EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C/2024/03223

Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/402/23 – Riarthóirí (AD 6) sna réimsí seo a leanas: 1. Micreacnamaíocht/maicreacnamaíocht 2. Eacnamaíocht airgeadais 3. Eacnamaíocht thionsclaíoch (IO C 220 A, 22.6.2023)

IO C, C/2024/3223, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3223/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3223/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3223

28.5.2024

Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/402/23 – Riarthóirí (AD 6) sna réimsí seo a leanas: 1. Micreacnamaíocht/maicreacnamaíocht 2. Eacnamaíocht airgeadais 3. Eacnamaíocht thionsclaíoch

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 220 A an 22 Meitheamh 2023)

(C/2024/3223)

I gcás chomórtas oscailte EPSO/AD/402/23, bhí fadhbanna tromchúiseacha teicniúla ag baint leis an tástáil ar líne a rinneadh an 2-4 Deireadh Fómhair 2023, inar baineadh úsáid as an bhfeitheoireacht uathoibrithe. Dá thoradh sin, bhí líon suntasach iarrthóirí nárbh fhéidir leo na trialacha a dhéanamh faoi dhálaí iomchuí nó iad a chríochnú.

An 8 Samhain 2023, d’fhógair EPSO go ndearna sé cinneadh reáchtáil na dtrialacha i gcomórtas EPSO/AD/402/23 a chur ar fionraí agus roghanna malartacha a lorg le haghaidh córas athléimneach chun trialacha a reáchtáil a bheadh slán agus a chinnteodh an t-eispéireas is fearr is féidir don úsáideoir. Rinneadh roghanna éagsúla a mheas de réir na gcritéar sin, agus leas na seirbhíse agus na n-iarrthóirí á gcur san áireamh ag an am céanna, chun na comórtais a atosú gan moill neamhriachtanach.

Is é atá i gceist leis an réiteach a sainaithníodh do chomórtas EPSO/AD/402/23, tástáil ar líne ina mbainfear úsáid as an bhfeitheoireacht uathoibrithe, ach faoi rialacha mionsonraithe éagsúla tástála. Tá líon ard iarrthóirí sa chomórtas seo nach bhfuil taifead feidhmíochta bailí (nó iomlán) acu agus ba cheart, dá bhrí sin, atástáil a dhéanamh orthu, faoi na dálaí nua. Tá líon ard iarrthóirí sa chomórtas seo nach bhfuil Chun a chinntiú go ndéanfar tástáil ar gach iarrthóir faoi dhálaí comhionanna, athosclófar céim na tástála sa chomórtas seo, agus beidh ar na hiarrthóirí uile gach triail a dhéanamh as an nua. Ina gcuid díobh sin tá na hiarrthóirí sin a raibh na trialacha déanta acu roimhe seo.

Ós rud é gur gá céim na tástála a dhéanamh arís i gcomórtas EPSO/AD/402/23, is féidir an comórtas seo a ailíniú le ‘córas iomlán 24 theanga’. Tá an cur chuige sin ag teacht leis an gcaoi a láimhseálann EPSO comórtais ar foilsíodh an fógra ina leith ach nár cuireadh tús leis na trialacha go fóill (féach C/2024/1805 an 1 Márta 2024  (1) agus C/2024/2265 an 22 Márta 2024  (2)).

Ciallaíonn an t-ailíniú leis an ‘gcóras iomlán 24 theanga’ go mbeidh an tsolúbthacht ag iarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú gan bhac chun na trialacha a dhéanamh, de réir na dtreoracha atá tugtha i bhfógra comórtais ar leith.

