EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2014/062A/02

Fógra folúntais PE/176/S — Stiúrthóir (grúpa feidhme AD, grád 14) — Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais — an stiúrthóireacht um an mBuiséad agus um Sheirbhísí Airgeadais

IO C 62A, 4.3.2014, p. 9–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

4.3.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

9


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/176/S — STIÚRTHÓIR

(grúpa feidhme AD, grád 14)

ARD-STIÚRTHÓIREACHT AN AIRGEADAIS — AN STIÚRTHÓIREACHT UM AN MBUISÉAD AGUS UM SHEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

(2014/C 62 A/02)

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh d'Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais — an Stiúrthóireacht um an mBuiséad agus um Sheirbhísí Airgeadais, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d'aidhm aige an rogha is leithne d'iarrthóirí a thabhairt don údarás ceapúcháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AD 14 (3). Is EUR 13 216,49 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Aontais agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d'fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 29 Márta 2004.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint lena n-áirítear Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh.

2.   Ionad fostaíochta

Lucsamburg. Tá an láthair oibre lonnaithe i Lucsamburg ach d'fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, nó a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Oifigeach sinsearach a bheidh sa Stiúrthóir agus beidh sé freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh eintiteas mór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go maith,

foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh, agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta,

gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a shainiú); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú,

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta,

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta,

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche,

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht (an phróifíl riachtanach)

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d'iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu,

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí,

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d'aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5),

dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear sé bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

Sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha,

tuiscint den scoth ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta,

sáreolas ar na modhanna bainistíochta d'eagraíocht mhór san earnáil phoiblí nó phríobháideach a chuimsíonn gnéithe polaitiúla agus bainistíochta,

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla a thugtar le chéile sna hinstitiúidí Eorpacha,

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla,

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu,

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ar na rialacha dá chur i bhfeidhm, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa,

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.),

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

Bua na straitéise,

cumas ceannaireachta,

cumas pleanála chun cinn,

cumas freagairt d'athruithe,

críochnúlacht,

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an údarás ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur le chéile agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a thíolacadh

Ní mór an t-iarratas a sheoladh tráth nach déanaí ná an

14 Márta 2014 ar 17.00 (am na Bruiséile).

Iarrtar ar iarrthóirí ráiteas maidir leis na cúiseanna a bhí acu le cur isteach ar an bpost a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist amháin, agus an ráiteas sin curtha i bhformáid PDF, (le tabhairt dá aire d'Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, fógra folúntais uimh. PE/176/S) agus curriculum vitae a sheoladh i bhformáid Europass (7), chuig an seoladh a leanas: EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus an dáta agus am seolta an ríomhphoist á dtógáil mar fhianaise.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanáilte inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a fhaigheann glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (8). Ní thabharfar na doiciméid seo ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar an fhaisnéis phearsanta charachtair a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl, faoin nós imeachta roghnúcháin seo, a phróiseáil de réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann.

(2)  Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phíomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa mhír sin a leanas.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar na dátaí deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

ARD-STIÚRTHÓIREACHT AN AIRGEADAIS

AN STIÚRTHÓIREACHT UM AN mBUISÉAD AGUS UM SHEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán 52 ghníomhaire (19 AD agus 33 AST))

Aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta a mhaoirsiú, a chomhordú agus a threorú

Comhthadhall a dhéanamh leis na comhlachtaí buiséadacha

Comhthadhall a dhéanamh leis an gCúirt Iniúchóirí

Faireachán a dhéanamh ar thuarascálacha inmheánacha iniúchta thar ceann an Ard-Rúnaí

Anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha bliantúla agus tréimhsiúla ar ghníomhaíochtaí arna dtarraingt suas ag na hoifigigh údaraithe trí tharmligean thar ceann an Ard-Rúnaí

Faireachán a dhéanamh ar na pleananna gnímh bunaithe ar na tuarascálacha bliantúla agus tréimhsiúla ar ghníomhaíochtaí thar ceann an Ard-Rúnaí

AN tAONAD BUISÉID

An buiséad a ullmhú

Ábhar a ullmhú a bhaineann le leithreasaí agus leis an bplean bunaíochta chun na dréacht-mheastacháin a tharraingt suas (tuarascáil ón Ard-Rúnaí a dhréachtú maidir leis na réamh-mheastacháin)

An dréachtbhuiséad a ullmhú, “Tuairisciú Dlíthiúil”

Nótaí a dhréachtú a bheidh le cur faoi bhráid an Ard-Rúnaí, an Bhiúró agus an Choiste um Buiséid

Buiséid fhorlíontacha agus leasaitheacha a ullmhú do bhlianta reatha airgeadais Pharlaimint na hEorpa

Faireachán a dhéanamh ar an nós imeachta (teagmhálacha le BUDG agus le hoifig an Ard-Rúnaí)

Faireachán a dhéanamh ar obair Badge-Bud agus na ranna a chur ar an eolas

Réamhaisnéisí ilbhliantúla a tharraingt suas i ndáil le caiteachas na Parlaiminte

An buiséad a chur chun feidhme

Faireachán a dhéanamh, treoracha a tharraingt suas, anailís a dhéanamh agus tuairisciú a dhéanamh maidir le leithreasaí

Iarrataí ar aistriú leithreasaí a fhíorú nó a dhréachtú, lena n-áirítear fo-ítimí

Ráitis airgeadais a dhréachtú nó a rialú

Faireachán a dhéanamh ar tharmligean an oifigigh údaraithe

Anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha tréimhsiúla ar ghníomhaíochtaí

