Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0177

Cás C-177/26, Gripholt: Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 6 Márta 2026 – FI v Försäkringskassan

IO C, C/2026/2507, 11.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2507/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2507/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2507

11.5.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 6 Márta 2026 – FI v Försäkringskassan

(Cás C-177/26, Gripholt  (1) )

(C/2026/2507)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta förvaltningsdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FI

Cosantóir: Försäkringskassan

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil an coinníoll maidir le gan ionadú a dhéanamh ar dhuine, atá in Airteagal 12(1) de Rialachán 883/2004 (2) neamh-chomhlíonta nuair a phostaítear fostaí faoi chonradh ar théarma seasta chun na cúraimí céanna a chomhlíonadh agus iad siúd a rinne duine eile le linn na tréimhse comhfhreagraí sa séasúr roimhe sin?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2507/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top