Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C/2026/00737

Fógra folúntais — CATHAOIRLEACH ESMA — TAG.: ESMA/2026/VAC01/AD15

IO C, C/2026/737, 3.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/737/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/737/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/737

3.2.2026

Fógra folúntais

CATHAOIRLEACH ESMA

TAG.: ESMA/2026/VAC01/AD15

(C/2026/737)

 

Cineál conartha

Gníomhaire Sealadach (1)

Grúpa feidhme agus grád

AD 15

Fad conartha

5 bliana, agus is féidir síneadh ama a chur leis uair amháin (2)

Roinn

ESMA/Bainistíocht Shinsearach

Áit fostaíochta

Páras, an Fhrainc

Spriocdháta le haghaidh iarratas

3 Márta 2026 (23:59, am áitiúil Pháras)

Beidh an liosta ionadaithe bailí go dtí:

31 Nollaig 2027

Maidir le ESMA

San Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí  (3) (ESMA), is cúis bhróid dúinn ról lárnach a bheith againn maidir le todhchaí na margaí airgeadais ar fud na hEorpa a mhúnlú. Ó bunaíodh sinn in 2011, d’oibríomar chun infheisteoirí a chosaint agus chun margaí caipitil atá cobhsaí, trédhearcach agus nuálach a chur chun cinn.

Is eagraíocht réamhbhreathnaitheach sinn, atá tiomanta d’athchóirithe straitéiseacha a chur chun cinn agus don chéad ghlúin eile de mhargaí caipitil an Aontais a fhorbairt. Leagtar béim láidir inár straitéis 2023-2028  (4) ar chomhtháthú, inrochtaineacht agus nuálaíocht – agus i gcroílár ár gcuid oibre tá margaí caipitil éifeachtacha, maoirseacht láidir chomhsheasmhach agus cosaint infheisteoirí. Tacaímid go gníomhach freisin le Straitéis an Choimisiúin um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta  (5), agus is díol sásaimh dúinn an togra reachtach ón gCoimisiún Eorpach maidir le comhtháthú margaidh agus maoirseacht  (6).

Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi cé sinne  (7) agus faoin méid a dhéanaimid, iarraimid ort cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin: www.esma.europa.eu.

Cuspóir an phoist

Gairmí lánaimseartha neamhspleách is ea Cathaoirleach ESMA, atá fostaithe ag ESMA agus lonnaithe i bPáras (an Fhrainc). Is comhalta vótála iad agus déanann siad cathaoirleacht ar an mBord Maoirseoirí agus ar an mBord Bainistíochta araon. Sa ról sin, déanann an Chathaoirleach ionadaíocht ar an Údarás agus soláthraíonn siad ceannaireacht straitéiseach ach treo fadtéarmach ESMA a shainiú agus ach a chinntiú go mbainfear amach a phríomhthosaíochtaí.

Mairfidh téarma oifige an Chathaoirligh 5 bliana, agus féadfar síneadh a chur leis an téarma sin uair amháin (2).

Príomhdhualgais:

Beidh Cathaoirleach ESMA freagrach as na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán lena mbunaítear ESMA (8), agus go háirithe as na nithe seo a leanas:

Cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe agus clár oibre Bhord Maoirseoirí ESMA agus an Bhoird Bainistíochta a shocrú;

Obair Bhord Maoirseoirí ESMA a ullmhú;

Gníomhú mar cheann agus mar ionadaí seachtrach ESMA;

Straitéis ESMA a fhorbairt agus a áirithiú go gcuirtear cuspóirí ESMA i gcrích;

Cúraimí agus cinntí áirithe de chuid an Bhoird Maoirseoirí atá sainithe go soiléir a chomhlíonadh;

Cuntasacht a chinntiú agus ionadaíocht a dhéanamh ar ESMA os comhair Pharlaimint na hEorpa in éisteachtaí bliantúla maidir le feidhmíocht ESMA;

ESMA a ullmhú le haghaidh athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an timpeallacht rialála airgeadais agus é a threorú trí na hathruithe sin.

