This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2024/02123
Decision of the Court of Justice of 23 January 2024 on official holidays and judicial vacations
Cinneadh na Cúirte Breithiúnais an 23 Eanáir 2024 maidir le laethanta saoire oifigiúla agus tréimhsí na saoire breithiúnaí
Cinneadh na Cúirte Breithiúnais an 23 Eanáir 2024 maidir le laethanta saoire oifigiúla agus tréimhsí na saoire breithiúnaí
IO C, C/2024/2123, 12.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2123/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2123 |
12.3.2024 |
CINNEADH NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS
an 23 Eanáir 2024
maidir le laethanta saoire oifigiúla agus tréimhsí na saoire breithiúnaí
(C/2024/2123)
Tá AN CHÚIRT,
ag féachaint d’Airteagal 24(2), (4) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta,
de bhrí go bhfuil sé riachtanach i gcomhréir leis an bhforáil sin liosta na laethanta saoire oifigiúla a bhunú agus dátaí na saoire breithiúnaí a chinneadh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunaítear liosta na laethanta saoire oifigiúla de réir bhrí Airteagal 24(4) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta mar seo a leanas:
|
— |
Lá Caille, |
|
— |
Luan Cásca, |
|
— |
an 1 Bealtaine, |
|
— |
an 9 Bealtaine, |
|
— |
an Deascabháil, |
|
— |
Luan Cincíse, |
|
— |
an 23 Meitheamh, |
|
— |
an 15 Lúnasa, |
|
— |
an 1 Samhain, |
|
— |
an 25 Nollaig, |
|
— |
an 26 Nollaig. |
Airteagal 2
Don tréimhse idir an 1 Samhain 2024 agus an 31 Deireadh Fómhair 2025, is mar seo a leanas a shocraítear dátaí na saoire breithiúnaí de réir bhrí Airteagal 24(2) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta:
|
— |
Nollaig 2024: ón Luan, an 16 Nollaig 2024 go dtí an Domhnach, an 5 Eanáir 2025, an dá lá sin san áireamh, |
|
— |
Cáisc 2025: ón Luan, an 14 Aibreán 2025 go dtí an Domhnach an 27 Aibreán 2025, an dá lá sin san áireamh, |
|
— |
Samhradh 2025: ón gCéadaoin, an 16 Iúil 2025 go dtí an Domhnach, an 31 Lúnasa 2025, an dá lá sin san áireamh. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 23 Eanáir 2024..
Cláraitheoir
A. CALOT ESCOBAR
Uachtarán
K. LENAERTS
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2123/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)