaithe ar chúraimí, áit a gcuirtear baill foirne i ngrúpa óna roghnófar iad le haghaidh sannachán riaracháin chuig na Seomraí éagsúla ar bhonn tosaíochta.

Is ag gach Seomra atá Stiúrthóir a dhéanann obair iniúchóireachta an tSeomra a eagrú, a chomhordú agus a mhaoirsiú. Chomh maith leis sin, tugann sé/sí cúnamh agus comhairle do na Comhaltaí den Seomra le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Tá an Stiúrthóir freagrach as na nithe seo a leanas:

obair an tSeomra a eagrú agus a bhainistiú;

cáilíocht na hoibre iniúchóireachta a sheiceáil;

cúrsaí soláthar foirne a chomhordú.

A bhFUIL Á THAIRISCINT AGAINN

Táimid ag féachaint le beirt Stiúrthóirí a earcú ón 1 Eanáir 2017.

Chinn an Chúirt an nós imeachta earcaíochta seo le haghaidh beirt stiúrthóirí (AD 14) ar a Seomraí a sheoladh bunaithe ar Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear na “Rialacháin Foirne” anseo feasta). D’fhonn méadú a dhéanamh ar an rogha iarrthóirí atá ar fáil ag an Údarás Ceapacháin, reáchtálfar an nós imeachta de réir na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha earcaíochta.

Is chuig grád AD 14 a earcófar na stiúrthóirí. Is é 13 641,95 euro a bheidh sa bhuntuarastal míosúil. Faoi na coinníollacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne, féadfar liúntais áirithe a chur leis an mbuntuarastal, rud atá faoi réir cháin AE agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta.

Agus é/í ar an mball foirne is sinsearaí sa Seomra, tuairiscíonn an Stiúrthóir go díreach do na Comhaltaí den Seomra. Déanann an Stiúrthóir bainistiú ar acmhainní an tSeomra agus tá freagracht fhoriomlán air/uirthi as an gclár oibre a chur chun feidhme in am, laistigh den bhuiséad agus de réir na riachtanas cáilíochta agus na gcleachtas agus na gcaighdeán iniúchóireachta de chuid na Cúirte. Chuige sin, is i leith gach cúraim a leithdháileann an Stiúrthóir:

na hacmhainní daonna agus airgeadais a theastaíonn (lena n-áirítear riachtanais mhisin agus saineolaithe seachtracha);

na hacmhainní iniúchóireachta a theastaíonn, is iad sin: pearsanra, oiliúint, saineolas ar réimsí na cáilíochta agus an dearbhaithe cáilíochta, agus eolas.

Cabhraíonn an Stiúrthóir leis an Déan an Seomra a riar agus a bhainistiú agus cláreagú, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh. Cinntíonn sé/sí go gcomhlíontar i gceart gach misean agus gach cúram iniúchóireachta a dtugtar ar iontaoibh dó/di.

A bhFUIL Á LORG AGAINN

Tá an nós imeachta earcaíochta seo ar oscailt d’iarrthóirí a mbeidh na nithe seo a leanas acu tráth an spriocdháta le haghaidh iarratas:

1.   Cáilíochtaí

De réir Airteagal 5 de na Rialacháin Foirne:

leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do chúrsa críochnaithe staidéir ollscoile a bhfuil dioplóma mar thoradh air sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse staidéir ceithre bliana nó níos mó; nó

leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do chúrsa críochnaithe staidéir ollscoile a bhfuil dioplóma mar thoradh air sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse staidéir trí bliana ar a laghad agus go bhfuil taithí ghairmiúil iomchuí aon bhliana ar a laghad ag an iarrthóir; nó

oiliúint ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach, nuair is gá ar mhaithe le leas na seirbhíse.

2.   Taithí ghairmiúil

Taithí ghairmiúil iomchuí chruthaithe 15 bliana ar a laghad, arbh fhearr gur gnóthaíodh í ar leibhéal idirnáisiúnta, tar éis an cháilíocht thuasluaite a bhaint amach; agus taithí ceithre bliana ar a laghad ar obair a dhéanamh i bpost bainistíochta. Go háirithe, tá dea-thaithí chruthaithe ar an iniúchóireacht ag teastáil (lena n-áirítear rialú cáilíochta iniúchtaí, nósanna imeachta sáraíochta le hiniúchaithe).

3.   Eolas

Sárthuiscint ar chaighdeáin agus modheolaíocht iniúchóireachta go ginearálta agus sna réimsí um iniúchóireacht airgeadais agus comhlíonta agus um dhea-bhainistíocht airgeadais go háirithe agus sna réimsí um airgeadas poiblí AE agus um iniúchóireacht earnála poiblí.