Is dócha go dtiocfaidh forbairt ar an ról agus ar na freagrachtaí i bhfianaise an togra reachtaigh ón gCoimisiún Eorpach maidir le comhtháthú margaidh agus maoirseacht  (9), lena n-áirítear athruithe ar chreat rialachais ESMA.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh

Chun bheith incháilithe, ní mór do na hiarrthóirí na critéir incháilitheachta ar fad atá liostaithe thíos a chomhlíonadh faoin spriocdháta chun iarratais a chur isteach:

Ní mór leibhéal oideachais a bheith acu arb ionann é agus cúrsa ollscoile 4 bliana atá críochnaithe, arna fhianú le dioplóma (10), agus tar éis dóibh an dioplóma a bhaint amach, 15 bliana de thaithí ghairmiúil cruthaithe a bheith gnóthaithe acu (11)

leibhéal oideachais a bheith acu arb ionann é agus cúrsa ollscoile 3 bliana atá críochnaithe, arna fhianú le dioplóma (10), agus tar éis dóibh an dioplóma a bhaint amach, 16 bliana de thaithí ghairmiúil cruthaithe a bheith gnóthaithe acu (11);

Ní mór dóibh bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát de AE;

A bheith i dteideal a gceart iomlán mar shaoránach (12);

Ní mór aon oibleagáid arna forchur leis na dlíthe is infheidhme maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu;

Ní mór eolas críochnúil a bheith acu ar cheann amháin de theangacha an Aontais (13) agus eolas sásúil (14) ar theanga eile an Aontais;

A bheith corpacmhainneach chun na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh (15);

Níl aon teorainn aoise ann chun iarratas a dhéanamh ar an bpost, mar sin féin, is é 66 bliana an aois scoir (16). I bhfianaise thábhacht straitéiseach an phoist do ESMA, bheadh sé tábhachtach go mbeadh iarrthóirí in ann an chéad téarma oifige 5 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad an aois scoir amach. Más gá rogha a dhéanamh idir iarrthóirí atá chomh cáilithe céanna, déanfar breithniú air sin.

Ceanglais a bhaineann leis an ról

Chomh maith leis na critéir incháilitheachta thuas, déanfar measúnú ar na critéir roghnúcháin seo a leanas le linn chéimeanna éagsúla an nós imeachta roghnúcháin. Ba cheart d’iarrthóirí a chur in iúl go soiléir ina n-iarratas conas a fuair siad an t-eolas agus an taithí a fhágann gur féidir leo na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh, agus samplaí sonracha a thabhairt :

Ceanglais riachtanacha

a)

15 bliana ar a laghad de thaithí atá ábhartha maidir leis an ról (a gnóthaíodh tar éis an leibhéal oideachais riachtanach a bhaint amach), agus 5 bliana ar a laghad de na blianta sin a bheith caite acu i bpost sinsearach i réimse shainchúram ESMA;

b)

Béarla scríofa agus labhartha den scoth (14).

Riachtanais bhuntáisteacha

c)

Eolas agus taithí chruthaithe ar mhargaí airgeadais, rialáil airgeadais agus/nó maoirseacht/maoirsiú ar mhargaí urrús ag leibhéal náisiúnta, AE nó idirnáisiúnta;

d)

Tuiscint chríochnúil ar institiúidí AE, ar phróisis chinnteoireachta AE, agus ar ghníomhaíochtaí AE agus idirnáisiúnta atá ábhartha do ESMA;

e)

Sáreolas ar thimpeallacht pholaitiúil agus dhlíthiúil an Aontais agus taithí chruthaithe chaibidlíochta ar leibhéal an Aontais agus/nó ar an leibhéal idirnáisiúnta;

f)

Taithí ar eagraíocht a stiúradh a bhfuil cúraimí agus cuspóirí suntasacha aici, agus an eagraíocht sin a stiúradh chun a cuspóirí a bhaint amach; agus

g)

Inspreagadh don phost atá fógartha.

Inniúlachtaí

h)

Sárscileanna cumarsáide agus cur i láthair; an cumas plé a stiúradh agus na cinntí is fearr is féidir a ghiniúint ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal polaitiúil gan caidrimh tháirgiúla oibre a chur i mbaol;

i)

Sárchumas líonraithe agus scileanna idirphearsanta, lena n-áirítear an cumas déileáil le hionadaithe ardleibhéil ón earnáil phoiblí chomh maith le páirtithe leasmhara níos leithne (amhail ionadaithe ón tionscal airgeadais agus ionadaithe infheisteoirí) laistigh agus lasmuigh den Aontas, agus caibidlíocht a dhéanamh leo;

j)

Ceannaireacht straitéiseach: fís straitéiseach, cinnteoireacht agus díriú ar thorthaí, bainistíocht athraithe agus claochlaithe, meon nuálaíochta, agus

k)

Tuiscint láidir ar fhreagracht, ionracas, tionscnaíocht, féinspreagadh agus tiomantas don obair ar mhaithe le leas an phobail agus freastal ar an Aontas Eorpach ina iomláine.