Chun an t-aistriú chuig an ‘gcóras iomlán 24 theanga’ i gcomórtas EPSO/AD/402/23 a bhaint amach, ní mór coigeartú a dhéanamh ar an bpunann trialacha. Go háirithe, sa chomhthéacs sin, cruthaítear deacrachtaí praiticiúla i gcás imscaradh an chás-staidéir. Dá bhrí sin, is iomchuí triail scríofa a chur ina hionad i gcás ina bhfuil an tasc bunaithe ar ábhair/doiciméid atá ar fáil go poiblí cheana féin i 24 theanga. Díreofar an measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa. Fanfaidh an scóráil agus an fad mar an gcéanna agus déanfar iad a shoiléiriú a thuilleadh san fhógra leasaitheach.

Chun gur féidir leis na hiarrthóirí reatha agus leis na hiarrthóirí nua ionchasacha araon an leas is fearr is féidir a bhaint as an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil faoin ‘gcóras iomlán 24 theanga’ agus chun go bhféadfaidh siad teangacha eile a roghnú le haghaidh na dtrialacha, tá an comórtas á athoscailt. Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóirí a chuir isteach a n-iarratas cheana féin a n-iarratas a athbhreithniú agus a athbhailíochtú chun leanúint orthu ag glacadh páirte sa chomórtas seo. Tabharfar tuilleadh faisnéise do na hiarrthóirí sin duine ar dhuine, trína gcuntais EPSO.

Ar na cúiseanna atá luaite thuas, leasófar fógra comórtais oscailte EPSO/AD/402/23 mar seo a leanas:

(1)

Ar leathanach 1, léitear an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh mar seo a leanas:

An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: an 9 Iúil 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile ’.

(2)

Ar leathanach 2, Roinn 3 ‘Na Coinníollacha incháilitheachta’:

in ionad: ‘Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh.’,

léitear: ‘Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh (féach pointe (a) de Roinn 4.3.1 den fhógra seo).’.

(3)

Ar leathanach 4, léitear Roinn 4 ‘Conas a eagrófar an comórtas?‘mar seo a leanas:

‘4.   CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS?

4.1.   Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais

Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:

Iarratas (féach Roinn 4.3.1).

Tástáil: trialacha réasúnaíochta, triail ceisteanna ilrogha a bhaineann leis an réimse is rogha leis an iarrthóir (‘triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach’) agus triail scríofa (féach Roinn 4.3.2.).

An triail scríofa a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta (féach Roinn 4.3.3.).

Na painéil a bhunú (féach Roinn 4.3.4.).

4.2.   Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo

Tá sé sonraithe sna Rialacháin Foirne ((1)*) nach bhféadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh sé fianaise ar fáil go bhfuil sáreolas aige ar cheann amháin de theangacha an Aontais agus eolas sásúil aige ar cheann eile de theangacha an Aontais a mhéid is gá lena chuid dualgas a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóir sa chomórtas seo eolas cuimsitheach a bheith aige (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann amháin ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil a bheith aige (leibhéal B2 ar a laghad) ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní mór na híosleibhéil atá luaite anseo a bheith ag an iarrthóir i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) a iarrtar ar an bhfoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha ((2)*) .

Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar ‘teanga 1’ agus ‘teanga 2’ ar na teangacha sin.

Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla den chomórtas:

Céim an chomórtais

Trialacha

Teanga

Iarratas

Aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Tástáil

Trialacha réasúnaíochta

Teanga 1

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Teanga 2

Triail scríofa

Teanga 2

Beidh ar na hiarrthóirí a rogha teanga le haghaidh na dtrialacha a lua ar a bhfoirm iarratais agus ní fhéadfaidh siad í a athrú tar éis dóibh a n-iarratas a bhailíochtú.

4.3.   Céimeanna an chomórtais

4.3.1.    Iarratas

(a)

Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas EPSO a bheith ag iarrthóir. Maidir le hiarrthóirí nach bhfuil cuntas EPSO acu fós, beidh orthu cuntas a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid le haghaidh gach iarratais.

Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO  ((3)*) roimh

9 Iúil 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.

(b)

Is ionann bailíochtú iarratais agus dearbhú ar a fhocal ón iarrthóir go gcomhlíonann siad na coinníollacha ar fad atá luaite faoi Roinn 3 ‘Na coinníollacha incháilitheachta’. Nuair a bheidh an fhoirm iarratais bailíochtaithe ag na hiarrthóirí, ní fhéadfaidh siad aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Is faoi na hiarrthóirí atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

(c)

Na hiarrthóirí a mbeidh a n-iarratas ar an gcomórtas seo curtha isteach acu cheana faoin sprioc-am atá luaite san fhógra comórtais bunaidh a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 220 A, an 22 Meitheamh 2023, nó faoin sprioc-am ar cuireadh síneadh leis atá luaite san fhógra lena leasaítear fógra an chomórtais seo, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 280 A, an 09 Lúnasa 2023, (dá ngairtear ‘iarrthóirí atá ann faoi láthair’ anseo feasta), déanfaidh EPSO a n-iarratas a athoscailt.

(d)

Ní mór d’iarrthóirí atá cláraithe faoi láthair féachaint arís ar a n-iarratais agus iad a bhailíochtú arís, roimh an sprioc-am a bhfuil tagairt dó i bpointe (a) den fhoroinn seo. Tá an gníomh seo éigeantach chun fanacht mar iarrthóir sa chomórtas seo.

(e)

Chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar roghanna teanga na dtrialacha, is féidir le hiarrthóirí aon athrú eile a dhéanamh ar a bhfoirm iarratais, mar shampla, nuashonrú a dhéanamh ar a dtaifead acadúil nó ar fhad a dtaithí oibre reatha.

(f)

Faoin 04 Meán Fómhair 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais (agus na cóipeanna sin a cheangal dá n-iarratas). Tá míniú ar an dóigh leis sin a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO  ((4)*) .

(g)

Na hiarrthóirí atá cláraithe faoi láthair a rinne a ndoiciméid tacaíochta a uaslódáil cheana agus a rinne iad a cheangal lena bhfoirm iarratais, ní bheidh orthu na doiciméid sin a athlódáil/a athnascadh. Féadfaidh siad a chinneadh, áfach, doiciméid bhreise a chur leis/a cheangal faoin sprioc-am atá luaite i bpointe (f) den fhoroinn seo.

4.3.2.    Tástáil

(a)   Faisnéis ghinearálta

Na trialacha a rinneadh mar chuid den chomórtas reatha an 2, an 3 agus an 4 Deireadh Fómhair 2023, cuireadh ar neamhní iad. Ní dhéanfar próiseáil ar fhreagraí ná scripteanna trialach na n-iarrthóirí a bhain leis na trialacha sin, agus ní ghinfear torthaí na dtrialacha.

Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais bailíochtaithe go cuí acu faoin sprioc-am atá luaite i bpointe (a) de Roinn 4.3.1 den fhógra seo de réir na dtreoracha atá leagtha amach i Roinn 4.3.1, tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha a ndéantar cur síos orthu thíos.

Is de chéin a reáchtálfar na trialacha agus déanfar feitheoireacht chianda orthu. Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na tástála ar a dhéanaí nuair a bheidh cuireadh á thabhairt dóibh na trialacha a dhéanamh.

Tá sé léirithe sa tábla seo a leanas cén chaoi a n-úsáidfear marcanna na dtrialacha):

Triail

Conas a úsáidfear marcanna na dtrialacha?

Réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí

‘Pas/Teip’

Marcálfar na trialacha lena dhéanamh amach ar bhain an t-iarrthóir na pasmharcanna is gá amach.

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

‘Pas/teip agus rangú’

Úsáidfear marcanna na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc chun rangú a chruthú de réir fheidhmíocht na n-iarrthóirí.

Triail scríofa

‘Pas/Teip’

Marcálfar an triail lena dhéanamh amach ar bhain an t-iarrthóir an pasmharc is gá amach.

Má theipeann ar iarrthóir an pasmharc nó na pasmharcanna is gá a bhaint amach i gceann amháin de na trialacha, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar fhreagraí agus/nó ar scripteanna trialach na n-iarrthóirí sin agus ní dhéanfar a n-incháilitheacht a sheiceáil, de réir mar is infheidhme.

