This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2024/04994
CALL FOR EXPRESSIONS OF INTEREST FOR THE SELECTION OF A MEMBER OF THE EUROPEAN FISCAL BOARD
GLAO AR LÉIRITHE SPÉISE CHUN COMHALTA DEN BHORD FIOSCACH EORPACH A ROGHNÚ
GLAO AR LÉIRITHE SPÉISE CHUN COMHALTA DEN BHORD FIOSCACH EORPACH A ROGHNÚ
PUB/2024/752
IO C, C/2024/4994, 7.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4994/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4994 |
7.8.2024 |
GLAO AR LÉIRITHE SPÉISE CHUN COMHALTA DEN BHORD FIOSCACH EORPACH A ROGHNÚ
(C/2024/4994)
1. Cúlra
Bhunaigh an Coimisiún Bord Fioscach Eorpach neamhspleách (‘an Bord’) in 2015 (1). Is é an misean atá aige rannchuidiú i gcáil chomhairleach le feidhmiú fheidhmeanna an Choimisiúin agus na Comhairle san fhaireachas fioscach iltaobhach, mar a leagtar amach in Airteagail 121, 126 agus 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Le Cinneadh (AE) 2024/2115 (2) ón gCoimisiún, rinneadh athbhreithniú ar an gcinneadh bunaidh bunaíochta chun creat rialachais eacnamaíoch na hEorpa agus na cúraimí a sannadh don Bhord sa chomhthéacs sin a chur san áireamh.
Tiocfaidh deireadh le sainordú chomhaltaí reatha an Bhoird an 19 Deireadh Fómhair 2024, agus is gá, dá bhrí sin, glao ar léiriú spéise a sheoladh chun comhaltaí nua an Bhoird a cheapadh.
2. Comhdhéanamh an Bhoird agus ceapachán
Tá an Bord comhdhéanta de Chathaoirleach agus ceathrar comhaltaí. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall cothromaíocht iomchuí gheografach agus inscne a áirithiú, a mhéid is féidir, i gcomhdhéanamh an Bhoird.
Déanfar Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird a roghnú agus a cheapadh as measc saineolaithe a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolais a bheidh le measúnú de réir taithí agus inniúlachtaí anailíseacha cruthaithe i ndáil leis an anailís ar airgeadas poiblí agus i ndáil leis an mhaicreacnamaíocht. Tá na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin shonracha leagtha amach thíos.
Ceapfaidh an Coimisiún Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird ar thogra ón Uachtarán, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí punainne agus leis an Leas-Uachtarán de réir mar is iomchuí. Déanfar Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird a cheapadh ar feadh tréimhse 3 bliana, agus féadfar an tréimhse sin a athnuachan uair amháin.
Ceapfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar Chomhairleoirí Speisialta, a bhfuil a stádas agus a luach saothair sainithe in Airteagail 5, 123 agus 124 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile. Íocfar iad ar bhonn per diem bunaithe ar bhuntuarastal AD 15 don Chathaoirleach agus ar bhuntuarastal AD 14 do na Comhaltaí. Na speansais taistil agus chothaithe a thabhaíonn an Cathaoirleach agus na comhaltaí, aisíocann an Coimisiún iad i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm. Aisíoctar na speansais laistigh de theorainneacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh faoin nós imeachta bliantúil um leithdháileadh acmhainní.
Táthar ag súil go dtiomnóidh an Cathaoirleach agus na comhaltaí faoi seach thart ar 40 agus 20 lá iomlán in aghaidh na bliana dá f(h)reagrachtaí.
3. Cúraimí an Bhoird
Áirítear san athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach. Tagraítear sa rialachán don Bhord mar eintiteas buan agus níos neamhspleáiche ar cheart dó ról comhairleach níos suntasaí a bheith aige i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais.