A bhfuil á thairiscint againn:

Obair a imríonn tionchar: Athraigh peirspictíochtaí agus múnlaigh todhchaí mhargaí airgeadais na hEorpa. Léim isteach i saol dinimiciúil reatha rialtóir agus mhaoirseoir margaí urrús na hEorpa.

Timpeallacht ilchultúrtha: Tar ag obair le gairmithe tiomanta ó gach cearn den Aontas a bhíonn ag obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta atá cuimsitheach, éagsúil, spreagtha agus comhoibritheach.

Athlonnaigh go Páras gan stró:

Cúnamh tithíochta: Aisíocaíocht as gníomhaire athlonnaithe chun cabhrú leat dul i ngleic le margadh eastáit réadaigh na Fraince.

Tacaíocht teanga: Ranganna Fraincise saor in aisce ar bhonn inmheánach (A1-B2) chun comhtháthú a éascú.

Scolaíocht: Bainfidh do leanaí tairbhe as rochtain tosaíochta, saor in aisce, ar an Scoil Eorpach i bPáras La Défense  (17), ina gcuirtear oideachas ilteangach agus ilchultúrtha ar fáil i gcomhréir le curaclam na Scoileanna Eorpacha, ón naíscoil aníos go Baccalaureate na hEorpa.

Déan tagairt don nasc seo le tuilleadh eolais a fháil faoi na nithe praiticiúla a bhaineann leis an bpróiseas earcaíochta agus na buntáistí a bhaineann leis an bpost seo: https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/Chair-Recruitment-Process.pdf.


(1)  De réir Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS): https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:1962R0031:20140101:EN:PDF.

(2)  Faoi Rialachán ESMA atá i bhfeidhm faoi láthair, 5 bliana a bheidh i dtéarma oifige Chathaoirleach ESMA, agus féadfar síneadh a chur leis an téarma sin uair amháin. Tá fad an dara téarma le sainiú i nuashonrú ar Rialachán ESMA atá ar siúl faoi láthair. Maireann an tréimhse phromhaidh don chéad chonradh ar feadh 9 mí.

(3)   https://www.esma.europa.eu/about-esma/internal-organisation.

(4)   https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/esma_strategy_2023-2028.pdf.

(5)   https://www.esma.europa.eu/press-news/esma-news/esma-2026-work-programme.

(6)   https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_25_2893.

(7)   https://www.esma.europa.eu/about-esma/internal-organisation.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(9)   https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_25_2893.

(10)  Ní bhreithneofar ach cáilíochtaí a bronnadh i mBallstáit de AE nó cáilíochtaí a bhfuil teastais choibhéise arna n-eisiúint ag údaráis Ballstáit de AE ag gabháil leo. Níl céim AE agat? Féach: https://www.enic-naric.net/.

(11)  Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas an taithí ghairmiúil a ríomh, féach ar an doiciméad dar teideal ‘Treoirlínte d’Iarrthóirí’ a foilsíodh ar shuíomh gréasáin ESMA https://www.esma.europa.eu/about-esma/careers.

(12)  Iarrfar ar na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh a dheimhniú go bhfuil na tréithe oiriúnacha acu don phost. Sula gceapfar iad sa phost, ní mór don iarrthóir a n-éireoidh leis no léi deimhniú ó na póilíní a chur ar fáil ina léireofar nach bhfuil aon taifead coiriúil aige nó aici.

(13)  Is iad seo a leanas teangacha an Aontais: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris.

(14)  Mar a léirítear ina CV. Ar leibhéal B2 ar a laghad, faoin gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha:

http://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr.

Cuirfear na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh faoi scrúdú béil chun a gcuid eolais ar an dara teanga AE a thástáil.

(15)  Sula gceapfar iad, déanfar seiceáil leighis réamhfhostaíochta ar an iarrthóir a n-éireoidh leo chun a dheimhniú go bhfuil siad corpacmhainneach chun na dualgais a chomhlíonadh.

(16)  De réir Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS): https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:1962R0031:20140101:EN:PDF.

(17)   https://ee-parisladefense.ac-versailles.fr/en/.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/737/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top