Ní chuirfear torthaí na dtrialacha in iúl d’iarrthóirí ach ag deireadh an chomórtais, gan beann ar an gcéim den chomórtas a bhain an t-iarrthóir amach.

(b)   Trialacha réasúnaíochta

Is mar seo a leanas a eagrófar na trialacha ar inniúlachtaí réasúnaíochta na n-iarrthóirí:

Trialacha

Teanga

Líon na gceisteanna

Fad

Marcáil

Pasmharcanna

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

0 go 10

6/10

Réasúnaíocht bhriathartha

20 ceist

35 nóiméad

0 go 20

Réasúnaíocht bhriathartha agus réasúnaíocht theibí le chéile: 15/30

Réasúnaíocht theibí

10 gceist

10 nóiméad

0 go 10

Chun go n-éireodh le hiarrthóir sna trialacha réasúnaíochta, ní mór dó idir

(i)

phasmharc 6/10 a ghnóthú sa triail réasúnaíochta uimhriúil agus

(ii)

phasmharc 15/30 a ghnóthú sna trialacha réasúnaíochta briathartha agus teibí.

(c)   Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Is leis an réimse a roghnaigh an t-iarrthóir a bhainfidh an triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach. Is mar seo a leanas a eagrófar í:

Triail

Teanga

Líon na gceisteanna

Fad

Marcáil

Pasmharc

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Teanga 2

30

40 nóiméad

0 go 30

15/30

Ní mór don iarrthóir pasmharc 15/30 a ghnóthú agus a bheith ar na hiarrthóirí is airde marcanna. Na hiarrthóirí a bhainfidh an pasmharc amach, déanfar iad a rangú de réir ord íslitheach na marcanna a ghnóthófar, de réir réimse. Úsáidfear an rangú sin (i) chun a chinneadh cé na hiarrthóirí a ndéanfar a dtriail scríofa a mheasúnú agus a ndéanfar seiceáil incháilitheachta orthu (féach Roinn 4.3.3) agus (ii) chun na painéil a bhunú de réir an phróisis atá sainithe i Roinn 4.3.4.

Mura bhfuil iarrthóir i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an marc is airde mar atá sainithe i Roinn 4.3.3(a), measfar go bhfuil deireadh tagtha lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar próiseáil ar scripteanna trialach scríofa agus ní dhéanfar seiceáil ar a n-incháilitheacht.

(d)   Triail scríofa

Tá an triail scríofa dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa iarrthóirí. Is mar seo a leanas a eagrófar í:

Triail

Teanga

Fad

Marcáil

Pasmharc

Triail scríofa

Teanga 2

45 nóiméad

0 go 10

5/10

Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuirtear ar fáil a bhaineann le réimse na heacnamaíochta. Cuirfear na doiciméid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO roimh dháta na trialach. Gheobhaidh na hiarrthóirí na doiciméid chéanna le linn na trialach, mar aon leis an tasc/na tascanna atá bunaithe ar na doiciméid sin.

Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Is ar na táscairí sonracha a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO a bheidh an measúnú bunaithe. ((5)*) .

4.3.3.    An triail scríofa a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta

(a)

Déanfar marcáil na trialach scríofa agus an tseiceáil incháilitheachta (rud a rinneadh i gcomhréir le mír (b) thíos) i gcomhthráth le chéile. Déanfar an méid sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i Roinn 4.3.2.(c). Is líon teoranta iarrthóirí do gach réimse (nach mó ná 1.5 oiread an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach réimse) a marcálfaidh an bord roghnúcháin scripteanna a dtrialach scríofa agus a ndéanfaidh sé seiceáil incháilitheachta orthu.

