Atlasiet eksperimentālās funkcijas, kuras vēlaties izmēģināt!

Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.

Dokuments C/2024/03965

Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

PUB/2024/510

IO C, C/2024/3965, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3965/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3965/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3965

20.6.2024

Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(C/2024/3965)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an mhona comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Eastóin

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009  (2), na Ballstáit sa limistéar euro agus tíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le monaí euro a eisiúint, ceadaítear dóibh monaí euro comórtha a eisiúint, monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: an Eastóin

Ábhar an chomórtha: An gormán – Bláth náisiúnta na hEastóine

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar sa dearadh scáthchruth an ghormáin leis an téacs ‘CENTAUREA CYANUS’ (gormán sa Laidin) ag an mbarr ar chlé, i leathchiorcal. Ag an mbun tá ainm na tíre is eisitheoir ‘EESTI’ agus, faoina bhun sin, an bhliain eisiúna ‘2024’.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

An líon measta monaí atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: An dara ráithe 2024


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3965/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Augša