Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.
Dokument C/2024/02265
Notice amending the notice of open competition – EPSO/AD/411/23 – Administrators (AD 7) in the following fields: 1. Nuclear safeguards inspectors 2. Policy officers in the area of nuclear energy (OJ C, C/2023/149, 19.10.2023)
Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/411/23 – Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas: 1. Cigirí cosaintí núicléacha 2. Oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach (IO C, C/2023/149, 19.10.2023)
Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/411/23 – Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas: 1. Cigirí cosaintí núicléacha 2. Oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach (IO C, C/2023/149, 19.10.2023)
IO C, C/2024/2265, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2265/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2265 |
22.3.2024 |
Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/411/23 – Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas: 1. Cigirí cosaintí núicléacha 2. Oifigigh bheartais i réimse an fhuinnimh núicléach
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2023/149, an 19 Deireadh Fómhair 2023)
(C/2024/2265)
Ó 2024 ar aghaidh, cuirfidh EPSO lena thiomantas don ilteangachas agus reáchtálfaidh sé comórtais oscailte faoi ‘chóras iomlán 24 theanga’. Ciallaíonn sé sin go mbeidh sé de shaoirse ag iarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú chun na trialacha a dhéanamh, de réir na dtreoracha a thugtar i bhfógra comórtais ar leith.
Leis an athrú sin ar an gcur chuige, éascaítear rannpháirtíocht na n-iarrthóirí i gcomórtais oscailte agus cinntítear nach gcaitear le hiarrthóirí ar bhealach éagsúil ar bhonn teanga, i gcomhréir le cásdlí chúirteanna an Aontais (1). Dá bhrí sin, is tráthúil é a chur chun feidhme, ní hamháin sna comórtais atá le teacht, ach sna comórtais sin ar eisíodh fógraí ina leith cheana féin ach nár reáchtáladh na trialacha lena n-aghaidh go fóill, comórtas EPSO/AD/411/23 cuir i gcás.
Chun an t-aistriú chuig an ‘gcóras iomlán 24 theanga’ i gcomórtas EPSO/AD/411/23 a bhaint amach, ní mór coigeartú a dhéanamh ar an bpunann trialacha. Go háirithe, sa chomhthéacs sin, cruthaítear deacrachtaí praiticiúla le himscaradh an chás-staidéir. Dá bhrí sin, is iomchuí triail scríofa a chur ina hionad i gcás ina bhfuil an tasc bunaithe ar ábhair/doiciméid atá ar fáil go poiblí cheana féin in 24 theanga. Díreoidh an measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa. Na rialacha mionsonraithe eile – marcáil agus fad – coinneofar iad agus déanfar iad a shoiléiriú a thuilleadh san fhógra leasaitheach.
Baineann na modhnuithe eile a leagtar amach san fhógra leasaitheach leis na nósanna imeachta tástála. Ag deireadh 2023, d’fhógair EPSO go raibh cinneadh déanta aige reáchtáil na dtrialacha ar chomórtais oscailte a chur ar fionraí ar chúiseanna teicniúla. Bhí tionchar aige sin freisin ar chomórtas EPSO/AD/411/23. Tá EPSO ag féachaint ar na roghanna atá ann le haghaidh córas athléimneach chun tástálacha a reáchtáil a bheidh slán agus a chinnteoidh an t-eispéireas is fearr is féidir don úsáideoir. A luaithe a dheimhneofar rialacha mionsonraithe reáchtála na dtrialacha le haghaidh chomórtas EPSO/AD/411/23, cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas ar bhonn aonair.
Chun gur féidir leis na hiarrthóirí reatha agus leis na hiarrthóirí nua ionchasacha araon an leas is fearr is féidir a bhaint as an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil faoin ‘gcóras iomlán 24 theanga’ agus chun go bhféadfaidís teangacha eile a roghnú le haghaidh na dtrialacha, athosclaítear an comórtas. Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóirí a chuir isteach a n-iarratas cheana féin a n-iarratas a athbhreithniú agus a athbhailíochtú chun leanúint orthu ag glacadh páirte sa chomórtas seo. Tabharfar tuilleadh faisnéise do na hiarrthóirí sin ar bhonn aonair, trína gcuntais EPSO.
