Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0018

Cás C-18/26 P: Achomharc arna thabhairt an 16 Eanáir 2026 ag DI i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 19 Samhain 2025 i gCás T-173/24, DI v Parlaimint na hEorpa

IO C, C/2026/1342, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1342/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1342/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1342

16.3.2026

Achomharc arna thabhairt an 16 Eanáir 2026 ag DI i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 19 Samhain 2025 i gCás T-173/24, DI v Parlaimint na hEorpa

(Cás C-18/26 P)

(C/2026/1342)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: DI (ionadaí: S. Rodríguez Bajón, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

glacadh leis an achomharc i gcoinne an bhreithiúnais atá faoi achomharc,

seasamh leis an achomharc, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus, dá bhrí sin, cinneadh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 30 Eanáir 2024 maidir le ciapadh síceolaíoch an achomharcóra a chinneadh agus cinneadh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 30 Eanáir 2024 lena bhforchuirtear iomardú ar an achomharcóir mar gheall ar a iompar arb ionann é agus ciapadh síceolaíoch a chur ar neamhní,

a ordú don pháirtí atá ag cur i gcoinne an achomhairc seo na costais a íoc agus an t-ordú go n-íocfaidh an Pharlaimint na costais ag an gcéad chéim a choimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1.

Sárú ar na cearta chun cosanta agus ar an gceart chun dea-riaracháin, a ráthaítear in Airteagal 48(2) agus Airteagal 41(1) agus (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.

Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar an gceart chun cinneadh a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ama, a chumhdaítear in Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar gheall ar mhainneachtain cloí leis an teorainn ama nós imeachta a leagtar síos chun an cinneadh lena bhforchuirtear pionós a ghlacadh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1342/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top