Eolas cruinn ar theanga oifigiúil amháin de chuid AE agus eolas sásúil ar cheann amháin eile ar a laghad; is buntáisteach a bheidh eolas ar theangacha eile. Tá dea-eolas ar Fhraincis agus ar Bhéarla ag teastáil ar chúiseanna oibriúcháin.

4.   Scileanna

i)

An cumas chun straitéis a cheapadh agus a chur chun feidhme agus chun cuspóirí agus spriocanna a leagan síos agus tuairisc a thabhairt orthu;

ii)

scileanna cumarsáide agus idirbheartaíochta agus an cumas chun obair le geallsealbhóirí;

iii)

sárthuiscint ar chleachtais bhainistíochta;

iv)

scileanna idirphearsanta den chéad scoth.

BEARTAS EARCAÍOCHTA

Is fostóir comhdheise ag a bhfuil beartas neamh-idirdhealaithe í an Chúirt agus cuireann sí fáilte roimh iarratais ó gach fear agus bean atá cáilithe.

COINNÍOLLACHA EARCAÍOCHTA

De réir Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór don iarrthóir rathúil:

a bheith ina náisiúnach de Bhallstát AE;

a bheith i dteideal a c(h)eart iomlán mar shaoránach;

aon oibleagáidí a fhorchuirtear air/uirthi le dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige/aici;

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh maidir leis na dualgais atá i gceist.

NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Cuirfear bord réamhroghnúcháin ar bun.

Eagróidh an bord sraith babhtaí díothaithe, ina ndéanfar measúnú ar na nithe seo a leanas ceann ar cheann:

a.

na doiciméid arna gcur isteach ag na hiarrthóirí (ní rachaidh ach an deichniúr iarrthóirí incháilithe is fearr chuig an gcéad bhabhta eile ansin);

b.

cás-staidéar scríofa; agus

c.

agallamh.

IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Ní mór iarratais a bheith scríofa i mBéarla nó i bhFraincis agus ní mór iad a chur isteach le ríomhphost chuig an seoladh seo a leanas: vacancies@eca.europa.eu.

Luaigh uimhir an fhógra folúntais seo sa líne ábhair. Ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith ag gabháil le hiarratais, agus ní mór dóibh uile a bheith i mBéarla nó i bhFraincis:

litir inspreagtha ( leathanach amháin ar a mhéad );

CV atá cothrom le dáta ( trí leathanach ar a mhéad ) agus nach mór a bheith leagtha amach i bhformáid “Europass” (féach: http://europass.cedefop.europa.eu).

an dearbhú foirmiúil faoi iamh agus é comhlánaithe, sínithe agus dátaithe go cuí.

Diúltófar d’aon iarratas nach gcloíonn go docht leis na treoracha sin.

Is é 12 meán lae an 12 Nollaig 2016 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ — ACHOMHAIRC — GEARÁIN LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, go bhfuil tú thíos le cinneadh éigin a rinneadh, beidh na cearta seo a leanas agat:

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ AR NA CINNTÍ A RINNE AN BORD RÉAMHROGHNÚCHÁIN

Laistigh de dheich lá ó tugadh eolas duit faoin gcinneadh a rinne an bord réamhroghnúcháin, féadfaidh tú iarraidh i scríbhinn ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin a chur chuig an seoladh seo a leanas, agus na cúiseanna le d’iarraidh á leagan amach agat inti: vacancies@eca.europa.eu.

NÓS IMEACHTA ACHOMHAIRC

De bhun Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne agus laistigh de thrí mhí ó tugadh fógra faoin gcinneadh duit, féadfaidh tú gearán a chur chuig an seoladh seo a leanas in aghaidh cinnidh a rinne an tÚdarás Ceapacháin:

Cour des comptes européenne

Monsieur le secrétaire général

12, rue Alcide De Gasperi

1615 Luxembourg

LUXEMBOURG

De bhun Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar shásamh dlíthiúil chuig:

Tribunal de l’Union européenne

Rue du Fort Niedergrünewald

2925 Luxembourg

LUXEMBOURG

GEARÁIN LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

Mar shaoránach den Aontas Eorpach, féadfaidh tú gearán a dhéanamh le:

Médiateur européen

1 avenue du Président Robert Schuman — CS 30403

67001 Strasbourg Cedex

FRANCE

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/ECSC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1).

Tabhair faoi deara nach bhfuil aon éifeacht fionraíochta ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman Eorpach ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne maidir le gearáin a dhéanamh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus le hachomharc a dhéanamh os a comhair de réir Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

COSAINT SONRAÍ

De réir Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (2), ní phróiseálfaidh an Chúirt sonraí pearsanta ach chun na gcríoch dar tugadh iad.


(1)  IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.

(2)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


Image

Image

Image

Image

Image

Image


Top