Sainítear cúraimí an Bhoird i gCinneadh (AE) 2024/2115:
|
(a) |
meastóireacht ex post thráthúil a sholáthar ar chur chun feidhme chreat rialachais fhioscaigh an Aontais; |
|
(b) |
comhairle a thabhairt maidir leis an seasamh fioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro trí chéile, agus maidir leis na seasaimh fhioscacha náisiúnta iomchuí atá i gcomhréir leis laistigh de rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis; |
|
(c) |
comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle, maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, lena n-áirítear maidir le síneadh a chur leis an gclásal éalaithe ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1263; |
|
(d) |
comhoibriú go dlúth le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2011/85/AE ón gComhairle (4); |
|
(e) |
moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an chreata fhioscaigh amach anseo. |
4. Neamhspleáchas
Gníomhóidh Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird go neamhspleách. Ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoir ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó rialtas aon Bhallstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.
Déanfaidh comhaltaí an Bhoird aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le measúnú nó tuairim ar leith a nochtadh don Chathaoirleach, agus déanfaidh an Cathaoirleach na bearta iomchuí, agus féadfaidh sé nó sí a chinneadh nach mbeidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach in ullmhú agus i nglacadh an mheasúnaithe nó na tuairime sin. Tabharfaidh an Bord aghaidh ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag an gCathaoirleach.
Tá an Rúnaíocht comhdhéanta de Cheann na Rúnaíochta agus foireann tacaíochta thiomnaithe. Ní fheidhmíonn an Rúnaíocht ach amháin ar threoracha an Bhoird agus na cúraimí a shanntar don Bhord á gcomhlíonadh aici.
5. Tuairisc ar phost
Áirithíonn an Bord, le tacaíocht óna Rúnaíocht, go mbainfear amach na cuspóirí agus na cúraimí a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2024/2115 (féach pointe 3 thuas). Chuige sin, rannchuidíonn sé leis an méid seo a leanas:
|
— |
na tosaíochtaí do phleanáil straitéiseach an Bhoird a chinneadh; |
|
— |
forbairt agus feabhsú na n-uirlisí anailíseacha is gá chun sainordú an Bhoird a chur i gcrích. |
Uair sa bhliain, cuirfidh an Bord tuarascáil maidir lena ghníomhaíochtaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuirtear tuarascálacha agus comhairle uile an Bhoird ar fáil don phobal.
6. Critéir incháilitheachta
Chun go gcuirfear iarrthóirí san áireamh le haghaidh chéim an roghnúcháin, ní mór dóibh na critéir fhoirmiúla seo a leanas a chomhlíonadh faoin dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh:
|
— |
Taithí ghairmiúil (5) : taithí 15 bliana ar a laghad a bheith faighte acu tar éis an cháilíocht oideachais dá dtagraítear thíos a bhaint amach; |
|
— |
Taithí ghairmiúil ábhartha: taithí 10 mbliana ar a laghad a bheith acu i réimsí atá ábhartha do réimse na mbeartas maicreacnamaíoch, go háirithe i réimse an bheartais fhioscaigh agus na bainistíochta buiséadaí; |
|
— |
Céim ollscoile nó dioplóma:
|
|
— |
Teangacha: eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas leordhóthanach a bheith acu ar cheann eile de na teangacha sin ar a laghad (6); |
|
— |
Náisiúntacht: a bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas. |
7. Critéir roghnúcháin
Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar iarratais:
|
— |
Inniúlacht agus taithí chruthaithe ábhartha lena léirítear go bhfuil meas ar na hiarratasóirí mar shaineolaithe idirnáisiúnta maidir le maicreacnamaíocht, airgeadas poiblí, beartas fioscach agus bainistiú buiséadach; |
|
— |
Tuiscint dhomhain ar chreat fioscach an Aontais agus ar an ról atá aige maidir le feidhmiú an Aontais agus an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta; |
|
— |
Inniúlacht agus taithí chruthaithe ábhartha ar cheapadh beartas eacnamaíoch; is é sin, inniúlacht agus taithí a bhfuarthas, más féidir, ó obair in institiúidí ceaptha beartas, in institiúidí a chuireann comhairle ar fáil maidir le beartas nó sa saol acadúil; |
|
— |
Eolas ar institiúidí an Aontais agus ar phróisis chinnteoireachta an Aontais; |
|
— |
Bheadh taithí ar anailís eacnamaíoch a dhéanamh ó dhearcadh cothrománach, trastíre ina buntáiste; |
|
— |
An cumas fís straitéiseach a fhorbairt agus a chur chun feidhme; |
|
— |
Tuiscint shármhaith ar fhreagracht, diongbháilteacht, tionscnaíocht agus ionracas; agus |
|
— |
Sárscileanna cumarsáide labhartha agus scríofa chun dul i gcomhairle, cumarsáide a dhéanamh agus a bheith ag obair i gcomhar go héifeachtúil le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. |
8. Nós imeachta um iarratais
Ní mór gach iarratas a líonadh isteach i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, ní mór náisiúntacht an iarratasóra a thabhairt le fios go soiléir ann, agus ní mór na doiciméid tacaíochta is gá a bheith ag gabháil leis.