(b)

Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach i Roinn 3 (‘Na Coinníollacha Incháilitheachta’) den fhógra seo. Is é an Bord Roghnúcháin a dhéanfaidh an cinneadh faoi incháilitheacht iarrthóra trí chomparáid a dhéanamh idir (a) na dearbhuithe a rinneadh ar an bhfoirm iarratais agus (b) na doiciméid a uaslódáladh chuig cuntas EPSO an iarrthóra chun tacú leis na dearbhuithe sin.

4.3.4.    Na painéil a bhunú

(a)

Nuair a bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear i Roinn 4.3.3 curtha i gcrích, áireoidh an Bord Roghnúcháin sa phainéal ábhartha ainmneacha na n-iarrthóirí a ghnóthaigh (i) gach pasmharc is gá agus (ii) ceann de na marcanna is airde sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach as measc na n-iarrthóirí dá dtagraítear i Roinn 4.3.3(a) agus (iii) a fuarthas go raibh siad incháilithe.

(b)

Déanfar é sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i Roinn 4.3.2.(c) go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach réimse nó go dtí nach mbeidh aon iarrthóir as measc siúd a chomhlíonann na critéir a luaitear i bpointe (a) thuas fágtha.

(c)

Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina gcríochnóidh roinnt iarrthóirí cothrom le chéile dó, cuirfear a n-ainmneacha ar fad leis an bpainéal.

(d)

Is in ord aibítre a liostálfar na hainmneacha ar an bpainéal. Cuirfear na painéil ar fáil do na seirbhísí earcaíochta. Cuirfear torthaí na n-iarrthóirí in iúl do na hiarrthóirí (torthaí na dtrialacha agus torthaí na seiceála incháilitheachta) ach amháin murar próiseáladh a bhfreagraí trialach agus/nó a scripteanna agus/nó murar láimhseáladh a gcomhaid doiciméad ar na cúiseanna atá luaite san fhógra seo.

Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

((1)*)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62). Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20220101 "

((2)*)   https://eu-careers.europa.eu/en/documents/common-european-framework-reference-languages."

((3)*)   https://epso.europa.eu/en/job-opportunities/open-for-application."

((4)*)   https://epso.europa.eu/ga/help/faq/competitions-published-after-january-2023."

((5)*)   https://eu-careers.europa.eu/ga/help/what-written-test.’;"

(4)

Ar leathanach 11, Iarscríbhinn I, Roinn 5 ‘Tástáil’ léitear mar seo a leanas:

‘5.   Tástáil

(1)

Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na tástála agus faoi aon sonraí agus treoracha riachtanacha ar a dhéanaí nuair a thabharfar cuireadh do na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh.

(2)

Ní mór d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO, má iarrtar orthu déanamh amhlaidh agus nuair a iarrtar orthu déanamh amhlaidh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na tástála a dhéanamh.

(3)

Ní mór d’iarrthóirí gach beart is gá dá dtagraítear sna treoracha a eisíodh roimh na trialacha a dhéanamh, cuir i gcás bogearraí a shuiteáil, an sioncrónú/na sioncrónuithe riachtanacha a dhéanamh, triail nascachta a dhéanamh, triail ar réamhriachtanais theicniúla, seiceáil córas agus/nó triail bhréige a dhéanamh. Má chloítear leis na treoracha, beifear in ann ullmhacht thimpeallacht TF an iarrthóra agus comhoiriúnacht ghléas an iarrthóra leis an ardán tástála nó leis an bhfeidhmchlár a sheiceáil. Mura gcuirtear na céimeanna éigeantacha i gcrích, d’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ar an iarrthóir na trialacha a dhéanamh agus cuirfear bac ar chumas sholáthraí reáchtála na dtrialacha aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon fhadhb theicniúil a bhíonn ag an iarrthóir le linn na tástála.

