Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026TN0037

Cás T-37/26: Caingean arna tabhairt an 20 Eanáir 2026 – an Spáinn v an Coimisiún

IO C, C/2026/1357, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1357/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1357/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1357

16.3.2026

Caingean arna tabhairt an 20 Eanáir 2026 – an Spáinn v an Coimisiún

(Cás T-37/26)

(C/2026/1357)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: S. Núñez Silva, Gníomhaire)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiúin (AE) 2025/2334 an 19 Samhain a chur ar neamhní, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT, a mhéid a bhaineann le Ríocht na Spáinne agus lena n-eisiatar DHÁ MHILLIÚN, SEACHT GCÉAD NÓCHA A NAOI MÍLE, SEACHT GCÉAD OCHTÓ A SÉ EURO AGUS AON CENT AMHÁIN (EUR 2 799 786,01).

A ordú don Institiúid is cosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

Saincheisteanna dlí bunaithe ar na seiceálacha a bhaineann le comhlíonadh an tsainmhínithe ar fheirmeoir óg agus ar fheirmeoirí a mbeidh tús á chur lena ngníomhaíocht talmhaíochta acu.

A -

Seiceáil a bhaineann le gabháltas talmhaíochta á bhunú den chéad uair mar fheirmeoir atá i gceannas ar an ngabháltas.

Sa Chinneadh atá faoi chonspóid déantar léiriú mícheart ar fhorálacha Rialachán 1307/2013 (1) agus 639/2014 (2) trí léargas sriantach a ghlacadh ar an gcoincheap ‘feirmeoir óg’, agus dá bhrí sin cuirtear seiceálacha níos srianta i bhfeidhm orthu i dtaca lena gcur i gceannas ar ghabháltas. Tá an chéad saincheist seo roinnte ina bhfo-shaincheisteanna, mar a leanas, lena léirítear an sárú a rinne an Coimisiún leis an gcinneadh a glacadh.

a)

Sárú ar Airteagail 30(6) agus (11) agus 50 de Rialachán 1307/2013 agus ar Airteagail 49 agus 50 de Rialachán 639/2014. Tá an Coimisiún ag sárú na bhforálacha thuasluaite: i) Toisc nach dtugtar le fios le foclaíocht litriúil Airteagal 30(11), i gcomhar le hAirteagal 50 de Rialachán 1307/2013, go bhfuil sé dodhéanta d’fheirmeoir óg a bhfuil gabháltas talmhaíochta á bhunú aige agus é i gceannas ar an ngabháltas sin go mbeadh amhlaidh déanta cheana aige, lasmuigh de na 5 bliana roimhe sin. ii) Toisc go léiríonn léiriú córasach ar na hAirteagail sin i ndáil le hAirteagal 30(11)(b) de Rialachán 1307/2013 go bhfuil na coincheapa ‘dul i mbun gníomhaíochta’ agus maidir le ‘bunú den chéad uair’. iii) Toisc go léiríonn léamh cuspórach na rialacha seo gur theastaigh ón reachtóir an tosaíocht chéanna a thabhairt d'fheirmeoirí óga agus d'fheirmeoirí atá ag dul i mbun gníomhaíochta talmhaíochta nua a mhéid a bhaineann leis an gcúlchiste náisiúnta.

b)

Sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh. Tá an Coimisiún ag sárú phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh, i bhfianaise fiosrúchán a rinne an Coimisiún roimhe seo in 2016 (NAC/2016/012/ES) chomh maith le hiniúchadh a rinne an Chúirt Iniúchóirí a chríochnaigh le Tuarascáil Speisialta Uimh.10/2018; ní dhearnadh aon agóid ag tráth ar bith maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Dá bhrí sin, ghníomhaigh Ríocht na Spáinne i ngach cás le hionchas dlisteanach go raibh a léiriú ar dhlí an Aontais ceart, sa chaoi is gur sárú ar an ionchas dlisteanach sin, a cuireadh i dtuiscint d’údaráis na Spáinne, é an critéar atá á mhaíomh anois ag an gCoimisiún.

B -

Seiceáil a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann le bunú den chéad uair ar ghabháltas talmhaíochta agus leis an dáta a cuireadh an t-iarratas aonair ar chabhair isteach.

Sárú ar Airteagail 30(11) agus 50(2) de Rialachán 1307/2013, agus ar Airteagail 28(4), 49 agus 50 de Rialachán 639/2014.

Sa Chinneadh atá faoi chonspóid déantar léiriú mícheart agus róshriantach ar na rialacha a leagtar amach i Rialacháin 1307/2013 agus 639/2014 ar an bhforas nach mór coinníollacha incháilitheachta maidir le ‘bunú den chéad uair’ mar fheirmeoir i gceannas ar ghabháltais agus maidir le ‘dul i mbun gníomhaíochta talmhaíochta den chéad uair’ a chomhlíonadh ar a dhéanaí ag tráth a chuirtear an t-iarratas ar chúnamh isteach. Is léir ó léamh comhcheangailte Airteagal 72(1) de Rialachán 1306/2013 agus Airteagal 15 de Rialachán Cur Chun Feidhme 809/2014 (3) nach féidir an t-iarratas a mheas mar iarratas iomlán go dtí go sroichtear an spriocdháta le haghaidh modhnú [leasú], agus, i bhfianaise na féidearthachta gabháltais a chur san áireamh nó a mhodhnú [leasú], i gcás bunú feirmeoirí óga, go dtí go sroichtear an dáta sin, ní fios le cinnteacht cén gabháltas a bhunófar, agus dá bhrí sin ní mór don spriocdháta don dáta bunaithe sin a bheith mar an gcéanna.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO 2014 L 181, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíontacht (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1357/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top