Tacaíocht a thabhairt d'oifigigh údaraithe

Eolas, cúnamh agus comhairle a thabhairt do sheirbhísí údarúcháin agus nótaí a dhréachtú d'oifigigh údaraithe

Oifigigh údaraithe agus riarthóirí buiséid a thraenáil

Riar a dhéanamh ar an leathanach bainistithe buiséid ar an Inlíon

Nósanna imeachta um dhúnadh agus um urscaoileadh a ullmhú agus faireachán a dhéanamh orthu

Comhthadhall a dhéanamh leis an gCúirt Iniúchóirí

Freagraí ar litreacha a cheapadh agus faireachán a dhéanamh ar litreacha a bhaineann le réimsí áirithe agus ar thuarascálacha ón gCúirt Iniúchóirí

Faisnéis a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais

Gníomh a ghlacadh i leith réitigh bhuiséadacha

Páirt a ghlacadh in obair an Choiste Idirinstitiúideach um Shaincheisteanna Buiséadacha agus Airgeadais

Faireachán a dhéanamh ar rialacha airgeadais agus dréacht-rialacha a tharraingt suas

Cúraimí ilghnéitheacha a leithdháileadh: maoirsiú, comhordú, rúnaíocht, aistrithe, etc.

AN tAONAD UM CHUNTASAÍOCHT AGUS CISTE

Ciste

Cur i gcrích sásúil íocaíochtaí a áirithiú agus leachtacht oibríochtaí ciste na Parlaiminte a chothabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha feidhmithe agus le Rialacha Inmheánacha na Parlaiminte

Riar a dhéanamh ar sholáthróirí agus ar a sonraisc

Riar a dhéanamh ar chiste na Parlaiminte (lena n-áirítear na príomhoifigí airgid)

Riar a dhéanamh ar chuntais bainc sna feidhmchláir éagsúla agus an tábla poiblí d'eagraíochtaí airgeadais a choinneáil cothrom le dáta

Riar a dhéanamh ar an gciste (athshlánuithe cuntais bainc)

Teagmháil a chothabháil leis na bainc agus freagra a thabhairt ar ghearáin

Cuntasaíocht

Cuntais oifigiúla na Parlaiminte a chothabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha feidhme agus le Rialacha Inmheánacha na Parlaiminte

Ráitis airgeadais agus ráitis mhíosúla agus bhliantúla a dhréachtú maidir le cur chun feidhme an bhuiséid

Córais chuntasaíochta na Parlaiminte a riar agus a fheabhsú

Seirbhísí aisghabhála a riar (féichiúnaithe éagsúla, iarchomhaltaí foirne, grúpaí polaitiúla, institiúidí eile, CBL) agus faireachán a dhéanamh ar an gcuntas comhthadhaill leis an gCoimisiún

Riar agus rialú a dhéanamh ar chuntais éagsúla óinchiste

Anailís agus faireachán a dhéanamh ar na cuntais fionraí sna cuntais ghinearálta

Comhairle a chur ar sheirbhísí údaraithe, bailíochtú a dhéanamh ar na córais arna bpleanáil ag an oifigeach údaraithe chun faisnéis chuntasaíochta a thabhairt

Comhthadhall a dhéanamh leis an gCoimisiún agus leis an gCúirt Iniúchóirí

Riar a dhéanamh ar an gcartlann

AN LÁR-AONAD AIRGEADAIS

Comhairle a chur ar oifigigh údaraithe

Cúnamh a thabhairt don phríomhoifigeach údaraithe agus comhairle a chur air, go háirithe maidir le dearbhú bliantúil an phríomhoifigigh údaraithe trí tharmligean a tharraingt suas

Cuidiú le cur chun feidhme Phlean Gnímh an phríomhoifigigh údaraithe trí tharmligean, arna tharraingt suas i ndiaidh fheidhmiú na Tuarascála Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí agus i gcomhréir le moltaí an Iniúchóra Inmheánaigh

Comhairle a chur ar oifigigh údaraithe maidir leis na forálacha is infheidhme, a léirmhíniú agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint

Seirbhísí deisce cabhrach ar ardchaighdeán a chur ar fáil d'úsáideoirí a thabharfaidh cúnamh sásúil in am

Na cruinnithe faisnéise tréimhsiúla a eagrú agus a threorú leis na gréasáin éagsúla de ghníomhairí airgeadais (oifigigh údaraithe trí tharmligean, riarthóirí FINORD, fíoraitheoirí ex-ante, tionscnóirí)

FINORD a chomhordú

Tacaíocht agus saineolas a fháil faoi chonarthaí poiblí: an rúnaíocht don Fhóram um Sholáthar Poiblí a chur ar fáil, conarthaí agus fóirdheontais arna ndámhachtain a fhoilsiú ar an idirlíon agus in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; an bunachar sonraí maidir leis an gCóras Réamhrabhaidh a riar agus an rúnaíocht don ghrúpa teagmhála “An Painéal chun Faireachán a dhéanamh ar Rochtain ar Chonarthaí na nInstitiúidí” a chur ar fáil

An Rúnaíocht don Phainéal ar Mhírialtachtaí Airgeadais Speisialaithe a sholáthar

Cuidiú le híoschaighdeáin maidir leis an rialú inmheánach a shainmhíniú, comhairle a chur ar fáil maidir lena gcur i bhfeidhm agus cuidiú le hathbhreithniú a dhéanamh orthu, nuair is gá

Cuidiú leis na hoifigigh údaraithe, arna iarraidh sin dóibh, a bhféinmheastóireachtaí a phleanáil agus a dhéanamh


Top