(4)

I gcásanna nár chuir iarrthóir ceann amháin nó níos mó de na trialacha in áirithe, nó nach ndearna sé, nó nár chríochnaigh sé, ceann amháin nó níos mó de na trialacha, measfar go bhfuil deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi deara dó gan an triail a chur in áirithe nó gan í a dhéanamh nó a chríochnú. Ba cheart dóibh dul i dteagmháil le EPSO a luaithe is féidir, roimh an triail más féidir, agus ní mór dóibh an bonn cirt is gá a thabhairt, agus i gcás inarb infheidhme, cruthúnas go ndeachaigh siad i dteagmháil leis na seirbhísí tacaíochta teicniúla.

(5)

Mura gcloífear leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme i ndáil le tástáil, atá sonraithe sna treoracha agus san eolas a cuireadh ar fáil d’iarrthóirí, ní mheasfar gur toisc é sin nach bhfuil neart ag an iarrthóir air ná gur staid force majeure é.

(6)

Iarrtar ar iarrthóirí freisin féachaint ar shuíomh gréasáin EPSO  (*1) chun cur amach níos fearr a fháil ar phróisis roghnúcháin EPSO, na ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le tástáil san áireamh.

(*1)   https://eu-careers.europa.eu/ga ’;"

(5)

Ar leathanach 11, Iarscríbhinn I, Roinn 7.1 ‘Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla’ léitear mar seo a leanas:

‘7,1.   Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla

(1)

Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagraíochtúil ag iarrthóir ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, ba cheart dó é sin a chur in iúl do EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (*2) .

(2)

I gcás fadhbanna leis an bhfoirm iarratais, ní mór d’iarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO láithreach bonn agus roimh an sprioc-am in aon chás chun iarratais a chur isteach.

(3)

Má thagann fadhb chun cinn le linn na tástála, ní mór don iarrthóir an dá rud seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an fhadhb a thuairisciú láithreach de réir na dtreoracha atá leagtha amach sa litir nó sna litreacha ina dtugtar cuireadh d’iarrthóirí an triail nó na trialacha a dhéanamh.

agus

(b)

laistigh de 3 lá féilire, ag comhaireamh ón lá i ndiaidh an lae a rinne an t-iarrthóir an triail atá i gceist (agus an lá sin san áireamh), teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (*3) agus cur síos mionsonraithe a dhéanamh sa teachtaireacht sin ar an bhfadhb. Ba cheart don iarrthóir cruthúnas ar iarracht(aí) an fhadhb a réiteach (mar shampla, uimhir thicéid ón deasc chabhrach nó ón tacaíocht theicniúil, tras-scríbhinní ó chomhrá ar líne, tuairisc fabhtcheartaithe, etc.) a chur i gceangal freisin. Tá an cruthúnas doiciméadach seo riachtanach le go mbeidh EPSO in ann fiosrúcháin a dhéanamh faoin gcás. Féadfar ceanglais agus treoracha breise a bhaineann le tuairisciú fadhbanna a tháinig chun cinn le linn na tástála a shonrú sna litreacha cuiridh chuig na trialacha.

Tá feidhm leis an oibleagáid EPSO a chur ar an eolas i ngach cás, fiú más rud é go ndearna soláthraí reáchtála na dtrialacha beart mar gheall ar an ngearán ón iarrthóir.

(4)

Gearáin a gheofar tar éis an sprioc-ama a shonraítear sa phointe seo, measfar iad a bheith do-ghlactha.

(5)

Gearáin faoi shaincheisteanna teicniúla a chuirfidh iarrthóirí nár thug na céimeanna dá dtagraítear i Roinn 5(3) isteach, measfar iad a bheith do-inghlactha ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi deara dó gan na céimeanna riachtanacha a chur i gcrích.

(6)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán a bhfuil tagairt dóibh i Ranna 7.2.2 agus 7.3.1 ar bhonn fadhbanna teicniúla agus/nó eagraíochtúla a mhaítear a bhí ann agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.1, a léitear in éineacht le Roinn 5, measfar iad a bheith do-inghlactha.

(*2)   https://epso.europa.eu/en/help/faq/complaints."

(*3)   https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints ’."


(1)   https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/1805/oj.

(2)   https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/2265/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3223/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top