Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0014

Cás C-14/26 P: Achomharc arna thabhairt an 15 Eanáir 2026 ag Arina Evgheni Corşicova i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Deireadh Fómhair 2025 i gCás T-345/24, Corşicova v an Chomhairle

IO C, C/2026/1070, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1070/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1070/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1070

2.3.2026

Achomharc arna thabhairt an 15 Eanáir 2026 ag Arina Evgheni Corşicova i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Deireadh Fómhair 2025 i gCás T-345/24, Corşicova v an Chomhairle

(Cás C-14/26 P)

(C/2026/1070)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Arina Evgheni Corşicova (ionadaithe: T. Bontinck agus L. Marchal, avocats, C. Zatschler, SC)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 29 Deireadh Fómhair 2025, Corşicova v an Chomhairle, T-345/24, EU:T:2025:995, a chur ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

na costais a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ina achomharc, áitíonn an t-achomharcóir ceithre fhoras achomhairc maidir le hearráidí dlí agus saobhadh na bhfíoras ag an gCúirt Ghinearálta agus scrúdú á dhéanamh aici ar na saincheisteanna dlí arna n-ardú ag an achomharcóir ag an gcéad chéim, a bhaineann go bunúsach leis an méid seo a leanas:

An chéad fhoras achomhairc lena n-éilítear earráidí dlí san anailís ar neamhdhleathacht líomhnaithe Chinneadh (CBES) 2023/891 (1) agus Rialachán (AE) 2023/888 (2) ar bhonn sárú ar Airteagail 2, 8 agus Airteagal 21(1) CAE, easpa bonn dlíthiúil cuí, mí-úsáid cumhachtaí agus sárú ar phrionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla. Go bunúsach, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta ach a fhíorú go bhféadfaí bearta sonracha amhail iad siúd atá i gceist a ghlacadh i bprionsabal faoi CBES. Ní dhéanann an Chúirt Ghinearálta, ar an taobh eile, iarracht fiú an fíorchuspóir atá á shaothrú ag an réimeas beart sriantach a shuíomh maidir leis an gcomhthéacs ina bhfuil feidhm aige, an chaoi ar cuireadh i bhfeidhm é agus a thionchair ar an bpróiseas daonlathach sa Mholdóiv. Dar leis an achomharcóir, tá bearta na Comhairle contrártha do bhunluachanna an Aontais toisc go gcuirtear an próiseas polaitiúil daonlathach i dtír chomharsanachta i mbaol leo.

An dara foras achomhairc lena n-éilítear earráidí dlí i mbreithniú na bhfianaise a chuir an Chomhairle ar fáil, toisc gur cheadaigh an Chúirt Ghinearálta don Chomhairle brath, ar thaobh amháin, ar ghnáthailt preasa, nuair a d’fhéadfaí fianaise níos iontaofa a fháil, go háirithe trí chomhoibriú le húdaráis na Moldáive agus, ar an taobh eile, ar fhianaise a bhí comhdhéanta de shleachta neamhiomlána agus de sheatanna scáileáin, ar tháinig na hipearnasc a ghabhann leo chun bheith dorochtana.

An tríú foras achomhairc lena n-éilítear earráidí dlí, go háirithe sa mheasúnú ar chorpas fianaise leordhóthanach, saobhadh na bhfíoras agus na fianaise, i bhfeidhmiú chritéar (i) ag an gCúirt Ghinearálta, go háirithe:

san anailís ar an gcoinníoll gur bhainisitgh an t-achomharcóir Telesistem,

san anailís ar an gcoinníoll maidir le scaipeadh leanúnach faisnéise bréagach agus bréagaisnéise ag Telesistem, agus

sa scrúdú ar an gcoinníoll a bhaineann le bagairt don daonlathas, don smacht reachta agus don chobhsaíocht i bPoblacht na Moldáive agus sa mheasúnú ar an gceart chun tuairimí a nochtadh.

An ceathrú foras achomhairc lena n-éilítear earráid dlí sa mheasúnú ar an damáiste don chlú. D’éiligh an Chúirt Ghinearálta cruthúnas sonrach ar dhamáiste don chlú, cé go n-eascraíonn a leithéid de dhamáiste mar is gá as beart sriantach a fhorchur i gcoinne duine aonair (res ipsa loquitur).


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO 2023 L 114, lch. 15).

(2)  Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO 2023 L 114, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1070/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top