Ar na cúiseanna atá luaite thuas, leasófar fógra comórtais oscailte EPSO/AD/411/23 mar a leanas:
|
(1) |
Ar leathanach 1:ba cheart an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh a léamh mar seo a leanas: ‘ An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: an 23 Aibreán 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile ’. |
|
(2) |
Ar leathanach 5, ba cheart Roinn 4 ‘Conas a eagrófar an comórtas?’ a léamh mar seo a leanas: ‘4. CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS? 4.1. Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:
4.2. Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo Sonraítear sna Rialacháin Foirne (2) nach bhféadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh siad fianaise ar fáil go bhfuil sáreolas aige ar cheann amháin de theangacha an Aontais agus eolas sásúil aige ar cheann eile de theangacha an Aontais a mhéid is gá lena chuid dualgas a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóir sa chomórtas seo eolas cuimsitheach a bheith aige (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann amháin ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil a bheith aige (leibhéal B2 ar a laghad) ar theanga eile as measc na 23 theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní mór na híosleibhéil atá luaite anseo a bheith ag an iarrthóir i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (3). Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar “teanga 1” agus “teanga 2” ar na teangacha sin. Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla den chomórtas:
Beidh ar na hiarrthóirí a rogha teanga le haghaidh na dtrialacha a lua ina bhfoirm iarratais agus ní fhéadfaidh siad í a athrú tar éis dóibh a n-iarratas a bhailíochtú. 4.3. Céimeanna an chomórtais 4.3.1. An t-iarratas
4.3.2. Trialacha Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais bailíochtaithe go cuí acu faoin sprioc-am atá luaite i bpointe (a) de Roinn 4.3.1 den fhógra seo de réir na dtreoracha atá leagtha amach i Roinn 4.3.1 tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha. Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na dtrialacha ar a dhéanaí nuair a bheidh cuireadh á thabhairt dóibh na trialacha a dhéanamh. (a) Is mar seo a leanas a eagrófar na trialacha ar inniúlachtaí réasúnaíochta na n-iarrthóirí:
Ní mór d’iarrthóir ar a laghad idir phasmharc 10/20 a ghnóthú sa triail réasúnaíochta briathartha agus chomhscór 10/20 a ghnóthú sna trialacha réasúnaíochta uimhriúla agus teibí. Na hiarrthóirí nach mbainfidh amach na pasmharcanna is gá sna trialacha réasúnaíochta, ní dhéanfar a dtorthaí sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach a phróiseáil. (b) Is leis an réimse a roghnaigh an t-iarrthóir a bhainfidh an triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach. Is mar seo a leanas a eagrófar í:
Ní mór don iarrthóir pasmharc 15/30 a ghnóthú agus a bheith ar na hiarrthóirí is airde marcanna. Na hiarrthóirí a bhainfidh an pasmharc amach, déanfar iad a rangú de réir ord íslitheach na marcanna a ghnóthófar. Úsáidfear an rangú sin (i) chun a chinneadh cé na hiarrthóirí a ndéanfar a dtriail scríofa a mheasúnú agus a ndéanfar seiceáil incháilitheachta orthu (féach Roinn 4.3.3. thíos) agus (ii) chun na painéil a bhunú de réir an phróisis atá sainithe i Roinn 4.3.4. Iarrthóirí nach mbainfidh amach an pasmharc sa triail seo, ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar thorthaí a dtrialacha agus ní dhéanfar seiceáil ar a n-incháilitheacht. (c) Tá an triail scríofa dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa an iarrthóra. Is mar seo a leanas a eagrófar í:
Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuirtear ar fáil a bhaineann le réimse an fhuinnimh núicléach. Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Is ar na táscairí sonracha a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO a bheidh an measúnú bunaithe. 4.3.3. An triail scríofa a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta Déanfar an triail scríofa a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta an tráth céanna. Déanfar an méid sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i Roinn 4.3.2(b). Is líon teoranta iarrthóirí do gach réimse (nach mó ná 1,5 oiread an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach réimse) a marcálfaidh an bord roghnúcháin scripteanna a dtrialach scríofa agus a ndéanfaidh sé seiceáil incháilitheachta orthu. Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach i Roinn 3 (‘Na Coinníollacha Incháilitheachta’) den Fhógra seo. Is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh an cinneadh faoi incháilitheacht iarrthóra trí chomparáid a dhéanamh idir (a) na dearbhuithe a rinneadh san fhoirm iarratais agus (b) na doiciméid a uaslódáladh chuig cuntas EPSO an iarrthóra chun tacú leis na dearbhuithe sin. 4.3.4. Na painéil a bhunú Cuirfidh an bord roghnúcháin leis an bpainéal ábhartha ainmneacha na n-iarrthóirí (i) a ghnóthaigh na pasmharcanna ar fad is gá agus ceann de na marcanna is airde sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach, agus (ii) a measadh a bheith incháilithe. Déanfar é sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i Roinn 4.3.2(b) go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach réimse. Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina gcríochnóidh roinnt iarrthóirí cothrom le chéile dó, cuirfear a n-ainmneacha ar fad leis an bpainéal. Is in ord aibítre a liostálfar na hainmneacha ar an bpainéal. Cuirfear na painéil ar fáil do na seirbhísí earcaíochta. Cuirfear torthaí na n-iarrthóirí in iúl dóibh (torthaí na dtrialacha agus/nó torthaí na seiceála incháilitheachta) ach amháin murar próiseáladh na torthaí sin ar na cúiseanna atá luaite san fhógra seo. Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post. (2) Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62). Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-2022010" (3) https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=090000168045bb52" (4) https://epso.europa.eu/ga/job-opportunities/open-for-application" (5) https://epso.europa.eu/en/help/faq/competitions-published-after-january-2023’." |
|
(3) |
Ar leathanach 13, Iarscríbhinn I, Roinn 5 ‘Trialacha’ léitear mar a leanas: ‘5. Trialacha
(7) https://eu-careers.europa.eu/ga’ " |
|
(4) |
Ar leathanach 10, Iarscríbhinn I, Roinn 7.1 ‘Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla’ léitear mar a leanas: ‘7.1. Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla
(8) https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints" (9) https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints’." |
(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Márta 2019, Ríocht na Spáinne v Parlaimint na hEorpa, C-377/16, ECLI:AE:C:2019:249, mír 66.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2265/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)