Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0913

Cás T-913/25: Caingean arna tabhairt an 29 Nollaig 2025 – PJ v BEI

IO C, C/2026/1229, 9.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1229/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1229/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1229

9.3.2026

Caingean arna tabhairt an 29 Nollaig 2025 – PJ v BEI

(Cás T-913/25)

(C/2026/1229)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PJ (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

an cinneadh iarrthóir eile a cheapadh don phost mar Cheann Roinne ‘Health and Benefits’ de Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna BEI, a foilsíodh an 28 Feabhra 2025, a chur ar neamhní agus an cinneadh intuigthe gan glacadh le hiarratas an iarratasóra ar an bpost sin a chur ar neamhní;

cinneadh an 25 Meán Fómhair 2025 lena ndiúltaítear d’iarratas an iarratasóra ar achomharc riaracháin an 26 Aibreán 2025 a chur ar neamhní;

a ordú do BEI cúiteamh a íoc as an damáiste neamhábhartha agus ábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú do BEI na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear roinnt neamhrialtachtaí nós imeachta, sárú ar na treoirlínte maidir le soghluaisteacht inmheánach agus arduithe céime (Guidelines on Internal Mobility and Promotions) agus ar an dea-chleachtas i bpainéil roghnúcháin bainistíochta (Best practice in managerial selection panels) agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an bhfógra folúntais agus earráidí follasacha measúnaithe.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1229/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top