Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0022

Cás C-22/26, AIE agus AGEDI: Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Madrid (an Spáinn) a taisceadh an 21 Eanáir 2026 – Artistas Intérpretes o Ejecutantes, EGDPI (AIE), AGEDI, Entidad de Gestión de Derechos de Propiedad Intelectual v Distribuidora Internacional de Alimentación, S.A., Grupo El Árbol Distribución y Supermercados, S.A., Beauty by DIA, S.A.U. y SOUNDREEF, LTD.

IO C, C/2026/2502, 11.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2502/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2502/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2502

11.5.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Madrid (an Spáinn) a taisceadh an 21 Eanáir 2026 – Artistas Intérpretes o Ejecutantes, EGDPI (AIE), AGEDI, Entidad de Gestión de Derechos de Propiedad Intelectual v Distribuidora Internacional de Alimentación, S.A., Grupo El Árbol Distribución y Supermercados, S.A., Beauty by DIA, S.A.U. y SOUNDREEF, LTD.

(Cás C-22/26, AIE agus AGEDI)

(C/2026/2502)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Provincial de Madrid

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Artistas Intérpretes o Ejecutantes, EGDPI (AIE) y AGEDI, Entidad de Gestión de Derechos de Propiedad Intelectual

Cosantóirí: Distribuidora Internacional de Alimentación, S.A., Grupo El Árbol Distribución y Supermercados, S.A., Beauty by DIA, S.A.U. y SOUNDREEF, LTD.

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (1),

le léiriú sa chaoi

go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht de chuid Ballstáit lena n-eisiatar an fhéidearthacht ar bhonn ginearálta agus go hiomlán d’eintitis bhainistíochta neamhspleácha atá bunaithe i mBallstát eile a gcuid seirbhísí a sholáthar sa chéad Bhallstát sin a mhéid a bhaineann le comhbhainistiú a dhéanamh ar an luach saothair cothromasach aonair a leagtar síos do thaibheoirí agus táirgeoirí fónagraim agus atá iníoctha ag úsáideoirí fónagraim a fhoilsítear chun críoch tráchtála, nó atáirgeadh ar fhónagram den sórt sin, a úsáidtear le haghaidh craoladh nó cumarsáid leis an bpobal?


(1)   IO 2014 L 84, lch. 72.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2502/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top