This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026CN0005
Case C-5/26 P: Appeal brought on 8 January 2026 by the European Parliament against the judgment of the General Court (Third Chamber) on 29 October 2025 in Case T-422/23, Comi v European Parliament
Cás C-5/26 P: Achomharc arna thabhairt an 8 Eanáir 2026 ag Parlaimint na hEorpa i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Deireadh Fómhair 2025 i gCás T-422/23, Comi v Parlaimint na hEorpa
Cás C-5/26 P: Achomharc arna thabhairt an 8 Eanáir 2026 ag Parlaimint na hEorpa i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Deireadh Fómhair 2025 i gCás T-422/23, Comi v Parlaimint na hEorpa
IO C, C/2026/1069, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1069/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1069 |
2.3.2026 |
Achomharc arna thabhairt an 8 Eanáir 2026 ag Parlaimint na hEorpa i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 29 Deireadh Fómhair 2025 i gCás T-422/23, Comi v Parlaimint na hEorpa
(Cás C-5/26 P)
(C/2026/1069)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz, A. Parry, R. Rende Granata, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí: Lara Comi
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an Pharlaimint ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
an breithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní; |
|
— |
breithiúnas deiridh a thabhairt sa díospóid a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, ag seasamh leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint ag an gcéad chéim; |
|
— |
a ordú do Comi na costais uile na n-imeachtaí ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena hachomharc, maíonn Parlaimint na hEorpa na forais achomhairc seo a leanas.
|
I. |
Sárú ar an Rialachán Airgeadais (1), go háirithe Airteagal 98(5) agus Airteagal 101(2) go (4) den Rialachán sin, a bhaineann leis an nós imeachta aisghabhála. Rinne an Chúirt Ghinearálta roinnt mhaith earráidí dlí trí neamhaird a thabhairt ar nádúr oibiachtúil agus neamhchoinníollach an nós imeachta aisghabhála agus trí shaobhadh a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha na reachtaíochta infheidhme, rud a d’fhág go raibh an oibleagáid suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil faoi réir cur i bhfeidhm phrionsabal an toirmisc ar shaibhriú éagórach agus critéir shuibíochtúla a bhaineann le heolas an Chomhalta lena mbaineann (míreanna 158 go 171, chomh maith le 195, 203, 210, 211, 216, 227, 238, 255 agus 256 den bhreithiúnas atá faoi achomharc). |
|
II. |
Earráid i léiriú agus i bhfeidhmiú phrionsabal an toirmisc ar shaibhriú éagórach (míreanna 158 go 164, chomh maith le 195, 203, 210, 211, 216, 227, 238, 255 agus 256 den bhreithiúnas atá faoi achomharc). |
|
III. |
Sárú ag an gCúirt Ghinearálta ar theorainneacha a dlínse sa mhéid is gur rialaigh sí ultra petita trí phrionsabal an toirmisc ar shaibhriú éagórach a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm as a stuaim féin (míreanna 158 go 171, chomh maith le 195, 203, 210, 211, 216, 227, 238, 255 agus 256). |
|
IV. |
Sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, toisc go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag réasúnaíocht fhrithfhráiteach, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn cinntí na Cúirte Ginearálta ina réasúnaíocht do raon feidhme an neamhnithe a fógraíodh sa chuid oibríochtiúil den bhreithiúnais atá faoi achomharc (míreanna 228 go 238 agus 239 go 249 den bhreithiúnas atá faoi achomharc). |
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1; an ‘Rialachán Airgeadais’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1069/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)