Ní mór d’iarratasóirí a bhfuil spéis acu ann a n-iarratas a chur isteach i bhformáid leictreonach chuig an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo a leanas: EFB-team@ec.europa.eu
Ní mheasfar iarratas a bheith inghlactha ach amháin i gcás ina mbeidh sé seolta faoin spriocdháta agus ina mbeidh na doiciméid dá dtagraítear thíos san áireamh ann. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí tuilleadh doiciméad tacaíochta ag céim níos déanaí.
9. An sprioc-am maidir le hiarratais
An sprioc-am maidir le hiarratais: 45 lá oibre ó fhoilsiú an ghlao seo, meán oíche, am na Bruiséile.
Forchoimeádann an Coimisiún an ceart síneadh a chur le dáta deiridh an ghlao seo ar léiriú spéise trína fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh amháin.
10. Doiciméid tacaíochta
Beidh na doiciméid tacaíochta seo a leanas ag gabháil le gach iarratas:
|
— |
Litir chumhdaigh ina mínítear an spreagadh maidir leis an nglao seo a fhreagairt; |
|
— |
curriculum vitae; |
|
— |
Ráiteas ina liostaítear coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh teacht as ballraíocht ar an mBord a mhéid a bhaineann le slite beatha eile atá ag an iarrthóir. |
11. Nós imeachta roghnúcháin
Is éard a bheidh sa nós imeachta roghnúcháin measúnú ar na hiarratais de réir na gcritéar atá leagtha amach thuas, agus ina dhiaidh sin bunófar liosta de na hiarratasóirí is oiriúnaí. Tabharfar cuireadh d'iarratasóirí a mheastar a bheith ar na hiarrthóirí is oiriúnaí freastal ar agallamh sula ndéanfar cinntí ceapacháin. Déanfaidh an Coimisiún liosta na daoine a beartófar a cheapadh a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle le haghaidh comhairliúcháin, agus iarrfaidh sé tuairimí uathu laistigh de mhí amháin.
12. Comhdheiseanna
Cuirfidh an Coimisiún an beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus féachfaidh sé chuige nach ndéanfar idirdhealú de chineál ar bith ina nósanna imeachta earcaíochta.
13. Cosaint sonraí pearsanta
Cinnteoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.
14. Amlíne shealadach
Tá sé beartaithe agallaimh roghnúcháin a reáchtáil i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig EFB-Team@ec.europa.eu nó glaoigh ar an uimhir seo a leanas: +32 2 2969244.
(1) IO L 282, 28.10.2015, lch. 37 agus IO L 40, 17.2.2016, lch. 15.
(2) Cinneadh (AE) 2024/2115 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach comhairleach neamhspleách agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/1937 (IO L, 2024/2115, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2115/oj).
(3) Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(4) Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/85/oj).
(5) Áireofar taithí ghairmiúil ón dáta a fuair an t-iarratasóir an cháilíocht íosta chun rochtain a fháil ar an bpróifíl atá i gceist.
(6) Rialachán CEE Uimh. 1/1958 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1958/1(1)/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4994/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)